Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 14457301-c2dd-11ed-a05c-01aa75ed71a1

Consolidated text: Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh

02022R0110 — GA — 31.01.2022 — 000.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2022/110 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Eanáir 2022

lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh

(IO L 021 31.1.2022, lch. 165)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2023/195 ÓN gCOMHAIRLE  an 30 Eanáir 2023

  L 28

220

31.1.2023


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 108, 7.4.2022, lch.  68 (2022/110)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2022/110 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Eanáir 2022

lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh



TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Socraítear leis an Rialachán seo deiseanna iascaireachta atá ar fáil sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.  

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais ag saothrú na stoc éisc seo a leanas:

(a) 

an eascann Eorpach (Anguilla anguilla), an coiréalach dearg (Corallium rubrum) agus an dorád coiteann (Coryphaena hippurus) sa Mheánmhuir, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(b);

(b) 

an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea), an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus an lannach riabhach (Mullus barbatus) sa Mheánmhuir thiar, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(c);

(c) 

an t-ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) agus an sairdín (Sardina pilchardus) i Muir Aidriad, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(d);

(d) 

an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an lannach riabhach (Mullus barbatus) i Muir Aidriad, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(d);

(e) 

an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile mar a shainmhínítear in Airteagal 4(e), sa Mhuir Iónach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(f) agus i Muir na Leiveainte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(g);

(f) 

an deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(h);

(g) 

an salán (Sprattus sprattus) agus an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(i).

2.  
Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hiascaigh áineasa i gcás ina dtagraítear go sainráite do na hiascaigh sin sna forálacha ábhartha.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ina dteannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn “uiscí idirnáisiúnta” uiscí atá lasmuigh de cheannasacht nó de dhlínse aon Stáit;

(b) 

ciallaíonn “iascaigh áineasa” gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála, lena saothraítear beo-acmhainní uisceacha muirí, le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(c) 

ciallaíonn “gabháil iomlán incheadaithe” (TAC):

(i) 

in iascaigh atá faoi réir na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15(4) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an chainníocht éisc a fhéadtar a thabhairt i dtír as gach stoc gach bliain;

(ii) 

i ngach iascach eile, an chainníocht éisc a fhéadtar a ghabháil as gach stoc i gcaitheamh tréimhse bliana;

(d) 

ciallaíonn “cuóta” cion TAC a chionroinntear ar an Aontas nó ar Bhallstát;

(e) 

ciallaíonn “cuóta uathrialach de chuid an Aontais” teorainn ghabhála a chionroinntear go huathrialach ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in éagmais TAC comhaontaithe;

(f) 

ciallaíonn “cuóta anailíseach” cuóta uathrialach de chuid an Aontais ar ina leith atá measúnú anailíseach ar fáil;

(g) 

ciallaíonn “measúnú anailíseach” meastóireacht chainníochtúil ar threochtaí i gcás stoc ar leith, atá bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, a sonraíodh le hathbhreithniú eolaíoch na sonraí sin go raibh siad de cháilíocht leordhóthanach chun comhairle eolaíoch a sholáthar i ndáil le roghanna maidir le gabhálacha amach anseo;

(h) 

ciallaíonn “feiste um chomhbhailiú éisc” (FAD) aon trealamh ar ancaire atá ar snámh ar dhromchla na farraige arb é is aidhm dó éisc a mhealladh.

Airteagal 4

Limistéir iascaireachta

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe limistéir seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn “folimistéir gheografacha CGIM” na limistéir a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(b) 

ciallaíonn “an Mheánmhuir” uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 27, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(c) 

ciallaíonn “an Mheánmhuir thiar” uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(d) 

ciallaíonn “Muir Aidriad” uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(e) 

ciallaíonn “Caolas na Sicile” uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 12, 13, 14, 15 agus 16, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(f) 

ciallaíonn “an Mhuir Iónach” uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 19, 20 agus 21, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(g) 

ciallaíonn “Muir na Leiveainte” uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 24, 25, 26 agus 27, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(h) 

ciallaíonn “Muir Alboran” uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 3, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(i) 

ciallaíonn “an Mhuir Dhubh” uiscí i bhfolimistéar geografach CGIM 29, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011.

