EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023SC0387

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR […] a ghabhann leis na doiciméid Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004, (CE) Uimh. 1107/2006, (AE) Uimh. 1177/2010, (AE) Uimh. 181/2011 agus (AE) 2021/782 a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú ceart paisinéirí san Aontas Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí i gcomhthéacs turas ilmhódach

SWD/2023/387 final

An Bhruiséil,29.11.2023

SWD(2023) 387 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

[…]

a ghabhann leis na doiciméid

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004, (CE) Uimh. 1107/2006, (AE) Uimh. 1177/2010, (AE) Uimh. 181/2011 agus (AE) 2021/782 a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú ceart paisinéirí san Aontas

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí i gcomhthéacs turas ilmhódach

{COM(2023) 752 final} - {SEC(2023) 392 final} - {SWD(2023) 386 final} - {SWD(2023) 389 final}


A. An gá atá le gníomhaíocht

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais Eorpaigh?

Tá feidhm ag cearta paisinéirí maidir le margadh de thart ar 13,4 billiún paisinéir a théann ar 107 milliún turas gach bliain ar mhodhanna iompair phoiblí, agus is margadh é atá ag dul i méid. Leis na cearta sin, cosnaítear paisinéirí roimh a dturas, lena linn agus ina dhiaidh, agus tá siad i gcroílár bheartas iompair agus tomhaltóirí an Aontais; tháinig siad chun bheith ina dtionscnamh suaitheanta de chuid an Aontais.

Sa chreat um chearta paisinéirí tá cúig Rialachán éagsúla de chuid an Aontais maidir le haeriompar (2), iompar d’iarnród, uisce‑iompar agus iompar de bhus agus de chóiste. Tháinig feabhas mór ar chosaint paisinéirí le scór bliain anuas de bharr a gcur chun feidhme. Mar sin féin, d’ainneoin an dul chun cinn shubstaintiúil a rinneadh, lena n‑áirítear an t‑athmhúnlú ar an Rialachán maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid in 2021, tá mórdhúshláin fós ann. Ar an gcéad dul síos, ní bhaineann paisinéirí ar gach modh iompair tairbhe iomlán as a gcearta de dheasca easnaimh ina gcur chun feidhme agus ina bhforfheidhmiú. Ar an dara dul síos, ní dhéantar foráil leis an gcreat dlíthiúil atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le cosaint do phaisinéirí a théann ar thuras ilmhódach. Ar an tríú dul síos, mar a chonacthas le linn phaindéim COVID‑19, tá na rialacha aisíocaíochta doiléir i gcás ina gcuirtear eitiltí in áirithe trí idirghabhálaí.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Leis an tionscnamh seo, féachtar le feidhmiú cuí an mhargaidh aonair le haghaidh iompar paisinéirí a áirithiú agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a bhaint amach do phaisinéirí le linn dóibh a bheith ag taisteal. Chuige sin, is iad is cuspóirí sonracha dó: 1) forfheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil ar reachtaíocht um chearta paisinéirí a áirithiú ar fud na mBallstát, 2) láimhseáil éifeachtach gearán a áirithiú do phaisinéirí, 3) méadú a dhéanamh ar an gcosaint do phaisinéirí a bhfuil suaití taistil rompu i gcomhthéacs turas ilmhódach, 4) méadú a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus ar an gcúnamh a sholáthraítear do dhaoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (PRM) agus iad ag athrú modhanna iompair, agus 5) próiseas aisíocaíochta soiléir a áirithiú i gcás inar chuir aerphaisinéirí eitilt in áirithe trí idirghabhálaí.

Cad é an breisluach atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

Ní mór paisinéirí a bheith in ann a gcearta a dhearbhú ar an mbealach céanna agus tairbhiú den chosaint chéanna san Aontas Eorpach, gan beann ar an mBallstát a dtaistealaíonn siad chuige. Ar na cúiseanna sin, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun na fadhbanna thuasluaite a réiteach.Ar an taobh eile, is de chúram na mBallstát é forfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil? 

