Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0171

    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

    COM/2018/0171 final - 2018/081 (COD)

    An Bhruiséil,5.4.2018

    COM(2018) 171 final

    2018/0081(COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó
    x001e
    ghineacha ag an obair

    {SWD(2018) 87 final}
    {SWD(2018) 88 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Is é is aidhm don togra seo cosaint sláinte oibrithe a fheabhsú trí nochtadh ceirde do chúig oibreán cheimiceacha charcanaigineacha a laghdú, soiléireacht bhreise a sholáthar d'oibrithe, d'fhostóirí agus do lucht forfheidhmiúcháin, agus cur le cothrom iomaíochta a áirithiú d’oibreoirí eacnamaíocha.

    In Aitheasc Staid an Aontais 2017 1 leag an tUachtarán Juncker béim ar an ngá a bhain le hilroinnt shóisialta agus le dumpáil shóisialta a sheachaint san Eoraip ach iarrachtaí a dhéanamh i dteannta a chéile agus gealltanais faoi Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 2 a chomhlíonadh. Ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta an 17 Samhain 2017 in Göteborg, d'fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go comhpháirteach go bhfuil an Colún mar a bheadh compás ann do phróiseas athnuaite cóineasúcháin i dtreo dálaí oibre agus maireachtála níos fearr ar fud an Aontais. Mar chuid den Cholún, sainaithnítear ceart oibrithe chun timpeallacht oibre shláintiúil shábháilte atá curtha in oiriúint i gceart don oibrí agus áirítear cosaint ar charcanaiginí ar cheann de na príomhphrionsabail. Is gníomhaíocht nithiúil de chuid Choimisiún Juncker chun an phríomhthosaíocht seo a bhaint amach é sláinte oibrithe a chosaint trí nochtadh ceirde do shubstaintí carcanaigineacha agus sóghineacha a laghdú go leanúnach. Luadh an méid sin go soiléir sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Safer and Healthier Work for All [Obair níos Sábháilte agus níos Folláine do Chách] 3 .

    De bhreis air sin, áirítear sa Chomhráiteas ar thosaíochtaí reachtacha AE do 2018-2019 4 aghaidh a thabhairt ar ghné shóisialta an Aontais Eorpaigh trí thogra le haghaidh Treorach a chur ar aghaidh maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí sláinte sa láthair oibre (a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shóghineacha).

    Tá sé beartaithe leanúint den obair thábhachtach sin d'fhonn teorainnluachanna ceangailteacha a mholadh le haghaidh carcanaiginí agus sóghineacha eile.

    Tá ailse ar an bpríomhfhadhb shláinte in AE-28 agus is í atá ina cúis le nach mór an méid céanna damáiste do shaol agus sláinte oibrithe leis an dá cheann díobh seo a leanas le chéile (neamhoird mhatánchnámharlaigh agus galair imshruthaithe) 5 . Mar sin féin, tá tionchar diúltach i bhfad níos mó ag baint le hardnochtadh do charcanaiginí agus do shóghineacha sa láthair oibre. I dteannta ailsí, is féidir leis an méid sin a bheith ina chúis le réimse leathan fadhbanna sláinte suntasacha eile freisin amhail galair riospráide agus neamhoird néareolaíocha. Dá dheasca sin, bíonn oibrithe agus daoine atá muinteartha leo ag fulaingt, bíonn drochmhianach saoil iontu agus an fholláine go dona acu agus, sa chás is measa dá bhfuil ann, faigheann siad bás.

    Rinne an Coimisiún bearta chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí dhá thogra reachtacha a ghlacadh lena dtugtar chun dáta Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shóghineacha ag an obair (‘an Treoir’) 6 i mBealtaine 2016 7 agus in Eanáir 2017 8 faoi seach agus tugtar aghaidh iontu araon ar 20 carcanaigin. Bhí measúnuithe tionchair ábhartha ag gabháil leis an dá thogra 9 . Ghlac na comhreachtóirí an chéad cheann de na tograí sin an 12 Nollaig 2017 mar Threoir (AE) 2017/2398 10 agus tá an dara ceann faoi chaibidil laistigh den Chomhairle agus den Pharlaimint. Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta ag an seisiún dá cuid an 15-16 Meitheamh 2017 11 , cé go bhfuiltear ag súil leis an seasamh sa chéad léamh ón bParlaimint sa chéad ráithe de 2018.

    Maidir leis an tríú togra, is é sin an ceann seo, chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúchán dhá chéim in 2017 leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha 12 agus bhain an chéad chéim leis an treoir a d'fhéadfaí a ghlacadh i ngníomhaíocht an Aontais Eorpaigh i dtaca le hathbhreithnithe breise ar an Treoir ar an gcéad dul síos agus bhain an dara céim leis an ábhar a d'fhéadfadh a bheith i gceist i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    Dheimhnigh na páirtithe sóisialta, na heagraíochtaí oibrithe agus fostóirí go bhfuil na cúig charcanaigin seo a leanas a roghnaíodh don tríú leasú ar an Treoir an-ábhartha maidir le hoibrithe a chosaint agus mhol siad don Choimisiún leanúint den obair ullmhúcháin chun teorainnluachanna nochta ceirde ("OELanna") a bhunú le haghaidh na nithe seo a leanas:

    (1)Caidmiam agus a chomhdhúile neamhorgánacha faoi raon feidhme na Treorach

    (2)Beirilliam agus a chomhdhúile neamhorgánacha beirilliam faoi raon feidhme na Treorach

    (3)Aigéad arsanaice agus a shalainn, chomh maith le comhdhúile neamhorgánacha arsanaice faoi raon feidhme na Treorach

    (4)Formaildéad

    (5)4,4'-Meitiléin-bis(2-clóranailín) ("MOCA") 13 .

    D'athdheimhnigh údaráis, fostóirí agus eagraíochtaí oibrithe na mBallstát an méid sin faoi chuimsiú an Choiste Chomhairligh thrípháirtigh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH).

    De bhun Airteagal 16 den Treoir, socrófar teorainnluachanna, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, i dtaca leis na carcanaiginí nó na sóghineacha sin uile ar féidir déanamh amhlaidh ina leith, in Iarscríbhinn III den Treoir. Mar a fhoráiltear in Airteagal 17(1) den Treoir, féadfar Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 153 (2) de CFAE (gnáthnós imeachta reachtach).

    Socraítear roinnt ceanglais íosta ghinearálta sa Treoir chun nochtadh le haghaidh na gcarcanaiginí agus na sóghineach ar fad atá faoina raon feidhme a dhíothú nó a laghdú. Ní mór d’fhostóirí rioscaí i leith oibrithe a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí agus do shóghineacha sonracha sa láthair oibre a shainaithint agus a mheas, agus ní mór dóibh nochtadh a chosc i gcás inarb ann do rioscaí. Ní mór ionadú a dhéanamh le próiseas nó le hoibreán ceimiceach atá neamhghuaiseach nó a bhfuil níos lú guaise ag baint leis i gcás ina mbeidh sin indéanta go teicniúil. I gcás nach mbeidh ionadú indéanta go teicniúil, ní mór carcanaiginí ceimiceacha, a mhéid is féidir go teicniúil, a mhonarú agus a úsáid i gcóras dúnta chun nochtadh a chosc. I gcás nach mbeidh sin indéanta go teicniúil, ní mór nochtadh oibrithe a laghdú go leibhéal atá chomh híseal agus is féidir go teicniúil. Is é sin an oibleagáid íoslaghdaithe faoi Airteagal 5(2) agus Airteagal 5(3) den Treoir.

    Chomh maith leis na ceanglais íosta ghinearálta sin, léirítear go soiléir sa Treoir go bhfuil socrú OELanna i leith bhealach ionanálaithe an nochta i gcás carcanaiginí agus sóghineacha ar féidir sin a dhéanamh ina leith mar dhlúthchuid den sásra chun oibrithe a chosaint 14 . Is gá fós na luachanna sin a shocrú do na hoibreáin cheimiceacha nach ann d’aon luachanna den sórt sin ina leith faoi láthair agus is gá athbhreithniú a dhéanamh orthu nuair is féidir sin a dhéanamh i bhfianaise sonraí eolaíocha níos nuaí 15 . Socraítear OELanna do charcanaiginí nó do shóghineacha sonracha in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir. Faoi láthair, tá ceithre cinn déag 16 d’iontrálacha in Iarscríbhinn III.

    Ach laghdú a dhéanamh ar nochtadh do charcanaiginí agus do shóghineacha sa láthair oibre trí OELanna a shocrú ar fud AE, cuirtear go héifeachtach le cásanna ailse a chosc, chomh maith le fadhbanna sláinte neamhailseacha suntasacha eile arb iad na substaintí sin is cúis leo. Dá réir sin, cuirtear feabhas ar mhianach saoil agus folláine oibrithe agus daoine atá muinteartha leo, cuirtear fad leis an saol oibre, cuirtear feabhas ar tháirgiúlacht agus iomaíochas AE agus ar chothrom iomaíochta i gcomhair gnólachtaí laistigh de AE. Nuair a ghlacfar an togra seo, is léir ó mheastacháin go gcuirfí feabhas ar dhálaí oibre le haghaidh breis is 1 000 000 oibrí AE agus go gcuirfí cosc ar bhreis is 22 000 cás drochshláinte a bhaineann leis an obair (ailsí agus galair neamhailseacha) 17 .

