AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.7.2022
COM(2022) 350 final
2022/0211(BUD)
DRÉACHTBHUISÉAD LEASAITHEACH UIMH. 1
A GHABHANN LEIS AN MBUISÉAD GINEARÁLTA DO 2022
Nuashonrú ar ioncam (acmhainní dílse) agus coigeartuithe teicniúla eile
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022DC0350
DRAFT AMENDING BUDGET No 4 TO THE GENERAL BUDGET 2022 Update of revenue (own resources) and other technical adjustments
DRÉACHTBHUISÉAD LEASAITHEACH UIMH. 1 A GHABHANN LEIS AN MBUISÉAD GINEARÁLTA DO 2022 Nuashonrú ar ioncam (acmhainní dílse) agus coigeartuithe teicniúla eile
DRÉACHTBHUISÉAD LEASAITHEACH UIMH. 1 A GHABHANN LEIS AN MBUISÉAD GINEARÁLTA DO 2022 Nuashonrú ar ioncam (acmhainní dílse) agus coigeartuithe teicniúla eile
COM/2022/350 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.7.2022
COM(2022) 350 final
2022/0211(BUD)
DRÉACHTBHUISÉAD LEASAITHEACH UIMH. 1
A GHABHANN LEIS AN MBUISÉAD GINEARÁLTA DO 2022
Nuashonrú ar ioncam (acmhainní dílse) agus coigeartuithe teicniúla eile
bAIAg féachaint don mhéid seo a leanas:
–an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
–Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh 1 , a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2021,
–Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (...) 2 , agus go háirithe Airteagal 44 de,
–buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2022, a glacadh an 24 Samhain 2021 3 ,
–buiséad leasaitheach Uimh. 1/2022 4 , a glacadh an 5 Aibreán 2022,
–dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2022 5 , a glacadh an 13 Aibreán 2022,
–buiséad leasaitheach Uimh. 2/2022 6 , a glacadh an 23 Meitheamh 2022,
Leis seo, cuireann an Coimisiún Eorpach Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 4 a ghabhann le buiséad 2022 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.
ATHRUITHE AR AN RÁITEAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DE RÉIR ROINNE
Tá na hathruithe ar an ráiteas ginearálta ioncaim agus ar roinn III féin le fáil ar EUR-Lex ( https://eur-lex.europa.eu/budget/www/index-ga.htm ).
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Réamhrá
Is é is príomhchuspóir do Dhréachtbhuiséad Leasaitheach (DBL) Uimh. 4 don bhliain 2022 taobh an ioncaim den bhuiséad a nuashonrú chun na forbairtí is déanaí a chur san áireamh:
–réamhaisnéisí nuashonraithe na n‑acmhainní dílse le haghaidh bhuiséad 2022 a chomhaontaigh an Coiste Comhairleach maidir le hAcmhainní Dílse (CCAD) an 23 Bealtaine 2022. De ghnáth, cuirtear an nuashonrú sin i láthair go gairid tar éis chruinniú réamhaisnéise CCAD, i gcomhréir le hionchais na mBallstát go ndéanfar nuashonruithe CCAD a bhuiséadú a luaithe is féidir;
–nuashonrú a dhéanamh ar ioncaim eile amhail ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe, fíneálacha agus rudaí eile nach iad.
Ina theannta sin, áirítear le DBL 4/2022 dhá choigeartú shonracha a bhaineann le caiteachas:
– an ainmníocht bhuiséadach a choigeartú de réir na bhféidearthachtaí nua atá ag na Ballstáit acmhainní a gcéad leithdháiltí ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ón gCiste Comhtháthaithe (CC), ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus ón gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) a aistriú chuig caibidil REPowerEU na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) i ndiaidh an togra ón gCoimisiún le haghaidh REPowerEU an 18 Bealtaine 2022 7 ;
– na baill foirne bhreise a iarradh le haghaidh Eurojust tar éis a shainordú a leathnú chun fianaise maidir le coireanna cogaidh a bhailiú agus a chaomhnú a chumhdach 8 . Maoineofar na leithreasuithe gaolmhara in 2022 trí ath‑imlonnú inmheánach, agus dá bhrí sin ní bheidh aon mhaoiniú breise ag teastáil chun na críche sin.
2. Nuashonrú ar ioncam
2.1 Tionchar foriomlán DBL 4/2022 ar dháileadh iomlán na n‑íocaíochtaí acmhainní dílse idir na Ballstáit
Comhaontaíodh na réamhaisnéisí athbhreithnithe le haghaidh 2022 ag 185ú cruinniú CCAD an 23 Bealtaine 2022. Tá gá leis na coigeartuithe ar thaobh an ioncaim den bhuiséad chun na meastacháin ar Acmhainní Dílse Traidisiúnta (ADT) agus na hacmhainní dílse atá bunaithe ar an gCáin Bhreisluacha (CBL), ar Dhramhaíl Phacáistíocht Phlaisteach neamh‑athchúrsáilte (PPW) agus ar Ollioncam Náisiúnta (OIN) a thabhairt cothrom le dáta, agus réamhaisnéisí eacnamaíocha an earraigh (féach roinn 2.2) á gcur san áireamh.
