INT/1034
Pacáiste infheistíochta miondíola
TUAIRIM
An Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
a)Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha (AE) 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2014/65/AE agus (AE) 2016/97 a mhéid a bhaineann le rialacha cosanta d’infheisteoirí miondíola an Aontais
COM(2023) 279 final - 2023/0167 (COD)
b)Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a nuachóiriú
COM(2023) 278 final - 2023/0166 (COD)
Rapóirtéir: Kęstutis KUPŠYS
Comhrapóirtéir: Wautier ROBYNS DE SCHNEIDAUER
|
Comhairliúchán
|
a) An Coimisiún Eorpach, 24/08/2023
b) Parlaimint na hEorpa, 10/07/2023
b) An Chomhairle, DD/MM/YYY
|
|
Bunús dlí
|
a) Airteagail 53(1) agus 62 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
b) Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
An rannóg atá freagrach
|
Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
03/10/2023
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
55/0/2
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
I.MOLTAÍ
SEO SEASAMH CHOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA
1ag tabhairt dá aire gur chinn an Coimisiún gan toirmeasc iomlán a mholadh ar aslaigh, á chur in iúl, áfach, gur geal leis na ráitis shainráite ón gCoimisiún go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith ann maidir leis na samhlacha díolacháin agus dáileacháin le haghaidh táirgí infheistíochta, agus nach bhfuil comhairle airgeadais neamhspleách agus seirbhísí pleanála airgeadais neamhspleácha ar fáil den chuid is mó do fhormhór na dtomhaltóirí in AE, agus dá bhrí sin nach bhfuil rochtain ag formhór na dtomhaltóirí ach ar chomhairleoirí a thugann comhairle maidir leis na táirgí a dhíolann siad;
2á thabhairt dá aire go mbíonn bearna chomhairle ann cheana féin maidir le tomhaltóirí a bhfuil drogall orthu infheistiú sna margaí airgeadais ós rud é gur mhaith leo leas a bhaint as táirgí infheistíochta a thugann toradh níos cobhsaí ar an infheistíocht, de bhrí go bhfuil go leor táirgí ann nach dtugann cosaint ar chaillteanais infheistíochtaí agus go bhféadadh na leibhéil an-éagsúil táillí agus stádas cánach a n-infheistíochta mearbhall a chur ar thomhaltóirí; á mholadh go ndéanfar síneadh a chur leis an tréimhse athbhreithnithe go trí bliana de chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar na torthaí cur i bhfeidhm sa mhargadh.
3faoi aiféala toisc, in ionad bearta a bhaineann le dearadh níos struchtúraí, go ndéantar castacht táirgí a mhéadú le tagarmharcanna agus rabhaidh nua maidir le ‘infheistíochtaí a bhfuil riosca ar leith ag baint leo’; á mholadh maidir leis an smaoineamh ‘buntáirgí’, mar chuntais bhainc bhunúsacha agus Árachas Éigeantach in aghaidh Dliteanas Sibhialta a bhaineann le Mótarfeithiclí , go mbeadh feidhm aige maidir le gnáth-tháirgí airgeadais miondíola (infheistíochta), agus go ndéanfaí feabhsuithe, nuálaíocht agus iomaíocht maidir le gnéithe táirgí a éascú freisin;
4á chur in iúl gur geal leis an togra ón gCoimisiún chun ceanglais oiliúna leanúnacha faoi IDD a ailíniú le MiFID agus códú a dhéanamh ar Threoirlínte gaolmhara an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA), lena sainítear íoscheanglas oiliúna, lena n-áirítear maidir le hinbhuanaitheacht, le haghaidh idirghabhálaithe díolacháin, rud ar cheart breis uaireanta an chloig a chur leis;
5á chur in iúl gur geal leis na bearta chun feabhas a chur ar nochtadh na gcuspóirí inbhuanaitheachta; á mholadh maidir le tacsanomaíocht AE le haghaidh gníomhaíochtaí inbhuanaithe (an ‘Tacsanomaíocht’), an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe (SFDR) agus táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe (PRIIPanna), go n-áiritheofar go ndéanfar na táscairí agus sainmhínithe inbhuanaitheachta a bhaineann leo a ailíniú níos fearr; á mholadh go gcuirfear treoir ar fáil do mhonaróirí táirgí faoin tslí leis an tionchar inbhuanaitheachta iarbhír, seachas caiteachas caipitil ghlais amháin, a thomhas agus a nochtadh ós rud é gur mar sin go minic a léirmhíníonn tomhaltóirí miondíola an inbhuanaitheacht; á mholadh rogha réamhshocraithe a dhéanamh de tháirgí inbhuanaithe trí rogha an diúltaithe seachas rogha a bheith páirteach, gan torthaí na tástála éileamh agus riachtanas a shárú i gcás inarb infheidhme, agus gan teacht salach ar an tástáil oiriúnachta;
6á chur in iúl gur geal leis an togra ón gCoimisiún ceanglais um nochtadh a chomhchuibhiú, ar cheart a bheith ina chéad chéim i dtreo léargas cothrománach ar an reachtaíocht uile um sheirbhísí airgeadais agus áit lárnach ann ag tomhaltóirí; á chur in iúl gurb oth leis dá ainneoin sin go mbeidh rialacha nochta le haghaidh táirgí árachas-bhunaithe faoi réir córas difriúil seachas a bheith lán-chomhtháthaithe sa chreat PRIIPanna; á mholadh go gcuirfidh na comhreachtóirí leis an togra ón gCoimisiún sula mbí deireadh leis an gcéad tréimhse reachtaíochta eile, agus go ndéanfaidh siad na táirgí árachas-bhunaithe a ailíniú le PRIIPanna le lánurraim dá sainghnéithe seachas leanúint de chur chuige maidir le táirgí árachas-bhunaithe neamhphacáistithe in aicmí sócmhainne difriúla le haghaidh tomhaltóirí, ach go ndéanfaidh siad cothrom na Féinne idir oibreoirí a áirithiú freisin; á mholadh go ndéanfar seiceáil chuimsitheach ar iomaíochas, ag cur san áireamh iarmhairtí rannpháirtíocht bhreise na n‑infheisteoirí miondíola a bhfuiltear ag dréim léi i maoiniú chuideachtaí AE sa gheilleagar iarbhír.
