EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2015/130A/01

Fad a chur le tréimhse bhailíochta na ngearrliostaí

IO C 130A, 22.4.2015, p. 1–1 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.4.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Fad a chur le tréimhse bhailíochta na ngearrliostaí

 

Le cinneadh ó Leas-Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh, cuirtear fad le bailíocht na ngearrliostaí a bunaíodh tar éis na gcomórtas ginearálta a liostaítear thíos go dtí an 31 Nollaig 2015:

Comhairle/420/AD5

eagraithe chun painéal de riarthóirí sóisearacha a bhunú i réimse na slándála (Oifig Phríobháideach/Slándáil: Seirbhís na Slándála Seachtraí/Cosaint na Misean), a fógraíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Uimh. C 316 A an 13 Nollaig 2005;

Comhairle/421/AD5

eagraithe chun painéal de riarthóirí sóisearacha a bhunú i réimse na slándála (Oifig Phríobháideach/Slándáil: Seirbhís na Cosanta Inmheánaí), a fógraíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Uimh. C 316 A an 13 Nollaig 2005;

CONS/AD/430

(dhá phróifíl)

eagraithe chun painéal de riarthóirí sinsearacha a bhunú i réimse an Bheartais Eorpaigh Slándála agus Cosanta (BESC). Dhá phróifíl ag grád AD 9 a bhí sa chomórtas (próifíl 1: pleanálaithe straitéiseacha sinsearacha d'oibríochtaí agus de mhisin i mbainistiú géarchéimeanna; próifíl 2: pleanálaithe sinsearacha chun cumais mhíleata/shibhialta/spáis a fhorbairt), a fógraíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Uimh. C 178 A an 15 Iúil 2008.

CONS-COMM/AD/433

chun painéal de chinn aonaid ag grád AD 12 a bhunú i réimse an aistriúcháin, agus an Ghaeilge acu mar phríomhtheanga, a fógraíodh in  Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Uimh. C 99 A an 30 Aibreán 2009.


Top