Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 2ab1e876-83e3-11ec-8c40-01aa75ed71a1

Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

02009R1071 — GA — 21.02.2022 — 003.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 1071/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2009

lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 300 14.11.2009, lch. 51)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

COMMISSION REGULATION (EU) No 613/2012 of 9 July 2012 (*)

  L 178

6

10.7.2012

►M2

COUNCIL REGULATION (EU) No 517/2013 of 13 May 2013 (*)

  L 158

1

10.6.2013

►M3

RIALACHÁN (AE) 2020/1055 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Iúil 2020

  L 249

17

31.7.2020



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 1071/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2009

lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  
Rialaítear leis an Rialachán seo gnóthais a ligean isteach i ngairm an oibreora iompair de bhóthar agus cleachtadh na gairme sin.
2.  
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na gnóthais go léir atá bunaithe sa Chomhphobal agus atá ag gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Beidh feidhm aige freisin maidir le gnóthais a bhfuil rún acu gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Áireofar i dtagairtí do ghnóthais atá ag gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar, de réir mar is iomchuí, tagairt do ghnóthais a bhfuil sé ar intinn acu gabháil do na hoibríochtaí sin.
3.  
Maidir leis na réigiúin dá dtagraítear in Airteagal 299(2) den Chonradh, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann oiriúnú a dhéanamh ar na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh, sa mhéid go ndéantar na hoibríochtaí a chur i gcrích go hiomlán sna réigiúin sin go hiomlán.
4.  

De mhaolú ar mhír 2, mura bhforáltar a mhalairt sa dlí náisiúnta, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na gnóthais seo a leanas:

▼M3

(a) 

gnóthais nach mbíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar ach amháin trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó a mais ualaithe incheadaithe ná 3,5 tonna agus a bhíonn ag gabháil go heisiach d’oibríochtaí iompair náisiúnta ina mBallstát bunaíochta;

▼M3

(aa) 

gnóthais nach mbíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar ach amháin trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó a mais ualaithe incheadaithe ná 2,5 tonna;

▼M3

(b) 

gnóthais a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar chun críoch neamhthráchtála go heisiach, nó a bhfuil príomhghairm acu seachas gairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar;

▼B

(c) 

gnóthais nach mbíonn ag gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar ach trí bhíthin mótarfheithiclí nach sáraíonn a n-uasluas údaraithe 40 km/u.

▼M3

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, déanfar aon iompar de bhóthar, seachas iompar ar fruiliú nó ar airgead nó iompar ar a chuntas féin, nach bhfaightear aon luach saothair díreach nó indíreach ar a shon agus nach ngineann aon ioncam díreach nó indíreach do thiománaí na feithicle ná do dhaoine eile agus gan aon nasc ann le gníomhaíocht iompair ghairmiúil, measfar sin mar iompar chun críoch neamhthráchtála.

▼B

5.  

Ní fhéadfaidh na Ballstáit díolúine ó chur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo, nó ó chuid díobh, a thabhairt ach d’oibreoirí iompair de bhóthar a bhíonn ag gabháil go heisiach d’oibríochtaí iompair náisiúnta nach bhfuil ach tionchar fíorbheag acu ar mhargadh an iompair mar gheall ar na nithe seo a leanas:

(a) 

cineál na n-earraí a iompraítear; nó

(b) 

giorracht na n-achar atá i gceist.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1. 

ciallaíonn “gairm an oibreora tarlaithe de bhóthar”, gníomhaíocht aon ghnóthais a dhéanann earraí a iompar ar fruiliú nó ar luaíocht, trí bhíthin mótarfheithiclí nó trí bhíthin cónasc feithiclí;

2. 

ciallaíonn “gairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar”, gníomhaíocht aon ghnóthais a dhéanann, trí úsáid a bhaint as mótarfheithiclí a thógtar agus a fheistítear le bheith oiriúnach chun níos mó ná naonúr a iompar, an tiománaí san áireamh, agus atá ceaptha chun na críche sin, seirbhísí iompair do phaisinéirí a chur ar fáil don phobal nó do chatagóirí áirithe úsáideoirí ar íocaíocht ón duine atá á iompar nó ó eagraí an iompair;

3. 

ciallaíonn “gairm an oibreora iompair de bhóthar”, gairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar nó gairm an oibreora tarlaithe de bhóthar;

4. 

ciallaíonn “gnóthas” aon duine nádúrtha, nó aon duine dlítheanach, bíodh sé brabúsach nó ná bíodh, aon chomhlachas nó aon ghrúpa daoine gan pearsantacht dhlítheanach, bíodh sé brabúsach nó ná bíodh, nó aon chomhlacht oifigiúil, bíodh a phearsantacht dhlítheanach féin aige nó bíodh sé ag brath ar údarás a bhfuil an phearsantacht sin aige, atá ag gabháil d’iompar paisinéirí, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag gabháil d’iompar lastais chun críocha tráchtála;

5. 

ciallaíonn “bainisteoir iompair”, duine nádúrtha atá fostaithe ag gnóthas nó, i gcás inar duine nádúrtha an gnóthas sin, an duine sin nó, i gcás inar foráladh amhlaidh, duine nádúrtha eile atá ainmnithe ag an ngnóthas trí mheán conartha, agus a stiúrann gníomhaíochtaí iompair an ghnóthais sin ar mhodh éifeachtach, buan;

6. 

ciallaíonn “údarú gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh” cinneadh riaracháin lena n-údaraítear do ghnóthas a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh;

7. 

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil i mBallstát a fhíoraíonn, chun críche cleachtadh ghairm an oibreora iompair de bhóthar a údarú, an gcomhlíonann gnóthas na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, agus a dtugtar de chumhacht dó údarú gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh a dheonú, a fhionraí nó a tharraingt siar;

8. 

ciallaíonn “Ballstát bunaíochta”, an Ballstát ina bhfuil gnóthas bunaithe, beag beann ar cibé acu an ó thír eile atá a thionscnamh ag a bhainisteoir iompair nó nach ea.

Airteagal 3

Ceanglais maidir le gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar

1.  

Caithfidh gnóthais a bheidh ag gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar:

(a) 

a bheith bunaithe go héifeachtach agus go cobhsaí i mBallstát;

(b) 

dea-cháil a bheith acu;

(c) 

seasamh airgeadais iomchuí a bheith acu; agus

(d) 

an inniúlacht ghairmiúil is gá a bheith acu.

▼M3 —————

▼B

Airteagal 4

Bainisteoir iompair

1.  

Ainmneoidh gnóthas a ghabhann do ghairm an oibreora iompair de bhóthar duine nádúrtha amháin ar a laghad, an bainisteoir iompair, ar duine é a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(1)(b) agus (d) agus a chomhlíonfaidh freisin na ceanglais seo a leanas:

(a) 

bainisteoidh sé gníomhaíochtaí iompair an ghnóthais go héifeachtach agus go leanúnach;

(b) 

beidh nasc dílis aige leis an ngnóthas, amhail a bheith ina fhostaí aige, ina stiúrthóir air nó ina scairshealbhóir ann, nó a bheith á riar, nó, más duine nádúrtha é an gnóthas, is eisean an duine sin; agus

(c) 

beidh cónaí air sa Chomhphobal.

2.  

Mura gcomhlíonfaidh gnóthas an ceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 3(1)(d), féadfaidh an t-údarás inniúil údarú a thabhairt dó gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar gan bainisteoir iompair a bheidh ainmnithe i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ar choinníoll:

(a) 

go ndéanfaidh an gnóthas duine nádúrtha a bhfuil cónaí air sa Chomhphobal a ainmniú, ar duine é a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1)(b) agus (d), agus atá i dteideal faoi chonradh cúraimí bainisteora iompair a fheidhmiú thar ceann an ghnóthais;

(b) 

go ndéanfaidh an conradh a nascfaidh an gnóthas leis an duine dá dtagraítear i bpointe (a) na cúraimí a bheidh le déanamh ar bhonn éifeachtach, leanúnach ag an duine sin a shonrú, agus go léireoidh sé a fhreagrachtaí mar bhainisteoir iompair. Is iad na cúraimí a bheidh le sonrú go háirithe cúraimí a bhaineann le seirbhísiú agus le cothabháil na bhfeithiclí, conarthaí agus doiciméid iompair a fhíorú, cuntasaíocht bhunúsach, ualaí nó seirbhísí a shannadh do thiománaithe agus d’fheithiclí, agus nósanna imeachta maidir le sábháilteacht a fhíorú;

(c) 

go bhféadfaidh an duine dá dtagraítear i bpointe (a), ina cháil mar bhainisteoir iompair, gníomhaíochtaí iompair suas le ceithre ghnóthas éagsúla, ar a mhéid, a bhainistiú, agus flít iomlán nach mó ná 50 feithicil eatarthu acu. Féadfaidh na Ballstáit líon na ngnóthas a laghdú agus/nó méid fhlít iomlán feithiclí a d’fhéadfadh an duine sin a bhainistiú a laghdú; agus

(d) 

go bhfeidhmeoidh an duine dá dtagraítear i bpointe (a) na cúraimí a shonraítear ar mhaithe leis an ngnóthas amháin agus go bhfeidhmeoidh sé a fhreagrachtaí go neamhspleách ar aon ghnóthais eile a éileoidh go gcuirfeadh an gnóthas oibríochtaí iompair i gcrích.

3.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach bhféadfar bainisteoir iompair a ainmneofar i gcomhréir le mír 1 a ainmniú i gcomhréir le mír 2 freisin, nó nach n-ainmneofar é ach i leith líon teoranta gnóthas nó i leith flít feithiclí is lú ná iad sin dá dtagraítear i mír 2(c).
4.  
Tabharfaidh an gnóthas fógra don údarás inniúil faoin mbainisteoir iompair nó faoi na bainisteoirí iompair a ainmneofar.



CAIBIDIL II

NA COINNÍOLLACHA ATÁ LE COMHLÍONADH CHUN NA CEANGLAIS A LEAGTAR SÍOS IN AIRTEAGAL 3 A SHÁSAMH

▼M3

Airteagal 5

Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas bunaíochta

1.  

