Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0696

    Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE

    PE/21/2021/INIT

    IO L 170, 12.5.2021, p. 69–148 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/696/oj

    12.5.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 170/69


    RIALACHÁN (AE) 2021/696 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 28 Aibreán 2021

    lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá teicneolaíocht spáis, sonraí spáis agus seirbhísí spáis éirithe chomh tábhachtach sin i saolta laethúla na nEorpach nárbh fhéidir leo déanamh dá n-uireasa agus tá ról sárthábhachtach acu i gcaomhnú cuid mhór leasanna straitéiseacha. Tá tionscal spáis an Aontais ar na tionscail spáis is iomaíche ar domhan. Mar sin féin, tá na samhlacha tionsclaíochta traidisiúnta á n-athrú ó bhonn de bharr teacht chun cinn gníomhaithe nua agus forbairt teicneolaíochtaí nua. Dá bhrí sin, ionas go leanfaidh an tAontas de bheith chun tosaigh i measc ghníomhaithe an domhain agus saoirse leitheadach gníomhaíochta aige i réimse an spáis, tá sé ríthábhachtach go spreagfadh sé dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus go dtacódh sé le hiomaíochas agus acmhainneacht nuálaíochta thionscail na hearnála spáis laistigh den Aontas, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí nuálacha.

    (2)

    Ba cheart leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann leis an spás maidir le slándáil an Aontais agus a Bhallstát, amhail dá dtagraítear go háirithe sa Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais ó Mheitheamh 2016, agus, ag an am céanna, cineál sibhialta Chlár Spáis an Aontais (“an Clár”) á choimeád agus urraim á tabhairt do na forálacha féideartha neodrachta nó neamhailínithe a shonraítear i ndlí bunreachtúil na mBallstát. Go stairiúil, tá nasc ann idir forbairt earnáil an spáis agus an tslándáil. I gcuid mhór cásanna, is earraí dé-úsáide iad an trealamh, na comhpháirteanna agus na hionstraimí a úsáidtear in earnáil an spáis, chomh maith le sonraí agus seirbhísí spáis. Déantar beartas slándála agus cosanta an Aontais a chinneadh, áfach, faoi chuimsiú an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála, i gcomhréir le Teideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

    (3)

    Tá a chuid tionscnamh agus clár spáis féin á bhforbairt ag an Aontas ó bhí deireadh na 1990aidí ann, eadhon Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) agus ansin Galileo agus Copernicus, tionscnaimh agus cláir a fhreagraíonn ar riachtanais shaoránaigh an Aontais agus ar cheanglais na mbeartas poiblí. Ba cheart leanúnachas na dtionscnamh agus na gclár sin a áirithiú agus ba cheart na seirbhísí a chuirtear ar fáil tríothu a fheabhsú, ionas go gcomhlíonfaidh siad riachtanais nua na n-úsáideoirí, go mbeidh siad fós ar thús cadhnaíochta i bhfianaise forbairt teicneolaíochta nua agus na gclaochluithe i réimsí na teicneolaíochta digití agus na faisnéise agus na cumarsáide, agus gur féidir leo aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí polaitiúla amhail an t-athrú aeráide, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar athruithe sa réigiún polach, an t-iompar, an tslándáil agus an chosaint.

    (4)

    Is gá sineirgíochtaí idir earnáil an iompair, earnáil an spáis agus an earnáil dhigiteach a shaothrú chun úsáid níos leithne na dteicneolaíochtaí nua a chothú, amhail eCall, tacagraf digiteach, faireachán agus bainistiú tráchta, tiomáint uathrialaitheach agus feithiclí gan foireann agus dróin, agus chun freagairt don riachtanas a bhaineann le nascacht atá slán agus gan uaim, le suí stóinsithe, le hidir-mhódúlacht agus le hidir-inoibritheacht. Le saothrú sineirgíochtaí den sórt sin, chuirfí feabhas ar iomaíochas na seirbhísí iompair agus an tionscail iompair.

    (5)

    Chun an leas is fearr a bhaint as an gClár, i ngach Ballstát agus ag a saoránaigh uile, tá sé ríthábhachtach freisin úsáid agus glacadh na sonraí, na faisnéise agus na seirbhísí a sholáthraítear a chur chun cinn, mar aon le tacú le forbairt feidhmeanna iartheachtacha bunaithe ar na sonraí, an fhaisnéis agus na seirbhísí sin. Chuige sin, d’fhéadfadh na Ballstáit, an Coimisiún agus na heintitis fhreagracha, ach go háirithe, feachtais faisnéise maidir le tairbhí an Chláir a reáchtáil go tráthrialta.

    (6)

    Chun cuspóirí na saoirse gníomhaíochta, an neamhspleáchais agus na slándála a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain uathrialaitheach ag an Aontas ar an spás agus go mbeadh sé in ann é a úsáid go sábháilte. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go dtacódh an tAontas le rochtain uathrialaitheach, iontaofa agus chost-éifeachtach ar an spás, go háirithe ó thaobh an bhonneagair chriticiúil agus na teicneolaíochta criticiúla, na slándála poiblí agus shlándáil an Aontais agus a Bhallstát de. Ba cheart, dá bhrí sin, an deis a bheith ag an gCoimisiún seirbhísí lainseála a chomhthiomsú ar leibhéal na hEorpa, dá riachtanais féin agus, má iarrann siad é, do riachtanais eintiteas eile, lena n-áirítear na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 189(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Chun go leanfaidh sé de bheith iomaíoch i margadh atá ag forbairt go tapa, tá sé ríthábhachtach freisin go leanfadh an tAontas de rochtain a bheith aige ar shaoráidí bonneagair lainseála atá nua-aimseartha, éifeachtúil agus solúbtha, agus go mbainfeadh sé tairbhe as córais lainseála iomchuí. Dá bhrí sin, gan dochar do bhearta a rinne Ballstáit nó an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (GES), ba cheart don Chlár a bheith in ann tacú le hoiriúnuithe ar an mbonneagar spáis talún, lena n-áirítear forbairtí nua, a bhfuil gá leo le haghaidh chur chun feidhme an Chláir agus le hoiriúnuithe, lena n-áirítear forbairt teicneolaíochta, ar chórais lainseála spáis atá riachtanach le haghaidh satailítí a sheoladh, lena n-áirítear teicneolaíochtaí malartacha agus córais nuálacha, chun comhpháirteanna an Chláir a chur chun feidhme. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (“an Rialachán Airgeadais”) agus d’fhonn cost-éifeachtacht níos fearr a bhaint amach don Chlár. Ós rud é nach mbeidh aon bhuiséad tiomnaithe ann, níor cheart gur dochar na gníomhaíochtaí a dhéantar chun tacú le rochtain ar an spás do chur chun feidhme chomhpháirteanna an Chláir.

    (7)

    Chun iomaíochas thionscal spáis an Aontais a neartú agus acmhainneacht a mhéadú i ndáil lena chuid córas féin a dhearadh, a thógáil agus a oibriú, ba cheart don Aontas tacú leis cruthú, fás agus forbairt an tionscail spáis ar fad. Ba cheart tacú le teacht chun cinn samhla, ar samhail í a bheidh fabhrach don ghnó agus don nuálaíocht, ar an leibhéal Eorpach, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal náisiúnta trí thionscnaimh amhail moil spáis lena dtugtar le chéile an earnáil spáis, an earnáil dhigiteach agus earnálacha eile, chomh maith le húsáideoirí. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na moil spáis sin fiontraíocht agus scileanna a chothú, agus sineirgíochtaí leis na moil dhigiteacha fiontraíochta á saothrú ag an am céanna. Ba cheart don Aontas cruthú agus leathnú cuideachtaí spáis atá lonnaithe san Aontas a chothú chun cuidiú leo a bheith rathúil, lena n-áirítear trí chuidiú leo rochtain a fháil ar mhaoiniú riosca i bhfianaise an easnaimh rochtana iomchuí laistigh den Aontas ar chothromas príobháideach le haghaidh gnólachtaí spáis nuathionscanta agus trí éileamh a chothú ar a dtugtar cur chuige an chéad chonartha.

    (8)

    Go ginearálta, tá slabhra luacha an spáis deighilte idir gníomhaíochtaí réamhtheachtacha agus gníomhachtaí iartheachtacha. Le gníomhaíochtaí réamhtheachtacha, cuimsítear gníomhaíochtaí a mbíonn córas spáis oibríochtúil mar thoradh orthu, lena n-áirítear gníomhaíochtaí forbartha, monaraíochta agus lainseála agus oibríochtaí córais den sórt sin. Le gníomhaíochtaí iartheachtacha, cuimsítear gníomhaíochtaí lena gcumhdaítear seirbhísí a bhaineann leis an spás a sholáthar agus táirgí a sholáthar d’úsáideoirí. Is gné thábhachtach iad ardáin dhigiteacha freisin a thacaíonn le forbairt earnáil an spáis. Tugtar rochtain leo ar shonraí agus ar tháirgí chomh maith le rochtain ar bhoscaí uirlisí, ar stóráil agus ar áiseanna ríomhaireachta.

    (9)

    I réimse an spáis, feidhmíonn an tAontas a inniúlachtaí i gcomhréir le hAirteagal 4(3) CFAE. Ba cheart don Choimisiún comhchuibheas na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs an Chláir a áirithiú.

    (10)

    Cé go bhfuil traidisiún ag roinnt Ballstát ó thaobh tionscail ghníomhacha a bhaineann leis an spás, ba cheart aitheantas a thabhairt don ghá atá le tionscail aibí spáis a bhfuil a gcumais ag teacht chun cinn a fhorbairt sna Ballstáit agus don ghá atá le freagairt do na dúshláin atá roimh thionscail thraidisiúnta an spáis mar gheall ar an Spás Nua. Ba cheart gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun acmhainneacht thionscal an spáis ar fud an Aontais a fhorbairt agus chun comhar a éascú ar fud thionscal an spáis atá gníomhach sna Ballstáit uile.

    (11)

    Ba cheart do ghníomhaíochtaí faoin gClár tógáil ar acmhainneachtaí náisiúnta agus Eorpacha, ar acmhainneachtaí iad atá ann nuair a dhéantar an ghníomhaíocht, agus ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as na hacmhainneachtaí sin.

    (12)

    De bharr an mhéid a chlúdaítear leis an gClár agus de bharr a acmhainneacht chun cuidiú le dúshláin dhomhanda a réiteach, tá gné láidir idirnáisiúnta ag gníomhaíochtaí spáis. I ndlúthchomhar leis na Ballstáit, agus le comhaontú uathu, d’fhéadfadh comhlachtaí ábhartha an Chláir a bheith rannpháirteach i gcúrsaí a bhaineann leis an gClár, i gcomhar idirnáisiúnta agus d’fhéadfadh siad comhoibriú i gcomhlachtaí earnálacha ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe. Maidir le hábhair a bhaineann leis an gClár, d’fhéadfadh an Coimisiún comhordú a dhéanamh, thar ceann an Aontais agus ina réimse inniúlachta, ar na gníomhaíochtaí ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe chun leasanna an Aontais agus a Bhallstát a chosaint i bhfóraim idirnáisiúnta, lena n-áirítear i réimse na minicíochtaí maidir leis an gClár, gan dochar d’inniúlacht na mBallstát sa réimse sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go gcomhoibreodh an tAontas, agus ionadaíocht á déanamh ag an gCoimisiún thar a cheann, i gcomhlachtaí Chlár Idirnáisiúnta Cospas-Sarsat.

    (13)

    Tá comhar idirnáisiúnta ríthábhachtach chun ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda in earnáil an spáis agus teicneolaíoch agus tionscal an Aontais a chur chun cinn, lena gcothaítear iomaíocht chóir ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le cómhalartacht chearta agus oibleagáidí na bpáirtithe a áirithiú, agus le comhar i réimse na hoiliúna a spreagadh. Is gné ríthábhachtach den Straitéis Spáis don Eoraip, mar a leag an Coimisiún amach i dteachtaireacht uaidh an 26 Deireadh Fómhair 2016, é an comhar idirnáisiúnta. Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as an gClár chun rannchuidiú le hiarrachtaí idirnáisiúnta agus chun leas a bhaint astu trí thionscnaimh, chun teicneolaíocht agus tionscal na hEorpa a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, mar shampla idirphlé déthaobhach, ceardlanna tionscail agus tacaíocht d’idirnáisiúnú FBManna, agus chun rochtain ar mhargaí idirnáisiúnta a éascú agus iomaíocht chóir a chothú, agus tionscnaimh taidhleoireachta eacnamaíocha á ngiaráil ag an am céanna. Ba cheart tionscnaimh Eorpacha taidhleoireachta spáis a bheith i gcomhchuibheas iomlán agus i gcomhlántacht iomlán leis na beartais, tosaíochtaí agus ionstraimí de chuid an Aontais atá ann cheana, agus, ag an am céanna, tá ról lárnach ag an Aontas, in éineacht leis na Ballstáit, fanacht ar thús cadhnaíochta ar an leibhéal idirnáisiúnta.

    (14)

    Gan dochar d’inniúlacht na mBallstát, ba cheart don Choimisiún, in éineacht le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, iompraíocht fhreagrach sa spás a chur chun cinn agus an Clár á chur chun feidhme lena n-áirítear iomadú an smionagair spáis a laghdú. Chomh maith leis sin, ba cheart don Choimisiún an fhéidearthacht maidir le haontachas an Aontais le Conarthaí agus Coinbhinsiúin ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe a fhiosrú agus, más gá, moltaí iomchuí a dhéanamh.

    (15)

    Tá cosúlacht idir cuspóirí an Chláir agus cuspóirí clár eile de chuid an Aontais, go háirithe Fís Eorpach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Clár InvestEU a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), an Ciste Eorpach Cosanta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Cistí faoi Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosa (“Rialachán na bhForálacha Coiteanna”). Dá bhrí sin, ba cheart a fhoráil do chistiú carnach ó na cláir sin, ar choinníoll nach gcumhdaítear leo na míreanna costais céanna, go háirithe trí shocruithe le haghaidh cistiú comhlántach ó chláir de chuid an Aontais nuair a cheadaítear sin leis na módúlachtaí bainistíochta – bíodh sé de réir oird, ar bhealach malartach, nó le meascán cistí lena n-áirítear chun gníomhaíochtaí a chomhchistiú, lena gceadófaí, i gcás inar féidir, comhpháirtíochtaí nuálaíochta agus oibríochtaí measctha. Dá bhrí sin, le linn chur chun feidhme an Chláir, ba cheart don Choimisiún sineirgíochtaí a chur chun cinn le cláir agus ionstraimí airgeadais gaolmhara eile de chuid an Aontais sa chaoi gurbh fhéidir, i gcás inar féidir, úsáid a bhaint as rochtain ar mhaoiniú riosca, comhpháirtíochtaí nuálaíochta, agus cistiú carnach nó measctha. Chomh maith leis sin, ba cheart don Choimisiún sineirgíochtaí agus comhchuibheas a áirithiú idir na réitigh arna bhforbairt faoi na cláir sin, go háirithe Fís Eorpach, agus na réitigh arna bhforbairt faoin gClár.

    (16)

    I gcomhréir le hAirteagal 191(3) den Rialachán Airgeadais, níl na costais chéanna le maoiniú faoi dhó le buiséad an Aontais in imthosca ar bith.

    (17)

    Tabharfaí aghaidh ar chuspóirí beartais an Chláir freisin mar réimsí incháilithe le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta trí ionstraimí airgeadais agus an ráthaíocht bhuiséadach ó Chlár InvestEU, go háirithe, faoina réimsí beartais um bonneagar inbhuanaithe agus taighde, nuálaíochta agus digitithe. Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid chun dul i ngleic, ar bhealach comhréireach, le clistí margaidh nó le cásanna infheistíochta fo-optamaí agus níor cheart, le gníomhaíochtaí, maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú ná an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart breisluach Eorpach soiléir a bheith ag gníomhaíochtaí.

    (18)

    Le comhchuibheas agus sineirgíochtaí idir Fís Eorpach agus an Clár, ba cheart earnáil spáis Eorpach nuálach agus iomaíoch a chothú, uathriail na hEorpa a threisiú maidir le rochtain ar an spás agus maidir le leas a bhaint as an spás i dtimpeallacht slán, sábháilte agus ról na hEorpa mar ghníomhaí domhanda a neartú. Dhéanfaí réitigh cheannródaíocha in Fís Eorpach a thacú le sonraí agus seirbhísí arna gcur ar fáil leis an gClár don phobal taighde agus nuálaíochta.

    (19)

    Chun toradh socheacnamaíoch an Chláir a uasmhéadú, tá sé bunriachtanach córais úrscothacha a choinneáil ar siúl, iad a uasghrádú chun riachtanais athraitheacha úsáideoirí a chomhlíonadh, agus go ndéanfaí forbairtí nua in earnáil na bhfeidhmeanna spás-chumasaithe iartheachtacha. Ba cheart don Aontas tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt taighde agus teicneolaíochta, nó le luathchéimeanna na héabhlóide a bhaineann leis na bonneagair arna mbunú faoin gClár, mar aon leis na gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a bhaineann le feidhmeanna agus seirbhísí atá bunaithe ar na córais arna mbunú faoin gClár, lena spreagfaí, sa chaoi sin, gníomhaíochtaí eacnamaíocha réamhtheachtacha agus iartheachtacha. Is é Fís Eorpach an ionstraim iomchuí ar leibhéal an Aontais chun na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta sin a mhaoiniú. Ba cheart, áfach, cuid an-sonrach de ghníomhaíochtaí forbartha a mhaoiniú ón mbuiséad a leithdháiltear ar chomhpháirteanna Galileo agus EGNOS faoin Rialachán seo, go háirithe i gcás ina mbíonn baint ag gníomhaíochtaí den sórt sin le heilimintí bunúsacha amhail slis-seiteanna agus glacadóirí atá cumasaithe do Galileo, rud a éascódh forbairt feidhmeanna thar earnálacha difriúla den gheilleagar. Dá ainneoin sin, níor cheart imscaradh ná saothrú na mbonneagar arna mbunú faoin gClár a chur i mbaol le maoiniú den sórt sin.

    (20)

    Chun iomaíochas thionscal spáis na hEorpa a áirithiú amach anseo, ba cheart don Chlár tacú le forbairt ardscileanna i réimsí a bhaineann leis an spás agus tacú le gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna, agus comhionannas deiseanna á chur chun cinn, lena n-áirítear comhionannas inscne, chun acmhainneacht iomlán shaoránaigh an Aontais sa réimse sin a bhaint amach.

    (21)

    D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tuilleadh taighde agus nuálaíochta le haghaidh bonneagar tiomnaithe don Chlár, agus d’fhéadfadh tacaíocht a thabhairt dó sin faoi Fís Eorpach, ag díriú ar comhchuibheas le gníomhaíochtaí a dhéanann GES sa réimse sin. Leis na sineirgíochtaí le Fís Eorpach, ba cheart a áirithiú go sainaithneofar riachtanais taighde agus nuálaíochta na hearnála spáis agus go mbunófar iad mar chuid den phróiseas pleanála taighde agus nuálaíochta. Na sonraí agus seirbhísí spáis a chuirtear ar fáil saor in aisce faoin gClár, bhainfí úsáid astu chun réitigh cheannródaíocha a fhorbairt trí thaighde agus nuálaíocht, lena n-áirítear in Fís Eorpach, mar thacaíocht do thosaíochtaí beartais an Aontais. Leis an bpróiseas pleanála straitéisí faoi Fís Eorpach, shainaithneofaí gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ar cheart úsáid a bhaint as bonneagair ar leis an Aontas iad amhail Galileo, EGNOS agus Copernicus lena n-aghaidh. Bheadh bonneagair thaighde, go háirithe líonraí breathnóireachta in situ, ina n-eilimintí ríthábhachtacha den bhonneagar breathnóireachta in situ lena ndéantar Seirbhísí Copernicus a chumasú.

    (22)

    Na sócmhainní uile idir nithiúil agus neamhnithiúil a cruthaíodh nó a forbraíodh le soláthar poiblí arna mhaoiniú ag an Aontas mar chuid den Chlár, tá sé tábhachtach go mbeadh úinéireacht ag an Aontas orthu. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán aon chearta bunúsacha a bhaineann le húinéireacht, ba cheart na socruithe riachtanacha a dhéanamh le haon úinéir atá ann cheana. Níor cheart gur dochar úinéireacht den sórt sin a bheadh ag an Aontas don deis a bheith ag an Aontas, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcás ina measfar gurb iomchuí sin ar bhonn measúnú de réir an cháis, na sócmhainní sin a chur ar fáil do thríú páirtithe nó iad a dhiúscairt.

    (23)

    Chun go spreagfar an úsáid is leitheadaí is féidir a baint as na seirbhísí arna gcur ar fáil ag an gClár, b’fhiú a áitiú go gcuirtear sonraí, faisnéis agus seirbhísí ar fáil gan ráthaíocht, ach é sin gan dochar d’oibleagáidí arna bhforchur le forálacha atá ceangailteach ó thaobh dlí.

    (24)

    Ba cheart don Choimisiún, agus cúraimí áirithe dá chuid ar de chineál neamhrialála iad á ndéanamh aige, i gcás inar gá agus a mhéid is gá, a bheith in ann dul i muinín cúnamh teicniúil ó pháirtithe seachtracha áirithe. Ba cheart d’eintitis eile a bhfuil baint acu le rialachas poiblí an Chláir a bheith in ann úsáid a bhaint as an gcúnamh teicniúil céanna freisin agus iad ag déanamh na gcúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo.

    (25)

    Leagtar síos sa Rialachán seo imchlúdach airgeadais le haghaidh ré iomlán an Chláir, arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (6), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

    (26)

    Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais chun Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (7) a chur chun feidhme agus an gealltanas maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart, leis na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus leis an sprioc fhoriomlán a bhaint amach go gcaithfí 30 %, ar a laghad, de chaiteachas buiséid an Aontais mar thacaíocht do chuspóirí aeráide. Ba cheart gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus ba cheart athmheasúnú a dhéanamh orthu mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha. Oibreoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i gcomhar le chéile maidir le modheolaíocht éifeachtach, thrédhearcach agus chuimsitheach, a leagfaidh an Coimisiún amach, chun measúnú a dhéanamh ar an gcaiteachas faoi gach clár den chreat airgeadais ilbhliantúil ar chuspóirí bithéagsúlachta, agus aird á tabhairt ar na forluí atá ann faoi láthair idir cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta.

    (27)

    Ba cheart ioncam a ghinfidh comhpháirteanna an Chláir fabhrú chuig an Aontas chun go gcúiteofar go páirteach na hinfheistíochtaí atá déanta aige cheana, agus ba cheart an t-ioncam sin a úsáid chun tacú le saothrú chuspóirí an Chláir. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann foráil a dhéanamh maidir le sásra comhroinnte ioncaim i gconarthaí arna ndéanamh le heintitis san earnáil phríobháideach.

    (28)

    Tá feidhm ag an Rialachán Airgeadais maidir leis an gClár. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

    (29)

    Ós rud é, i bprionsabal, gurb é an tAontas a mhaoiníonn an Clár, conarthaí soláthair arna ndéanamh faoin gClár le haghaidh gníomhaireachtaí arna maoiniú ag an gClár, ba cheart dóibh rialacha an Aontais a chomhlíonadh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Aontas a bheith freagrach as sainiú na gcuspóirí atá le saothrú i leith soláthar poiblí. Foráiltear sa Rialachán Airgeadais go bhfuil an Coimisiún in ann, ar bhonn torthaí measúnaithe ex ante, dul i muinín chórais agus nósanna imeachta na ndaoine nó na n-eintiteas a bhfuil cistí de chuid an Aontais á gcur chun feidhme acu. Maidir le coigeartuithe sonracha is gá a dhéanamh ar na rialacha sin, chomh maith leis na socruithe le haghaidh shíneadh na gconarthaí atá ann cheana, ba cheart iad a shainiú sa chomhaontú comhpháirtíochta comhfhreagrach maidir leis an gcreat airgeadais (FFPA) nó sa chomhaontú ranníocaíochta comhfhreagrach.

    (30)

    Tá an Clár ag brath ar theicneolaíochtaí casta atá á bhforbairt gan stad. Leis an spleáchas ar theicneolaíochtaí den sórt sin, bíonn éiginnteacht agus riosca ann do chonarthaí poiblí arna dtabhairt i gcrích faoin gClár, sa mhéid go mbaineann gealltanais fhadtéarmacha maidir le trealamh nó seirbhísí leis na conarthaí sin. Dá bhrí sin, is gá bearta sonracha maidir le conarthaí poiblí sa bhreis ar na rialacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais. Ba cheart, dá bhrí sin, a bheith in ann conradh a dhámhachtain i bhfoirm conradh a bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist leis, leasú a thabhairt isteach, faoi choinníollacha áirithe, i gcomhthéacs a fheidhmíochta, nó íosleibhéal fochonraitheoireachta a fhorchur, go háirithe le go bhféadfadh FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a bheith rannpháirteach. Ar deireadh, i ngeall ar na héiginnteachtaí teicneolaíocha a bhaineann le comhpháirteanna an Chláir, ní féidir i gcónaí praghsanna conarthaí a thuar go beacht agus ba cheart dá bhrí sin a bheith in ann conarthaí a dhéanamh gan praghas seasta cinntitheach a shonrú agus clásail chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a áireamh sna conarthaí sin.

