INT/939
Plean comhordaithe
maidir leis an intleacht shaorga
TUAIRIM
An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Fostering a European approach to Artificial Intelligence [Cur chuige Eorpach a chothú maidir leis an intleacht shaorga]
[COM(2021) 205 final]
Rapóirtéir: Marie-Françoise GONDARD-ARGENTI
Comhairliúchán
|
An Coimisiún Eorpach, DD/MM/YYYY
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
02/09/2021
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is díol sásaimh do CESE an t‑athbhreithniú seo ar an bplean comhordaithe maidir leis an intleacht shaorga (IS), ar plean é atá mar thoradh ar obair chomhpháirteach an Choimisiúin Eorpaigh agus na mBallstát. Tá CESE ag iarraidh ar na gníomhaithe uile lena mbaineann dlús a chur lena chur chun feidhme.
1.2Tacaíonn CESE le cur chuige iomlánaíoch an Choimisiúin i leith a straitéise le haghaidh IS cuimsitheach agus inbhuanaithe atá bunaithe ar éiceachóras bairr feabhais agus iontaoibhe a chruthú. Is iad na tograí le haghaidh pleananna agus rialachán, a bhfuil gach ceann acu ina n‑ábhar do thuairim ar leith, an dá cholún chun an Eoraip a chur chun cinn mar ghníomhaí domhanda in IS.
1.3D’fhonn na tairbhí eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil agus sláinte poiblí a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach do shaoránaigh uile na hEorpa gan idirdhealú, ní mór don phlean móiminteam nua a chur isteach san oideachas trí shaincheisteanna eiticiúla agus comhshaoil, foghlaim ar feadh an tsaoil agus forbairt scileanna, chomh maith le dúshláin nuálaíochta agus tacaíocht d’oibrithe agus do ghnólachtaí, lena n‑áirítear cinn níos lú, a chur san áireamh.
1.4I saol na hoibre, is ar an iontaoibh atá an rath bunaithe. Ní eisceacht ar bith é IS. Creideann CESE gur cheart, faoi chuimsiú an phlean, ról lárnach a bheith ag an idirphlé sóisialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta le linn an phróisis ar fad. Cé go bhfuil ceist na scileanna ríthábhachtach, ba cheart a áireamh sa mhachnamh na saincheisteanna uile a bhaineann leis an uathoibriú i saol na hoibre.
1.5Molann CESE don Choimisiún, faoi scáth an chreata beartais atá beartaithe aige a bhunú, na Ballstáit a spreagadh go mór chun an t‑idirphlé sóisialta agus sibhialta maidir le saincheisteanna agus uirlisí intleachta saorga a neartú.
1.6Meabhraíonn CESE go mbraitheann an iontaoibh sin ar an gceart atá ag gach oibrí, gach tomhaltóir nó gach saoránach a bheith in ann míniú a fháil ar phróisis algartamacha sa mhéid go mbíonn tionchar acu sin ar a saol agus ar a dtimpeallacht féin. Ní mór an plean comhordaithe nua a bheith i gcomhréir leis an riachtanas sin maidir le trédhearcacht agus inmhínitheacht, rud atá do‑scartha ón gceart atá ag gach saoránach agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí a dhéantar le halgartam, agus sin amháin.
1.7Creideann CESE gur féidir leis an Aontas a bheith ina cheannaire domhanda inchreidte i ndáil le IS ar choinníoll go bhfuil comhordú daingean ann idir institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus an tsochaí shibhialta eagraithe, mar atá, comhpháirtithe sóisialta, tomhaltóirí agus saoránaigh, agus sainmhíniú soiléir ar fhreagrachtaí aonair a bheith ag gabháil leis an méid sin. Trí oibriú idir institiúidí an Aontais, idir na hinstitiúidí sin agus na Ballstáit agus idir na Ballstáit féin, uasmhéadóidh an tionchar foriomlán agus áiritheofar san am céanna go gcuirfear beartais agus cláir infheistíochta chun feidhme go mear agus go comhsheasmhach.
1.8Cé gur de chineál domhanda é IS go bunúsach, braitheann sé go mór, mar sin féin, ar an scála ar a gcuirtear i bhfeidhm é. Trí phríomhghníomhaithe ar ardán domhanda IS a dhéanamh de na Ballstáit, tá an plean comhordaithe ina bhunchloch do straitéis Eorpach maidir le IS.
