ECO/573
Cánachas íosta éifeachtach cuideachtaí
TUAIRIM
Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a bhunú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas Eorpach
[COM(2021) 823 final– 2021/0433(CNS)]
Rapóirtéir: Krister ANDERSSON
Comhrapóirtéir: Petru Sorin DANDEA
|
Comhairliúchán
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh 10/02/2022
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
03/03/2022
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Tá sé d’aidhm ag an togra ón gCoimisiún Rialacha Samhla Domhanda i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (Rialacha Samhla GloBE) a áirítear i gColún 2 de Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 san Aontas Eorpach a thrasuí. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an Coimisiún ag obair go hiomlán i gcomhréir le pléití agus comhaontuithe idirnáisiúnta agus tacaíonn sé go láidir le cuspóirí an Choimisiúin.
1.2Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún ‘go mbraitheann éifeachtacht agus cothroime an athchóirithe dhomhanda ar an gcánachas íosta go mór ar a chur chun feidhme ar fud an domhain’. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go n-éireoidh leis an gcaibidlíocht agus go gcuirfí i gcrích í in am trátha. Tá cur chun feidhme comhchoiteann ar fud an domhain gan an rórialáil riachtanach chun go mbeidh na rialacha éifeachtach agus chun nach ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh.
1.3Aontaíonn CESE go láidir leis an gCoimisiún go bhfuil sé ‘éigeantach cur chun feidhme aonfhoirmeach Rialacha Samhla ECFE san Aontas a áirithiú’ agus nach féidir sin a dhéanamh ach ‘má achtaítear reachtaíocht go lárnach agus má thrasuitear ar bhealach aonfhoirmeach í’.
1.4Cé go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh plé teicniúil agus obair ullmhúcháin ar siúl cheana ar leibhéal an Aontais, tugann CESE dá aire go bhfuil an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) fós ag obair ar rialacha mionsonraithe breise a dhréachtú agus ar shainmhínithe a shoiléiriú. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, na moltaí agus na torthaí oibre ar fad a tháinig as caibidlíocht ECFE atá ar siúl faoi láthair a mheas agus a chur san áireamh.
1.5Tacaíonn CESE le hiarracht ar bith atá dírithe ar na costais chomhlíontachta a laghdú do chuideachtaí agus d’údaráis chánach Eorpacha agus an córas nua á cheapadh. Is saincheist chasta í cur chun feidhme iomlán Cholún a Dó a mbeidh neart ama agus iarrachta ag teastáil ina leith, ó chuideachtaí agus ó údaráis chánach araon. Sna míonna amach romhainn, táthar ag súil go gcuirfidh ECFE rialacha tábhachtacha i láthair maidir le tearmainn, comhdú riaracháin simplithe etc., rud a d’fhéadfadh cur chun feidhme an chórais nua cánach a éascú do ghnólachtaí agus d’údaráis chánach araon. Ba cheart na rialacha sin a áireamh sa Treoir.
1.6Measann CESE nár cheart forálacha sonracha cánach arna n-achtú ag parlaimintí sna Ballstáit d’aon ghnó mar dhreasachtaí le haghaidh infheistíochtaí agus iarrachtaí fostaíochta a neodrú leis na Rialacha Samhla. Tá sé tábhachtach geilleagar níos glaise atá digiteálaithe a chur chun cinn, agus ba cheart ról a bheith ag cúrsaí cánach sa mhéid sin.
1.7Iarrann CESE go n-áireofaí sa Treoir foráil lena bhféadfar an Treoir maidir le Réiteach Díospóidí a chur i bhfeidhm idir na Ballstáit, ar a laghad, le haghaidh díospóidí a bhaineann le Colún 2.
1.8Aontaíonn an Coiste gur cheart pionóis a ghearradh as neamhchomhlíonadh agus iarrann sé ar na Ballstáit cigireachtaí cánach críochnúla a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha na Treorach ina n-iomláine.
1.9Iarrann CESE go ndéanfaí athbhreithniú ar liosta an Aontais de na tríú tíortha nach bhfuil ag comhoibriú i ndáil leis an bpacáiste cánach.