TEIDEAL II

DEISEANNA IASCAIREACHTA

CAIBIDIL I

An Mheánmhuir

Airteagal 5

An eascann Eorpach

1.  
Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an eascann Eorpach (Anguilla anguilla), eadhon iascaigh spriocdhírithe, theagmhasacha agus áineasa, in uiscí muirí uile na Meánmhara, lena n-áirítear fionnuiscí agus uiscí goirt trasdultacha, amhail murlaigh agus inbhir.
2.  
Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh ar an eascann Eorpach in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara ar feadh tréimhse 3 mhí as a chéile a chinnfidh gach Ballstát. Beidh an tréimhse choiscthe iascaireachta comhsheasmhach leis na cuspóirí caomhnaithe a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007, leis na pleananna náisiúnta bainistíochta atá i bhfeidhm agus le patrúin imirce aimseartha na heascainne Eorpaí sna Ballstáit lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit an tréimhse a chinntear a chur in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná mí amháin roimh theacht i bhfeidhm na tréimhse coiscthe agus i gcás ar bith roimh an 31 Eanáir 2022.
3.  
Ní sháróidh na Ballstáit na huasteorainneacha gabhála nó iarrachta iascaireachta le haghaidh na heascainne Eorpaí a bhunaítear agus a chuirtear chun feidhme trí bhíthin a bpleananna náisiúnta bainistíochta, a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 2 agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007.

Airteagal 6

An coiréalach dearg

1.  
Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais i ndáil le saothrú an choiréalaigh dheirg (Corallium rubrum), eadhon iascaigh spriocdhírithe agus áineasa sa Mheánmhuir.
2.  
Le haghaidh iascaigh spriocdhírithe, maidir leis an líon uasta údaruithe iascaireachta agus uaschainníochtaí stoc coiréalach dearg a shaothraíonn soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus a shaothraítear trí ghníomhaíochtaí an Aontais, ní rachaidh an líon sin thar na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
3.  
Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais atá faoi réir mhír 2 an coiréalach dearg a thrasloingsiú ar muir.
4.  
Maidir le hiascaigh áineasa, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar an gcoiréalach dearg a ghabháil agus a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.

Airteagal 7

An dorád coiteann

1.  
Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí tráchtála uile shoithí de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena n-úsáidtear feistí um chomhbhailiú éisc chun an dorád coiteann (Coryphaena hippurus) a ghabháil in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara.
2.  
Leagtar amach in Iarscríbhinn II an líon uasta soithí iascaireachta a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar an dorád coiteann.

CAIBIDIL II

An Mheánmhuir Thiar

Airteagal 8

Stoic ghrinnill

1.  
Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar stoic ghrinnill dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1022, sa Mheánmhuir thiar.
2.  
Leagtar amach an uasiarracht iascaireachta incheadaithe do thrálaeir agus do bháid spiléireachta in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1022.
3.  
Leagtar amach an chionroinnt uasteorainneacha gabhála ar na Ballstáit do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar in Iarscríbhinn III.
4.  

Forálacha speisialta maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta:

(a) 

Beidh cionroinnt deiseanna iascaireachta ag na Ballstáit, mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo, faoi réir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(b) 

Ní dochar cionroinnt deiseanna iascaireachta ar na Ballstáit, mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo, do na nithe seo a leanas:

— 
malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
— 
asbhaintí agus ath-chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
— 
gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
— 
cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó arna n-aistriú faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
— 
asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagal 105, Airteagal 106 agus Airteagal 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 9

Tarchur sonraí

Déanfaidh na Ballstáit na sonraí maidir le hiarracht iascaireachta a thaifeadadh agus a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1022.

Nuair a chuirfidh an Ballstáit sonraí maidir le hiarracht iascaireachta faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an Airteagal seo, úsáidfidh siad cóid na ngrúpaí iarrachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

CAIBIDIL III

Muir Aidriad

Airteagal 10

Stoic pheiligeacha bheaga

1.  
Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an sairdín (Sardina pilchardus) agus an t-ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i Muir Aidriad.
2.  
Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
3.  
Leagtar amach in Iarscríbhinn IV uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh mar kW, GT agus líon soithí iascaireachta an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic pheiligeacha bheaga.