Chun an ceanglas a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) a chomhlíonadh, déanfaidh an ghnóthas, sa Bhallstát bunaíochta, an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) 

beidh áitreabh ag an ngnóthas ag a mbeidh rochtain aige ar chóipeanna bunaidh a phríomhdhoiciméad gnó, bídís i bhfoirm leictreonach nó in aon fhoirm eile, go háirithe a chonarthaí iompair, doiciméid maidir leis na feithiclí atá ar fáil don ghnóthas, a dhoiciméid chuntasaíochta, a dhoiciméid uile maidir le bainistíocht foirne, a chonarthaí fostaíochta, a dhoiciméid slándála sóisialta, doiciméid a bhfuil sonraí iontu maidir le seoladh agus postú tiománaithe, a dhoiciméid uile ina bhfuil sonraí maidir le cabatáiste, am tiomána agus tréimhsí sosa agus aon doiciméad eile a gcaithfidh rochtain a bheith ag an údarás inniúil air chun a fhíorú go gcomhlíonfaidh na gnóthais na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b) 

eagróidh an gnóthas gníomhaíocht a fhlít feithiclí ar bhealach lena n-áiritheofaí go bhfillfidh feithiclí atá ar fáil don ghnóthas agus a úsáidtear in iompar idirnáisiúnta ar cheann de na lárionaid oibríochtúla sa Bhallstát sin laistigh de 8 seachtaine, ar a laghad, tar éis di é a fhágáil;

(c) 

beidh an gnóthas cláraithe ar chlár na gcuideachtaí tráchtála sa Bhallstát sin nó ar chlár atá comhchosúil leis nuair is gá sin faoin dlí náisiúnta;

(d) 

beidh an gnóthas faoi réir cáin ar ioncaim agus, nuair is gá sin faoin dlí náisiúnta, beidh uimhir chláraithe bhailí cáin bhreisluacha aige;

(e) 

a luaithe a dheonófar údarú don ghnóthas, beidh feithicil amháin nó níos mó ná feithicil amháin ar fáil don ghnóthas a bheidh cláraithe nó a chuirfear i gcúrsaíocht agus a bheidh údaraithe lena n-úsáid i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann ar fáil aige sa Bhallstát sin, is cuma cé acu atá de na feithiclí sin atá faoi lánúinéireacht nó, mar shampla, faoi chonradh fruilcheannaigh, faoi chonradh fruilithe nó faoi chonradh léasúcháin;

(f) 

déanfaidh an gnóthas a ghníomhaíochtaí riaracháin agus tráchtála ar mhodh éifeachtach agus leanúnach leis an trealamh agus na saoráidí iomchuí, dá dtagraítear i bpointe (a), ag áitreabh atá lonnaithe sa Bhallstát sin, agus déanfaidh sé bainistiú éifeachtach leanúnach ar a oibríochtaí iompair leis na feithiclí dá dtagraítear i bpointe (g) leis an trealamh riaracháin iomchuí, sa Bhallstát sin;

(g) 

beidh líon feithiclí ar fáil don ghnóthas, ar bhonn leanúnach, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (e), agus tiománaithe a bhíonn bunaithe de ghnáth ag ionad oibríochtúil sa Bhallstát sin, sa dá chás i gcomhréir le líon na n-oibríochtaí iompair a dhéanann an gnóthas.

2.  

De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i mír 1, féadfaidh Ballstáit a cheangal ar ghnóthas an méid seo a leanas a bheith aige sa Bhallstát bunaíochta:

(a) 

i gcomhréir le méid gníomhaíochta an ghnóthais, foireann riaracháin atá cáilithe go cuí ag áitreabh an ghnóthais nó an bainisteoir iompair a bheith insroichte le linn gnáthuaireanta gnó;

(b) 

i gcomhréir le méid gníomhaíochta an ghnóthais, bonneagar oibríochtúil seachas an trealamh riaracháin dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 ar chríoch an Bhallstáit sin, lena n-áirítear oifig atá oscailte le linn gnáthuaireanta gnó.

▼B

Airteagal 6

Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le dea-cháil

1.  

Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, cinnfidh na Ballstáit na coinníollacha a chaithfidh gnóthais agus bainisteoirí iompair a chomhlíonadh d’fhonn an ceanglas maidir le dea-cháil a leagtar síos in Airteagal 3(1)(b) a shásamh.

▼M3

Agus cinneadh á dhéanamh acu an bhfuil an ceanglas sin maidir le dea-cháil comhlíonta ag an ngnóthas sin, cuirfidh na Ballstáit iompraíocht an ghnóthais, a bhainisteoirí iompair, a stiúrthóirí feidhmiúcháin agus aon duine ábhartha eile san áireamh, de réir mar a fhéadfaidh an Ballstát a chinneadh. Aon tagairt atá san Airteagal seo do chiontuithe, pionóis nó sáruithe, cuimseoidh sí ciontuithe, pionóis nó sáruithe an ghnóthais féin, a bhainisteoirí iompair, a stiúrthóirí feidhmiúcháin agus aon duine ábhartha eile de réir mar a fhéadfaidh an Ballstát a chinneadh.

▼B

Beidh ar a laghad an méid seo a leanas sna coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) 

ní bheidh aon chúiseanna láidre ann amhras a bheith ann maidir le dea-cháil an bhainisteora iompair nó le dea-cháil an ghnóthais iompair, amhail ciontuithe nó pionóis mar gheall ar shárú tromchúiseach ar na rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm sna réimsí seo a leanas:

(i) 

an dlí tráchtála;

(ii) 

dlí na dócmhainneachta;

(iii) 

coinníollacha pá agus fostaíochta na gairme;

(iv) 

trácht ar bhóithre;

(v) 

dliteanas gairmiúil;

(vi) 

gáinneáil ar dhaoine nó ar dhrugaí; ►M3  ————— ◄

▼M3

(vii) 

an dlí cánach; agus

▼B

(b) 

ní dhearnadh an bainisteoir iompair ná an gnóthas iompair a chiontú i gcion coiriúil tromchúiseach ná níor thabhaigh siad pionós i mBallstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin maidir le sárú tromchúiseach ar rialacha an Chomhphobail a bhaineann go háirithe leis na nithe seo a leanas:

(i) 

am tiomána agus tréimhsí sosa na dtiománaithe, am oibre agus suiteáil agus úsáid trealaimh taifeadta;

(ii) 

meáchain uasta agus toisí uasta feithiclí tráchtála a úsáidtear sa trácht idirnáisiúnta;

(iii) 

buncháilíocht agus oiliúint leanúnach na dtiománaithe;

(iv) 

ródacmhainneacht feithiclí tráchtála, lena n-áirítear an chigireacht theicniúil bhliantúil éigeantach ar mhótarfheithiclí;

(v) 

rochtain ar mhargadh an tarlaithe idirnáisiúnta de bhóthar nó, de réir mar is iomchuí, rochtain ar mhargadh an iompair phaisinéirí de bhóthar;

(vi) 

sábháilteacht maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar;

(vii) 

suiteáil agus úsáid feistí teorannaithe luais i gcatagóirí áirithe feithiclí;

(viii) 

na ceadúnais tiomána;

(ix) 

ligean isteach sa ghairm;

(x) 

iompar ainmhithe;

▼M3

(xi) 

oibrithe a phostú san iompar de bhóthar;

(xii) 

an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha;

(xiii) 

cabatáiste.

▼M3

2.  
Chun críocha phointe (b) den tríú fomhír de mhír 1, i gcás inar ciontaíodh an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair i gcion coiriúil tromchúiseach nó i gcás inar tabhaíodh an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair pionós i mBallstát amháin nó i níos mó ná Ballstát amháin mar gheall ar cheann de na sáruithe is tromchúisí ar rialacha an Aontais, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhunaíochta faoi nós imeachta riaracháin a dhéanamh agus a chur i gcrích ar dhóigh atá iomchuí agus tráthúil, lena n-áireofar, más iomchuí, seiceáil a dhéanamh ar áitreabh an ghnóthais lena mbaineann.

Le linn an nós imeachta riaracháin, tabharfar an ceart do bhainisteoir iompair an ghnóthais iompair nó ionadaithe dlí eile an ghnóthais iompair, de réir an cháis, chun a gcuid argóintí agus mínithe a chur i láthair.

Le linn an nós imeachta riaracháin, déanfaidh an t-údarás inniúil a mheas an freagairt dhíréireach a bheadh ann, de bharr imthosca sonracha, dea-cháil a chailliúint sa chás sin ar leith. Sa mheasúnú sin, cuirfidh an t-údarás inniúil san áireamh an líon sáruithe tromchúiseacha ar rialacha náisiúnta agus ar rialacha an Aontais dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1, mar aon le líon na sáruithe is tromchúisí ar rialacha an Aontais, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad, a ndearnadh an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair a chiontú i gcion nó ar gearradh pionóis orthu ina leith. Beidh réasúnú cuí ag aon chinneadh den sórt sin agus bonn cirt leis.

I gcás ina gcinnfeadh an t-údarás inniúil go mbeadh sé díréireach dea-cháil a chailliúint, cinnfidh sé go leanann dea-cháil de bheith ar an ngnóthas lena mbaineann. Déanfar na cúiseanna leis an gcinneadh sin a thaifeadadh sa chlár náisiúnta. Sonrófar líon na gcinntí sin sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 26(1).

Má mheasann an t-údarás inniúil nach mbeadh sé díréireach dea-cháil a chailliúint, caillfear dea-cháil de thoradh an chiontaithe nó an phionóis.

▼M3

2a.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos liosta de chatagóirí, cineálacha agus leibhéil tromchúise maidir le sáruithe tromchúiseacha ar rialacha an Aontais dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fomhír de mhír 1, sáruithe, mar aon leo sin a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, lena bhféadfaí dea-cháil a chailleadh dá mbarr. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh faisnéis faoi na sáruithe sin, lena n-áirítear faisnéis a gheofar ó Bhallstáit eile, nuair a bheidh siad ag socrú na dtosaíochtaí le haghaidh seiceálacha de bhun Airteagal 12(1).

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún:

(a) 

na catagóirí agus na cineálacha sáruithe is minice a gcastar orthu a leagan síos;

(b) 

leibhéal tromchúise na sáruithe a shainiú de réir a gcumais chun baol báis nó baol maidir le gortú tromchúiseach a chruthú agus a gcumais chun iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh iompair de bhóthair, lena n-áirítear tríd an mbonn a bhaint ó dhálaí oibre oibrithe iompair;

(c) 

an mhinicíocht a sholáthar lena bhféachfar ar shraith sáruithe a théann thar an minicíocht sin mar sháruithe níos tromchúisí, ag cur san áireamh an líon feithiclí a úsáidfear le haghaidh na ngníomhaíochtaí iompair a bhainisteoidh bainisteoir iompair.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

▼B

3.  
Ní chomhlíonfar an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1)(b) go dtí go dtarlóidh beart athshlánúcháin nó aon bheart comhéifeachta eile, de bhun fhorálacha ábhartha an dlí náisiúnta.

Airteagal 7

Coinníollacha a bhaineann leis na gceanglas maidir le seasamh airgeadais

▼M3

1.  

D’fhonn an ceanglas a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 3(1) a chomhlíonadh, beidh gnóthas in ann a chuid oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh i gcónaí i rith na bliana cuntasaíochta bliantúla. Taispeánfaidh an gnóthas, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe mar is iomchuí, go bhfuil aige gach bliain caipiteal agus cúlchistí caipitil arb ionann iad agus na suimeanna seo a leanas ar a laghad:

(a) 

EUR 9 000 , don chéad mhótarfheithicil a úsáidtear;

(b) 

EUR 5 000 do gach mótarfheithicil bhreise nó cónasc feithiclí a úsáidtear ar mó a mhais ualaithe incheadaithe agus 3,5 tonna; agus

(c) 

EUR 900 do gach mótarfheithicil bhreise nó cónasc feithiclí a úsáidtear ar mó a mhais ualaithe incheadaithe agus 2,5 tonna ach nach mó ná 3,5 tonna í.