Rinneadh measúnú ar thrí thacar roghanna beartais (PO1, PO2, PO3) i gcomhthéacs an Mheasúnaithe Tionchair seo. Le gach tacar roghanna moltar réitigh ar cheann de na trí fhadhb a shainaithnítear ach tá siad éagsúil i dtéarmaí raon feidhme na ngníomhaíochtaí atáthar ag brath a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.

Díríonn roghanna PO1.1 agus PO1.2 ar réitigh ar easnaimh i gcur chun feidhme agus forfheidhmiú an chreata rialála atá ann cheana maidir le cearta paisinéirí. Is é is aidhm do PO1.1 comhchuibhiú príomhrialacha atá ann cheana sa réimse sin a áirithiú bunaithe go háirithe ar bhearta a áirítear sa Rialachán nua maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid a tháinig i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2023. Tá PO1.2 ina fhorbairt ar PO1.1 agus is é is aidhm dó comhlíontacht a neartú. 

Le roghanna PO2.1, PO2.2 agus PO2.3 tugtar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an leibhéal cosanta do phaisinéirí a théann ar thuras ilmhódach, lena n‑áirítear PRM, trína bheith ina scáthán ar bhearta a cuireadh chun feidhme cheana féin faoi na Rialacháin atá ann cheana maidir le taisteal trí mhodh aonair. Ccuirtear san áireamh le bearta beartais roinnt catagóirí ticéid ilmhódaigh, i.e. conarthaí iompair aonair arna gcur ar fáil ag iompróir (catagóir A), ticéid ar leithligh arna gcuachadh ag idirghabhálaithe (catagóir B) agus ticéid ar leithligh arna gceannach ag paisinéirí ar leithligh ar a dtionscnamh féin (catagóir C). Soláthraíonn PO2.1 bunleibhéal cosanta do phaisinéirí chun a áirithiú go bhfaighidh siad an t‑íosmhéid faisnéise agus cúnaimh, go háirithe i gcás paisinéirí a bhfuil conradh iompair aonair acu (catagóir A). Soláthraíonn PO2.2 leibhéal cosanta atá níos cuimsithí ná PO2.1: ba cheart faisnéis fíor‑ama a thabhairt do phaisinéirí (chatagóir A agus B) maidir le suaití agus na chéad naisc eile a d’fhéadfadh a bheith ann. Ina theannta sin, de bharr ‘Pointí Teagmhála Aonair’ a thabhairt isteach ag moil ilmhódacha is éifeachtúla agus is cuimsithí a bheadh an cúnamh a thugtar do PRManna agus iad ag athrú modhanna. Le PO2.3 tugtar isteach leibhéal breise cosanta trí cheart breise a thabhairt do phaisinéirí a bhfuil conradh iompair aonair acu (catagóir A) conradh iompair malartach a dhéanamh i gcás ina gcaillfidh siad nasc.

Tugann roghanna PO3.1, PO3.2 agus PO3.3 aghaidh ar rialacha doiléire a bhaineann le haisíocaíocht aerthicéad arna gcur in áirithe trí idirghabhálaí. Áirítear iontu oibleagáidí ar iompróirí agus idirghabhálaithe chun paisinéirí a chur ar an eolas maidir leis an bpróiseas aisíocaíochta, agus chun modhanna teagmhála a sholáthar don phaisinéir. Faoi PO3.1, is ar an iompróir amháin a fhéadfaidh paisinéirí an aisíocaíocht a iarraidh agus ní cuid den phróiseáil aisíocaíochta é an t‑idirghabhálaí; ní mór d’idirghabhálaithe é a chur ar a gcumas do phaisinéirí déanamh amhlaidh, trí na sonraí is gá a sholáthar dóibh. Faoi PO3.2, is féidir leis an iompróir cinneadh a dhéanamh cé acu ar an idirghabhálaí nó ar an iompróir nach mór do phaisinéirí an aisíocaíocht a iarraidh, agus le PO3.3 is féidir le paisinéirí rogha a dhéanamh idir aisíocaíocht a fháil tríd an idirghabhálaí nó ón iompróir.