1.10Ba mhaith le CESE a chur in iúl gur freagairt ar sheanéileamh ón bpobal i gcoitinne é cánachas cothrom a ghearradh ar chuideachtaí ilnáisiúnta agus tá sé ag súil go dtiocfar ar chomhaontú go pras maidir le Colún 2 san Aontas agus ar fud an domhain.
2.Cúlra agus togra ón gCoimisiún
2.1Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas ná Rialacha Samhla ECFE i dtaca le cur chun feidhme intíre íoschánach domhanda a thrasuí (Creat Cuimsitheach ECFE) san Aontas trí bhíthin rialacha aonfhoirmeacha agus cur chun feidhme aonfhoirmeach.
2.2Níl na rialacha cánachais náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhí ann leis na céadta bliain oiriúnach a thuilleadh do chuid de na samhlacha nua gnó a úsáidtear sa lá atá inniu ann. Tá neart cuideachtaí nach bhfuil láithreacht fhisiciúil acu i roinnt mhaith tíortha agus dá bhrí sin, ní íocann siad an méid céanna cánach corparáide sna dlínsí sin agus a íocann na cuideachtaí atá ann go fisiciúil.
2.3Bhí buiséid phoiblí faoi bhrú tar éis ghéarchéim airgeadais 2008–2009. Chuir na tosca sin ar fad le próiseas san ECFE a ceapadh chun aghaidh a thabhairt ar Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS).
2.4Tar éis thionscadal BEPS de chuid ECFE in 2015, tháinig Comhaltaí Chreat Cuimsitheach (IF) G20/OECD ar chomhaontú maidir leis an gcaoi is fearr le tabhairt faoi na dúshláin mhéadaitheacha chánach a eascraíonn as digiteáil an gheilleagair.
2.5Tá dhá cholún i gceist leis an bpacáiste a comhaontaíodh, agus baineann na colúin sin le cuideachtaí i ngach earnáil. Le Colún 2, cumhdaítear grúpaí gnó a bhfuil láimhdeachas de EUR 750 milliún ar a laghad acu. Le Colún 1, beartaítear athdháileadh páirteach ar chearta chun cánachais i dtreo dlínsí margaidh agus le Colún 2, beartaítear íoschánachas éifeachtach a thabhairt isteach de 15 %. Is éard atá i Rialacha Samhla ECFE 70 leathanach de rialacha atá thar a bheith casta agus teicniúil, lena n-áirítear 10 leathanach de shainmhínithe chun ‘cur chuige coiteann’ a chumasú i dtreo an chánachais íosta dhomhanda.
2.6Is éard atá i gColún 2 ná dhá riail Eorpacha: i) an Riail maidir le Cuimsiú Ioncaim (RCI) agus ii) a cúlstop, an Riail maidir le hÍocaíochtaí faoi Thearc-Cháin (RÍFTC), ar a dtugtar le chéile na Rialacha Domhanda i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (GloBE), agus riail bunaithe ar chonradh – an Riail Faoi-Réir-Cánach.
2.7Leis an togra, ceanglaítear ar an máthaireintiteas deiridh an cháin bhreisiúcháin a íoc, i.e. gannchion an ghrúpa iomlán sa dlínse ina bhfuil sé bunaithe. Dá bhrí sin, is í an dlínse sin a bhaileoidh an t-ioncam cánach, rud a chiallaíonn go mbeidh an cháin agus ioncam cánach i ndlínse eile. Níl aon oibleagáid ar thíortha a ráta cánach a mhéadú go dtí an t-íosleibhéal.
2.8Má tá an máthaireintiteas deiridh lonnaithe i dtír nár achtaíodh RCI cáilitheach inti, bíonn feidhm ag an RÍFTC, a cheanglaíonn ar dhlínsí ina bhfuil an fiontar ilnáisiúnta (FIN) sin gníomhach coigeartú coibhéiseach a dhéanamh de réir na Rialacha Samhla ionas go ndéanfar dliteanas cánach na gcuideachtaí grúpa a choigeartú sa chaoi is go mbaileofar an cháin bhreisiúcháin iomlán.
2.9Leithdháiltear cáin bhreisiúcháin ar dhlínsí bunaithe ar sciar na dlínse d’fhostaithe agus de shócmhainní inláimhsithe an ghrúpa i ndlínsí a d’achtaigh na forálacha maidir le RÍFTC.