II.NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN / MÍNIÚ BREISE
1.Aslaigh
1.1Aontaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) leis an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil easnaimh ann sa chaoi a ndéantar táirgí infheistíochta a mhonarú agus a dháileadh, agus go bhfuil nasc idir cuid de na heasnaimh sin íoc na n-aslach. Tá CESE ag aontú leis an gcoincheap nach mór comhairle mhíchuí agus coinbhleachtaí leasa a chosc trí rialacha leordhóthanacha agus forfheidhmiú cuí; aithníonn CESE freisin an éifeacht shuaiteach a bhíonn ag toirmisc ar choimisiún a dhéanann difear do dháileoirí, go háirithe ós rud é gur fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) cuid mhór díobh.
1.2Tugann CESE dá aire gur thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú tionchair ón gCoimisiún a bhí faoi réir tuairim dhearfach ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála go dtacaíonn an fhianaise atá ar fáil le toirmeasc iomlán ar aslaigh, ós rud é gur thángthas ar an gconclúid in anailís ón gCoimisiún gurb é sin an t-aon rogha beartais lena n-áirithítear rochtain ar chomhairle atá saor ó chlaonadh; ag tabhairt dá aire gur roghnaigh an Coimisiún, mar sin féin, cur chuige dhá chéim a ghlacadh chun “tionchar suntasach agus tobann ar na córais dáileacháin atá ann cheana” a sheachaint, trí shrianta breise a thabhairt isteach i dtús báire maidir le haslaigh agus athbhreithniú reachtach chun toirmeasc iomlán a chur chun feidhme más rud é go “leanann an díobháil do thomhaltóirí”.
1.3Is cúis imní do CESE a thoilteanaí a bheadh daoine aonair nach bhfuil ach ioncam indiúscartha teoranta acu íoc roimh ré as comhairle, go háirithe ós rud é gurb iad na daoine sin is mó a bhfuil gá acu leis na sochair a bhaineann le cosaint agus le héagsúlú agus gur dóchúla go n-aithneodh infheisteoirí níos saibhre breisluach na comhairle. B’oth leis aon iarmhairtí neamhbheartaithe trína mbeadh scoilt sa mhargadh idir infheisteoirí sofaisticiúla agus formhór mór na n‑infheisteoirí miondíola nach bhfaigheadh ach na seirbhísí is bunúsaí mar thoradh ar fhócas iomarcach ar chostas seachas gnéithe sainiúla de sheirbhísí amhail cosaint chaipitil nó clúdach beatha agus sláinte (ceisteanna sláinte, míchumas, bás, ionchas saoil etc.).
1.4Is cúis imní do CESE tionchar fheidhmiú na cánach breisluacha (CBL) ar na táillí a ghearrann comhairleoirí airgeadais i gcuid de na Ballstáit, ós rud é go mbeadh ar infheisteoirí aonair praghas iomlán na comhairle a sheasamh, lena n-áirítear CBL sa bhreis ar chánacha féideartha eile ar tháirgí airgeadais, amhail cáin phréimhe árachais.
1.5Ós rud é nach gcuireann an togra ón gCoimisiún toirmeasc iomlán ar aslaigh a íoc, ba cheart bearta maolaitheacha láidre a dhéanamh chun a áirithiú go dtiocfaidh laghdú suntasach sna blianta le teacht ar tháillí iomarcacha agus gan údar. Tá amhras ar CESE faoi oiriúnacht agus éifeachtúlacht an chórais “leathbhealaigh” a tugadh isteach leis an togra ón gCoimisiún, lena gceadófaí aslaigh i gcásanna áirithe agus lena gcoiscfí iad i gcásanna eile, de réir chineál an cheannaigh infheistíochta, as a n-eascródh ceisteanna faoi chóimheas costais/tairbhe an athchóirithe agus cothrom na Féinne idir oibreoirí. Molann CESE an tionchar ar earnálacha sonracha (amhail árachas) de bharr srianta ar aslaigh a chomhtháthú níos fearr agus a mheas.
1.6Cuireann CESE in iúl go bhféadfadh éifeachtaí a bheith ag na tograí ós rud é go dtabharfaidís buntáiste do chistí arna dtrádáil ar an malartán (ETFanna). D’eascródh neamhionannais as sin idir cuideachtaí liostaithe agus cuideachtaí neamhliostaithe, ós rud é gur mó an seans go mbeidh cuideachtaí liostaithe, go háirithe iad siúd a áirítear in innéacsanna, seachas FBManna, san áireamh sna hionstraimí infheistíochta sin. Maidir leis na haistrithe glasa agus digiteacha, ní bheidh sé d’acmhainn ag geilleagar an Aontais Eorpaigh glacadh le sreafaí infheistíochta a bheith ag imeacht as an Aontas, agus iarmhairtí uafásacha ann don fhostaíocht agus do ghnólachtaí.
2.Luach ar Airgead
2.1Tá tuairimí éagsúla ag CESE i dtaobh an laghdóidh coincheap an Luach ar Airgead praghsanna ar deireadh, go mór mór tagarmharcanna uile-Eorpacha i leith na héagsúlachta atá sna margaí náisiúnta, agus maidir leis an dualgas cruthúnais le haghaidh toirmeasc iomlán, atá faoin gCoimisiún Eorpach i gcónaí. Chun a áirithiú go mbeidh Luach ar Airgead á fháil ag na tomhaltóirí, agus chun a léiriú dóibh gur mar sin atá, agus chun a chur ar a gcumas do na reachtóirí measúnú fianaise-bhunaithe a dhéanamh ar an gclásal athbhreithnithe lena dtionscnófaí toirmeasc iomlán ar aslaigh, b’fhéidir, is den riachtanas tuarascálacha ar chostais agus ar thagarmharcanna a chur faoi bhráid na maoirseoirí agus go mbeadh rochtain éasca ag an bpobal i gcoitinne orthu freisin, agus go dtosóidh an tuairisciú do mhaoirseoirí a luaithe is féidir chun cás bonnlíne a shainiú.