Thairis sin, tugtar an méid ioncaim eile cothrom le dáta chun ranníocaíocht athbhreithnithe na Ríochta Aontaithe, fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha a briseadh go cinnte go dtí mí an Mheithimh 2022 a chur san áireamh, chomh maith leis an ranníocaíocht ón gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) i ndáil le sciar na Ríochta Aontaithe de na glansócmhainní a aisíoc leis an Ríocht Aontaithe (féach ranna 2.3, 2.4 agus 2.5 faoi seach).
Léirítear tionchar foriomlán choigeartuithe ioncaim uile an DBL seo sa tábla achomair thíos. Léirítear dáileadh iomlán na n‑íocaíochtaí acmhainní dílse idir na Ballstáit sa tábla seo freisin: mar a buiséadaíodh i mBuiséad 2022 a glacadh i dtosach, mar a cuireadh san áireamh in DBL 3/2022 9 , agus, ar deireadh, mar a chuirtear san áireamh in DBL 4/2022.
Dáileadh iomlán na n‑íocaíochtaí acmhainní dílse ag na Ballstáit (i milliún EUR)
|
Buiséad 2022 |
DBL 3/2022 |
DBL 4/2022 |
|
(1) |
(2) |
(3) |
BE |
6 951.0 |
6 847.3 |
6 888.9 |
BG |
773.0 |
759.1 |
823.2 |
CZ |
2 530.1 |
2 482.2 |
2 649.0 |
DK |
3 369.8 |
3 298.0 |
3 266.8 |
DE |
37 331.5 |
36 558.9 |
36 182.0 |
EE |
349.6 |
343.5 |
365.5 |
IE |
3 282.2 |
3 218.0 |
3 508.0 |
EL |
2 026.3 |
1 988.6 |
2 002.8 |
ES |
14 394.3 |
14 126.9 |
13 582.5 |
FR |
27 993.8 |
27 461.4 |
26 984.5 |
HR |
613.4 |
601.7 |
607.7 |
IT |
19 908.0 |
19 527.5 |
19 747.6 |
CY |
247.2 |
242.6 |
243.0 |
LV |
370.9 |
364.1 |
384.1 |
LT |
619.8 |
609.0 |
648.4 |
LU |
486.2 |
476.6 |
551.3 |
HU |
1 800.2 |
1 768.6 |
1 822.0 |
MT |
152.7 |
149.9 |
154.7 |
NL |
9 815.3 |
9 635.7 |
9 250.0 |
AT |
3 764.7 |
3 679.8 |
3 617.0 |
PL |
6 713.9 |
6 598.6 |
7 244.6 |
PT |
2 515.2 |
2 469.4 |
2 387.8 |
RO |
2 585.6 |
2 535.2 |
2 634.9 |
SI |
585.0 |
574.6 |
636.2 |
SK |
1 074.1 |
1 053.2 |
1 057.6 |
FI |
2 657.5 |
2 604.0 |
2 526.3 |
SE |
4 789.3 |
4 675.4 |
4 656.0 |
AE |
157 700.7 |
154 649.6 |
154 422.3 |
2.2 Athbhreithniú ar réamhaisnéisí na mbonn ADT, CBL, PPW agus OIN
I gcomhréir le hAirteagal 44(1)(b) den Rialachán Airgeadais 10 , tá sé beartaithe ag an gCoimisiún maoiniú an bhuiséid a athbhreithniú ar bhonn réamhaisnéisí eacnamaíocha níos déanaí. De réir an chleachtais sheanbhunaithe, comhaontaítear na réamhaisnéisí athbhreithnithe ioncaim leis na Ballstáit i nós imeachta réamhaisnéise CCAD.
Baineann an t‑athbhreithniú leis an réamhaisnéis maidir le ADT atá le híoc leis an mbuiséad in 2022 chomh maith le réamhaisnéis na mbonn CBL, PPW agus OIN i gcomhair 2022. Comhaontaíodh an réamhaisnéis a cuireadh san áireamh i mbuiséad 2022 ag 181ú cruinniú CCAD, a tionóladh an 26 Bealtaine 2021, agus ag 183ú cruinniú CCAD, a tionóladh i nós imeachta i scríbhinn an 3-9 Meán Fómhair 2021. Cuirtear san áireamh san athbhreithniú in DBL 4/2022 reatha na réamhaisnéisí a comhaontaíodh ag 185ú cruinniú CCAD bunaithe ar CAD 2020. Trí réamhaisnéis nuashonraithe maidir le hacmhainní dílse a úsáid, cuirtear feabhas ar chruinneas na réamhaisnéisí ioncaim agus, dá bhrí sin, cuirtear feabhas ar chruinneas na n‑íocaíochtaí a iarrtar ar na Ballstáit a dhéanamh le buiséad an Aontais le linn na bliana airgeadais.