2.10Agus cáin bhreisiúcháin á ríomh i gcás gach dlínse, déantar eisiamh gearrtha amach bunaithe ar shubstaint a chur san áireamh, rud lena ligtear cáin a ghearradh ar mhéid áirithe ioncaim faoi bhun an ráta íosta éifeachtaigh. Socraítear an t-ioncam eisiata ar dtús ag 10 % de chostais phárolla áitiúla agus 8 % de luach na sócmhainní inláimhsithe a úsáidtear go háitiúil, agus laghdófar an dá cheann go 5 % thar thréimhse deich mbliana.
2.11Faoi Rialacha Samhla ECFE, úsáidtear cuntais airgeadais mar bhonn chun na rátaí cánach éifeachtacha a ríomh, le coigeartuithe casta. Foráiltear leo freisin go bhféadfadh dlínse modh náisiúnta a ghlacadh chun an t-íosmhéid cánach breisiúcháin a ríomh, agus sa chás sin, dhéanfaí an cháin bhreisiúcháin a leithdháileadh ar an dlínse sin agus a bhailiú inti. Dá bhrí sin, ní aistreofaí aon ioncam cánach ón dlínse sin chuig dlínse eile.
2.12Tá gealltanas tugtha cheana féin ag ECFE an tráchtaireacht ar na Rialacha Samhla a chur ar fáil le linn na chéad ráithe de 2022 chun léirmhíniú na rialacha a shoiléiriú agus chun tuilleadh treorach/soiléirithe a fhorbairt maidir le Tearmainn agus Treoir Riaracháin. D’fhéadfaí a bheith ag súil le soiléiriú breise.
2.13Tá tuiscint choiteann ar na rialacha ar an leibhéal domhanda agus cur chun feidhme aonfhoirmeach ó thaobh ábhair agus tráthúlachta de ríthábhachtach chun saobhadh a sheachaint agus chun cothrom na Féinne agus iomaíochas Eorpach a áirithiú.
2.14Anuas ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Cánachas Gnó don 21ú haois’, níl sa togra ón gCoimisiún ach na Rialacha Samhla GloBE a áirítear i gColún 2 de Chreat Cuimsitheach OECD/G20. Níl Colún 1 chomh forbartha céanna le Colún 2. Féadfaidh an chuid sin den phacáiste a bheith faoi réir Threoir AE freisin.
2.15Sainmhínítear raon feidhme na Treorach trí thagairt a dhéanamh do chomheintitis atá lonnaithe san Aontas agus atá mar chuid de ghrúpaí FIN nó de ghrúpaí náisiúnta mórscála ag a bhfuil ioncam grúpa comhdhlúite níos mó ná EUR 750 milliún acu in dhá cheann de na ceithre bliana roimhe sin ar a laghad.
2.16Déantar foráil leis an Treoir maidir le cásanna ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe lasmuigh den Aontas i ndlínse nach gcuireann RCI cáilitheach i bhfeidhm, beidh a chomheintitis uile sna dlínsí ina bhfuil creat iomchuí RÍFTC faoi réir RÍFTC. I gcás den sórt sin, beidh comheintitis an ghrúpa FIN sin atá lonnaithe i mBallstát faoi réir cánach breisiúcháin sa Bhallstát, a chomhroinnfear bunaithe ar fhoirmle dhá thoisc, arna ríomh i ndáil le hioncam ísealchánach chomheintitis an ghrúpa FIN.
2.17Áirítear sa Treoir rialacha chun ‘ioncam cáilitheach’ a ríomh, is é sin an t-ioncam coigeartaithe a chuirfear san áireamh chun an ráta cánach éifeachtach a ríomh. Chun an t-ioncam sin a ríomh, tosaítear le glanioncam nó le glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis le haghaidh na bliana fioscaí. Cuirtear coigeartuithe sonracha casta i bhfeidhm maidir leis an difríocht idir cuntasaíocht airgeadais agus cuntasaíocht chánach. Baineann na príomhchoigeartuithe leis na ceanglais i dtaca le hioncam/costais a thuairisciú nuair nach n‑aithnítear cuir i gcás, forálacha ísealchánach do thicbhoscaí paitinní, ach go n-aithnítear dímheas luathaithe ar shócmhainní seasta.