1.9Is díol sásaimh do CESE go moltar gníomhaíochtaí praiticiúla sa phlean comhordaithe athbhreithnithe chun cur chun feidhme straitéisí náisiúnta a spreagadh agus chun líon na sineirgí a mhéadú. Mar sin féin, ní bheidh ciall leis an bplean ach amháin má nasctar é leis an straitéis Eorpach maidir le sonraí – spás Eorpach le haghaidh sonraí agus cosaint sonraí a chruthú – agus maidir leis an gcibearshlándáil.
1.10D’fhonn an easpa comhordaithe ceangailtí a shárú, tá CESE á iarraidh córas a thabhairt isteach chun faireachán buan a dhéanamh ar an dul chun cinn trí tháscairí feidhmíochta arna bhforbairt ag na geallsealbhóirí go léir.
1.11Spreagann CESE na Ballstáit leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – chomh maith le hionstraimí airgeadais eile amhail Fís Eorpach, an Clár don Eoraip Dhigiteach agus InvestEU – chun tacú le forbairt agus glacadh IS, go háirithe i measc gnólachtaí beaga. Soiléirítear an bealach chun tosaigh i dtuarascáil a d’fhoilsigh BEI le déanaí.
2.Barúlacha ginearálta
2.1Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an tAontas Eorpach ina cheann feadhna ar IS atá duinelárnach, cuimsitheach, sábháilte, inbhuanaithe agus iontaofa. Agus ciall cheannaithe aige ón ngéarchéim sláinte, is mian leis an gCoimisiún dlús a chur leis an infheistíocht, na bearta reatha atá i bhfeidhm a threisiú agus iad a chur ag luí le chéile go docht ar mhaithe le sineirgí agus solúbthacht a chothú. Tacaíonn CESE le cur i bhfeidhm práinneach cinntitheach an chur chuige sin d’fhonn barr feabhais inmheánach agus idirnáisiúnta an Aontais a neartú.
2.2Tugann CESE dá aire an dul chun cinn atá déanta ón gcéad phlean comhordaithe in 2018. Sonraítear go soiléir sa phlean nuashonraithe na tosaíochtaí seo a leanas: infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar agus comhroinnt sonraí, barr feabhais a chothú trí leas a bhaint as nuálaíocht agus scileanna, iontaofacht agus trédhearcacht a áirithiú feadh an tslabhra luacha. Is mór an t‑ugach í an infheistíocht a rinneadh in 2019 (+ 30 %) arbh fhiú EUR 7 mbilliún í.
2.3Tá an plean comhordaithe i gcomhréir le cearta bunúsacha agus sóisialta agus le neamh‑idirdhealú trí algartaim. Tá dlúthbhaint ag an tuairim sin leis an tuairim maidir leis an togra comhpháirteach le haghaidh rialacháin, lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe eiticiúla agus lena mbunaítear rialacha comhchuibhithe.
2.4Creideann CESE go bhfuil an creat eiticiúil agus caighdeáin aitheanta chomhroinnte, i dteannta plean comhordaithe, ina gcatalaíoch cinntitheach agus struchtúrtha lena dtugtar iontaoibh do mhuintir na hEorpa glacadh le IS agus lena n‑áirítear san am céanna buntáiste iomaíoch agus tairbhí ar fud an domhain.
2.5Tá dlúthbhaint ag iontaoibh na saoránach leis an gceart maidir le hinmhínitheacht algartam agus leis an bhféidearthacht go bhféadfaí agóid a dhéanamh in aghaidh aon chinnidh a dhéanann difear dá saol. Ní mór d’fhorbróirí IS agus na feidhmchláir lena mbaineann agus d’úsáideoirí a bheith airdeallach agus ba cheart iniúchtaí agus tástáil rialta a bheith mar thoradh ar an méid sin. Ní mór gurb é an duine a bheidh i gceannas ar an gcinnteoireacht i gcónaí.
2.6Is údar imní do CESE an baol ilroinnte a bhaineann leis na straitéisí náisiúnta éagsúla agus iarrann sé ar na Ballstáit cur leis an gcomhar eatarthu ar mhaithe le leas an Aontais, go háirithe i dtaca leis an gcibearshlándáil, ar saincheart náisiúnta í atá ina cnámh droma don phlean mar sin féin.
2.7Iarrann CESE go mbeadh IS inbhuanaithe a mhéid a bhaineann lena cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, agus urraim á tabhairt san am céanna dá freagrachtaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil.