Airteagal 11

Stoic ghrinnill

1.  
Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) agus an lannach riabhach (Mullus barbatus) i Muir Aidriad.
2.  
Leagtar amach in Iarscríbhinn IV an uasiarracht iascaireachta incheadaithe agus an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta le haghaidh stoic ghrinnill faoi raon feidhme an Airteagail.
3.  
Féadfaidh Ballstát a chionroinnt iarrachta iascaireachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a leasú trí laethanta iascaireachta a aistriú idir grúpaí iarrachta iascaireachta ón limistéar geografach céanna agus/nó den chineál céanna trealaimh, ar choinníoll go gcuirfidh sé i bhfeidhm fachtóir coinbhéartachta náisiúnta lena dtacaíonn an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil.
4.  
Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 12

Tarchur sonraí

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagal 33 agus Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír na gcainníochtaí stoc arna ngabháil, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

CAIBIDIL IV

An Mhuir Iónach, Muir na Leiveainte agus Caolas na Sicile

Airteagal 13

1.  
Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus), sa Mhuir Iónach, i Muir na Leiveainte agus i gCaolas na Sicile.
2.  
Leagtar amach in Iarscríbhinn V an líon uasta soithí tráil ghrinnill a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill.

CAIBIDIL V

Muir Alboran

Airteagal 14

1.  
Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le hiascaireacht tráchtála le spiléir agus le línte láimhe a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais lena ngabhtar an deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran.
2.  
Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

CAIBIDIL VI

An Mhuir Dhubh

Airteagal 15

Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tsaláin a chionroinnt

1.  
Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an salán (Sprattus sprattus) sa Mhuir Dhubh.
2.  
Leagtar amach in Iarscríbhinn VII cuóta uathrialach an Aontais i dtaca leis an salán, cionroinnt an chuóta sin ar na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin.

Airteagal 16

Deiseanna iascaireachta le haghaidh an turbaird a chionroinnt

1.  
Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh.
2.  
Leagtar amach in Iarscríbhinn VII an ghabháil iomlán incheadaithe le haghaidh an turbaird is infheidhme in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh agus cionroinnt na gabhála iomláine incheadaithe sin ar na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin.

Airteagal 17

Bainistíocht iarrachta iascaireachta le haghaidh an turbaird

Maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar thurbaird faoi chuimsiú Airteagal 16, gan beann ar fhad foriomlán na soithí, ní dhéanfaidh siad aon iascaireacht do thréimhse níos faide ná 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana.

Airteagal 18

Tréimhse choiscthe le haghaidh an turbaird

Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh, lena n-áirítear an turbaird a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a thabhairt i dtír agus a dhíol den chéad uair, in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh.

Airteagal 19

Forálacha speisialta maidir le deiseanna iascaireachta sa Mhuir Dhubh a chionroinnt

1.  

Ní dochar cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta ar na Ballstáit, mar a leagtar amach iad in Airteagal 15 agus Airteagal 16 den Rialachán seo, do na nithe seo a leanas:

(a) 

malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b) 

asbhaintí agus ath-chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009; agus

(c) 

asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagal 105 agus Airteagal 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.  
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 20

Tarchur sonraí

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagal 33 agus Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír cainníochtaí stoc saláin agus stoc turbaird arna ngabháil in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

TEIDEAL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

NA DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS PHLEAN BAINISTÍOCHTA ILBHLIANTÚIL AN CHOIMISIÚIN GHINEARÁLTA IASCAIGH DON MHEÁNMHUIR MAIDIR LEIS AN gCOIRÉALACH DEARG SA MHEÁNMHUIR

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an líon uasta údaruithe iascaireachta incheadaithe agus uasleibhéal cainníochtaí saothraithe le haghaidh an choiréalaigh dheirg sa Mheánmhuir.