2.18Leagtar amach rialacha maidir le ‘cánacha cumhdaithe coigeartaithe’ comheintitis a ríomh le haghaidh bliain fhioscach. Is é an príomhphrionsabal a bhaineann le cánacha cumhdaithe a leithdháileadh iad a shannadh ar an dlínse inar tuilleadh na bunbhrabúis atá faoi réir na gcánacha sin. Chun an prionsabal sin a áirithiú, déantar foráil sa Treoir freisin maidir le rialacha speisialta i leith cánacha nó sreafaí ioncaim trasteorann i gcás máthaireintitis, eintiteas tréshreafa, corparáid faoi rialú eachtrach, eintiteas hibrideach nó cánacha ar dhíbhinní.
2.19Is é an sainmhíniú atá sa Treoir go ríomhtar an ráta éifeachtach trí chánacha cumhdaithe coigeartaithe an ghrúpa a roinnt ar an ioncam coigeartaithe arna thuilleamh ag an ngrúpa, i ndlínse shonrach le haghaidh na bliana fioscaí. I gcomhréir leis an gcomhaontú domhanda agus chun trasuíomh a áirithiú, socraítear leis an Treoir an t‑íosráta cánach éifeachtach ag 15 % chun críoch Rialacha Samhla GloBE.
2.20Chun costais chomhlíontachta a laghdú i gcásanna ina bhfuil riosca íseal ann, tá feidhm ag eisiamh maidir le híosmhéideanna brabúis: an cur chuige de minimis. Bíonn an t‑eisiamh sin i gceist nuair atá brabúis chomheintitis an ghrúpa FIN faoi bhun EUR 1 mhilliún agus nuair atá na hioncaim atá acu faoi bhun EUR 10 milliún.
2.21Tá rialacha speisialta infheidhme maidir le cumaisc, éadálacha, comhfhiontair, agus grúpaí FIN ilmháthair. Déantar foráil inti maidir le tairseach ioncaim chomhdhlúite a chur i bhfeidhm maidir le comhaltaí grúpa i gcás cumaisc nó díchumaisc. I gcás ina bhfaigheann grúpa FIN comheintiteas, nó i gcás ina ndíolann grúpa FIN comheintiteas laistigh de raon feidhme na rialacha sin, ba cheart caitheamh leis an gcomheintiteas sin mar chuid den dá ghrúpa le linn na bliana, agus coigeartuithe áirithe a dhéanamh ar luachanna na n‑aitreabúidí a úsáidtear chun Rialacha Samhla GloBE a oibriú (cánacha cumhdaithe, párolla incháilithe, sócmhainní inláimhsithe incháilithe, sócmhainní cánach iarchurtha GloBE).
2.22Tá rialacha sa Treoir maidir le socruithe i leith córais neodrachta cánach agus córais cánach dáileachán. Chun torthaí neamhbheartaithe a sheachaint, amhail dliteanas cháin bhreisiúcháin RÍFTC díréireach i ngrúpa FIN, déantar foráil leis an Treoir maidir le rialacha speisialta chun ioncam an mháthaireintitis deiridh a ríomh, i gcás inar eintiteas tréshreafa é an t‑eintiteas sin nó i gcás ina bhfuil sé faoi réir córas díbhinní in‑asbhainte.
2.23Leis an Treoir, ceanglaítear ar chomheintiteas grúpa FIN atá lonnaithe i mBallstát tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú, ach amháin má chomhdaíonn an grúpa FIN an tuairisceán i ndlínse eile, lena bhfuil comhaontú maidir le malartú faisnéise ag an mBallstát. Ní mór na tuairisceáin a chomhdú laistigh de 15 mhí ó dheireadh na bliana fioscaí lena mbaineann siad.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir arb é is aidhm di Colún 2 a thrasuí laistigh de chóras dlí an Aontais Eorpaigh agus ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Tacaíonn CESE go láidir leis an gCoimisiún agus tuigeann sé go bhfuil an Coimisiún ag cur a chuid oibre in oiriúint do phléití agus comhaontuithe idirnáisiúnta. Tugann CESE dá aire nach ndéanann an comhaontú difear do chuideachtaí atá faoi bhun tairseacha áirithe ach gur rialacha ginearálta iad agus go mbeidh feidhm acu, de réir ECFE, maidir leis na céadta cuideachtaí. D’fhéadfadh sé go mbeadh buanbhunaíochtaí agus fochuideachtaí iomadúla ag gach grúpa gnó a thagann faoi raon feidhme an togra.
