EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010AG0003

Seasamh (EU) No 3/2010 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gréasán Eorpach iarnróid do lasta iomaíoch Arna nglacadh ag an gComhairle an 1 Márta 2010 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO C 114E, 4.5.2010, p. 17–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

4.5.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/17


SEASAMH (EU) No 3/2010 ÓN GCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gréasán Eorpach iarnróid do lasta iomaíoch

Arna nglacadh ag an gComhairle an 1 Márta 2010

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

2010/C 114 E/02

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas

(1)

Le foraoiseacha cuirtear réimse leathan de shochair chomhshaoil, de shochair eacnamaíocha agus de shochair shóisialta ar fáil, lena n-áirítear táirgí foraoise adhmaid agus neamh-adhmaid agus seirbhísí comhshaoil.

(2)

Is mó i gcónaí is cúiseanna imní iad an lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil ghaolmhar de bharr éileamh méadaitheach a bheith ar adhmad agus ar tháirgí adhmaid ar fud an domhain, chomh maith leis na heasnaimh institiúideacha agus rialála atá ar earnáil na foraoiseachta i roinnt tíortha táirgthe adhmaid.

(3)

Is forleatach an fhadhb í an lománaíocht neamhdhleathach agus is mór an chúis imní ar an leibhéal idirnáisiúnta í. Is mór an bhagairt ar na foraoiseacha í mar go ngéaraíonn sí ar phróiseas an dífhoraoisithe, atá freagrach as tuairim agus 20 % de na hastaíochtaí CO2, mar go gcuireann sí an bhithéagsúlacht i mbaol agus mar go mbaineann sí na cosa de bhainistíocht inbhuanaithe foraoise agus d'fhorbairt inbhuanaithe foraoise, lena n-áirítear inmharthanacht tráchtála na n-oibreoirí a bhíonn ag gníomhú i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. Chomh maith leis sin, tá impleachtaí sóisialta, polaitiúla agus eacnamaíocha aici.

(4)

I dTeachtaireacht an 21 Bealtaine 2003 ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal ‘Forghníomhú an Dlí, Rialáil agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT)’: ‘Togra le haghaidh Plean Gníomhaíochta AE’, moladh sraith beart chun tacú leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta d'fhonn tabhairt faoi fhadhb na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire.

(5)

D'fháiltigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle roimh an Teachtaireacht sin agus d'aithin siad an gá atá ann go gcuirfeadh an tAontas leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar an leibheál domhanda chun tabhairt faoi fhadhb na lománaíochta neamhdhleathaí,.

(6)

I gcomhréir le haidhm na Teachtaireachta sin, eadhon a áirithiú nach dtiocfadh isteach san Aontas ach earraí adhmaid arna dtáirgeadh de réir reachtaíocht náisiúnta na tíre táirgthe, tá idirbheartaíocht á déanamh ag an Aontas le tíortha táirgthe adhmaid (tíortha comhpháirtíochta) faoi Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Saorálaí (VPA), ar comhaontuithe iad lena gcruthaítear ceanglas do na páirtithe, ar ceanglas dlíthiúil é, scéim ceadúnúcháin a chur chun feidhme agus an trádáil san adhmad agus sna táirgí adhmaid a shainaithnítear sna VPAanna sin a rialáil.

(7)

I bhfianaise mhórscála agus phráinn na faidhbe, is gá tacú go gníomhach leis an gcomhrac in aghaidh na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire, is gá an tionscnamh VPA a chomhlánú agus a neartú agus is gá na sineirgí a fheabhsú idir na beartais a bhfuil sé d'aidhm acu na foraoiseacha a chaomhnú ar láimh amháin agus leibhéal ard cosanta comhshaoil a bhaint amach, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus chailliúint na bithéagsúlachta ar an láimh eile.

(8)

Ba cheart aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí a rinne na tíortha a bhfuil VPA FLEGT tugtha i gcrích acu leis an Aontas agus do na prionsabail atá ionchorpraithe iontu, go mór mór maidir leis an sainmhíniú ar adhmad a táirgeadh go dleathach. Ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin nach ndéantar, faoi scéim cheadúnúcháin FLEGT, ach amháin adhmad arna lománú i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus táirgí adhmaid atá díorthaithe as adhmad den sórt sin a allmhairiú isteach san Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, go measfaí gur as adhmad arna lománú go dleathach adhmad atá leabaithe sna táirgí adhmaid a liostaítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (4), ar táirgí adhmaid iad a thionscnaíonn sna tíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005, ar choinníoll go gcomhlíonann na táirgí adhmaid sin an Rialachán sin agus aon fhorálacha cur chun feidhme.

(9)

Ba cheart a chur san áireamh freisin go gceanglaítear ar na páirtithe sa Choinbhinsiún, leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), gan cead onnmhairíochta CITES a dheonú ach amháin nuair a rinneadh speiceas atá liostaithe in CITES a lománú, inter alia, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta sa tír onnmhairíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, go measfaí gur lománaíodh go dleathach adhmad na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn A, in Iarscríbhinn B nó in Iarscríbhinn C a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (5), ar choinníoll go gcomhlíonann sé an Rialachán sin agus aon fhorálacha cur chun feidhme.

(10)

Agus castacht na lománaíochta neamhdhleathaí á cur san áireamh, a mhéid a bhaineann leis na fachtóirí atá mar bhonn di agus an tionchar a bhíonn aici, ba cheart díriú ar iompraíocht na n-oibreoirí d'fhonn buntáistí na hiompraíochta neamhdhleathaí a laghdú.

(11)

In éagmais sainmhínithe a bheadh comhaontaithe go hidirnáisiúnta, ba cheart gurbh í reachtaíocht na tíre inar lománaíodh an t-adhmad a bheadh mar an bonn ar a ndéanfaí sainmhíniú a thabhairt ar an lománaíocht neamhdhleathach.

(12)

Is iomaí táirge adhmaid a théann trí phróisis éagsúla sula gcuirtear ar an margadh den chéad uair iad nó tar éis iad a chur ar an margadh den chéad uair. Ionas nach mbeidh ró-ualach riaracháin á chur gan údar, ní bheidh faoi réir na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo ach na hoibreoirí sin a mbeidh adhmad nó táirgí adhmaid á gcur ar an margadh inmheánach den chéad uair acu, murab ionann agus na hoibreoirí go léir a bhfuil baint acu leis an slabhra dáileacháin.