Tá réamh‑mheastacháin ioncaim an Choimisiúin bunaithe ar réamhaisnéis eacnamaíoch an earraigh ón gCoimisiún, 2022 11 , lena ndéantar an t‑ionchas fáis a athbhreithniú anuas, agus lena meastar go mbeidh an boilsciú níos airde. Na dúshláin atá roimh an bhfás agus a raibh coinne leis go dtiocfadh maolú orthu, tá siad ag dul in olcas mar gheall ar an gcogadh san Úcráin: tá coinne leis go ndéanfaidh turraingí ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine athléimneacht eacnamaíocht an Aontais a thástáil. Mar sin féin, meastar go leanfaidh an t‑aschur de bheith ag méadú i rith na tréimhse réamhaisnéise toisc go bhfuil laghdú ag teacht ar na bearta imshrianta a bhaineann leis an bpaindéim agus a bhuí le borradh na gníomhaíochta láidre beartais a rinneadh le linn phaindéim COVID‑19. Tá coinne leis anois go mbeidh fíorfhás OTI 2,7 % ann san Aontas agus sa limistéar euro araon in 2022, titim ón bhfíorfhás OTI 4,4 % a tuaradh i réamhaisnéis an earraigh, 2021.
Deimhnítear a bheag nó a mhór an cás eacnamaíoch is bonn le buiséad 2022 leis na meastacháin is déanaí:
–Tuartar go mbaileofar EUR 20 479,8 milliún ar an iomlán i ndleachtanna custaim in 2022, gan costais bhailiúcháin 25 % a áireamh, ar méadú 14,3 % é sin i gcomparáid leis an réamhaisnéis EUR 17 912,6 milliún i mbuiséad 2022. Rinne an Coimisiún comparáid idir torthaí an mhodha thraidisiúnta réamhaisnéise de CCAD (bunaithe ar na rátaí fáis atá tuartha d’allmhairí lasmuigh de AE) agus torthaí an mhodha eachtarshuímh (bunaithe ar na sonraí olltoraidh is déanaí maidir le dleachtanna custaim a bailíodh, i.e. Eanáir – Aibreán 2022). Dealraíonn sé go bhfuil an modh traidisiúnta níos oiriúnaí ná an modh eachtarshuímh chun tionchar na n‑imeachtaí reatha a ghabháil. Leis an dara modh sin, ní léirítear tionchar an chogaidh san Úcráin ach ó mhí na Bealtaine 2022 ar aghaidh. Dá bhrí sin, le sonraí eachtarshuite atá bunaithe ar na chéad cheithre mhí is dócha go ndéanfaí rómheastachán ar na dleachtanna custaim sa bhliain eisceachtúil seo. Le torthaí an mhodha thraidisiúnta, bunaithe ar shonraí stairiúla 2021 arna gcoigeartú le híocaíochtaí i ndáil leis an straitéis forfheidhmithe agus le réamhaisnéis eacnamaíoch an earraigh, tá coinne leis go mbeifear in ann tionchar na n‑imeachtaí a tharla le déanaí a thuar níos fearr. Dá bhrí sin, thángthas ar chomhaontú i gcruinniú CCAD an t‑athbhreithniú ar réamhaisnéis ADT 2022 a bhunú ar an modheolaíocht thraidisiúnta réamhaisnéise. Tá sé sin níos oiriúnaí chun bainistiú fónta buiséid a áirithiú i gcomhthéacs neamhchinnteacht ard eacnamaíoch agus an fhéidearthacht go gcuirfí isteach ar phatrúin trádála.
–Tuartar anois gurb é EUR 6 588 601,0 milliún bonn CBL neamhchaidhpeáilte iomlán san Aontais i gcomhair 2022, ar méadú 3,2 % é i gcomparáid leis an réamhaisnéis EUR 6 384 062,6 milliún i mí na Bealtaine 2021. Tuartar gurb é EUR 6 571 411,1 milliún bonn CBL caidhpeáilte iomlán san Aontais i gcomhair 2022 12 , ar méadú 3,4 % é i gcomparáid leis an réamhaisnéis EUR 6 357 129,3 milliún i mí na Bealtaine 2021. Cuirtear san áireamh sa réamhaisnéis nuashonraithe an sainmhíniú simplithe ar an mbonn CBL dá bhforáiltear le CAD 2020.
–Is é 8 840 522,1 tona an réamhaisnéis PPW neamh‑athchúrsáilte san AE in 2022, ar méadú 5,4 % é i gcomparáid leis an réamhaisnéis 8 388 536,2 tona i mí na Bealtaine 2021. Cuirtear ranníocaíochtaí comhfhreagracha na mBallstát ó PPW i láthair i dTábla 3 den iarscríbhinn bhuiséadach tionlacain.
–Tuartar gurb é EUR 15 493 666,4 milliún bonn OIN iomlán san Aontais i gcomhair 2022, ar méadú 4,2 % é i gcomparáid leis an réamhaisnéis EUR 14 874 288,2 milliún i mí na Bealtaine 2021.
Baineadh úsáid as rátaí malairte an 31 Nollaig 2021 chun na boinn thuartha CBL agus OIN san airgeadra náisiúnta a thiontú go euro, le haghaidh na n‑ocht mBallstát nach baill den limistéar euro iad. Seachnaíonn sé sin saobhadh, ós rud é go n‑úsáidtear an ráta sin chun íocaíochtaí acmhainní dílse buiséadaithe a chomhshó ó euro go hairgeadra náisiúnta nuair a ghlaoitear isteach na méideanna, mar a shonraítear in Airteagal 10a(1) de Rialachán 609/2014 ón gComhairle 13 .