    Deimhnítear leis an bhfaisnéis atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha, gur gá teorainnluachanna nochta ceirde a áireamh in Iarscríbhinn III le haghaidh na substaintí carcanaigineacha sin agus deimhníodh ina theannta sin gur ghá nodaireacht craicinn a chur leis i gcomhair MOCA, nodaireacht d'íogrú craicinn i gcomhair formaildéid agus nodaireacht d'íogrú craicinn agus riospráide i gcomhair beirilliam agus a chomhdhúl orgánach 18 .

    Ar an mbonn sin, tá sé beartaithe go ndéanfar bearta sonracha d'fhonn teorainnluachanna a bhunú in Iarscríbhinn III le haghaidh cúig charcanaigin bhreise eile arna bhforlíonadh le nodaireachtaí ábhartha, mar a shonraítear thuas, i gcás MOCA, formaildéid agus beirilliam agus a chomhdhúl neamhorgánach.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an tionscnamh seo le haghaidh modhnú ar Threoir 2004/37 i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Déantar an 10ú prionsabal dá chuid Healthy, safe and well-adapted work environment [Timpeallacht oibre fholláin shábháilte atá curtha in oiriúint i gceart] a chur chun feidhme leis sin, rud a chuireann go díreach le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar ardleibhéal.

    Ina theannta sin, sainaithníodh nuachóiriú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil trí OELanna nuashonraithe a shocrú le haghaidh nochtadh do charcanaiginí agus do shóghineacha ina phríomhthosaíocht i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ceirde (OSH) sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Safer and Healthier Work for All [Obair níos Sábháilte agus níos Folláine do Chách] an 10 Eanáir 2017.

    Tá feidhm ag Treoir 89/391/CEE ("An Treoir Réime") 19 maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus ag Treoir 98/24/CE 20 maidir le rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair mar dhlí ginearálta gan dochar d'fhorálacha níos déine agus/nó níos sonraí sa Treoir.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    I gcomhréir leis an uaillmhian a bhaineann le rátáil A triarach sóisialta Eorpach a shocraigh an tUachtarán Juncker ina threoirlínte polaitiúla, bunphrionsabal is ea feabhas a chur ar dhálaí oibre agus oibrithe a chosc ar thimpistí tromchúiseacha nó ar ghalair cheirde agus sláinte oibrithe a chur chun cinn le linn a saoil oibre. Ina theannta sin, tá tionchar dearfach aige ar tháirgiúlacht agus ar iomaíochas agus tá sé bunriachtanach chun saol oibre níos faide a chur chun cinn i gcomhréir le cuspóirí na straitéise Eoraip 2020 d'fhás atá cliste, inbhuanaithe, agus ionchuimsitheach 21 .

    Tá cuspóirí an togra ag teacht leis na cearta bunúsacha a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 22 , go háirithe Airteagal 2 (Ceart chun beatha) agus Airteagal 31 (Dálaí oibre cothroma agus córa).

    As measc na gcúig charcanaigin a breithníodh le haghaidh an togra seo, áirítear dhá shubstaint (aigéad arsanaice agus a shalainn agus MOCA 23 ) in Iarscríbhinn XIV den Rialachán REACH 24 agus dá bhrí sin tá siad faoi réir údarú a fháil sula gcuirfear ar an margadh iad nó sula mbainfear úsáid astu. Sainaithníodh caidmiam mar shubstaint arb údar mór imní í (SVHC) agus cuireadh ar an liosta iarrthóirí dá dtagraítear in Airteagal 59(1) den Rialachán REACH é ionas go bhféadfaí é a chur san áireamh in Iarscríbhinn XIV de REACH. Ní shainaithnítear beirilliam ná formaildéad mar SVHC i láthair na huaire ná níl siad faoi réir srianta faoin Rialachán REACH. Mar sin féin, i dtaca le formaildéad, d'iarr ranna an Choimisiúin ar ECHA sainchomhad Iarscríbhinn XV a ullmhú ionas go bhféadfaí srian a chur le formaildéad agus le scaoilteoirí formaildéid i meascáin agus in earraí lena núsáid ag tomhaltóirí. I gcomhthráth leis an sainchomhad seo, is é sin, sainchomhad Iarscríbhinn XV a ullmhú, iarrtar ar ECHA faisnéis atá ann cheana a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar nochtadh ó fhormaildéad agus ó scaoilteoirí formaildéid a d'fhéadfadh a bheith i gceist sa láthair oibre lena náirítear úsáidí tionsclaíocha agus gairmiúla 25 .

    Tá an Treoir agus an Rialachán REACH comhlántach. Foráiltear sa Treoir Réime, a bhfuil feidhm aici mar dhlí ginearálta maidir leis an réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo, go bhfuil feidhm aici gan dochar d’fhorálacha náisiúnta agus AE atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo atá níos fabhraí do shláinte agus sábháilteacht oibrithe ag an obair a chosaint. Sonraítear in REACH dá réir sin go bhfuil feidhm aige gan dochar do reachtaíocht chosanta oibrithe, lena náirítear an Treoir.

    Maidir le formaildéad, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/183 ón gCoimisiún 26 , déantar rialáil ar úsáid shonrach formaildéid mar bhreiseán beatha, ós rud é nach gcomhlíontar na coinníollacha chun an úsáid ar leith sin a údarú, i bhfianaise na nindéantachtaí ionadaíochta atá ar fáil agus inter alia
    prionsabal an réamhchúraim a chur i bhfeidhm ina theannta sin.

    Tá sé beartaithe go leagfar amach teorainnluachanna faoin Treoir ar na cúiseanna seo a leanas:

    Cumhdaítear aon úsáid carcanaigine nó sóghinigh sa láthair oibre le linn a saolré iomlán sa Treoir, agus cumhdaítear nochtadh oibrithe do na hoibreáin sin a scaoiltear trí aon ghníomhaíocht oibre, cibé acu a táirgeadh nó nár táirgeadh d'aon turas iad, agus cibé acu atá nó nach bhfuil siad ar fáil ar an margadh.

    Baineann an measúnú riosca a dhéanann na fostóirí faoi Threoir 2004/37/CE leis an láthair oibre agus baineann sé go sonrach le próiseas agus ba cheart a chur san áireamh ann nochtadh comhiomlánaithe oibrithe le linn a ngníomhaíochtaí oibre do gach carcanaigin agus sóghineach atá sa láthair oibre.

    Déantar OELanna a shocrú do charcanaiginí agus do shóghineacha trí phróiseas láidir – ag dul tríd an gcomhreachtóir ar deireadh lena nglacadh – bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara.

    Tá OELanna mar chuid thábhachtach den Treoir agus den chur chuige níos leithne maidir le OSH chun rioscaí ceimiceacha a bhainistiú.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Déantar foráil in Airteagal 153 (2)(b) de CFAE go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, "trí bhíthin treoracha, ceanglais íosta a chuirfear chun feidhme de réir a chéile a ghlacadh sna réimsí dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) de mhír 1 [d'Airteagal 153 de TFEU], ag féachaint do na dálaí agus do na rialacha teicniúla i ngach ceann de na Ballstáit. Staonfar sna treoracha sin ó shrianta riarthacha, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide". Sonraítear in Airteagal 153 (1)(a) de CFAE go dtacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí na mBallstát agus go gcomhlánóidh sé iad sa réimse a bhaineann leis "an timpeallacht oibre go háirithe a fheabhsú d'fhonn sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint".

    Glacadh Treoir 2004/37/CE ar bhonn Airteagal 153(2)(b) de CFAE agus é mar aidhm aici sláinte agus sábháilteacht oibrithe a fheabhsú. Déantar foráil in Airteagal 16 maidir le teorainnluachanna a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 153(2) de CFAE maidir leis na carcanaiginí nó na sóghineacha sin ar fad ar féidir é seo a dhéanamh ina leith.

    Tá sé mar chuspóir ag an togra seo an leibhéal cosanta sláinte oibrithe a neartú i gcomhréir le hAirteagal 153(1)(a) de CFAE, i bhfoirm teorainnluachanna agus nodaireachtaí in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir. Dá bhrí sin, is é Airteagal 153(2)(b) de CFAE an bunús ceart dlí do thogra an Choimisiúin.

    De bhun Airteagal 153(2) de CFAE, is gné de bheartas sóisialta ina roinneann AE inniúlacht leis na Ballstáit é feabhsú na timpeallachta oibre go háirithe chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    De bhrí go bhfuil rioscaí do shláinte agus sábháilteacht oibrithe mórán ar aon dul le chéile ar fud AE, tá ról soiléir ag AE maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.

    Sna sonraí a bailíodh le linn na hoibre ullmhúcháin, léiríodh difríochtaí leathana sna Ballstáit maidir le teorainnluachanna a shocrú le haghaidh na gcarcanaiginí agus na sóghineach faoin togra seo 27 .

    Cé nár bunaíodh aon OELanna AE le haghaidh na cúig charcanaigin atá á mbreithniú faoin Treoir bheartaithe seo, ní hionann gach cás cosanta ar an leibhéal náisiúnta. Is ann do réimse OELanna náisiúnta éagsúla le haghaidh gach substainte cé nár shocraigh roinnt Ballstát OELanna náisiúnta go fóill le haghaidh aon cheann de na substaintí i gceist 28 .

    De thoradh OELanna náisiúnta éagsúla, bíonn leibhéil éagsúla cosanta oibrithe i gceist ar fud AE agus bíonn iomaíocht á saobhadh. D'fhéadfadh sé go mbeadh ar chuideachtaí a bhíonn ag oibriú i mBallstát amháin cloí le OELanna atá i bhfad níos ísle (i.e. níos déine) ná cuideachtaí atá bunaithe i mBallstáit eile, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh costais mhéadaithe orthu ó thaobh infheistíochtaí i mbearta cosanta/i dtrealamh de. Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé go dtiocfadh castachtaí (dlíthiúla/riaracháin/eagraíochtúla) as na difríochtaí náisiúnta sin do ghnólachtaí a bhíonn ag oibriú san am céanna i mBallstáit éagsúla.