Meascán de roghanna beartais PO1.2, PO2.2 agus PO3.2 atá sa phacáiste beartais ab fhearr.

Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara difriúla? Cé a thacaíonn leis na roghanna éagsúla? 

Aontaíonn na páirtithe leasmhara go ginearálta le hábharthacht na bhfadhbanna a sainaithníodh, chomh maith leis na cuspóirí.

Maidir le PO1, tacaíonn roinnt mhaith comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta (NEBanna), iompróirí agus oibreoirí críochfoirt le PO1.1, toisc nach n‑áirítear ann oibleagáidí ar na páirtithe leasmhara sin i leith measúnuithe riosca agus cláir feasachta um chearta paisinéirí. Tacaíonn eagraíochtaí tomhaltóirí le PO1.2 toisc go dtéann an rogha níos faide ó thaobh oibleagáidí ar iompróirí agus oibreoirí críochfoirt faisnéis a sholáthar do phaisinéirí maidir lena gcearta. NEBanna, iompróirí, oibreoirí críochfoirt agus idirghabhálaithe a fheidhmíonn go maith, tacaíonn siadsan freisin le PO1.2 toisc go n‑áirithíonn sé go mbeidh gníomhaíochtaí faireacháin agus forfheidhmiúcháin NEBanna níos trédhearcaí agus níos intuartha.

A mhéid a bhaineann le PO2, tacaíonn eagraíochtaí tomhaltóirí le PO2.3, toisc go mbeadh ardleibhéal cosanta do phaisinéirí i gceist leis. Tacaíonn iompróirí agus idirghabhálaithe PO2.1 de rogha air sin, i bhfianaise leibhéal forbartha an mhargaidh ticéadaithe ilmhódaigh faoi láthair.Tá NEBanna níos fabhraí do PO2.2.

A mhéid a bhaineann le PO3, tacaíonn aerlínte agus idirghabhálaithe le PO3.2; tacaíonn comhlachas paisinéirí Eorpach amháin le PO3.2 freisin. B’fhearr le comhlachas tomhaltóirí Eorpach amháin PO3.3, b’fhéidir, ach bheadh sé i bhfabhar PO3.2 freisin toisc gur féidir leis an bpaisinéir dul chuig an iompróir i gcónaí mar rogha dheireanach (i gcás nach n‑íocfaidh an t‑idirghabhálaí laistigh den sprioc‑am). Tacaíonn NEBanna le PO3.1. 

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann dóibh; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)? 

Is é is cuspóir ginearálta don idirghabháil seo feidhmiú cuí an mhargaidh aonair le haghaidh iompar paisinéirí a áirithiú agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a bhaint amach do phaisinéirí agus iad ag taisteal laistigh de mhodh amháin nó ag athrú modhanna le linn a dturais trína chur ar a gcumas do phaisinéirí, iompróirí, idirghabhálaithe agus (go háirithe le haghaidh PRM) oibreoirí críochfoirt agus riaracháin náisiúnta na cearta sin a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach.

coinne leis go mbeidh tairbhí an phacáiste beartas ab fhearr le baint ag grúpaí éagsúla páirtithe leasmhara, is iad sin: iompróirí, díoltóirí ticéad idirmheánacha, oibreoirí críochfoirt, comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta agus paisinéirí. 