2.2Cé go bhfuil ráite cheana féin sa mheasúnú tionchair ón gCoimisiún gur toirmeasc iomlán a theastaíonn chun an díobháil do thomhaltóirí a dhíchur, tá CESE á mholadh go ndéanfar síneadh a chur leis an tréimhse athbhreithnithe agus gur tréimhse sách ionadaíoch trí bliana d'fheidhmiú éifeachtach a bheidh inti, agus ina dhiaidh sin gur cheart go ndéanfadh an Coimisiún cinneadh críochnaitheach faoin díobháil don tomhaltóir a bheith sách leigheasta, nó an rud é srianta breise ar aslaigh agus ar chostais eile a dhéanfadh leas an tomhaltóra.
2.3Chun an bhearna a líonadh go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú ann, tá CESE á mholadh go bhféadfadh líonraí comhairleacha malartacha cabhrú, go pointe áirithe, le tomhaltóirí a bhfuil roghanna infheistíochta á ndéanamh acu, rud a chuideodh chun Luach ar Airgead a chur ar fáil níos tapúla. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag na comhlachais tomhaltóirí freisin, ach acmhainní leordhóthanacha ó thaobh airgeadais agus teicneolaíochta de a bheith acu. Chomh maith le comhairleoireacht, d’fhéadfaí cur go héifeachtach lena gcuid oibre trí bhíthin meáin chumarsáide agus shóisialta (“Deich mórphointe le haghaidh ceannaitheoirí táirgí airgeadais”, teachtaireachtaí gearra simplí amhail ‘Ná ceannaigh rud mura dtuigeann tú cad atá á cheannach agat’, ‘Ardleibhéal gealltanais, ardleibhéal riosca’, ‘Ná bí taobh le haon rud amháin’ etc.). D’fhéadfadh eagraíochtaí láidre tomhaltóirí cabhrú chun monaróirí agus dáileoirí táirgí airgeadais a smachtú. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún bearta a chur i dtoll a chéile faoin tslí leis an líonra de sheirbhísí comhairleacha malartacha den sórt sin a neartú, agus na dea-chleachtais atá sna Ballstáit cheana á gcur san áireamh.
3.Buntáirgí
3.1Is díol sásaimh do CESE na hathruithe teoranta chun táirgí costéifeachtacha agus simplí a chur chun cinn, i gcomhréir leis an gcomhairle ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) maidir le Táirgí Infheistíochta Árachasbhunaithe níos simplí agus níos costéifeachtaí. Molann CESE go gcuirfeadh na comhreachtóirí treoir bhreise ar fáil maidir le sainordú ESMA chun ‘coincheap na dtáirgí airgeadais a bhfuil riosca ar leith ag baint leo’ a shonrú, go háirithe agus scéal na bhfoláireamh faoin gcastacht mhór ar an leibhéal náisiúnta mar a bhí, coincheap ba bhun faoin sainordú eile a bhí ann go dtí seo, rud a bhfuil sainmhíníu air sna PRIIPanna.
3.2Is fearr go mór an breisluach a sholáthraítear le buntáirgí amhail iad sin a fhorordaítear sa Treoir maidir le Bunchuntas Bainc agus le coincheap an árachais éigeantaigh in aghaidh dliteanas sibhialta a bhaineann le Mótarfeithiclí ná rochtain chothromasach ar tháirgí seirbhísí airgeadais inchomparáide a áirithiú. Soláthraíonn na táirgí sin tagarmharc Luach ar Airgead chun go mbeidh táirgí eile níos fearr freisin, trí iallach a chur ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais bonn cirt a thabhairt maidir le costas níos airde agus struchtúr táillí táirgí atá in iomaíocht. I gcás táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe go sonrach, molann CESE go ndéanfaí riachtanais shonracha na sealbhóirí polasaí árachais saoil a chur san áireamh sna buntáirgí, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le slándáil infheistíochta, cosaint chaipitil agus cumhdach saoil agus sláinte.
3.3Aontaíonn CESE leis na comhlachais tomhaltóirí nach post lánaimseartha é “a bheith ina thomhaltóir”, agus gur minice i gcónaí a bhíonn ar thomhaltóirí rogha a dhéanamh maidir le ceannach seirbhísí agus táirgí éagsúla ar na margaí. Mar sin féin, cuireann tionchar an ró-ualaigh faisnéise agus na réasúnaíochta teoranta srian ar mhalairt iompair; tá rabhadh á thabhairt ag CESE maidir leis an méid sin, ar a sheal, go gcuirfidh sé srian leis an éifeacht araíonachta ar oibreoirí margaidh agus go bhfuil sé ina dhíspreagadh d’iontrálaithe nua dul isteach sa mhargadh.
3.4Measann CESE gur féidir leis na húdaráis mhaoirseachta atá i gceannas ar mhargaí agus seirbhísí airgeadais easnaimh sa mhargadh a thuairisciú agus gur cheart dóibh an méid sin a dhéanamh amhail a dhéanann sceithirí agus eagraíochtaí tomhaltóirí faire. Ba cheart do na húdaráis cloí lena sainordú dlíthiúil mar a shainítear faoi na rialacha stuamachta agus margaíochta atá ann cheana agus gan ró-léirmhíniú a dhéanamh ar a sainordú eilimintí oibriúcháin amhail dearadh agus praghsáil seirbhísí airgeadais a shainiú, rud arbh ionann agus na húdaráis mhaoirseachta i mbun socrú praghsanna agus ag cur bac ar iomaíocht nuair is iad cobhsaíocht na n-institiúidí airgeadais agus cóir chothrom do thomhaltóirí agus do thairbhithe na seirbhísí airgeadais na príomhshainorduithe atá acu.
4.Oideachas airgeadais agus oiliúint ghairmiúil
4.1Tá tábhacht mhór le hoiliúint, lena n-áirítear maidir le hinbhuanaitheacht, le haghaidh gníomhairí díolacháin agus idirghabhálaithe (dá ngairtear freisin ‘comhairleoirí airgeadais’). Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún maidir le ceanglais oiliúna, agus molann sé go leathnófaí an oiliúint íosta a chuirtear ar fáil go bliantúil. Tairbhíonn tomhaltóirí d’oibrithe airgeadais atá oilte go cuí, ar cheart a ndóthain ama a bheith acu le haghaidh na hoiliúna agus chun riachtanais infheistíochta a gcliant a thuiscint, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna inbhuanaitheachta, agus nár cheart a bheith faoi bhrú míchuí óna bhfostóir spriocanna díolacháin táirgí airgeadais a chomhlíonadh.