3.2Tugann CESE dá aire nár aontaigh ceithre thír as na tíortha ar fad atá rannpháirteach sa Chreat Cuimsitheach leis an bpacáiste, i gcomparáid le 137 dtír a shínigh an comhaontú domhanda. Féadfaidh treoir an Aontais maidir le cáin íosta bearta cosanta breise a chur ar fáil i gcoinne cleachtais dhíobhálacha BEPS agus tacaíonn CESE le spriocanna thionscadal BEPS, agus thacaigh sé i gcónaí leo, chun airgeadas poiblí inbhuanaithe san Aontas a áirithiú.
3.3Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún go bhfuil ‘éifeachtacht agus cothroime an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta ag brath go mór ar a chur chun feidhme ar fud an domhain’. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go n-éireoidh leis an gcaibidlíocht agus go gcuirfí i gcrích í in am trátha. Tá cur chun feidhme comhchoiteann ar fud an domhain riachtanach chun go mbeidh na rialacha éifeachtach agus chun nach ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh.
3.4Measann CESE gur cheart caitheamh le Colún 1 agus Colún 2 de Chreat Cuimsitheach ECFE G/20 mar phacáiste cuimsitheach atá comhtháite go frithpháirteach. Tá an chomhsheasmhacht fíorthábhachtach agus an dá cholún á gcur chun feidhme. Molann CESE do na Ballstáit agus don Choimisiún cur lena n-iarrachtaí caibidlíochta tríd an ECFE chun a áirithiú go gcuirfear Colún 1 chun feidhme ar an leibhéal domhanda a luaithe is féidir.
3.5Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún go bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais agus go bhfuil sé ‘ríthábhachtach cur chun feidhme aonfhoirmeach na Rialacha Samhla ECFE ar fud an Aontais a áirithiú’. Ina theannta sin, aontaíonn CESE nach féidir sin a dhéanamh ach ‘má achtaítear reachtaíocht go lárnach agus má thrasuitear ar bhealach aonfhoirmeach í’. Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór don Treoir na saoirsí bunúsacha agus oibleagáidí agus inniúlachtaí an Chonartha a urramú.
3.6Éascaítear próiseas an Aontais toisc gur ghlac na Ballstáit uile páirt i bpléití ECFE/IF, nó gur aontaigh siad leis an toradh ó shin i leith. Ba mhaith le CESE a chur in iúl gur freagairt ar sheanéileamh ón bpobal i gcoitinne é cánachas cothrom ar chuideachtaí ilnáisiúnta agus tá sé ag súil go dtiocfar ar chomhaontú go pras maidir le Colún 2 san Aontas agus ar fud an domhain.
3.7Cé go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh plé teicniúil agus obair ullmhúcháin ar siúl cheana ar leibhéal an Aontais, tugann CESE dá aire go bhfuil an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) fós ag obair ar rialacha mionsonraithe breise a dhréachtú agus ar shainmhínithe a shoiléiriú. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, na moltaí agus na torthaí oibre ar fad a tháinig as caibidlíocht ECFE atá ar siúl faoi láthair a mheas agus a chur san áireamh, ós rud é gur cheart próiseas d’fhonn an treoir a leasú nó a athrú a sheachaint. Ar an gcaoi chéanna, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an tAontas breithniú cúramach ar thráthúlacht an chur chun feidhme ag dlínsí tríú tíortha.
3.8Tacaíonn CESE le rogha an Choimisiúin cur leis an obair ullmhúcháin fhairsing a rinneadh go hidirnáisiúnta, agus leas á bhaint as measúnú tionchair ECFE chun an togra atá á scrúdú faoi láthair a fhorbairt, agus gan an obair a mhéadú faoi dhó trí bhíthin measúnú tionchair nua. Mar sin féin, ba mhór ag CESE dá ndéanfaí measúnú tionchair ar na codanna sin den Treoir lena gcuirfí í i gcomhréir le dlí an Aontais. Iarrann CESE go ndéanfaí anailís den sórt sin agus go gcuirfí ar fáil go poiblí í.