Leagtar amach sa tábla seo a leanas réamhaisnéisí athbhreithnithe ADT, boinn CBL neamhchaidhpeáilte, boinn PPW agus boinn OIN i gcomhair 2022, mar a glacadh iad ag 185ú cruinniú CCAD:
Réamhaisnéisí athbhreithnithe na mbonn ADT, CBL, PPW agus OIN i gcomhair 2022
|
Custaim
|
Boinn CBL neamhchaidhpeáilte |
Boinn PPW |
Boinn OIN |
Boinn CBL
|
EUR milliún |
tonaí |
EUR milliún |
|||
BE |
2 018.9 |
226 786.9 |
184 411.2 |
541 346.0 |
226 786.9 |
BG |
117.1 |
37 169.6 |
82 439.8 |
73 840.7 |
36 920.4 |
CZ |
359.1 |
108 871.2 |
104 626.6 |
256 037.5 |
108 871.2 |
DK |
408.1 |
139 348.4 |
137 821.6 |
364 038.2 |
139 348.4 |
DE |
4 412.8 |
1 612 525.1 |
1 721 224.8 |
3 928 198.8 |
1 612 525.1 |
EE |
50.0 |
16 154.5 |
35 005.3 |
32 548.0 |
16 154.5 |
IE |
409.9 |
107 700.5 |
245 919.9 |
345 299.9 |
107 700.5 |
EL |
229.1 |
75 339.3 |
128 557.5 |
197 922.3 |
75 339.3 |
ES |
1 509.9 |
605 080.7 |
800 251.7 |
1 306 998.1 |
605 080.7 |
FR |
2 116.5 |
1 206 358.1 |
1 631 995.5 |
2 670 917.0 |
1 206 358.1 |
HR |
44.4 |
34 803.3 |
41 326.5 |
60 584.3 |
30 292.2 |
IT |
2 556.9 |
718 682.6 |
1 221 567.1 |
1 907 299.2 |
718 682.6 |
CY |
27.5 |
18 036.1 |
9 161.1 |
23 546.2 |
11 773.1 |
LV |
59.7 |
16 011.4 |
26 066.2 |
35 026.3 |
16 011.4 |
LT |
130.8 |
23 222.1 |
27 400.1 |
58 255.4 |
23 222.1 |
LU |
17.5 |
35 032.2 |
16 569.0 |
58 057.0 |
29 028.5 |
HU |
232.6 |
67 033.3 |
291 860.1 |
158 678.8 |
67 033.3 |
MT |
17.0 |
6 548.1 |
12 888.5 |
14 616.0 |
6 548.1 |
NL |
2 932.9 |
415 077.5 |
221 683.0 |
920 162.2 |
415 077.5 |
AT |
220.8 |
199 394.4 |
192 976.8 |
431 890.6 |
199 394.4 |
PL |
1 162.5 |
304 676.1 |
852 340.9 |
616 480.8 |
304 676.1 |
PT |
201.5 |
112 699.7 |
249 274.4 |
225 073.7 |
112 536.9 |
RO |
229.3 |
83 454.2 |
319 372.8 |
262 454.9 |
83 454.2 |
SI |
128.0 |
26 228.0 |
26 812.2 |
55 491.8 |
26 228.0 |
SK |
116.0 |
41 629.6 |
64 029.3 |
104 789.5 |
41 629.6 |
FI |
154.7 |
99 011.1 |
75 238.9 |
269 780.9 |
99 011.1 |
SE |
616.3 |
251 727.0 |
119 701.3 |
574 332.3 |
251 727.0 |
AE |
20 479.8 |
6 588 601.0 |
8 840 522.1 |
15 493 666.4 |
6 571 411.1 |
2.3 Ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe
Ríomhtar ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe bunaithe ar Airteagal 148 den Chomhaontú maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) 15 agus cumhdaítear léi sciar na Ríochta Aontaithe sna gealltanais gan íoc roimh 2021 atá le híoc in 2022 chomh maith le sciar na Ríochta Aontaithe i ndliteanais an Aontais (amhail pinsin) agus sna dliteanais airgeadais theagmhasacha. Áirítear freisin i ranníocaíocht fhoriomlán na Ríochta Aontaithe na méideanna atá dlite don Ríocht Aontaithe i ndáil le ceartuithe agus coigeartuithe acmhainní dílse le haghaidh na mblianta airgeadais go dtí 2021.
Tá ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe bunaithe ar sciar na Ríochta Aontaithe 16 , a ríomhtar mar an cóimheas idir na hacmhainní dílse a chuir an Ríocht Aontaithe ar fáil sna blianta 2014 go 2020 agus na hacmhainní dílse a chuir na Ballstáit uile, lena n‑áirítear an Ríocht Aontaithe, ar fáil le linn na tréimhse sin. Rinneadh sciar na Ríochta Aontaithe a choigeartú in 2022 i gcomhréir le hAirteagal 139 den Chomhaontú um Tharraingt Siar. Socraíodh sciar cinntitheach na Ríochta Aontaithe ag 12,431681219587700 %.