Taispeánfaidh gnóthais a bhíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar amháin trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí ar mó ná 2,5 tonna a mais ualaithe incheadaithe ach nach mó ná 3,5 tonna í, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe faoi mar is iomchuí, go bhfuil caipiteal agus cúlchistí caipitil ar fáil acu arb ionann iad agus na suimeanna seo a leanas ar a laghad:

(a) 

EUR 1 800 , don chéad fheithicil a úsáidtear; agus

(b) 

EUR 900 do gach feithicil bhreise a úsáidtear.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na gnóthais atá bunaithe ar a gcríocha go mbeidh na méideanna céanna caipitil agus cúlchistí caipitil ar fáil acu do na feithiclí seo agus do na feithiclí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas dá réir, agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

▼B

Chun críoch an Rialacháin seo, socrófar luach an euro gach bliain in airgeadraí na mBallstát nach nglacann páirt sa triú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Is iad na rátaí a bheidh le cur i bhfeidhm na rátaí a gheofar an chéad lá oibre de Dheireadh Fómhair agus a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh éifeacht acu ón 1 Eanáir an bhliain féilire dár gcionn.

Tuigfear gurb iad na hítimí cuntasaíochta a shainmhínítear sa Cheathrú Treoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 arna fothú ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí na hítimí cuntasaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ( 1 ).

▼M3

1a.  
Anuas ar na ceanglais a leagtar amach i mír 1, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an ngnóthas, ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile, de réir mar a fhéadfaidh na Ballstáit a chinneadh, nach mbeidh fiachais neamhphearsanta gan íoc atá dlite do chomhlachtaí atá faoi rialú an dlí phoiblí, agus nach mbeidh an gnóthas, an bainisteoir iompair nó an duine ábhartha eile féimheach nó faoi réir imeachtaí dócmhainneachta nó imeachtaí foirceanta.

▼M3

2.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil a aontú nó a cheangal go léireodh gnóthas a sheasamh airgeadais trí bhíthin teastas arna chinneadh ag an údarás inniúil, amhail ráthaíocht bainc nó árachas, lena n-áirítear árachas slánaíochta gairmiúla ó bhanc amháin nó níos mó ná banc amháin nó ó institiúidí airgeadais eile lena n-áirítear cuideachtaí árachais nó doiciméad eile atá ceangailteach, lena gcuirtear ráthaíocht chomhpháirteach agus leithleach ar fáil don ghnóthas maidir leis na méideanna a shonraítear i mír 1.

▼M3

2a.  
De mhaolú ar mhír 1, in éagmais cuntais bhliantúla dheimhnithe do bhliain cláraithe an ghnóthais, aontóidh an t-údarás inniúil go léireoidh gnóthas a sheasamh airgeadais trí mheán deimhnithe amhail ráthaíocht bhainc, doiciméad arna eisiúint ó institiúid airgeadais lena mbunaítear rochtain ar chreidmheas in ainm an ghnóthais, nó doiciméad eile atá ceangailteach arna chinneadh ag an údarás inniúil lena gcruthaítear go bhfuil na méideanna a shonraítear i mír 1 ar fáil aige.

▼B

3.  
Maidir leis na cuntais bhliantúla dá dtagraítear i mír 1, nó maidir leis an ráthaíocht dá dtagraítear i mír 2, agus a chaithfear a fhíorú, is cuntais iad nó is ráthaíocht í de chuid an eintitis eacnamaíoch a bunaíodh sa Bhallstáit inar iarradh údarú agus ní cuntais ná ráthaíocht iad de chuid aon eintitis eile a bunaíodh in aon Bhallstát eile.

Airteagal 8

Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil

1.  
D’fhonn an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1)(d) a chomhlíonadh, beidh eolas ag an duine nó ag na daoine lena mbaineann a fhreagróidh don leibhéal dá bhforáiltear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I sna hábhair a liostaítear inti. Is trí scrúdú scríofa éigeantach a thaispeánfar an t-eolas sin agus féadfar an scrúdú scríofa a fhorlíonadh le scrúdú béil, má chinneann Ballstát amhlaidh. Eagrófar na scrúduithe sin i gcomhréir le Cuid II d’Iarscríbhinn I. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh tréimhse oiliúna a fhorchur roimh an scrúdú.
2.  

Déanfaidh na daoine lena mbaineann an scrúdú sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu nó sa Bhallstát ina bhfuil siad ag obair.

Ciallaíonn “gnáthchónaí” an áit ar ann is iondúil a bhíonn duine ag cur faoi, is é sin ar feadh ar a laghad 185 lá gach bliain féilire, mar gheall ar cheangail phearsanta lena léirítear go bhfuil dlúthnasc ag an duine sin leis an áit ina bhfuil an duine sin ag cur faoi.

Gnáthchónaí duine nach ionann an áit a bhfuil a cheangail ghairme agus an áit a bhfuil a cheangail phearsanta agus a chónaíonn, dá bhrí sin, idir áiteanna éagsúla atá lonnaithe in dhá Bhallstát nó i níos mó ná dhá Bhallstát, measfar gurb é an áit ina bhfuil a cheangail phearsanta é, ar choinníoll go bhfilleann an duine sin ar an áit sin go rialta. Ní cheanglófar an coinníoll dheireanach sin a leagan síos i gcás ina mbeidh an duine ina chónaí i mBallstát d’fhonn tasc a chur i gcrích a bhfuil ré chinnte ag baint leis. Ní thabharfar le tuiscint go mbeidh athrú gnáthchónaí i gceist toisc duine a bheith ag freastal ar ollscoil nó ar scoil.

3.  
Is iad na húdaráis nó na comhlachtaí atá údaraithe go cuí chuige sin ag Ballstát i gcomhréir leis na gcritéar a shainmhíneoidh sé féin, agus iadsan amháin, a fhéadfaidh na scrúduithe scríofa agus na scrúduithe béil dá dtagraítear i mír 1 a eagrú agus a dheimhniú. Fíoróidh na Ballstáit go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha faoina n-eagraíonn na húdaráis nó na comhlachtaí sin na scrúduithe i gcomhréir le hIarscríbhinn I.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le critéir a shaineoidh na Ballstáit údarú a thabhairt do chomhlachtaí inniúla, chun oiliúint d’ardchaighdeán a chur ar fáil d’iarratasóirí chun iad a ullmhú do na scrúduithe mar aon le hoiliúint leanúnach chun go bhféadfaidh bainisteoirí iompair ar mian leo sin a gcuid eolais a thabhairt cothrom le dáta. Fíoróidh na Ballstáit sin go tráthrialta an bhfuil na critéir ba bhun lena n-údarú á gcomhlíonadh i gcónaí ag na comhlachtaí sin.

▼M3

5.  
Féadfaidh na Ballstát oiliúint thréimhsiúil ar na hábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur chun cinn ag eatraimh 3 bliana chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain eolais ag an duine nó na daoine dá dtagraítear i mír 1 ar fhorbairtí san earnáil.

▼B

6.  
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal maidir le daoine a bhfuil deimhniú inniúlachta gairmiúla acu ach nach ndearna bainistiú ar ghnóthas tarlaithe de bhóthar ná ar ghnóthas iompair phaisinéirí de bhóthar le cúig bliana anuas, go dtabharfaidís faoi athoiliúint d’fhonn an t-eolas atá acu ar fhobairtí reatha sa reachtaíocht dá dtagraítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta.
7.  

Féadfaidh Ballstát díolúine a thabhairt do dhaoine a bhfuil cáilíochtaí áirithe ardoideachais nó cáilíochtaí oideachais theicniúil acu, a eisíodh sa Bhallstát sin, agus a ceapadh go sonrach chun na críche sin agus a chuimsíonn eolas i leith na n-ábhar uile a liostaítear in Iarscríbhinn I as an scrúdú sna hábhair a chumhdaítear leis na cáilíochtaí sin. Ní bheidh feidhm ag an díolúine sin ach maidir leis na ranna sin de Chuid I d’Iarscríbhinn I a gcuimsíonn an cháilíocht na hábhair uile a liostaítear faoi cheannteideal gach ranna ina leith.

Féadfaidh Ballstát díolúine a thabhairt i leith codanna sonraithe de na scrúduithe do dhaoine a bhfuil deimhnithe inniúlachta gairmiúla acu atá bailí d’oibríochtaí iompair náisiúnta sa Bhallstát sin.

8.  
Déanfar deimhniú arna eisiúint ag an údarás nó ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt ar aird mar chruthúnas ar inniúlacht ghairmiúil. Ní bheidh an deimhniú sin inaistrithe chuig aon duine eile. Déanfar é a tharraingt suas i gcomhréir leis na gnéithe slándála agus i gcomhréir leis an deimhniú eiseamláireach a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III agus beidh stampa agus síniú an údaráis chuí-údaraithe nó an chomhlachta chuí-údaraithe a d’eisigh é air.

▼M3

9.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24a lena leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí margaidh agus don dul chun cinn teicniúil.

▼B

10.  
Déanfaidh an Coimisiún malartú taithí agus malartú faisnéise idir Ballstáit a éascú agus a spreagadh, nó trí aon chomhlacht a dhéanfaidh sé a ainmniú, a bhaineann le hoiliúint, le scrúduithe agus le húdaruithe.

Airteagal 9

Díolúine ón scrúdú

Daoine ar féidir leo cruthúnas a sholáthar go raibh gnóthas tarlaithe de bhóthar nó gnóthas iompair phaisinéirí de bhóthar á bhainistiú go leanúnach acu i mBallstát amháin nó i níos má ná Ballstát amháin i rith thréimhse 10 mbliana roimh an 4 Nollaig 2009 féadfaidh na Ballstáit a chinneadh díolúine a thabhairt dóibh ó na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1).

▼M3

Chun ceadúnas a dheonú do ghnóthas tarlaithe de bhóthar nach n-úsáideann ach mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó ná 3,5 tonna a mais ualaithe incheadaithe, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh daoine a chuireann fianaise ar fáil gur bhainistigh siad gnóthas den chineál céanna, go comhleanúnach, don tréimhse 10 mbliana roimh an 20 Lúnasa 2020, a dhíolmhú ó na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1).

▼B



CAIBIDIL III

ÚDARÚ AGUS FAIREACHÁN

Airteagal 10

Údaráis inniúla

1.  

Déanfaidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó ná udarás inniúil amháin a ainmniú chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme mar is ceart. Beidh de chumhacht ag na húdaráis inniúla sin na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

iarratais a dhéanfaidh gnóthais a scrúdú;

(b) 

údaruithe a dheonú chun gabháil do ghairm an oibreora de bhóthar, agus na húdaruithe sin a fhionraí nó a tharraingt siar;

(c) 

a dhearbhú go bhfuil duine nádúrtha mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair gnóthais a bhainistiú i gcáil bainisteora iompair;

(d) 

na seiceálacha is gá a dhéanamh chun a fhíorú an gcomhlíonann gnóthas na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3.