3.9Tugann CESE dá aire agus tuigeann sé nach mór ceanglais dhlí an Aontais a chomhlíonadh. Is é an modh is éasca, ach ní gá gurb é an t-aon mhodh amháin é, forálacha RCI a leathnú chuig cásanna náisiúnta amháin.
3.10Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún gur inmhianaithe líon teoranta cáiníocóirí a bheith rannpháirteach ann agus go bhfuil an tairseach EUR 750 milliún ‘comhsheasmhach le Rialacha Samhla ECFE agus le ceanglais dhlí an Aontais’, agus prionsabal na comhréireachta á urramú ar an gcaoi sin. Tugann CESE dá aire go bhfuil an tairseach i gcomhréir leis na rialacha maidir le Tuairisciú de réir tíre agus leis an Treoir in aghaidh Seachaint Cánach.
3.11Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún i dtaca leis an ráta íosta cánach 15 % a chomhaontaigh Creat Cuimsitheach OECD/G20 maidir le BEPS go ‘léirítear cothromaíocht i measc rátaí cánach corparáide ar fud an domhain’. Tá sé tábhachtach an comhaontú a rinne rialtais a urramú agus na rialacha a thrasuí agus na cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe sin a chur faoi dhliteanas an cháin bhreisiúcháin a íoc. Tacaíonn CESE freisin, i gcomhréir le comhaontú ECFE, go n‑áireofaí díolmhú bunaithe ar thábhacht eacnamaíoch agus bunaithe ar na costais a bhaineann le fostaithe agus ar luach sócmhainní inláimhsithe agus aontaíonn sé le measúnú an Choimisiúin ‘nach dócha go dtiocfadh borradh faoi chleachtais BEPS i gcás den sórt sin’ nuair a bheidh fíorghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar siúl.
3.12Tacaíonn CESE le hiarracht ar bith atá dírithe ar na costais chomhlíontachta a laghdú do chuideachtaí agus d’údaráis chánach Eorpacha agus an córas nua á cheapadh. Is saincheist chasta í cur chun feidhme iomlán Cholún 2 a mbeidh neart ama agus iarrachta ag teastáil ina leith. Beidh ar údaráis chánach na córais agus na gnáthaimh a fhorbairt chun na hoibleagáidí cánach nua a ríomh agus a bhailiú. Ina theannta sin, beidh pearsanra leordhóthanach agus oilte de dhíth chun cur chun feidhme gasta a áirithiú, agus acmhainní á gcur ar fáil san am céanna d’inniúlachtaí idirnáisiúnta cánach eile amhail Réamh-chomhaontuithe Praghsála (APA) agus sásraí um réiteach díospóidí. Spreagann CESE na húdaráis chánach chun tús a chur leis an obair ullmhúcháin sin nó chun í a chur chun cinn a thuilleadh má táthar chun amlíne an chur chun feidhme (Eanáir 2023) a bhaint amach.
3.13Iarrann CESE go bhféadfar an treoir maidir le réiteach díospóidí a chur i bhfeidhm idir na Ballstáit, ar a laghad, le haghaidh díospóidí a bhaineann le Colún 2. Tá na rialacha nua sin maidir le réiteach díospóide cánach i bhfeidhm ón 1 Iúil 2019 i leith. Leagtar síos iad i dTreoir 2017/1852 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 agus cuireann siad feabhas suntasach ar réiteach díospóidí cánach, mar go gcinntíonn siad gur féidir le gnólachtaí agus saoránaigh díospóidí a bhaineann le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm conarthaí cánach a réiteach ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtaí.
3.14Tacaíonn CESE, i gcomhréir le comhaontú ECFE, leis an eisiamh de minimis, lena gceadaítear eintiteas MNE a eisiamh i gcás nach mó ná EUR 1 mhilliún brabús an eintitis sin agus nuair is lú ná EUR 10 milliún an t-ioncam. D’fhéadfadh sé go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar an uasteorainn le himeacht ama.
3.15Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach na rialacha tearmainn atá beartaithe a chur i láthair luath go leor ionas gur féidir na rialacha sin a thrasuí sa treoir dheiridh. Tá an méid sin tábhachtach chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint do cháiníocóirí agus do riaracháin chánach.