    (31)

    Chun éileamh poiblí agus nuálaíocht san earnáil phoiblí a chothú, ba cheart don Chlár úsáid a shonraí, a fhaisnéise agus a sheirbhísí a chur chun cinn chun tacú le forbairt réiteach saincheaptha arna déanamh ag an lucht tionscail agus ag FMBanna ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil trí chomhpháirtíochtaí nuálaíochta a bhaineann leis an spás, amhail dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais, rud a fhágann gur féidir na céimeanna uile, ó chéim na forbartha suas go dtí go ndéantar réitigh spáis idir-inoibritheacha shaincheaptha a imscaradh agus a sholáthar le haghaidh seirbhísí poiblí, a chumhdach.

    (32)

    Chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach, tá sé tábhachtach go mbeifí in ann, i gcás inarb iomchuí, acmhainneachtaí a úsáid arna gcur ar fáil ag eintitis phoiblí agus phríobháideacha de chuid an Aontais atá gníomhach i réimse an spáis agus, chomh maith leis sin, go mbeifí in ann a bheith ag obair ar an leibhéal idirnáisiúnta le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ar an gcúis sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht úsáid a bhaint as na huirlisí agus modhanna bainistíochta ábhartha uile dá bhforáiltear le CFAE agus leis an Rialachán Airgeadais agus as nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh.

    (33)

    Maidir le deontais go sonrach, léirítear leis an taithí a fuarthas gur fearr an glacadh ag úsáideoirí agus ag an margadh agus an fhor-rochtain i gcoitinne nuair a bhíonn cur chuige díláraithe á úsáid ag an gCoimisiún seachas cur chuige ón mbarr anuas. Ar na gníomhaíochtaí is fearr ar éirigh leo i gcás iontrálaithe nua agus FBManna, tá dearbháin, ar foirm tacaíochta airgeadais iad ó thairbhí deontais do thríú páirtithe. Mar sin féin, chuir an uasteorainn ar thacaíocht airgeadais a forchuireadh leis an Rialachán Airgeadais bac ar na dearbháin sin. Dá bhrí sin, ba cheart an uasteorainn sin a ardú don Chlár chun go mbeifí bord ar bhord le poitéinseal méadaitheach na bhfeidhmeanna margaidh san earnáil spáis.

    (34)

    Na foirmeacha cistiúcháin agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo, ba cheart iad a roghnú ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamhchomhlíonta a mheastar a bheith ann. San áireamh leis sin, ba cheart féachaint an bhféadfaí úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costais aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil baint aige le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

    (35)

    De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (8), tá daoine agus eintitis atá bunaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe chun cistiú a fháil faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

    (36)

    Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

    (37)

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (10), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (11) agus (AE) 2017/1939 (12) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

    (38)

    Féadfaidh comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) atá ina gcomhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha mar aon le tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa a bheith rannpháirteach sa Chlár, cé is moite de Galileo, EGNOS, GOVSATCOM agus fo-chomhpháirt SST, i gcomhréir lena gcomhaontuithe faoi seach. Féadfaidh tríú tíortha eile a bheith rannpháirteach freisin sa Chlár, cé is moite de Galileo, EGNOS, GOVSATCOM agus fo-chomhpháirt SST, ar bhonn comhaontú atá le tabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE. Ba cheart comhaltaí CSTE ar comhaltaí iad de LEE a bheith in ann a bheith rannpháirteach in Galileo agus EGNOS, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (14). Féadfaidh tríú tíortha eile a bheith rannpháirteach in Galileo agus EGNOS ar bhonn comhaontú atá le tabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE. Níor cheart GOVSATCOM a bheith oscailte d’aon tríú tír ach amháin ar bhonn comhaontú atá le tabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE.

    (39)

    Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

    (40)

    Eagraíochtaí idirnáisiúnta nach bhfuil a gceanncheathrú san Aontas agus ar mhian leo rochtain a bheith acu ar sheirbhísí SST nach bhfuil ar fáil go poiblí, ba cheart é a bheith de cheangal orthu comhaontú a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE. Ba cheart a mheas gur croí-úsáideoirí SST iad eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil a gceanncheathrú san Aontas acu agus ar úinéirí agus oibreoirí spásárthaí poiblí iad.

    (41)

    Ba cheart faisnéis atá ar fáil go poiblí le haghaidh sheirbhísí SST a thuiscint mar aon fhaisnéis a bhfuil bonn réasúnta ag an úsáideoir chun rochtain dhleathach a fháil uirthi. Tá seirbhísí SST um sheachaint imbhuailte, um athiontráil agus um ilroinnt bunaithe ar fhaisnéis SST seachtrach a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi agus atá ar fáil tar éis iarraidh ar rochtain. Dá bhrí sin, ba cheart a thuiscint gur seirbhísí atá ar fáil go poiblí iad seirbhísí SST um sheachaint imbhuailte, um athiontráil agus um ilroinnt agus níor cheart gá a bheith le comhaontú a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE. Ba cheart rochtain orthu a bheith ar fáil arna iarraidh sin don úsáideoir ionchasach.

    (42)

    Chun go ndéanfar rialachas poiblí fónta ar an gClár, ní mór dáileadh soiléir freagrachtaí agus cúraimí idir na heintitis éagsúla lena mbaineann chun forluí neamhriachtanach a sheachaint agus chun ró-chaiteachas agus moilleanna a laghdú. Ba cheart do ghníomhaithe uile an rialachais tacú, ina réimse inniúlachta agus i gcomhréir lena bhfreagrachtaí, le baint amach chuspóirí an Chláir.

    (43)

    Is fada an lá atá na Ballstáit gníomhach i réimse an spáis. Tá córais, bonneagar, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí náisiúnta acu a bhfuil baint acu leis an spás. Dá bhrí sin, is féidir leo rannchuidiú go mór leis an gClár, go háirithe lena chur chun feidhme. D’fhéadfaidís comhoibriú leis an Aontas chun seirbhísí agus feidhmeanna an Chláir a chur chun cinn. D’fhéadfadh sé go mbeadh an Coimisiún in ann na hacmhainní atá ar fáil do na Ballstáit a shlógadh, leas a bhaint as a gcúnamh agus, faoi réir coinníollacha arna gcomhaontú go frithpháirteach, cúraimí neamhrialála a chur ar na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme an Chláir. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcosnófar na stáisiúin talún atá suite ina gcríocha. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún oibriú le chéile leis na comhlachtaí iomchuí idirnáisiúnta agus leis na húdaráis rialála iomchuí chun a áirithiú go mbeidh na minicíochtaí is gá don Chlár ar fáil agus go ndéanfar iad a chosaint ar an leibhéal iomchuí le go mbeifear in ann na feidhmeanna arna mbunú ar na seirbhísí arna gcur ar fáil a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina n-iomláine, i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

    (44)

    Ós aidhm leis an gCoimisiún leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn, is é atá freagrach as an gClár a chur chun feidhme, as freagracht fhoriomlán a ghlacadh as agus as a úsáid a chur chun cinn. Chun acmhainní agus inniúlachtaí na ngeallsealbhóirí éagsúla a bharrfheabhsú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cúraimí áirithe a chur ar eintitis eile faoi imthosca a bhfuil údar leo. Agus freagracht fhoriomlán as an gClár aige, ba cheart don Choimisiún na príomhcheanglais theicniúla agus oibríochtúla atá riachtanach a chinneadh chun éabhlóid córas agus seirbhísí a chur chun feidhme. Ba cheart dó é sin a dhéanamh tar éis dó dul i gcomhairle le saineolaithe na mBallstát, le húsáideoirí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile. Ar deireadh, ag tabhairt dá aire i réimse an spáis, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) CFAE, nach gcuirfidh feidhmiú inniúlacht an Aontais cosc ar na Ballstáit a n-inniúlachtaí siúd a fheidhmiú, ba cheart don Choimisiún comhchuibheas na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs an Chláir a áirithiú.

    (45)

    Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (“an Ghníomhaireacht”), atá ag teacht in ionad na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus i gcomharbacht uirthi, is é an misean atá aici cur leis an gClár, go háirithe maidir le creidiúnú slándála mar aon le forbairt an mhargaidh agus forbairt feidhmeanna iartheachtacha. Dá bhrí sin, ba cheart cúraimí áirithe a bhfuil baint acu leis na réimsí sin a shannadh don Ghníomhaireacht. Maidir leis an tslándáil go háirithe, agus ós rud é go bhfuil taithí aici sa réimse sin, ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith freagrach as na cúraimí creidiúnaithe slándála i gcás ghníomhaíochtaí uile an Aontais in earnáil an spáis. Ag cur lena bhfuil bainte amach aici go dtí seo i dtaobh ghlacadh na n-úsáideoirí agus an mhargaidh le Galileo agus EGNOS, ba cheart gníomhaíochtaí a bhaineann le glacadh na n-úsáideoirí i ndáil le comhpháirteanna an Chláir seachas Galileo agus EGNOS a chur de chúram ar an nGníomhaireacht, mar aon le gníomhaíochtaí forbartha feidhmeanna iartheachtacha le haghaidh chomhpháirteanna uile an Chláir. D’fhágfadh sé sin go bhféadfadh an Ghníomhaireacht leas a bhaint as barainneachtaí scála agus chuirfí deis ar fáil feidhmeanna a fhorbairt bunaithe ar roinnt comhpháirteanna éagsúla den Chlár (feidhmeanna comhtháite). Mar sin féin, níor cheart do na gníomhaíochtaí sin dochar a dhéanamh do na gníomhaíochtaí seirbhíse ná do na gníomhaíochtaí maidir le glacadh na n-úsáideoirí a chuireann an Coimisiún de chúram ar eintitis Copernicus ar cuireadh cúram orthu. Má chuirtear de chúram ar an nGníomhaireacht feidhmeanna iartheachtacha a fhorbairt, níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar eintitis eile ar cuireadh cúram orthu feidhmeanna iartheachtacha a fhorbairt freisin. Lena chois sin, ba cheart don Ghníomhaireacht na cúraimí a chuireann an Coimisiún uirthi a dhéanamh trí bhíthin comhaontú ranníocaíochta amháin nó níos mó faoi FFPA lena gcumhdaítear cúraimí sonracha eile a bhaineann leis an gClár. Agus cúraimí á gcur ar an nGníomhaireacht, ba cheart acmhainní leordhóthanacha daonna, riaracháin agus airgeadais a chur ar fáil.

    (46)

    In imthosca áirithe a bhfuil údar cuí leo, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann cúraimí sonracha a chur ar na Ballstáit nó ar ghrúpaí Ballstát. Níor cheart a dhéanamh amhlaidh ach amháin maidir le gníomhaíochtaí nach bhfuil sé ar chumas na Gníomhaireachta iad a fhorghníomhú í féin agus níor cheart don mhéid sin dochar a dhéanamh do rialachas an Chláir ná do leithdháileadh na gcúraimí mar a shainítear sa Rialachán seo.

    (47)

    Is córais chasta iad Galileo agus EGNOS a bhfuil gá le dian-chomhordú ina leith. Ós rud é gur comhpháirteanna an Chláir iad, ba cheart gur institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais a dhéanfadh an comhordú sin. Agus í ag cur leis an saineolas a forbraíodh le blianta beaga anuas, is í an Ghníomhaireacht an comhlacht is iomchuí chun comhordú a dhéanamh ar na cúraimí oibríochtúla uile a bhaineann le saothrú na gcóras sin, cé is moite den chomhar idirnáisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, bainistiú agus saothrú EGNOS agus Galileo a chur de chúram ar an nGníomhaireacht. Mar sin féin, ní hionann sin agus a rá gur cheart don Ghníomhaireacht na cúraimí sin ar fad a bhaineann le saothrú na gcóras sin a dhéanamh í féin. D’fhéadfadh sí dul i muinín shaineolas na n-eintiteas eile, go háirithe GES. Ba cheart a áireamh leis sin na gníomhaíochtaí maidir le héabhlóid córas, dearadh agus forbairt codanna den chuid ar talamh agus na satailítí, ar cúraimí iad ar cheart a chur ar GES. Le leithdháileadh na gcúraimí ar eintitis eile, cuirtear le hinniúlachtaí na n-eintiteas sin agus ba cheart dúbailt oibre a sheachaint.

    (48)

    Is eagraíocht idirnáisiúnta é GES ag a bhfuil saineolas fairsing i réimse an spáis agus a thug Comhaontú Réime i gcrích leis an gComhphobal Eorpach in 2004 (“Comhaontú Réime 2004”) (17) . Dá bhrí sin, is comhpháirtí tábhachtach i gcur chun feidhme an Chláir é agus ba cheart caidreamh iomchuí a chur ar bun leis. Maidir leis sin, agus i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ba cheart don Choimisiún FFPA a thabhairt i gcrích le GES agus leis an nGníomhaireacht lena rialófar an caidreamh airgeadas uile idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus GES, lena n-áiritheofar go mbeidh an caidreamh airgeadais sin comhsheasmhach agus a bheidh i gcomhréir le Comhaontú Réime 2004, go háirithe le hAirteagail 2 agus 5 de. Mar sin féin, ós rud é nach comhlacht de chuid an Aontais é GES agus nach bhfuil sé faoi réir dhlí an Aontais, tá sé buntábhachtach go bhforálfaí le comhaontú den sórt sin go ndéanfaidh GES bearta iomchuí chun cosaint leasanna an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú agus, maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, go gcomhlíonfaidh na cúraimí a chuirfear uirthi na cinntí a dhéanfaidh an Coimisiún. Ba cheart na clásail uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a bheith sa chomhaontú freisin.

    (49)

    Feidhmiú Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (SATCEN) mar acmhainneacht uathrialaitheach Eorpach lena dtugtar rochtain ar fhaisnéis agus seirbhísí a thagann as saothrú na sócmhainní spáis ábhartha agus na sonraí comhthaobhacha, aithníodh sin cheana i gcur chun feidhme Chinneadh 541/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

    (50)

    Chun ionadaíocht na n-úsáideoirí a fhréamhú ar bhonn struchtúrach i rialachas GOVSATCOM agus chun riachtanais agus ceanglais úsáideoirí a chomhthiomsú thar theorainneacha náisiúnta agus sibhialta-mhíleata, féadfaidh róil chomhordúcháin le haghaidh grúpaí sonracha úsáideoirí a bheith ag na heintitis ábhartha de chuid an Aontais a bhfuil dlúthnaisc acu le húsáideoirí, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí, an Cumas Míleata Pleanála agus Forfheidhmithe/an Cumas Sibhialtach Pleanála agus Forfheidhmithe agus an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha. Ar leibhéal comhthiomsaithe, ba cheart don Ghníomhaireacht comhordú a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le húsáideoirí do na pobail úsáideoirí sibhialta agus féadfaidh sí faireachán a dhéanamh ar úsáid oibríochtúil, ar éileamh, ar chomhréireacht le ceanglais, agus ar riachtanais agus ceanglais athraitheacha.

    (51)

    De bharr a thábhachtaí atá gníomhaireachtaí a bhaineann leis an spás do gheilleagar an Aontais agus do shaolta shaoránaigh an Aontais, agus ós córais agus feidhmeanna dé-úsáide iad na córais agus na feidhmeanna atá bunaithe ar na córais sin, ba cheart é a bheith ina phríomhthosaíocht ag an gClár ardleibhéal slándála a bhaint amach agus a choinneáil ar bun, go háirithe chun leasanna an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, lena n-áirítear an méid a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe agus le faisnéis íogair eile nach bhfuil rúnaicmithe.

    (52)

    Gan dochar do shainchumais na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta, ba cheart don Choimisiún agus don Ardionadaí, ina réimse inniúlachta féin faoi seach, slándáil an Chláir a áirithiú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, le Cinneadh (CBES) 2021/698 ón gComhairle (19).

    (53)

    Ós rud é go bhfuil saineolas sonrach ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus go mbíonn teagmháil rialta aici le húdaráis tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, féadfaidh SEGS cuidiú leis an gCoimisiún cúraimí áirithe dá chuid a chur i gcrích, ar cúraimí iad a bhaineann le slándáil an Chláir i réimse an chaidrimh sheachtraigh, i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (20).

    (54)

    Gan dochar de fhreagracht aonair na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) CAE, agus don cheart atá ag na Ballstáit a leasanna bunúsacha slándála a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE, ba cheart rialachas sonrach slándála a bhunú chun cur chun feidhm rianúil an Chláir a áirithiú. Ba cheart an rialachas sin a bheith bunaithe ar thrí phríomhphrionsabal. Ar an gcéad dul síos, tá sé ríthábhachtach an taithí leathan uathúil ar ábhair shlándála atá ag na Ballstáit a chur san áireamh a mhéid is féidir. Ar an dara dul síos, chun coinbhleachtaí leasa agus aon laigí i gcur i bhfeidhm na rialacha slándála a sheachaint, ba cheart feidhmeanna oibríochtúla a dhealú ó na feidhmeanna creidiúnaithe slándála. Ar an tríú dul síos, an t-eintiteas atá i gceannas ar na comhpháirteanna uile den Chlár nó cuid acu a bhainistiú, is é sin is fearr is féidir slándáil na gcúraimí sin atá air a bhainistiú. Le slándáil an Chláir, chuirfí leis an taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme Galileo, EGNOS agus Copernicus le roinnt blianta anuas. Lena chois sin, chun go mbeidh rialachas fónta slándála ann, ní mór na róil a dháileadh go hiomchuí ar na gníomhaithe éagsúla. Ós rud é gur air atá an fhreagracht as an gClár, ba cheart don Choimisiún, gan dochar do shainchumais na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta, na ceanglais ghinearálta slándála is infheidhme a chinneadh maidir le gach ceann de chomhpháirteanna an Chláir.

    (55)

    Tá cibearshlándáil bhonneagair spáis na hEorpa, ar an talamh agus i spás araon, ríthábhachtach maidir le leanúnachas oibríochtaí na gcóras agus leanúnachas seirbhísí a áirithiú. Agus ceanglais slándála á mbunú, ba cheart, dá bhrí sin, aird chuí a thabhairt ar an ngá atá leis na córais agus a seirbhísí a chosaint ó chibirionsaithe, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua.

    (56)

    Ba cheart don Choimisiún struchtúr faireacháin slándála a shainaithint i gcás inarb iomchuí tar éis an anailís ar rioscaí agus bagairtí a bheith déanta. Ba cheart gurbh é an struchtúr faireacháin slándála sin an t-eintiteas a fhreagróidh ar threoracha arna bhforbairt faoi raon feidhme Chinneadh (CBES) 2021/698. I gcás Galileo, ba cheart gurbh é Lárionad Faireacháin Slándála Galileo an comhlacht sin. Maidir le cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2021/698, ba cheart ról an Bhoird um Chreidiúnú Slándála a bheith teoranta d’ionchuir a bhfuil baint acu le creidiúnú slándála an chórais a thabhairt don Chomhairle nó don Ardionadaí.

    (57)

    I bhfianaise a uathúla agus a chasta atá an Clár agus an naisc atá aige leis an tslándáil, ba cheart prionsabail aitheanta sheanbhunaithe a leanúint maidir le creidiúnú slándála. Ní mór, mar sin, gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála a dhéanamh ar bhonn na freagrachta coitinne as slándáil an Aontais agus a Bhallstát, trí gach dícheall a dhéanamh comhthoil a thógáil agus trí iad siúd uile lena mbaineann ceist na slándála a thabhairt isteach sa phróiseas, agus ní mór nós imeachta maidir le faireachán buan ar riosca a chur ar bun. Ní mór freisin gníomhaíochtaí teicniúla creidiúnaithe slándála a chur de chúram ar ghairmithe atá cáilithe go cuí sa réimse a bhaineann le córais chasta a chreidiúnú agus a bhfuil leibhéal leordhóthanach imréitigh slándála acu.

    (58)

    Tá faisnéis rúnaicmithe AE (FRAE) le bheith láimhseáilte i gcomhréir leis na rialacha slándála mar a leagtar amach i gCinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (21) agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (22). I gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE, tá ar na Ballstáit na prionsabail agus na híoschaighdeáin a leagtar síos iontu a urramú chun a áirithiú go dtabharfar leibhéal coibhéiseach cosanta do FRAE.

    (59)

    Chun malartú slán faisnéise a áirithiú, ba cheart comhaontuithe iomchuí a bhunú chun cosaint a áirithiú do FRAE arna sholáthar do thríú tíortha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhthéacs an Chláir.

    (60)

    Cuspóir tábhachtach den Chlár is ea a shlándáil a áirithiú agus an uathriail straitéiseach a neartú thar príomhtheicneolaíochtaí agus slabhra luacha, agus geilleagar oscailte, lena n-áirítear an tsaorthrádáil chóir, á chaomhnú ag an am céanna, agus tairbhe á bhaint as na deiseanna a bhaineann leis an spás ó thaobh shlándáil an Aontais agus a Bhallstát de. I gcásanna sonracha, chun an cuspóir sin a bhaint amach, is gá na coinníollacha riachtanacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta a leagan síos chun cosaint shláine, shlándáil agus athléimneacht chórais oibríochtúla an Aontais a áirithiú. Níor cheart, leis sin, an bonn a bhaint den ghá atá le iomaíochas agus cost-éifeachtúlacht. Sa mheastóireacht ar eintitis dhlítheanacha atá faoi réir rialú ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír, ba cheart don Choimisiún na prionsabail agus na critéir dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) a chur san áireamh.

    (61)

    I gcomhthéacs an Chláir, maidir le roinnt faisnéise atá ann, cé nach bhfuil sí rúnaicmithe, tá sí le láimhseáil i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais atá i bhfeidhm cheana nó le dlíthe, rialacha agus rialacháin náisiúnta, lena n-áirítear trí bhíthin teorainneacha leithdháileacháin.

    (62)

    Tá líon méadaitheach earnálacha eacnamaíocha, go háirithe na hearnálacha iompair, teileachumarsáide, talmhaíochta agus fuinnimh, ag baint níos mó úsáid as córais loingseoireachta satailíte agus córais um fhaire na Cruinne. Leis an gClár, ba cheart sineirgíochtaí idir na hearnálacha sin a shaothrú, agus aird á tabhairt ar na tairbhí do na hearnálacha sin a thagann as teicneolaíochtaí spáis, agus ba cheart tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt trealaimh chomhoiriúnaigh agus forbairt caighdeáin agus deimhnithe ábhartha a chur chun cinn. Tá méadú ag teacht freisin ar shineirgíochtaí idir gníomhaíochtaí spáis agus gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu le slándáil agus cosaint an Aontais agus a Bhallstát. Dá mbeadh smacht iomlán ar loingseoireacht satailíte, ba cheart, dá bhrí sin, an tAontas a bheith neamhspleách ó thaobh na teicneolaíochta de, lena n-áirítear san fhadtéarma i gcás comhpháirteanna trealaimh bonneagair, agus ba cheart a áirithiú leis an méid sin go mbeadh sé uathrialach ó thaobh straitéise de.

    (63)

    Is é is aidhm le Galileo an chéad bhonneagar domhanda loingseoireachta agus suite satailíte atá deartha go sonrach chun críoch sibhialta a chur ar bun agus a oibriú, ar bonneagar é is féidir le gníomhaithe éagsúla poiblí agus príobháideacha san Eoraip agus ar fud an domhain a úsáid. Feidhmíonn Galileo go neamhspleách ar chórais eile atá ann nó is féidir a bheidh ann, agus ar an gcaoi sin, cuireann sé, i measc nithe eile, le huathriail straitéiseach an Aontais. Ba cheart an dara glún de Galileo a chur i bhfeidhm go céimnitheach roimh 2030, agus acmhainneacht oibríochtúil laghdaithe aige ar dtús.

    (64)

    Is é is aidhm le EGNOS cáilíocht na gcomharthaí oscailte ó na córais dhomhanda um loingseoireacht satailíte atá ann a fheabhsú, go háirithe na comharthaí a astaíonn Galileo. Leis na seirbhísí a sholáthraíonn EGNOS, ba cheart, mar thosaíocht, críocha na mBallstát atá lonnaithe go geografach san Eoraip, lena n-áirítear chun na críche sin an Chipir, na hAsóir, na hOileáin Chanáracha agus Maidéara, a chumhdach faoi dheireadh 2026. I réimse na heitlíochta, ba cheart do na críocha sin go léir tairbhe a bhaint as EGNOS le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta maidir leis na leibhéil feidhmíochta uile a fhaigheann tacaíocht ó EGNOS. D’fhéadfaí cumhdach geografach na seirbhísí a sholáthraíonn EGNOS a leathnú go réigiúin eile sa domhan, ar choinníoll go mbeadh sin indéanta ó thaobh na teicneolaíochta de agus, ar mhaithe le sábháilteacht na beatha, ar bhonn comhaontuithe idirnáisiúnta. Gan dochar do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) ná don fhaireachán is gá a dhéanamh ar cháilíocht seirbhíse Galileo chun críoch eitlíochta, ba cheart a thabhairt d’aire, cé gur féidir na comharthaí a astaíonn Galileo a úsáid go héifeachtach chun suí aerárthaí a éascú, i ngach céim eitilte, tríd an gcóras méadúcháin is gá a úsáid, lena n-áirítear eitleonaic réigiúnach, áitiúil agus ar bord, nach féidir ach córais réigiúnacha nó áitiúla mhéadúcháin amhail EGNOS san Eoraip a bheith ina seirbhísí bainistithe aerthráchta (BAT) agus ina seirbhísí aerloingseoireachta (SAL). Ba cheart seirbhís sábháilteachta beatha EGNOS a sholáthar i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (“Caighdeáin ICAO”).

    (65)

    Tá sé ríthábhachtach inbhuanaitheacht Galileo agus EGNOS agus leanúnachas, infhaighteacht, cruinneas, iontaofacht agus slándáil a gcuid seirbhísí a áirithiú. I bhfianaise na n-athruithe a bhíonn ag teacht ar an timpeallacht agus na forbartha tapa atá ag teacht ar an margadh, ba cheart leanúint dá bhforbairt agus glúin nua de na córais sin, lena n-áirítear éabhlóid ghaolmhar maidir le cuid an spáis agus an chuid ar talamh, a ullmhú.