(13)

Toisc go gcuirfeadh sé ualach neamhréireach ar oibreoirí dá gceanglófaí orthu faisnéis a thabhairt maidir le tionscnamh an adhmaid i gcás táirgí a bheadh déanta as adhmad athchúrsáilte, ba cheart go ndéanfaí na táirgí sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(14)

Na hoibreoirí a mbeadh adhmad agus táirgí adhmaid á gcur ar an margadh inmheánach den chéad uair acu, ba cheart dóibh a ndícheall cuí a dhéanamh, trí chóras beart agus nósanna imeachta (córas an díchill chuí), an riosca a bhaineann le hadhmad arna lománú go neamhdhleathach agus le táirgí atá díorthaithe ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh inmheánach a íoslaghdú.

(15)

Áirítear trí eilimint ar chóras an díchill chuí atá de dhlúth is d'inneach i mbainistiú riosca: rochtain ar fhaisnéis, measúnú riosca agus maolú a dhéanamh ar an riosca a shainaithneofar. Ba cheart go dtabharfaí rochtain, le córas an díchill chuí, ar fhaisnéis maidir le foinsí an adhmaid agus na dtáirgí adhmaid agus maidir le soláthraithe an adhmaid agus na dtáirgí adhmaid atá á gcur ar an margadh inmheánach den chéad uair, lena n-áirítear faisnéis ábhartha amhail comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme. Ba cheart go ndéanfadh na hoibreoirí measúnú riosca bunaithe ar an bhfaisnéis sin. I gcás ina sainaithneofar riosca, ba cheart d'oibreoirí an riosca sin a mhaolú ar mhodh a bheadh comhréireach leis an riosca arna shainaithint, d'fhonn go gcoiscfear adhmad arna lománú go neamhdhleathach agus táirgí adhmaid atá díorthaithe ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh.

(16)

D'fhonn aon ualach míchuí riaracháin a sheachaint, níor cheart go gceanglófaí ar na hoibreoirí sin a bhfuil leas á bhaint acu cheana féin as córais nó as nósanna imeachta a bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh acu córais nua a chur ar bun.

(17)

D'fhonn aitheantas a thabhairt do dhea-chleachtas in earnáil na foraoiseachta, féadfar deimhniú nó scéimeanna eile arna bhfíorú ag tríú páirtí agus a áiríonn fíorú maidir le comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme, a úsáid sa nós imeachta maidir le measúnú riosca.

(18)

Tá earnáil an adhmaid fíorthábhachtach do gheilleagar an Aontais. Tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí na n-oibreoirí san earnáil mar go ndéantar ionadaíocht ar leasanna na hearnála sin ar scála leathan agus bíonn teagmháil acu le raon éagsúil de na páirtithe leasmhara. Tá an saineolas agus an inniúlacht ag na heagraíochtaí sin freisin le hanailís a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha agus comhlíonadh na reachtaíochta a éascú dá mbaill, ach níor cheart go n-úsáidfeadh siad an inniúlacht sin d'fhonn ceannas a fháil ar an margadh. D'fhonn cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú agus cur le forbairt an dea-chleachtais, is iomchuí aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí atá tar éis ceanglais a fhorbairt d'fhonn córas an díchill chuí a fhorbairt, ar córais iad lena gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo. Ba cheart liosta de na heagraíochtaí a mbeidh an t-aitheantas sin faighte acu a phoibliú chun a chumasú do na hoibreoirí leas a bhaint as na heagraíochtaí faireacháin sin a mbeidh aitheantas faighte acu.

(19)

Ba cheart do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh go héifeachtach ar an gcaoi a gcomhlíonann oibreoirí na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha oifigiúla a dhéanamh, de réir mar is cuí, agus d'fhéadfadh go mbeadh seiceálacha ag áitreabh an oibreora san áireamh leis na seiceálacha, agus ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann a cheangal ar na hoibreoirí gníomhartha feabhais a dhéanamh i gcás inar gá sin.

(20)

Ba cheart do na húdaráis inniúla taifid a choinneáil ar na seiceálacha agus ba cheart an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil d'aon iarratasóir i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol (6).

(21)

Ba cheart do na húdaráis inniúla comhoibriú le chéile agus le húdaráis riaracháin tríú tíortha agus leis an gCoimisiún, agus cineál idirnáisiúnta na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire á chur san áireamh.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ngearrfar pionóis i leith aon sáruithe ar an Rialachán seo agus go mbeidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(23)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ar gníomhartha iad a bhaineann leis na nósanna imeachta chun aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí faireacháin agus chun an t-aitheantas sin a tharraingt siar, a bhaineann le critéir eile um measúnú riosca a d'fhéadfadh a bheith riachtanach leis na critéir dá bhforáiltear cheana sa Rialachán seo a fhorlíonadh agus a bhaineann leis an liosta d'adhmad agus de tháirgí adhmaid a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachadh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe i rith chéim an ullmhúcháin i gcomhréir leis an ngealltanas a thug an Coimisiún i dTeachtaireacht an 9 Nollaig 2009 maidir le hAirteagal 290 de CFAE a chur chun feidhme.

(24)

Ba cheart na bearta atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7).

(25)

Ba cheart tréimhse réasúnta a thabhairt d'oibreoirí agus d'údaráis inniúla iad féin a ullmhú d'fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

(26)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an comhrac in aghaidh na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire, a bhaint amach ina gceann agus ina gceann agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo na hoibleagáidí a bheidh ar oibreoirí a mbeidh adhmad agus táirgí adhmaid á gcur ar an margadh inmheánach den chéad uair acu, le go n-íoslaghdófar an baol go ndéanfar adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid a dhíorthaítear as adhmad den sórt sin a chur ar an margadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘adhmad agus táirgí adhmaid’ an t-adhmad agus na táirgí adhmaid a leagtar amach san Iarscríbhinn, seachas táirgí adhmaid a dhíorthaítear as adhmad nó as táirgí adhmaid a cuireadh ar an margadh cheana féin chomh maith le táirgí adhmaid nó comhpháirteanna táirgí den sórt sin a mhonaraítear as adhmad nó as táirgí adhmaid a bhfuil a saolré tagtha chun críche agus a dhéanfaí a dhiúscairt mar dhramhaíl murach sin;