4.2Ba dhíol sásaimh do CESE freisin aidhmeanna níos nithiúla chun dea-chleachtais a shainaithint agus spriocanna a shannadh do na comhlachtaí náisiúnta inniúla, chomh maith le tuairisciú ar bhearta a dhéantar maidir leis na gnáthchainéil (teaghlaigh, scoileanna, na meáin, comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí na sochaí sibhialta) agus ar bhealach dírithe, agus aird a tabhairt ar na grúpaí is leochailí amhail iad siúd nach bhfuil foinse ioncaim cobhsaí nó iontaofa acu, agus imircigh, agus daoine atá ar tí cinntí a dhéanamh a dhéanfaidh difear dá gcoigilteas saoil.
4.3Cuireann CESE i bhfios go láidir nach féidir leis an oideachas airgeadais is fearr fiú an scéal a athrú go mbaineann neamhshiméadracht faisnéise leis an gcaidreamh idir an tomhaltóir agus comhairleoir airgeadais agus, in éagmais comhairle atá fíor-neamhspleách agus neamhchlaonta, nár mhór go mbeadh an tomhaltóir in ann comparáid a dhéanamh go héasca idir dáileoirí, mar a dhéantar nuair a lorgaítear an dara tuairim maidir le ceisteanna sláinte.
4.4Chun dul chun cinn níos tapa a chothú, iarrann CESE ar na Ballstáit feabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhísí pleanála airgeadais níos leithne agus ar ghlacadh na seirbhísí sin trí úsáid a bhaint as pleanálaithe airgeadais neamhspleácha rialáilte, mar shampla trí dhreasachtaí cánach agus aird a thabhairt freisin ar chothrom na Féinne, ós rud é go mbeidh tomhaltóirí níos athléimní ó thaobh airgeadais de mar thoradh ar dhea-phleanáil airgeadais, go háirithe tar éis dóibh dul ar scor.
4.5Tacaíonn an Coiste le lucht tionchair a bheith san áireamh sna rialacha cumarsáide margaíochta agus cuireann sé in iúl gur cúis imní dó ról lucht tionchair neamhiontaofa maidir le criptea-shócmhainní agus táirgí neamhúdaraithe a chur chun cinn, go háirithe ó áiteanna lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
4.6Is díol sásaimh do CESE an fhéidearthacht d’infheisteoirí eolasacha cleachta diúltú don chatagóiriú réamhshocraithe mar chliant “miondíola” ach tugann sé rabhadh gur cheart an próiseas sin a bheith faoi réir coimircí láidre, ionas nach spreagfar tomhaltóirí go míchuí chun diúltú do rialacha an Aontais um chosaint tomhaltóirí a ceapadh chun iad a chosaint. Maidir le tomhaltóirí a roghnaíonn go gníomhach diúltú don chatagóir cliant “miondíola” réamhshocraithe, ba cheart go mbeidís faoi réir coimircí i gcónaí, ní hamháin chun an easpa eolais nó taithí a chúiteamh, ach chun a léiriú freisin gur cumhacht chaibidlíochta éagothrom atá acu le soláthraí seirbhísí infheistíochta nó gnólacht seirbhísí infheistíochta. D’fhéadfadh tomhaltóirí rómheas a bheith acu ar a gcuid eolais nó taithí infheistíochta nó áibhéal a dhéanamh faoi chun rochtain a fháil ar tháirgí níos casta a mbeadh próifíl riosca acu a bheadh míchuí do ghnáth-thomhaltóirí i staid chomhchosúil.
5.An inbhuanaitheacht ina réamhshocrú
5.1Measann CESE go bhfuil nós i roinnt mhaith Ballstát táirgí simplí a roghnú agus dá bharr sin, agus toisc go mbraitear castacht a bheith ag baint le seirbhísí airgeadais agus go mbíonn cothroime á lorg idir slándáil, leachtacht agus feidhmíocht, go bhfuil méideanna an-mhór coigiltis tomhaltóirí á stóráil i gcuntais choigiltis nó i ngnáthchuntais bhainc. Dá bhrí sin, mairfidh spleáchas na FBManna ar mhaoiniú na mbanc agus ar an ról ceannasach atá ag na bainc i leithdháileadh an chreidmheasa. Faoi mar atá an ról sochaíoch atá ag an tionscal airgeadais, tá údar le bearta beartais chun leithdháileadh creidmheasa a ailíniú le beartais eile de chuid an Aontais, an Comhaontú Glas agus na straitéisí airgeadais inbhuanaithe, mar shampla. Measann CESE gur cheart rochtain a bheith ag FBManna ar thacaíocht phoiblí agus phríobháideach chun rochtain níos éasca a bheith acu ar chistiú ó infheisteoirí aonair a mbeidh eolas níos fearr acu ar na huirlisí atá ar fáil dóibh.
5.2Is díol sásaimh do CESE na bearta sa Treoir Omnibus chun feabhas a chur ar nochtadh na gcuspóirí inbhuanaitheachta chun SFDR a chomhlánú. Ba mhaith leis iarraidh ar an gCoimisiún Éicilipéad an Aontais do Tháirgí Airgeadais Miondíola a bhrostú; tionscadal a seoladh in 2018. Mar sin féin, is ábhar imní do CESE, áfach, nach leor na bearta nochta reatha in SFDR amhail an Cóimheas Sócmhainní Glasa chun íomhá mhionsonraithe iomlán a sholáthar de thionchar cuideachta nó ciste ar na seachtrachtaí a chumhdaítear le SFDR. Tá CESE suite de gur cheart rochtain a bheith ag infheisteoirí miondíola ar na sonraí ábhartha, agus ar shonraí mionsonraithe i gcás ina mbíonn siad sin á n-éileamh ag tomhaltóirí, mar shampla mar thoradh ar na rátálacha comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) atá ar fáil, chun roghanna infheistíochta oibiachtúla a dhéanamh ag eascairt as an measúnú ar éilimh agus ar riachtanais, lena n-áirítear maidir le hinbhuanaitheacht, agus gan a bheith faoi réir neamhshiméadrachtaí faisnéise a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le snas glas agus díobháil do thomhaltóirí. Tuigeann CESE gur cheart nochtadh breise den sórt sin a bheith faoi réir treorach do mhonaróirí táirgí ionas go mbeidh sé comhsheasmhach agus inchomparáide ó tháirge go táirge agus go n‑ailíneofar é leis an gceanglas go ndéantar sainroghanna inbhuanaitheachta cliaint faoi ghníomhartha tarmligthe MiFID agus IDD a iarraidh.