2.  
Foilseoidh na húdaráis inniúla na coinníollacha go léir a leagtar síos de bhun an Rialacháin seo, aon fhorálacha náisiúnta eile, na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag na hiarratasóirí leasmhara mar aon leis na míniúcháin a ghabhann leo.

Airteagal 11

Scrúdú agus clárú a dhéanamh ar iarratais

1.  
Ar iarratas a chur isteach, údarófar do ghnóthas iompair a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3, gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Cinnteoidh an t-údarás inniúil go gcomhlíonann an gnóthas a chuireann iarratas isteach na ceanglais a leagtar síos san Airteagal sin.
2.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil na sonraí a bhaineann leis na gnóthais a údaróidh sé agus dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 16(2) a thaifeadadh sa chlár leictreonach náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 16.
3.  
Beidh an teorainn ama chun go scrúdódh údarás inniúil iarratas ar údarú chomh gearr agus is féidir agus ní rachaidh sí thar thrí mhí ón dáta a bhfaighidh an t-údarás inniúil na doiciméid uile is gá chun an t-iarratas a mheas. Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh a chur leis an teorainn ama sin ar feadh tréimhse breise míosa i gcásanna ina mbeidh bonn cirt cuí leis.
4.  

Go dtí an 31 Nollaig 2012, fíoróidh an t-údarás inniúil, i gcás ina mbeidh aon amhras ann agus dea-cháil gnóthais á meas aige, an mbeidh sé dearbhaithe tráth an iarratais, i gceann de na Ballstáit, go bhfuil an bainisteoir iompair nó na bainisteoirí iompair a ainmníodh mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair gnóthais a bhainistiú de bhun Airteagal 14.

Ón 1 Eanáir 2013 i leith, agus dea-cháil gnóthais á meas aige, fíoróidh an t-údarás inniúil, trí rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 16(2), trí rochtain dhíreach shlán ar an gcuid ábhartha de na cláir náisiúnta nó ar iarratas uaidh, an mbeidh sé dearbhaithe tráth an iarratais, i gceann de na Ballstáit, go bhfuil an bainisteoir iompair nó na bainisteoirí iompair a ainmníodh mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair a bhainistiú de bhun Airteagal 14.

▼M3 —————

▼B

5.  
Laistigh de thréimhse 28 lá nó tréimhse is giorra ná sin, de réir mar a chinnfidh an Ballstát bunaíochta, déanfaidh gnóthais a bhfuil údarú acu chun gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthair fógra faoi aon athruithe ar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt don údarás inniúil a d’eisigh an t-údarú.

Airteagal 12

Seiceálacha

▼M3

1.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán rialta lena sheiceáil go leanfaidh na gnóthais a údaraíonn siad chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair ag áitreabh an ghnóthais lena mbaineann, lena ndíreofar ar na gnóthais sin a aicmítear mar ghnóthais a bhfuil riosca breise ag baint leo. Chun na críche sin, leathnóidh na Ballstáit an córas rátála rioscaí arna bhunú acu de bhun Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) a chur chun feidhme chun na sáruithe uile a shonraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo a chumhdach.

▼B

2.  

Go dtí an 31 Nollaig 2014, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha ar a laghad gach cúig bliana chun a fhíorú an gcomhlíonann gnóthais na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3.

▼M3 —————

▼B

3.  
Déanfaidh Ballstáit seiceálacha leithleacha a chur i gcrích d’fhonn a fhíorú an gcomhlíonann an gnóthas na coinníollacha maidir le gnóthais a ligean isteach i ngairm an oibreora de bhóthar aon uair a iarrfaidh an Coimisiún air déanamh amhlaidh i gcásanna cuí-réasúnaithe. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi thorthaí na seiceálacha sin agus faoi thorthaí na mbeart a cuireadh i gcrích má shuitear nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an ngnóthas.

Airteagal 13

An nós imeachta maidir le húdaruithe a fhionraí agus a tharraingt siar

1.  

Má shuíonn an t-údarás inniúil go bhfuil an baol ann nach gcomhlíonfaidh gnóthas na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 a thuilleadh, tabharfaidh sé fógra faoi sin don ghnóthas. Má shuíonn an t-údarás inniúil nach bhfuil ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na ceanglais sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, féadfaidh sé ceann de na teorannacha ama seo a leanas a shocrú don ghnóthas chun an staid a chur ina ceart:

(a) 

teorainn ama nach faide ná sé mhí a bhféadfar síneadh trí mhí a chur léis i gcás bhás nó éagumas fisiciúil an bhainisteora iompair, chun duine a earcú in ionad an bhainisteora iompair i gcás nach gcomhlíonfaidh an bainisteoir iompair na coinníollacha maidir le dea-cháil nó le hinniúlacht ghairmiúil a thuilleadh;

(b) 

teorainn ama nach faide ná sé mhí a gcaithfidh an gnóthas a staid a chur ina ceart laistigh di trína thaispeáint go bhfuil bunaíocht éifeachtach chobhsaí aige;

▼M3

(c) 

teorainn ama nach faide ná 6 mhí i gcás nach raibh an ceanglas maidir le seasamh airgeadais comhlíonta, d’fhonn a thaispeáint go gcomhlíonfar an ceanglas sin arís ar bhonn buan.

▼B

2.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar ghnóthas ar fionraíodh nó ar tarraingíodh siar a údarú a áirithiú gur éirigh lena bhainisteoirí iompair sna scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) sula ndéanfar aon bheart athshlánúcháin.
3.  
Má shuíonn an t-údarás inniúil nach gcomhlíonann gnóthas a thuilleadh ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3, fionróidh sé nó tarraingeoidh sé siar an t-údarú chun gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 14

Dearbhú faoi mhí-oiriúnacht an bhainisteoir iompair

1.  
I gcás ina gcaillfidh bainisteoir iompair dea-cháil i gcomhréir le hAirteagal 6, dearbhóidh an t-údarás go bhfuil an bainisteoir iompair de bhóthar mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair an gnóthais a bhainistiú.

▼M3

Ní athshlánóidh an t-údarás inniúil an bainisteoir iompair tráth níos luaithe ná 1 bhliain ón dáta a gcailltear an dea-cháil agus, i gcás ar bith, sula dtaispeánfaidh an bainisteoir iompair gur lean sé nó sí an oiliúint iomchuí ar feadh tréimhse 3 mhí ar a laghad nó sula n-éireoidh leis nó léi i scrúdú ar na hábhair a liostaítear i gcuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

▼M3

2.  
Mura ndéanfar agus go dtí go ndéanfar beart athshlánúcháin i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí náisiúnta agus le mír 1 den Airteagal seo, ní bheidh deimhniú inniúlachta gairmiúla an bhainisteora iompair a dearbhaíodh a bheith mí-oiriúnach, dá dtagraítear in Airteagal 8(8), bailí a thuilleadh i mBallstát ar bith.

▼B

Airteagal 15

Cinntí ó na húdaráis inniúla agus achomhairc

1.  

Cinntí diúltacha a dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear iarratas a dhiúltú, údarú atá ann a fhionraí nó a tharraingt siar nó mí-oiriúnacht bainisteora iompair a dhearbhú, luafaidh siad na cúiseanna ar a mbeidh siad bunaithe.

Cuirfear san áireamh i gcinntí den sórt sin an fhaisnéis a bheidh ar fáil maidir le sáruithe a rinne an gnóthas nó an bainisteoir iompair, ar sáruithe iad a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhea-cháil an ghnóthais, maille le haon fhaisnéis eile a bheidh ar fáil ag an údarás inniúil. Sonrófar iontu na bearta athshlánúcháin is infheidhme i gcás údarú a fhionraí nó mí-oiriúnacht a dhearbhú.

2.  
Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go mbeidh an deis ag na gnóthais lena mbaineann agus ag na daoine lena mbaineann achomharc a dhéanamh i gcoinne na gcinntí dá dtagraítear i mír 1 os comhair, ar a laghad, comhlachta neamhspleách neamhchlaonta amháin nó os comhair cúirte dlí.



CAIBIDIL IV

SIMPLIÚ AGUS COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 16

Cláir leictreonacha náisiúnta

1.  

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus go háirithe Airteagal 11 go hAirteagal 14 agus Airteagal 26 de, coimeádfaidh gach Ballstát clár leictreonach náisiúnta de na gnóthais iompair de bhóthar atá údaraithe ag údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát chun gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Déanfar na sonraí a bheidh sa chlár sin a phróiseáil faoi mhaoirseacht údaráis phoiblí a ainmneofar chun na críche sin. Beidh na sonraí ábhartha a bheidh sa chlár leictreonach náisiúnta inrochtana ag údaráis inniúla uile an Bhallstáit a bheidh i gceist

Faoin 31 Nollaig 2009, glacfaidh an Coimisiún Cinneadh maidir leis na ceanglais íosta do na sonraí a bheidh le cur isteach sa chlár leictreonach náisiúnta ón dáta a gcuirtear ar bun é d’fhonn idirnascadh na gclár a éascú amach anseo. Féadfaidh sé a mholadh go n-áireofaí marcanna clárúcháin feithicle chomh maith leis na sonraí dá dtagraítear i mír 2.

2.  

Beidh na sonraí seo a leanas ar a laghad sna cláir leictreonacha náisiúnta:

(a) 

ainm agus foirm dhlíthiúil an ghnóthais;

(b) 

seoladh a bhunaíochta;

▼M3

(c) 

ainmneacha na mbainisteoirí iompair a ainmneofar chun na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 a bhaineann le dea-cháil agus inniúlacht ghairmiúil a chomhlíonadh nó, de réir mar is iomchuí, ainm ionadaí dlíthiúil;

▼B

(d) 

an cineál údaraithe, líon na bhfeithiclí a chumhdaítear leis agus, i gcás inarb iomchuí, sraithuimhir an cheadúnais Chomhphobail agus na gcóipeanna deimhnithe;

(e) 

líon, catagóir agus cineál na sáruithe tromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(b), ar tháinig ciontuithe nó pionóis astu le linn an dá bhliain dheireanacha;

(f) 

ainmneacha aon duine ar dearbhaíodh é a bheith mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair gnóthais a bhainistiú fad is nach bhfuil dea-cháil an duine sin athbhunaithe de bhun Airteagal 6(3), agus na bearta athshlánúcháin is infheidhme;

▼M3

(g) 

cláruimhreacha na bhfeithiclí atá ar fáil don ghnóthas de bhun phointe (g) d’Airteagal 5(1);

(h) 

an líon daoine a bhí fostaithe sa ghnóthas ar an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin, agus déanfar é a thaifeadadh sa chlár náisiúnta faoin 31 Márta gach bliain;

(i) 

grádú riosca an ghnóthais de bhun Airteagal 9(1) de Threoir 2006/22/CE.