    (66)

    An téarma “seirbhís tráchtála” a úsáidtear i Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), níl sé oiriúnach a thuilleadh i bhfianaise na héabhlóide atá tagtha ar an tseirbhís sin. Ina ionad sin, tá dhá sheirbhís éagsúla sainaitheanta i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/224 ón gCoimisiún (26), eadhon an tseirbhís ardbheachtais agus an tseirbhís fíordheimhniúcháin.

    (67)

    Chun úsáid na seirbhísí a sholáthraítear a bharrfheabhsú, ba cheart na seirbhísí a sholáthraíonn Galileo agus EGNOS a bheith comhoiriúnach agus idir-inoibritheach le chéile, lena n-áirítear ar leibhéal na n-úsáideoirí, agus, a mhéid is féidir, le córais eile um loingseoireacht satailíte agus le gnáthmhodhanna radaloingseoireachta, i gcás ina leagtar an chomhoiriúnacht sin agus an idir-inoibritheacht síos i gcomhaontú idirnáisiúnta, gan dochar don chuspóir uathriail straitéiseach a bheith ag an Aontas.

    (68)

    I bhfianaise na tábhachta atá le bonneagar talamhbhunaithe Galileo agus EGNOS do Galileo agus EGNOS agus an tionchair atá aige ar shlándáil Galileo agus EGNOS, is é an Coimisiún ba cheart suíomh an bhonneagair a shocrú. Ba cheart próiseas oscailte agus trédhearcach a leanúint i gcónaí maidir le himscaradh bhonneagar talamhbhunaithe na gcóras, imscaradh a bhféadfadh an Ghníomhaireacht a bheith rannpháirteach ann i gcás inarb iomchuí agus bunaithe ar a réimse inniúlachta.

    (69)

    Chun tairbhí socheacnamaíocha Galileo agus EGNOS a uasmhéadú, agus, an am céanna, rannchuidiú le huathriail straitéiseach an Aontais, go háirithe in earnálacha íogaire agus i réimse na sábháilteachta agus na slándála, ba cheart úsáid na seirbhísí a sholáthraíonn EGNOS agus Galileo i mbeartais eile de chuid an Aontais a chur chun cinn trí bhealaí rialála freisin i gcás ina bhfuil údar leis sin agus tairbhe le baint as. Is cuid thábhachtach den phróiseas iad freisin bearta chun úsáid na seirbhísí sin i ngach Ballstát a spreagadh.

    (70)

    Le comhpháirteanna an Chláir, ba cheart cur i bhfeidhm teicneolaíochta digití a spreagadh i gcórais spáis, dáileacháin sonraí agus seirbhísí agus forbairt iartheachtach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na tionscnaimh agus ar na gníomhaíochtaí arna moladh ag an gCoimisiún ina dteachtaireachtaí an 14 Meán Fómhair 2016 dar teideal Connectivity for a Competitive Digital Single Market – Towards a European Gigabit Society [Nascacht le haghaidh Margadh Aonair Digiteach Iomaíoch – I dtreo Sochaí Eorpach Ghigighiotáin] agus an 14 Meán Fómhair 2016 dar teideal 5G for Europe: An Action Plan [5G don Eoraip: Plean Gníomhaíochta].

    (71)

    Ba cheart rochtain uathrialaitheach ar eolas timpeallachta agus ar phríomhtheicneolaíochtaí i leith seirbhísí um fhaire na Cruinne agus geofhaisnéise a áirithiú le Copernicus, agus, sa chaoi sin tacaíocht a thabhairt don Aontas maidir le cinnteoireacht neamhspleách agus gníomhaíochtaí neamhspleácha a bhaint amach, inter alia, i réimsí an chomhshaoil, an athraithe aeráide, chúrsaí na mara, na gcúrsaí muirí, na talmhaíochta, na forbartha tuaithe, na cosanta oidhreachta cultúrtha, na cosanta sibhialta, an fhaireacháin talún agus bonneagair, na slándála agus an gheilleagair dhigitigh.

    (72)

    Maidir leis na gníomhaíochtaí agus an méid a baineadh amach faoi Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) lena mbunaítear clár an Aontais um fhaire agus um fhaireachán na Cruinne (Copernicus) mar aon le Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) lena mbunaítear an clár um Fhaireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES) a tháinig roimhe agus na rialacha maidir lena oibríochtaí tosaigh a chur chun feidhme, ba cheart, le Copernicus, cur leis na gníomhaíochtaí sin agus an méid sin a baineadh amach, leanúnachas a áirithiú leo, agus iad a fheabhsú, agus aird á tabhairt ar threochtaí a bhí ann le déanaí maidir leis an taighde, dul chun cinn teicneolaíochta agus nuálaíochtaí a mbíonn tionchar acu ar réimse fhaire na Cruinne, chomh maith le forbairtí in anailísíocht mórshonraí agus san intleacht shaorga agus i straitéisí gaolmhara agus tionscnaimh ghaolmhara ar leibhéal an Aontais mar a leag an Coimisiún amach ina Pháipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga an 19 Feabhra 2020 dar teideal A European approach to excellence and trust [Cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín] agus sa teachtaireacht uaidh an 19 Feabhra 2020 dar teideal A European strategy for data [Straitéis Eorpach le haghaidh sonraí]. Maidir le sócmhainní nua a fhorbairt, ba cheart don Choimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le GES, leis an Eagraíocht Eorpach chun Sochar a Bhaint as Satailítí Meitéareolaíochta (EUMETSAT) agus, i gcás inarb iomchuí, le heintitis eile a bhfuil sócmhainní ábhartha spáis agus sócmhainní ábhartha in situ ina seilbh acu. A mhéid is féidir, ba cheart do Copernicus úsáid a bhaint as acmhainneachtaí na mBallstát, GES, EUMETSAT agus eintiteas eile, lena n-áirítear tionscnaimh thráchtála san Aontas, maidir le faire spásbhunaithe na Cruinne, sa chaoi go gcuirfidh sé freisin le forbairt earnála spáis tráchtála san Eoraip atá inmharthana. I gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí, ba cheart do Copernicus úsáid a bhaint chomh maith as na sonraí in situ agus coimhdeacha atá ar fáil, ar sonraí iad a sholáthraíonn na Ballstáit go príomha i gcomhréir le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29). Ba cheart don Coimisiún oibriú leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil chun rochtain éifeachtúil agus úsáid éifeachtúil na dtacar sonraí in situ le haghaidh Copernicus a áirithiú.

    (73)

    Ba cheart Copernicus a chur chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí Threoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), go háirithe an trédhearcacht, cruthú dálaí atá oiriúnach do sheirbhísí a fhorbairt, agus rannchuidiú le fás eacnamaíoch agus le cruthú post san Aontas. Ba cheart sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a bheith ar fáil saor in aisce agus ar bhealach oscailte.

    (74)

    Ba cheart gach srian a bhaint den acmhainneacht atá ag Copernicus do shochaí agus geilleagar an Aontais chun lántairbhe a bhaint aisti thar na tairbhithe díreacha trí bhearta chun glacadh ag úsáideoirí a ghéarú, rud lena dteastaíonn gníomhaíocht bhreise chun go mbeidh na sonraí inúsáide ag daoine nach speisialaithe iad agus, sa chaoi sin, fás, cruthú post agus aistrithe eolais a spreagadh.

    (75)

    Is clár é Copernicus atá faoi cheannas an úsáideora. Dá bhrí sin, ba cheart a éabhlóid a bheith bunaithe ar riachtanais athraitheacha bhunúsáideoirí Copernicus, agus teacht chun cinn pobal nua úsáideoirí, cibé acu poiblí nó príobháideach, á aithint ag an am céanna. Ba cheart a bheith mar bhonn ag Copernicus anailís ar na roghanna chun freastal ar riachtanais athraitheacha úsáideoirí, lena náirítear na cinn a bhaineann le cur chun feidhme, agus faireachán ar bheartas de chuid an Aontais inar gá rannpháirtíocht leanúnach éifeachtach úsáideoirí, go háirithe maidir le ceanglais a shainiú agus a bhailíochtú.

    (76)

    Tá Copernicus oibríochtúil cheana. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, leanúnachas an bhonneagair agus na seirbhísí atá ar bun cheana a áirithiú, agus a bheith ag dul in oiriúint, ag an am céanna, do riachtanais úsáideoirí atá ag athrú, do thimpeallacht athraitheach an mhargaidh, go háirithe teacht chun cinn gníomhaithe príobháideacha sa spás agus forbairtí sochpholaitiúla ar gá freagairt thapa ina leith. Leis an méid sin, tá gá le héabhlóid ar struchtúr feidhmiúil Copernicus chun léiriú níos cruinne a thabhairt ar an aistriú ó chéad chéim na seirbhísí oibríochtúla go dtí soláthar ardseirbhísí agus seirbhísí atá níos dírithe ar phobail nua úsáideoirí agus cothú margaí breisluacha iartheachtacha. Chuige sin, le leanúint lena chur chun feidhme, ba cheart cur chuige a ghlacadh a leanann an slabhra luacha sonraí, i.e. sonraí a fháil, sonraí agus faisnéis a phróiseáil, leithdháileadh agus saothrú, gníomhaíochtaí maidir le glacadh ag úsáideoirí agus glacadh sa mhargadh agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, agus, ag an am céanna, leis an bpróiseas pleanála straitéisí faoi chuimse Fís Eorpach, shaineofaí gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ar cheart dóibh úsáid a bhaint as Copernicus.

    (77)

    Maidir le sonraí a fháil, ba cheart na gníomhaíochtaí faoi Copernicus a bheith dírithe ar an mbonneagar spáis atá ann cheana a chríochnú agus a chothabháil, ar ionadú fadtéarmach na satailítí ag deireadh a saolré a ullmhú, agus ar mhisin nua a thionscnamh lena dtabharfaí aghaidh go háirithe ar chórais breathnóireachta nua chun tacú le tabhairt faoi dhúshlán an athraithe aeráide dhomhanda, amhail faireachán ar CO2 antrapaigineach agus ar astaíochtaí eile gás ceaptha teasa. Ba cheart cumhdach faireacháin domhanda na ngníomhaíochtaí faoi Copernicus a leathnú thar na réigiúin pholacha agus ba cheart, leis na gníomhaíochtaí sin, tacú le dearbhú comhlíontachta comhshaoil, faireachán agus tuairisciú comhshaoil reachtúil agus feidhmchláir chomhshaoil nuálacha i mbainistiú talmhaíochta, foraoise, uisce agus acmhainní mara agus san oidhreacht cultúrtha, amhail le haghaidh faireachán ar bharra, bainistiú uisce agus faireachán feabhsaithe ar loisceadh. Agus é á dhéanamh sin, ba cheart do Copernicus na hinfheistíochtaí a rinneadh faoin tréimhse chistiúcháin roimhe sin (2014-2020), lena n-áirítear iad siúd a rinne na Ballstáit, GES agus EUMETSAT, a ghiaráil agus an leas is mó is féidir a bhaint astu agus, san am céanna, samhlacha nua gnó agus oibríochtúla a fhiosrú chun comhlánú breise a dhéanamh ar acmhainneachtaí Copernicus. D’fhéadfadh Copernicus tógáil freisin ar chomhpháirtíochtaí rathúla le Ballstáit chun a ghné shlándála a fhorbairt tuilleadh faoi shásraí rialachais iomchuí, chun freagairt ar riachtanais athraitheacha úsáideoirí i réimse na slándála.

    (78)

    Mar chuid den fheidhm próiseála sonraí agus faisnéise, ba cheart do Copernicus inbhuanaitheacht fhadtéarmach agus forbairt bhreise Sheirbhísí Copernicus a áirithiú, agus faisnéis á cur ar fáil chun freastal ar riachtanais na hearnála poiblí agus ar na riachtanais a thagann as gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, agus chun deiseanna ar shaothrú tráchtála a uasmhéadú. Go háirithe, ba cheart do Copernicus faisnéis a sholáthar, ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, áitiúil, agus domhanda, faoi chomhdhéanamh an atmaisféir agus cáilíocht an aeir; faisnéis faoi staid agus dinimic na n-aigéan; faisnéis lena dtugtar tacaíocht d’fhaireachán ar thalamh agus ar oighear le tacú le cur chun feidhme beartas de chuid an Aontais, beartas náisiúnta agus beartas áitiúil; faisnéis lena dtugtar tacaíocht d’oiriúnú don athrú aeráide agus dá mhaolú; faisnéis gheospásúil lena dtugtar tacaíocht do bhainistiú éigeandála, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí coisctheacha, dearbhú comhlíontachta comhshaoil agus slándáil shibhialta lena n-áirítear tacaíocht do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Ba cheart don Choimisiún socruithe conarthacha iomchuí a shainaithint lena gcothófaí inbhuanaitheacht an tsoláthair seirbhíse.

    (79)

    Agus Seirbhísí Copernicus á gcur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún brath ar eintitis inniúla, gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, grúpálacha nó cuibhreannais de chomhlachtaí náisiúnta, nó ar aon chomhlacht ábhartha a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do chomhaontú ranníocaíochta a thabhairt i gcrích. Agus na heintitis sin á roghnú aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach ndéanfar aon chur isteach ar na hoibríochtaí ná ar sholáthar na seirbhísí agus go mbeidh, a mhéid a bhaineann le sonraí atá íogair ó thaobh na slándála de, cumais réamhrabhaidh agus faireacháin ar ghéarchéimeanna ag na heintitis lena mbaineann i gcomhthéacs an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála agus, go háirithe, an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta. I gcomhréir le hAirteagal 154(2) den Rialachán Airgeadais, tá sé d’oibleagáid ar dhaoine agus ar eintitis a bhfuil cur chun feidhme cistí ón Aontas faoina gcúram prionsabal an neamh-idirdhealaithe i leith na mBallstát go léir a chomhlíonadh. Ba cheart comhlíonadh an phrionsabail sin a áirithiú trí na comhaontuithe rannaíochta ábhartha i ndáil le soláthar Sheirbhísí Copernicus.

    (80)

    Le cur chun feidhme Sheirbhísí Copernicus, ba cheart éascú a dhéanamh ar an nglacadh poiblí le seirbhísí ós rud é go mbeadh úsáideoirí in ann a fhios a bheith acu roimh ré faoi infhaighteacht agus éabhlóid na seirbhísí chomh maith leis an gcomhar le Ballstáit agus le páirtithe eile. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún agus dá eintitis ar cuireadh cúram orthu dul i mbun oibre i ndlúthchomhar le pobail bhunúsáideoirí Copernicus ar fud na hEorpa chun Seirbhísí Copernicus agus an phunann faisnéise a fhorbairt tuilleadh chun a áirithiú go bhfreastalófar ar riachtanais athraitheacha na hearnála poiblí agus ar riachtanais athraitheacha bheartais agus, dá réir sin, chun gur féidir glacadh le sonraí ó fhaire na Cruinne a uasmhéadú. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile chun comhpháirt in situ Copernicus a fhorbairt agus chun comhtháthú sonraí in situ Copernicus a éascú le tacair sonraí spáis le haghaidh Sheirbhísí Copernicus uasghrádaithe.

    (81)

    Meastar beartas sonraí Copernicus atá saor in aisce, iomlán agus oscailte a bheith ar cheann de na gnéithe is rathúla de chur chun feidhme Copernicus agus go raibh ról lárnach aige maidir le héileamh láidir a spreagadh ar a chuid sonraí agus faisnéise, agus, sa chaoi sin, bunaíodh Copernicus mar cheann de na soláthraithe is mó ar domhan de shonraí ó fhaire na Cruinne. Is léir go bhfuil gá le leanúnachas fadtéarmach slán a chinntiú maidir le soláthar sonraí atá saor in aisce, iomlán agus oscailte, agus ba cheart rochtain orthu a choimirciú chun na spriocanna uaillmhianacha a leagtar amach sa Straitéis Spáis don Eoraip a bhaint amach. Cruthaítear sonraí Copernicus go príomha ar mhaithe le hEorpaigh, agus, trí na sonraí sin a chur ar fáil saor in aisce, uasmhéadaítear deiseanna le haghaidh comhar ar fud an domhain do ghnólachtaí an Aontais agus don lucht léinn agus rannchuidítear le héiceachórais Eorpach éifeachtach spáis. Dá mba rud é go gcuirfí aon teorainn leis an rochtain ar shonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus, ba cheart í a bheith i gcomhréir leis an mbeartas maidir le sonraí Copernicus mar a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1159/2013 ón gCoimisiún (31).

    (82)

    Ba cheart na sonraí agus an fhaisnéis arna dtairgeadh faoi chuimsiú Copernicus a chur ar fáil go hiomlán, go hoscailte agus saor in aisce faoi réir coinníollacha agus teorainneacha iomchuí, chun a n-úsáid agus a gcomhroinnt a chur chun cinn, agus chun margaí Eorpacha d’fhaire na Cruinne a neartú, go háirithe san earnáil iartheachtach, agus fás agus cruthú fostaíochta a chothú san Aontas dá réir sin. Le soláthar den sórt sin, ba cheart leanúint de bheith ag soláthar sonraí agus faisnéis ar ardleibhéil chomhsheasmhachta, leanúnachais, iontaofachta agus cháilíochta. Chun é sin a dhéanamh, caithfear rochtain ar shonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a chur ar fáil, agus iad a phróiseáil agus shaothrú, ar mhórscála agus ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir, ar leibhéil éagsúla tráthúlachta, agus chuige sin ba cheart don Choimisiún leanúint de chur chuige comhtháite a úsáid, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, sa chaoi go bhféadfaí foinsí eile sonraí agus faisnéise a chomhtháthú chomh maith. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca éifeachtúil ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus agus go mbeidh siad inúsáidte, go háirithe trí Sheirbhísí um Rochtain ar Shonraí agus ar Fhaisnéis (DIAS) a chur chun cinn laistigh de na Ballstáit agus, nuair is féidir, idir-inoibritheacht idir na bonneagair Eorpacha d’fhaire na Cruinne atá ann cheana a chothú chun sineirgíochtaí leis na sócmhainní sin a bhunú chun glacadh an mhargaidh le sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a uasmhéadú agus a neartú.

    (83)

    Ba cheart don Choimisiún oibriú le soláthraithe sonraí chun coinníollacha ceadúnúcháin maidir le sonraí tríú páirtí a chomhaontú chun a n-úsáid a éascú laistigh de Copernicus, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na cearta tríú páirtí is infheidhme. Toisc go bhféadfadh sé go mbeadh tionchar ag cuid de shonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus, lena n-áirítear íomhánna ardtaifigh, ar shlándáil an Aontais nó na mBallstát, féadfar bearta a ghlacadh, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, chun déileáil le rioscaí agus bagairtí i leith shlándáil an Aontais nó na mBallstát.

    (84)

    Chun úsáid sonraí ó fhaire na Cruinne agus ó theicneolaíochtaí a bhaineann leis a chur chun cinn agus a éascú i measc údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, FBManna, eolaithe agus taighdeoirí, ba cheart líonraí tiomnaithe le haghaidh leithdháileadh shonraí Copernicus, lena n-áirítear comhlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha amhail Athsheachadáin Copernicus agus Acadaimh Copernicus, a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí maidir le glacadh na n-úsáideoirí. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh naisc níos dlúithe a bhunú idir Copernicus agus beartais an Aontais agus na beartais náisiúnta chun dlús a chur leis an éileamh ar fheidhmeanna agus seirbhísí tráchtála agus chun é a chur ar chumas gnólachtaí, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, feidhmeanna a fhorbairt atá bunaithe ar shonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus agus a mbeidh sé d’aidhm leo éiceachóras Eorpach iomaíoch sonraí ó fhaire na Cruinne a fhorbairt.

    (85)

    Sa réimse idirnáisiúnta, ba cheart do Copernicus faisnéis bheacht iontaofa a sholáthar le haghaidh comhar le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus mar thacaíocht do bheartais sheachtracha agus beartais comhair forbartha an Aontais. Ba cheart Copernicus a mheas mar rannchuidiú Eorpach le Córas Domhanda na gCóras um Fhaire na Cruinne, le Coiste um Shatailítí Fhaire na Cruinne, le Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, 1992, le baint amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus le Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste. Ba cheart don Choimisiún comhar iomchuí a chur ar bun nó a choinneáil ar bun le comhlachtaí earnálacha ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe agus leis an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta.

    (86)

    Agus Copernicus á chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún brath, i gcás inarb iomchuí, ar eagraíochtaí Eorpacha idirnáisiúnta lena bhfuil comhpháirtíochtaí bunaithe aige cheana, go háirithe GES, le haghaidh fhorbairt, chomhordú, chur chun feidhme agus éabhlóid na gcomhpháirteanna spáis, rochtain ar shonraí tríú páirtí i gcás inarb iomchuí agus, nuair nach mbíonn eintitis eile ina bun, oibriú misean tiomnaithe. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún brath ar EUMETSAT maidir le misin thiomnaithe nó codanna díobh a oibriú agus, i gcás inarb iomchuí, rochtain ar shonraí misean rannchuiditheach i gcomhréir lena shaineolas agus lena shainordú.

    (87)

    I réimse na seirbhísí, ba cheart don Choimisiún an tairbhe iomchuí a bhaint as acmhainneachtaí sonracha a sholáthraíonn gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, Frontex, SATCEN, chomh maith leis an Lárionad idir-rialtasach Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin agus na hinfheistíochtaí Eorpacha a rinneadh cheana sna seirbhísí faireacháin ar an muirthimpeallacht trí Mercator Ocean. Maidir leis an tslándáil, d’fhéachfaí le cur chuige cuimsitheach a shocrú ar leibhéal an Aontais leis an Ardionadaí. Bhí rannpháirtíocht ghníomhach ag Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin i dtionscnamh GMES ón tús agus thacaigh sé le forbairtí i leith Galileo agus fho-chomhpháirt SWE. Faoi Rialachán (CE) Uimh. 377/2014, tá seirbhís bainistithe práinne Copernicus agus comhpháirt dhomhanda na seirbhíse faireacháin ar thalamh de chuid Copernicus á mbainistiú ag JRC, tá sé ag rannchuidiú leis an athbhreithniú ar cháilíocht sonraí agus faisnéise, agus ar a oiriúnaí atá siad don fheidhm, agus leis an éabhlóid amach anseo. Ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith ag brath ar chomhairle eolaíoch agus theicniúil ó JRC i ndáil le cur chun feidhme an Chláir.

    (88)

    Tar éis na n-iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bhunaigh an tAontas creat tacaíochta maidir le faireachas agus rianú spáis (SST) trí bhíthin Chinneadh Uimh. 541/2014/AE. Tá smionagar spáis ina bhagairt thromchúiseach anois ar shlándáil, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí spáis. Is den riachtanas fo-chomhpháirt SST, dá bhrí sin, ó thaobh chaomhnú chomhleanúnachas chomhpháirteanna an Chláir agus a rannchuidiú le beartais an Aontais. Trí fhéachaint le hiomadú an smionagair spáis a chosc, cuidíonn fo-chomhpháirt SST le rochtain inbhuanaithe dheimhin ar an spás agus ar a úsáid a áirithiú, rud atá ina chomhchuspóir domhanda. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé tacú le tionscadail “ghlantacháin” Eorpacha d’fhithis na Cruinne a ullmhú.

    (89)

    Ba cheart feidhmíocht agus uathriail na gcumas faoi fho-chomhpháirt SST a fhorbairt tuilleadh. Chuige sin, ba cheart catalóg Eorpach uathrialaitheach de réada spáis a bheith mar thoradh ar fho-chomhpháirt SST, ag tógáil ar shonraí ón líonra de bhrathadóirí SST. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh an tAontas féachaint an bhféadfaí cuid dá shonraí a chur ar fáil chun críoch tráchtála, neamhthráchtála agus taighde. Lena chois sin, ba cheart d’fho-chomhpháirt SST leanúint de bheith ag tacú le hoibriú agus soláthar sheirbhísí SST. Ós rud é gur faoi cheannas an úsáideora iad seirbhísí fho-chomhpháirt SST, ba cheart sásraí iomchuí a chur i bhfeidhm chun riachtanais úsáideoirí a bhailiú, lena n-áirítear na cinn a bhaineann leis an tslándáil agus le faisnéis ábhartha a tharchur chuig institiúidí poiblí agus astu chun éifeachtacht an chórais a fheabhsú, agus beartais náisiúnta sábháilteachta agus slándála á n-urramú ag an am céanna.

    (90)

    Ba cheart soláthar sheirbhísí SST a bheith bunaithe ar chomhar idir an tAontas agus na Ballstáit agus ar úsáid saineolais agus sócmhainní náisiúnta, idir na cinn atá ann cheana agus na cinn a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear na cinn arna bhforbairt trí GSE nó ag an Aontas. Ba cheart a bheith in ann tacaíocht airgeadais a thabhairt le haghaidh brathadóirí nua SST a fhorbairt. I bhfianaise chineál íogair SST, ba cheart gurbh iad na Ballstáit atá rannpháirteach i bhfo-chomhpháirt SST a leanfadh de rialú a dhéanamh ar na brathadóirí náisiúnta agus a n-oibríochtaí, a gcothabháil agus a n-athnuachan agus ar phróiseáil na sonraí as a dtagann soláthar seirbhísí SST.