5.3Molann CESE an rogha réamhshocraithe a dhéanamh de tháirgí inbhuanaithe, lena n-áirítear i gcásanna teicneolaíochta airgeadais, laistigh de theorainneacha cheanglais na tástála éileamh agus riachtanas, i gcás inarb infheidhme, ach an scéal a bheith faoi mheasúnú tionchair, agus nach mbeifear ag teacht salach ar an bprionsabal an táirge is oiriúnaí do riachtanais an chustaiméara a thairiscint de réir comhairle leordhóthanach. Ós rud é nach mbeidh toirmeasc iomlán ar aslaigh, ba cheart bearta maolaitheacha a chur i bhfeidhm chun cabhrú le tomhaltóirí cinntí infheistíochta níos fearr a dhéanamh go neamhspleách. Seachas iallach a bheith ar thomhaltóirí táirge inbhuanaithe a iarraidh, ba cheart gurb iad na táirgí sin an gnáthrogha agus ina áit sin gur rogha an diúltaithe a bheadh le déanamh ag tomhaltóir, go háirithe ós rud é gur mian le dhá thrian de na tomhaltóirí
go ndéanfaí a gcuid airgid a infheistiú ar bhealach inbhuanaithe. Is féidir le tionscnaimh ón tsochaí shibhialta mar Fair Finance International agus MeinFairMögen cabhrú le tomhaltóirí soláthraithe a bhfuil punann táirgí réasúnta inbhuanaithe acu a shainaithint. D’fhéadfadh maoiniú ón Aontas cabhrú chun tionscnaimh thuasluaite ón tsochaí shibhialta a leathnú (nó tionscnaimh nua a thógáil) ó chuntais íocaíochta agus bainc, i dtreo cuideachtaí árachais agus cistí pinsin, mar a léirítear leis an sampla rathúil san Ísiltír.
5.4Tá CESE á iarraidh go ndéanfadh tionscnaimh shonracha athrú ó inbhuanaitheacht theoiriciúil táirge airgeadais a thomhas agus an tionchar inbhuanaitheachta iarbhír a thomhas ina áit. Tugann an Coiste dá aire go sainítear an inbhuanaitheacht i dtéarmaí tionchair i gcás go leor infheisteoirí miondíola, rud atá teoranta, de réir sainmhínithe, ós rud é gur in ionstraimí margaidh tánaisteacha a bhíonn formhór na dtomhaltóirí gníomhach agus nach soláthraíonn siad sin infheistíochtaí breise do na haistrithe glasa agus digiteacha; is é moladh CESE, chun go mbeidh roghanna infheisteoirí miondíola maidir le tionchar á n‑ailíniú ar bhealach níos fearr, gur cheart infheisteoirí miondíola a spreagadh chun páirt níos gníomhaí a ghlacadh sna margaí príomhúla (tairiscintí tosaigh poiblí, IPOnna) lena n-áirítear trí “breisíocht” a gcuid infheistíochtaí a nochtadh ar bhealach níos fearr.
6.Nithe eile is fiú a chur san áireamh
6.1Ba cheart an beartas cothrománach miondíola ón gCoimisiún, ar mórchuid de an Straitéis reatha, cé nach í an t-aon cholún amháin ann, a bheith ag díriú ar na neamhréireachtaí, na bearnaí agus na forluití sa rialáil agus tuairisciú airgeadais, rud nach raibh ach ina athsmaoineamh i bhfad rófhada i gcur chuige na tearc-chumarsáide a bhaineann le reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí airgeadais.
6.2Dá bhrí sin, molann CESE an Coimisiún as iarracht a dhéanamh faisnéis agus cosaint do thomhaltóirí a chomhchuibhiú tríd an oiread táirgí infheistíochta miondíola atá dírithe ar mhiondíol a thabhairt faoi raon feidhme an Rialacháin PRIIPanna, MiFID agus IDD; ach b’fhearr leo píosa cothrománach reachtaíochta maidir le nochtaí seachas tuilleadh ionstraimí airgeadais a thabhairt faoi rialacha an Rialacháin PRIIPanna maidir le nochtaí, rud nach ndéanfadh ach breacreachtaíocht nua a chruthú. Measann CESE gur réiteach é sin a d’fhéadfaí a thabhairt i gceist sa chéad tréimhse reachtach eile. Is díol sásaimh do CESE freisin gur tugadh isteach tástáil ‘leasa’ (Airteagal 24) agus coincheap na tástála ‘gan díobháil’ (Airteagal 29b IDD) chomh maith le ceanglas ex ante maidir le faisnéis faoi chostais, rud a d’fhéadfadh an próiseas díolacháin a thabhairt chun trédhearcachta, muinín a chothú, inchomparáideacht a fheabhsú, agus, ar an gcaoi sin, luach na comhairle airgeadais a fheabhsú, is cuma cé acu ar líne nó as líne a chuirtear an chomhairle sin ar fáil.
6.3Molann CESE freisin an cinneadh ón gCoimisiún an iarracht go dtí seo a chomhdhlúthú agus na Doiciméid Faisnéise Bunriachtanaí a chomhchuibhiú ar fud na n‑aicmí sócmhainní, cé gurb oth leis an gCoiste nach bhfacthas don Choimisiún go bhféadfaí táirgí a bhaineann le hárachas a chomhtháthú sa reachtaíocht PRIIPanna agus aird chuí á tabhairt ar shainghnéithe na ráthaíochtaí árachais, rud a chuirfeadh leis an inchomparáideacht laistigh de dhomhan na dtáirgí éagsúla atá ar fáil. Leis an réiteach pragmatach chun grúpaí táirgí nua a thabhairt faoi na PRIIPanna agus rialacha ar leith a choinneáil maidir le roinnt táirgí árachas-bhunaithe de rogha ar ionstraim reachtach chothrománach nua maidir le Nochtadh Airgeadais Miondíola a mholadh, déanfar an cur chuige ar leithligh a bhuanú, fiú más rud é go bhféadfadh na torthaí a bheith an-chosúil. D’fhéadfadh sé cur isteach ar bhreisithe leis an gcreat maidir le nochtadh táirgí amach anseo freisin nó ar leasuithe air ós rud e nach sainítear in aon ionstraim dlí amháin é.