Cuirtear i láthair sa tábla thíos na heilimintí de ranníocaíocht mheasta na Ríochta Aontaithe a cuireadh san áireamh cheana i sonrasc mhí Aibreáin chomh maith leis na heilimintí atá le cur san áireamh i sonrasc mhí Mheán Fómhair a bhfuil eolas orthu ag an gcéim seo. Déantar an méid athbhreithnithe de ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe a áirítear in DBL 4/2022 a ríomh agus na módúlachtaí íocaíochta a leagtar amach in Airteagal 148 den Chomhaontú um Tharraingt Siar á gcur san áireamh.
Dá bhrí sin, tá sé beartaithe an meastachán a tugadh isteach i mbuiséad 2022 a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.
Ranníocaíocht nuashonraithe na Ríochta Aontaithe in 2022 (in EUR)
|
Reference to the Article of the Withdrawal agreement |
2022 |
Total United Kingdom contribution in 2022, of which: |
10 916 824 186 |
|
1. RAL prior 2021 (including net financial corrections) - due for payment in 2022 |
Art. 140 |
11 634 151 069 |
2. Union’s liabilities/pensions* |
Art.142 |
264 967 111 |
3. Own resources corrections and adjustments, of which: |
-621 994 538 |
|
3.1 Surplus/deficit of 2020 |
Art.136(3)(a) |
-137 906 262 |
3.2 UK correction updates (2018-2019) |
Art.136 |
-497 215 183 |
3.3. VAT&GNI |
Art.136 |
31 674 986 |
3.4. TOR |
Art.136, Art. 140(4) |
-18 548 079 |
4. Fines |
Art.141 |
-90 166 074 |
5. Contingent liabilities, of which: |
-230 135 897 |
|
5.1 ELM, EFSI, EFSD, loans (Guarantee funds) |
Art.143 |
-162 744 118 |
5.2 Financial Instruments |
Art.144 |
-73 371 665 |
5.3 Legal cases (incl. fines) |
Art.147 |
5 979 886 |
6. ECSC net assets |
Art.145 |
-37 093 133 |
7. EIF investment |
Art.146 |
-6 687 829 |
8. Access to networks/systems/data bases** |
Art.34(2), Art. 50 and 53, Art. 62(2), Art. 63(1)(e), Art. 63(2), Art.99(3),Art. 100(2) |
3 783 478 |
* - the amount of EUR 236 million will be entered in the EU budget as assigned revenues ** - to be entered in the EU budget as assigned revenues |
2.4 Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha
Briseadh EUR 440,5 milliún d’fhíneálacha agus d’íocaíochtaí pionósacha ón 1 Eanáir go dtí an 1 Meitheamh 2022, agus de sin:
a)EUR 344 mhilliún d’fhíneálacha iomaíochta;
b)EUR 93 mhilliún d’íocaíochtaí pionósacha agus de chnapshuimeanna a forchuireadh ar Bhallstáit, nár chomhlíon breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le mainneachtain in oibleagáid faoi na Conarthaí.
c)EUR 0,6 milliún d’ús a bhaineann le fíneálacha agus le híocaíochtaí pionósacha;
d)EUR 2,8 milliún d’fhíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha neamhshannta eile.
De réir fhorálacha Airteagal 141 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá an Ríocht Aontaithe i dteideal a sciar a fháil ar mhéid EUR 281 mhilliún, a áirítear sa liosta thuas faoi mhíreanna a, c agus d.
Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, na réamhaisnéisí tosaigh a tugadh isteach i mbuiséad 2022 de EUR 101 milliún a mhéadú EUR 339,5 milliún.
Taispeántar an mionsonra de réir líne sa tábla thíos.
EUR |
|||||||||
Líne ioncaim |
Ainm |
Buiséad 2022 |
DBL 4/2022 |
Méid nua |
|||||
4 2 0 |
Fíneálacha a bhaineann le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta |
100 000 000 |
244 178 944 |
344 178 944 |
|||||
4 2 1 |
Íocaíochtaí pionósacha agus cnapshuimeanna arna bhforchur ar Bhallstát |
iontráil mheabhráin |
92 892 916 |
92 892 916 |
|||||
4 2 4 |
Ús a bhaineann le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha |
1 000 000 |
- 382 925 |
617 075 |
|||||
4 2 9 |
Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha neamhshannta eile |
iontráil mheabhráin |
2 822 779 |
2 822 779 |
|||||
Iomlán |
101 000 000 |
339 511 714 |
440 511 714 |
2.5 Ranníocaíocht an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach
De réir Airteagal 145 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá an tAontas faoi dhliteanas maidir leis an Ríocht Aontaithe as a sciar de ghlansócmhainní an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach faoi leachtú an 31 Nollaig 2020 (EUR 184 373 974). Déanfar an aisíocaíocht ghaolmhar i gcúig thráthchuid bhliantúla chomhionanna (EUR 36 874 795) ó 2021 go 2025.