    I ndálaí den sórt sin, ní féidir ceanglais íosta maidir le cosaint sláinte oibrithe ar na rioscaí a eascraíonn as nochtadh do na carcanaiginí seo a áirithiú do gach oibrí AE i ngach Ballstát trí bhearta a dhéanann Ballstáit ar a gconlán féin.

    Le leibhéil éagsúla chosanta, d'fheadfadh sé go dtabharfaí dreasachtaí do chuideachtaí a saoráidí táirgthe a lonnú i mBallstáit ina bhfuil caighdeáin ísle. I ngach cás, bíonn tionchar ag difríochtaí i gcaighdeáin saothair ar iomaíochas, mar go ngearrtar costais éagsúla ar oibreoirí. Is féidir an tionchar sin ar an margadh aonair a laghdú má bhunaítear ceanglais íosta shoiléire shonracha chun oibrithe a chosaint sna Ballstáit.

    Thairis sin, beidh an togra seo ina spreagadh do bhreis solúbthachta maidir le fostaíocht trasteorann, mar gur féidir a athdhearbhú d’oibrithe go mbainfidh siad tairbhe as ceanglais íosta agus íosleibhéil cosanta sláinte i ngach Ballstát.

    Dá réir sin, is gá beart a ghlacadh ar leibhéal AE chun cuspóirí an togra seo a bhaint amach agus chun bheith i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

    Ní féidir an Treoir a leasú ach amháin ar leibhéal AE agus i ndiaidh comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta (i dtaca le bainistíocht agus saothar) i gcomhréir le hAirteagal 154 de CFAE.

    Comhréireacht

    Glactar céim chun cinn leis an togra seo maidir leis na cuspóirí a socraíodh chun dálaí oibre agus maireachtála oibrithe a fheabhsú.

    Maidir leis na teorainnluachanna atá molta, cuireadh tosca indéantachta socheacnamaíocha san áireamh i ndiaidh dianphléite leis na páirtithe leasmhara ar fad (ionadaithe eagraíochtaí oibrithe, ionadaithe eagraíochtaí fostóirí agus ionadaithe rialtas).

    I gcomhréir le hAirteagal 153(4) de CFAE, le forálacha an togra seo, ní chuirtear cosc ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choinneáil ná a thabhairt isteach atá comhoiriúnach do na Conarthaí, i bhfoirm teorainnluachanna níos ísle mar shampla. Le hAirteagal 153(3) de CFAE, tugtar an deis do na Ballstáit cur chun feidhme na dtreoracha arna nglacadh de bhun Airteagal 153(2) de CFAE a chur ar iontaoibh lucht bainistíochta agus saothair, arna iarraidh sin go comhpháirteach dóibh, agus urraim á tabhairt, ar an gcaoi sin, do shocruithe náisiúnta seanbhunaithe rialála sa réimse seo.

    Dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5(4) de CAE, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    An rogha ionstraime

    Sonraítear in Airteagal 153(2)(b) de CFAE nach féidir ach ceanglais íosta i réimse cosanta sláinte agus sábháilteachta oibrithe a ghlacadh ‘trí bhíthin treoracha’.

    3.TORTHAÍ Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 154 de CFAE

    I ndáil leis an togra reachtach seo arb é an tríú leasú é ar an Treoir a thíolaic Coimisiún Juncker é, rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim i rith 2017 leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha de bhun Airteagal 154(2) de CFAE, inar bailíodh tuairimí uathu faoi threo ionchasach gníomhaíochta AE agus faoi ábhar na gníomhaíochta sin sa réimse seo maidir le OELanna ceangailteacha eile a bhunú agus/nó a athbhreithniú in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir, agus maidir le hathbhreithnithe a dhéanamh ar an Treoir amach anseo.

    Deimhníodh i dtorthaí na chéad chéime den chomhairliúchán gur ghá beart a dhéanamh ar leibhéal AE chun caighdeáin níos fearr a thabhairt isteach ar fud AE, agus chun dul i ngleic le cásanna a bhaineann le nochtadh oibrithe.

    D'aithin na trí eagraíocht oibrithe a thug freagra ar an gcomhairliúchán go raibh tábhacht leis an reachtaíocht atá ann cheana agus gur ghá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh. Tríd is tríd, d'aontaigh siad leis na saincheisteanna a bhfuil cur síos orthu sa doiciméad comhairliúcháin agus dheimhnigh siad a thábhachtaí a bhí sé oibrithe a chosaint ar na rioscaí sláinte a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí agus do shóghineacha, agus leag siad béim ar an ngá a bhí le hoibreáin nua a chur san áireamh go leanúnach in Iarscríbhinn III. De bhreis air sin, chuir siad i dtreis gur ghá líon na substaintí a chumhdaítear a leathnú chun an cuspóir a bhaint amach a bhaineann le 50 OEL a shocrú faoi 2020, de réir liosta arna bhunú ag Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC).

    Thacaigh na ceithre eagraíocht fostóirí a thug freagra ar an gcomhairliúchán leis an gcuspóir a bhaineann le hoibrithe a chosaint go héifeachtach ar ailse cheirde, lena náirítear trí OELanna ceangailteacha a shocrú ar leibhéal AE. Maidir leis na saincheisteanna a sainaithníodh sa pháipéar comhairliúcháin, thacaigh na fostóirí i bprionsabal le tuilleadh athbhreithnithe a dhéanamh ar an Treoir, faoi réir coinníollacha áirithe. Tá siad den tuairim gur cheart OELanna ceangailteacha a shocrú le haghaidh substaintí tosaíochta amháin. Ba cheart an próiseas a bhaineann le OELanna a shocrú a bheith bunaithe ar fhianaise eolaíoch fhónta, indéantacht theicniúil eacnamaíoch, measúnú tionchair socheacnamaíoch agus tuairim ó ACSH tríthaobhach.

    Ina dhiaidh sin, sheol an Coimisiún comhairliúchán na gcomhpháirtithe sóisialta ar an dara céim. Sa doiciméad comhairliúcháin, breithníodh na bealaí a bhféadfaí feabhas a chur ar chosaint oibrithe ar charcanaiginí nó ar shóghineacha trí ghníomhaíocht AE.

    D'aithin na trí eagraíocht oibrithe a thug freagra ar an gcomhairliúchán ar an dara céim an tábhacht a bhain leis an gcreat reachtach atá ann cheana a fheabhsú a thuilleadh i gcomhréir leis an ngníomhaíocht bheartaithe ón gCoimisiún agus thairis sin d'fhonn dul i ngleic go leanúnach leis na rioscaí arb ann dóibh de dheasca nochtadh do charcanaiginí agus do shóghineacha. D'athdhearbhaigh siad gur ghá cuspóir a ghnóthú faoi 2020, is é sin, an cuspóir a bhaineann le 50 OEL a shocrú do charcanaiginí agus do shóghineacha.

    Maidir leis na ceithre eagraíocht fostóirí a thug freagra ar an gcomhairliúchán ar an dara céim, dheimhnigh siad gur thacaigh siad le gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo oibrithe a chosaint go héifeachtach ar ailse cheirde, lena náirítear OELanna ceangailteacha a shocrú ar leibhéal AE, ach, leag siad béim ar an ngá a bhaineann le luachanna comhréireacha a áirithiú ar féidir iad a chur chun feidhme i dtéarmaí teicniúla. Cé gur mheas fostóirí gur bhain critéir an Choimisiúin maidir le substaintí a chur in ord tosaíochta le hábhar, mhol siad go háirithe gur cheart na critéir a bhaineann le hindéantacht theicniúil eacnamaíoch a chur san áireamh ina theannta sin.

    Mar thoradh ar na comhairliúcháin sin leis na comhpháirtithe sóisialta, measadh gurbh iomchuí OELanna nua a chur isteach le haghaidh cúig charcanaigin trí leasú a dhéanamh ar an tríú dul síos ar an Treoir.

    Comhairliúchán an Choiste Chomhairligh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair

    Ghlac ACSH tuairimí i gcomhair gach substainte tosaíochta dá bhforáiltear sa tríú leasú seo ar an Treoir 29 . Mhol sé OEL ceangailteach a chur san áireamh in Iarscríbhinn III dóibh uile agus nodaireachtaí ábhartha (nodaireacht craicinn, íogrú riospráide agus craicinn) ina theannta sin do roinnt díobh 30 . Thairis sin, leag sé béim ar na dúshláin a d'fhéadfadh a bheith i gceist le cur i bhfeidhm praiticiúil OELanna áirithe sa ghearrthéarma.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Le linn don Choimisiún teorainnluachanna a athbhreithniú nó a shocrú faoin Treoir, leanann sé nós imeachta sonrach a bhaineann le comhairle eolaíoch a iarraidh agus le dul i gcomhairle le ACSH. Tá ríthábhacht le bonn eolaíoch fónta chun a bheith mar thaca ag aon ghníomhaíocht maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde, go háirithe i ndáil le carcanaiginí agus le sóghineacha. Maidir leis an méid sin, d'fhonn comhairle choiteann eolaíoch a áirithiú agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Safer and Healthier Work for All [Obair níos Sábháilte agus níos Folláine do Chách] an 10 Eanáir 2017, iarrann an Coimisiún comhairle ar an gCoiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde d'Oibreáin Cheimiceacha (SCOEL) agus ar an gCoiste um Measúnú Riosca (RAC) de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) 31 . Chomh maith leis sin, féadfaidh an Coimisiún tagairt a dhéanamh d’fhaisnéis eolaíoch a foinsíodh in áit eile fad agus atá na sonraí sách láidir agus san fhearann poiblí (e.g. monagraif IARC, Coistí Eolaíocha Náisiúnta).