    (91)

    Na Ballstáit a bhfuil úinéireacht nó rochtain acu ar chumais leordhóthanacha atá ar fáil d’fho-chomhpháirt SST, ba cheart dóibh in ann a bheith rannpháirteach i soláthar sheirbhísí SST. Ballstáit atá rannpháirteach sa Chuibhreannas a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 541/2014/AE, ba cheart a mheas go bhfuil úinéireacht nó rochtain acu ar chumais leordhóthanacha atá ar fáil d’fho-chomhpháirt STT. Na Ballstáit ar mian leo a bheith rannpháirteach i soláthar sheirbhísí SST, ba cheart dóibh togra comhpháirteach aonair a thíolacadh agus a léiriú go bhfuil eilimintí breise a bhaineann leis an socrú oibríochtúil á gcomhlíonadh acu. Ba cheart rialacha iomchuí a leagan síos maidir leis na Ballstáit sin a roghnú agus a eagrú.

    (92)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a bhaineann leis na nósanna imeachta agus na heilimintí mionsonraithe a ghlacadh i ndáil le rannpháirtíocht na mBallstát i soláthar sheirbhísí SST a bhunú. I gcás nach mbeidh aon togra comhpháirteach tíolactha ag na Ballstáit ar mian leo a bheith rannpháirteach i soláthar sheirbhísí SST nó i gcás ina measfaidh an Coimisiún nach gcomhlíonann togra den sórt sin na critéir a leagadh síos, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann dara céim a sheoladh le haghaidh rannpháirtíocht na mBallstát i soláthar sheirbhísí SST a bhunú. Leis na nósanna imeachta agus na heilimintí don dara céim sin, ba cheart na fithisí a bheidh le cumhdach a shainiú, agus ba cheart aird a thabhairt ar an ngá le rannpháirtíocht na mBallstát a uasmhéadú maidir le soláthar sheirbhísí SST. I gcás ina bhforáiltear leis na nósanna imeachta agus na heilimintí sin go bhféadfadh an Coimisiún roinnt tograí a roghnú chun gach fithis a chumhdach, ba cheart sásraí comhordúcháin iomchuí a bhunú idir na grúpaí de Bhallstáit agus ba cheart réiteach éifeachtúil a sholáthar freisin chun seirbhísí uile SST a chumhdach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32).

    (93)

    Nuair a bheidh fo-chomhpháirt SST ar bun, ba cheart di prionsabail chomhlántacht na ngníomhaíochtaí agus leanúnachas sheirbhísí SST ardcháilíochta faoi cheannas an úsáideora a urramú, agus ba cheart í a bheith bunaithe ar an saineolas is fearr. Dá bhrí sin, le fo-chomhpháirt SST, ba cheart dúbailt nach gá a sheachaint. Le cumais iomarcacha, ba cheart leanúnachas, cáilíocht agus stóinseacht sheirbhísí SST a áirithiú. Le gníomhaíochtaí na bhFoirne Saineolaithe, ba cheart cuidiú le dúbailt nach gá den sórt sin a sheachaint.

    (94)

    Sa bhreis air sin, ba cheart fo-chomhpháirt SST a bheith ina cuidiú le bearta maolaithe atá ann cheana, amhail na Treoirlínte ó COPUOS maidir le Smionagar Spáis a Mhaolú agus na Treoirlínte maidir le hInbhuanaitheacht Fhadtéarmach Gníomhaíochtaí Cianspáis, nó tionscnaimh eile chun sábháilteacht, slándáil agus inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí cianspáis a áirithiú. D’fhonn rioscaí imbhuailte a laghdú, le fo-chomhpháirt SST, d’fhéachfaí le sineirgíochtaí a bhunú le tionscnaimh maidir le bearta bainte agus éighníomhaithe smionagair spáis. Le fo-chomhpháirt SST, ba cheart cuidiú lena áirithiú go mbeidh úsáid agus taiscéaladh an chianspáis síochánta. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag méadú na ngníomhaíochtaí spáis ar thionscnaimh idirnáisiúnta i réimse an bhainistithe spástráchta. Ba cheart don Aontas faireachán a dhéanamh ar na forbairtí sin agus féadfaidh sé iad a chur san áireamh i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma den chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

    (95)

    Leis na gníomhaíochtaí faoi fho-chomhpháirtí SST, SWE agus NEO, ba cheart aird a thabhairt ar an gcomhar le páirtithe idirnáisiúnta, go háirithe na Stáit Aontaithe, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú páirtithe eile, go háirithe chun imbhualadh sa spás a sheachaint, chun iomadú an smionagair spáis a chosc agus chun ullmhacht a fheabhsú maidir le héifeachtaí na dteagmhas aimsire spáis míchuibheasach agus éifeachtaí na réad i ngar don Chruinne.

    (96)

    Mhol Coiste Slándála na Comhairle go gcruthófaí struchtúr bainistithe riosca chun a áirithiú go gcuirfí gnéithe slándála sonraí san áireamh go hiomchuí i gcur chun feidhme Chinneadh Uimh. 541/2014/AE. Chun na críche sin, agus an obair a rinneadh cheana á cur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha i bhfo-chomhpháirt SST na struchtúir agus na nósanna imeachta bainistithe riosca iomchuí a bhunú.

    (97)

    D’fhéadfadh teagmhais aimsire spáis mhíchuibheasacha agus mhóra a bheith ina mbagairt ar shábháilteacht na saoránach agus d’fhéadfaidís cur isteach ar oibríochtaí bonneagar talamhbhunaithe agus spásbhunaithe. Dá bhrí sin, ba cheart fo-chomhpháirt SWE a bhunú mar chuid den Chlár agus é mar aidhm leis rioscaí a bhaineann le haimsir spáis agus na riachtanais úsáideoirí chomhfhreagracha a mheas, feasacht ar rioscaí a bhaineann le haimsir spáis a ardú, a áirithiú go soláthrófar seirbhísí SWE a bheidh faoi cheannas an úsáideora, agus feabhas a chur ar chumais na mBallstát seirbhísí SWE a sholáthar. Ba cheart don Choimisiún na hearnálacha a bhfuiltear le seirbhísí oibríochtúla SWE a sholáthar dóibh a chur in ord tosaíochta, agus riachtanais úsáideoirí, rioscaí agus ullmhacht teicneolaíochta á gcur san áireamh. San fhadtéarma, féadfar aghaidh a thabhairt ar riachtanais earnálacha eile. Le soláthar seirbhísí ar leibhéal an Aontais de réir riachtanais úsáideoirí, bheadh gá le taighde agus gníomhaíochtaí forbartha a bheidh spriocdhírithe comhordaithe leanúnach chun tacú le héabhlóid sheirbhísí SWE. Ba cheart soláthar sheirbhísí SWE a bheith bunaithe ar na cumais náisiúnta agus ar chumais an Aontais atá ann cheana agus ba cheart go mbeadh rannpháirtíocht leathan ann ó Bhallstáit agus ó eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta, agus go mbeadh baint ag an earnáil phríobháideach freisin.

    (98)

    I bPáipéar Bán ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 maidir le todhchaí na hEorpa, i nDearbhú na Róimhe ó Chinn Stáit agus Rialtais ó 27 mBallstát de chuid an Aontais an 25 Márta 2017, agus i roinnt rún ó Pharlaimint na hEorpa, tá sé luaite go bhfuil ról mór le himirt ag an Aontas chun a áirithiú go mbeidh an Eoraip sábháilte slán athléimneach agus go mbeidh sí in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail coinbhleachtaí réigiúnacha, an sceimhlitheoireacht, cibearbhagairtí agus brúnna imirce atá ag méadú. Is uirlis fhíor-riachtanach do ghníomhaithe slándála í rochtain shlán ráthaithe ar chumarsáid satailíte, agus le comhthiomsú agus comhroinnt na príomhacmhainne slándála sin ar leibhéal an Aontais, neartaítear cumas an Aontais a chuid saoránach a chosaint.

    (99)

    I gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 19-20 Nollaig 2013, léiríodh gur díol mór sásaimh di na hullmhúcháin le haghaidh na chéad ghlúine eile den Chumarsáid Satailíte Rialtasaí (GOVSATCOM) le dlúthchomhar idir na Ballstáit, an Coimisiún agus GES. Lena chois sin, sainíodh GOVSATCOM mar cheann d’eilimintí na Straitéise Domhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh ó Mheitheamh 2016. Ba cheart do GOVSATCOM rannchuidiú le freagairt an Aontais ar Bhagairtí Hibrideacha agus tacaíocht a thabhairt do Straitéis Slándála Muirí AE agus do bheartas Artach AE.

    (100)

    Is clár úsáideoir-lárnach é GOVSATCOM lena mbaineann gné láidir shlándála. Ba cheart do na gníomhaithe ábhartha a bheith in ann anailís a dhéanamh ar chásanna úsáide GOVSATCOM de réir trí phríomhaicme: bainistiú géarchéime, lena bhféadfaí misin agus oibríochtaí faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta, idir shibhialtach agus mhíleata, a áireamh, tubaistí nádúrtha agus de dhéanamh an duine, géarchéimeanna daonnúla, agus éigeandálaí muirí; faireachán, lena bhféadfaí faireachán ar theorainneacha, faireachán roimh theorainn, faireachán ar theorainneacha muirí, faireachán muirí agus faireachán ar gháinneáil neamhdhleathach a áireamh; agus príomhbhonneagair, lenar bhféadfaí líonraí taidhleoireachta, cumarsáid phóilíneachta, bonneagair dhigiteacha, amhail lárionaid sonraí agus freastalaithe, bonneagair chriticiúla, amhail fuinneamh, iompar agus bacainní uisce, amhail dambaí, agus bonneagair spáis a áireamh.

    (101)

    Ba cheart do ghníomhaithe ón Aontas agus ó na Ballstáit úsáid a bhaint as acmhainneacht agus seirbhísí GOVSATCOM i misin agus oibríochtaí ina bhfuil an tslándáil agus an tsábháilteacht criticiúil. Dá bhrí sin, tá gá le leibhéal iomchuí neamhspleáchais ar thríú páirtithe (tríú tíortha agus eintitis ó thríú tíortha), lena gcuimseofar eilimintí uile GOVSATCOM, amhail teicneolaíochtaí spáis agus talaimh ar leibhéal na comhpháirte, an fhochórais agus an chórais, tionscail mhonaraíochta, úinéirí agus oibreoirí córas spáis, agus suíomh fisiciúil comhpháirteanna córas ar talamh.

    (102)

    Is acmhainn fhinideach í an chumarsáid satailíte atá teoranta de réir acmhainneacht na satailíte, na minicíochta agus an chumhdaigh gheografaigh. Dá bhrí sin, chun bheith cost-éifeachtach agus chun tairbhe a bhaint as barainneacht scála, ní mór do GOVSATCOM an coibhneas a bharrfheabhsú idir éileamh ó úsáideoirí GOVSATCOM agus an soláthar a thugtar faoi chonarthaí le haghaidh acmhainneachtaí agus sheirbhísí GOVSATCOM. Ó athraíonn an t-éileamh agus an soláthar féideartha thar am, ní mór síorfhaireachán agus solúbthacht chun seirbhísí GOVSATCOM a choigeartú chuige sin.

    (103)

    Ba cheart do cheanglais oibríochtúla a bheith bunaithe ar anailís ar chásanna úsáide. Is ar bhonn na gceanglas oibríochtúil sin, in éineacht le riachtanais slándála, ba cheart an phunann seirbhísí a fhorbairt. Sa phunann seirbhísí, ba cheart an bhonnlíne a leagan síos is infheidhme maidir le seirbhísí GOVSATCOM. Chun an coibhneas is fearr is féidir a choinneáil idir an t-éileamh agus na seirbhísí a sholáthraítear, ba cheart a bheith in ann an phunann seirbhísí le haghaidh sheirbhísí GOVSATCOM a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

    (104)

    Le linn na chéad chéime de GOVSATCOM, go dtí thart ar 2025, bhainfí úsáid as an acmhainneacht atá le fáil cheana. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún acmhainneachtaí GOVSATCOM a fháil ó Bhallstáit a bhfuil córais agus acmhainneachtaí spáis náisiúnta acu agus ó sholáthraithe cumarsáide nó seirbhísí satailíte tráchtála, agus leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais á gcur san áireamh. Le linn na chéad chéime sin, thabharfaí seirbhísí GOVSATCOM isteach trí chur chuige céim ar chéim. Má léirítear, i gcaitheamh na chéad chéime, in anailís mhionsonraithe ar an soláthar agus ar an éileamh a bheidh ann, nach leor an cur chuige sin chun an t-éileamh athraitheach a chumhdach, ba cheart a bheith in ann cinneadh a ghlacadh aistriú chuig an dara céim agus bonneagair nó cumais spáis shaincheaptha a fhorbairt le comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach amháin nó níos mó, e.g. le hoibreoirí satailíte de chuid an Aontais.

    (105)

    Chun na hacmhainní cumarsáide satailíte atá ar fáil a bharrfheabhsú, chun rochtain a ráthú i gcásanna dothuartha, amhail tubaistí nádúrtha, agus chun éifeachtúlacht oibríochtúil a áirithiú agus chun a áirithiú go mbeidh na hagaí seala fuirigh gairid, tá gá leis an gcuid ar talamh atá riachtanach, amhail Moil GOVSATCOM agus eilimintí eile ar talamh a d’fhéadfadh a bheith ann. Ba cheart an chuid ar talamh sin a dhearadh ar bhonn ceanglais oibríochtúla agus slándála. Chun na rioscaí a mhaolú, d’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt suíomhanna fisiciúla i gceist i Mol GOVSATCOM. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le heilimintí eile den chuid ar talamh, amhail stáisiúin ancaire.

    (106)

    I gcás úsáideoirí cumarsáide satailíte, is é an trealamh úsáideoirí an comhéadain oibríochtúil is tábhachtaí. Le cur chuige GOVSATCOM, ba cheart go mbeadh formhór na n-úsáideoirí in ann leanúint de bheith ag úsáid an trealaimh úsáideoirí atá acu cheana le haghaidh sheirbhísí GOVSATCOM.

    (107)

    Ar mhaithe le héifeachtúlacht oibríochtúil, luaigh úsáideoirí go bhfuil sé tábhachtach díriú ar idir-inoibritheacht an trealaimh úsáideoirí agus ar threalamh úsáideoirí ar féidir leis úsáid a bhaint as córais satailíte éagsúla. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le taighde agus forbairt sa réimse sin.

    (108)

    Ar leibhéal an chur chun feidhme, ba cheart na cúraimí agus na freagrachtaí a dháileadh ar eintitis speisialaithe, amhail GEC, SEGS, GES, an Ghníomhaireacht agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais sa chaoi go n-áiritheofaí go mbeadh siad i gcomhréir lena bpríomhról, go háirithe i gcás gnéithe a bhaineann le húsáideoirí.

    (109)

    Tá ról tábhachtach ag údarás inniúil GOVSATCOM maidir le faireachán a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh úsáideoirí agus eintitis náisiúnta eile a bhfuil ról acu in GOVSATCOM na rialacha maidir le comhroinnt agus cur in ord tosaíochta agus na nósanna imeachta slándála mar a leagtar síos sna ceanglais slándála iad. Aon Bhallstát nár ainmnigh údarás inniúil GOVSATCOM, ba cheart dó, ar chor ar bith, pointe teagmhála a ainmniú chun bainistiú a dhéanamh ar aon bhlocáil a bhraithtear lena ndéantar difear do GOVSATCOM.

    (110)

    Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit, an Chomhairle agus SEGS a bheith ina rannpháirtithe in GOVSATCOM, sa mhéid go roghnóidh siad úsáideoirí GOVSATCOM a údarú nó acmhainneachtaí, suíomhanna nó saoráidí a sholáthar. Ag cur san áireamh gur faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh an údaróidh siad úsáideoirí GOVSATCOM nó an soláthróidh siad acmhainneachtaí, suíomhanna nó saoráidí, ní féidir a chur de cheangal ar na Ballstáit a bheith ina rannpháirtithe in GOVSATCOM nó bonneagar GOVSATCOM a óstáil. Dá bhrí sin, níor dhochar comhpháirt GOVSATCOM do cheart na mBallstáit gan a bheith rannpháirteach in GOVSATCOM, lena n-áirítear i gcomhréir lena ndlí náisiúnta nó lena gceanglais bhunreachtúla i ndáil le beartais a bhaineann le gan a bheith ailínithe agus gan a bheith rannpháirteach i gcomhaontais mhíleata.

    (111)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis na ceanglais oibríochtúla a ghlacadh le haghaidh sheirbhísí GOVSATCOM agus i dtaca leis an bpunann seirbhísí a ghlacadh le haghaidh sheirbhísí GOVSATCOM. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    (112)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le comhroinnt agus cur in ord tosaíochta le haghaidh acmhainneachtaí comhthiomsaithe cumarsáide satailíte GOVSATCOM a úsáid. Agus na rialacha mionsonraithe maidir le comhroinnt agus cur in ord tosaíochta á sainiú, ba cheart don Choimisiún na riachtanais oibríochtúla agus slándála agus anailís ar rioscaí agus ar an éileamh a bhfuil coinne leis ó rannpháirtithe in GOVSATCOM a chur san áireamh. Cé gur cheart, i bprionsabal, seirbhísí GOVSATCOM a chur ar fáil d’úsáideoirí GOVSATCOM saor in aisce, más é tátal na hanailíse sin go bhfuil easpa acmhainneachtaí ann agus chun saobhadh an mhargaidh a sheachaint, d’fhéadfaí go bhforbrófaí beartas praghsála mar chuid de na rialacha mionsonraithe sin maidir le comhroinnt agus cur in ord tosaíochta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    (113)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le suíomh bhonneagar na coda ar talamh le haghaidh GOVSATCOM . Ar mhaithe le suíomhanna den sórt sin a roghnú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann na ceanglais oibríochtúla agus slándála, chomh maith leis an mbonneagar atá ann cheana, a chur san áireamh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    (114)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 912/2010, bunaíodh gníomhaireacht de chuid an Aontais, darb ainm Gníomhaireacht Eorpach GNSS, chun gnéithe áirithe de na cláir loingseoireachta satailíte Galileo agus EGNOS a bhainistiú. Leis an Rialachán seo, cuirtear cúraimí nua ar an nGníomhaireacht Eorpach GNSS, go háirithe creidiúnú slándála, ní hamháin i leith Galileo agus EGNOS, ach i leith comhpháirteanna eile den Chlár chomh maith. Dá bhrí sin, ba cheart ainm, cúraimí agus gnéithe eagraíochtúla den Ghníomhaireacht Eorpach GNSS a oiriúnú dá réir.

    (115)

    I gcomhréir le Cinneadh 2010/803/AE (33), tá suíomh na Gníomhaireachta lonnaithe i bPrág. Ar mhaithe le cur chun feidhme chúraimí na Gníomhaireachta, d’fhéadfaí foireann de chuid na Gníomhaireachta a lonnú i gceann de lárionaid talamhbhunaithe Galileo nó EGNOS dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 ón gCoimisiún (34) chun gníomhaíochtaí an Chláir dá bhforáiltear sa chomhaontú ábhartha a chur i gcrích. Ina theannta sin, chun gur féidir leis an nGníomhaireacht feidhmiú ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí, d’fhéadfaí líon teoranta baill foirne a shannadh d’oifigí áitiúla i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Níor cheart go dtiocfadh aistriú ghníomhaíochtaí lárnacha na Gníomhaireachta go dtí na hoifigí áitiúla sin mar gheall ar bhaill foirne a bheith á sannadh lasmuigh de shuíomh na Gníomhaireachta nó de lárionaid talamhbhunaithe Galileo agus EGNOS.

    (116)

    Ós rud é gur leathnaíodh a raon feidhme agus nár cheart gur le Galileo agus EGNOS amháin a bhainfidh sé níos mó, ba cheart ainm na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS a athrú as seo amach. Ba cheart, áfach, leanúnachas ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS a áirithiú faoin nGníomhaireacht, lena n-áirítear leanúnachas a mhéid a bhaineann le cearta agus oibleagáidí, leis an bhfoireann agus le bailíocht aon chinntí a dhéantar.

    (117)

    I bhfianaise shainordú na Gníomhaireachta agus an róil atá ag an gCoimisiún i leith an Clár a chur chun feidhme, is iomchuí a fhoráil nár cheart cuid de na cinntí a dhéanfaidh an Bord Riaracháin a ghlacadh gan vóta i bhfabhar leis sin ó ionadaithe an Choimisiúin.

    (118)

    Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, ba cheart an Bord Riaracháin, an Bord um Chreidiúnú Slándála agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith neamhspleách i leith a ndualgais a chomhlíonadh agus ba cheart dóibh gníomhú ar mhaithe le leas an phobail.

    (119)

    Is féidir, agus is dócha fiú, go mbeadh cuid de chomhpháirteanna an Chláir bunaithe ar úsáid bonneagair náisiúnta atá íogair nó a bhaineann leis an tslándáil. I gcásanna den sórt sin, ar chúiseanna slándála náisiúnta, bheadh gá a shonrú go bhfreastalóidh ionadaithe ó na Ballstáit agus ionadaithe ón gCoimisiún, ar bhonn riachtanais eolais, ar chruinnithe an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird um Chreidiúnú Slándála. Ar an mBord Riaracháin, níl ach na hionadaithe ó na Ballstáit a bhfuil an bonneagar sin acu agus ionadaí ón gCoimisiún le bheith rannpháirteach sa vótáil. I rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, ba cheart na cásanna a leagan amach ina bhfuil feidhm le bheith ag an nós imeachta sin.

    (120)

    De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (35), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh.

    (121)

    Táthar ag tuar go mbeidh tionchar ollmhór ar gheilleagar na hEorpa i gcoitinne ag an úsáid a bhainfear as seirbhísí atá bunaithe ar Copernicus agus Galileo. Mar sin féin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an lámh in uachtar go mór ag tomhais agus cas-staidéir ad hoc sa lá atá inniu ann. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) tomhais agus táscairí staidrimh ábhartha a shainiú a bheadh ina mbunús le faireachán a dhéanamh ar thionchar ghníomhaíochtaí spáis an Aontais ar bhonn córasach údarásach.

    (122)

    Ba cheart Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go pras faoi na cláir oibre.

    (123)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a bhaineann le cistí a ath-leithdháileadh idir na catagóirí caiteachais de bhuiséad an Chláir, na cinntí ranníocaíochta i dtaca leis na comhaontuithe ranníocaíochta a ghlacadh, na ceanglais theicniúla agus oibríochtúla a chinneadh is gá le haghaidh chur chun feidhme agus éabhlóid na gcomhpháirteanna den Chlár agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad, cinneadh a dhéanamh maidir le FFPA, bearta a ghlacadh atá riachtanach d’fheidhmiú rianúil Galileo agus EGNOS agus le go nglacfaidh an margadh leo, na forálacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an rochtain ar sheirbhísí SST agus leis na nósanna imeachta ábhartha, an plean ilbhliantúil agus na príomhtháscairí feidhmíochta a ghlacadh chun forbairt a dhéanamh sheirbhísí STT an Aontais, rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le feidhmiú chreat eagraíochtúil rannpháirtíocht na mBallstát i bhfo-chomhpháirt SST, seirbhísí SWE a roghnú, agus na cláir oibre a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ba cheart coiste an Chláir a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún, agus ba cheart don choiste sin teacht le chéile i bhfoirmíocht shonrach.

    (124)

    Ós rud é go bhfuil comhpháirteanna an Chláir faoi cheannas an úsáideora, tá gá le rannpháirtíocht éifeachtach leanúnach úsáideoirí chun iad a chur chun feidhme agus a fhorbairt, go háirithe ó thaobh ceanglais seirbhíse a shainiú agus a bhailíochtú. Chun an tairbhe do na húsáideoirí a mhéadú, ba cheart féachaint le hionchur a fháil uathu trí chomhairliúchán tráthrialta le húsáideoirí deiridh ó earnáil phoiblí agus ó earnáil phríobháideach na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Chun na críche sin, ba cheart meitheal (“Fóram na nÚsáideoirí”) a chur ar bun chun cúnamh a thabhairt do choiste an Chláir maidir le riachtanais na n-úsáideoirí a shainiú agus comhlíonadh na seirbhíse a fhíorú, agus bearnaí sna seirbhísí a sholáthraítear a shainiú chomh maith. Ba cheart eagrú Fhóram na nÚsáideoirí a bhunú le rialacha nós imeachta choiste an Chláir ar dhóigh ina gcuirfí sainiúlachtaí gach comhpháirte den Chlár agus gach seirbhíse laistigh de na comhpháirteanna san áireamh. Nuair is féidir, ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú le Fóram na nÚsáideoirí ar bhonn comhairliúchán córasach comhordaithe le húsáideoirí ar an leibhéal náisiúnta.

    (125)

    D’fhéadfadh sé go mbeadh ionadaithe ó na heintitis a bhfuil cúraimí a bhaineann leis an gClár orthu in ann páirt a ghlacadh, mar bhreathnóirí, in obair choiste an Chláir arna bhunú le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ós rud é gur gá, ó thaobh rialachas fónta poiblí de, bainistiú aonfhoirmeach a dhéanamh ar an gClár mar aon le cinnteoireacht níos tapa agus rochtain chomhionann a thabhairt ar fhaisnéis. Ar na cúiseanna céanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh ionadaithe ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha i gcrích leis an Aontas acu, ar comhaontú é a bhaineann leis an gClár nó lena chomhpháirteanna nó lena fho-chomhpháirteanna, in ann páirt a ghlacadh in obair choiste an Chláir faoi réir srianta slándála agus mar a fhoráiltear dó i dtéarmaí comhaontaithe den sórt sin. Níor cheart na hionadaithe ó eintitis ar cuireadh cúraimí a bhaineann leis an gClár orthu, ó thríú tíortha ná ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i nósanna imeachta vótála choiste an Chláir. Ba cheart na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht breathnóirí agus rannpháirtithe ad hoc a leagan síos i rialacha nós imeachta choiste an Chláir.