3.Barúlacha sonracha
3.1Agus údar cuí leo, fágann uaillmhianta an Choimisiúin nach mór dó oibriú i gcomhar leis na Ballstáit, an earnáil phríobháideach agus an tsochaí shibhialta eagraithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
-dlús a chur le hinfheistíocht in IS d’fhonn dul i mbun téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta atá tapa, athléimneach agus bunaithe ar ardréitigh dhigiteacha;
-na struchtúir agus na cláir atá beartaithe a chur i bhfeidhm in am trátha chun tairbhí dlisteanacha a bhaint as na ceannródaithe i réimse an táirgthe nó i nglacadh teicneolaíochtaí;
-comhtháthú beartais a bharrfheabhsú d’fhonn ilroinnt a sheachaint agus aghaidh a thabhairt ar an dúshlán domhanda seo i dteannta a chéile.
3.2Tá CESE i bhfách leis an rún atá ag an gCoimisiún maoiniú EUR 1 bhilliún ar a laghad ón gClar don Eoraip Dhigiteach agus ón gclár Fís Eorpach a úsáid in aghaidh na bliana idir 2021 agus 2027. Leis an éifeacht ghiarála a mheastar a bheidh ann dá thoradh sin, cuirfear dlús leis an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach in IS, infheistíocht ar fiú EUR 20 billiún in aghaidh na bliana í thar an tréimhse chéanna. Neartóidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an éifeacht ghiarála sin.
3.3Dálaí fabhracha a chruthú – sonraí agus bonneagar
3.3.1Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an comhar agus an comhordú maidir le rialachas IS a mhéadú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: straitéisí náisiúnta a chur i bhfeidhm, eolas, saineolas agus dea‑chleachtais a chomhroinnt chun dlús a chur le forbairt IS agus an glacadh leis agus chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda a bhaineann le IS.
3.3.2Is réamhriachtanais iad infhaighteacht, inrochtaineacht agus saorshreabhadh sonraí chun IS a fhorbairt, mar aon leis an straitéis maidir le sonraí, cosaint sonraí agus cibearshlándáil. Meabhraíonn CESE go mbraitheann malartú rianúil sonraí pearsanta ar dhlúthchomhordú agus ar lánchomhlíonadh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Dála na slándála sonraí agus na trédhearcachta, is féidir buntáiste iomaíoch a bheith ag caighdeáin san iomaíocht dhomhanda. Tá CESE i bhfách le spás Eorpach sonraí agus spásanna le haghaidh earnálacha sonracha a fhorbairt.
3.3.3Cé is moite de roinnt córais IS nach mbraitheann ar shonraí, braitheann feidhmíocht IS go díreach ar mhéid, ar ábharthacht agus ar cháilíocht na sonraí atá ar fáil. Dá bhrí sin, measann CESE go bhfuil acmhainneacht bharrfheabhsaithe bunriachtanach chun malartuithe sonraí atá solúbtha, idir‑inoibritheach agus slán a éascú. Tá CESE i bhfách le príomhearnálacha a shainaithint amhail an táirgeadh tionsclaíoch, an Comhaontú Glas, an tsoghluaisteacht, an tsláinte, an t‑airgeadas agus an fuinneamh, d’fhonn faireachán cruinn a dhéanamh ar fhorbairtí agus an dul chun cinn a mheas.
3.3.4Tacaíonn CESE leis an méid seo a leanas:
-na cuspóirí maidir leis an ríomhchumhacht atá ar fáil san Eoraip a mhéadú go suntasach chun leas a bhaint as sonraí agus iad a luacháil i bhfíor‑am agus maidir leis na próiseálaithe is gá a chruthú agus a tháirgeadh san Aontas, maille le clár oibre maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe;
-coincheap na sonraí leasa ghinearálta, a thuigtear mar chur ar fáil sonraí ag údaráis phoiblí d’fhonn cuidiú leo nó comhroinnt sonraí a mheastar a bheith riachtanach a chur chun cinn, agus iad a chomhcheangal le sonraí ó ghníomhaithe a oibríonn san Eoraip ach nach bhfuil baint acu lena beartas tionsclaíoch.
3.3.5Tá CESE ag súil leis go mbeidh na Ballstáit níos rannpháirtí sa taighde agus sa nuálaíocht chun na struchtúir, na bonneagair agus na hionstraimí is gá a fhorbairt ar mhaithe leis an leas coiteann agus chun cur le ceannasacht an Aontais i dtaca le IS.