(b)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ adhmad nó táirgí adhmaid a sholáthar ar shlí ar bith, beag beann ar an teicníc díolacháin a úsáidtear, ar an margadh inmheánach den chéad uair chun é nó iad a dháileadh nó a úsáid le linn gníomhaíochta tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce. Áirítear leis freisin soláthar trí chianchumarsáid faoi mar a shainmhínítear í i dTreoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 1997 maidir le tomhaltóirí a chosaint i leith cianchonarthaí (8);

(c)

ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a chuireann adhmad nó táirgí adhmaid ar an margadh;

(d)

ciallaíonn ‘tír na lománaíochta’ an tír nó an chríoch inar lománaíodh an t-adhmad nó inar lománaíodh an t-adhmad atá leabaithe sna táirgí adhmaid;

(e)

ciallaíonn ‘arna lománú go dleathach’ arna lománú i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta;

(f)

ciallaíonn ‘arna lománú go neamhdhleathach’ arna lománú de shárú ar an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta;

(g)

ciallaíonn ‘reachtaíocht is infheidhme’ an reachtaíocht atá i bhfeidhm i dtír na lománaíochta, ar reachtaíocht í lena gcumhdaítear na hábhair seo a leanas:

cearta chun lománaíocht a dhéanamh ar adhmad laistigh de theorainneacha a bhfuil taifead orthu in iris oifigiúil;

íocaíochtaí ar chearta lománaíochta agus ar adhmad lena n-áirítear dleachtanna a bhaineann le lománaíocht;

lománaíocht an adhmaid, lena n-áirítear an reachtaíocht chomhshaoil agus an reachtaíocht foraoise a bhfuil baint dhíreach aici léi;

cearta dlíthiúla atá ag tríú páirtithe maidir le húsáid agus maidir le tionacht a ndéanann lománaíocht an adhmaid difear dóibh; agus

reachtaíocht na trádála agus an chustaim, a mhéid a bhaineann sí le hearnáil na foraoiseachta;

Airteagal 3

Stádas adhmaid agus táirgí adhmaid arna gcumhdach ag FLEGT agus ag CITES

Measfar, chun críocha an Rialacháin seo, gur lománaíodh go dleathach adhmad atá leabaithe sna táirgí adhmaid a liostaítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ar táirgí iad a thionscnaítear sna tíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 agus a chomhlíonann an Rialachán sin agus a fhorálacha cur chun feidhme.

Measfar, chun críocha an Rialacháin seo, gur lománaíodh go dleathach adhmad de speicis a liostaítear in Iarscríbhinn A, in Iarscríbhinn B nó in Iarscríbhinn C a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 agus ar adhmad é a chomhlíonann an Rialachán sin agus a fhorálacha cur chun feidhme.

Airteagal 4

Oibleagáidí na n-oibreoirí

1.   Déanfaidh na hoibreoirí a ndícheall cuí an baol atá ann maidir le hadhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí atá díorthaithe d'adhmad den sórt sin a chur ar an margadh a íoslaghdú a mhéid is féidir. Chuige sin, bainfidh siad leas as creat nósanna imeachta agus beart, dá ngairfear ‘córas díchill chuí’ anseo feasta, a leagtar amach in Airteagal 5.

2.   Déanfaidh gach oibreoir an córas díchill chuí a mbaineann sé féin leas as a chothabháil agus a mheasúnú go tráthrialta, ach amháin i gcás ina mbaineann an t-oibreoir leas as córas díchill chuí arna bhunú ag eagraíocht faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 7.

Airteagal 5

Córais díchill chuí

1.   Beidh an méid seo a leanas sa chóras díchill chuí dá dtagraítear in Airteagal 4(1):

(a)

bearta agus nósanna imeachta lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir le soláthar adhmaid nó soláthar táirgí adhmaid an oibreora ar adhmad nó táirgí adhmaid iad a chuirfear ar an margadh:

tuairisc, lena n-áirítear an t-ainm eolaíoch iomlán nó gnáth-thuairisc an spéicis crainn, an trádainm agus cineál táirge;

tír na lománaíochta, agus i gcás inarb infheidhme, an réigiún fo-náisiúnta inar lománaíodh an t-adhmad;

an chainníocht (arna sloinneadh i méid, i meáchan nó in uimhir na n-aonad);

ainm agus seoladh soláthraí an oibreora;

doiciméid nó faisnéis eile lena sonraítear go gcloíonn an t-adhmad sin agus na táirgí adhmaid sin leis an reachtaíocht is infheidhme;

(b)

nósanna imeachta um measúnú riosca lena gcuirtear ar chumas an oibreora anailís agus measúnú a dhéanamh ar an riosca atá ann go ndéanfar adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid atá díorthaithe as adhmad den sórt sin a chur ar an margadh.

Cuirfear san áireamh leis na nósanna imeachta sin an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (a) mar aon leis na critéir ábhartha um measúnú riosca, lena n-áirítear:

dearbhú ar chomhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme, a bhféadfaí deimhniúchán nó scéimeanna eile, ar scéimeanna iad arna bhfíorú ag tríú páirtí, lena gcumhdaítear comhlíonadh na reachtaíochta infheidhme, a áireamh ann;

leitheadúlacht lománaíocht neamhdhleathach speiceas sonrach crann;

leitheadúlacht na lománaíochta neamhdhleathaí nó na gcleachtas ina leith i dtír na lománaíochta agus/nó sa réigiún fo-náisiúnta inar lománaíodh an t-adhmad;

castacht shlabhra soláthair na dtáirgí adhmaid;

(c)

seachas i gcás inar riosca diomaibhseach an riosca a aithnítear le linn na nósanna imeachta um measúnú riosca dá dtagraítear i bpointe (b), nósanna imeachta um maolú riosca arb éard atá iontu sraith beart agus nósanna imeachta atá leordhóthanach agus comhréireach chun íoslaghdú a dhéanamh go héifeachtach ar an riosca sin agus a bhféadfadh sé a bheith ar áireamh leo go n-éileofaí tuilleadh faisnéise nó tuilleadh doiciméad agus/nó go n-éileofaí fíorú tríú páirtí.