▼M3

Beidh rochtain phoiblí ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (e) go (i) den chéad fhomhír a choimeád i gcláir ar leithligh. I gcásanna den sórt sin, cuirfear ar fáil na sonraí dá dtagraítear i bpointí (e) agus (f) arna n-iarraidh sin nó beidh siad inrochtana go díreach ag údaráis inniúla uile an Bhallstáit a bheidh i gceist. Cuirfear an fhaisnéis a iarrfar ar fáil laistigh de 5 lá oibre ón iarraidh a fháil.

Beidh na sonraí dá dtagraítear i bpointí (g), (h) agus (i) den chéad fhomhír ar fáil do na húdaráis inniúla le linn seiceálacha cois bóthair tráth nach déanaí ná 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme, arna ghlacadh de bhun mhír 6, lena sonraítear na feidhmiúlachtaí lenar féidir na sonraí a sholáthar do na húdaráis inniúla le linn seiceálacha cois bóthair.

Ní bheidh rochtain ag údaráis seachas na húdaráis inniúla ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (e) go (i) den chéad fhomhír ach i gcás ina mbeidh cumhachtaí bronnta go cuí ar na húdaráis sin a bhaineann le maoirseacht agus le forchur pionós in earnáil an iompair de bhóthar agus má tá a gcuid feidhmeannach faoi mhionn rúndachta nó faoi oibleagáid fhoirmiúil rúndachta.

▼B

3.  

Sonraí i ndáil le gnóthas a bhfuil a údarú curtha ar fionraí nó a bhfuil a údarú tarraingthe siar, fanfaidh siad ar an gclár leictreonach náisiúnta ar feadh dhá bhliain ón lá a ndeachaidh an fionraí as feidhm nó ón lá ar tarraingíodh siar an ceadúnas, agus bainfear den chlár iad láithreach ina dhiaidh sin.

Sonraí a bhaineann le duine ar dearbhaíodh é a bheith mí-oiriúnach le haghaidh ghairm an oibreora de bhóthar, fanfaidh siad ar an gclár leictreonach náisiúnta fad nach n-athbhunófar dea-cháil an duine sin de bhun Airteagal 6(3). I gcás ina ndéanfar beart athshlánúcháin den sórt sin nó aon bheart eile a mbeidh éifeacht choibhéiseach aige, bainfear na sonraí den chlár láithreach.

Sonrófar sna sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír na cúiseanna is bun leis na húdaruithe nó leis an dearbhú mí-oiriúnachta a fhionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, agus an ré a fhreagraíonn do gach ceann acu.

▼M3

4.  
Déanfaidh na Ballstáit na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gcoimeádfar na sonraí go léir sa chlár náisiúnta leictreonach cothrom le dáta agus cruinn.

▼B

5.  
Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2, glacfaidh na Ballstáit na bearta go léir is gá chun a áirithiú go mbeidh na cláir leictreonacha náisiúnta idirnasctha agus go mbeidh siad inrochtana ar fud an Chomhphobail tríd na pointí teagmhála náisiúnta a shainítear in Airteagal 18. Déanfar an inrochtaineacht trí phointí teagmhála náisiúnta agus an tidirnascadh a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2012 ar dhóigh go mbeidh údarás inniúil Ballstáit ar bith in ann clár leictreonach náisiúnta de chuid aon Bhallstáit a cheadú.
6.  
Déanfaidh an Coimisiún rialacha comhchoiteanna a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 25(2) agus roimh an 31 Nollaig 2010, den chéad uair, maidir le mír 5 a chur chun feidhme, amhail formáid na sonraí a mhalartófar, na nósanna imeachta teicniúla le haghaidh ceadú leictreonach a dhéanamh ar chláir leictreonacha na mBallstát eile agus chun idir-inoibritheacht na gclár sin le bunachair sonraí ábhartha eile a chur chun cinn. Cinnfear leis na rialacha comhchoiteanna sin cé acu údarás a bheidh freagrach as an rochtain ar shonraí agus as úsáid bhreise a bhaint as sonraí tar éis na rochtana agus as na sonraí a choimeád cothrom le dáta tar éis na rochtana agus, chuige sin, áireofar iontu rialacha maidir le logáil sonraí agus maidir le faireachán a dhéanamh ar shonraí.

▼M3

Faoi cheann 14 mhí tar éis gníomh cur chun feidhme a ghlacadh maidir le foirmle choiteann chun an rátáil riosca dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Treoir 2006/22/CE a ríomh, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena sonraítear na feidhmiúlachtaí lenar féidir na sonraí dá dtagraítear i bpointí (g), (h) agus (i) den chéad fhomhír de mhír 2 a chur ar fáil do na húdaráis inniúla le linn seiceálacha cois bóthair.

Glacfar leis na gníomhartha chur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

▼M3 —————

▼B

Airteagal 17

Cosaint sonraí pearsanta

Ag féachaint do Threoir 95/46/CE a chur i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go háirithe:

(a) 

go gcuirfear gach duine ar an eolas nuair a dhéanfar sonraí ina leith a thaifeadadh nó nuair a bheartófar na sonraí sin a chur ar aghaidh chuig tríú páirtithe. Sonrófar san fhaisnéis a chuirfear ar fáil céannacht an údaráis a bheidh freagrach as próiseáil na sonraí, cineál na sonraí a bheidh á bpróiseáil agus na cúiseanna a bheidh leis an ngníomhaíocht sin;

(b) 

go mbeidh ceart rochtana ag gach duine ar na sonraí a bhaineann leo a bheidh ag an údarás a bheidh freagrach as próiseáil na sonraí. Féadfar an ceart sin a chur i bhfeidhm gan srian, ag eatraimh réasúnta agus gan rómhoill nó gan costas rómhór don iarratasóir;

(c) 

go mbeidh an ceart ag gach duine a mbeidh a shonraí neamhiomlán nó míchruinn ceartú, scriosadh nó blocáil a fháil ar na sonraí sin;

(d) 

go mbeidh an ceart ag gach duine, ar fhorais dhlisteanacha éignithe, cur i gcoinne próiseála ar shonraí a bhaineann leo. I gcás ina gcuirfear ina coinne ar bhonn cirt, ní fhéadfaidh baint a bheith ag an bpróiseáil leis na sonraí sin a thuilleadh.

(e) 

go gcomhlíonfaidh na gnóthais, i gcás inarb infheidhme, na forálacha ábhartha maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

▼M3

Airteagal 18

Comhar riaracháin idir Ballstáit

1.  
Déanfaidh na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta a ainmniú a bheidh freagrach as malartú faisnéise leis na Ballstáit eile i dtaca le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí a bpointí teagmhála náisiúnta a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin 4 Nollaig 2011. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála go léir a chur le chéile agus cuirfidh sé an liosta sin ar aghaidh chuig na Ballstáit.
2.  
Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát i ndlúthchomhar le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach agus aon fhaisnéis ábhartha eile dá chéile gan mhoill chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a éascú.
3.  
Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a mhalartú faoi chiontuithe agus pionóis maidir le sáruithe tromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 6(2). Ballstát a gheobhaidh fógra faoi shárú tromchúiseach dá dtagraítear in Airteagal 6(2) ar tháinig ciontú nó pionós i mBallstát eile dá thoradh le linn an 2 bhliain roimhe sin, déanfaidh sé an sárú sin a thaifeadadh ina chlár náisiúnta leictreonach.
4.  
Freagróidh na Ballstáit na hiarrataí ar fhaisnéis ó údaráis inniúla uile Bhallstáit eile agus déanfaidh siad seiceálacha, cigireachtaí agus imscrúduithe a bhaineann le comhlíonadh an cheanglais a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) ag oibreoirí iompair de bhóthar atá bunaithe ina gcríoch. Féadfar a áireamh sna hiarrataí sin ar fhaisnéis rochtain ar dhoiciméid a cheanglaítear chun a chruthú gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5. Aon iarrataí ar fhaisnéis a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát, beidh údar cuí leo agus beidh siad réasúnaithe. Chun na críche sin, áireofar le hiarrataí léirithe inchreidte ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar phointe (a) d’Airteagal 3(1), cuirfear cuspóir na hiarrata in iúl, agus léireofar le mionsonraí leordhóthanacha an fhaisnéis agus na doiciméid atá á n-iarraidh acu.
5.  
Tíolacfaidh na Ballstáit an fhaisnéis arna hiarraidh ag Ballstáit eile de bhun mhír 4 laistigh de 30 lá oibre tar éis dóibh an iarraidh a fháil. Féadfar teorainn ama níos giorra a chomhaontú go frithpháirteach idir na Ballstáit.
6.  
I gcás ina measfaidh an Ballstát iarrtha nach bhfuil an iarraidh réasúnaithe go leor, cuirfidh sé an Ballstát iarrthach ar an eolas dá réir laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil. Tabharfaidh an Ballstát iarrthach bunús breise leis an iarraidh. I gcás nach féidir leis an mBallstát iarrthach bunús breise a thabhairt leis an iarraidh, féadfaidh an Ballstát iarrtha an iarraidh sin a dhiúltú.
7.  
I gcás inar deacair iarraidh ar fhaisnéis a chomhlíonadh nó seiceálacha, cigireachtaí nó imscrúduithe a dhéanamh, cuirfidh an Ballstát iarrtha an Ballstát iarrthach ar an eolas dá réir laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil, agus tabharfaidh sé cúiseanna ina thaobh. Beidh plé ag na Ballstáit lena mbaineann d’fhonn réiteach a fháil maidir le haon deacracht a thagann chun cinn. I gcás ina mbeidh moill leanúnach ann agus faisnéis á cur ar fáil don Bhallstát iarrthach, cuirfear an Coimisiún ar an eolas agus déanfaidh sé na bearta iomchuí.
8.  
Déanfar an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 3 tríd an gcóras malartaithe teachtaireachtaí, eadhon an Clár Eorpach de Ghnóthais Iompair de Bhóthar (ERRU) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1213/2010 ón gCoimsiúin ( 3 ). Déanfar an comhar riaracháin agus an cúnamh frithpháirteach idir údaráis inniúla na mBallstát dá bhforáiltear i míreanna 4 go 7 a chur chun feidhme trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ). Chun na críche sin, féadfaidh gach Ballstát an pointe teagmhála dá dtagraítear i mír 1 a ainmniú mar an t-údarás inniúil agus cuirfidh siad sin in iúl don Choimisiún trí IMI.
9.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear an fhaisnéis a chuirfear ar fáil dóibh de bhun an Airteagail seo ach maidir leis an ábhar/na hábhair ar iarradh í ina leith. Aon phróiseáil a dhéanfar ar shonraí pearsanta, is chun críoch choinníollacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh amháin a dhéanfar í agus beidh an phróiseáil sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ).
10.  
Cuirfear comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach ar fáil saor in aisce.
11.  
Ní chuirfidh iarraidh ar fhaisnéis bac ar na húdaráis inniúla beartais a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha agus le dlí ábhartha an Aontais chun sáruithe líomhainte ar an Rialachán seo a imscrúdú agus a chosc.