Paisinéirí: is iad na paisinéirí a thairbheoidh den tionscnamh seo ar deireadh óir tá coinne leis go dtiocfaidh méadú ar a bhfeasacht maidir lena gcearta de bharr gníomhaíocht iompróirí, bainisteoirí críochfoirt agus údarás forfheidhmithe. Ina theannta sin, bheadh níos mó cearta chun faisnéise agus cúnaimh ag paisinéirí (lena n‑áirítear PRM) agus iad ag dul ar thuras ilmhódach, agus thairbheoidís d’aisíocaíocht éasca ar aerthicéid. Meastar gur EUR 2 187 milliún na tairbhí iomlána a bheidh ann do phaisinéirí, arna shloinneadh mar luach láithreach i gcaitheamh 2025‑2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne, a gcomhfhreagraíonn EUR 2 165,3 milliún de sin do choigilteas costas trioblóide. Is é an méid ama a shábháiltear a bhuí leis na nithe seo a leanas is bonn leis an gcoigilteas costas trioblóide: an tsoiléireacht mhéadaithe faoin nós imeachta aisíocaíochta (EUR 1 679,1 milliún), an Pointe Teagmhála Aonair le haghaidh PRManna (EUR 277,3 milliún), úsáid a bheith á baint as foirm chaighdeánaithe uile‑Aontais le haghaidh iarrataí ar aisíocaíochtaí agus cúiteamh (EUR 147 milliún), an sásra láimhseála gearán le haghaidh paisinéirí ilmhódacha (EUR 43,3 milliún) agus an cúnamh do phaisinéirí PRM a thaistealaíonn faoi thicéid ilmhódacha de chatagóir A (EUR 18,6 milliún). Ina theannta sin, baineann paisinéirí tairbhe as cearta chun cúnaimh i gcás ina gcailltear nasc le linn turas ilmhódach (go háirithe an ceart chun aisíocaíochta agus athródú chomh maith le ceart chun cúraim i bhfoirm e.g. sólaistí, béilí agus cóiríochta), a mheastar gur fiú EUR 20,1 milliún é, agus as úsáid na rogha is saoire, is é sin comhlacht um Réiteach Malartach Díospóidí (RMD), a mheastar gur fiú EUR 1,6 milliún é.

Iompróirí: tairbheoidh siad de nósanna imeachta níos tapa agus níos éifeachtúla, trédhearcacht mhéadaithe maidir le comhlíontacht oibreoirí, rialacha gnólacht le gnólacht le hidirghabhálaithe aerthaistil i gcás ina mbeidh aisíocaíochtaí á bpróiseáil acu in éineacht le chéile, buntáiste iomaíoch a bhuí lena ndea‑cháil, imscrúduithe comhordaithe thar theorainneacha, comhar éifeachtach idir NEBanna agus comhlachtaí RMD. Tairbheoidh siad go hindíreach de rialacha níos soiléire maidir le dliteanas i gcomhthéacs taistil ilmhódaigh, agus d’fhoilsiú measúnuithe riosca, toisc go mbeidh cothroime iomaíochta sa tionscal ar fud na mBallstát agus tosca faireacháin níos trédhearcaí ann dá bharr. Ina theannta sin, meastar gur fiú EUR 35,3 milliún an coigilteas costas trioblóide d’iompróirí mar gheall ar an sásra láimhseála gearán le haghaidh paisinéirí ilmhódacha, arna shloinneadh mar luach láithreach i gcaitheamh 2025‑2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne. 

Idirghabhálaithe: tairbheoidh siad de ról oifigiúil i bpróiseas aisíocaíochta aerthicéad arna gcur in áirithe tríothu - má chinneann an t‑iompróir amhlaidh agus má chomhaontaíonn siad leis sin. Féadfaidh idirghabhálaithe tairbhiú go hindíreach freisin de rialacha níos soiléire maidir le dliteanas i gcomhthéacs taistil ilmhódaigh, go háirithe i gcás ina gcuirfidh siad paisinéirí ar an eolas i gceart maidir le cineál leithleach na dticéad iompair a chomhcheangail na hidirghabhálaithe sin agus a dhíol siad le haghaidh turas ilmhódach ar leith. Ina theannta sin, meastar gur fiú EUR 24 mhilliún an coigilteas costas trioblóide d’idirghabhálaithe mar gheall ar an sásra láimhseála gearán le haghaidh paisinéirí ilmhódacha, arna shloinneadh mar luach láithreach i gcaitheamh 2025‑2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne.