2.   Is i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a ghlacfar na rialacha mionsonraithe is gá d'fhonn a áirithiú go ndéanfar mír 1 a chur chun feidhme go haonfhoirmeach, seachas a mhéid a bhaineann le critéir ábhartha bhreise um measúnú riosca dá dtagraítear sa dara mír de phointe (b) den Airteagal seo. Glacfar na rialacha sin tráth nach déanaí ná … (9).

3.   Ionas go n-áireofar forbairtí sa mhargadh agus an taithí a fuarthas i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, ar imeachtaí iad agus ar taithí í a sainaithníodh go háirithe tríd an tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 18(3), féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE maidir le critéir ábhartha bhreise um measúnú riosca a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil chun cur leis na critéir sin dá dtagraítear sa dara mír de phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 13, in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo.

Airteagal 6

Údaráis inniúla

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó ná údarás inniúil amháin a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Déanfaidh na Ballstáit, faoin … (10), ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún. Déanfaidh na Ballstáit aon athrú ar ainmneacha nó ar sheoltaí na n-údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún.

2.   Cuirfidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ar fáil go poiblí, lena n-áirítear ar an Idirlíon. Tabharfar an liosta cothrom le dáta go tráthrialta.

Airteagal 7

Eagraíochtaí faireacháin

1.   Déanfaidh eagraíocht faireacháin na feidhmeanna seo a leanas a fheidhmiú:

(a)

córas díchill chuí a chothabháil agus a mheasúnú go tráthrialta i gcomhréir le hAirteagal 5 agus ceart chun é a úsáid a dheonú d'oibreoirí;

(b)

a fhíorú go n-úsáidfidh na hoibreoirí sin córas an díchill chuí mar is ceart;

(c)

na bearta cuí a ghlacadh i gcás ina mainneoidh oibreoir a chóras díchill chuí féin a úsáid i gceart, lena n-áirítear fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla i gcás ina ndéanfadh oibreoir mainneachtain thromchúiseach nó mainneachtain arís agus arís eile.

2.   Féadfaidh eagraíocht cur isteach ar aitheantas mar eagraíocht faireacháin, má chomhlíonann sé na ceanglais seo a leanas:

(a)

go bhfuil pearsantacht dhlítheanach aici agus go bhfuil sí bunaithe go dleathach laistigh den Aontas;

(b)

go bhfuil sé d'acmhainn aici na feidhmeanna dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú; agus

(c)

go gcomhlíonfaidh sí a feidhmeanna ar bhealach lena seachnófar coinbhleachtaí leasa.

3.   Aithneofar iarratasóir a chomhlíonfaidh na riachtanais a leagtar amach i mír 2 mar eagraíocht faireacháin ar cheann de na slite seo a leanas:

(a)

tabharfaidh údarás inniúil Ballstáit aitheantas d'eagraíocht faireacháin a bheartaíonn a gníomhartha a dhéanamh go heisiatach sa Bhallstát sin, agus cuirfear an Coimisiún ar an eolas gan mhoill ina dhiaidh sin.

(b)

tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, tabharfaidh an Coimisiún aitheantas d'eagraíocht faireacháin a bheartaíonn a gníomhartha a dhéanamh i mbreis agus Ballstát amháin, nó ar fud an Aontais.

4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha go tráthrialta lena fhíorú go leanfaidh na heagraíochtaí faireacháin a oibríonn laistigh de dhlínse na n-údarás inniúil de na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh agus go leanfaidh siad de na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a chomhlíonadh.

5.   Má chinneann údarás inniúil nach bhfuil na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag eagraíocht faireacháin atá aitheanta ag an gCoimisiún nó nach gcomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a thuilleadh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas gan mhoill.

6.   Féadfaidh na húdaráis inniúla nó an Coimisiún aitheantas a tharraingt siar nuair a chinnfidh an t-údarás inniúil nó an Coimisiún nach bhfuil na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 nó na ceanglais a leagtar síos i mír 2 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag eagraíocht faireacháin. Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil ná an Coimisiún aon aitheantas a tharraingt siar seachas aitheantas a d'eisigh sé féin. Sula dtarraingeoidh an Coimisiún aitheantas siar, cuirfidh sé na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas maidir leis sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le tarraingt siar aitheantas.

7.   D'fhonn na rialacha nós imeachta a fhorlíonadh maidir le haitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí faireacháin agus maidir le haitheantas a tharraingt siar agus, má éilíonn taithí a leithéid, d'fhonn iad a leasú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 13, in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo. Glacfar na gníomhartha sin tráth nach déanaí ná … (11).

8.   Glacfar rialacha mionsonraithe a bhaineann le minicíocht agus le cineál na seiceálacha dá dtagraitear i mír 4, agus atá riachtanach d'fhonn cur chun feidhme aonfhoirmeach na míre sin a áirithiú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Glacfar na rialacha sin tráth nach déanaí ná … (11).

Airteagal 8

Liosta na n-eagraíochtaí faireacháin

Foilseoidh an Coimisiún liosta na n-eagraíochtaí faireacháin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, agus cuirfidh sé ar fáil ar a láithreán gréasáin é. Tabharfar an liosta cothrom le dáta go tráthrialta.

Airteagal 9

Seiceálacha ar oibreoirí

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha lena dheimhniú go gcomhlíonann na hoibreoirí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5.

2.   Tabharfaidh na hoibreoirí gach cúnamh is gá le gur féidir na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú go héasca.

3.   I gcás ina mbraitear easnaimh, tar éis na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla fógra a eisiúint maidir leis na gníomhartha feabhais a ghlacfaidh an t-oibreoir. Aon mhainneachtain a dhéanfaidh an t-oibreoir maidir le gníomh feabhais den sórt sin a dhéanamh, d'fhéadfadh sé a bheith ina chúis pionóis a ghearradh i gcomhréir le hAirteagal 17.

Airteagal 10

Taifead ar sheiceálacha

1.   Coinneoidh na húdaráis inniúla taifid ar na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 9(1), agus léireofar, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, mar aon le taifid ar aon fhógraí faoi ghníomhartha feabhais arna n-eisiúint faoi Airteagal 9(3). Coinneofar taifead ar na seiceálacha uile ar feadh 5 bliana ar a laghad.

2.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil d'aon iarratasóir i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE.