3.4Barr feabhais a chothú ón tsaotharlann go dtí an margadh – nuálaíocht agus comhpháirtíochtaí
3.4.1Tacaíonn CESE leis an gcur chuige iomlánaíoch lena ndírítear ar a áirithiú go mbeidh an tAontas ina áit barr feabhais, ón taighde bunúsach agus an nuálaíocht go dtí an cur ar an margadh. Measann CESE nach mór don Aontas agus do na Ballstáit an comhar eatarthu a mhéadú d’fhonn na dálaí a chruthú le haghaidh nuálaíochta, deiseanna gnó IS agus chun tallann agus scileanna a fhorbairt i gcomhréir leis an bhfís dhuinelárnach agus iontaoibh‑bhunaithe atá ag an Eoraip i ndáil le IS. Is díol sásaimh do CESE go dtacaíonn struchtúir chomhair chothrománacha leis na huaillmhianta sin.
3.4.2Is díol sásaimh do CESE gur mian leis an gCoimisiún an tástáil a chothú, moil nuálaíochta digití réigiúnacha a neartú in éineacht le tionscnaimh náisiúnta agus réigiúnacha agus an taithí ón méid sin a roinnt. A bhuí leis na moil nuálaíochta agus na hardáin ar éileamh sin, is amhlaidh is fusa do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide úinéireacht a ghlacadh ar IS agus ar thacaíocht airgeadais spriocdhírithe. Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach tacú le gnólachtaí nuathionscanta, le gnólachtaí atá i mbun fáis agus le FBManna traidisiúnta agus IS á fhorbairt.
3.4.3Cuireann CESE i bhfios go láidir, mar sin féin, nach féidir leis an mbeartas sin maidir le hionaid bairr feabhais an bonn a bhaint de ghnáthchistiú inbhuanaithe na saotharlann taighde ‘caighdeánach’, ar eagla go gcuirfí moill ar theacht chun cinn teicneolaíochtaí suaiteacha.
3.4.4Is mian le CESE cláir atá dírithe ar IS a spreagadh a chur chun cinn d’eagraíochtaí agus do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna) trí líonraí tacaíochta spriocdhírithe a fhorbairt. I ndáil leis na tionscnaimh a cuireadh ar bun chun tacú leis an rochtain atá ag MFBManna ar IS (Testing and experimentation facilities (TEFs) [Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta], Digital Innovation Hubs (DHI) [Moil Nuálaíochta Digití] agus AI-on demand platforms [ardáin IS ar éileamh]), ba cheart iad a neartú agus meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar praiticiúil atá acu ar na fiontair sin, agus an méid sin a dhéanamh d’fhonn iad a fheabhsú.
3.4.5Léirítear i staidéar a choimisiúnaigh CESE le déanaí gur réamhriachtanas é an t‑uas‑scálú a mhéid a bhaineann le rochtain a fháil ar na scileanna is gá, ar chomhthiomsuithe sonraí le haghaidh algartam, ar an maoiniú is gá, agus a mhéid a bhaineann le díriú ar mhargadh atá forbartha go leordhóthanach chun amúchadh tapa an bhonneagair chostasaigh a áirithiú. Dá bhrí sin, ní mór do lucht ceaptha beartas tosaíocht a thabhairt do MFBManna agus beartais iomchuí a mholadh dá réir. I bhfianaise dhamáiste eacnamaíoch na paindéime, is móroibleagáid anois é tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghnólachtaí atá i mbun fáis agus do FBManna traidisiúnta agus IS á fhorbairt.
3.4.6Tacaíonn CESE le forbairt boscaí gainimh sonraí chun smaointe nua a thástáil faoi fhíordhálaí agus solúbthacht a chothú. Iarrann CESE torthaí a roinnt ar dhóigh níos fearr agus aitheantas frithpháirteach a thabhairt dóibh gan teorainneacha.
3.4.7Léiríonn barr feabhais sa taighde an tallann agus na scileanna atá i saotharlanna, ach léiríonn sé freisin an mhuinín atá ag úsáideoirí as IS. Ar an ábhar sin, is mian le CESE go gcruthófaí leis na cláir ardoideachais tallann den chéad scoth sa nuálaíocht agus san fhorbairt gnó. Iarrann sé ar an Aontas na coinníollacha a chruthú chun tallann a choinneáil agus scileanna a mhealladh ón gcoigríoch. Iarrann CESE timpeallacht ghnó dhomhanda atá cobhsaí agus iontaofa a bheith ann lenar féidir le cuideachtaí agus oibrithe úinéireacht níos mó a ghlacadh as IS ar mhaithe le taighde agus nuálaíocht.