    Maidir leis na substaintí a chumhdaítear sa tionscnamh seo, is é SCOEL a thug an chomhairle eolaíoch (faoi chaidmiam agus a chomhdhúile neamhorgánacha, faoi bheirilliam agus a chomhdhlúile neamhorgánacha, faoi fhormaildéad) agus is é RAC a thug an chomhairle eolaíoch (faoi aigéad arsanaice agus a shalainn, chomh maith le comhdhúile neamhorgánacha arsanaice agus le MOCA).

    Tá an méid sin i gcomhréir le toradh chleachtadh REFIT REACH 32 ina ndírítear ar shruthlíniú a dhéanamh ar an bpróiseas a bhaineann le comhairle eolaíoch a thabhairt. Thairis sin, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le feidhmiú REACH an 5 Márta 2018 33 , moltar ról RAC a fheabhsú le dtaca le tuairimí eolaíocha a thabhairt le haghaidh teorainnluachanna nochta ceirde.

    Sa togra seo, déanann an dá choiste meastóireacht ar éifeachtaí sláinte oibreán ceimiceach ar oibrithe, bunaithe ar fhianaise eolaíoch fhónta. Thug siad cúnamh don Choimisiún, go háirithe, leis na sonraí eolaíocha is nuaí atá ar fáil a mheas agus le OELanna a mholadh chun oibrithe a chosaint ar rioscaí ceimiceacha, a bheidh le socrú ar leibhéal AE de bhun Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus na Treorach.

    Measúnú tionchair

    Tá measúnú tionchair ina thaca ag an togra seo. Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála athbhreithniú ar an measúnú tionchair agus fuair sé tuairim dhearfach an 23 Feabhra 2018 34 .

    Rinneadh scrúdú ar na roghanna seo a leanas i gcomhair teorainnluachanna agus/nó nodaireachtaí éagsúla (nodaireacht craicinn, agus íogrú riospráide agus craicinn) do gach ceann de na cúig charcanaigin:

    ·Cás bonnlíne nuair nach ndéantar aon ghníomhaíocht bhreise AE do gach oibreán ceimiceach sa tionscnamh seo mar rogha 1.

    ·I dteannta an cháis bonnlíne, breithníodh OELanna ar an leibhéal a mhol ACSH agus ar phointe tagartha breise amháin nó ar dhá cheann díobh (e.g. an teorainnluach is déine a úsáidtear sna Ballstáit).

    Fuarthas réidh go luath le roinnt roghanna eile ós rud é gur measadh gur roghanna díréireacha iad nó nach raibh an éifeacht chéanna leo chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach, inter alia toirmeasc a chur ar oibreáin cheimiceacha charcanaigineacha a úsáid; faisnéis agus treoirlínte eolaíocha a bhaineann go sonrach leis an tionscal a sholáthar chun tacú le fostóirí na hoibleagáidí a leagtar amach leis an Treoir a chomhlíonadh; ionstraimí margadh-bhunaithe a mholadh amhail fóirdheontais, buntáistí cánach nó laghduithe ar ranníocaíochtaí árachais shóisialta chun gnólachtaí a spreagadh le rialacha sláinte agus sábháilteachta a chomhlíonadh; féinrialáil an tionscail a chur chun cinn, cosúil le cláir dheonacha maoirseachta táirgí nó comhaontuithe neamhspleácha comhpháirtithe sóisialta; OELanna a rialáil faoi ionstraimí AE eile (e.g. an Rialachán REACH); nó an OEL náisiúnta is déine a ghlacadh go díreach.

    Rinneadh anailís ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil atá ag na roghanna beartais éagsúla do gach oibreán ceimiceach. Léirítear torthaí an staidéir sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo. Rinneadh comparáid na roghanna beartais agus roghnú na rogha tosaíochta ar bhonn na gcritéar seo a leanas: éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhtháthú. Rinneadh an costas agus na sochair a ríomh thar thréimhse 60 bliain, i gcomhréir le hualach todhchaí na hailse a measadh thar an tréimhse chéanna, chun tréimhse folaigh na hailse a chur san áireamh mar is iomchuí. Rinneadh gach beart anailíseach i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr 35 .

    Na bearta a thagann as tuairimí ACSH, coinníodh mar rogha bheartais iad i leith na noibreán ceimiceach go léir sa togra seo, lena náirítear tréimhsí idirthréimhseacha le haghaidh na dtrí shubstaint (caidmiam, beirilliam agus aigéad arsanaice). Maidir le caidmiam, dá nglacfaí láithreach leis an luach a coinníodh, d'fhéadfadh éifeacht dhiúltach a bheith aige sin ar líon fíortheoranta aonad gnó, agus d'fhéadfaí roinnt poist ghaolmhara a chailleadh mar gheall air sin. Bheadh idirthréimhse seacht mbliana mar a mhol ACSH 36 ina cuidiú chun an dúshlán sin a mhaolú. I dtaca le beirilliam, léirigh grúpa leasmhar na bhfostóirí go raibh imní orthu go bhféadfadh dúshlán a bheith ag baint leis an luach a coinníodh a bhaint amach láithreach bonn. Dá bhrí sin, mhol ACSH idirthréimhse cúig bliana 37 . Maidir leis na substaintí sin, dá mbeadh idirthréimhse agus luach níos airde i gceist, bheadh cuideachtaí in ann teacht roimh na hathruithe, feabhsuithe a thabhairt isteach de réir a chéile agus infheistíochtaí riachtanacha a phleanáil, agus, dá bharr sin, ní bheadh aon dúnadh ná caillteanas post i gceist. Maidir le haigéad arsanaice, is í earnáil an bhruithnithe copair an earnáil a bhféadfadh dúshláin theicniúla a bheith roimpi chun an luach a coinníodh a chur chun feidhme arna shainaithint ag ACSH 38 , agus, dá réir sin, bheadh gá le hidirthréimhse aici. Bunaithe ar an anailís ar an moladh thuas agus ar na sonraí a thagann as an staidéar seachtrach, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí idirthréimhsí a bhunú le haghaidh na dtrí shubstaint lena mbaineann 39 .

    Maidir leis an tionchar ar oibrithe, ba cheart go mbeadh tairbhí ag baint leis an rogha bheartais a coinníodh le haghaidh na gcúig shubstaint atá á mbreithniú maidir le drochshláinte agus cásanna ailse a bhaineann leis an obair a sheachaint agus tairbhí gaolmhara sláinte a gcuirtear luach airgid orthu, agus laghdú á dhéanamh ar éifeachtaí amhail oibrithe agus a dteaghlaigh faoina gcúram a bheith ag fulaingt, mianach saoil laghdaithe nó an fholláine a bheith go dona.

    De réir meastachán, is éard a bheadh i gceist le glacadh an togra ná go mbainfeadh breis is 1 000 000 oibrí AE tairbhe as cosc agus cosaint fheabhsaithe i ndáil le nochtadh ceirde do shubstaintí carcanaiginí agus sóghineach, rud a d'fhéadfadh a bheith mar bhunphointe do chineálacha éagsúla ailsí, e.g., ailse scamhóg, ailse lamhnán, ailse duán, ailse shrónfharaingeach agus ailsí eile agus chuirfí cosc ar 22 000 cás drochshláinte 40 .

    Maidir leis an tionchar ar fhostóirí, i gcás fhormhór na gcarcanaiginí, táthar ag súil leis go mbeidh na costais a thitfidh ar ghnólachtaí teoranta do choigeartuithe beaga ar gá iad a dhéanamh i gcásanna sonracha chun comhlíonadh iomlán a áirithiú. Ní ghabhann oibleagáidí faisnéise leis an togra agus ní thiocfaidh méadú ar ualaí riaracháin fiontar dá bhrí sin. De bhreis air sin, beidh infheistíochtaí i mbearta cosanta ina gcuidiú ag cuideachtaí chun na costais a bhaineann le neamhláithreacht phearsanra agus táirgiúlacht laghdaithe a sheachaint a bhféadfadh drochshláinte a bheith ina cúis leis murach sin.

    Maidir leis an tionchar ar Bhallstáit/údaráis náisiúnta, i bhfianaise na gcostas eacnamaíoch suntasach a ghabhann le nochtadh oibrithe do shubstaintí guaiseacha, bheadh an togra seo ina chuidiú freisin chun maolú a dhéanamh ar na caillteanais airgeadais a bhainfeadh do chórais slándála sóisialta na mBallstát. Ó thaobh na heacnamaíochta de, is é cumhdach na dteorainnluachanna ar fud AE agus a leordhóthanacht an cinntitheach aonair is tábhachtaí maidir le cé air a dtiteann ualach an chostais a bhaineann le drochshláinte cheirde.

    Ní hionann costais riaracháin agus forfheidhmiúcháin le haghaidh na mBallstát de réir stádas reatha gach oibreáin cheimicigh i ngach Ballstát, ach níor cheart an difear a bheith mór eatarthu. De bhreis air sin, trí OELanna a bhunú ar leibhéal AE, d'fhéadfaí laghdú a dhéanamh i roinnt Ballstát ar an ngá atá le meastóireacht ar leith a dhéanamh ar gach carcanaigin rud a chuirfeadh deireadh leis an neamhéifeachtúlacht a bhaineann le cúraimí comhionanna a athdhéanamh.