    (126)

    Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dul chun cinn an Chláir maidir le baint amach a chuspóirí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na forálacha a fhorlíonadh maidir le sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus atá le soláthar d’úsáideoirí Copernicus i ndáil leis na sonraíochtaí agus na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le rochtain ar shonraí den sórt sin agus ar fhaisnéis den sórt sin agus maidir lena n-úsáid, i dtaca leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú maidir leis na táscairí i gcás ina measfar gur gá sin agus i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (127)

    Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta toisc a théann thar acmhainneachtaí airgeadais agus teicniúla aon Bhallstáit aonair, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (128)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le ceanglais slándála an Chláir a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialú iomlán a chur i bhfeidhm maidir le ceanglais slándála an Chláir. Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh i réimse shlándáil an Chláir, ba cheart coiste an Chláir, ag teacht le chéile i bhfoirmíocht slándála thiomnaithe, a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún. I bhfianaise íogaireacht na n-ábhar slándála, ba cheart don chathaoirleach de choiste an Chláir iarracht a dhéanamh teacht ar réitigh a mbeadh an tacaíocht is forleithne is féidir acu laistigh den choiste. Níor cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinnfí ceanglais slándála ghinearálta an Chláir i gcásanna nach dtugann coiste an Chláir aon tuairim.

    (129)

    Ba cheart an Clár a bhunú ar feadh tréimhse 7 mbliana chun a ré a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (36) (“CAI 2021-2027”). Níor cheart don Ghníomhaireacht, a dhéanann a cuid cúraimí féin, a bheith faoi réir an teorannaithe ama sin.

    (130)

    Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse ábhartha beartais agus chun gur féidir é a chur chun feidhme ó thús CAI 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021.

    (131)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE a aisghairm dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    TEIDEAL I

    FORALACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo, bunaítear Clár Spáis an Aontais (“an Clár”) ar feadh ré CAI 2021- 2027. Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar, agus na rialacha maidir leis an gClár a chur chun feidhme.

    Leis an Rialachán seo, bunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (“an Ghníomhaireacht”) a thagann in ionad na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 agus i gcomharbacht uirthi, agus leagtar síos na rialacha maidir le hoibríocht na Gníomhaireachta.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “spásárthach” réad ar fithis a dearadh chun feidhm shonrach nó misean sonrach a dhéanamh, amhail cumarsáid, loingseoireacht nó faire na Cruinne, lena n-áirítear satailítí, lainseálaithe uachtaracha agus feithicil athiontrála; meastar gur neamhfheidhmiúil an spásárthach nach féidir an misean a beartaíodh dó a chomhlíonadh a thuilleadh ;meastar gur feidhmiúil an spásárthach atá i mód taisce nó i mód fuireachais atá ag fanacht le hathghníomhachtú féideartha;

    (2)

    ciallaíonn “réad spáis” aon réad de dhéanamh an duine atá sa chianspás;

    (3)

    ciallaíonn “réada i ngar don Chruinne” nó “NEO” réada nádúrtha sa ghrianchóras atá ag teacht i dtreo na Cruinne;

    (4)

    ciallaíonn “smionagar spáis” aon réad spáis, lena n-áirítear spásárthach nó píosaí nó eilimintí de, atá i bhfithis na Cruinne nó a thagann isteach arís in atmaisféar na Cruinne, atá neamhfheidhmiúil nó nach bhfuil aon fheidhm shonrach leis a thuilleadh, lena n-áirítear codanna de roicéid nó satailítí saorga, nó satailítí saorga neamhghníomhacha;

    (5)

    ciallaíonn “teagmhais aimsire spáis” nó “SWE” éagsúlachtaí a tharlaíonn go nádúrtha sa timpeallacht spáis ag an nGrian agus timpeall na Cruinne, lena n-áirítear bladhmanna gréine, cáithníní fuinnimh gréine, éagsúlachtaí sa ghaoth ghréine, eisteilgean maise corónaí, stoirmeacha agus dinimic atá geomhaighnéadach, stoirmeacha grianradaíochta agus suaití ianaisféaracha a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gCruinne agus ar bhonneagair atá spásbhunaithe;

    (6)

    ciallaíonn “feasacht staide an spáis” nó “SSA” cur chuige iomlánaíoch, lena n-áirítear eolas cuimsitheach agus tuiscint chuimsitheach, i dtaca leis na príomhghuaiseacha spáis, lena gcuimsítear imbhualadh idir réada spáis, bloghadh agus athiontráil réad spáis isteach san atmaisféar, teagmhais aimsire spáis, agus réada i ngar don Chruinne;

    (7)

    ciallaíonn “córas faireachais agus rianaithe spáis” nó “córas SST” líonra braiteoirí talamhbhunaithe agus spásbhunaithe lenar féidir breathnú agus rianú a dhéanamh ar réada spáis, in éineacht le cumais phróiseála arb é is aidhm leo sonraí, faisnéis agus seirbhísí a sholáthar maidir le réada spáis a ghluaiseann ar fithis timpeall na cruinne;

    (8)

    ciallaíonn “braiteoir SST” feisteas nó meascán d’fheistis, amhail radair, léasair agus teileascóip atá talamhbhunaithe nó spásbhunaithe, lenar féidir faireachas agus rianú spáis a dhéanamh agus lenar féidir paraiméadair fhisiciúla a bhaineann le réada spáis a thomhas, amhail méid, suíomh agus treoluas;

    (9)

    ciallaíonn “sonraí SST” paraiméadair fhisiciúla réad spáis, lena n-áirítear smionagar spáis, arna ngabháil ag braiteoirí SST nó paraiméadair fhithiseacha réad spáis arna ndíorthú ó bhreathnóireacht bhraiteoirí SST faoi chuimsiú fho-comhpháirt SST;

    (10)

    ciallaíonn “faisnéis SST” sonraí próiseáilte SST atá inúsáidte láithreach ag an bhfaighteoir;

    (11)

    ciallaíonn “nasc aisfhillte” acmhainneacht fheidhmiúil sheirbhís tacaíochta cuardaigh agus tarrthála (SAR) Galileo; cuideoidh seirbhís SAR Galileo le seirbhís faireacháin dhomhanda aerárthach, arna shainiú ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO);

    (12)

    ciallaíonn “Fairtheoirí Copernicus” satailít, spásárthaigh nó pálasta spásárthach tiomnaithe Copernicus arna n-úsáid le haghaidh fhaire spásbhunaithe na Cruinne;

    (13)

    ciallaíonn “sonraí Copernicus” sonraí a sholáthraíonn Fairtheoirí Copernicus, lena n-áirítear a meiteashonraí;

    (14)

    ciallaíonn “sonraí agus faisnéis tríú páirtí Copernicus” sonraí spásúla agus faisnéis spásúil arna gceadúnú nó arna gcur ar fáil lena n-úsáid faoi Copernicus a thagann ó fhoinsí seachas Fairtheoirí Copernicus;

    (15)

    ciallaíonn “sonraí in situ Copernicus” sonraí faire ó bhraiteoirí talamhbhunaithe, ar an bhfarraige nó san aer, mar aon le sonraí tagartha agus sonraí coimhdeacha arna gceadúnú nó arna soláthar lena n-úsáid in Copernicus;

    (16)

    ciallaíonn “faisnéis Copernicus” faisnéis arna giniúint ag Seirbhísí Copernicus tar éis a próiseála nó a múnlaithe, lena n-áirítear meiteashonraí na faisnéise sin;

    (17)

    ciallaíonn “Stáit Rannpháirteacha Copernicus” tríú tíortha a dhéanann rannchuidiú airgeadais le Copernicus agus atá rannpháirteach ann faoi théarmaí comhaontaithe idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích leis an Aontas;

    (18)

    ciallaíonn “bunúsáideoirí Copernicus” institiúidí agus comhlachtaí an Aontais agus comhlachtaí poiblí Eorpacha, náisiúnta nó réigiúnacha san Aontas nó Stáit Rannpháirteacha Copernicus ar cuireadh misean seirbhíse poiblí de chúram orthu beartais phoiblí shibhialta, amhail beartais chomhshaoil, cosanta sibhialta, sábháilteachta, lena n-áirítear sábháilteacht bonneagair, nó beartais slándála a shainiú, a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú nó faireachán a dhéanamh orthu, ar institiúidí agus comhlachtaí iad a bhaineann tairbhe as sonraí Copernicus agus as faisnéis Copernicus agus a bhfuil ról breise acu in éabhlóid Copernicus a stiúradh;

    (19)

    ciallaíonn “úsáideoirí eile Copernicus” eagraíochtaí taighde agus oideachais, comhlachtaí tráchtála agus príobháideacha, carthanachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, a bhaineann tairbhe as sonraí Copernicus agus as faisnéis Copernicus;

    (20)

    ciallaíonn “úsáideoirí Copernicus” bunúsáideoirí Copernicus agus úsáideoirí eile Copernicus;

    (21)

    ciallaíonn “Seirbhísí Copernicus” seirbhísí breisluacha atá ar mhaithe le leas ginearálta agus comhchoiteann an Aontais agus na mBallstát, arna maoiniú ag an gClár agus lena n-aistrítear sonraí ó fhaire na Cruinne, sonraí in situ Copernicus agus sonraí coimhdeacha eile ina bhfaisnéis phróiseáilte, chomhiomlánaithe agus léirmhínithe arna gcur in oiriúint do riachtanais úsáideoirí Copernicus;

    (22)

    ciallaíonn “úsáideoir GOVSATCOM” údarás poiblí, nó comhlacht ar cuireadh feidhmiú údaráis phoiblí de chúram air, eagraíocht idirnáisiúnta nó duine nádúrtha nó dlítheanach, a údaraítear go cuí agus a gcuirtear cúraimí orthu maidir le maoirseacht agus bainistiú misean, oibríochtaí agus bonneagair atá criticiúil ó thaobh na slándála de;

    (23)

    ciallaíonn “Mol GOVSATCOM” lárionad oibríochtúil arb é an phríomhfheidhm atá aige úsáideoirí GOVSATCOM a nascadh, ar bhealach slán, le soláthraithe acmhainneacht agus sheirbhísí GOVSATCOM agus, ar an dóigh sin, an soláthar agus an t-éileamh a bharrfheabhsú ag aon am ar bith.

    (24)

    ciallaíonn “cás úsáide GOVSATCOM” cás oibríochtúil i dtimpeallacht ar leith ina bhfuil gá le seirbhísí GOVSATCOM;

    (25)

    ciallaíonn “faisnéis rúnaicmithe AE” nó “FRAE” aon fhaisnéis nó ábhar a thugtar aicmiúchán slándála AE di nó dó, a dtiocfadh leibhéil éagsúla dochair do leasanna an Aontais nó do leasanna ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit as a nochtadh neamhúdaraithe;

    (26)

    ciallaíonn “faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair” faisnéis neamh-rúnaicmithe de réir bhrí Airteagal 9 de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (37), faoi nach bhfuil feidhm ag oibleagáid faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair a chosaint ach amháin maidir leis an gCoimisiún agus le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais atá faoi cheangal dlí chun rialacha slándála an Choimisiúin a chur i bhfeidhm;

    (27)

    ciallaíonn “oibríocht mheasctha” gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-inaisíoctha tacaíochta nó ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais agus infheisteoirí tráchtála;

    (28)

    ciallaíonn “eintiteas dlítheanach” duine nádúrtha, nó duine dlítheanach a chruthaítear agus a aithnítear mar sin faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta, nó faoin dlí idirnáisiúnta, ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach agus ag a bhfuil an cumas gníomhú ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais;

    (29)

    ciallaíonn “eintiteas muiníneach” eintiteas dlítheanach atá neamhspleách ar an gCoimisiún nó ar thríú páirtí a fhaigheann sonraí ón gCoimisiún nó ón tríú páirtí sin chun na sonraí sin a stóráil agus a láimhseáil go sábháilte;

    Airteagal 3

    Comhpháirteanna an Chláir

    1.   Cuimseofar sa Chlár na comhpháirteanna seo a leanas:

    (a)

    “Galileo”, córas domhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) uathrialaitheach sibhialta atá faoi rialú sibhialta, atá comhdhéanta de chnuasach satailítí, lárionad agus líonra domhanda stáisiún ar talamh, a chuireann seirbhísí suite, loingseoireachta agus uainiúcháin ama ar fáil, agus ina gcomhtháthaítear riachtanais agus ceanglais na slándála;

    (b)

    “Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí” (EGNOS), córas réigiúnach loingseoireachta sibhialta satailíte faoi rialú sibhialta ina bhfuil lárionaid agus stáisiúin ar talamh agus roinnt trasfhreagróirí arna suiteáil ar shatailítí geoisioncronacha agus lena méadaítear agus lena gceartaítear na comharthaí oscailte a chuireann Galileo agus GNSSanna eile amach, inter alia le haghaidh bainistiú aerthráchta, le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus le haghaidh córais iompair eile;

    (c)

    “Copernicus”, córas sibhialta um fhaire na Cruinne atá oibríochtúil, uathrialaitheach, faoi cheannas an úsáideora, agus faoi rialú sibhialta, lena bhfothaítear na hacmhainneachtaí náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana, lena gcuirtear sonraí agus seirbhísí geofhaisnéise ar fáil, ina bhfuil satailítí, bonneagar ar talamh, saoráidí próiseála sonraí agus faisnéise, agus bonneagar dáileacháin, bunaithe ar bheartas sonraí atá saor in aisce, iomlán, agus oscailte agus, i gcás inarb iomchuí, lena gcomhtháthaítear riachtanais agus ceanglais na slándála ;

    (d)

    “Feasacht Staide an Spáis” nó “SSA”, ina n-áirítear na fo-chomhpháirteanna seo a leanas:

    (i)

    “fo-chomhpháirt SST”, córas faireachais agus rianaithe spáis a bhfuil sé mar aidhm aige sonraí, faisnéis agus seirbhísí a bhaineann le faireachas agus rianú réad spáis atá ar fithis timpeall na Cruinne a fheabhsú, a oibriú agus a sholáthar;

    (ii)

    “fo-chomhpháirt SWE”, paraiméadair faire a bhaineann le faireachán ar theagmhais aimsire spáis;

    (iii)

    “fo-chomhpháirt NEO”, faireachán ar rioscaí a bhaineann le réada i ngar don Chruinne atá ag teacht i dtreo na Cruinne;

    (e)

    “GOVSATCOM”, seirbhís cumarsáide satailíte faoi rialú sibhialta agus rialtais lena gcumasaítear soláthar acmhainneachtaí agus seirbhísí cumarsáide satailíte d’údaráis an Aontais agus na mBallstát a bhainistíonn misin agus bonneagair atá criticiúil ó thaobh na slándála de.

    2.   Áireofar sa Chlár bearta breise chun rochtain éifeachtúil agus uathrialaitheach a áirithiú ar an spás don Chlár agus chun earnáil spáis Eorpach iomaíoch agus nuálach a chothú, ar bhonn réamhtheachtach agus iartheachtach, chun éiceachóras spáis an Aontais a neartú agus chun stádas an Aontais mar ghníomhaí domhanda a threisiú.

    Airteagal 4

    Cuspóirí

    1.   Is iad na cuspóirí ginearálta atá ag an gClár:

    (a)

    sonraí, faisnéis agus seirbhísí a bhaineann leis an spás agus atá ar ardcháilíocht, cothrom le dáta agus, i gcás inarb iomchuí, slán, a sholáthar, nó rannchuidiú lena soláthar, gan bhriseadh agus ar an leibhéal domhanda nuair is féidir, lena gcomhlíonfar na riachtanais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus a bheidh in ann tacú le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais agus le cinnteoireacht fhianaise-bhunaithe neamhspleách a bhaineann leis na tosaíochtaí sin, inter alia maidir leis an athrú aeráide, iompar agus slándáil;

    (b)

    na tairbhí socheacnamaíocha a uasmhéadú, go háirithe trí fhorbairt earnálacha Eorpacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha nuálacha agus iomaíocha a chothú, lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, lena gcumasófaí, ar an gcaoi sin, fás agus cruthú post san Aontas agus lena gcuirfí chun cinn an glacadh agus an úsáid is leithne is féidir i ndáil leis na sonraí, an fhaisnéis agus na seirbhísí arna soláthar ag comhpháirteanna an Chláir laistigh agus lasmuigh den Aontas; agus sineirgíochtaí agus comhlántacht á n-áirithiú le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha teicneolaíochta an Aontais arna ndéanamh faoi Rialachán (AE) 2021/695;

    (c)

    sábháilteacht agus slándáil an Aontais agus a Bhallstát a fheabhsú agus uathriail an Aontais a threisiú, go háirithe ó thaobh na teicneolaíochta de;

    (d)

    ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda in earnáil an spáis a chur chun cinn, comhar idirnáisiúnta a spreagadh, an taidhleoireacht spáis Eorpach a threisiú lena n-áirítear trí phrionsabail na cómhalartachta agus na hiomaíochta córa a chothú, agus a ról a neartú maidir le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, tacú le tionscnaimh dhomhanda lena n-áirítear maidir le forbairt inbhuanaithe agus feasacht a mhúscailt faoin spás mar oidhreacht choiteann an chine dhaonna;

    (e)

    feabhas a chur ar shábháilteacht, slándáil agus inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí cianspáis uile a bhaineann le hiomadú réad spáis agus iomadú smionagair spáis, agus leis an timpeallacht spáis, trí bhearta iomchuí a chur chun feidhme, lena n-áirítear forbairt agus imscaradh teicneolaíochtaí i gcomhair diúscairt spásárthach a bhfuil a ré fheidhmiúil caite acu agus i gcomhair diúscairt smionagair spáis.

    2.   Is iad na cuspóirí sonracha atá ag an gClár:

    (a)

    i gcás Galileo agus EGNOS: seirbhísí suite, loingseoireachta agus uainiúcháin fadtéarmacha, úrscothacha agus slána a sholáthar, agus leanúnachas agus stóinseacht na seirbhísí a n-áirithiú ag an am céanna;

    (b)

    i gcás Copernicus: sonraí, faisnéis agus seirbhísí ó fhaire na Cruinne atá beacht agus iontaofa agus lena gcomhtháthaítear foinsí sonraí eile a sheachadadh, arna soláthar ar bhonn inbhuanaithe, chun tacú le ceapadh, cur chun feidhme agus faireachán bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais agus a Bhallstát ar bhonn riachtanais an úsáideora;

    (c)

    i gcás SSA: feabhas a chur ar acmhainneachtaí chun faireachán a dhéanamh ar réada spáis agus ar smionagar spáis agus iad a rianú agus a shainaithint agus é mar aidhm aige sin feidhmiú agus uathriail cumas faoi fho-chomhpháirt SST ar leibhéal an Aontais a mhéadú tuilleadh, seirbhísí SWE a sholáthar agus acmhainneachtaí na mBallstát a mhapáil agus a líonrú faoi fho-chomhpháirt NEO;

    (d)

    i gcás GOVSATCOM: infhaighteacht fhadtéarmach seirbhísí cumarsáide satailíte atá iontaofa, slán agus cost-éifeachtach a áirithiú d’úsáideoirí GOVSATCOM;

    (e)

    tacú le hinniúlacht uathrialaitheach, shlán agus chostéifeachtúil chun rochtain a fháil ar an spás, agus leasanna bunriachtanacha slándála an Aontais á gcur san áireamh;

    (f)

    forbairt geilleagair spáis láidir de chuid an Aontais a chothú, lena n-áirítear trí thacú leis an éiceachóras spáis agus trí iomaíochas, nuálaíocht, fiontraíocht, scileanna agus fothú acmhainneachta a threisiú i ngach Ballstát agus i ngach réigiún den Aontas, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta nó daoine nádúrtha agus dlítheanacha ón Aontas atá gníomhach nó ar mian leo a bheith gníomhach san earnáil sin.

    Airteagal 5

    Rochtain ar an spás

    1.   Leis an gClár, tacófar le soláthar agus comhiomlánú seirbhísí lainseála le haghaidh riachtanais an Chláir agus, arna iarraidh sin dóibh, comhiomlánú do na Ballstáit agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.

    2.   I sineirgíochtaí le cláir agus scéimeanna cistiúcháin eile de chuid an Aontais, agus gan dochar do ghníomhaíochtaí GES i réimse na rochtana ar an spás, leis an gClár, féadfar tacú leis an méid seo a leanas:

    (a)

    oiriúnuithe, lena n-áirítear forbairt teicneolaíochta, ar na córais láinseála spáis a bhfuil gá leo chun satailítí a lainseáil, lena n-áirítear teicneolaíochtaí malartacha agus córais nuálacha chun rochtain a fháil ar an spás, chun comhpháirteanna an Chláir a chur chun feidhme;

    (b)

    oiriúnuithe ar an mbonneagar spáis ar talamh, lena n-áirítear forbairtí nua, a bhfuil gá leo chun an Clár a chur chun feidhme.

    Airteagal 6

    Gníomhaíochtaí chun tacú le hearnáil spáis nuálach iomaíoch don Aontas

    1.   Leis an gClár, cuirfear fothú acmhainneachta chun cinn ar fud an Aontais, trí thacú leis an méid seo a leanas:

    (a)

    gníomhaíochtaí nuálaíochta chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as teicneolaíochtaí, bonneagar nó seirbhísí spáis agus bearta chun glacadh réiteach nuálach ar toradh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta iad a éascú agus chun tacú leis an earnáil iartheachtach a fhorbairt, go háirithe trí shineirgíochtaí le cláir eile agus ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais, lena n-áirítear Clár InvestEU;

    (b)

    gníomhaíochtaí arb aidhm leo éileamh an phobail agus nuálaíocht na hearnála poiblí a chothú, chun barr cumais na seirbhísí poiblí a bhaint amach do shaoránaigh agus do ghnólachtaí;

    (c)

    fiontraíocht, lena n-áirítear ó chéim luath go huas-scálú, i gcomhréir le hAirteagal 21, trína bheith ag brath ar fhorálacha eile maidir le rochtain ar mhaoiniú dá dtagraítear in Airteagal 18 agus i gCaibidil I de Theideal III, agus trí úsáid a bhaint as cur chuige an chéad chonartha;

    (d)

    teacht chun cinn éiceachórais spáis atá fabhrach do lucht gnó trí chomhar i measc gnóthas i bhfoirm líonra mol spáis ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

    (i)

    tugtar le chéile leo, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, gníomhaithe ó earnáil an spáis, ón earnáil dhigiteach agus ó earnálacha eile, mar aon le húsáideoirí; agus

    (ii)

    tá sé d’aidhm acu tacaíocht, saoráidí agus seirbhísí a sholáthar do shaoránaigh agus do chuideachtaí chun fiontraíocht agus scileanna a chothú, chun sineirgíochtaí san earnáil iartheachtach a fheabhsú agus chun comhar a chothú leis na moil nuálaíochta digití a bunaíodh faoin gClár don Eoraip Dhigiteach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38);

    (e)

    gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna a sholáthar, go háirithe do ghairmithe, fiontraithe, céimithe agus mic léinn, go háirithe trí shineirgíochtaí le tionscnaimh ag leibhéil náisiúnta agus réigiúnacha, ar mhaithe le hardscileanna a fhorbairt;

    (f)

    rochtain ar shaoráidí próiseála agus tástála do ghairmithe ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí, mic léinn agus fiontraithe;

    (g)

    gníomhaíochtaí deimhniúcháin agus caighdeánaithe;

    (h)

    slabhraí soláthair Eorpacha a threisiú ar fud an Aontais trí rannpháirtíocht fhorleathan na bhfiontar, go háirithe na FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, i gcomhpháirteanna uile an Chláir, go háirithe trí Airteagal 14, agus bearta le taca a chur faoina n-iomaíochas ar an leibhéal domhanda.

    2.   Agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á gcur chun feidhme, tacófar leis an ngá le hacmhainneacht a fhorbairt sna Ballstáit a bhfuil tionscal spáis ag teacht chun cinn iontu, chun deis chomhionann a sholáthar do gach Ballstát a bheith rannpháirteach sa Chlár.

    Airteagal 7

    Rannpháirtíocht tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Chlár

    1.   Féadfaidh comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach in Galileo, EGNOS agus Copernicus, chomh maith le fo-chomhpháirteanna SWE agus NEO, ach gan fo-chomhpháirt SST a áireamh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

    I gcás Copernicus agus fho-chomhpháirteanna SWE agus NEO, ach gan comhpháirt SST a áireamh, féadfaidh na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach:

    (a)

    tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    (b)

    tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    2.   I gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach a thugtar i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE lena gcumhdaítear rannpháirtíocht tríú tír nó rannpháirtíocht eagraíochta idirnáisiúnta in aon chlár de chuid an Aontais:

    (a)

    féadfaidh na tríú tíortha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den dara fomhír de mhír 1 a bheith rannpháirteach in Galileo agus EGNOS;

    (b)

    féadfaidh comhaltaí de CSTE ar comhaltaí iad de LEE, mar aon le tríú tíortha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den dara fomhír de mhír 1, a bheith rannpháirteach in GOVSATCOM; agus

    (c)

    féadfaidh thríú tíortha, seachas na tríú tíortha sin a chumhdaítear le mír 1, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith rannpháirteach in Galileo, EGNOS, Copernicus, GOVSATCOM, chomh maith le fo-chomhpháirteanna SWE agus NEO, ach gan fo-chomhpháirt SST a áireamh.

    Leis an gcomhaontú sonrach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar an méid seo a leanas:

    (a)

    cothromaíocht chóir a áirithiú a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus tairbhí an tríú tír nó na heagraíochta idirnáisiúnta atá rannpháirteach i gcláir an Aontais;

    (b)

    coinníollacha a leagan síos maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair, agus costais riaracháin na gclár.