Airteagal 11

Comhoibriú

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le chéile, le húdaráis riaracháin tríú tíortha agus leis an gCoimisiún d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla faisnéis faoi na heasnaimh thromchúiseacha a bhraitear trí na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 7(4) agus in Airteagal 9(1) agus faisnéis faoi na cineálacha pionós arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 17 a mhalartú le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún.

Airteagal 12

Leasuithe ar an Iarscríbhinn

D'fhonn an taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur chun feidhme a chur san áireamh, go háirithe an taithí a shainaithneofar tríd an tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 18(3), mar aon le forbairtí maidir le tréithe teicniúla, le húsáideoirí deiridh agus le próisis táirgeachta an adhmaid agus táirgí adhmaid, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE trí liosta na n-adhmad agus na dtáirgí adhmaid a leagtar amach san Iarscríbhinn a leasú agus a fhorlíonadh. Ní dhéanfar ualach neamhréireach a chur ar oibreoirí leis na gníomhartha sin. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 13, Airteagal 14 agus Airteagal 15 maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 13

Feidhmiú an tarmligin

1.   Tabharfar na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ar gníomhartha iad dá dtagraítear in Airteagal 5(3), in Airteagal 7(7) agus in Airteagal 12, don Choimisiún go ceann tréimhse seacht mbliana tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na cumhachtaí tarmligthe ar a dhéanaí trí mhí roimh dheireadh tréimhse trí bliana tar éis an dáta a ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch i gcomhair tréimhsí comhfhaid, ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 14.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

3.   Déantar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 14 agus in Airteagal 15.

Airteagal 14

Cúlghairm an tarmligin

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3), in Airteagal 7(7) agus in Airteagal 12 a chúlghairm.

2.   Déanfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d'fhonn cinneadh an ndéanfar an tarmligean cumhachta a chúlghairm an reachtóir eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas ar a dhéanaí mí sula ndéanfaidh sí an cinneadhcríochnaitheach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na fáthanna atá leis an gcúlghairm.

3   Cuirfidh an cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a sonraíodh sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 15

Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse trí mhí ón dáta ar tugadh an fógra.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, nó más rud é, roimh an dáta sin, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta acu gan agóidí a dhéanamh, tiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm ar an dáta a luaitear ina fhorálacha.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe a glacadh, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh agóid na fáthanna a bhí aici le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 16

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Fhorghníomhú an Dlí, Rialáil agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) arna bhunú faoi Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 17

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór do na pionóis a leagfar amach a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin in iúl don Choimisiún agus cuirfidh siad aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh in iúl dó gan mhoill.

Airteagal 18

Tuairisciú

1.   Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 30 Aibreán gach dara bliain tar éis an dáta a ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le linn an dá bhliain roimhe sin.

2.   Ar bhonn na dtuarascálacha sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach dara bliain.

3.   Faoin … (12), agus gach sé bliana ina dhiaidh sin, athbhreithneoidh an Coimisiún feidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo, ar bhonn tuairiscithe agus taithí maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe maidir leis na hiarmhairtí riaracháin do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide agus le cuimsiúchán an táirge. Féadfaidh tograí iomchuí le haghaidh reachtaíochta a bheith ag gabháil leis na tuarascálacha, i gcás inar gá sin.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón … (13). Beidh feidhm, áfach, ag Airteagail 5(2), 6(1), 7(7) agus 7(8) amhail ón ndáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Airteagal 20

Foilsiú

Foilseofar an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 318, 23.12.2009, lch. 88.

(2)  IO C , , lch …

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Seasamh ón gComhairle an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  IO L 347, 30.12.2005, lch. 1.

(5)  IO L 61, 3.3.1997, lch. 1.

(6)  IO L 41, 14.2.2003, lch. 26.

(7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(8)  IO L 144, 4.6.1997, lch. 19.

(9)  18 mí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(10)  Sé mhí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(11)  18 mí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(12)  36+30 mí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(13)  30 mí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.


IARSCRÍBHINN

Adhmad agus táirgí adhmaid faoi mar atá siad aicmithe san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (1) ón gComhairle, a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo:

4401 Connadh, ina spreotaí, ina bhilléid, ina chipíní, ina bhrosna, nó i bhfoirmeacha dá samhail; adhmad i sliseanna nó i gcáithníní; min sáibh agus fuíolladhmad agus dramhadhmad, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní, millíní nó foirmeacha den chineál sin;

4403 Adhmad neamhchóirithe, coirt nó sú-adhmad air nó bainte de, nó cearnaithe go garbh;

4406 Trasnáin iarnróid nó trambhealaí (trascheangail) as adhmad;

4407 Adhmad safa nó scealptha ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte, le tiús níos mó ná 6mm;

4408 Leatháin le haghaidh athchraicinn (lena n-áirítear na cinn a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh), le haghaidh sraithadhmaid nó le haghaidh adhmaid lannaithe comhchosúil agus adhmaid eile, safa ar a fhad, sliste nó scafa. bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, scarshiúntaithe nó ceannsiúntáilte, le tiús níos mó ná 6mm;

4409 Adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d'urlár iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-siúntáilte, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh aon cheann dá imill, dá chinn nó dá éadain, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte;

4410 Clár cáithníní, clár sliseog treoshuite (OSB) agus clár adhmaid den tsamhail sin, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe le roisíní nó le táthshubstaintí orgánacha eile;

4411 Clár snáithíneach adhmaid nó ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé nasctha le roisíní nó le substaintí orgánacha eile;

4412 Sraithadhmad, painéil a bhfuil athchraiceann curtha orthu agus adhmad lannaithe den chineál céanna;

4413 00 00 Adhmad dlúthaithe, i mbloic, i bplátaí, i stiallacha nó i gcruthanna próifíle;

4414 00 Frámaí adhmaid do phictiúir, do ghrianghraif, do scátháin nó d'earraí den chineál céanna;

4415 Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe dá samhail, déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; pailléid, pailléid i bhfoirm boscaí agus cláir ualaigh eile, déanta as adhmad; coiléir phailléid, déanta as adhmad; cónraí;

(Ní ábhar pacála a úsáidtear go heisiatach mar ábhar pacála d'fhonn tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó d'fhonn táirge eile a chuirtear ar an margadh a chosaint nó a iompar.);

4416 00 00 Cascaí, bairillí, dabhcha, tobáin agus táirgí cúipéara eile agus codanna díobh, déanta as adhmad, lena n-áirítear na cláir;

4418 Táirgí siúinéireachta agus cearpantóireachta, lena n-áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil chóimeáilte urláir, slinnte agus fabhtanna, adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d'urláir iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-siúntáilte, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh aon cheann dá imill, dá chinn nó dá éadain, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte;

Laíon agus páipéar i gCaibidil 47 agus i gCaibidil 48 den Ainmníocht Chomhcheangailte, cé is moite de tháirgí atá déanta as bambú agus táirgí (fuíll agus draimh) aisghafa;

9403 30, 9403 40, 9403 50 00, 9403 60 agus 9403 90 30 Troscán adhmaid;

9406 00 20 Foirgnimh réamhdhéanta.