Déantar na haisíocaíochtaí sin a chúiteamh go hiomlán trí sciar na Ríochta Aontaithe i de ghlansócmhainní CEGC a aistriú chuig buiséad an Aontais i bhfoirm ranníocaíochtaí bliantúla ó 2021 go 2025. Tá sé beartaithe an méid atá san áireamh sa mhír ioncaim (6 6 0 4) a choigeartú tar éis an athraithe ar sciar na Ríochta Aontaithe. Áirítear sa mhéid an difríocht idir tráthchodanna bliantúla athríofa agus an chéad tráthchuid a íocadh in 2021 chomh maith leis an dara tráthchuid a áirítear i mbuiséad 2022. Is é is aidhm don ranníocaíocht sin ó CEGC faoi leachtú cúiteamh iomlán a dhéanamh ar éifeachtaí na laghduithe comhfhreagracha a bhfuil cuntas tugtha orthu sna ranníocaíochtaí ón Ríocht Aontaithe le buiséad bliantúil an Aontais, mar a thaifeadtar faoi mhír 6 6 0 2.
EUR |
||||||
Líne ioncaim |
Ainm |
Buiséad 2022 |
DBL 4/2022 |
Méid nua |
||
6 6 0 4 |
Ranníocaíochtaí ón gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) faoi leachtú |
36 656 456 |
436 677 |
37 093 133 |
||
Iomlán |
37 093 133 |
2.6 Tionchar ar ranníocaíocht acmhainne dílse bunaithe ar OIN i gcomhair 2022
Agus na réamhaisnéisí athbhreithnithe le haghaidh ADT, an bonn CBL simplithe, agus an acmhainn dhílis bunaithe ar PPW neamh‑athchúrsáilte á gcur san áireamh, tá méadú EUR 3 573 896 841 tagtha ar mhéid na n‑acmhainní dílse seachas OIN. In éineacht leis an méadú EUR 227 375 055 ar ioncaim eile, déantar laghdú EUR 3 801 271 896 leis sin ar ranníocaíocht OIN i gcomparáid le DBL 3/2022.
Chun go n‑urramófar prionsabal na cothromaíochta is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh atá cumhdaithe in Airteagal 310(1) CFAE, ní mór an ráta aonfhoirmeach atá le cur i bhfeidhm ar shuim OIN na mBallstát uile a athríomh agus an t‑ioncam eile ar fad á chur san áireamh.
Socraítear mar a leanas an ráta aonfhoirmeach athríofa don acmhainn dhílis bunaithe ar OIN:
Ráta aonfhoirmeach le cur i bhfeidhm ar 1 % de OIN = (caiteachas iomlán – ioncam eile – glanmhéid iomlán ADT – acmhainn dhílis bunaithe ar CBL – ranníocaíochtaí acmhainní dílse bunaithe ar PPW neamh‑athchúrsáilte) /1 % de OIN
Ráta aonfhoirmeach:
= (170 779 320 555 – 16 357 049 309 – 20 479 800 000 – 19 714 233 150 – 6 361 164 480) / 154 936 664 000
= 0,696201085212471
Leagtar amach sa tábla seo a leanas na ranníocaíochtaí athbhreithnithe acmhainní dílse bunaithe ar OIN i bhfianaise an ráta aonfhoirmigh nua:
Bliain airgeadais 2022 (in EUR)
Ballstát |
1 % den bhonn OIN a úsáidtear le haghaidh DBL 3/2022 |
Ráta aonfhoirmeach acmhainn dhílis bunaithe ar OIN (i %) de réir DBL 3/2022 |
1 % den bhonn OIN (Réamhaisnéis CCAD chomhaontaithe) |
Ráta aonfhoirmeach acmhainn dhílis bunaithe ar OIN (i %) de réir DBL 4/2022 |
Difríocht in OIN |
(1) |
(2) |
(3) |
(4) |
(5) = (3 x 4) - (1 x 2) |
|
BE |
5 057 284 000 |
0.7507475 |
5 413 460 000 |
0.6962011 |
- 27 886 549 |
BG |
676 847 000 |
738 407 000 |
5 938 568 |
||
CZ |
2 333 452 000 |
2 560 375 000 |
30 702 619 |
||
DK |
3 504 130 000 |
3 640 382 000 |
- 96 278 908 |
||
DE |
37 668 693 000 |
39 281 988 000 |
- 931 514 097 |
||
EE |
300 834 000 |
325 480 000 |
749 158 |
||
IE |
3 126 811 000 |
3 452 999 000 |
56 536 137 |
||
EL |
1 839 768 000 |
1 979 223 000 |
- 3 264 011 |
||
ES |
13 038 037 000 |
13 069 981 000 |
- 688 938 613 |
||
FR |
25 958 798 000 |
26 709 170 000 |
- 893 549 337 |
||
HR |
570 769 000 |
605 843 000 |
- 6 714 841 |
||
IT |
18 548 436 000 |
19 072 992 000 |
- 646 554 066 |
||
CY |
223 606 000 |
235 462 000 |
- 3 942 744 |
||
LV |
329 013 000 |
350 263 000 |
- 3 152 203 |
||
LT |
527 188 000 |
582 554 000 |
9 789 659 |
||
LU |
463 922 000 |
580 570 000 |
55 905 186 |
||
HU |
1 543 676 000 |
1 586 788 000 |
- 54 187 356 |
||
MT |
135 083 000 |
146 160 000 |
343 528 |
||
NL |
8 753 474 000 |
9 201 622 000 |
- 165 469 424 |
||
AT |
4 140 634 000 |
4 318 906 000 |
- 101 743 544 |
||
PL |
5 622 802 000 |
6 164 808 000 |
70 641 524 |
||
PT |
2 234 579 000 |
2 250 737 000 |
- 110 639 036 |
||
RO |
2 456 853 000 |
2 624 549 000 |
- 17 262 364 |
||
SI |
508 285 000 |
554 918 000 |
4 740 825 |
||
SK |
1 019 441 000 |
1 047 895 000 |
- 35 797 137 |
||
FI |
2 609 882 000 |
2 697 809 000 |
- 81 144 811 |
||
SE |
5 550 585 000 |
5 743 323 000 |
- 168 580 059 |
||
Iomlán |
148 742 882 000 |
154 936 664 000 |
-3 801 271 896 |
3. Caiteachas a thabhairt cothrom le dáta
3.1 Caibidil REPowerEU na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF)
Leagtar amach sa togra ón gCoimisiún i dtaobh REPowerEU 17 cuspóirí breise le haghaidh phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát, a mbeadh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá leagtha amach dóibh i gcaibidil ar leith. In éineacht leis na Ballstáit, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh sineirgí agus comhlántachtaí idir na bearta a chistítear faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, lena n‑áirítear a chaibidil REPowerEU, agus gníomhaíochtaí a dtacaítear leo trí chistí náisiúnta eile nó trí chistí eile de chuid an Aontais.