    Bunaithe ar an taithí a bailíodh ó obair Choiste na gCigirí Sinsearacha Saothair (SLIC) agus ag féachaint don chaoi a ndéantar gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a eagrú i mBallstáit éagsúla, ní dócha go mbeadh aon tionchar ag baint le tabhairt isteach teorainnluachanna nua sa Treoir ar na costais fhoriomlána a bhaineann le cuairteanna cigireachta. Is iondúil go ndéantar iad a phleanáil go neamhspleách ar an togra, agus is minic a dhéantar sin de dhroim gearáin a fuarthas le linn bliain ar leith agus/nó de réir na straitéisí cigireachta arna sainiú ag údarás ar leith, ina bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar thionscail ábhartha ina bhfuil na ceimiceáin lena mbaineann. Ba cheart a lua freisin go néascaíonn OELanna obair cigirí, trí uasleibhéil nochta a thabhairt isteach mar go soláthraítear uirlis úsáideach i gcomhair seiceálacha comhlíonta.

    D'fhéadfadh údaráis costais riaracháin bhreise a thabhú maidir leis an riachtanas a bhaineann le faisnéis agus le hoiliúint a sholáthar don fhoireann chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar sheicliostaí comhlíonta. Mar sin féin, is costais bheaga iad sin i gcomparáid leis na costais fhoriomlána feidhmiúcháin arna dtabhú ag údaráis forfheidhmiúcháin náisiúnta.

    Trí chomparáid a dhéanamh idir na roghanna agus anailís a dhéanamh ar chostais agus ar shochair, is é an tátal is féidir a bhaint as go mbaintear amach leis an togra na cuspóirí a shocraítear, agus costais réasúnacha fhoriomlána i gceist, agus go bhfuil an togra iomchuí.

    Níltear ag súil leis go ndéanfar scaoileadh méadaithe sa chomhshaol mar gheall ar OELanna níos ísle a chur i bhfeidhm, dá bhrí sin, níl tionchair chomhshaoil shuntasacha ag an togra.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Tionchar ar FBManna

    Níl córais níos éadroime sa togra seo do mhicrifhiontair ná do FBManna. Faoin Treoir, maidir leis an oibleagáid a bhaineann leis na rioscaí a eascraíonn as nochtadh ceirde do charcanaiginí nó do shóghineacha a dhíothú nó a laghdú a mhéad is féidir, níl FBManna saor ón oibleagáid sin.

    Is ann do OELanna ar an leibhéal náisiúnta cheana do roinnt de na carcanaiginí atá cumhdaithe faoin tionscnamh seo, fiú má tá difríochtaí sna leibhéil féin idir Ballstáit. Níor cheart aon tionchar a bheith ag bunú na dteorainnluachanna dá bhforáiltear sa togra seo ar na FBManna sin atá suite/lonnaithe sna Ballstáit sin ina bhfuil na teorainnluachanna náisiúnta ar aon dul leis na luachanna atá molta nó níos ísle ná iad. Mar sin féin, beidh tionchar eacnamaíoch ar na Ballstáit sin (agus ar oibreoirí eacnamaíocha atá lonnaithe iontu) a bhfuil teorainneacha nochta ceirde níos airde bunaithe iontu faoi láthair do na carcanaiginí atá faoi réir an togra seo.

    I gcás fhormhór na gcarcanaiginí, beidh an tionchar ar chostais oibriúcháin ghnó (lena náirítear FBManna) teoranta ós rud é nach gá ach coigeartuithe beaga a dhéanamh chun comhlíonadh iomlán a áirithiú. Ní ghabhann oibleagáidí faisnéise leis an togra ná ní thiocfaidh méadú ar ualaí riaracháin gnólachtaí dá bhrí sin. De bhreis air sin, beidh idirthréimhsí a bhunaítear do chuid de na substaintí ina gcuidiú ag FBManna chun aghaidh a thabhairt ar aon dúshláin theicniúla shonracha agus infheistíochtaí a phleanáil luath go leor roimh ré.

    Tionchar ar iomaíochas AE nó ar thrádáil idirnáisiúnta

    Tá seachaint rioscaí agus cur chun cinn dálaí níos sábháilte agus níos folláine sa láthair oibre fíorthábhachtach, ní hamháin chun dálaí oibre agus cáilíocht post a fheabhsú ach chun iomaíochas a chur chun cinn chomh maith leis sin. Tá tionchar dearfach díreach intomhaiste ar tháirgiúlacht ag sláinte oibrithe a chinntiú, agus cuireann sé le hinbhuanaitheacht córas slándála sóisialta a fheabhsú. Bheadh tionchar dearfach ag cur chun feidhme fhorálacha an togra seo ar iomaíochas laistigh den mhargadh aonair. D'fhéadfaí difríochtaí iomaíochais idir gnólachtaí atá lonnaithe i mBallstáit a bhfuil teorainnluachanna náisiúnta éagsúla acu a laghdú trí theorainnluachanna a bhunú do na hoibreáin sin ar fud AE.

    Níor cheart tionchar suntasach a bheith ag an togra ar iomaíochas seachtrach gnólachtaí AE. Cé gur bhunaigh tíortha nach tíortha AE iad réimse leathan luachanna nochta, tá na teorainnluachanna a coinníodh i gcomhréir leis an gcleachtas idirnáisiúnta (e.g., SAM, Ceanada, an tSeapáin, an Chóiré Theas agus an Astráil).

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní éilítear sa togra buiséad ná acmhainní foirne breise do bhuiséad AE ná do na comhlachtaí arna gcur ar bun ag AE.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Déantar foráil maidir le faireachán a dhéanamh ar líon na gcásanna galar ceirde agus na gcásanna ailse ceirde lena mbaineann ag úsáid na bhfoinsí sonraí atá ar fáil 41 , chomh maith le faireachán a dhéanamh ar na costais a bhaineann le hailse cheirde d’oibreoirí eacnamaíocha (e.g. cailliúint táirgiúlachta) agus do chórais slándála sóisialta.

    Déanfar measúnú comhlíontachta dhá chéim (seiceálacha trasuí agus comhréireachta) chun na teorainnluachanna a shocraítear a thrasuí. Is faoi chuimsiú na meastóireachta praiticiúla a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 17(a) de Threoir 89/391/CEE a dhéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme praiticiúil na leasuithe atá beartaithe. Déanfaidh údaráis náisiúnta, go háirithe cigireachtaí náisiúnta an tsaothair, faireachán ar an gcur i bhfeidhm agus ar an bhforfheidhmiú.

    Ar leibhéal AE, leanfaidh Coiste na gCigirí Sinsearacha Saothair (SLIC) de bheith ag cur an Choimisiúin ar an eolas faoi aon fhadhbanna praiticiúla a bhaineann le Treoir 2004/37/CE a forfheidhmiú, lena náirítear deacrachtaí maidir le teorainnluachanna ceangailteacha a chomhlíonadh. De bhreis air sin, leanfaidh SLIC de mheasúnú a dhéanamh ar chásanna arna dtuairisciú, d'fhaisnéis agus de dhea-chleachtas a mhalartú maidir leis sin agus, más gá, forbróidh sé uirlis forfheidhmiúcháin tacaíochta cosúil le treoir.

    Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

    Ní mór do na Ballstáit téacs na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir a chur chuig an gCoimisiún chomh maith le tábla comhghaoil idir na forálacha sin agus an Treoir. Tá gá le faisnéis shoiléir ar thrasuí na bhforálacha nua chun comhlíonadh na gceanglas íosta a bhunaítear sa togra a áirithiú. Níl an tualach riaracháin breise measta a bhaineann le doiciméid mhíniúcháin a sholáthar díréireach (is beart aonuaire é agus níor cheart go mbeadh gá le mórán eagraíochtaí a bheith páirteach ann). Is féidir leis na Ballstáit na doiciméid mhíniúcháin a dhréachtú ar bhealach níos éifeachtúla.

    I bhfianaise a bhfuil thuas, moltar go nglacfadh na Ballstáit mar chúram orthu féin a mbearta trasuí a chur in iúl don Choimisiún trí dhoiciméad amháin nó níos mó a sholáthar ina mínítear an gaol idir na comhpháirteanna den Treoir agus na páirteanna comhfhreagracha d’ionstraimí trasuí náisiúnta.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Airteagal 1

    Cuirtear cúig shubstaint nua le hIarscríbhinn III, lena leathnaítear an liosta de theorainnluachanna ceangailteacha AE, arna fhorlíonadh le nodaireacht craicinn do MOCA, nodaireacht d'íogrú craicinn le haghaidh formaildéid, nodaireacht d'íogrú craicinn agus riospráide le haghaidh beirilliam agus a chomhdhúl neamhorgánach.

    Airteagal 2 go hAirteagal 4

    Tá na gnáthfhorálacha maidir le trasuí i ndlí náisiúnta na mBallstát in Airteagal 2 go hAirteagal 4. Déantar tagairt in Airteagal 3, go háirithe, do dháta theacht i bhfeidhm na Treorach.

    Iarscríbhinn

    Déantar an téarma ‘teorainnluach’ a úsáidtear san Iarscríbhinn a shainmhíniú in Airteagal 2(c) den Treoir. Tugtar aghaidh ar bhealach ionanálaithe an nochta le teorainnluachanna, agus déantar cur síos ar uasleibhéal tiúchana aeriompartha le haghaidh oibreán ceimiceach ar leith nár cheart, ar an meán, oibrithe a nochtadh do leibhéal os a chionn, le linn tréimhse shainithe.