▼B



CAIBIDIL V

AITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH A THABHAIRT DO DHEIMHNITHE AGUS DO DHOICIMÉID EILE

Airteagal 19

Deimhnithe dea-cháile agus doiciméid choibhéiseacha

1.  
Gan dochar d’Airteagal 11(4), glacfaidh an Ballstát bunaíochta gur cruthúnas leordhóthanach ar dhea-cháil maidir le ligean isteach i ngairm an oibreora iompair de bhóthar é go dtabharfar ar aird sliocht as taifead dlíthiúil nó, mura féidir sin, doiciméad coibhéiseach arna eisiúint ag údarás inniúil dlíthiúil nó riaracháin sa Bhallstát ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile.
2.  
I gcás ina bhforchuirfidh Ballstát ar a náisiúnaigh féin coinníollacha áirithe maidir le dea-cháil a chomhlíonadh, agus nach féidir cruthúnas go gcomhlíontar na coinníollacha sin a chur ar fáil trí bhíthin an doiciméid dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Ballstát sin gur cruthúnas leordhóthanach do náisiúnaigh de chuid Ballstát eile é deimhniú a eiseoidh údarás inniúil dlíthiúil nó riaracháin sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile agus ina luafar go bhfuil na coinníollacha seo comhlíonta. Bainfidh an deimhniú sin leis an bhfaisnéis shonrach a chuirfear san áireamh sa Bhallstát bunaíochta.
3.  
Mura n-eiseoidh an Ballstát nó na Ballstáit ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 nó an dearbhú dá dtagraítear i mír 2, féadfar dearbhú faoi mhionn nó dearbhú sollúnta a chur in ionad an doiciméid nó an dearbhaithe sin, ar dearbhú é a dhéanfaidh an bainisteoir iompair nó aon duine ábhartha eile os comhair údaráis inniúil bhreithiúnaigh nó údaráis inniúil riaracháin nó, i gcás inarb iomchuí, os comhair nótaire sa Bhallstát ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile. Déanfaidh an t-údarás sin nó an nótaire sin deimhniú a eisiúint lena ndéanfar fíordheimhniú ar an dearbhú faoi mhionn nó ar an dearbhú sollúnta.
4.  
Ní ghlacfar le doiciméad dá dtagraítear i mír 1 ná le deimhniú dá dtagraítear i mír 2 má thugtar ar aird iad tráth is déanaí ná trí mhí ón dáta a n-eiseofar iad. Beidh feidhm ag an gcoinníoll sin freisin maidir le dearbhú a dhéanfar i gcomhréir le mír 3.

Airteagal 20

Deimhnithe a bhaineann le seasamh airgeadais

I gcás ina ndéanfaidh Ballstát coinníollacha áirithe maidir le seasamh airgeadais a fhorchur ar a náisiúnaigh de bhreis ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7, glacfaidh an Ballstát sin le deimhniú a eiseoidh údarás inniúil riaracháin sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile, ina luafar gur comhlíonadh na coinníollacha sin, mar chruthúnas leordhóthanach i gcás náisiúnach na mBallstát eile. Bainfidh an deimhniú sin leis an bhfaisnéis shonrach a chuirfear san áireamh sa Bhallstát bunaíochta nua.

Airteagal 21

Deimhnithe inniúlachta gairmiúla

1.  
Déanfaidh na Ballstáit aitheantas mar chruthúnas leordhóthanach ar inniúlacht ghairmiúil a thabhairt do dheimhniú lena gcomhlíontar múnla an deimhnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus arna eisiúint ag an údarás nó ag an gcomhlacht atá cuí-údaraithe chun na críche sin.
2.  
Deimhniú arna eisiúint roimh an 4 Nollaig 2011 mar chruthúnas ar inniúlacht ghairmiúil de bhun na bhforálacha a bhí i bhfeidhm go dtí an dáta sin, measfar é a bheith coibhéiseach le deimhniú lena gcomhlíontar an múnla a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus aithneofar é mar chruthúnas ar inniúlacht ghairmiúil sna Ballstáit go léir. Daoine a bhfuil deimhniú inniúlachta gairmiúla acu nach bhfuil bailí ach le haghaidh an iompair náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbeidh orthu pas a fháil sna scrúduithe, nó i gcodanna de na scrúduithe, dá dtagraítear in Airteagal 8(1).



CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 22

Pionóis

1.  
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin 4 Nollaig 2011, ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra faoi don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm gan idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntacht ná áit bhunaíochta an ghnóthais.
2.  
Áireofar go háirithe sna pionóis dá dtagraítear i mír 1 fionraí an údaraithe chun gabháil do ghairm an oibreora de bhóthar, tarraingt siar an údaraithe sin agus dearbhú mí-oiriúnachta an bhainisteora iompair.

Airteagal 23

Forálacha idirthréimhseacha

Déanfaidh gnóthais a bhfuil údarú acu roimh an 4 Nollaig 2009 chun gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh faoin 4 Nollaig 2011.

▼M3

De mhaolú ar Airteagal 1(2), go dtí an 21 Bealtaine 2022, aon ghnóthas tarlaithe de bhóthar atá rannpháirteach in oibríochtaí iompair idirnáisiúnta amháin trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó a mais ualaithe incheadaithe ná 3,5 tonna, agus beidh na gnóthais sin díolmhaithe ó fhorálacha an Rialacháin seo mura bhforáiltear a mhalairt i ndlí an Bhallstáit bhunaíochta.

De mhaolú ar Airteagal 16(2), beidh feidhm ag an gceanglas chun grádú riosca na ngnóthas a áireamh sna cláir náisiúnta leictreonacha ó 14 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme maidir le foirmle choiteann chun an rátáil riosca dá dtagraítear dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir 2006/22/CE a ríomh.

▼M3 —————

▼M3

Airteagal 24a

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 20 Lúnasa 2020.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(9) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr ( 6 ).
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar faoi Airteagal 8(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼B

Airteagal 25

An nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh an Coiste a cuireadh ar bun le hAirteagal 18(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar ( 7 ) cúnamh don Choimisiún.

▼M3

2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ).
3.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

▼B

Airteagal 26

▼M3

Tuairisciú agus athbhreithniú

▼B

1.  

Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil a tharraingt suas gach dhá bhliain agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig an gCoimisiún í. Is éard a bheidh sa tuarascáil sin:

(a) 

forbhreathnú ar an earnáil i dtaca le dea-cháil, le seasamh airgeadais agus le hinniúlacht ghairmiúil;

▼M3

(b) 

líon na n-údaruithe a deonaíodh faoin Rialachán seo, de réir bliana agus de réir cineáil, líon na n-údaruithe a fionraíodh, líon na n-údaruithe a tarraingíodh siar, líon na ndearbhuithe mí-oiriúnachta mar aon leis na cúiseanna a bhí leis na cinntí sin. Áireofar i dtuarascálacha a bhaineann leis an tréimhse tar éis an 21 Bealtaine 2022 miondealú ar na gnéithe sin de réir:

(i) 

oibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar;

(ii) 

oibreoirí tarlaithe de bhóthar a úsáideann go heisiach mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó a mais ualaithe incheadaithe ná 3,5 tonna; agus

(iii) 

gach oibreoir tarlaithe de bhóthar eile;

▼B

(c) 

líon na ndeimhnithe inniúlachta gairmiúla a eisíodh gach bliain;

(d) 

príomhstaidreamh maidir leis na cláir leictreonacha náisiúnta agus an úsáid a bhaineann na húdaráis inniúla astu; agus

(e) 

forbhreathnú ar mhalartuithe faisnéise leis na Ballstáit eile, ina mbeidh go háirithe líon bliantúil na sáruithe a suíodh agus ar tugadh fógra ina leith do Bhallstáit eile agus na freagraí a fuarthas de bhun Airteagal 18(2), chomh maith le líon bliantúil na n-iarrataí agus na bhfreagraí a fuarthas de bhun Airteagal 18(3).

2.  
Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cleachtadh ghairm an oibreora iompair de bhóthar a chur isteach gach dhá bhliain chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Beidh sa tuarascáil sin go háirithe measúnú ar oibriú an mhalartaithe faisnéise idir Ballstáit agus athbhreithniú ar fheidhmiú na gclár náisiúnta leictreonach agus ar na sonraí atá iontu. Foilseofar an tuarascáil sin an tráth céanna leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialaí áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar ( 9 ).

▼M3

3.  
Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach dara bliain maidir leis na hiarrataí atá déanta acu faoi Airteagal 18(4) go (9), na freagraí a fuair siad ó Bhallstáit eile agus na gníomhaíochtaí atá déanta acu ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh.
4.  
Faoin 21 Lúnasa 2023, ar bhonn na faisnéise arna bailiú ag an gCoimisiún faoi mhír 3 agus ar bhonn tuilleadh fianaise, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mhionsonraithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar mhéid an chomhair riaracháin idir na Ballstáit, ar aon easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis sin agus ar bhealaí a d’fhéadfaí an comhar a fheabhsú. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh sé measúnú arís an gá bearta breise a mholadh.
5.  
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo faoin 21 Lúnasa 2023 agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
6.  
Mar thoradh ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht rialta ar an Treoir seo agus cuirfidh sé na torthaí meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
7.  
I gcás inarb iomchuí, beidh tograí ábhartha ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6.

▼B

Airteagal 27

Liosta na n-údarás inniúil

Cuirfidh gach Ballstát ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin 4 Nollaig 2011 liosta na n-údarás inniúil a bheidh ainmnithe aige chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh a údarú, mar aon le liosta de na húdaráis údaraithe nó de na comhlachtaí údaraithe a bheidh freagrach as na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a eagrú agus as na deimhnithe a eisiúint. Déanfaidh an Coimisiún liosta comhdhlúite de na húdaráis nó de na comhlachtaí sin ar fud an Chomhphobail a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 28

Bearta náisiúnta a chur in iúl

Déanfaidh na Ballstáit téacs na ndlíthe, na rialachán, agus na bhforálacha riaracháin arna nglacadh acu sa réimse atá faoi rialú ag an Rialachán seo a chur in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an lae a nglacfar iad, agus den chéad uair faoin 4 Nollaig 2011.

Airteagal 29

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Treoir 96/26/CE.

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige le héifeacht ón 4 Nollaig 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

I.   LIOSTA DE NA hÁBHAIR DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8

Ní mór ar a laghad na hábhair a liostaítear thíos maidir le tarlú de bhóthar agus maidir le hiompar paisinéirí de bhóthar faoi seach a bheith cumhdaithe san eolas a chuirfear san áireamh chun go dtabharfadh Ballstáit aitheantas oifigiúil d’inniúlacht ghairmiúil. I ndáil leis na hábhair sin, caithfidh an leibhéal eolais agus an cumas praiticiúil is gá chun bainistiú a dhéanamh ar ghnóthas iompair a bheith ag iarratasóirí ar phoist mar oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus ag iarratasóirí ar phoist mar oibreoirí iompair phaisinéirí de bhóthar.