3.4.8Ba cheart tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le réitigh IS a chur chun feidhme agus ionas gur féidir leo a bheith i measc thairbhithe chistí agus acmhainní IS. Is fíor sin go háirithe i gcás seirbhísí sóisialta, agus lánurraim á tabhairt don cheart chun príobháideachta agus do na rialacha maidir le próiseáil agus stóráil sonraí, lena n‑áirítear sonraí bithmhéadracha.
3.5IS a oibríonn do na saoránaigh a áirithiú – scileanna agus iontaoibh
3.5.1Tacaíonn CESE le straitéis an Choimisiúin atá bunaithe ar éiceachóras bairr feabhais agus iontaoibhe a chruthú. Is é an cur chuige sin ábhar an Pháipéir Bháin a glacadh in 2019. Ós rud é go bhfuil ról lárnach ag an oideachas agus an oiliúint maidir le barr feabhais a chothú agus iontaoibh in IS a mhéadú, caithfidh córais oideachais agus oiliúna freastal ar réimse leathan riachtanas, mar shampla, eolas bunúsach agus tuiscint ghinearálta a chur ar fáil agus cuidiú le daoine saineolas agus scileanna ardleibhéil a fháil.
3.5.2Is díol sásaimh do CESE gur ghlac an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta nua don Oideachas Digiteach don tréimhse 2020‑2027. A bhuí leis sin, beidh daoine in ann tuiscint níos fearr a fháil ón mbunscoil go dtí an ollscoil ar céard is IS ann agus ar an gcaoi a n‑oibríonn sé agus, mar aon leis sin, a gcuid scileanna a athnuachan.
3.5.3Tá CESE á iarraidh ar na Ballstáit oideachas IS a fhorbairt lena gcuimseofar na saincheisteanna eiticiúla agus comhshaoil a bhaineann leis agus tá malartú dea‑chleachtas á mholadh aige freisin d’fhonn éagsúlacht sa rochtain ar oiliúint, forbairt agus úsáid IS a chur chun cinn. Má tá rath le bheith ar IS agus a úsáid a bheith chun leas an uile dhuine, tá cur chuige ildisciplíneach agus naisc ag teastáil ina leith.
3.5.4Measann CESE gur príomhghníomhaithe iad na comhpháirtithe sóisialta maidir le hathruithe i scileanna agus i bpoist a thuar. Tá an t‑idirphlé sóisialta ríthábhachtach chun tacú le hoibrithe atá thíos le huathoibriú a gcuid cúraimí.
3.5.5Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá comhar idir rialtais, institiúidí oideachais, na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta maidir le cláir leanúnacha oideachais agus oiliúna a cheapadh agus a chur chun feidhme a bheidh dírithe go príomha orthu siúd atá dífhostaithe. Tá gá le hoiliúint shaincheaptha do MFMBanna, d’fhiontraithe agus d’fhostaithe araon.
3.5.6Is oth le CESE nach ndéantar foráil sa phlean maidir le machnamh comhpháirteach a dhéanamh ar an domhan agus ar thodhchaí na hoibre i bhfianaise an uathoibrithe. Má táthar chun iontaoibh na n‑oibrithe as feidhmchláir IS a fhorbairt, tá gá le hidirphlé sóisialta feabhsaithe, rud atá riachtanach chun córais IS a thabhairt isteach a mbeidh tionchar acu ar oibrithe, go háirithe i réimse na bainistíochta nó na n‑acmhainní daonna. I bhfianaise na gcaillteanas post a d’fhéadfadh tarlú, éagothromaíochtaí atá ag dul i méid agus athstruchtúrú na n‑earnálacha táirgiúla, is gá a áirithiú go mbeidh comhordú iomlán idir na Ballstáit, i ndlúthchomhar le gnólachtaí, críocha, comhpháirtithe sóisialta agus comhlachtaí idirmheánacha, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:
-cumais uathoibrithe a fhorbairt ar an leibhéal institiúideach atá réamhbhreathnaitheach agus inbhuanaithe;
-scéimeanna nuálacha réamhghníomhacha a fhorbairt d’aistriú gairmeacha beatha agus scileanna;
-machnamh a dhéanamh ar an gcomhlántacht, ní hamháin chun ‘IS a fhorbairt’ i ndáil le gairmeacha ach freisin chun athruithe ar an gcultúr agus ar chleachtais a shainaithint agus caighdeáin maidir le ‘comhlántacht mhaith’ a bhunú ar mhaithe leis an ngníomhú aonair a chur chun cinn.