    (c)

    gan aon chumhacht cinnteoireachta a thabhairt i ndáil le clár an Aontais don tríú tír ná don eagraíocht idirnáisiúnta;

    (d)

    cearta an Aontais a ráthú chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

    Ioncaim shannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír den mhír seo.

    3.   Ní fhéadfaidh na tríú tíortha ná na heagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith rannpháirteach i gcomhpháirteanna nó fo-chomhpháirteanna an Chláir, gan fo-chomhpháirt SST a áireamh, faoin Airteagal seo ach amháin ar choinníoll go gcaomhnaítear leasanna riachtanacha slándála an Aontais agus a Bhallstát, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe a chosaint faoi Airteagal 43.

    Airteagal 8

    Rochtain ag tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ar sheirbhísí SST, ar sheirbhísí GOVSATCOM agus ar Sheirbhís Phoiblí Rialáilte Galileo

    1.   Ní fhéadfaidh tríú tíortha ná eagraíochtaí idirnáisiúnta rochtain a bheith acu ar sheirbhísí GOVSATCOM ach amháin ar choinníoll:

    (a)

    go ndéanfaidh siad comhaontú a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, lena leagtar síos na téarmaí agus coinníollacha chun rochtain a fháil ar sheirbhísí GOVSATCOM; agus

    (b)

    go gcomhlíonann siad Airteagal 43 den Rialachán seo.

    2.   Ní fhéadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nach bhfuil a gceanncheathrú san Aontas rochtain a bheith acu ar sheirbhísí SST dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 55(1) ach amháin ar choinníoll:

    (a)

    go ndéanfaidh siad comhaontú a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, lena leagtar síos na téarmaí agus coinníollacha chun rochtain a fháil ar sheirbhísí SST den sórt sin; agus

    (b)

    go gcomhlíonann siad Airteagal 43 den Rialachán seo.

    3.   Ní bheidh gá le haon chomhaontú arna thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE rochtain a fháil ar sheirbhísí SST atá ar fáil go poiblí, dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 55(1). Beidh rochtain ar na seirbhísí sin faoi réir iarraidh ó na húsáideoirí ionchasacha i gcomhréir le hAirteagal 56.

    4.   Is le hAirteagal 3(5) de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39) a rialófar an rochtain ag tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ar an tSeirbhís Phoiblí Rialáilte (PRS) arna soláthar ag Galileo.

    Airteagal 9

    Úinéireacht agus úsáid sócmhainní

    1.   Ach amháin mar a fhoráiltear faoi mhír 2, is é an tAontas a bheidh ina úinéir ar na sócmhainn inláimhsithe agus doláimhsithe go léir arna gcruthú nó arna bhforbairt faoi chomhpháirteanna an Chláir. Chuige sin, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh forálacha lena n-áirithítear úinéireacht an Aontais ar na sócmhainní sin sna conarthaí, comhaontuithe agus socruithe ábhartha eile a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a bhféadfaí sócmhainní den sórt sin a chruthú nó a fhorbairt dá mbarr.

    2.   Níl feidhm ag mír 1 maidir leis na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe arna gcruthú nó arna bhforbairt faoi chomhpháirteanna an Chláir más rud é, maidir leis na gníomhaíochtaí sin a bhféadfaí sócmhainní den sórt sin a chruthú nó a fhorbairt dá mbarr:

    (a)

    go ndéantar iad de bhun deontas nó duaiseanna arna maoiniú ina n-iomláine ag an Aontas;

    (b)

    nach maoiníonn an tAontas ina n-iomláine iad; nó

    (c)

    go mbaineann siad le forbairt, monarú nó úsáid glacadóirí PRS a ionchorpraíonn FRAE, nó chomhpháirteanna na nglacadóirí sin.

    3.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh forálacha ina leagtar amach an córas úinéireachta iomchuí i dtaca leis na sócmhainní sin sna conarthaí, comhaontuithe agus socruithe eile a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus, maidir le pointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, go n-áireofar leo gur féidir leis an Aontas na glacadóirí PRS a úsáid i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE.

    4.   Féachfaidh an Coimisiún le conarthaí, comhaontuithe nó socruithe eile a thabhairt i gcrích le tríú páirtithe maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    cearta úinéireachta atá ann cheana maidir le sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe arna gcruthú nó arna bhforbairt faoi chomhpháirteanna an Chláir;

    (b)

    cearta úinéireachta nó ceadúnais a fháil i dtaca leis na sócmhainní eile inláimhsithe agus doláimhsithe is gá chun an Clár a chur chun feidhme.

    5.   Áiritheoidh an Coimisiún, trí bhíthin creat iomchuí, go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar leis an Aontas iad.

    6.   Nuair is cearta maoine intleachtúla iad na sócmhainní dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, bainisteoidh an Coimisiún na cearta sin ar an mbealach is éifeachtaí is féidir, agus aird á tabhairt ar an méid seo a leanas:

    (a)

    an gá leis na sócmhainní sin a chosaint agus le luach a thabhairt dóibh;

    (b)

    leasanna dlisteanacha na ngeallsealbhóirí uile lena mbaineann;

    (c)

    an gá le margaí agus nuatheicneolaíochtaí a fhorbairt go comhchuí; agus

    (d)

    an gá le leanúnachas na seirbhísí arna soláthar ag comhpháirteanna an Chláir.

    Áiritheoidh an Coimisiún, go háirithe, go n-áireofar sna conarthaí, comhaontuithe agus socruithe ábhartha eile go bhféadfar na cearta maoine intleachtúla sin a aistriú chuig tríú páirtithe nó ceadúnais tríú páirtithe a thabhairt lena n-aghaidh, lena n-áirítear do chruthaitheoir na maoine intleachtúla, agus gur féidir leis an nGníomhaireacht tairbhiú de na cearta sin gan srian i gcás inar gá chun a cúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh.

    Sa FFPA dá bhforáiltear in Airteagal 28(4) nó sna comhaontuithe ranníocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 32(1), beidh forálacha ábhartha chun úsáid na gceart maoine intleachtúla sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a cheadú do GES agus do na heintitis ar cuireadh cúram orthu i gcás inar gá chun a gcúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo, agus beidh coinníollacha maidir leis an úsáid sin.

    Airteagal 10

    Baránta

    1.   Gan dochar do na hoibleagáidí arna bhforchur ag forálacha atá ceangailteach ó thaobh dlí de, na seirbhísí, na sonraí agus an fhaisnéis arna soláthar ag comhpháirteanna an Chláir, déanfar iad a sholáthar gan aon bharánta sonrach nó intuigthe maidir lena gcáilíocht, beachtas, infhaighteacht, iontaofacht, luas ná oiriúnacht chun críche ar leith.

    2.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear úsáideoirí na seirbhísí, na sonraí agus na faisnéise sin ar an eolas faoi mhír 1 go cuí.

    TEIDEAL II

    RANNÍOCAÍOCHT BHUISÉADACH AGUS SÁSRAÍ BUISÉADACHA

    Airteagal 11

    Buiséad

    1.   Is é EUR 14,880 billiún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027 agus chun na rioscaí gaolmhara a chumhdach.

    Déanfar dáileadh an mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mhiondealú sna catagóirí caiteachais seo a leanas:

    (a)

    i gcás Galileo agus EGNOS: EUR 9,017 billiún;

    (b)

    i gcás Copernicus: EUR 5,421 billiún;

    (c)

    i gcás SSA agus GOVSATCOM: EUR 0,442 billiún.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún cistí a ath-leithdháileadh idir na catagóirí caiteachais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, suas le huasteorainn 7,5 % den chatagóir caiteachais a fhaigheann na cistí nó an chatagóir a sholáthraíonn na cistí. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cistí a ath-leithdháileadh idir na catagóirí caiteachais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nuair a sháraíonn an t-ath-leithdháileadh sin méid carnach atá níos mó ná 7,5 % den mhéid a leithdháiltear ar an gcatagóir caiteachais a fhaigheann na cistí nó ar an gcatagóir a sholáthraíonn na cistí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3),

    3.   Bearta breise dá bhforáiltear in Airteagal 3(2), eadhon gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6, déanfar iad a mhaoiniú faoi chomhpháirteanna an Chláir.

    4.   Leithreasuithe buiséadacha an Aontais arna sannadh don Chlár, cumhdófar leo na gníomhaíochtaí uile a theastaíonn chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4 a chomhlíonadh. Le caiteachas den sórt sin, féadfar an méid seo a leanas a chumhdach:

    (a)

    staidéir agus cruinnithe saineolaithe, go háirithe comhlíonadh a srianta costais agus ama;

    (b)

    gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí beartais an Aontais i gcás ina mbeidh baint dhíreach acu le cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe d’fhonn sineirgíochtaí a chruthú le beartais eile de chuid an Aontais;

    (c)

    na líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is feidhm leo faisnéis a phróiseáil nó a mhalartú, agus na bearta bainistíochta riaracháin, lena n-áirítear i réimse na slándála, a chuireann an Coimisiún chun feidhme;

    (d)

    cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

    5.   Gníomhaíochtaí a fhaigheann cistiú carnach ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, ní dhéanfar iad a iniúchadh ach aon uair amháin, agus cumhdófar na cláir bhainteacha ar fad agus na rialacha ábhartha is infheidhme a ghabhann leo.

    6.   Féadfar na gealltanais bhuiséadacha a bhaineann leis an gClár agus a chumhdaíonn gníomhaíochtaí a mhairfidh breis agus bliain airgeadais amháin a mhiondealú thar roinnt blianta i dtráthchodanna bliantúla.

    7.   Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoi bhainistíocht roinnte a aistriú, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, chuig an gClár, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

    Airteagal 12

    Ioncam sannta

    1.   An t-ioncam arna ghineadh ó chomhpháirteanna an Chláir, íocfar isteach i mbuiséad an Aontais é agus úsáidfear é chun an chomhpháirt a ghin an t-ioncam a mhaoiniú.

    2.   Féadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht airgeadais bhreise a thabhairt do chomhpháirt den Chlár chun eilimintí breise a chumhdach, ar choinníoll nach gcruthófar le heilimintí breise den sórt sin aon ualach airgeadais nó teicniúil ná aon mhoill don chomhpháirt lena mbaineann. Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, ar comhlíonadh na coinníollacha sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

    3.   Caithfear leis an ranníocaíocht airgeadais bhreise dá dtagraítear san Airteagal seo mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(2) den Rialachán Airgeadais.

    Airteagal 13

    Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

    1.   Cuirfear an Clár chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó faoi bhainistíocht indíreach leis na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

    2.   Leis an gClár, féadfar cistiú a sholáthar in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfar maoiniú a sholáthar freisin leis i bhfoirm ionstraimí airgeadais mar chuid d’oibríochtaí measctha.

    3.   I gcás ina gcuirfear buiséad Copernicus chun feidhme faoi bhainistiú indíreach, féadfaidh feidhm a bheith ag rialacha soláthair na n-eintiteas a gcuirtear cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid orthu a mhéid is incheadaithe faoi Airteagail 62 agus 154 den Rialachán Airgeadais. Na coigeartuithe sonracha is gá ar na rialacha soláthair sin, déanfar iad a shainiú sna comhaontuithe ranníocaíochta ábhartha.

    TEIDEAL III

    FORÁLACHA AIRGEADAIS

    CAIBIDIL I

    Soláthar

    Airteagal 14

    Prionsabail an tsoláthair

    1.   I nósanna imeachta soláthair chun críoch an Chláir, gníomhóidh an t-údarás conarthach i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

    (a)

    an rannpháirtíocht is mó agus is oscailte is féidir i measc oibreoirí eacnamaíocha a chur chun cinn i ngach Ballstát ar fud an Aontais agus tríd an slabhra soláthair, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta, iontrálaithe nua agus FBManna, lena n-áirítear i gcás ina ndéanann tairgeoirí fochonraitheoireacht;

    (b)

    iomaíocht éifeachtach a áirithiú agus, i gcás inar féidir, róbhrath ar aon soláthraí amháin a sheachaint, go háirithe i dtaca le trealamh criticiúil agus seirbhísí criticiúla, agus cuspóirí an neamhspleáchais theicneolaíoch agus leanúnachas na seirbhísí á gcur san áireamh;

    (c)

    de mhaolú ar Airteagal 167 den Rialachán Airgeadais, ilfhoinsí soláthair a úsáid, i ngach cás inarb iomchuí, chun rialú foriomlán níos fearr a áirithiú ar chomhpháirteanna uile an Chláir, ar a gcostas agus ar a sceideal;

    (d)

    prionsabail na rochtana oscailte agus na hiomaíochta córa a leanúint tríd an slabhra soláthair tionsclaíoch ar fad, trí thairiscintí ar bhonn faisnéis thrédhearcach thráthúil a sholáthar, na rialacha agus na nósanna imeachta soláthair phoiblí is infheidhme, na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana agus aon fhaisnéis ábhartha eile lena dtugtar cothrom na Féinne do gach tairgeoir féideartha, lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, a chur in iúl go soiléir;

    (e)

    uathriail an Aontais a threisiú, go háirithe ó thaobh na teicneolaíochta de;

    (f)

    ceanglais slándála chomhpháirteanna an Chláir a chomhlíonadh agus rannchuidiú le cosaint leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais agus a Bhallstát;

    (g)

    leanúnachas agus iontaofacht seirbhíse a chur chun cinn;

    (h)

    critéir shóisialta agus chomhshaoil iomchuí a shásamh.

    2.   Déanfaidh an bord soláthair, laistigh den Choimisiún, grinnscrúdú ar an bpróiseas soláthair a bhaineann le comhpháirteanna uile an Chláir agus déanfaidh sé faireachán ar chur chun feidhme conarthach bhuiséad an Aontais arna tharmligean chuig na heintitis ar cuireadh cúram orthu. Tabharfar cuireadh d’ionadaí ó gach ceann de na heintitis ar cuireadh cúram orthu i gcás inarb iomchuí.

    Airteagal 15

    Conarthaí a bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist leo

    1.   Maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla agus gníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le bonneagar, féadfaidh an t-údarás conarthach conradh a dhámhachtain i bhfoirm conradh a bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist leis i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    2.   Sna doiciméid soláthair le haghaidh conradh a bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist leis, déanfar tagairt do ghnéithe sonracha na gconarthaí a bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist leo. Go háirithe, sonrófar iontu ábhar an chonartha, an praghas nó na socruithe chun an praghas a chinneadh agus na socruithe chun oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí a sholáthar ag gach céim.

    3.   Áireofar an méid seo a leanas i gconradh a bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist leis:

    (a)

    céim sheasta arb é a bheidh mar thoradh uirthi gealltanas daingean i dtaca leis na hoibreacha, soláthairtí nó seirbhísí a conraíodh don chéim sin a chur ar fáil, agus

    (b)

    céim amháin nó níos mó atá coinníollach ó thaobh buiséid agus forghníomhaithe araon.

    4.   Beidh na hoibleagáidí faoin gcéim sheasta agus na hoibleagáidí faoi gach céim choinníollach ina gcuid d’iomlán comhsheasmhach, agus oibleagáidí na gcéimeanna ar fad roimhe sin nó ina dhiaidh sin á gcur san áireamh.

    5.   Beidh cur i gcrích gach céime coinníollaí faoi réir cinneadh de chuid an údaráis chonarthaigh, cinneadh a dtabharfar fógra ina leith don chonraitheoir i gcomhréir leis an gconradh.

    Airteagal 16

    Conarthaí um aisíocaíocht costas

    1.   Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas a roghnú, faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 3.

    2.   Is é a bheidh sa phraghas a bheidh le híoc faoi chonradh um aisíocaíocht costas aisíocaíocht na nithe seo a leanas:

    (a)

    na costais dhíreach iarbhír ar fad a thabhaíonn an conraitheoir le linn dó an conradh a chomhlíonadh, amhail caiteachas ar shaothar, ábhair, tomhaltáin agus úsáid an trealaimh agus na mbonneagar is gá chun an conradh a chomhlíonadh;

    (b)

    costais indíreacha;

    (c)

    brabús seasta; agus

    (d)

    táille dreasachta iomchuí bunaithe ar na cuspóirí a bhaint amach i ndáil le feidhmíocht agus sceidil seachadta.

    3.   Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas a roghnú i gcás nach féidir nó nach iomchuí praghas seasta cruinn a shocrú de bharr éiginnteachtaí a bhaineann go dlúth le comhlíonadh an chonartha ar na cúiseanna seo a leanas:

    (a)

    tá gnéithe an-chasta nó gnéithe a éilíonn úsáid teicneolaíochta nua sa chonradh agus, dá bhrí sin, tá líon suntasach rioscaí teicniúla ag baint leis; nó

    (b)

    ní mór, ar chúiseanna oibríochtúla, tús a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí atá faoi réir an chonartha, cé nach féidir praghas iomlán seasta cruinn a shocrú go fóill i ngeall ar rioscaí suntasacha a bheith ann nó toisc go bhfuil comhlíonadh an chonartha ag brath i bpáirt ar chomhlíonadh conarthaí eile.

    4.   Sonrófar uas-bhuaicphraghas i gconarthaí um aisíocaíocht costas. Is é a bheidh san uas-bhuaicphraghas maidir le conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas an t-uasphraghas atá iníoctha. Féadfar an praghas a mhodhnú i gcomhréir le hAirteagal 172 den Rialachán Airgeadais.

    Airteagal 17

    Fochonraitheoireacht

    1.   Chun iontrálaithe nua, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta agus rannpháirtíocht trasteorann uathu a spreagadh, agus chun an cumhdach geografach is leithne is féidir a chur ar fáil, agus uathriail an Aontais á cosaint ag an am céanna, iarrfaidh an t-údarás conarthach ar an tairgeoir cuid den chonradh a ligean ar fochonradh, trí thairiscintí iomaíocha ar na leibhéil iomchuí fochonraitheoireachta, do chuideachtaí seachas na cuideachtaí atá i ngrúpa an tairgeora féin.

    2.   Tabharfaidh an tairgeoir údar le haon mhaolú ar iarraidh a dhéantar i gcomhréir le mír 1.

    3.   Le haghaidh conarthaí ar luach níos airde ná EUR 10 milliún, beidh sé mar aidhm ag an údarás conarthach a áirithiú go mbeidh ar a laghad 30 % de luach an chonartha ar fochonradh trína chur amach ar thairiscintí iomaíocha ar leibhéil éagsúla fochonraitheoireachta chuig comhlachtaí lasmuigh de ghrúpa an phríomhthairgeora, go háirithe chun rannpháirtíocht trasteorann FBManna a éascú. Déanfaidh an Coimisiún coiste an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 107(1) a chur ar an eolas faoi chomhlíonadh na cuspóra sin le haghaidh conarthaí arna síniú tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    CAIBIDIL II

    Deontais, duaiseanna agus oibríochtaí measctha

    Airteagal 18

    Deontais agus duaiseanna

    1.   Féadfaidh an tAontas suas le 100 % de na costais incháilithe a chumhdach, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe.

    2.   De mhaolú ar Airteagal 181(6) den Rialachán Airgeadais, agus rátaí comhréidhe á gcur i bhfeidhm, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach cistiú chostais indíreacha an tairbhí a údarú nó a fhorchur suas go dtí uasmhéid 25 % de chostais dhíreacha incháilithe iomlána le haghaidh na gníomhaíochta.

    3.   D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, féadfar costais indíreacha a dhearbhú i bhfoirm cnapshuime nó i bhfoirm costais aonaid nuair a fhoráiltear amhlaidh sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 100.

    4.   De mhaolú ar Airteagal 204 den Rialachán Airgeadais, ní bheidh uasmhéid na tacaíochta airgeadais is féidir a íoc le tríú páirtí os cionn EUR 200 000.

    Airteagal 19

    Glaonna comhpháirteacha ar dheontais

    1.   Féadfaidh an Coimisiún nó eintiteas ar cuireadh cúram air i gcomhthéacs an Chláir glao comhpháirteach a eisiúint in éineacht le heintitis, comhlachtaí nó daoine dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

    2.   I gcás glao comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:

    (a)

    beidh feidhm ag na rialacha dá dtagraítear i dTeideal VIII den Rialachán Airgeadais;

    (b)

    mar chuid de na nósanna imeachta meastóireachta, beidh grúpa cothrom saineolaithe arna gceapadh ag gach páirtí; agus

    (c)

    comhlíonfaidh na coistí meastóireachta Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais.

    3.   Saineofar sa chomhaontú deontais an socrú is infheidhme maidir le cearta maoine intleachtúla.

    Airteagal 20

    Deontais le haghaidh soláthar réamhthráchtála agus soláthar réiteach nuálach

    1.   Féadfaidh soláthar réamhthráchtála nó soláthar poiblí réiteach nuálach a bheith i gceist le gníomhaíochtaí nó a bheith mar phríomhchuspóir acu, ar soláthar é a dhéanfaidh tairbhithe ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE (40), 2014/25/AE (41) agus 2009/81/CE (42) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    2.   Leis na nósanna imeachta soláthair i ndáil le réitigh nuálacha:

    (a)

    comhlíonfar prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainn, na bainistíochta fónta airgeadais, na comhréireachta mar aon le rialacha iomaíochta;

    (b)

    i gcás soláthar réamhthráchtála, féadfar foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha sonracha amhail áit feidhmíochta na ngníomhaíochtaí arna soláthar a bheith teoranta do chríoch na mBallstát agus na dtríú tíortha atá rannpháirteach sa Chlár ;

    (c)

    féadfar dámhachtain níos mó ná conradh amháin a údarú laistigh den nós imeachta céanna (ilfhoinsiú); agus

    (d)

    déanfar foráil maidir le dámhachtain conarthaí don tairiscint nó do na tairiscintí is mó a thairgeann luach ar airgead ach áiritheoidh siad ag an am céanna nach ann do choinbhleachtaí leasa.

    3.   Aon chonraitheoir a ghinfidh na torthaí agus é i mbun soláthar réamhthráchtála, beidh ar a laghad na cearta maoine intleachtúla gaolmhara a ghabhann leis na torthaí faoina úinéireacht. Beidh ar a laghad cearta rochtana saor ó ríchíosanna ar na torthaí le haghaidh a n-úsáide féin ag na húdaráis chonarthacha, agus beidh an ceart acu ceadúnais neamheisiacha a dheonú do thríú páirtithe, nó an ceart ceangal a chur ar an gconraitheoir rannpháirteach iad a dheonú do thríú páirtithe, chun na torthaí a shaothrú ar mhaithe leis an údarás conarthach faoi choinníollacha córa réasúnacha gan aon cheart a bheith ag na tríú páirtithe sin focheadúnas a dheonú. Má mhainníonn conraitheoir na torthaí a shaothrú ar bhonn tráchtála laistigh de thréimhse ar leith tar éis an tsoláthair réamhthráchtála mar a shainaithnítear é sa chonradh, féadfaidh na húdaráis chonarthacha a cheangal air úinéireacht ar na torthaí a aistriú chuig na húdaráis chonarthacha.

    Airteagal 21

    Oibríochtaí measctha

    Cuirfear oibríochtaí measctha arna gcinneadh faoin gClár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523 agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

    CAIBIDIL III

    Forálacha airgeadais eile

    Airteagal 22

    Cistiú carnach agus cistiú malartach

    1.   Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di faoin gClár, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di freisin ó chlár eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

    2.   Gníomhaíochta ar dámhadh lipéad Séala Barr Feabhais dóibh faoin gClár, féadfaidh siad tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, i gcomhréir le hAirteagal 73(4) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna, má chomhlíonann siad na coinníollacha carnacha seo a leanas:

    (a)

    rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

    (b)

    comhlíonann siad na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

    (c)

    ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.

    Airteagal 23

    Soláthar comhpháirteach

    1.   I dteannta fhorálacha Airteagal 165 den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún nó an Ghníomhaireacht nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh a thabhairt i gcrích le GES nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile a bhfuil baint acu le comhpháirteanna an Chláir a chur chun feidhme.

    2.   Beidh feidhm ag na rialacha soláthair is infheidhme faoi Airteagal 165 den Rialachán Airgeadais de réir analaí ar choinníoll go mbeidh na forálacha nós imeachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais á gcur i bhfeidhm freisin.

    Airteagal 24

    Coinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta chun slándáil, sláine agus athléimneacht chórais oibríochtúla an Aontais a chaomhnú

    1.   Déanfaidh an Coimisiún na coinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta a leagtar amach i mír 2 a chur i bhfeidhm maidir leis an soláthar, na deontais nó na duaiseanna faoin Teideal seo má mheasann sé gur gá agus gur iomchuí é chun slándáil, sláine agus athléimneacht chórais oibríochtúla an Aontais a chaomhnú, agus aird á tabhairt ar an gcuspóir chun uathriail straitéiseach an Aontais a chur chun cinn, go háirithe ó thaobh na teicneolaíochta de, thar príomhtheicneolaíochtaí agus slabhraí luacha, agus geilleagar oscailte á chaomhnú ag an am céanna.

    Sula gcuirfear na coinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, cuirfidh an Coimisiún coiste an Chláir dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 107(1) ar an eolas agus tabharfaidh sé lánaird ar thuairimí na mBallstát maidir le raon feidhme na gcoinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta sin agus maidir leis an mbonn cirt atá leo.

    2.   Is mar seo a leanas a bheidh na coinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta:

    (a)

    tá an t-eintiteas dhlítheanach incháilithe bunaithe i mBallstát agus tá a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin bunaithe sa Bhallstát sin;

    (b)

    geallann an t-eintiteas dhlítheanach incháilithe na gníomhaíochtaí ábhartha uile a dhéanamh i mBallstát amháin nó níos mó; agus

    (c)

    níl an t-eintiteas dhlítheanach incháilithe le bheith faoi réir a rialaithe ag tríú tír ná ag eintiteas de chuid tríú tír.