    Sanntar ‘nodaireacht craicinn’ d'oibreán ceimiceach amháin i gcás inar mheas RAC go bhféadfadh ionsú deirmeach cur go suntasach le hualach iomlán an choirp agus le hábhair imní dá réir sin maidir le tionchair shláinte a d'fhéadfadh a bheith aige sin, amhail MOCA. Déanann nodaireacht craicinn sainaithint ar an indéantacht go bhféadfaidís dul tríd an gcraiceann. Sanntar 'íogrú craicinn' do dhá oibreán cheimiceacha i gcás inar mheas SCOEL go bhféadfaí frithghníomhartha díobhálacha craicinn teacht as nochtadh dóibh, amhail formaildéad agus beirilliam agus a chomhdhúile neamhorgánacha. Sanntar 'íogrú riospráide' d'oibreán ceimiceach amháin i gcás inar mheas SCOEL go bhféadfaí frithghníomhartha díobhálacha sa chonair riospráide teacht as nochtadh dó trí ionanálú, amhail beirilliam agus a chomhdhúile neamhorgánacha. Tá sé d’oibleagáid ar fhostóirí nodaireachtaí den sórt sin a chur san áireamh nuair a bhíonn measúnú tionchair á dhéanamh acu agus nuair a bhíonn bearta coisctheacha agus cosantacha á gcur chun feidhme acu do charcanaigin nó do shóghineach ar leith i gcomhréir leis an Treoir.

    2018/0081 (COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shóghineacha ag an obair

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d’Airteagal 153(2), i gcomhar le pointe (a) d’Airteagal 153(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 42 ,

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Foráiltear i bPrionsabal 10 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 43 , arna fhógairt ag Göteborg an 17 Samhain 2017, go bhfuil an ceart ag gach oibrí chun timpeallacht oibre atá folláin, sábháilte agus curtha in oiriúint i gceart. Maidir leis an gceart chun ardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta ag an obair agus leis an gceart chun timpeallacht oibre atá curtha in oiriúint do riachtanais ghairmiúla oibrithe agus lenar féidir leo cur lena rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, cuirtear cosaint ar charcanaiginí agus ar shóghineacha ag an láthair oibre san áireamh.

    (2)Is é is aidhm do Threoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht a thagann as nochtadh do charcanaiginí nó do shóghineacha ar an láthair oibre. Déantar foráil i dTreoir 2004/37/CE maidir le leibhéal comhsheasmhach cosanta ar na rioscaí a bhaineann le carcanaiginí agus le sóghineacha trí chreat prionsabal ginearálta ionas gur féidir leis na Ballstáit cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gceanglas íosta a áirithiú. I dtaca leis na socruithe ginearálta a bhaineann le hoibrithe a chosaint a bunaíodh faoi Threoir 2004/37/CE, is gnéithe tábhachtacha díobh sin na teorainnluachanna ceangailteacha nochta ceirde a bunaíodh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, indéantacht eacnamaíoch, measúnú críochnúil ar an tionchar socheacnamaíoch agus prótacail agus teicnící a bheith ar fáil ag an láthair oibre maidir le nochtadh a thomhas. Is é is aidhm do na ceanglais íosta dá bhforáiltear i dTreoir 2004/37/CE oibrithe a chosaint ar leibhéal an Aontais. Is féidir leis na Ballstáit teorainnluachanna níos déine nochta ceirde a leagan síos.

    (3)Is cuid de bhainistiú riosca faoi Threoir 2004/37/CE na teorainnluachanna nochta ceirde. Tá comhlíonadh na dteorainnluachanna sin gan dochar do na hoibeagáidí eile atá ar fhostóirí de bhun Threoir 2004/37/CE, amhail úsáid carcanaiginí agus sóghineacha ag an láthair oibre a laghdú, nochtadh oibrithe do charcanaiginí nó do shóghineacha a chosc nó a laghdú, agus na bearta ba cheart a chur chun feidhme chun na críche sin. A mhéid is féidir go teicniúil, ba cheart a áireamh ar na bearta sin substaint, meascán nó próiseas a chur in ionad na carcanaigine nó an tsóghinigh nach bhfuil contúirteach nó a bhfuil contúirt is lú ag baint leis do shláinte oibrithe, córas dúnta a úsáid, nó bearta eile arb é is aidhm dóibh leibhéal nochta oibrithe a laghdú. Sa chomhthéacs sin, tá sé bunriachtanach go gcuirfí prionsabal an réamhchúraim san áireamh i gcás éiginnteachtaí.

    (4)I dtaca le formhór na gcarcanaiginí agus na sóghineach, ní féidir, ó thaobh na heolaíochta de, leibhéil a shainaithint nach mbeadh éifeachtaí díobhálacha ann i gcás nochtadh ar leibhéal atá faoina mbun. Cé nach ndéantar rioscaí do shláinte agus sábháilteacht oibrithe a dhíothú trí na teorainnluachanna a leagan síos ag an láthair oibre i ndáil le carcanaiginí agus le sóghineacha de bhun Threoir 2004/37/CE , ar rioscaí iad a eascraíonn as nochtadh ag an obair (riosca iarmharach), ní beag an cúnamh sin, mar go laghdaítear go mór na rioscaí a eascraíonn as an nochtadh sin a bhuí leis an gcur chuige céim ar chéim lena leagtar síos spriocanna de bhun Threoir 2004/37/CE. I dtaca le carcanaiginí agus le sóghineacha eile, is féidir, ó thaobh na heolaíochta de, leibhéil a shainaithint nach mbeifear ag súil le héifeachtaí díobhálacha i gcás nochtadh ar leibhéal atá faoina mbun.

    (5)I dtaca le huasleibhéil do nochtadh oibrithe do charcanaiginí áirithe nó do shóghineacha áirithe, is le luachanna a bhunaítear iad agus, de bhun Threoir 2004/37/CE, ní ceadmhach na luachanna sin a shárú.

    (6)Neartaítear cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe ina láthair oibre leis an Treoir seo. Ba cheart teorainnluachanna nua a leagan amach i dTreoir 2004/37/CE i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla nua agus dea-chleachtais, teicnící agus prótacail fhianaise-bhunaithe maidir le leibhéil nochta a thomhas ar an láthair oibre. Ar an bhfaisnéis, ba cheart, más féidir, sonraí maidir le rioscaí iarmharacha do shláinte oibrithe a áireamh, moltaí maidir leis an gCoiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde (SCOEL) agus tuairimí an Choiste um Measúnú Riosca (RAC) de chuid na Gníomhaireachta Eorpa Ceimiceán (ECHA), chomh maith le tuairimí ón gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH). I dtaca le faisnéis a bhaineann le riosca iarmharach agus a chuirtear ar fáil go poiblí ar leibhéal an Aontais, ní beag an éadáil sin i ndáil lena ndéanfar amach anseo ar mhaithe le teorainn a chur leis na rioscaí a eascraíonn as nochtadh ceirde do charcanaiginí agus do shóghineacha. Ba cheart trédhearcacht faisnéise den sórt sin a spreagadh a thuilleadh.

    (7)Ina theannta sin, is gá breithniú a dhéanamh ar chonairí ionsúcháin eile seachas ionanálú i gcás na gcarcanaiginí agus na sóghineach uile, lena náirítear go bhféadfaidís dul tríd an gcraiceann, chun an leibhéal cosanta is fearr is féidir a áirithiú. Is céim bhreise iad na leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE dá bhforáiltear sa Treoir seo i bpróiseas fadtéarmach ar cuireadh tús leis chun Treoir 2004/37/CE a thabhairt cothrom le dáta.

    (8)Bunaíodh an measúnú ar éifeachtaí sláinte carcanaiginí faoi réir an togra seo ar shaineolas eolaíoch ábhartha ó SCOEL agus ó RAC.

    (9)Tugann SCOEL, a ndéantar a chuid gníomhaíochtaí a rialáil le Cinneadh 2014/113/AE ón gCoimisiún 45 , cúnamh don Choimisiún, go háirithe leis na sonraí eolaíocha is nuaí dá bhfuil ar fáil a shainaithint, a mheas agus a anailísiú go mion, agus le teorainnluachanna nochta ceirde a mholadh ar mhaithe le hoibrithe a chosaint ar rioscaí ceimiceacha, atá le leagan síos ar leibhéal an Aontais de bhun Threoir 98/24/CE ón gComhairle 46 agus Threoir 2004/37/CE.

    (10)De bhun Rialachán CE Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 tugann RAC tuairimí ECHA i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le substaintí ceimiceacha do shláinte an duine agus don chomhshaol. I gcomhthéacs an togra seo, thug RAC a thuairim uaidh arna iarraidh sin i gcomhréir le hAirteagal 77(3)(c) de Rialachán CE Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (11)Sásaíonn caidmiam agus a lán dá chomhdhúile neamhorgánacha na critéir lena gcur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaiginí de réir bhrí Threoir 2004/37/CE iad. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is iomchuí teorainnluach a leagan síos don ghrúpa carcanaiginí sin. Dá bhrí sin, is iomchuí teorainnluach a bhunú le haghaidh caidmiam agus a chomhdhúl neamhorgánach faoi raon feidhme Threoir 2004/37/CE. Ina theannta sin, rinneadh caidmiam, níotráit chaidmiam agus hiodrocsaíd chaidmiam a shainaithint mar shubstaintí arb údar mór imní iad (SVHC) de bhun Airteagal 57(a) de Rialachán CE Uimh. 1907/2006 agus cuirtear san áireamh sa liosta iarrthóirí iad dá dtagraítear in Airteagal 59(1) den Rialachán sin lena núdarú faoin Rialachán REACH.