6.4Go sonrach i réimse na nochtuithe digiteacha, tacaíonn CESE leis an gcur chuige ón gCoimisiún maidir le “tús áite don digitiú”, atá ag teastáil go géar, ach tugann sé rabhadh go ndearnadh nochtuithe ar “mheán fisiciúil” a thástáil agus go bhfuil siad leabaithe sa reachtaíocht chun a áirithiú go nochtfar faisnéis bhunriachtanach do thomhaltóirí. Tugann CESE rabhadh go mbeidh tástáil iompraíochta tomhaltóirí ar nochtaí digiteacha ag teastáil ar an leibhéal teicniúil chun a áirithiú go mbeidh faisnéis thábhachtach le feiceáil ag tomhaltóirí agus go dtuigfidh siad í nuair a bheidh conradh á dhéanamh acu, agus nach i bhfolach (go domhain) laistigh de nochtuithe digiteacha a bheidh sí.
6.5Cuireann CESE in iúl go bhfuil amhras air faoi thionchar na Straitéise Infheistíochta Miondíola, ós rud é gur ar fholeibhéal a bheidh gnéithe cinntitheacha de na bearta atá á mbeartú leis le socrú, foleibhéal nach gcuirtear faoi bhráid phróiseas reachtach an Aontais go díreach agus ós rud é nach mbíonn aon deis ag CESE tuairimí na sochaí sibhialta eagraithe a chur in iúl go foirmiúil ar an leibhéal sin, tar éis dó torthaí na tástála leordhóthanaí ó thomhaltóirí a scrúdú.
6.6Tugann CESE dá aire freisin nach bhfuil “seiceáil ar iomaíochas” lena ndéantar anailís ar na roghanna beartais éagsúla san áireamh sa mheasúnú tionchair, in ainneoin gur thug Uachtarán an Choimisiúin gealltanas cheana féin go gcuimseofaí seiceáil den sórt sin go córasach. Ba cheart cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh sa tseiceáil ar iomaíochas, agus díriú ní hamháin ar shaincheist iomaíochas rannpháirtithe margaidh airgeadais an Aontais, ach ar na hiarmhairtí freisin ag éirí as rannpháirtíocht mhéadaithe ó infheisteoirí miondíola i maoiniú chuideachtaí fhíorgheilleagar an Aontais.
III.LEASUITHE ATÁ BEARTAITHE DON TREOIR
COM(2023) 279 final - 2023/0167 (COD)
Leasú 1
nasctha le moladh 2
Airteagal 1(13) lena ndéantar Airteagal 24a a chur isteach i dTreoir 2014/65/AE (MiFID)
|
Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú ó CnaR
|
|
(...)
8. Trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm Threoir (AE) [Oifig na bhFoilseachán, tabhair isteach uimhir na Treorach a leasaíonn] agus tar éis dul i gcomhairle le ESMA agus ÚEÁPC, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí íocaíochtaí tríú páirtí ar infheisteoirí miondíola, go háirithe i bhfianaise coinbhleachtaí leasa féideartha agus a mhéid a bhaineann le comhairle neamhspleách a bheith ar fáil, agus déanfaidh sé meastóireacht ar thionchar fhorálacha ábhartha Threoir (AE) [Oifig na bhFoilseachán, tabhair isteach uimhir na Treorach a leasaíonn] orthu. Más gá, chun díobháil do thomhaltóirí a chosc, molfaidh an Coimisiún leasuithe reachtacha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
|
(…)
8. Trí bliana tar éis teacht i bhfeidhm go héifeachtach do Threoir (AE) [Oifig na bhFoilseachán, tabhair isteach uimhir na Treorach a leasaíonn] agus tar éis dul i gcomhairle le ESMA agus ÚEÁPC, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí íocaíochtaí tríú páirtí ar infheisteoirí miondíola, go háirithe i bhfianaise coinbhleachtaí leasa a féideartha agus a mhéid a bhaineann le comhairle neamhspleách a bheith ar fáil, agus déanfaidh sé meastóireacht ar thionchar fhorálacha ábhartha Threoir (AE) [Oifig na bhFoilseachán, tabhair isteach uimhir na Treorach a leasaíonn] orthu. Más gá, chun díobháil do thomhaltóirí a chosc, molfaidh an Coimisiún leasuithe reachtacha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
|
|
Cúis
|
|
Lena áirithiú gur ar shonraí margaidh agus ar fhorbairtí leordhóthanacha a bheidh measúnú deiridh an Choimisiúin bunaithe, is éard atá á mholadh againn síneadh ama a chur leis an athbhreithniú go ceann trí bliana tar éis a chur i bhfeidhm go héifeachtach, in ionad na dtrí bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm.
|
Leasú 2
nasctha le moladh 2
Airteagal 2(45)
déantar Airteagal 29a a chur isteach i dTreoir (AE) 2016/97 (IDD)
|
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Amendment
|
|
(…)
6. Trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm Threoir (AE) [Oifig na bhFoilseachán, tabhair isteach uimhir na Treorach leasaithí] agus tar éis dul i gcomhairle le ESMA agus ÚEÁPC, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí íocaíochtaí tríú páirtí ar infheisteoirí miondíola, go háirithe i bhfianaise coinbhleachtaí leasa féideartha agus a mhéid a bhaineann le comhairle neamhspleách a bheith ar fáil, agus déanfaidh sé meastóireacht ar thionchar fhorálacha ábhartha Threoir (AE) [Oifig na bhFoilseachán, tabhair isteach uimhir na Treorach leasaithí] ar infheisteoirí miondíola. Más gá, chun díobháil do thomhaltóirí a chosc, molfaidh an Coimisiún leasuithe reachtacha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
|
(...)