    Chun críoch an Airteagail seo, ciallaíonn “rialú” an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar eintiteas dlítheanach go díreach, nó go hindíreach trí eintiteas dlítheanach idirmheánach amháin nó níos mó.

    Chun críoch an Airteagail seo, ciallaíonn “struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin” comhlacht eintitis dhlítheanaigh a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, atá faoi fhreagracht an phríomhoifigigh feidhmiúcháin nó aon duine eile ag a bhfuil an chumhacht inchomparáide cinntí a dhéanamh, agus a bhfuil an chumhacht aige straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an eintitis dhlítheanaigh a bhunú, agus a dhéanann maoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht na bainistíochta.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún na coinníollacha faoi phointe (a) nó (b) den chéad fhomhír de mhír 2 a tharscaoileadh maidir le heintiteas dlítheanach ar leith nuair a dhéanfar meastóireacht bunaithe ar na critéir charnacha seo a leanas:

    (a)

    i gcás teicneolaíochtaí, earraí nó seirbhísí sonracha atá riachtanach do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, níl aon ionadach ar fáil go héasca sna Ballstáit,

    (b)

    tá an t-eintiteas dlítheanach bunaithe i dtír ar comhalta de LEE nó CSTE í agus a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha i gcrích aici leis an Aontas dá dtagraítear in Airteagal 7, tá a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin bunaithe sa tír sin agus déantar na gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu leis an soláthar, leis an deontas nó leis an duais sa tríú tír sin nó i dtír amháin nó níos mó den sórt sin; agus

    (c)

    cuirtear bearta leordhóthanacha chun feidhme chun cosaint FRAE a áirithiú faoi Airteagal 43 agus chun sláine, slándáil agus athléimneacht chomhpháirteanna an Chláir, a n-oibríochtaí agus a seirbhísí a áirithiú.

    De mhaolú ar phointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an Coimisiún na coinníollacha faoi phointe (a) nó (b) den chéad fhomhír de mhír 2 a tharscaoileadh maidir le heintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtríú tír nach comhalta í de LEE nó CSTE mura bhfuil aon ionadach ar fáil go héasca i dtíortha ar comhaltaí iad de LEE nó CSTE agus má chomhlíontar na critéir a leagtar amach i bpointí (a) agus (c) den chéad fhomhír.

    4.   Féadfaidh an Coimisiún an coinníoll faoi phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 2 a tharscaoileadh má thugann an t-eintiteas dlítheanach atá bunaithe i mBallstát na ráthaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    ní fheidhmítear rialú ar an eintiteas dlítheanach ar bhealach a chuireann srian nó teorainn lena chumas an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (i)

    an soláthar, an deontas nó an duais a chur i gcrích; agus

    (ii)

    torthaí a thabhairt, go háirithe trí oibleagáidí tuairiscithe;

    (b)

    geallann an tríú tír rialaithe nó an t-eintiteas tríú tír go staonfaidh sí nó sé ó aon chearta rialaithe a fheidhmiú ar an eintiteas dlítheanach, nó ó aon oibleagáidí tuairiscithe a fhorchur air, i ndáil leis an soláthar, an deontas nó an duais; agus

    (c)

    comhlíonann an t-eintiteas dlítheanach Airteagal 34(7).

    5.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas dlítheanach bunaithe a mheas an gcomhlíonann an t-eintiteas dlítheanach na critéir a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 3 agus na ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 4. Comhlíonfaidh an Coimisiún an measúnú sin.

    6.   Soláthróidh an Coimisiún na nithe seo a leanas do choiste an Chláir dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 107(1):

    (a)

    raon feidhme na gcoinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

    (b)

    na mionsonraí agus an bonn cirt maidir leis na tarscaoiltí a deonaíodh i gcomhréir leis an Airteagal seo; agus

    (c)

    an mheastóireacht a bhí mar bhunús de tharscaoileadh, faoi réir mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, gan faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a nochtadh.

    7.   Na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, na critéir a leagtar amach i mír 3 agus na ráthaíochtaí a leagtar amach i mír 4, áireofar iad sna doiciméid a bhaineann leis an soláthar, deontas nó duais, de réir mar is infheidhme, agus, i gcás soláthair, beidh feidhm acu maidir le saolré iomlán an chonartha a eascraíonn as sin.

    8.   Ní dochar an tAirteagal seo do Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE agus do Chinneadh Tarmligthe ón gCoimisiún an 15.9.2015 (43), Rialachán (AE) 2019/452, Cinneadh 2013/488/AE agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 agus don ghrinnfhiosrúchán slándála arna dhéanamh ag na Ballstáit maidir le heintitis dhlítheanacha a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a éilíonn rochtain ar FRAE faoi réir na ndlíthe agus na rialachán náisiúnta is infheidhme.

    Má dhéantar conarthaí a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Airteagail seo a rúnaicmiú, ní dochar na coinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta a chuireann an Coimisiún i bhfeidhm i gcomhréir le mír 4 d’inniúlacht na n-údarás slándála náisiúnta.

    Ní chuirfidh an tAirteagal seo isteach ar aon phróiseas Imréitigh Slándála Saoráide agus Imréitigh Slándála Pearsanra atá ann cheana laistigh de Bhallstát, ná ní dhéanfaidh sé iad a leasú ná a bhréagnú.

    Airteagal 25

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

    TEIDEAL IV

    RIALACHAS AN CHLÁIR

    Airteagal 26

    Prionsabail an rialachais

    Beidh rialachas an Chláir bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

    (a)

    dáileadh soiléir cúraimí agus freagrachtaí idir na heintitis atá bainteach le cur chun feidhme gach comhpháirte agus birt den Chlár, go háirithe idir na Ballstáit, an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, GES agus EUMETSAT, ag tógáil ar a n-inniúlachtaí faoi seach agus ag seachaint aon fhorluí ó thaobh cúraimí agus freagrachtaí de;

    (b)

    ábharthacht an struchtúir rialachais do riachtanais shonracha gach comhpháirte agus birt den Chlár, de réir mar is iomchuí;

    (c)

    rialú láidir ar an gClár, lena n-áirítear go gcloíonn gach eintiteas go docht le costas, sceideal agus feidhmíocht, ina róil agus cúraimí faoi seach i gcomhréir leis an Rialachán seo;

    (d)

    bainistiú trédhearcach agus costéifeachtúil;

    (e)

    leanúnachas seirbhíse agus leanúnachas an bhonneagair is gá, lena n-áirítear cosaint ar bhagairtí ábhartha;

    (f)

    riachtanais úsáideoirí na sonraí, na faisnéise agus na seirbhísí arna soláthar ag comhpháirteanna an Chláir a chur san áireamh ar bhonn córasach, struchtúrtha, mar aon le héabhlóid ghaolmhar eolaíochta agus teicneolaíochta;

    (g)

    iarrachtaí leanúnacha maidir le rioscaí a rialú agus a laghdú.

    Airteagal 27

    Ról na mBallstát

    1.   Féadfaidh na Ballstáit a bheith rannpháirteach sa Chlár. Na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa Chlár, rannchuideoidh siad trí mheán a gcuid inniúlachta, a gcuid eolais agus a gcúnaimh teicniúla, go háirithe i réimse na sábháilteachta agus na slándála, nó, i gcás inarb iomchuí agus inar féidir, trí na sonraí, an fhaisnéis, na seirbhísí agus an bonneagar atá ina seilbh acu nó atá lonnaithe ar a gcríoch a chur ar fáil don Aontas, lena n-áirítear trí rochtain éifeachtúil saor ó bhacainní ar shonraí in situ Copernicus agus úsáid na sonraí sin a áirithiú agus trí oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún chun infhaighteacht shonraí in situ Copernicus atá de dhíth ar an gClár a fheabhsú, agus ceadúnais agus oibleagáidí is infheidhme á gcur san áireamh.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí chomhaontuithe ranníocaíochta, cúraimí sonracha a chur ar eagraíochtaí ó na Ballstáit, i gcás inar ainmnigh na Ballstáit lena mbaineann eagraíochtaí den sórt sin. Glacfaidh an Coimisiún na cinntí ranníocaíochta i dtaca leis na comhaontuithe ranníocaíochta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

    3.   I gcúinsí áirithe a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Ghníomhaireacht, i gcás na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 29, trí bhíthin comhaontuithe ranníocaíochta, cúraimí sonracha a chur ar eagraíochtaí ó na Ballstáit, i gcás inar ainmnigh an Ballstát lena mbaineann iad.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun feidhmiú rianúil an Chláir a áirithiú, lena n-áirítear trí chuidiú, ar an leibhéal iomchuí, leis na minicíochtaí is gá don Chlár a chosaint.

    5.   Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún oibriú i gcomhar le chéile chun glacadh na sonraí, na faisnéise agus na seirbhísí arna soláthar ag comhpháirteanna an Chláir a dhéanamh níos leithne.

    6.   I ngach cás inar féidir, beidh rannchuidiú na mBallstát le Fóram na nÚsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 107(6) bunaithe ar chomhairliúchán córasach comhordaithe le pobail na n-úsáideoirí deiridh ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe i dtaca le Galileo, EGNOS agus Copernicus.

    7.   Oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún i gcomhar le chéile chun comhpháirt shonraí in situ Copernicus agus na seirbhísí calabrúcháin ar talamh a fhorbairt is gá le haghaidh ghlacadh na gcóras spáis agus chun úsáid phoitéinseal iomlán shonraí in situ Copernicus agus na dtacar sonraí tagartha a éascú, ag tógáil ar na hacmhainneachtaí atá ann cheana.

    8.   I réimse na slándála, déanfaidh na Ballstáit na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 34(6).

    Airteagal 28

    Ról an Choimisiúin

    1.   Beidh an Coimisiún freagracht go foriomlán as an gClár a chur chun feidhme, lena n-áirítear i réimse na slándála, gan dochar do shainchumais na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta. Cinnfidh Coimisiún, i gcomhréir leis an Rialachán seo, tosaíochtaí agus éabhlóid fhadtéarmach an Chláir, i gcomhréir leis na riachtanais úsáideoirí, agus déanfaidh sé maoirseacht ar chur chun feidhme an Chláir, gan dochar do bheartais eile de chuid an Aontais.

    2.   Bainisteoidh an Coimisiún aon chomhpháirteanna nó aon fho-chomhpháirteanna den Chlár nach gcuirfear de chúram ar eintiteas eile, go háirithe GOVSATCOM, fo-chomhpháirt NEO, fo-chomhpháirt SWE agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 55(1).

    3.   Áiritheoidh an Coimisiún leithroinnt shoiléir na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí idir na heintitis éagsúla a bhfuil baint acu leis an gClár agus déanfaidh sé comhordú ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas sin. Áiritheoidh an Coimisiún freisin, maidir leis na heintitis ar fad ar cuireadh cúram orthu agus a bhfuil baint acu leis an gClár, go gcosnóidh siad leas an Aontais, go ráthóidh siad bainistiú fónta chistí an Aontais agus go gcomhlíonfaidh siad an Rialachán Airgeadais agus an Rialachán seo.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún FFPA, dá bhforáiltear in Airteagal 130 den Rialachán Airgeadais, a thabhairt i gcrích leis an nGníomhaireacht agus freisin, agus Comhaontú Réime 2004 á chur san áireamh, le GES.

    5.   I gcás inar gá ar mhaithe le feidhmiú rianúil an Chláir agus soláthar rianúil na seirbhísí arna soláthar ag comhpháirteanna an Chláir, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais theicniúla agus oibríochtúla a chinneadh is gá le haghaidh chur chun feidhme agus éabhlóid na gcomhpháirteanna sin agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad, tar éis dul i gcomhairle le húsáideoirí, lena n-áirítear trí Fhóram na nÚsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 107(6), agus le geallsealbhóirí eile. Agus na ceanglais theicniúla agus oibríochtúla sin á gcinneadh aige, ní dhéanfaidh an Coimisiún an leibhéal slándála ginearálta a laghdú agus tá sé riachtanach go gcomhlíonfaidh sé ceanglais comhoiriúnachta siarghabhálaí.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

    6.   Gan dochar do chúraimí na Gníomhaireachta ná do chúraimí na n-eintiteas eile ar cuireadh cúram orthu, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar glacadh agus úsáid na gcóras agus na seirbhísí arna soláthar ag comhpháirteanna an Chláir a chur chun cinn agus a uasmhéadú sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear trí thacú le forbairt iomchuí na seirbhísí sin agus le forbairt comhéadan atá áisiúil don úsáideoir, agus trí thimpeallacht chobhsaí fhadtéarmach a chothú. Forbróidh sé sineirgíochtaí iomchuí idir feidhmeanna na gcomhpháirteanna éagsúla den Chlár. Áiritheoidh sé comhlántacht, comhsheasmhacht, sineirgíochtaí agus naisc idir an Clár agus gníomhaíochtaí agus cláir eile de chuid an Aontais.

    7.   I gcás inarb iomchuí, áiritheoidh an Coimisiún comhchuibheas na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs an Chláir le gníomhaíochtaí a dhéantar i réimse an spáis ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. Spreagfaidh sé comhar idir na Ballstáit agus, nuair is ábhartha don Chlár, éascóidh sé cóineasú a n-acmhainneachtaí agus a bhforbairtí teicneolaíochta i réimse an spáis. Chuige sin, rachaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí agus ina réimse inniúlachta faoi seach, i gcomhar leis an nGníomhaireacht agus le GES.

    8.   Cuirfidh an Coimisiún coiste an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 107 ar an eolas maidir le torthaí eatramhacha agus torthaí deiridh na meastóireachta ar aon nósanna imeachta soláthair agus ar aon chonarthaí, lena n-áirítear fochonarthaí, le heintitis phoiblí agus phríobháideacha.

    Airteagal 29

    Ról na Gníomhaireachta

    1.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar an nGníomhaireacht:

    (a)

    creidiúnú slándála na gcomhpháirteanna uile den Chlár a áirithiú, tríd an mBord um Chreidiúnú Slándála, i gcomhréir le Caibidil II de Theideal V;

    (b)

    cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 34(3) agus (5) a dhéanamh;

    (c)

    gníomhaíochtaí cumarsáide, forbartha margaidh agus cur chun cinn a dhéanamh i dtaca leis na seirbhísí arna soláthar ag Galileo agus ag EGNOS, go háirithe gníomhaíochtaí a bhaineann le glacadh sa mhargadh agus le comhordú riachtanais na n-úsáideoirí;

    (d)

    gníomhaíochtaí cumarsáide, forbartha margaidh agus cur chun cinn a dhéanamh i dtaca le sonraí, faisnéis agus seirbhísí arna soláthar ag Copernicus, gan dochar do na gníomhaíochtaí a dhéanann eintitis eile ar cuireadh cúram orthu agus an Coimisiún;

    (e)

    saineolas a sholáthar don Choimisiún, lena n-áirítear maidir leis na tosaíochtaí iartheachtacha taighde a bhaineann leis an spás a ullmhú.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún na cúraimí seo a leanas ar an nGníomhaireacht:

    (a)

    saothrú EGNOS agus Galileo a bhainistiú, dá bhforáiltear in Airteagal 44;

    (b)

    comhordú uileghabhálach ar ghnéithe GOVSATCOM a bhaineann leis an úsáideoir i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, le SEGS agus le heintitis eile chun críche misean agus oibríochtaí bainistithe géarchéime;

    (c)

    gníomhaíochtaí a chur chun feidhme a bhaineann le forbairt feidhmeanna iartheachtacha bunaithe ar chomhpháirteanna an Chláir agus eilimintí bunúsacha agus feidhmeanna comhtháite bunaithe ar na sonraí agus na seirbhísí arna soláthar ag Galileo, EGNOS agus Copernicus, lena n-áirítear i gcás inar cuireadh cistiú ar fáil do ghníomhaíochtaí den sórt sin i gcomhthéacs Fís Eorpach nó i gcás inar gá chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) a chomhlíonadh;

    (d)

    gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le glacadh sonraí, faisnéise agus seirbhísí ag úsáideoirí, ar gníomhaíochtaí iad arna soláthar le comhpháirteanna an Chláir seachas Galileo agus EGNOS, gan difear a dhéanamh do ghníomhaíochtaí Copernicus agus Seirbhísí Copernicus a chuirtear de chúram ar eintitis eile;

    (e)

    gníomhaíochtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 6.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagal 102(5), cúraimí eile a chur ar an nGníomhaireacht, ar choinníoll nach ndéantar dúbláil leo ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eintitis eile ar cuireadh cúram orthu i gcomhthéacs an Chláir agus ar choinníoll gurb é is aidhm leo feabhas a chur ar a éifeachtúla atá cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an Chláir.

    4.   Aon uair a chuirtear gníomhaíochtaí de chúram ar an nGníomhaireacht, áiritheofar acmhainní iomchuí airgeadais, daonna agus riaracháin chun iad a chur chun feidhme.

    5.   De mhaolú ar Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais agus faoi réir an mheasúnaithe ón gCoimisiún ar chosaint leasanna an Aontais, féadfaidh an Ghníomhaireacht, trí bhíthin comhaontuithe ranníocaíochta, gníomhaíochtaí sonracha a chur de chúram ar eintitis eile, i réimsí a n-inniúlachtaí faoi seach, faoi choinníollacha na bainistíochta indírí a bhfuil feidhm acu maidir leis an gCoimisiún.

    Airteagal 30

    Ról GES

    1.   Ar choinníoll go gcosnaítear leas an Aontais, cuirfear na cúraimí seo a leanas ar GES:

    (a)

    maidir le Copernicus:

    (i)

    comhordú a dhéanamh ar chomhpháirt an spáis agus ar chur chun feidhme chomhpháirt an spáis agus a héabhlóid;

    (ii)

    dearadh, forbairt agus tógáil bhonneagar spáis Copernicus, lena n-áirítear oibríochtaí an bhonneagair sin agus soláthar gaolmhar, ach amháin nuair is eintitis eile a dhéanann na hoibríochtaí sin; agus

    (iii)

    i gcás inarb iomchuí, rochtain a thabhairt ar shonraí tríú páirtí;

    (b)

    maidir le Galileo agus EGNOS: éabhlóid córas agus dearadh agus forbairt codanna den chuid ar talamh, agus satailítí, lena n-áirítear tástáil agus bailíochtú;

    (c)

    maidir le comhpháirteanna uile an Chláir: gníomhaíochtaí réamhtheachtacha taighde agus forbartha i réimsí saineolais GES.

    2.   Ar bhonn measúnú ón gCoimisiún, féadfar cúraimí eile a chur ar GES bunaithe ar riachtanais an Chláir, ar choinníoll nach ndéanfar dúbláil leis na cúraimí sin ar ghníomhaíochtaí a dhéanann eintiteas eile ar cuireadh cúram air i gcomhthéacs an Chláir agus ar choinníoll gurb é is aidhm leo feabhas a chur ar a éifeachtúla atá cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an Chláir.

    3.   Gan dochar don FFPA dá bhforáiltear in Airteagal 31, féadfaidh an Coimisiún nó an Ghníomhaireacht iarraidh ar GES saineolas teicniúil a chur ar fáil mar aon leis an bhfaisnéis is gá chun na cúraimí a shanntar dóibh leis an Rialachán seo a dhéanamh faoi choinníollacha atá le comhaontú go frithpháirteach.

    Airteagal 31

    An comhaontú comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais

    1.   Leis an FFPA dá dtagraítear in Airteagal 28(4), déanfar an méid seo a leanas:

    (a)

    saineofar go soiléir róil, freagrachtaí agus oibleagáidí an Choimisiúin, na Gníomhaireachta agus GES maidir le gach comhpháirt den Chlár agus na sásraí comhordúcháin agus na sásraí rialaithe is gá;

    (b)

    ceanglófar ar GES rialacha slándála an Aontais a shainítear sna comhaontuithe slándála arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas, agus a chuid institiúidí agus gníomhaireachtaí, le GES, a chur i bhfeidhm go háirithe maidir le próiseáil faisnéise rúnaicmithe;

    (c)

    sonrófar na coinníollacha maidir le bainistiú cistí a chuirtear de chúram ar GES, go háirithe maidir leis an soláthar poiblí, lena n-áirítear rialacha soláthair an Aontais a chur i bhfeidhm nuair a dhéantar soláthar in ainm agus thar ceann an Aontais nó rialacha an eintitis ar cuireadh cúram air a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 154 den Rialachán Airgeadais, nósanna imeachta bainistíochta, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo arna dtomhas le táscairí feidhmíochta, na bearta is infheidhme i gcás chur chun feidhme lochtach nó calaoiseach na gconarthaí ó thaobh costas, sceidil agus torthaí de, mar aon leis an straitéis chumarsáide agus na rialacha maidir le húinéireacht na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe uile; beidh na coinníollacha sin i gcomhréir le Teidil III agus V den Rialachán seo agus leis an Rialachán Airgeadais;

    (d)

    ceanglófar gurb amhlaidh, aon uair a bhunóidh an Ghníomhaireacht nó GSE Bord um Thairiscintí a Mheas maidir le soláthar a dhéantar faoin FFPA, go mbeidh saineolaithe ón gCoimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, ón eintiteas eile ar cuireadh cúram air rannpháirteach mar chomhaltaí i gcruinnithe an Bhoird um Thairiscintí a Mheas. Ní dhéanfaidh an rannpháirtíocht sin difear do neamhspleáchas teicniúil an Bhoird um Thairiscintí a Mheas;

    (e)

    bunófar na bearta faireacháin agus rialaithe, lena n-áireofar, go háirithe,

    (i)

    córas réamhaisnéise ar chostais;

    (ii)

    soláthar córasach faisnéise don Choimisiún nó, i gcás inarb iomchuí, don Ghníomhaireacht i dtaobh costas agus sceidil; agus

    (iii)

    i gcás ina bhfuil neamhréireacht idir na buiséid bheartaithe, an fheidhmíocht agus an sceideal, gníomhaíocht cheartaitheach lena n-áiritheofaí go ndéanfaí na cúraimí laistigh de na buiséid leithdháilte;

    (f)

    bunófar prionsabail luacha saothair GES le haghaidh gach comhpháirte den Chlár, a bheidh comhchuimseach leis na coinníollacha faoina gcuirfear na gníomhaíochtaí chun feidhme, agus aird chuí á tabhairt ar chásanna géarchéime agus leochaileachta agus a bheidh, i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar fheidhmíocht; ní chumhdófar leis an luach saothair ach forchostais ghinearálta atá bainteach leis na gníomhaíochtaí a chuir an tAontas de chúram ar GES;

    (g)

    forálfar go ndéanfaidh GES na bearta iomchuí chun a áirithiú go gcosnófar leasanna an Aontais agus chun cloí leis na cinntí a dhéanann an Coimisiún maidir le gach comhpháirt den Chlár agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh maidir leis an FFPA. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3). Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go hiomlán faoin FFPA i bhfad sula dtabharfar é i gcrích agus faoina chur chun feidhme.

    3.   Faoin FFPA dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 29(2) agus (3) a chur ar an nGníomhaireacht agus déanfar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) a chur ar GES, trí bhíthin comhaontuithe ranníocaíochta. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an cinneadh ranníocaíochta maidir leis na comhaontuithe ranníocaíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2). Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go hiomlán faoi na comhaontuithe ranníocaíochta i bhfad sula dtabharfar iad i gcrích agus faoina gcur chun feidhme.

    Airteagal 32

    Ról EUMETSAT agus eintiteas eile

    1.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin comhaontuithe ranníocaíochta, cur chun feidhme na gcúraimí a leanas a chur, ina n-iomláine nó i bpáirt, ar eintitis seachas na heintitis sin dá dtagraítear in Airteagail 29 agus 30:

    (a)

    bonneagar spáis Copernicus nó codanna de a uasghrádú agus a oibriú agus a chuid oibríochtaí a ullmhú agus, i gcás inarb iomchuí, bainistiú na rochtana ar shonraí an mhisin rannchuidithigh, a fhéadfar a chur de chúram ar EUMETSAT;

    (b)

    cur chun feidhme Sheirbhísí Copernicus nó codanna díobh a chur de chúram ar ghníomhaireachtaí, comhlachtaí nó eagraíochtaí ábhartha, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Frontex, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, SATCEN agus an Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin; na cúraimí a chuirfear ar na gníomhaireachtaí, ar na comhlachtaí nó ar na heagraíochtaí sin, déanfar iad i láithreáin atá suite san Aontas; féadfaidh gníomhaireacht, comhlacht nó eagraíocht, atá i mbun a cúraimí a cuireadh orthu a athlonnú go dtí an tAontas, leanúint de na cúraimí sin a dhéanamh in áit lasmuigh den Aontas ar feadh tréimhse theoranta, a chríochnóidh an 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí.

    2.   Leis na critéir chun eintitis den sórt sin ar cuireadh cúram orthu a roghnú, léireofar, go háirithe, a gcumas maidir le leanúnachas na n-oibríochtaí agus, i gcás inarb iomchuí, slándáil na n-oibríochtaí a áirithiú gan suaitheadh ar ghníomhaíochtaí an Chláir.

    3.   Nuair is féidir, beidh coinníollacha na gcomhaontuithe ranníocaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo comhleanúnach le coinníollacha an FFPA dá dtagraítear in Airteagal 31(1).