Go sonrach, áirítear sa togra solúbthacht mhéadaithe do na Ballstáit acmhainní a aistriú, ar acmhainní iad arna leithdháileadh orthu faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna 18 agus faoi Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT 19 araon. Sa chleachtas, cheadódh sé sin do na Ballstáit – cheana féin ó 2022 ar aghaidh – suas le 7,5 % dá leithdháiltí tosaigh CFRE, CC, CSE+ agus CEMID a aistriú ar bhonn deonach go caibidil REPowerEU de RRF. Dá réir sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an ainmníocht bhuiséadach a choigeartú agus ceithre líne bhuiséid nua a chruthú laistigh de na cláir ábhartha, gan leithreasuithe, chun freastal ar na hiarrataí ar aistriú deonach ó na Ballstáit.
Líne bhuiséid |
Ainm |
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas |
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí |
Roinn III – An Coimisiún |
|||
05 02 11 |
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Ranníocaíocht ó CFRE |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
05 03 09 |
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Ranníocaíocht ó CC |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
07 02 14 |
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Ranníocaíocht ó CSE+ |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
08 04 06 |
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Ranníocaíocht ó CEMID |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
Iomlán |
0 |
0 |
Aistreofar leithreasuithe ansin chuig na línte nua sin, i gcomhréir le hiarrataí ar aistriú na mBallstát.
3.2 Leathnú shainordú Eurojust chun fianaise maidir le coireanna cogaidh a bhailiú agus a stóráil a chumhdach
Glacadh go tapa an Rialachán 20 lena leathnaítear sainordú Eurojust chun tacú leis an Úcráin fianaise a bhaineann le coireanna cogaidh a bhailiú, a chaomhnú agus a anailísiú. Chun go mbeidh an ghníomhaireacht in ann a sainordú nua a chur i gcrích gan mhoill, ní mór Eurojust a threisiú cheana féin in 2022 le 11 bhall foirne shealadacha, beirt bhall foirne ar conradh agus triúr saineolaithe náisiúnta ar iasacht. Dá réir sin, moltar post amháin ag grád AST4, seacht bpost ag grád AD5 agus trí phost ag grád AD7 a chur leis an gcairt foirne, i gcomhréir leis na gráid a cuireadh san áireamh cheana féin in iarraidh Dhréachtbhuiséad 2023. Sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún, measadh gurb é EUR 1 581 000 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí an tionchar ar chaiteachas in 2022, chun caiteachas ar thuarastail agus forbairt bunachar sonraí TF a chumhdach. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an atreisiú is gá ar ranníocaíocht an Aontais le Eurojust i bhfianaise uainiú measta na hearcaíochta iarbhír i rith 2022 agus an raoin feidhme le haghaidh ath‑imlonnaithe laistigh de bhuiséad foriomlán Eurojust, agus tá sé beartaithe aige an fuílleach a mhaoiniú trí ath‑imlonnú inmheánach laistigh den réimse beartais céanna.
Áirítear san iarscríbhinn bhuiséadach cairt foirne de chuid Eurojust atá tugtha cothrom le dáta.
4. Maoiniú
Ní iarrtar aon leithreasú faoi chomhair gealltanas breise ná aon leithreasú faoi chomhair íocaíochtaí breise faoi bhuiséad 2022. Tá sé beartaithe taobh an ioncaim den bhuiséad a choigeartú mar a leagtar amach in DBL 4/2022.
