EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CN0475
Case C-475/23, Voestalpine Giesserei Linz: Request for a preliminary ruling from the Curtea de Apel Cluj (Romania) 25 July 2023 — Voestalpine Giesserei Linz v Administrația Județeană a Finanțelor Publice Cluj, Direcția Generală Regională a Finanțelor Publice Cluj-Napoca
Cás C-475/23, Voestalpine Giesserei Linz: Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Cluj (an Rómáin) an 25 Iúil 2023 – Voestalpine Giesserei Linz v Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Cluj, Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Cluj-Napoca
Cás C-475/23, Voestalpine Giesserei Linz: Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Cluj (an Rómáin) an 25 Iúil 2023 – Voestalpine Giesserei Linz v Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Cluj, Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Cluj-Napoca
IO C, C/2023/499, 6.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/499/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/499 |
6.11.2023 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Cluj (an Rómáin) an 25 Iúil 2023 – Voestalpine Giesserei Linz v Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Cluj, Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Cluj-Napoca
(Cás C-475/23, Voestalpine Giesserei Linz)
(C/2023/499)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel Cluj
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir agus Achomharcóir: Voestalpine Giesserei Linz
Cosantóirí agus Freagróirí: Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Cluj, Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Cluj-Napoca
Na ceisteanna a tharchuirtear
1) |
An gcuirtear cosc le forálacha Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (1), maidir leis an gceart chun CBL a asbhaint, ar chleachtas náisiúnta faoina bhfaigheann cuideachta sócmhainn, a chuireann sí ar fáil ina dhiaidh sin d’fhochonraitheoir, saor in aisce, chun críche gníomhaíochtaí a chur i gcrích ar mhaithe leis an gcéad chuideachta, diúltaítear don chuideachta sin an ceart chun an CBL a bhaineann leis an tsócmhainn fhaighte a asbhaint, ar an bhforas go meastar nach chun críocha a idirbheart inchánach atá an éadáil, ach chun críocha idirbhearta inchánach an fhochonraitheora? |
2) |
An gcuirtear cosc le forálacha Threoir 2006/112/CE ón gComhairle, maidir leis an gceart chun CBL a asbhaint, ar chleachtas náisiúnta faoina ndiúltaítear don cháiníocóir an ceart chun asbhaint a dhéanamh ar an bhforas nár choinnigh sé cuntais ar leith don bhuan-bhunaíocht sa Rómáin, agus ar an gcúis sin ní féidir leis na húdaráis chánach costais an tsaothair a úsáidtear le haghaidh teilgin arb é [an cáiníocóir sin] a n-úinéir nó fiú an ghníomhaíocht phróiseála iomlán a dhéantar ar chríoch na Rómáine a fhíorú? |
(1) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/499/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)