Is tagairtí d’fholimistéir gheografacha (FLGanna) an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:



Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Corallium rubrum

COL

An coiréalach dearg



Tábla 1

An líon uasta údaruithe iascaireachta (1)

Na Ballstáit

An coiréalach dearg COL

an Ghréig

12

an Spáinn

(2)

an Fhrainc

32

an Chróit

28

an Iodáil

40

(1)   

Líon na soithí agus/nó tumairí, nó péire is tumaire amháin ag a bhfuil soitheach amháin, a údarófar chun coiréalach dearg a shaothrú.

(2)   

De réir an toirmisc ama d’iascaigh an choiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne.



Tábla 2.

Uasleibhéal cainníochtaí saothraithe arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An coiréalach dearg

Corallium rubrum

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mheánmhuir - FLGanna 1-27

COL/GF1-27

an Ghréig

1,844

 

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

an Spáinn

0  (1)

 

an Fhrainc

1,400

 

an Chróit

1,226

 

an Iodáil

1,378

 

An tAontas

5,848

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar/Níl aon chomhaontú ann ina leith

(1)   

De réir an toirmisc ama d’iascaigh an choiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne.




IARSCRÍBHINN II

IARRACHT IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ STOIC AN DORÁID CHOITINN SA MHEÁNMHUIR

Leagtar amach sa tábla san Iarscríbhinn seo líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar an dorád coiteann in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara.

Is tagairtí d’uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:



Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Coryphaena hippurus

DOL

An dorád coiteann

An líon uasta údaruithe iascaireachta le haghaidh soithí a bhíonn ag iascaireacht in uiscí idirnáisiúnta ( 1 )



An Ballstát

An dorád coiteann DOL

an Iodáil

797

Málta

130




IARSCRÍBHINN III

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ NA STOC GRINNILL SA MHEÁNMHUIR THIAR

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta) de réir stocghrúpaí, mar a shainítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2019/1022, agus na huasteorainneacha gabhála agus fad foriomlán na soithí le haghaidh gach cineál tráil ( 2 ) agus báid spiléireachta grinnill lena ndéantar iascaireacht ar na stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1022 agus in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:



Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Aristaeomorpha foliacea

ARS

An séacla mór dearg

Aristeus antennatus

ARA

An séacla gorm agus dearg

Merluccius merluccius

HKE

An colmóir Eorpach

Mullus barbatus

MUT

An lannach riabhach

Nephrops norvegicus

NEP

Gliomach na hIorua

Parapenaeus longirostris

DPS

An rós-séacla domhainmhara

An uasiarracht iascaireachta incheadaithe in aghaidh laethanta iascaireachta

(a) 

Trálaeir i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1-2-5-6-7) ►M1   ( 3 ) ◄



Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An lannach riabhach in FLGanna 1, 5, 6 agus 7; An colmóir in FLGanna 1, 5, 6 agus 7; An rós-séacla domhainmhara in FLGanna 1, 5 agus 6; Gliomach na hIorua in FLGanna 5 agus 6.

< 12 m

1 921

0

0

EFF1/MED1_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

20 641

0

0

EFF1/MED1_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

38 728

4 372

0

EFF1/MED1_TR3

≥ 24 m

13 640

5 320

0

EFF1/MED1_TR4



Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An séacla gorm agus dearg in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7.

< 12 m

0

0

0

EFF2/MED1_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

968

0

0

EFF2/MED1_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

9 805

0

0

EFF2/MED1_TR3

≥ 24 m

7 871

0

0

EFF2/MED1_TR4

(b) 

Trálaeir ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8-9-10-11) ►M1   ( 4 ) ◄



Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An lannach riabhach in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; An colmóir in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; An rós-séacla domhainmhara in FLGanna 9, 10 agus 11; Gliomach na hIorua in FLGanna 9 agus 10.

< 12 m

0

177

2 534

EFF1/MED2_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

0

709

38 110

EFF1/MED2_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

0

177

25 629

EFF1/MED2_TR3

≥ 24 m

0

177

3 421

EFF1/MED2_TR4



Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An séacla mór dearg sna FLGanna 8, 9, 10 agus 11.