Údaráis phoiblí náisiúnta: meastar gur fiú EUR 5,9 billiún na coigiltis costas forfheidhmithe athfhillteach d’údaráis phoiblí náisiúnta, arna sloinneadh mar luach láithreach le linn na tréimhse 2025-2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne. Tá coigilteas costas ann mar gheall ar bhealach níos éasca chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht iompróirí agus oibreoirí críochfoirt, gan gá a bheith le gníomhaíochtaí faireacháin níos grinne agus níos costasaí, ar úsáid a bheith á baint as foirmeacha éilimh caighdeánacha a fhágann go bhfuil gníomhaíochtaí faireacháin níos éasca agus ar an laghdú ar an líon cásanna cúirte lena bhfuil coinne. Ina theannta sin, tá coinne leis go mbeidh coigilteas costas trioblóide ann dóibh mar gheall ar an sásra láimhseála gearán le haghaidh paisinéirí ilmhódacha (EUR 71,4 milliún, arna shloinneadh mar luach láithreach i gcaitheamh 2025‑2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne).

Meastar gur fiú EUR 2 323,6 milliún i gcoibhneas leis an mbunlíne iad tairbhí iomlána na rogha beartais ab fhearr, arna shloinneadh mar luach láithreach i gcaitheamh 2025‑2050.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Meastar gur fiú EUR 575,2 milliún i dteannta na bunlíne iad costais iomlána an phacáiste beartais ab fhearr i gcaitheamh na tréimhse 2025 go 2050, arna shloinneadh mar luach láithreach.

I gcás iompróirí, meastar gur fiú EUR 144,5 milliún na costais iomlána, arna shloinneadh mar luach láithreach i gcaitheamh 2025‑2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne, ar costais choigeartúcháin EUR 51,2 milliún de sin agus costais riaracháin EUR 93,3 milliún. Is é is bonn leis an sciar is mó de chostais choigeartúcháin an ceart chun aisíocaíochta nó athródú, an ceart chun cúraim agus an ceart chun cúnamh PRM i gcás paisinéirí a bhfuil conradh iompair aonair acu (catagóir A), chomh maith leis an ngá go gcuirfí i bhfeidhm an córas chun faisnéis fíor‑ama a sholáthar do phaisinéirí le haghaidh chatagóirí ticéid ilmhódaigh A (conarthaí iompair aonair) agus B (ticéid ar leithligh arna gcuachadh ag idirghabhálaithe). Is é is bonn leis na costais riaracháin go príomha an ceanglas maidir le tuairisciú, tar éis bunú caighdeán cáilíochta seirbhíse agus córais bainistíochta cáilíochta.

I gcás oibreoirí críochfoirt, meastar gur fiú EUR 321,9 milliún na costais iomlána a bheidh ann, arna shloinneadh mar luach láithreach i gcaitheamh 2025‑2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne, ar costais choigeartúcháin EUR 319,5 milliún de sin agus costais riaracháin EUR 2,3 milliún. Is cuid mhór de na costais choigeartúcháin é an ceanglas maidir le ‘Pointí Teagmhála Aonair’ le haghaidh PRM ag moil ilmhódacha (EUR 316,5 milliún), agus is é is bonn leis na costais riaracháin an ceanglas maidir le tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí, tar éis bunú caighdeán cáilíochta seirbhíse agus córais bainistíochta cáilíochta.

I gcás idirghabhálaithe, meastar gur fiú EUR 75,2 milliún na costais iomlána, ar costais choigeartúcháin EUR 17,8 milliún de sin agus costais riaracháin EUR 57,5 milliún. Is é is bonn go príomha leis na costais riaracháin an gá go n‑athrófaí na córais faisnéise, chun paisinéirí a chur ar an eolas maidir leis an bpróiseas aisíocaíochta. D’fhéadfadh caillteanais a bheith ag gníomhaireachtaí um éilimh, a mheastar a bheith thart ar EUR 1,6 milliún, mar gheall ar úsáid na rogha is saoire, is é sin comhlacht um Réiteach Malartach Díospóidí (RMD).