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

1.

An 17 Deireadh Fómhair 2008, chuir an Coimisiún isteach togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh. Tá an togra bunaithe ar Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

2.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 22 Aibreán 2009 (1). Thug an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta uaidh a thuairim an 1 Deireadh Fómhair 2009 agus chuir Coiste na Réigiún in iúl nach raibh sé ar intinn aige tuairim a thabhairt uaidh.

3.

An 1 Márta 2010, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh i gcomhréir le hAirteagal 294 de CFAE.

II.   CUSPÓIRÍ

Is é is cuspóir don Rialachán go laghdófaí an riosca go ndéanfaí adhmad arna lománú go neamhdhleathach a chur ar an margadh inmheánach. Tá sé bunaithe ar phrionsabal an díchill chuí agus dírítear leis ar an gcéad uair a chuirtear adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh inmheánach. Choimeád an Chomhairle sprid chur chuige sistéimeach an Choimisiúin. Dá bhrí sin, dhírigh sí ar na ceanglais dhlíthiúla atá ar an oibreoir é féin a iompar go réamhghníomhach a shaothrú tuilleadh.

III.   ANAILÍS AR SHEASAMH NA COMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

1.   Barúlacha ginearálta

Ar an gcéad léamh di an 22 Aibreán 2009, ghlac Parlaimint na hEorpa (PE) 75 leasú.

Ionchorpraítear, le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, roinnt de leasuithe Pharlaimint na hEorpa, go páirteach nó sa spiorad. Ina measc siúd go sonrach tá na nithe seo: gur cheart aird ar leith a thabhairt ar thionchar an Rialacháin ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (leasuithe 22, 29, 47, 72); nár cheart go n-eisiafaí as raon feidhme an Rialacháin adhmad agus táirgí adhmaid a bheadh faoi réir critéar éigeantach inbhuanaitheachta (leasú 21 agus leasú 32) agus gur cheart don Choimisiún aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí monatóireachta a bhfuil sé ar intinn acu a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh i níos mó ná Ballstát amháin (leasuithe 51-56).

Bhí leasuithe eile ann, áfach, nár léiríodh i seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh mar gur mheas an Chomhairle nach raibh gá leo i bhfianaise na slí ar tháinig an téacs chun cinn. Thug an Chomhairle isteach roinnt athruithe a rinneadh de bharr theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009, go háirithe an creat dlíthiúil a bhunófar a ghlacfaidh ionad chóras an nós imeachta coiste. Ó tharla gur tugadh seasamh PE ar an gcéad léamh tuairim is seacht mí sular tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, níor cuireadh na leasuithe a bhain leis an nós imeachta coiste san áireamh mar nach raibh siad ábhartha a thuilleadh.

Áirítear chomh maith i seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh roinnt athruithe seachas na cinn a bheartaítear i seasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh. Déantar cur síos sna ranna seo a leanas ar na hathruithe substainteacha. Ina theannta sin, tá athruithe dréachtaithe ann chun an téacs a shoiléiriú nó d'fhonn a áirithiú go bhfuil an Rialachán comhsheasmhach i gcoitinne.

2.   Pointí faoi leith

Sainmhínithe

Rinneadh na hathruithe seo a leanas ar an togra bunaidh:

rinneadh an sainmhíniú ar ‘adhmad agus táirgí adhmaid’ a mhodhnú chun a chur in iúl nach gcumhdófar faoin sainmhíniú sin táirgí adhmaid athchúrsáilte - is é sin, táirgí adhmaid nó comhpháirteanna na dtáirgí sin a mhonaraítear as adhmad agus as táirgí adhmaid a bhfuil a saolré tugtha chun críche acu agus a dhéanfaí a dhiúscairt mar dhramhaíl murach sin - mar measadh go mbeadh sé neamhréireach a chur de cheangal ar oibreoirí faisnéis a fháil ar fhoinse bunaidh an adhmaid a bheadh i dtáirgí athchúrsáilte;

scriosadh an eisceacht a bhí á beartú le haghaidh adhmaid agus le haghaidh táirgí adhmaid atá faoi réir na gcritéar éigeantach inbhuanaitheachta (leasú 21 agus leasú 32);

soiléiríodh nár cheart go gcumhdófaí faoin sainmhíniú ar ‘adhmad agus tairgí adhmaid’ (leasú 34) na táirgí adhmaid a dhíorthaítear as adhmad nó as táirgí adhmaid a cuireadh ar an margadh cheana féin;

shonraigh an Chomhairle an bhrí atá le ‘cur ar an margadh’ trína chur isteach go n-áirítear leis na teicnící díola go léir; chuir sí isteach freisin go n-áirítear leis chomh maith soláthar trí chianchumarsáid;

cuireadh isteach coincheap réigiún fo-náisiúnta na lománaíochta chun go gclúdófaí cásannna a bhfuil difríochtaí réigiúnacha laistigh de thír i gceist leo;

leathnaíodh an sainmhíniú ar ‘thír na lománaíochta’ le go gcuimseofaí ní amháin tíortha leis ach críocha chomh maith;

scriosadh na sainmhínithe ar ‘bhainistiú riosca’ agus ar ‘eagraíocht monatóireachta’ mar measadh gur chuimsithí a chuirtear síos ar na coincheapa seo san Airteagal faoi seach.