Ní fhéadfaidh an leibhéal íosta eolais, faoi mar a shonraítear thíos é, a bheith níos lú ná leibhéal 3 de struchtúr na leibhéal oiliúna a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 85/368/CEE ón gComhairle ( 10 ), eadhon an leibhéal a bhaintear amach le linn oideachais éigeantaigh a fhorlíontar le hoiliúint ghairmiúil agus le hoiliúint theicniúil bhreise, nó le hoiliúint theicniúil mheánscoile nó le hoiliúint theicniúil eile.

A.   An dlí sibhialta

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1. 

cur amach a bheith aige ar na príomhchineálacha conarthaí a úsáidtear san iompar de bhóthar agus ar na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn astu;

2. 

a bheith in ann conradh iompair a bheidh bailí ó thaobh an dlí de a chaibidil, go háirithe ó thaobh coinníollacha iompair de;

i dtaca le tarlú de bhóthar:

3. 

a bheith in ann éileamh óna phríomhaí a mheas maidir le cúiteamh as caillteanas earraí nó as damáiste d’earraí le linn a n-iompair nó as seachadadh déanach, agus tuiscint a bheith aige ar an difear a dhéanfadh éileamh den sórt sin dá dhliteanas conarthach;

4. 

cur amach a bheith aige ar na rialacha agus ar na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún CMR ar an gConradh le haghaidh Iompair Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar;

i dtaca le hiompar paisinéirí de bhóthar:

5. 

a bheith in ann éileamh óna phríomhaí a mheas maidir le damáiste do phaisinéirí nó dá mbagáiste le linn timpiste i rith an iompair nó maidir le cúiteamh as moilleanna, agus tuiscint a bheith aige ar an difear a dhéanfadh éileamh den sórt sin dá dhliteanas conarthach.

B.   An dlí tráchtála

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1. 

cur amach a bheith aige ar na coinníollacha agus ar na foirmiúlachtaí a leagtar síos maidir le cleachtadh na gairme, ar na hoibleagáidí ginearálta atá ar thrádálaithe (clárú, cuntais a choimeád, etc.) agus ar iarmhairtí na féimheachta;

2. 

eolas iomchuí a bheith aige ar na cineálacha éagsúla cuideachtaí tráchtála agus ar na rialacha lena rialaítear a mbunú agus a n-oibriú.

C.   An dlí sóisialta

Caithfidh an t-iarratasóir, go háirithe, i dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, cur amach a bheith aige ar na nithe seo a leanas:

1. 

ról agus feidhm na n-institiúidí sóisialta éagsúla a bhfuil baint acu le hearnáil an iompair de bhóthar (ceardchumainn, comhairlí oibreacha, maoir cheardchumann, cigirí saothair, etc.);

2. 

na hoibleagáidí a bhíonn ar fhostóirí maidir le slándáil shóisialta;

3. 

na rialacha lena rialaítear conarthaí oibre do na catagóirí éagsúla oibrithe a fhostaíonn gnóthais iompair de bhóthar (foirm na gconarthaí, oibleagáidí na bpáirtithe, coinníollacha oibre agus uaireanta oibre, saoire le pá, luach saothair, sárú conartha, etc.);

4. 

na rialacha is infheidhme maidir le hamanna tiomána, le tréimhsí sosa agus le hamanna oibre, go háirithe forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85, Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ) agus Treoir 2006/22/CE, agus na socruithe praiticiúla chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm; agus

5. 

na rialacha is infheidhme maidir le buncháilíochtaí agus le hoiliúint leanúnach na dtiománaithe, go háirithe na rialacha a thig ó Threoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ).

D.   An dlí fioscach

Caithfidh an t-iarratasóir, go háirithe, i dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, cur amach a bheith aige ar na rialacha lena rialaítear na nithe seo a leanas:

1. 

an cháin bhreisluacha (CBL) ar sheirbhísí iompair;

2. 

an cháin ar mhótarfheithiclí;

3. 

na cánacha ar fheithiclí áirithe tarlaithe de bhóthar mar aon leis na dolaí agus na muirir le haghaidh lucht úsáidte bonneagair;

4. 

an cháin ioncaim.

E.   Bainistiú gnó agus airgeadais an ghnóthais

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1. 

cur amach a bheith aige ar na dlíthe agus ar na cleachtais a bhaineann le húsáid seiceanna, billí malairte, nótaí gealltanais, cártaí creidmheasa agus bealaí nó modhanna eile íocaíochta;

2. 

cur amach a bheith aige ar na foirmeacha éagsúla creidmheasa (creidmheas bainc, creidmheas doiciméadach, taiscí ráthaíochta, morgáistí, léasú, tógáil ar cíos, fachtóireacht, etc.) agus ar na muirir agus ar na hoibleagáidí a eascraíonn astu;

3. 

fios a bheith aige cad is clár comhardaithe ann, conas a leagtar amach é agus conas é a léiriú;

4. 

a bheith in ann cuntas sochair agus dochair a léamh agus a léiriú;

5. 

a bheith in ann brabúsacht agus staid airgeadais an ghnóthais a mheas, go háirithe ar bhonn cóimheas airgeadais;

6. 

a bheith in ann buiséad a ullmhú;

7. 

cur amach a bheith aige ar ghnéithe costais an ghnóthais (costais sheasta, costais athraitheacha, caipiteal oibre, dímheas, etc.), agus a bheith in ann na costais a ríomh in aghaidh na feithicle, in aghaidh an chiliméadair nó in aghaidh an tonna;

8. 

a bheith in ann cairt eagraíochta a tharraingt suas d’fhoireann an ghnóthais ina hiomláine agus pleananna oibre etc. a eagrú;

9. 

cur amach a bheith aige ar phrionsabail na margaíochta, na poiblíochta agus an chaidrimh phoiblí lena n-áirítear seirbhísí iompair, tionscnamh díolacháin agus comhaid chustaiméirí a ullmhú, etc.;

10. 

cur amach a bheith aige ar na cineálacha éagsúla árachais a bhaineann le hiompar de bhóthar (árachas dliteanais, árachas um ghortú tionóisceach/árachas saoil, árachas neamhshaoil agus árachas bagáiste) mar aon leis na ráthaíochtaí agus na hoibleagáidí a eascraíonn astu;

11. 

cur amach a bheith aige ar an gcaoi a mbaintear feidhm as tarchur leictreonach sonraí i réimse an iompair de bhóthar;

i dtaca le tarlú de bhóthar:

12. 

a bheith in ann na rialacha lena rialaítear sonrascadh seirbhísí tarlaithe de bhóthar a chur i bhfeidhm agus an bhrí agus na himpleachtaí atá ag Incoterms a bheith ar eolas aige;

13. 

cur amach a bheith aige ar na catagóirí éagsúla cúntóirí iompair, a ról, a bhfeidhmeanna agus, i gcás inarb iomchuí, a stádas;

i dtaca le hiompar paisinéirí de bhóthar:

14. 

a bheith in ann na rialacha lena rialaítear táillí agus praghsanna i dtaca le hiompar poiblí agus le hiompar príobháideach paisinéirí a chur i bhfeidhm;

15. 

a bheith in ann na rialacha lena rialaítear sonrascadh seirbhísí iompair phaisinéirí de bhóthar a chur i bhfeidhm.

F.   Rochtain ar an margadh

Caithfidh an t-iarratasóir, go háirithe, i dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, cur amach a bheith aige ar na nithe seo a leanas:

1. 

na rialacháin ghairme lena rialaítear iompar de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht, nó cíos agus fochonraitheoireacht feithiclí tionsclaíocha, agus go háirithe na rialacha lena rialaítear eagrú oifigiúil na gairme, ligean isteach sa ghairm, údaruithe le haghaidh oibríochtaí iompair de bhóthar laistigh den Chomhphobal agus lasmuigh de, cigireachtaí agus pionóis;

2. 

na rialacha a bhaineann le gnóthas iompair de bhóthar a chur ar bun;

3. 

na doiciméid éagsúla is gá chun seirbhísí iompair de bhóthar a oibriú, agus na nósanna imeachta seiceála a thabhairt isteach chun a áirithiú go ndéanfar na doiciméid fhormheasta a bhaineann le gach oibríocht iompair, go háirithe na doiciméid a bhaineann leis an bhfeithicil, leis an tiománaí, leis na hearraí nó leis an mbagáiste, a choimeád san fheithicil agus in áitreabh an ghnóthais;

i dtaca le tarlú de bhóthar:

4. 

na rialacha a bhaineann le heagrú an mhargaidh i seirbhísí iompair earraí, chomh maith leis na rialacha a bhaineann le láimhseáil lasta agus le lóistíocht;

5. 

na foirmiúlachtaí ag teorainneacha, ról agus raon feidhme dhoiciméid T agus carnets TIR agus maidir leis na hoibleagáidí agus na freagrachtaí a eascraíonn as a n-úsáid;

i dtaca le hiompar paisinéirí de bhóthar:

6. 

na rialacha maidir le heagrú an mhargaidh in iompar paisinéirí de bhóthar;

7. 

na rialacha chun seirbhísí iompair a thionscnamh agus pleananna iompair a tharraingt suas.

G.   Caighdeáin theicniúla agus gnéithe teicniúla oibriúcháin

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1. 

cur amach a bheith aige ar na rialacha a bhaineann le meáchain agus le toisí feithiclí sna Ballstáit agus ar na nósanna imeachta atá le leanúint i gcás ualaí neamhghnácha ar eisceacht iad ó na rialacha sin;

2. 

a bheith in ann feithiclí agus a gcomhpháirteanna (fonnadh, inneall, córas tarchurtha, córas coscánaithe, etc.) a roghnú i gcomhréir le riachtanais an ghnóthais;

3. 

cur amach a bheith aige ar na nósanna imeachta a bhaineann le cineálcheadú, le clárú agus le hiniúchadh teicniúil na bhfeithiclí sin;

4. 

tuiscint a bheith aige ar na bearta a chaithfear a dhéanamh d’fhonn torann a laghdú agus truailliú aeir trí astaíochtaí sceite mótarfheithiclí a chomhrac;

5. 

a bheith in ann pleananna tréimhsiúla cothabhála a tharraingt suas d’fheithiclí agus dá dtrealamh;

i dtaca le tarlú de bhóthar:

6. 

cur amach a bheith aige ar na cineálacha éagsúla gaireas maidir le láimhseáil agus lódáil lasta (cúlchláir, coimeádáin, pailléid, etc.) agus a bheith in ann nósanna imeachta a thabhairt isteach agus treoracha a eisiúint maidir le hearraí a luchtú agus a dhíluchtú (dáileadh lasta, cruachadh, stuáil, blocáil, daingniú, etc.);

7. 

cur amach a bheith aige ar theicníochtaí éagsúla an “mhuiniompair” agus an iompair chomhcheangailte rolladh ann - rolladh as;

8. 

a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha agus le hiompar dramhaíola a chomhlíonadh, go háirithe na rialacha a thig ó Threoir 2008/68/CE ( 13 ) agus ó Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ( 14 );

9. 

a bheith in ann na nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar earraí meatacha a chomhlíonadh, go háirithe na rialacha a eascraíonn as an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Bia Meatacha agus maidir leis an Trealamh Speisialta atá le húsáid i ndáil leis an Iompar sin (ATP);

10. 

a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar ainmhithe beo a chomhlíonadh.