I gcás údaráis phoiblí náisiúnta, meastar gur fiú EUR 32 mhilliún na costais iomlána, ar costais forfheidhmiúcháin EUR 30,6 milliún de sin, costais riaracháin EUR 1,4 milliún agus costais choigeartúcháin EUR 0,02 milliún.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Déanfaidh tionchair an phacáiste ab fhearr difear d’fhiontair mhóra agus bheaga, agus is dócha go n‑imreofar tionchar mór ar FBManna freisin mar gheall ar a méid agus a n‑acmhainní teoranta. Is amhlaidh sin go háirithe i gcás díoltóirí ticéad idirmheánacha agus oibreoirí iompair beaga amhail oibreoirí bus agus cóiste agus uisce‑iompair. Sa chomhthéacs sin, áiríodh díolúine le haghaidh FBManna i gcás beart beartais a bhfuil costais an‑mhór do FBManna ag baint leis (i.e. faisnéis fíor‑ama a sholáthar do phaisinéirí i gcás chatagóirí ticéid ilmhódaigh A (conarthaí iompair aonair) agus B (ticéid ar leithligh arna gcuachadh ag idirghabhálaithe)).

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

De bharr an phacáiste beartais ab fhearr is féidir cearta paisinéirí a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú níos fearr, rud a dhéanann obair na n‑údarás náisiúnta níos éifeachtúla. Feasacht paisinéirí a mhúscailt maidir leis an bhféidearthacht go gcuirfidh siad éilimh ar aisíocaíocht agus cúiteamh faoi bhráid comhlachta um Réiteach Malartach Díospóidí (RMD), sábhálfaidh sé costais riaracháin do chúirteanna, mar gheall ar ghníomhartha dlíthíochta a bheith laghdaithe, agus laghdófar costais dlíthíochta dá réir. Meastar gur fiú EUR 32 mhilliún na costais iomlána d’údaráis phoiblí náisiúnta, agus gur EUR 77,3 milliún an coigilteas costas, rud a fhágann gur fiú EUR 45,3 milliún na glantairbhí, arna shloinneadh mar luach láithreach i gcaitheamh 2025‑2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Imreoidh an pacáiste beartais ab fhearr roinnt tionchair shóisialta: cé nach n‑imreofar ach tionchar imeallach ar an bhfostaíocht, thiocfadh tairbhí a bhaineann le cearta bunúsacha chun cinn i bhfoirm leibhéal níos airde cosanta tomhaltóirí, lena n‑áirítear le haghaidh PRManna (e.g. Pointí Teagmhála Aonair a bhunú le haghaidh PRManna ag moil ilmhódacha). Tá coinne leis freisin go n‑imreoidh an pacáiste beartais ab fhearr roinnt tionchair dhearfacha ar an gcomhshaol; beidh réitigh iompair soghluaisteachta agus chomhchoitinn níos tarraingtí dá bharr agus d’fhéadfadh sé rannchuidiú le rogha a bheith á déanamh ag daoine gan an oiread chéanna úsáide a bhaint as gluaisteáin aonair, rud a d’fhéadfadh tionchar dearfach a imirt i dtéarmaí astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán eile a laghdú, agus i dtéarmaí brú tráchta.

Comhréireacht

Ní théann an pacáiste beartais ab fhearr thar a bhfuil riachtanach chun go ngnóthófar an cuspóir beartais foriomlán go n‑áiritheofar feidhmiú cuí an mhargaidh aonair le haghaidh iompar paisinéirí agus go mbainfear amach ardleibhéal cosanta tomhaltóirí do phaisinéirí agus iad ag taisteal.

D. Beart Leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfar athbhreithniú ar an mbeartas i ndiaidh tréimhse leordhóthanach ama tar éis ghlacadh an togra. Beidh tréimhse riachtanach go mbeidh éifeacht ag bearta beartais agus go dtiocfaidh tionchair astu; beidh bonn daingean faoin gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach trí fhorfheidhmiú agus tuairisciú ag NEBanna. Mura dtagann saincheisteanna cur chun feidhme chun cinn, ní bheidh an tréimhse sin níos giorra ná 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta.

Top