< 12 m

0

0

419

EFF2/MED2_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

0

0

3 091

EFF2/MED2_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

0

0

2 489

EFF2/MED2_TR3

≥ 24 m

0

0

333

EFF2/MED2_TR4

(c) 

Báid spiléireachta i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (na FLGanna 1-2-5-6-7)



Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An lannach riabhach in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7; An colmóir in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7

< 12 m

9 433

6 432

0

EFF1/MED1_LL1

≥ 12 m agus < 18 m

2 148

93

0

EFF1/MED1_LL2

≥ 18 m agus < 24 m

74

0

0

EFF1/MED1_LL3

≥ 24 m

29

0

0

EFF1/MED1_LL4

(d) 

Báid spiléireachta ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8-9-10-11)



Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An lannach riabhach in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; An colmóir in FLGanna 8, 9, 10 agus 11

< 12 m

0

1 650

33 187

EFF1/MED2_LL1

≥ 12 m agus < 18 m

0

51

4 748

EFF1/MED2_LL2

≥ 18 m agus < 24 m

0

0

26

EFF1/MED2_LL3

≥ 24 m

0

0

0

EFF1/MED2_LL4

Uasteorainn gabhála

(e) 

deiseanna iascaireachta don séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1-2-5-6-7) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha i dtonaí beomheáchain



Speiceas:

An séacla gorm agus dearg

(Aristeus antennatus)

Limistéar:

FLGanna 1, 2, 5, 6, 7

(ARA/GF1-7)

An Spáinn

872

 

 

An Fhrainc

56

 

 

An Iodáil

0

 

 

An tAontas

928

 

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

Uasleibhéal gabhálacha

▼C1

(f) 

Deiseanna iascaireachta don séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) agus don séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) in Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, sa Mhuir Thoirian agus in Oileán na Sairdíne (FLGanna 8-9-10-11) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha i dtonaí beomheáchain



Speiceas:

An séacla gorm agus dearg

(Aristeus antennatus)

Limistéar:

GSA 8-9-10-11

(ARA/GF8-11)

An Spáinn

0

 

 

An Fhrainc

9

 

 

An Iodáil

250

 

 

An tAontas

259

 

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

Uasleibhéal gabhálacha



Speiceas:

An séacla mór dearg

(Aristaeomorpha foliacea)

Limistéar:

GSA 8-9-10-11

(ARS/GF8-11)

An Spáinn

0

 

 

An Fhrainc

5

 

 

An Iodáil

365

 

 

An tAontas

370

 

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

Uasleibhéal gabhálacha

▼B




IARSCRÍBHINN IV

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR AIDRIAD

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo na deiseanna iascaireachta de réir stoic nó grúpaí iarrachta soithí agus na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear líon uasta soithí iascaireachta an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar pheiligigh bheaga.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:



Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Engraulis encrasicolus

ANE

An t-ainseabhaí

Merluccius merluccius

HKE

An colmóir Eorpach

Mullus barbatus

MUT

An lannach riabhach

Nephrops norvegicus

NEP

Gliomach na hIorua

Parapenaeus longirostris

DPS

An rós-séacla domhainmhara

Sardina pilchardus

PIL

An sairdín

Solea solea

SOL

An sól coiteann

1.   Stoic pheiligeacha bheaga - FLGanna 17 agus 18

Uasleibhéal gabhálacha arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain



Speiceas:

Speicis pheiligeacha bheaga (an t ainseabhaí agus an sairdín)

Engraulis encrasicolus and Sardina pilchardus

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí Idirnáisiúnta folimistéir CGIM 17 agus 18

(SP1/GF1718)

an Iodáil

35 394

 (1)

Uasleibhéal gabhálacha

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an Chróit

56 304

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Maidir leis an tSlóivéin, tá na cainníochtaí bunaithe ar leibhéal na ngabhálacha in 2014, suas le méid nár cheart dó dul thar 300 tona.

Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na dtrálaer agus na soithí peas-saighne a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach do pheiligigh bheaga



An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

OT

an Chróit

PS

249

77 145,52

18 537,72

an Iodáil

PTM-OTM-PS

685

134 556,7

25 852

an tSlóivéin (1)

PS

4

433,7

38,5

(1)   

Ní bheidh feidhm ag an bhforáil faoi mhír 28 de CGIM/44/2020/20 maidir le cabhlaigh náisiúnta ina bhfuil níos lú ná 10 soitheach idir soithí peas-saighne agus trálaeir pheiligeacha a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach do pheiligigh bheaga, mar a taifeadadh sa chlár náisiúnta agus i gclár CGIM araon in 2014. Sa chás sin, féadfaidh méadú nach mó ná 50 faoin gcéad teacht ar acmhainneacht an chabhlaigh ghníomhaigh i dtaca le líon na soithí agus le holltonnáiste (OT) agus/nó olltonnáiste cláraithe (OTC) agus kW.

2.   Stoic ghrinnill – FLGanna 17 agus 18

An uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta) de réir cineálacha tráil agus roinn cabhlaigh lena ndéantar iascaireacht ar stoic ghrinnill in FLGanna 17 agus 18 (Muir Aidriad).



 

 

 

 

 

Laethanta Iascaireachta 2022

An cineál trealaimh

Limistéar geografach

An stoc lena mbaineann

Fad foriomlán na soithí

Cód an ghrúpa iarrachta

AN IODÁIL

AN CHRÓIT

AN tSLÓIVÉIN (1)

Tráil (OTB)

Folimistéir CGIM 17-18

An lannach riabhach; An colmóir; An rós-séacla domhainmhara, agus gliomach na hIorua

< 12 m

EFF/MED3_OTB_TR1

3 521

10 388

 

≥ 12 m agus < 24 m

EFF/MED3_OTB_TR2

79 139

24 202

 

≥ 24 m

EFF/MED3_OTB_TR3

6 934

2 173

 

Tráil bhíoma (TBB)

Folimistéar CGIM 17

An sól coiteann

< 12 m

EFF/MED3_TBB_TR1

200

0

 

≥ 12 m agus < 24 m

EFF/MED3_TBB_TR2

3 747

0

 

≥ 24 m

EFF/MED3_TBB_TR3

3 726

0

 

(1)   

Ní sháróidh an tSlóivéin an teorainn iarrachta 3 000 lá iascaireachta in aghaidh na bliana i gcomhréir le mír 13 de CGIM/43/2019/5.

Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na soithí tráil ghrinnill agus tráil bhíoma a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill



An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

OT

an Chróit

OTB

495

79 867,99

13 267,99

an Iodáil

OTB-TBB

1 363

260 618,37

47 148

an tSlóivéin (*1)

OTB

11

1 813,00

168,67

(*1)   

Ní bheidh feidhm ag forálacha mhír 9(c) agus mhír 28 de CGIM/43/2019/5 maidir le cabhlaigh náisiúnta ag a mbíonn trealamh OTB á oibriú agus a bhíonn ag iascaireacht ar feadh níos lú ná 1 000 lá le linn na tréimhse tagartha atá luaite i mír 9(c). Ní thiocfaidh méadú níos mó ná 50 faoin gcéad, maidir leis an tréimhse thagartha, ar acmhainneacht iascaireachta an chabhlaigh ghníomhaigh ag a mbíonn trealamh OTB á oibriú.




IARSCRÍBHINN V

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR IÓNACH, I MUIR NA LEIVEAINTE AGUS I gCAOLAS NA SICILE

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill sa Mhuir Iónach, i Muir na Leiveainte agus i gCaolas na Sicile.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:



Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Aristaeomorpha foliacea

ARS

An séacla mór dearg

Aristeus antennatus

ARA

An séacla gorm agus dearg

(a) 

An líon uasta soithí tráil ghrinnill údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa Mhuir Iónach (FLGanna 19-20-21)



An Ballstát

An séacla mór dearg in uiscí an Aontais in FLGanna 19, 20 agus 21

An séacla gorm agus dearg in uiscí an Aontais in FLGanna 19, 20 agus 21

an Ghréig

263

263

an Iodáil

410

410

Málta

15

15

(b) 