6. Trí bliana tar éis teacht i bhfeidhm go héifeachtach do Threoir (AE) [Oifig na bhFoilseachán, tabhair isteach uimhir na Treorach a leasaíonn] agus tar éis dul i gcomhairle le ESMA agus ÚEÁPC, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí íocaíochtaí tríú páirtí ar infheisteoirí miondíola, go háirithe i bhfianaise coinbhleachtaí leasa a féideartha agus a mhéid a bhaineann le comhairle neamhspleách a bheith ar fáil, agus déanfaidh sé meastóireacht ar thionchar fhorálacha ábhartha Threoir (AE) [Oifig na bhFoilseachán, tabhair isteach uimhir na Treorach a leasaíonn] orthu. Más gá, chun díobháil do thomhaltóirí a chosc, molfaidh an Coimisiún leasuithe reachtacha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
|
|
Cúis
|
|
Lena áirithiú gur ar shonraí margaidh agus ar fhorbairtí leordhóthanacha a bheidh measúnú deiridh an Choimisiúin bunaithe, is éard atá á mholadh againn síneadh ama a chur leis an athbhreithniú go ceann trí bliana tar éis a chur i bhfeidhm go héifeachtach, in ionad trí bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm.
|
Leasú 3
nasctha le moladh 3
Aithris 36a
|
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú ó CnaR
|
|
|
(36a)(nua) Agus sainmhíniú á dhéanamh ar conas ‘táirgí a bhfuil riosca ar leith ag baint leo’ a shainaithint, ba cheart do ESMA agus ÚEÁPC na táscairí a úsáideadh cheana a chomhtháthú chun a shainiú ar cheart feidhm a bheith ag an bhfoláireamh tuisceana a shainmhínítear i Rialachán (AE) 1286/201, lena n-áirítear an méid seo a leanas: (i) go n‑infheistíonn an táirge i sócmhainní foluiteacha nach n-infheistíonn infheisteoirí miondíola iontu go coitianta; (ii) go n‑úsáideann an táirge roinnt sásraí éagsúla chun toradh deiridh na hinfheistíochta a ríomh, rud a chruthaíonn riosca míthuisceana níos mó ó thaobh an infheisteora miondíola de; (iii) go mbeirtear buntáiste ar chlaontaí iompair infheisteoirí miondíola trí dhea-thoradh na hinfheistíochta, amhail ráta cluana a leanann ráta coinníollach comhlúthach i bhfad níos airde é, nó foirmle atriallach.
|
|
Cúis
|
|
Tá rabhadh riosca á chur in ionad an ‘fholáirimh tuisceana’ atá ann faoi láthair, rabhadh a mbeidh feidhm aige maidir le ‘táirgí a bhfuil riosca ar leith ag baint leo’, agus fágfar an sainmhíniú orthu sin go hiomlán faoin reachtaíocht tharmligthe. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh aon tionchar ag na comhreachtóirí ná ag CESE ar an sainmhíniú a dhéanfar air. Ós rud é go dtugtar treoir shuntasach sa Rialachán (PRIIPanna) reatha maidir le cathain a bheidh feidhm ag an ‘foláireamh tuisceana’ in Aithris 18, tá beartaithe againn an fhoclaiocht sin a choinneáil sa Rialachán nua.
|
Leasú 4
nasctha le moladh 4
Airteagal 1(13) lena ndéanfar Airteagal 24d a chur isteach i dTreoir 2014/65/AE (MiFID)
|
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú ó CnaR
|
|
2. Chun críoch mhír 1, ceanglóidh na Ballstáit ar ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú agus a léiriú d’údaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh, maidir le daoine nádúrtha a thugann comhairle infheistíochta do chliaint thar ceann an ghnólachta infheistíochta, go bhfuil an t-eolas agus an inniúlacht a leagtar amach in Iarscríbhinn V, ar a laghad, ag na daoine sin agus go ndéanann siad é a chothabháil, agus go ndéanann siad 15 uair an chloig ar a laghad d’oiliúint agus forbairt ghairmiúil in aghaidh na bliana. Deimhneofar le deimhniú an chomhlíontacht leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn V chomh maith le tabhairt i gcrích rathúil na hoiliúna agus na forbartha gairmiúla leanúnaí gach bliain.
|
2. Chun críoch mhír 1, ceanglóidh na Ballstáit ar ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú agus a léiriú d’údaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh, maidir le daoine nádúrtha a thugann comhairle infheistíochta do chliaint thar ceann an ghnólachta infheistíochta, go bhfuil an t-eolas agus an inniúlacht a leagtar amach in Iarscríbhinn V, ar a laghad, ag na daoine sin agus go ndéanann siad é a chothabháil, agus go ndéanann siad 35 uair an chloig ar a laghad d’oiliúint agus forbairt ghairmiúil in aghaidh na bliana. Deimhneofar le deimhniú an chomhlíontacht leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn V chomh maith le tabhairt i gcrích rathúil na hoiliúna agus na forbartha gairmiúla leanúnaí gach bliain.
|
|
Cúis
|
|
Chun luach ar airgead a sholáthar, ba cheart gur ag baint tairbhe as saineolas oibrithe airgeadais atá oilte i gceart a bheadh infheisteoirí miondíola a roghnaíonn comhairle airgeadais a lorg. Tá an riachtanas oiliúna atá ann faoi láthair an-éadrom i gcomparáid le gairmeacha eile, agus le gnáthchearta oiliúna oibrithe. Chomh maith leis sin, i bhfianaise inniúlachtaí nua a bheidh le gnóthú amhail na hinniúlachtaí sin a bhaineann le maoiniú inbhuanaithe, molaimid an ceanglas oiliúna a mhéadú.
|
Leasú 5
nasctha le moladh 4
Airteagal 2(29)(b)(i) lena leasaítear Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/97 (IDD)
|
Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú ó CnaR
|
|
(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, an dara fomhír agus an tríú fomhír:
(...)
Chun críoch na chéad fhomhíre, beidh sásraí i bhfeidhm ag Ballstáit bhaile agus foilseoidh siad na sásraí sin chun eolas agus inniúlacht idirghabhálaithe árachais agus athárachais, fostaithe gnóthas árachais agus athárachais agus fostaithe idirghabhálaithe árachais agus athárachais a rialú go héifeachtach agus a mheasúnú, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, bunaithe ar 15 uair an chloig ar a laghad d’oiliúint nó d’fhorbairt ghairmiúil in aghaidh na bliana, agus cineál na dtáirgí a dhíoltar, an cineál dáileora, an ról atá acu, agus an ghníomhaíocht a dhéantar laistigh den dáileoir árachais nó athárachais á gcur san áireamh.