    (12)Maidir le caidmiam, d'fhéadfadh sé gur dheacair cloí le teorainnluach 0,001 mg/m3 i roinnt earnálacha sa ghearrthéarma. Ba cheart, dá bhrí sin, idirthréimhse seacht mbliana a thabhairt isteach ar lena linn ba cheart feidhm a bheith ag an teorainnluach de 0,004 mg/m3.

    (13)Sásaíonn beirilliam agus formhór na gcomhdhúl beirilliam neamhorgánach na critéir lena gcur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaiginí de réir bhrí Threoir 2004/37/CE iad. I dteannta airíonna carcanaigineacha, tagann galar beirilliam ainsealach (CBD) agus íogrú beirilliam (BeS) as beirilliam. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach a leagan síos don ghrúpa carcanaiginí sin. Dá bhrí sin, is iomchuí teorainnluach a bhunú le haghaidh beirilliam agus comhdhúile beirilliam neamhorgánacha faoi raon feidhme Threoir 2004/37/CE agus nodaireacht a shannadh d'íogrú craicinn agus riospráide.

    (14)Maidir le beirilliam, d'fhéadfadh sé gur dheacair cloí le teorainnluach 0,0002 mg/m3 i roinnt earnálacha sa ghearrthéarma. Ba cheart, dá bhrí sin, idirthréimhse a thabhairt isteach ar lena linn ba cheart feidhm a bheith ag an teorainnluach 0,0006 mg/m3.

    (15)Sásaíonn aigéad arsanaice chomh maith le formhór na gcomhdhúl arsanaice neamhorgánach na critéir lena gcur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaiginí de réir bhrí Threoir 2004/37/CE iad. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is iomchuí teorainnluach a leagan síos don ghrúpa carcanaiginí sin. Dá bhrí sin, is iomchuí teorainnluach a bhunú le haghaidh aigéad arsanaice agus a shalainn mar aon le comhdhúile arsanaice neamhorgánacha faoi raon feidhme Threoir 2004/37/EC. Ina theannta sin, déantar aigéad arsanaice, peantocsaíd déarsanaice agus tríocsaíd déarsanaice a shainaithint mar shubstaintí arb údar mór imní iad (SVHC) de bhun Airteagal 57(a) de Rialachán CE Uimh. 1907/2006 agus cuirtear san áireamh in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin iad, lena gceanglaítear údarú a fháil sula féidir is a úsáid.

    (16)Maidir le haigéad arsanaice, d'fhéadfadh sé gur dheacair cloí le teorainnluach 0,01 mg/m3 in earnáil an bhruithnithe copair agus, dá bhrí sin, ba cheart idirthréimhse dhá bhliain a thabhairt isteach.

    (17)Sásaíonn formaildéad na critéir lena cur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin é de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Is carcanaigin ghéineatocsaineach é a oibríonn go háitiúil. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach fadtéarma agus gearrthéarma a leagan síos don charcanaigin sin. Is ailléirgin i dteagmháil leis an gcraiceann (íogróir craicinn) é formaildéad freisin. Dá bhrí sin, is iomchuí teorainnluach a bhunú le haghaidh formaildéid agus nodaireacht a shannadh d'íogrú craicinn. Ina theannta sin, arna iarraidh sin don Choimisiún, tá faisnéis atá anois ann á bailiú ag ECHA freisin chun measúnú a dhéanamh ar nochtadh ó fhormaildéad agus ó scaoilteoirí formaildéid a d'fhéadfadh a bheith i gceist ag an láthair oibre lena náirítear úsáidí tionsclaíocha agus gairmiúla 48 .

    (18)Sásaíonn 4,4'-Meitiléin-bis(2-clóranailín) ("MOCA") na critéir lena chur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin de réir bhrí Threoir 2004/37/CE é. Sainaithníodh go bhféadfadh MOCA dul tríd an gcraiceann. Dá bhrí sin, is iomchuí teorainnluach a bhunú le haghaidh MOCA agus é a shannadh do nodaireacht craicinn. Ina theannta sin, sainaithníodh mar shubstaint arb údar mór imní é (SVHC) de bhun Airteagal 57(a) de Rialachán CE Uimh. 1907/2006 agus cuirtear san áireamh in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin é, lena gceanglaítear údarú a fháil sula féidir é a chur ar an margadh nó a úsáid. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach a leagan síos do MOCA.

    (19)Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le ACSH. Chomh maith leis sin, rinne sé comhairliúchán dhá chéim leis an lucht bainistíochta agus saothair ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ghlac ACSH tuairimí le haghaidh na substaintí tosaíochta uile a ndéantar foráil maidir leo sa togra seo agus mhol sé teorainnluach ceangailteach nochta ceirde le haghaidh gach ceann díobh, ag tacú leis na nodaireachtaí ábhartha do chuid acu 49

    (20)Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun beatha agus an ceart chun dálaí oibre cothroma agus córa dá bhforáiltear, faoi seach, in Airteagal 2 agus Airteagal 31 de.

    (21)Beidh na teorainnluachanna a leagtar amach sa Treoir seo á nathbhreithniú chun comhsheasmhacht le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a áirithiú 50 , go háirithe chun an idirghníomhaíocht a chur san áireamh idir na teorainnluachanna a leagtar amach faoi Threoir 2004/37/CE agus leibhéil gan éifeacht a dhíorthaítear do cheimiceáin ghuaiseacha faoin Rialachán sin chun oibrithe a chosaint go héifeachtach.

    (22)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, ar cuspóirí iad chun dálaí oibre a fheabhsú agus sláinte oibrithe a chosaint ar na rioscaí sonracha a eascraíonn as an nochtadh do charcanaiginí agus do shóghineacha agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (23)Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar bhealach lena gcuirfí bac ar bhunú agus ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide. Dá bhrí sin, tugtar cuireadh do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a ngníomh trasuí ar FBManna d’fhonn a áirithiú nach mbeidh éifeacht dhíréireach aige ar FBManna, agus aird faoi leith á tabhairt ar mhicrifhiontair agus ar ualach riaracháin, agus torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú.

    (24)Ó tharla gur le cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe ar an láthair oibre a bhaineann an Treoir seo, ba cheart í a thrasuí laistigh de 2 bhliain ó dháta a teacht i bhfeidhm.

    (25)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2004/37/CE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

    Airteagal 2

    1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [dhá bhliain…] 51 . Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