An líon uasta soithí a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh i Muir na Leiveainte (FLGanna 24-25-26-27)



An Ballstát

An séacla mór dearg in uiscí an Aontais in FLGanna 24-25-26-27

An séacla gorm agus dearg in uiscí an Aontais in FLGanna 24-25-26-27

an Iodáil

80

80

an Chipir

6

6

(c) 

An líon uasta soithí tráil ghrinnill a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh i gCaolas na Sicile (FLGanna 12-13-14-15-16)



An Ballstát

An séacla mór dearg in uiscí an Aontais in FLGanna 12-13-14-15-16

An séacla gorm agus dearg in uiscí an Aontais in FLGanna 12-13-14-15-16

an Spáinn

2

2

an Iodáil

320

320

an Chipir

1

1

Málta

15

15




IARSCRÍBHINN VI

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR ALBORAN

Uasleibhéal gabhálacha a dhéanfar le spiléir agus le línte láimhe arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain



Speiceas:

An deargán

Pagellus bogaraveo

Zone:

Uiscí an Aontais i Muir Alboran - FLGanna 1-3

SBR/GF1-3

an Spáinn

225

 

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An tAontas

225

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar/Níl aon chomhaontú ann ina leith




IARSCRÍBHINN VII

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR DHUBH

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo TACanna agus cuótaí arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain de réir stoic agus, i gcás inarb iomchuí, de réir na gcoinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:



Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Sprattus sprattus

SPR

An salán

Scophthalmus maximus

TUR

An turbard



Speiceas:

An salán

Sprattus sprattus

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh - FLG 29

(SPR/F3742C)

an Bhulgáir

8 032,50

 

Cuóta anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an Rómáin

3 442,50

 

An tAontas

11 475

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar/Níl aon chomhaontú ann ina leith



Species:

An turbard

Scophthalmus maximus

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh– FLG 29

(TUR/F3742C)

an Bhulgáir

75

 

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

an Rómáin

75

 

An tAontas

150

 (*1)

TAC

857

 

(*1)   

Ní cheadófar aon ghníomhaíocht iascaireachta, lena n-áirítear trasloingsiú, coinneáil ar bord, tabhairt i dtír agus céad díol ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh 2022.



( 1 ) Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach idir an 15 Lúnasa agus an 31 Nollaig 2022 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011.

( 2 ) TBB, OTB, PTB, TBN, TBS, TB, OTM, PTM, TMS, TM, OTT, OT, PT, TX, OTP, TSP.

►M1  ( 3 ) De bhreis ar an uasiarracht iascaireachta incheadaithe thuasluaite do thrálaeir, féadfaidh Ballstát cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta a dheonú do shoithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu laistigh de 2 % den iarracht iascaireachta ar an mBallstát sin le haghaidh na roinne cabhlaigh lena mbaineann, ar choinníoll: ◄

(a) 

go n-úsáideann na soithí sin trál a bhfuil soc-fhoirceann de mhogallmhéid chearnógach 45 mm aige chun gabhálacha colmóirí óga a laghdú 25 % ar a laghad; nó

(b) 

go n-úsáideann na soithí sin trál a bhfuil soc-fhoirceann de mhogallmhéid chearnógach 50 mm aige d’iascaigh dhomhainfharraige chun gabhálacha séaclaí gorma agus dearga ag a bhfuil fad carapáis níos lú ná 25 mm i bhfolimistéir gheografacha 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad agus gabhálacha séaclaí móra dearga ag a bhfuil fad carapáis níos lú ná 35 mm sna folimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad; nó

(c) 

go n-úsáideann na soithí sin trealamh an-roghnaíoch rialáilte, agus is é an toradh a bheidh ar na sonraíochtaí teicniúla sin, i gcomhréir leis an staidéar eolaíoch a rinne STECF, laghdú 25 % ar a laghad ar ghabhálacha iasc óg de gach speiceas grinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceithirí de gach speiceas grinnill i gcomparáid le 2020; nó