Ceanglóidh na Ballstáit bhaile go ndeimhneofar le deimhniú an chomhlíontacht leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I, chomh maith le tabhairt i gcrích rathúil na hoiliúna agus na forbartha gairmiúla leanúnaí gach bliain.
|
(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, an dara fomhír agus an tríú fomhír:
(...)
Chun críoch na chéad fhomhíre, beidh sásraí i bhfeidhm ag Ballstáit bhaile agus foilseoidh siad na sásraí sin chun eolas agus inniúlacht idirghabhálaithe árachais agus athárachais, fostaithe gnóthas árachais agus athárachais agus fostaithe idirghabhálaithe árachais agus athárachais a rialú go héifeachtach agus a mheasúnú, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, bunaithe ar 35 uair an chloig ar a laghad d’oiliúint nó d’fhorbairt ghairmiúil in aghaidh na bliana, agus cineál na dtáirgí a dhíoltar, an cineál dáileora, an ról atá acu, agus an ghníomhaíocht a dhéantar laistigh den dáileoir árachais nó athárachais á gcur san áireamh.
Ceanglóidh na Ballstáit bhaile go ndeimhneofar le deimhniú an chomhlíontacht leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I, chomh maith le tabhairt i gcrích rathúil na hoiliúna agus na forbartha gairmiúla leanúnaí gach bliain.
|
|
Cúis
|
|
Chun luach ar airgead a sholáthar, ba cheart gur ag baint tairbhe as saineolas oibrithe airgeadais atá oilte i gceart a bheadh infheisteoirí miondíola a roghnaíonn comhairle airgeadais a lorg. Tá an riachtanas oiliúna atá ann faoi láthair an-éadrom i gcomparáid le gairmeacha eile, agus le gnáthchearta oiliúna oibrithe. Chomh maith leis sin, i bhfianaise inniúlachtaí nua a bheidh le gnóthú amhail na hinniúlachtaí sin a bhaineann le maoiniú inbhuanaithe, molaimid an ceanglas oiliúna a mhéadú.
|
Leasú 6
nasctha le moladh 5
Airteagal 1(14) lena leasaítear Airteagal 25 de Threoir 2014/65/AE (MiFID)
|
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú ó CnaR
|
|
|
3a; Agus comhairle infheistíochta á soláthar, áireofar sna táirgí arna moladh ag an ngnólacht infheistíochta táirge amháin ar a laghad a bhfuil infheistíocht inbhuanaithe mar chuspóir dó mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/2088, mura bhfuil sé curtha in iúl go sainráite ag an gcliant nach bhfuil aon sainroghanna inbhuanaitheachta acu mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565.
|
|
Cúis
|
|
Tá feidhm ag na hathruithe a rinne an Coimisiún ar Threoir Tharmligthe MiFID II maidir le hinbhuanaitheacht ón 22 Samhain 2022, ach níl feidhm acu ach amháin maidir le hoibleagáidí rialachais táirgí. Chun a áirithiú go mbeidh na hathruithe sin éifeachtach, ní mór iad a mheaitseáil le comhtháthú níos láidre na hinbhuanaitheachta sa phróiseas díolacháin arna rialú ag MiFID. Is minic nach mbíonn tomhaltóirí ar an eolas faoin raon méadaitheach táirgí inbhuanaithe atá ar fáil ar an margadh agus ba cheart táirgí inbhuanaithe a mholadh dóibh mar “rogha réamhshocraithe”, seachas iallach a bheith orthu iad a iarraidh go gníomhach.
|
Leasú 7
nasctha le moladh 6
Airteagal 2(39) lena leasaítear Airteagal 23 de Threoir (AE) 2016/97 (IDD)
|
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú ó CnaR
|
|
4.
(...)
|
4.
(...)
(d) na coimircí is gá chun a áirithiú nach mbainfear mí-úsáid as nochtaí digiteacha chun an fhaisnéis is tábhachtaí do thomhaltóirí a cheilt, ar faisnéis í ba cheart a bheith le feiceáil sa chéad chiseal;
|
|
Cúis
|
|
Leis seo, déantar na coimircí maidir le nochtaí digiteacha agus srathú i gcás na dtáirgí a fhanann faoi IDD a ailíniú leis na forálacha nua faoin Rialachán PRIIPanna athbhreithnithe.
|
IV.LEASUITHE ATÁ BEARTAITHE DON RIALACHÁN
COM(2023) 278 final – 2023/0166 (COD)
Leasú 1
nasctha le moladh 5
Airteagal 1(5)(d)(ga) lena leasaítear Rialachán (AE) 1286/2014 (MiFIR)
|
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú ó CnaR
|
|
(...)
|
(...)
(iii)(nua) na foinsí sonraí ar a bhfuil an measúnú inbhuanaitheachta bunaithe, chomh maith le nasc chuig suíomh gréasáin an mhonaróra inar féidir rochtain a fháil ar na sonraí foluiteacha;
|
|
Cúis
|
|
Mar a léirítear i dtuarascálacha iriseoireachta imscrúdaitheacha a rinneadh le déanaí maidir le hinfheistíochtaí ‘neamh-inbhuanaithe’ i dtáirgí airgeadais a dhíoltar mar tháirgí ‘glas dorcha’ Airteagal 9 SFDR, bíonn neamhshiméadracht mhór faisnéise ann idir monaróirí táirgí airgeadais agus dáileoirí a dhéanann táirgí den sórt sin a aicmiú agus a mhargú, agus an tomhaltóir a cheannaíonn iad, maidir le gnéithe inbhuanaitheachta an táirge. Chun mídhíol a chosc, ba cheart go mbeadh tomhaltóirí in ann a sheiceáil cén fáth ar aicmíodh táirge mar tháirge Airteagal 8 nó 9 SFDR. Dá bhrí sin, molaimid na ceanglais maidir le nochtadh a chumhdaíonn táirgí den sórt sin a leasú.
|
An Bhruiséil, 3 Deireadh Fómhair 2023
Sandra PARTHIE
Cathaoirleach na Rannóige um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
_____________