    2.Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 4

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    Aitheasc Staid an Aontais 2017: https://ec.europa.eu/commission/state-union-2017_ga
    (2)    Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, Samhain 2017, https://ec.europa.eu/commission/priorities/deeper-and-fairer-economic-and-monetary-union/european-pillar-social-rights_ga
    (3)    Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Safer and Healthier Work for All - Modernisation of the EU Occupational Safety and Health Legislation and Policy [Obair níos Sábháilte agus níos Folláine do Chách - Nuachóiriú ar Reachtaíocht agus ar Bheartas AE maidir le Sábháilteacht agus Sláinte Cheirde] COM/2017/012 final. http://ec.europa.eu/social/main.jsp?langId=ga&catId=89&newsId=2709
    (4)     https://ec.europa.eu/commission/publications/joint-declaration-eus-legislative-priorities-2018_ga
    (5)    EU-OSHA (2017): Cad iad na galair agus na gortuithe is mó a bhaineann leis an obair a mbíonn an bás agus DALY mar thoradh orthu? Le fáil ar: https://visualisation.osha.europa.eu/osh-costs#!/
    (6)    Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shóghineacha ag an obair (An séú Treoir aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (leagan códaithe) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).
    (7)    COM(2016) 248 final an 13 Bealtaine 2016, Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shóghineacha ag an obair.
    (8)    COM(2017)11 final an 10 Eanáir 2017, Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shóghineacha ag an obair.
    (9)    SWD(2016) 152 final, http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1516268356986&uri=CELEX:52016SC0152 agus SWD(2017) 7 final, http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1516268483171&uri=CELEX:52017SC0007 , faoi seach.
    (10)    Treoir (AE) 2017/2398 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shóghineacha ag an obair (IO L 345, 27.12.2017, lch. 87).
    (11)    Doiciméad le fáil ar:  http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CONSIL:ST_10438_2017_INIT&from=GA  
    (12)    Doiciméad Comhairliúchán an 26.07.2017, Comhairliúchán ar an gcéad chéim le páirtithe sóisialta faoi Airteagal 154 de CFAE maidir le Treoir 2004/37/CE a athbhreithniú chun teorainnluachanna ceangailteacha nochta ceirde a chur san áireamh do charcanaiginí agus do shóghineacha breise, C(2017) 5191 final. Doiciméad Comhairliúchán an 10.11.2017, Comhairliúchán ar an dara céim le páirtithe sóisialta faoi Airteagal 154 de CFAE maidir le Treoir 2004/37/CE a athbhreithniú chun teorainnluachanna ceangailteacha nochta ceirde a chur san áireamh do charcanaiginí agus do shóghineacha breise, C(2017) 7466 final.
    (13)    Grúpaí substainte atá sna chéad trí charcanaigin arb éard atá iontu líon mór comhdhúile tosaíochta (Caidmiam: 11, Beirilliam: 9 agus Arsanaic: 26 chomhdhúil, faoi seach).
    (14)    Airteagal 1(1) agus aithris 13 den Treoir.
    (15)    Airteagal 16(1) agus aithris 13 den Treoir.
    (16)    Arna leasú le Treoir (AE) 2017/2398, féach fonóta 10, thuas.
    (17)    RPA (2018) tuarascáil chríochnaitheach. An tríú staidéar faoin bhfaisnéis is déanaí a bhailiú le haghaidh líon áirithe substaintí d'fhonn anailís a dhéanamh ar na tionchair shláinte, shocheacnamaíocha agus chomhshaoil i dtaca le leasuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar Threoir 2004/37/CE.
    (18)    Féach pointe 3 maidir le bailiú agus úsáid saineolais.
    (19)    Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).
    (20)    Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).
    (21)    COM(2010) 2020 agus COM(2014) 130 final.
    (22)    Le fáil ar: http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN-GA/TXT/?uri=CELEX:12016P/TXT&from=EN
    (23)    I gcás MOCA, ba é an 22 Samhain 2017 an dáta deiridh agus is amhlaidh nach féidir é a chur ar an margadh lena úsáid ná leas a bhaint as tar éis an dáta sin, mura neiseofar údarú chuige sin.
    (24)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán.
    (25)    Suíomh gréasáin ECHA https://echa.europa.eu/registry-of-current-restriction-proposal-intentions/-/substance-rev/18148/term
    (26)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/183 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2018 maidir le diúltú d'údarú formaildéid mar bhreiseán beatha a bhaineann le feidhmghrúpaí leasaitheach agus feabhsaitheoirí dálaí sláinteachais, IO L 34, 8.2.2018, lch. 6.
    (27)    Féach Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair atá i gceangal leis an togra ina dtugtar forléargas ar na OELanna náisiúnta go léir i mBallstáit AE le haghaidh na substaintí atá á mbreithniú faoin Treoir seo.
    (28)    Féach Tábla 3 den Mheasúnú Tionchair atá i gceangal leis an togra.
    (29)    Tá téacs iomlán na dtuairimí le fáil ar CIRCABC, https://circabc.europa.eu
    (30)    Féach Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Measúnú Tionchair chun achoimrí a fháil ar na tuairimí a ghlac ACSH agus ar na luachanna OEL atá beartaithe le haghaidh gach substainte lena mbaineann.
    (31)    In Airteagal 77(3)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1), tugtar deis don Choimisiún tuairim a iarraidh maidir le sábháilteacht aon substainte, lena náirítear i ndáil le sábháilteacht agus sláinte cheirde.
    (32)    Maidir le meastóireacht REFIT ar REACH (Athbhreithniú REACH 2017), tá breis eolais le fáil ar: https://ec.europa.eu/growth/sectors/chemicals/reach/review_ga
    (33)    COM(2018) 116 final
    (34)    Tá tuairim an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála le fáil ar http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia&language=ga .
    (35)     https://ec.europa.eu/info/better-regulation-guidelines-and-toolbox_ga
    (36)    ACSH, 2017: Opinion on an EU Occupational Exposure Limit value for Cadmium and its inorganic compounds under Directive 2004/37/EC (CMD) [Tuairim maidir le Teorainnluach Nochta Ceirde AE le haghaidh Cadmiam agus a chomhdhúl neamhorgánach faoi Threoir 2004/37/EC (CMD)] atá le fáil ar: https://circabc.europa.eu/sd/a/937cca1a-c6ff-4a17-9d8a-6c7aa00107a9/Doc.663-17-EN_WPC%20Opinion%20Cadmium_Adopted%2031.05.2017%20.pdf
    (37)    ACSH, 2017: Opinion on an EU Occupational Exposure Limit value for Beryllium and its inorganic compounds under Directive 2004/37/EC (CMD) [Tuairim maidir le Teorainnluach Nochta Ceirde AE le haghaidh Beirilliam agus a chomhdhúl neamhorgánach faoi Threoir 2004/37/EC (CMD)] https://circabc.europa.eu/sd/a/2d61770f-7b5d-45bc-b2b4-4c8460e78c93/Doc.662-17-EN_WPC_Opinion%20on%20Be_Adopted%2031.05.2017.pdf
    (38)    ACSH, 2017: Opinion on an EU Occupational Exposure Limit value for Arsenic acid and its salts as well as inorganic arsenic compounds in the scope of Directive 2004/37/EC (CMD) [Tuairim maidir le Teorainnluach Nochta Ceirde AE le haghaidh Aigéad Arsanaice agus a chomhdhúl neamhorgánach faoi raon feidhme Threoir 2004/37/EC (CMD)] atá le fáil ar: https://circabc.europa.eu/sd/a/9813acc5-604a-49f9-9d4b-afaeceb12705/Doc.1334_01_EN_WPC_Opinion%20Arsenic_Adopted%2019102017.pdf
    (39)    Féach fonóta 17 thuas.
    (40)    Féach fonóta 17 thuas.
    (41)    Orthu sin, áirítear sonraí faoi ghalair cheirde a d’fhéadfadh Eurostat a bhailiú, chomh maith le sonraí faoi fhadhbanna sláinte neamhailseacha eile a bhaineann leis an obair, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008, sonraí arna dtíolacadh ag Ballstáit sna tuarascálacha náisiúnta maidir le cur chun feidhme an acquis AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ceirde, arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 17(a) de Threoir 89/391/CEE agus sonraí arna gcur in iúl do na húdaráis náisiúnta inniúla ag fostóirí faoi chásanna ailse arna sainaithint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta atá mar thoradh ar nochtadh ceirde do charcanaigin nó do shóghineach i gcomhréir le hAirteagal 14(8) de Threoir 2004/37/CE, agus ar a bhféadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2004/37/CE.
    (42)    IO C ,, lch. . 
    (43)    Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, Samhain 2017, https://ec.europa.eu/commission/priorities/deeper-and-fairer-economic-and-monetary-union/european-pillar-social-rights_en  
    (44)    Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shóghineacha ag an obair (An séú Treoir aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).
    (45)    Cinneadh ón gCoimisiún an 3 Márta 2014 maidir le Coiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde d’Oibreáin Cheimiceacha a bhunú agus lena naisghairtear Cinneadh 95/320/CE (IO L 62, 4.3.2014, lch. 18).
    (46)    Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) ( IO L 131, 5.5.1998, lch. 11 ).
    (47)    In Airteagal 77(3)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1), tugtar deis don Choimisiún tuairim a iarraidh maidir le sábháilteacht aon substainte, lena náirítear i ndáil le sláinte agus sábháilteacht cheirde.
    (48)    https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/formaldehyde_cion_reqst_axvdossier_en.pdf/11d4a99a-7210-839a-921d-1a9a4129e93e
    (49)    Tá téacs iomlán na dtuairimí le fáil ar CIRCABC, https://circabc.europa.eu
    (50)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún ( IO L 396, 30.12.2006, lch. 1 ).
    (51)    Dhá bhliain tar éis don Treoir seo teacht i bhfeidhm.
    Top

    An Bhruiséil,5.4.2018

    COM(2018) 171 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Togra le haghaidh

    TEOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
    lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

    {SWD(2018) 87 final}
    {SWD(2018) 88 final}


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas: i bpointe A, cuirtear an tábla seo a leanas leis:

    Ainm an oibreáin

    Uimh. CE ( I )

    Uimh. CAS ( II )

    Teorainnluachanna

    Nodaireacht

    Bearta idirthréimhseacha

    8 nuaire an chloig ( III )

    Gearrthéarmach ( IV )

    mg/m3 ( V )

    csm     ( VI )

    f/ml

    ( VII )

    mg/m3  

    csm

    f/ml

    Caidmiam agus a chomhdhúile neamhorgánacha

    0,001

    Teorainnluach 0,004 mg/m3 go dtí xx yyyy 202z [7 mbliana]

    Beirilliam agus comhdhúile beirilliam neamhorgánacha

    0,0002

    íogrú craicinn agus riospráide ( VIII )

    Teorainnluach 0,0006 mg/m3 go dtí xx yyyy 202z [5 mbliana]

    Aigéad arsanaice agus a shalainn chomh maith le formhór na gcomhdhúl arsanaice neamhorgánach

    0,01

    I gcás earnáil an bhruithnithe copair tiocfaidh an teorainnluach i bhfeidhm an xx yyyy 202z [2 bhliain]

    Formaildéad

    200-001-8

    50-00-0

    0,37

    0,3

    0,738

    0,6

    íogrú craicinn

    ( IX )

    4,4'-Meitiléin-bis-(2 chloraniline)

    202-918-9

    101-14-4

    0,01

    craiceann( X )

    (I)

    ()    Uimhir CE, i.e. Einecs, ELINCS nó NLP, uimhir oifigiúil na substainte laistigh den Aontas Eorpach, faoi mar atá sainmhínithe i roinn 1.1.1.2 in Iarscríbhinn VI, Cuid 1, de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

    (II)

    ()    Uimh. CAS: Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán.

    (III)

    ()    Arna thomhas nó arna ríomh i dtaca le tréimhse thagartha ocht nuaire an chloig mar mheán am-ualaithe (TWA).

    (IV)

    ()    Teorainn nochta ghearrthéarmaigh (STEL). Teorainnluach nár cheart go dtarlódh nochtadh os a chionn agus a fhreagraíonn do thréimhse 15 nóiméad mura sonraítear a mhalairt.

    (V)

    ()    mg/m3 = milleagram sa mhéadar ciúbach d’aer ag 20 °C agus 101,3 kPa (760 mm de bhrú mearcair).

    (VI)

    ()    csm = codanna sa mhilliún de réir toirt aeir (ml/m3).

    (VII)

    ()    f/ml = snáithíní sa mhillilítear.

    (VIII)

    ()    Is féidir an tsubstaint a bheith mar shiocair le híogrú an chraicinn agus na conaire riospráide.

    (IX)

    ()    Is féidir an tsubstaint a bheith mar shiocair le híogrú an chraicinn.

    (X)

    ()    D’fhéadfaí go gcuirfí go suntasach le hualach iomlán an choirp de bharr an craiceann a bheith nochta don tsubstaint seo.

    Top