An reachtaíocht is infheidhme

Is ceann de shaincheisteanna lárnacha an dréacht-Rialacháin é an sainmhíniú ar an reachtaíocht is infheidhme mar nár mhór don oibreoir rochtain a bheith aige ar fhaisnéis i dtaobh an gcomhlíonann adhmad agus táirgí adhmaid an reachtaíocht is infheidhme. Rinne an Chomhairle a dícheall chun cothromaíocht cheart a bhaint amach idir liosta leathnaithe de réimsí reachtaíochta agus liosta a d'áireodh na réimsí ábhartha reachtaíochta i dtéarmaí ginearálta. Rinne an Chomhairle an sainmhíniú a cuireadh chun cinn sa togra ón gCoimisiún a leathnú le go gcuirfí an reachtaíocht a bhaineann le foraoiseacht san áireamh ann, lena n-áirítear reachtaíocht ar reachtaíocht chomhshaoil go díreach í mar aon le reachtaíocht na trádála agus reachtaíocht an chustaim, a mhéid a bhaineann siad le hearnáil na foraoiseachta. Chuir an Chomhairle isteach na ‘cearta dlíthiúla atá ag tríú páirtithe maidir le húsáid agus maidir le tionacht...’, rud a d'fhéadfaí a rá atá ag teacht leis an gcur chuige a bhí ag PE nuair a luaigh sí ‘tionacht maoine agus cearta na bpobal dúchais’ (leasú 38). Mheas an Chomhairle, áfach, go gcothófaí fadhbanna ar leibhéal an dlí agus ar leibhéal praiticiúil le leasuithe PE maidir leis an reachtaíocht saothair agus an reachtaíocht um leas an phobail a chur san áireamh.

Córais an díchill chuí

Mheas an Chomhairle go raibh sé tábhachtach go ndéanfaí príomheilimintí an dréacht-Rialacháin a shoiléiriú. Dá bhrí sin, rinne sí trí eilimint i gcóras an díchill chuí a shaothrú: rochtain ar fhaisnéis áirithe, an nós imeachta um measúnú riosca agus an nós imeachta um maolú riosca. I leasú 37 ó PE, b'fhacthas do PE freisin gur ghá dá eilimint a leagan amach go soiléir, is iad sin, aithint riosca agus íoslaghdú riosca.

I dtaobh na nósanna imeachta um measúnú riosca, rinne an Chomhairle ceithre cinn de chritéir um measúnú riosca a leagan amach ar féidir cur leo de bhun Airteagal 290 de CFAE.

Ina hAirteagal 5 (1) (b) agus (c), d'fhéach an Chomhairle le hidirdhealú a dhéanamh idir na nósanna imeachta um measúnú riosca agus na nósanna imeachta um maolú riosca, de réir tosca éagsúla amhail castacht na táirge agus tionscnamh na táirge, gan cásanna a lua go sonrach ar gá díriú orthu go speisialta, trí cheangaltais níos déine nó níos scaoilte a thabhairt isteach (leasú 47).

Murab ionann agus PE, níor leathnaigh an Chomhairle oibleagáid an díchill chuí chuig oibreoirí seachas oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh inmheánach den chéad uair (leasuithe 15, 17, 19, 20, 31, 33, 35, 41, 42, 43, 50). Measadh go mbeadh ualach rómhór ag gabháil le leathnú den sórt sin.

Rinne an Chomhairle foráil go bhféadfadh an t-oibreoir roghnú idir trí chóras díchill chuí éagsúla, a chóras féin, córas díchill chuí arna chur ar fáil ag eagraíocht monatóireachta nó córas arna chur ar fáil ag tríú páirtí.

Raon feidhme

Scrios an Chomhairle, mar a rinne PE an díolúine a bhí sa togra ón gCoimisiún (leasú 21 agus leasú 32) ar díolúine í a bhí á beartú le haghaidh adhmaid atá faoi réir na gcritéar éigeantach inbhuanaitheachta.

Iarscríbhinn

Chuir an Chomhairle ord nua ar na táirgí adhmaid atá san Iarscríbhinn de réir uimhriú na gcód AC agus chuir sí roinnt aicmí táirgí isteach. Mheas sí go mbeadh ualach róthrom ar oibreoirí ag an bpointe seo dá gcuirfí aicmí eile isteach (leasú 74 agus leasú 75).

Eagraíochtaí monatóireachta

Bhí an Chomhairle ar aon intinn le PE, go raibh sé tábhachtach go mbeadh caighdeáin chomhchuibhithe ann ar fud an AE agus mhol sí gur cheart don Choimisiún aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí monatóireachta chomh maith. Rinne an Chomhairle idirdhealú idir eagraíochtaí monatóireachta a mbeadh sé ar intinn acu gníomhaíochtaí a chur i gcrích i mBallstát amháin agus iad siúd a mbeadh sé ar intinn acu gníomhaíochtaí a chur i gcrích i mBallstáit éagsúla. D'aontaigh sí gur cheart don Choimisiún aitheantas a thabhairt do na heagraíochtaí sin a raibh a gcuid gníomhaíochtaí á ndéanamh acu i mBallstáit éagsúla (leasuithe 51, 53, 54, 55, 56) cf. (Airteagal 7(3)). Mar sin féin, measadh é a bheith níos praiticiúla gurbh é údarás inniúil Ballstáit a bheadh freagrach as aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí monatóireachta ar sa Bhallstáit sin amháin a bhí a gcuid gníomhaíochtaí á ndéanamh acu. Bhí an Chomhairle ar aon intinn le PE, go raibh sé tábhachtach gur cheart don eagraíocht monatóireachta a cuid feidhmeanna a dhéanamh ar chaoi go bhféadfaí aon choimhlint leasa a sheachaint (leasú 51) (cf. Airteagal 7(2)(c)). Níor measadh go raibh sé riachtanach idirdhealú a dhéanamh maidir le cé acu an eintiteas poiblí nó eintiteas príobháideach í an eagraíocht monatóireachta (leasú 51 agus leasú 52).

Pionóis

Smaoinigh an Chomhairle ar liosta pionós a chur isteach (leasú 69) ach tar éis an cheist a phlé ar feadh i bhfad, chinn sí go gcloífeadh sí leis an bhfoclaíocht a bhí sa togra ón gCoimisiún, ar foclaíocht í a comhaontaíodh i gcomhair reachtaíocht an AE. Ba é an bharúil a bhí ag go leor Ballstát go raibh leibhéal agus ábhar na bpionós laistigh de raon inniúlachta na mBallstát. Ina theannta sin, dá ndéanfaí liosta pionós a leagan amach, tharraingeofaí anuas roinnt ceisteanna praiticiúla ar nós uileghabhálacht an liosta agus ar nós na ndeacrachtaí maidir leis na sáruithe uile a d'fhéadfadh a bheith ann a aithint ag an bpointe sin.