H.   Sábháilteacht ar bhóithre

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1. 

fios a bheith aige cad iad na cáilíochtaí a cheanglaítear a bheith ag tiománaithe (ceadúnas tiomána, deimhnithe dochtúra, deimhnithe infheidhmeachta, etc.);

2. 

a bheith in ann na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh tiománaithe na rialacha tráchta, na toirmisc nó na srianta atá i bhfeidhm i mBallstáit éagsúla (luasteorainneacha, tosaíochtaí, srianta feithimh agus páirceála, úsáid soilse, comharthaí bóthair, etc.);

3. 

a bheith in ann treoracha do thiománaithe a tharraingt suas chun comhlíonadh na gceanglas sábháilteachta ag tiománaithe a sheiceáil i dtaca le staid na bhfeithiclí, a dtrealaimh agus a lasta, agus i dtaca leis na bearta coisctheacha a bheidh le glacadh;

4. 

a bheith in ann na coinníollacha a leagan síos a bheidh le leanúint i gcás timpiste agus nósanna imeachta iomchuí a chur chun feidhme chun atarlú timpistí nó cionta tromchúiseacha tráchta a sheachaint;

5. 

a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun earraí a dhaingniú i gceart agus a bheith ar an eolas maidir leis na teicníochtaí comhfhreagracha;

i dtaca le hiompar paisinéirí de bhóthar:

6. 

buneolas a bheith aige ar leagan amach ghréasán bóithre na mBallstát.

II.   EAGRÚ AN SCRÚDAITHE

1. 

Eagróidh na Ballstáit scrúdú scríofa éigeantach a fhéadfaidh siad a fhorlíonadh le scrúdú roghnach béil chun a chinntiú go bhfuil an leibhéal eolais is gá ag na hiarratasóirí ar phoist mar oibreoirí tarlaithe sna hábhair a liostaítear i gCuid I agus go háirithe a gcumas na hionstraimí agus na teicníochtaí a ghabhann leis na hábhair sin a úsáid agus na dualgais fheidhmiúcháin agus chomhordaitheacha a chomhfhreagraíonn dóibh a chomhlíonadh.

(a) 

Beidh dhá thástáil i gceist leis an scrúdú scríofa, eadhon:

(i) 

ceisteanna scríofa ar ceisteanna ilroghnacha iad (ceithre fhreagra a d’fhéadfadh a bheith ar gach ceist), ceisteanna a éilíonn freagraí díreacha, nó meascán den dá chóras;

(ii) 

cleachtaí scríofa/cás-staidéir.

Dhá uair an chloig ar a laghad a mhairfidh gach tástáil.

(b) 

I gcás ina n-eagrófar scrúdú béil, féadfaidh na Ballstáit a ordú go mbeidh rannpháirtíocht ann ag brath ar cibé a éiríonn leis na hiarratasóirí sa scrúdú scríofa.

2. 

I gcás ina n-eagróidh na Ballstáit scrúdú béil freisin, caithfidh siad, maidir le gach ceann de na trí thástáil, foráil a dhéanamh d’ualú marcanna, ar 25 % ar a laghad de líon iomlán na marcanna a thabharfar a bheidh ann agus 40 % ar a mhéid.

I gcás nach n-eagróidh Ballstáit ach scrúdú scríofa, caithfidh siad, maidir le gach ceann de na tástálacha, foráil a dhéanamh d’ualú marcanna, ar 40 % ar a laghad de líon iomlán na marcanna a thabharfar a bheidh ann agus 60 % ar a mhéid.

3. 

Maidir leis na tástálacha go léir, ní mór d’iarratasóirí 60 % ar a laghad a ghnóthú mar mheán de líon iomlán na marcanna a bheidh le bronnadh, ach gan níos lú ná 50 % de líon iomlán na marcanna a d’fhéadfaí a bhaint amach a ghnóthú in aon tástáil faoi leith. Féadfaidh Ballstát an marc sin a ísliú ó 50 % go dtí 40 % in aon tástáil amháin.




IARSCRÍBHINN II

Gnéithe slándála an deimhnithe inniúlachta gairmiúla

Ní mór don deimhniú ar a laghad dhá ghné de na gnéithe slándála seo a leanas a bheith aige:

— 
holagram;
— 
snáithíní speisialta sa phaipéar a thagann chun sofheictheachta faoi sholas ultravialait,
— 
líne mhicreaphrionta amháin ar a laghad (nach mbeidh a chló sofheicthe ach le gloine formhéadúcháin agus nach bhféadfar a atáirgeadh le meaisíní fótachóipeála),
— 
carachtair, siombailí nó patrúin atá tadhlach,
— 
uimhriú dúbailte: sraithuimhir agus uimhir eisiúna,
— 
cúlra deartha slándála a bhfuil patrúin mhíne guilloche air agus priontáil bogha ceatha.




IARSCRÍBHINN III

Múnla an deimhnithe inniúlachta gairmiúla

AN COMHPHOBAL EORPACH

▼M1

Colour Pantone stout fawn 467, or as close as possible to this colour, format DIN A4 cellulose paper 100 g/m2 or more

▼B

(An téacs i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil an deimhniú á eisiúint aige)



Comhartha sainiúil an Bhallstáit a éisíonn an deimhniú (1)

Ainm an údaráis údaraithe nó an chomhlachta údaraithe (2)

(1)   

►M2  The distinguishing signs of the Member States are: (B) Belgium, (BG) Bulgaria, (CZ) Czech Republic, (DK) Denmark, (D) Germany, (EST) Estonia, (IRL) Ireland, (GR) Greece, (E) Spain, (F) France, (HR) Croatia, (I) Italy, (CY) Cyprus, (LV) Latvia, (LT) Lithuania, (L) Luxembourg, (H) Hungary, (M) Malta, (NL) Netherlands, (A) Austria, (PL) Poland, (P) Portugal, (RO) Romania, (SLO) Slovenia, (SK) Slovakia, (FIN) Finland, (S) Sweden, (UK) United Kingdom. ◄

(2)   

An t-údarás nó an comhlacht a ainmníodh roimh ré chun na críche seo ag gach Ballstát den Chomhphobal Eorpach, chun an deimhniú seo a eisiúint.

DEIMHNIÚ INNIÚLACHTA GAIRMIÚLA DO THARLÚ DE BHÓTHAR D’IOMPAR PAISINÉIRÍ ( 15 )

Uimh. …

Déanaimidne …

a dheimhniú leis seo maidir le ( 16 ) …

a rugadh an …, i/in/sa/san

gur éirigh leis/léi sna tástálacha le haghaidh an scrúdaithe (bliain: …; seisiún: …) ( 17 ) is gá d’fhonn deimhniú inniúlachta gairmiúla a fháil do tharlú de bhóthar/d’iompar paisinéirí (15)  i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh ( 18 ).

Is leor an deimhniú seo mar chruthúnas ar an inniúlacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uim. 1071/2009.

Arna eisiúint i/in/sa …, an … ( 19 )




IARSCRÍBHINN IV

▼M3

Sáruithe is tromchúisí chun críoch airteagal 6(2)

▼B

1. 
(a) 

Dul 25 % nó níos mó thar na huasteorainneacha ama tiomána do thréimhsí sé lá nó coicíse.

▼M3

(b) 

dul 50 % nó níos mó thar an uasteorainn tiomána laethúil le linn tréimhse laethúla oibre.

2. 

Gan tacagraf agus/nó sriantóir luais a bheith feistithe nó gaireas calaoiseach lena ndéantar taifid an trealaimh taifeadta agus/nó an tsriantóra luais a mhodhnú a bheith san fheithicil agus/nó úsáid a bhaint as, nó bileoga taifeadta nó sonraí a íoslódáiltear ón tacagraf agus/nó an cárta tiomána a fhalsú.

▼B

3. 

Tiomáint gan deimhniú bailí ródacmhainneachta má cheanglaítear a leithéid de dhoiciméad faoi dhlí an Chomhphobail agus/nó, ag tiomáint, inter alia, le córas coscánaithe, nó nascáil stiúrtha, rothaí/bonn, crochadh nó fonnadh atá an-easnamhach agus a chruthódh a oiread sin de bhaol láithreach do shábháilteacht ar bhóithre go gcinnfear bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh.

4. 

Earraí contúirteacha a iompar a bhfuil toirmeasc ar a n-iompar nó iompar earraí den sórt sin i ngabhdán a bhfuil toirmeasc air nó nach bhfuil formheasta nó iad a iompar gan taispeáint ar an bhfeithicil gur earraí contúirteacha iad, sa treo gur a oiread sin de chúis contúirte a bheadh iontu don bheatha nó don chomhshaol go gcinnfear bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh.

5. 

Paisinéirí nó earraí a iompar gan ceadúnas tiomána bailí nó iompar ag gnóthas nach sealbhóir ceadúnais bhailí Chomhphobail é.

6. 

Úsáid a bhaint ag tiománaí as cárta falsaithe tiománaí, nó as cárta nárbh eisean a shealbhóir, nó a fuarthas ar bhonn dearbhuithe bréagacha agus/nó ar bhonn doiciméad brionnaithe.

7. 

Earraí a iompar lena sáraítear an t–uasmhais ualaithe ceadaithe de bhreis is 20 % nó níos mó ná 20 % i gcás feithiclí ar mó ná 12 thonna é a n-uasmheáchan ualaithe ceadaithe, agus de bhreis is 25 % nó níos mó ná 25 % i gcás feithiclí nach mó ná 12 thonna a n-uasmheáchan ualaithe ceadaithe.



( 1 ) IO L 222, 14.8.1978, lch. 11.

( 2 ) Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 agus Treoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar, agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).

( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 1213/2010 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2010 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le hidirnascadh na gclár náisiúnta leictreonach ar ghnóthais iompair de bhóthar (IO L 335, 18.12.2010, lch. 21).

( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).

( 5 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

( 6 ) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

( 7 ) IO L 370, 31.12.1985, lch. 8.

( 8 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí lenar féidir le Ballstáit feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a rialú (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

( 9 ) IO L 102, 11.4.2006, lch. 1.

( 10 ) . Cinneadh 85/368/CEE ón gComhairle an 16 Iúil 1985 maidir le hinchorparáideacht cáilíochtaí gairmoiliúna idir Ballstáit an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 199, 31.7.1985, lch. 56).

( 11 ) . Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú amanna oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

( 12 ) . Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint leanúnach tiománaithe feithiclí áirithe bóthair d’iompar earraí nó paisinéirí (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).

( 13 ) Treoir 2008/68/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

( 14 ) Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).

( 15 ) Scrios de réir mar is iomchuí.

( 16 ) Sloinne agus túsainm; áit bhreithe agus dáta breithe.

( 17 ) Aitheantas an scrúdaithe.

( 18 ) IO L 300, 14.11.2009, lch 51.

( 19 ) Stampa agus síniú an údaráis údaraithe nó an chomhlachta údaraithe a bhfuil an deimhniú á eisiúint aige.

Top