5. Tábla achomair de réir cheannteideal CAI
|
Buiséad 2022 (lena n‑áirítear BL 1/2022, BL 2/2022 & DBL 2/2022) |
Dréachtbhuiséad Leasaitheach 4/2022 |
Buiséad 2022 (lena n‑áirítear BL 1/2022, BL 2/2022, DBL 2/2022 & DBL 4/2022) |
||||
LfcG |
LfcÍ |
LfcG |
LfcÍ |
LfcG |
LfcÍ |
||
1. |
An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach |
21 775 079 340 |
21 473 535 651 |
|
|
21 775 079 340 |
21 473 535 651 |
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta |
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn |
21 878 000 000 |
|
|
|
21 878 000 000 |
|
|
Corrlach |
102 920 660 |
|
|
|
102 920 660 |
|
2. |
Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna |
67 644 377 865 |
62 052 771 658 |
|
|
67 644 377 865 |
62 052 771 658 |
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta |
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn |
67 806 000 000 |
|
|
|
67 806 000 000 |
|
|
Corrlach |
161 622 135 |
|
|
|
161 622 135 |
|
2a. |
An comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach |
61 314 192 324 |
56 350 922 710 |
|
|
61 314 192 324 |
56 350 922 710 |
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta |
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn |
61 345 000 000 |
|
|
|
61 345 000 000 |
|
|
Corrlach |
30 807 676 |
|
|
|
30 807 676 |
|
2b. |
Athléimneacht agus luachanna |
6 330 185 541 |
5 701 848 948 |
|
|
6 330 185 541 |
5 701 848 948 |
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta |
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn |
6 461 000 000 |
|
|
|
6 461 000 000 |
|
|
Corrlach |
130 814 459 |
|
|
|
130 814 459 |
|
3. |
Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol |
56 681 112 059 |
56 601 766 838 |
|
|
56 681 112 059 |
56 601 766 838 |
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta |
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn |
56 965 000 000 |
|
|
|
56 965 000 000 |
|
|
Corrlach |
283 887 941 |
|
|
|
283 887 941 |
|
|
Agus de sin: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha |
40 368 859 305 |
40 393 039 132 |
|
|
40 368 859 305 |
40 393 039 132 |
|
Fo-uasteorainn CERT |
41 257 000 000 |
|
|
|
41 257 000 000 |
|
|
Difríocht an tslánaithe eisiata chun an fochorrlach a ríomh |
800 000 |
|
|
|
800 000 |
|
|
Glanaistrithe idir CERT agus CETFT |
-618 000 000 |
|
|
|
-618 000 000 |
|
|
An t‑iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT (fo-uasteorainn arna ceartú le haistrithe idir CERT agus CETFT) |
40 639 000 000 |
|
|
|
40 639 000 000 |
|
|
Fochorrlach CERT |
270 140 695 |
|
|
|
270 140 695 |
|
4. |
Imirce agus Bainistiú Teorainneacha |
3 360 000 000 |
3 254 270 962 |
|
|
3 360 000 000 |
3 254 270 962 |
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta |
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn |
3 360 000 000 |
|
|
|
3 360 000 000 |
|
|
Corrlach |
0 |
|
|
|
0 |
|
5. |
An tSlándáil agus an Chosaint |
1 812 327 699 |
1 237 861 185 |
|
|
1 812 327 699 |
1 237 861 185 |
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta |
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn |
1 896 000 000 |
|
|
|
1 896 000 000 |
|
|
Corrlach |
83 672 301 |
|
|
|
83 672 301 |
|
6. |
An Chomharsanacht agus an Domhan |
17 170 442 918 |
12 916 051 937 |
|
|
17 170 442 918 |
12 916 051 937 |
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta |
368 442 918 |
|
|
|
368 442 918 |
|
|
Uasteorainn |
16 802 000 000 |
|
|
|
16 802 000 000 |
|
|
Corrlach |
|
|
|
|
|
|
7. |
An Riarachán Poiblí Eorpach |
10 620 124 324 |
10 620 224 324 |
|
|
10 620 124 324 |
10 620 224 324 |
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta |
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn |
11 058 000 000 |
|
|
|
11 058 000 000 |
|
|
Corrlach |
437 875 676 |
|
|
|
437 875 676 |
|
|
agus de sin: Caiteachas riaracháin na n‑institiúidí |
8 287 945 711 |
8 288 045 711 |
|
|
8 287 945 711 |
8 288 045 711 |
|
Fo-uasteorainn |
8 528 000 000 |
|
|
|
8 528 000 000 |
|
|
Fochorrlach |
240 054 289 |
|
|
|
240 054 289 |
|
Leithreasuithe le haghaidh ceannteideal |
179 063 464 205 |
168 156 482 555 |
179 063 464 205 |
168 156 482 555 |
|||
|
Uasteorainn |
179 765 000 000 |
169 209 000 000 |
|
|
179 765 000 000 |
169 209 000 000 |
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta |
368 442 918 |
467 248 692 |
|
|
368 442 918 |
467 248 692 |
|
Corrlach |
1 069 978 713 |
1 519 766 137 |
1 069 978 713 |
1 519 766 137 |
||
|
Ionstraimí speisialta téamacha |
2 799 170 382 |
2 622 838 000 |
|
|
2 799 170 382 |
2 622 838 000 |
Iomlán na leithreasuithe |
181 862 634 587 |
170 779 320 555 |
181 862 634 587 |
170 779 320 555 |