3.5.7Ó tharla go bhfuil an iontaoibh ina bunchloch do shochaí dhigitithe, is mór ag CESE go háirithe an cur chuige atá glactha ag an gCoimisiún sna réimsí ábhartha uile chun an leas coiteann a chosaint agus, go sonrach, leas na saoránach, na dtomhaltóirí, na n‑oibrithe agus na bhfiontar, lena n‑áirítear iad siúd in earnáil an gheilleagair shóisialta, d’fhonn an leibhéal ginearálta iontaoibh in IS a mhéadú: cosaint na gceart bunúsach, an chibearshlándáil, cosaint sonraí, an mhaoin intleachtúil agus úsáid inbhuanaithe éifeachtúil acmhainní agus gan neamhaird a thabhairt ar shaincheisteanna rialála a bhaineann leis an nuálaíocht. Is cosúil go bhfuil sé tábhachtach na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le mí‑úsáid IS a shainaithint go cruinn agus leigheasanna iomchuí uirthi a mholadh. Tá CESE i bhfách leis na bearta atá beartaithe ag an gCoimisiún chun an tslándáil a neartú i ngach aon réimse agus chun an creat rialála a chur in oiriúint do na dúshláin a bhaineann le IS. I ndáil leis an méid sin, meabhraíonn sé go bhfuil ról ceannródaíoch ag an tsochaí shibhialta eagraithe, cuir i gcás maidir le measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le haghaidh‑aithint.
3.5.8Tacaíonn CESE go hiomlán leis an uaillmhian fís Eorpach maidir le IS inbhuanaithe iontaofa a chur chun cinn ar fud an domhain trí leagan síos na gcaighdeán domhanda maidir le IS a spreagadh agus trí chomhpháirtíochtaí agus tionscnaimh chomhpháirteacha a fhorbairt le tríú tíortha.
3.6Ceannaireacht straitéiseach a fhorbairt in earnálacha ardtionchair
3.6.1Is mór ag CESE cur chuige réalaíoch an Choimisiúin a chuid gníomhaíochtaí a dhíriú ar earnálacha ina bhfuil ceannaireacht maidir le IS ríthábhachtach: an aeráid agus an comhshaol, an tsláinte, an róbataic agus an t‑uathoibriú, seirbhísí poiblí, an tslándáil phoiblí, lena n‑áirítear beartais frithsceimhlitheoireachta agus imirce, an tsoghluaisteacht chliste, an talmhaíocht agus earnálacha gaolmhara.
3.6.2Dar le CESE, is príomhionstraim le haghaidh dícharbónaithe agus bainistiú comhshaoil é an t‑aistriú digiteach agus cuireann sé in iúl san am céanna gur gá laghdú a dhéanamh ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag réitigh IS ar an aeráid, ar an gcomhshaol agus ar thomhaltas fuinnimh. Trí IS a úsáid i mbainistiú na gcóras fuinnimh agus iompair agus i bpróisis thionsclaíocha agus talmhaíochta, cuirtear chun cinn an éifeachtúlacht fuinnimh, an geilleagar ciorclach agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha. Ar an gcúis sin, is gné lárnach den táirgiúlacht agus den éifeachtúlacht eacnamaíoch é. Cuireann IS na modhanna ar fáil freisin chun tuiscint níos fearr a fháil ar fheiniméin a bhaineann leis an aeráid agus an comhshaol agus chun iad a rialú.
3.6.3Tá CESE á iarraidh go mbainfí leas as na deiseanna a chuireann IS ar fáil maidir le taighde ar bhunús galar, forbairt móilíní nua, trealamh leighis agus ardchúram, agus i réimsí an imscrúdaithe, na diagnóise agus na cóireála, mar shampla sa chomhrac in aghaidh na hailse. Céim mhór chun cinn a bheadh sa spás Eorpach sonraí sláinte atá beartaithe chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht IS, agus lánurraim á tabhairt don phríobháideacht agus do shonraí pearsanta san am céanna. Léiríonn an cúnamh arna cur ar fáil ag róbait go laethúil d’othair, do dhaoine scothaosta nó do dhaoine faoi mhíchumas na tairbhí a bhaineann le barr feabhais róbataice nach bhfuil chomh dírithe céanna ar an gcumas teicneolaíoch ach atá dírithe níos mó ar mháistreacht a fháil ar an gcomhéadan idir daoine agus róbait.
An Bhruiséil, 2 Meán Fómhair 2021
Alain COHEUR
Cathaoirleach na Rannóige um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
_____________