Toirmeasc

Choimeád an Chomhairle sprid an togra ón gCoimisiún maidir le cur chuige sistéimeach. Ba cheart do na hoibreoirí córas an díchill chuí a úsáid d'fhonn go laghdófaí an riosca go ndéanfaí adhmad agus táirgí as adhmad arna lománú go neamhdhleathach a chur ar an margadh. Ní thagann an Chomhairle le dearcadh PE gur cheart toirmeasc a thabhairt isteach chun an dlíthiúlacht a áirithiú (leasuithe 17, 19, 31, 42 (maidir le hAirteagal 3(1)), 43, 50, 71). Measadh nach raibh síniú den sórt sin ar an raon feidhme ag teacht le sprid an togra agus nach raibh sé inghlactha dá bharr sin.

Cur i bhfeidhm

Mheas an Chomhairle gur mbeadh sé míréalaíoch go ndéanfaí an Rialachán infheidhme aon bhliain amháin tar éis an dáta a dtiocfadh sé i bhfeidhm, is cuma cé chomh hinmhianaithe a bheadh sé sin (leasú 73). Dá bhrí sin, agus chun am a thabhairt do na hoibreoirí dul i dtaithí ar an staid nua agus chun go nglacfaí na bearta cur chun feidhme, moladh gur cheart go ndéanfaí an Rialachán infheidhme 30 mí tar éis an dáta a dtiocfadh sé i bhfeidhm.

Cás na bhfiontar beag agus meánmhéide/cás na n-oibreoirí beaga agus meánmhéide

Chuir an Chomhairle san áireamh, mar a rinne PE, cás speisialta na bhfiontar beag agus meánmhéide agus cás na n-oibreoirí beaga agus meánmhéide (leasuithe 22, 29, 47, 72). Mar shampla, tá coincheap an riosca neamhbhríoch tugtha isteach aici in Airteagal 5(1)(c). Leagtar amach in Airteagal 12 nár cheart go gcuirfí ualach neamhréireach ar oibreoirí leis na gníomhartha arna dtarmligean, ar gníomhartha iad a dhéanfaidh liosta na n-adhmad agus na dtáirgí adhmaid a leagtar amach san Iarscríbhinn a leasú agus a fhorlíonadh. In Airteagal 18 maidir le tuairisciú, léirigh an Chomhairle chomh maith gur cheart go dtabharfaí aird ar leith leis an athbhreithniú ar na hiarmhairtí riaracháin a bheadh i gceist d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

Na haithrisí agus tagairtí do shaincheisteanna comhshaoil (bainistiú inbhuanaithe foraoisí)

Chuir PE isteach roinnt mhaith aithrisí chun an comhshaol foraoise, an bhithéagsúlacht, éiceachórais na bhforaoisí agus bainistiú inbuanaithe foraoisí a chur san áireamh (leasuithe 2-8, 10, 11, 14). Ó tharla gur i gcroílár an Rialacháin atá córas an díchill chuí agus iompar na n-oibreoirí chun go laghdófar an riosca go ndéanfar adhmad agus táirgí adhmaid arna lománú go neamhdhleathach a chur ar an margadh, measann an Chomhairle go bhfuil na tagairtí sin iomarcach, is cuma cé chomh hinmhianaithe atá na cuspóirí. Ina theannta sin, is chun forálacha an Rialacháin a dhlisteanú atá na haithrisí ann agus sa chás seo níl aon fhorálacha oibríochtúla ann a bhféadfaí na haithrisí sin a nascadh leo.

Athbhreithniú

D'aontaigh an Chomhairle le PE gur gá go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán agus gur cheart, leis an athbhreithniú sin, go dtabharfaí aghaidh go háirithe ar na hiarmhairtí riaracháin a bheadh ann d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (leasú 72).

3.   Athruithe eile a rinne an Chomhairle

Stádas táirgí adhmaid arna gcumhdach ag FLEGT agus ag CITES

Rinneadh an fhoráil maidir le hadhmad agus táirgí adhmaid arna gcumhdach ag FLEGT agus ag CITES a leagan amach in Airteagal ar leith toisc go meastar sa Rialachán gur leor ceadúnais FLEGT agus teastais CITES mar fhianaise ar lománú dleathach.

Comhoibriú idir na húdaráis inniúla

Shíl an Chomhairle nár ghá ach d'easnaimh thromchúiseacha a bheith faoi réir an mhalartaithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 11. Shonraigh an Chomhairle chomh maith gur cheart go ndéanfaí na cineálacha pionós arna bhforchur a chumhdach leis an malartú faisnéise.

Ábhar

D'fhonn cuspóir na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán a shoiléiriú, chuir an Chomhairle isteach gurb é an cuspóir atá ann go laghdófaí an riosca go ndéanfaí adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid a dhíorthaítear as an adhmad sin a chur ar an margadh.

Na hathruithe de bharr Chonradh Liospóin

Ó tharla go measann an Chomhairle gur cheart cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chuir sí trí Airteagal nua isteach a bhfuil gá leo le haghaidh na ngníomhartha sin arna dtarmligean, is iad sin Airteagal 5(3) agus Airteagal 7(7) agus Airteagal 12 mar aon le haithris nua. Ar an gcaoi chéanna, rinne an Chomhairle oiriúnú ar na forálacha le haghaidh bearta cur chun feidhme a ghlacadh de bhun Airteagal 291 de CFAE.

IV.   CONCLÚID

Creideann an Chomhairle go bhfuil a seasamh ar an gcéad léamh ag teacht le bunchuspóirí an togra ón gCoimisiún. Is ionann é agus pacáiste cothromúil beart trína rannchuideofaí leis na cuspóirí a bhaint amach maidir le dul i ngleic leis an lománaíocht neamhdhleathach.

Tá an Chomhairle ag tnúth le plé cuiditheach a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa le súil agus go bhféadfar teacht ar chomhaontú inoibrithe maidir leis an Rialachán seo.


(1)  8881/09


Top