3.16Aontaíonn CESE leis an rún gur cheart foráil a dhéanamh sa Treoir go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar chritéir choibhéise RCI, mar aon le liostú de na dlínsí tríú tír a chomhlíonann na critéir choibhéise. Féadfar an liosta sin a mhodhnú trí ghníomh tarmligthe.
3.17Tugann CESE dá aire an rún a d’fhógair Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh go dtabharfaí an plé chun críche, más féidir, roimh na toghcháin Fhrancacha a bheidh ann i mí Aibreáin 2022. Ba cheart don Aontas a chomhpháirtithe trádála a spreagadh chun a bheith chomh huaillmhianach céanna.
4.Barúlacha sonracha
4.1Tá sé tábhachtach nach ndéanfar forálacha cánach eile arna n-achtú ag parlaimintí sna Ballstáit mar dhreasachtaí d’aon ghnó le haghaidh infheistíochtaí agus iarrachtaí fostaíochta a neodrú leis na Rialacha Samhla. Níor cheart cosc a chur ar rialacha atá i bhfeidhm ar feadh i bhfad, cuir i gcás, dímheas luathaithe a cheadú d’infheistíochtaí seasta, dreasachtaí do ghníomhaíochtaí T&F nó tionscnaimh nua chun forbairt geilleagair atá níos glaise agus níos digiteálaithe a chur chun cinn. Baineann sé sin le tionscnaimh téarnaimh eacnamaíoch a bhaineann leis an bpaindéim, ach le forbairtí teicneolaíocha amach anseo freisin, ar cheart iad a spreagadh.
4.2Beidh impleachtaí ag cur chun feidhme Rialacha Samhla GloBE san Aontas ar fhorálacha reatha na Treorach in aghaidh Seachaint Cánach (ATAD) agus ar rialacha maidir le Corparáidí faoi Rialú Eachtrach (CFC) go sonrach, rialacha a d’fhéadfadh idirghníomhú le príomhriail Cholún 2 – RCI. Luadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cánachas Gnó don 21ú hAois gur ghlac na rialtais náisiúnta líon mór beart éagsúil in aghaidh seachaint cánach agus imghabháil cánach, ar bearta iad a chuir le castacht an scéil. Fiú murar gá leasú a dhéanamh ar an Treoir in aghaidh Seachaint Cánach, d’fhéadfadh sé go rachadh athbhreithniú ar éifeachtacht agus ualach riaracháin na rialacha comhcheangailte chun tairbhe do riaracháin chánach agus do ghnólachtaí araon.
4.3Tá CESE ar aon intinn le dearcadh an Choimisiúin go bhféadfaí le trasuí Rialacha Samhla GloBE san Aontas, an bealach a réiteach chun teacht ar chomhaontú maidir leis an togra atá ar feitheamh chun an Treoir maidir le hÚs agus Ríchíosanna a athmhúnlú.
4.4Iarrann CESE go ndéanfaí dlúthfhaireachán ar éifeachtacht na rialacha agus ar na costais riaracháin. Ba cheart do na Ballstáit úsáid iomarcach rialuithe cánach a sheachaint má tá siad díobhálach d’fhorálacha an chomhaontaithe dhomhanda.
4.5Aontaíonn CESE gur cheart pionóis a ghearradh as neamhchomhlíonadh agus iarrann sé ar na Ballstáit cigireachtaí cánach críochnúla a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha na Treorach ina n-iomláine.
4.6Iarrann CESE go ndéanfaí athbhreithniú ar liosta an Aontais de na tríú tíortha nach bhfuil ag comhoibriú i bhfianaise chur chun feidhme phacáiste cánach ECFE a comhaontaíodh.
4.7Ba mhaith le CESE a chur in iúl gur freagairt ar sheanéileamh ón bpobal i gcoitinne é cánachas cothrom ar chuideachtaí ilnáisiúnta agus tá sé ag súil go dtiocfar ar chomhaontú go pras maidir le Colún 2 san Aontas agus ar fud an domhain.
An Bhruiséil, 3 Márta 2022
Stefano PALMIERI
Cathaoirleach ar an Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
_____________