(d) 

tá limistéir choiscthe shealadacha glactha ag an mBallstát lena mbaineann chun gabhálacha iasc óg de gach speiceas grinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheacha de gach speiceas grinnill a laghdú faoi 25 % ar a laghad.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an liosta de na soithí iascaireachta lena mbaineann cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta den sórt sin, chomh maith leis an líon gaolmhar laethanta iascaireachta.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra freisin don Choimisiún i leith gach míosa maidir leis an iarracht a rinneadh agus atá le ríomh in aghaidh an cionranna breise sin, trí úsáid a bhaint as na cóid tuairiscithe shonracha don chionroinnt sin (EFF1/MED1_TR1_AA, EFF1/MED1_TR2_AA, EFF1/MED1_TR3_AA, EFF1/MED1_TR4_AA agus EFF2/MED1_TR1_AA, EFF2/MED1_TR2_AA, EFF2/MED1_TR3_AA, EFF2/MED1_TR4_AA).

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, gach faisnéis atá ar fáil a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (d).

Ríomhfar 2 % foriomlán den iarracht iascaireachta ó chionroinnt uasta iarrachta ceadaithe na roinne cabhlaigh ábhartha den Bhallstát lena mbaineann, amhail ón 1 Eanáir 2022.

►M1  ( 4 ) De bhreis ar an uasiarracht iascaireachta incheadaithe thuasluaite do thrálaeir, féadfaidh Ballstát cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta a dheonú do shoithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu laistigh de 2 % den iarracht iascaireachta ar an mBallstát sin le haghaidh na roinne cabhlaigh lena mbaineann. ◄

Féadfaidh Ballstát déanamh amhlaidh, ar choinníoll an méid seo a leanas:

(a) 

go n-úsáideann na soithí sin trál a bhfuil soc-fhoirceann de mhogallmhéid chearnógach 45 mm aige chun gabhálacha colmóirí óga a laghdú 25 % ar a laghad; nó

(b) 

go n-úsáideann na soithí sin trál a bhfuil soc-fhoirceann de mhogallmhéid chearnógach 50 mm aige d’iascaigh dhomhainfharraige chun gabhálacha séaclaí gorma agus dearga ag a bhfuil fad carapáis níos lú ná 25 mm i bhfolimistéir gheografacha 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad agus gabhálacha séaclaí móra dearga ag a bhfuil fad carapáis níos lú ná 35 mm sna folimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad; nó

(c) 

go n-úsáideann na soithí sin trealamh an-roghnaíoch rialáilte, agus is é an toradh a bheidh ar na sonraíochtaí teicniúla sin, i gcomhréir leis an staidéar eolaíoch a rinne STECF, laghdú 25 % ar a laghad de ghabhálacha iasc óg de gach speiceas grinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceithirí gach speicis grinnill i gcomparáid le 2020; nó

(d) 

tá limistéir choiscthe shealadacha glactha ag an mBallstát lena mbaineann chun gabhálacha iasc óg de gach speiceas grinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheacha de gach speiceas grinnill a laghdú faoi 25 % ar a laghad.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an liosta de na soithí iascaireachta lena mbaineann cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta den sórt sin, chomh maith leis an líon gaolmhar laethanta iascaireachta.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra freisin don Choimisiún i leith gach míosa maidir leis an iarracht a rinneadh agus atá le ríomh in aghaidh an cionranna breise sin, trí úsáid a bhaint as na cód tuairiscithe shonracha don chionroinnt sin (EFF1/MED2_TR1_AA, EFF1/MED2_TR2_AA, EFF1/MED2_TR3_AA, EFF1/MED2_TR4_AA agus EFF2/MED2_TR1_AA, EFF2/MED2_TR2_AA, EFF2/MED2_TR3_AA, EFF2/MED2_TR4_AA).

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, gach faisnéis atá ar fáil a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (d).

Ríomhfar 2 % foriomlán den iarracht iascaireachta ó chionroinnt uasta iarrachta ceadaithe na roinne cabhlaigh ábhartha den Bhallstát lena mbaineann, amhail ón 1 Eanáir 2022.

Top