    4.   I gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2), rachfar i gcomhairle le coiste an Chláir maidir leis an gcinneadh ranníocaíochta i ndáil leis an gcomhaontú ranníocaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Cuirfear coiste an Chláir ar an eolas roimh ré faoi na comhaontuithe ranníocaíochta a bheidh le tabhairt i gcrích ag an Aontas, arna ionadú ag an gCoimisiún agus na heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    TEIDEAL V

    SLÁNDÁIL AN CHLÁIR

    CAIBIDIL I

    Slándáil an Chláir

    Airteagal 33

    Prionsabail na slándála

    Beidh slándáil an Chláir bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

    (a)

    taithí na mBallstát i réimse na slándála a chur san áireamh agus spreagadh a fháil ó dhea-chleachtais na mBallstát;

    (b)

    rialacha slándála na Comhairle agus an Choimisiúin a úsáid, lenar bhforáiltear, inter alia, do dheighilt idir feidhmeanna oibríochtúla agus na feidhmeanna sin a bhaineann le creidiúnú.

    Airteagal 34

    Rialachas slándála

    1.   Áiritheoidh an Coimisiún, ina réimse inniúlachta agus le tacaíocht ón nGníomhaireacht, leibhéal ard slándála maidir leis an méid seo a leanas, go háirithe:

    (a)

    bonneagar, idir bhonneagar ar talamh agus bhonneagar sa spás, a chosaint, agus seirbhísí a sholáthar, go háirithe i gcoinne ionsaithe fisiciúla nó cibirionsaithe, lena n-áirítear cur as do shreafaí sonraí;

    (b)

    aistrithe teicneolaíochta a rialú agus a bhainistiú;

    (c)

    na hinniúlachtaí agus an fios gnó a fuarthas a fhorbairt agus a chaomhnú laistigh den Aontas;

    (d)

    faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe a chosaint.

    2.   Chun críoch mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar anailís ar rioscaí agus bagairtí i gcás gach ceann de chomhpháirteanna an Chláir. Ar bhonn na hanailíse sin, cinnfidh sé, faoi dheireadh na bliana 2023, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais ghinearálta slándála le haghaidh gach comhpháirte den Chlár. Agus sin á dhéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tionchar na gceanglas sin ar fheidhmiú rianúil na comhpháirte sin, go háirithe ó thaobh costais, bainistiú riosca agus sceidil, agus áiritheoidh sé nach laghdófar leibhéal ginearálta na slándála ná nach mbainfear an bonn d’fheidhmiú an trealaimh atá ann cheana bunaithe ar an gcomhpháirt sin agus cuirfidh sé rioscaí cibearshlándála san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

    Tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, eiseoidh an Coimisiún liosta táscach de na gníomhartha cur chun feidhme a bheidh le cur faoi bhráid choiste an Chláir agus a bheidh le plé aige sa chumraíocht slándála. Beidh tráthchlár táscach le haghaidh thíolacadh na ngníomhartha cur chun feidhme sin ag gabháil leis an liosta sin.

    3.   Is é an t-eintiteas atá freagrach as bainistiú a dhéanamh ar chomhpháirt den Chlár a bheidh freagrach as slándáil oibríochtúil na comhpháirte sin agus, chuige sin, déanfaidh sé anailís ar rioscaí agus bagairtí agus déanfaidh sé na gníomhaíochtaí uile is gá chun slándáil na comhpháirte sin a áirithiú agus chun faireachán a dhéanamh uirthi, go háirithe na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta oibríochtúla a leagan síos, agus déanfaidh sé faireachán ar chomhlíonadh na comhpháirte sin leis na ceanglais ghinearálta slándála dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. De bhun Airteagal 29, is í an Ghníomhaireacht an t-eintiteas i gcás Galileo agus EGNOS.

    4.   Bunaithe ar an anailís ar rioscaí agus bagairtí, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, struchtúr a shainiú chun faireachán a dhéanamh ar an tslándáil agus chun na treoracha a fhorbraítear faoi raon feidhme Chinneadh (CBES) 2021/698 a leanúint. Oibreoidh an struchtúr i gcomhréir leis na ceanglais slándála dá dtagraítear i mír 2. I gcás Galileo, is é Lárionad Faireacháin Slándála Galileo an struchtúr sin.

    5.   Maidir leis an nGníomhaireacht, déanfaidh sí an méid seo a leanas:

    (a)

    creidiúnú slándála chomhpháirteanna uile an Chláir a áirithiú i gcomhréir le Caibidil II den Teideal seo agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát;

    (b)

    oibriú Lárionad Faireacháin Slándála Galileo a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus na treoracha arna bhforbairt faoi raon feidhme Chinneadh (CBES) 2021/698;

    (c)

    na cúraimí a shanntar dó faoi Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE a dhéanamh;

    (d)

    a saineolas teicniúil a sholáthar don Choimisiún agus aon fhaisnéis a sholáthar is gá chun a chúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo.

    6.   Maidir leis na Ballstáit, chun cosaint an bhonneagair ar talamh a áirithiú, ar bonneagar lárnach den Chlár é agus atá lonnaithe ar a gcríoch, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

    (a)

    bearta a dhéanamh atá coibhéiseach, ar a laghad, leis na cinn atá riachtanach don mhéid seo a leanas:

    (i)

    bonneagair chriticiúla Eorpacha a chosaint de réir bhrí Threoir 2008/114/CE ón gComhairle (44); agus

    (ii)

    a mbonneagair chriticiúla náisiúnta féin a chosaint;

    (b)

    na cúraimí maidir le creidiúnú slándála dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo a dhéanamh.

    7.   Déanfaidh na heintitis sin a bhfuil baint acu leis an gClár na bearta uile is gá, lena n-áirítear na bearta sin is gá i bhfianaise na saincheisteanna a shainaithnítear san anailís ar rioscaí, chun slándáil an Chláir a áirithiú.

    Airteagal 35

    Slándáil na gcóras agus na seirbhísí a imscartar

    Aon uair a d’fhéadfaí difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais nó a Bhallstát mar gheall ar oibriú na gcóras, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/698.

    CAIBIDIL II

    Creidiúnú slándála

    Airteagal 36

    An tÚdarás um Chreidiúnú Slándála

    Is é an Bord um Chreidiúnú Slándála arna bhunú laistigh den Ghníomhaireacht an t-údarás um chreidiúnú slándála do chomhpháirteanna uile an Chláir.

    Airteagal 37

    Prionsabail ghinearálta an chreidiúnaithe slándála

    Déanfar gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála le haghaidh chomhpháirteanna uile an Chláir i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

    (a)

    déanfar gníomhaíochtaí agus cinntí creidiúnaithe slándála i gcomhthéacs na freagrachta comhchoitinne as slándáil an Aontais agus slándáil na mBallstát;

    (b)

    déanfar gach iarracht teacht ar chinntí trí chomhthoil laistigh den Bhord um Chreidiúnú Slándála;

    (c)

    déanfar gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála trí leas a bhaint as cur chuige an mheasúnaithe riosca agus an bhainistithe riosca, agus breathnófar ar na rioscaí a bheidh ann do shlándáil na comhpháirte lena mbaineann mar aon leis an tionchar a bheidh aige sin ar chostas nó ar sceideal aon bhirt a dhéanfaí chun na rioscaí sin a mhaolú, agus an cuspóir gan leibhéal ginearálta slándála na comhpháirte sin a laghdú á chur san áireamh;

    (d)

    is gairmithe atá cáilithe go cuí i réimse chreidiúnú na gcóras casta, a bhfuil leibhéal iomchuí imréitigh slándála acu agus a ghníomhaíonn ar bhealach oibiachtúil a dhéanfaidh agus a ullmhóidh cinntí an Bhoird um Chreidiúnú Slándála;

    (e)

    déanfar gach iarracht dul i mbun comhairle leis na páirtithe ábhartha uile a mbeidh leas acu i saincheisteanna slándála don chomhpháirt lena mbaineann;

    (f)

    is iad geallsealbhóirí ábhartha uile na comhpháirte lena mbaineann a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála i gcomhréir le straitéis creidiúnaithe slándála, gan dochar do ról an Choimisiúin;

    (g)

    is ar chinntí áitiúla maidir le creidiúnú slándála arna ndéanamh ag údaráis náisiúnta creidiúnaithe slándála ábhartha na mBallstát a bheidh cinntí creidiúnaithe slándála an Bhoird um Chreidiúnú Slándála bunaithe, i gcomhréir leis an bpróiseas a shainítear sa straitéis ábhartha creidiúnaithe slándála arna sainiú ag an mBord sin;

    (h)

    áiritheofar le próiseas faireacháin a bheidh buan, trédhearcach agus go hiomlán intuigthe go mbeifear ar an eolas faoi na rioscaí slándála don chomhpháirt lena mbaineann, go saineofar bearta slándála le go laghdófar na rioscaí sin go dtí leibhéal inghlactha, i bhfianaise riachtanais slándála an Aontais agus a mBallstát, agus le go bhfeidhmeoidh an chomhpháirt go rianúil agus go gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm i gcomhréir le coincheap na cosanta ar doimhneacht. Déanfar meastóireacht leanúnach ar a éifeachtaí atá na bearta sin. Déanfaidh geallsealbhóirí na comhpháirte lena mbaineann an próiseas a bhaineann le measúnú riosca slándála agus le bainistiú riosca slándála i gcomhpháirt mar phróiseas atriallach;

    (i)

    glacfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála cinntí maidir le creidiúnú slándála le neamhspleáchas iomlán, lena n-áirítear neamhspleáchas ar an gCoimisiún agus ar na comhlachtaí eile atá freagrach as cur chun feidhme na comhpháirte lena mbaineann agus as seirbhísí gaolmhara a sholáthar, agus neamhspleáchas ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ar Bhord Riaracháin na Gníomhaireachta;

    (j)

    déanfar na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála ag féachaint go cuí don ghá le comhordú leordhóthanach idir an Coimisiún agus na húdaráis sin atá freagrach as rialacha slándála a chur chun feidhme;

    (k)

    an creidiúnú slándála i ndáil le EGNOS arna dhéanamh ag an mBord um Chreidiúnú Slándála, ní dochar é do na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála arna ndéanamh, i gcás na heitlíochta, ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta.

    Airteagal 38

    Cúraimí an Bhoird um Chreidiúnú Slándála

    1.   Déanfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála a chúraimí gan dochar do fhreagrachtaí an Choimisiúin ná do na freagrachtaí a chuirtear de chúram ar chomhlachtaí eile de chuid na Gníomhaireachta, go háirithe in ábhair a bhaineann le slándáil, agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát maidir le creidiúnú slándála.

    2.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar an mBord um Chreidiúnú Slándála:

    (a)

    straitéis creidiúnaithe slándála a shainiú agus a fhormheas, lena leagfar amach an méid seo a leanas:

    (i)

    raon feidhme na ngníomhaíochtaí is gá chun creidiúnú chomhpháirteanna an Chláir nó codanna de na comhpháirteanna sin a dhéanamh agus a chothabháil, mar aon le haon idirnasc idir iad agus aon chórais nó aon chomhpháirteanna eile;

    (ii)

    próiseas creidiúnaithe slándála do chomhpháirteanna an Chláir, nó do codanna de na comhpháirteanna sin, agus é mionsonraithe i gcomhréir leis an leibhéal iontaofachta is gá agus na coinníollacha maidir le creidiúnú luaite go soiléir;

    (iii)

    ról na ngeallsealbhóirí ábhartha a bheidh páirteach i bpróiseas an chreidiúnúcháin;

    (iv)

    sceideal creidiúnaithe a bheidh ag teacht le céimeanna chomhpháirteanna an Chláir, go háirithe i dtaca leis an mbonneagar a imscaradh, soláthar seirbhísí agus éabhlóid;

    (v)

    prionsabail an chreidiúnaithe slándála i gcás líonraí atá nasctha le córais arna gcur ar bun faoi chomhpháirteanna an Chláir nó le haghaidh codanna de na comhpháirteanna sin, agus le haghaidh trealamh atá nasctha le córais arna mbunú leis na comhpháirteanna sin, a dhéanfaidh eintitis náisiúnta na mBallstát atá inniúil in ábhair shlándála;

    (b)

    cinntí maidir le creidiúnú slándála a dhéanamh, go háirithe i ndáil le lainseálacha satailítí a fhormheas, údarú a thabhairt na córais arna gcur ar bun faoi chomhpháirteanna an Chláir, nó eilimintí de na comhpháirteanna sin, a oibriú ina gcumraíochtaí éagsúla agus do na seirbhísí éagsúla a sholáthraíonn siad, chomh fada leis an gcomhartha sa spás agus an comhartha sin san áireamh, agus i ndáil le húdarú a thabhairt na stáisiúin ar talamh a oibriú.

    (c)

    cinntí a dhéanamh maidir leis na líonraí agus leis an trealamh atá nasctha le seirbhís PRS dá dtagraítear in Airteagal 45, nó atá nasctha le haon seirbhís shlán eile a eascraíonn as comhpháirteanna an Chláir, ach amháin maidir le comhlachtaí a údarú chun teicneolaíochtaí íogaire PRS, glacadóirí PRS nó modúil slándála PRS a fhorbairt agus a mhonarú, nó aon teicneolaíocht nó trealamh eile is gá a sheiceáil faoi na ceanglais ghinearálta slándála dá dtagraítear in Airteagal 34(2), ag cur san áireamh na comhairle a chuirfidh na heintitis náisiúnta atá inniúil in ábhair shlándála agus na rioscaí foriomlána slándála ar fáil;

    (d)

    an doiciméadacht uile a bhaineann le creidiúnú slándála a scrúdú agus, cé is moite de na doiciméid a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 34(2) den Rialachán seo agus Airteagal 8 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE, a fhormheas;

    (e)

    laistigh dá réimse inniúlachta, comhairle a thabhairt don Choimisiún chun dréacht-téacsanna a tháirgeadh le haghaidh na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 34(2) den Rialachán seo agus in Airteagal 8 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE, lena n-áirítear chun nósanna imeachta oibríochtaí slándála a bhunú, agus ráiteas a thabhairt lena sheasamh deiridh;

    (f)

    an measúnú riosca slándála arna tharraingt suas i gcomhréir leis an bpróiseas faireacháin dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 37 den Rialachán seo a scrúdú agus a fhormheas, agus comhlíonadh na ndoiciméad dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo agus na ndoiciméad arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 34(2) den Rialachán seo agus le hAirteagal 8 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE á gcur san áireamh; agus oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún chun bearta maolúcháin riosca a shainiú;

    (g)

    cur chun feidhme na mbeart slándála a sheiceáil i ndáil le creidiúnú slándála chomhpháirteanna an Chláir trí mheasúnuithe slándála, cigireachtaí, iniúchtaí nó athbhreithnithe a dhéanamh nó a urrú, i gcomhréir le hAirteagal 42(2) den Rialachán seo;

    (h)

    formhuiniú a dhéanamh ar roghnú na dtáirgí agus na mbeart formheasta a thugann cosaint ar chúléisteacht leictreonach (TEMPEST) agus ar roghnú na dtáirgí formheasta cripteagrafaíochta a úsáidtear chun slándáil a chur ar fáil do chomhpháirteanna an Chláir;

    (i)

    an t-idirnasc idir na córais arna mbunú faoi chomhpháirteanna an Chláir nó faoi chodanna de na comhpháirteanna sin agus córais eile a fhormheas nó, i gcás inarb ábhartha, páirt a ghlacadh i bhformheas comhpháirteach an idirnaisc sin, i gcomhar leis na heintitis ábhartha atá inniúil in ábhair shlándála;

    (j)

    an teimpléad le haghaidh rialú rochtana dá dtagraítear in Airteagal 42(4) a chomhaontú leis an mBallstát ábhartha;

    (k)

    tuarascálacha riosca a ullmhú agus an Coimisiún, an Bord Riaracháin agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar an eolas faoin measúnú riosca agus comhairle a thabhairt dóibh maidir le roghanna chun déileáil le riosca iarmharach a bhaineann le cinneadh ar leith maidir le creidiúnú slándála;

    (l)

    cúnamh a thabhairt don Chomhairle agus don Ardionadaí, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, Cinneadh (CBES) 2021/698 a chur chun feidhme arna iarraidh sin go sonrach don Chomhairle nó don Ardionadaí;

    (m)

    na comhairliúcháin is gá a dhéanamh chun na cúraimí atá air a chomhlíonadh;

    (n)

    a rialacha nós imeachta a ghlacadh agus a fhoilsiú.

    3.   Gan dochar do chumhachtaí ná de fhreagrachtaí na mBallstát, bunófar, faoi mhaoirseacht an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, fochomhlacht speisialta a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na mBallstát chun na cúraimí seo a leanas, go háirithe, a dhéanamh:

    (a)

    bainistiú eochracha eitilte na gClár;

    (b)

    bunú agus forfheidhmiú nósanna imeachta le haghaidh chuntasaíocht, láimhseáil shlán, stóráil agus dháileadh eochracha PRS Galileo a fhíorú, mar aon le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

    Airteagal 39

    Comhdhéanamh an Bhoird um Chreidiúnú Slándála

    1.   Ar an mBord um Chreidiúnú Slándála, beidh ionadaí amháin ó gach Ballstát, ionadaí amháin ón gCoimisiún agus ionadaí amháin de chuid an Ardionadaí. 4 bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, agus beidh an téarma sin in-athnuaite.

    2.   Is ar bhonn riachtanais eolais a bheidh rannpháirtíocht i gcruinnithe an Bhoird um Chreidiúnú Slándála. I gcás inarb iomchuí, féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó GES agus d’ionadaithe ón nGníomhaireacht nach bhfuil bainteach le creidiúnú slándála freastal ar chruinnithe an Bhoird um Chreidiúnú Slándála mar bhreathnóirí. Ar bhonn eisceachtúil, féadfar cuireadh a thabhairt freisin d’ionadaithe ó Ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta freastal ar chruinnithe an Bhoird um Chreidiúnú Slándála mar bhreathnóirí i gcás ábhair a bhaineann go díreach leis na tríú tíortha nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin, go háirithe ábhair a bhaineann leis an mbonneagar ar leo é nó atá bunaithe ar a gcríoch. Déanfar socruithe maidir le rannpháirtíocht na n-ionadaithe sin ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus an coinníoll maidir le rannpháirtíocht den sórt sin a leagan síos sna comhaontuithe ábhartha agus comhlíonfaidh siad rialacha nós imeachta an Bhoird um Chreidiúnú Slándála.

    Airteagal 40

    Rialacha vótála an Bhoird um Chreidiúnú Slándála

    Más rud é nach féidir teacht ar chomhthoil de réir na bprionsabal ginearálta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 37 den Rialachán seo, déanfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála cinntí ar bhonn vótáil trí thromlach cáilithe, i gcomhréir le hAirteagal 16 CAE. Ní chaithfidh ionadaí an Choimisiúin ná ionadaí an Ardionadaí vóta. Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála na cinntí a ghlacfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála a shíniú thar ceann an Bhoird um Chreidiúnú Slándála.

    Airteagal 41

    Cinntí an Bhoird um Chreidiúnú Slándála a chur in iúl agus tionchar na gcinntí sin

    1.   Is chuig an gCoimisiún a dhíreofar cinntí an Bhoird um Chreidiúnú Slándála.

    2.   Coinneoidh an Coimisiún an Bord um Chreidiúnú Slándála ar an eolas ar bhonn leanúnach maidir le tionchar aon chinnidh arna bheartú ag an mBord um Chreidiúnú Slándála ar sheoladh cuí chomhpháirteanna an Chláir agus maidir le cur chun feidhme na bpleananna chun déileáil le riosca iarmharach. Tabharfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála aon fhaisnéis den sórt sin a fhaightear ón gCoimisiún dá aire.

    3.   Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, gan mhoill, maidir le tionchar ghlacadh na gcinntí maidir le creidiúnú slándála ar sheoladh cuí chomhpháirteanna an Chláir. Má mheasann an Coimisiún go bhféadfadh éifeacht shuntasach a bheith ag cinneadh arna dhéanamh ag an mBord um Chreidiúnú Slándála ar sheoladh cuí na gcomhpháirteanna sin, mar shampla ó thaobh costas, sceidil nó feidhmíochta de, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    4.   Coinneofar an Bord Riaracháin ar an eolas go tráthrialta faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ar obair an Bhoird um Chreidiúnú Slándála.

    5.   Ní chuirfidh an t-amchlár le haghaidh obair an Bhoird um Chreidiúnú Slándála isteach ar amchlár na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 100.

    Airteagal 42

    Ról na mBallstát i gcreidiúnú slándála

    1.   Maidir leis na Ballstáit, déanfaidh siad an fhaisnéis go léir a mheasann siad a bheith ábhartha chun críoch creidiúnaithe slándála a tharchur chuig an mBord um Chreidiúnú Slándála.

    2.   I gcomhaontú leis na heintitis náisiúnta atá inniúil in ábhair shlándála agus faoina maoirseacht, ceadóidh na Ballstáit do dhaoine cuí-údaraithe arna gceapadh ag an mBord um Chreidiúnú Slándála rochtain a bheith acu ar aon fhaisnéis agus ar aon limistéar agus ar aon láithreán a bhaineann le slándáil na gcóras a thagann faoina ndlínse, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin náisiúnta, lena n-áirítear rochtain chun críoch cigireachtaí, iniúchtaí agus tástálacha slándála arna gcinneadh ag an mBord um Chreidiúnú Slándála agus chun críocha an phróisis faireacháin i ndáil le rioscaí slándála dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 37. Beidh an rochtain sin ann gan aon idirdhealú á dhéanamh ar fhorais náisiúntachta in aghaidh náisiúnaigh na mBallstát,

    3.   Déanfar iniúchtaí agus tástálacha dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

    (a)

    leagfar béim ar an tslándáil agus ar bhainistiú éifeachtach riosca laistigh de na heintitis a ndéanfar cigireacht orthu;

    (b)

    molfar frithbhearta chun an tionchar sonrach a bheadh ag cailliúint rúndachta, sláine nó infhaighteachta faisnéise rúnaicmithe a mhaolú.

    4.   Beidh gach Ballstát freagrach as teimpléad a cheapadh le haghaidh rialú rochtana, ar teimpléad é ina leagtar amach go hachomair, nó ina liostaítear, na limistéir nó na láithreáin atá le creidiúnú. Comhaontófar an teimpléad le haghaidh rialú rochtana roimh ré idir na Ballstáit agus an Bord um Chreidiúnú Slándála agus áiritheofar, ar an gcaoi sin, go mbeidh an leibhéal céanna rialaithe rochtana á sholáthar ag na Ballstáit uile;

    5.   Beidh Ballstáit freagrach, ar leibhéal áitiúil, as creidiúnú slándála láithreán atá suite laistigh dá gcríoch agus ar cuid iad den limistéar um chreidiúnú slándála do chomhpháirteanna an Chláir, agus tuairisceoidh siad, chun na críche sin, don Bhord um Chreidiúnú Slándála.

    CAIBIDIL III

    Faisnéis rúnaicmithe a chosaint

    Airteagal 43

    Faisnéis rúnaicmithe a chosaint

    1.   Maidir le malartú faisnéise rúnaicmithe a bhaineann leis an gClár, beidh an malartú sin faoi réir comhaontú idirnáisiúnta a bheith ann idir an tAontas agus tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta maidir le malartú faisnéise rúnaicmithe nó, i gcás inarb infheidhme, socrú arna dhéanamh idir institiúid nó comhlacht inniúil an Aontais agus údaráis ábhartha tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta maidir le malartú faisnéise rúnaicmithe, agus beidh sé faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú nó sa socrú sin;

    2.   Ní fhéadfaidh daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i dtríú tíortha ná daoine dlítheanacha atá bunaithe i dtríú tíortha déileáil le FRAE a bhaineann leis an gClár ach amháin i gcás ina mbeidh siad faoi réir rialacháin slándála, sna tríú tíortha sin, lena n-áiritheofar leibhéal cosanta atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal cosanta a thugtar faoi rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 agus faoi rialacha slándála na Comhairle a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE. Saineofar coibhéis na rialachán slándála a chuirtear i bhfeidhm i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhaontú um shlándáil faisnéise, lena n-áirítear, más ábhartha, ábhair slándála tionsclaíche, a thabharfar i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 218 CFAE agus Airteagal 13 de Chinneadh 2013/488/AE á chur san áireamh.

    3.   Gan dochar d’Airteagal 13 de Chinneadh 2013/488/AE agus do na rialacha lena rialaítear réimse na slándála tionsclaíche mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444, féadfar rochtain a thabhairt do dhuine nádúrtha nó do dhuine dlítheanach, do thríú tír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta ar FRAE i gcás ina measfar gur gá sin agus de réir gach cáis ar leith, de réir cineál agus inneachar faisnéise den sórt sin, an ghá don fhaighteoir a bheith ar an eolas agus mhéid an bhuntáiste don Aontas.

    TEIDEAL VI

    Galileo agus EGNOS

    Airteagal 44

    Gníomhaíochtaí incháilithe

    Le saothrú Galileo agus EGNOS, cumhdófar na gníomhaíochtaí incháilithe seo a leanas:

    (a)

    bainistiú, oibriú, cothabháil, feabhsú leanúnach, éabhlóid agus cosaint an bhonneagair spásbhunaithe, lena n-áirítear uasghráduithe agus bainistíocht dífheidhmeachta;

    (b)

    bainistiú, oibriú, cothabháil, feabhsú leanúnach, éabhlóid agus cosaint an bhonneagair talamhbhunaithe, go háirithe lárionaid agus stáisiúin talamhbhunaithe dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 nó i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1406 ón gCoimisiún (45), líonraí, lena n-áirítear uasghráduithe agus bainistíocht dífheidhmeachta;

    (c)

    forbairt ghlún na gcóras amach anseo agus éabhlóid na seirbhísí a sholáthraíonn Galileo agus EGNOS, lena n-áirítear trí riachtanais na ngeallsealbhóirí ábhartha a chur san áireamh; ní dhéanfaidh sin difear do chinntí a dhéanfar amach anseo maidir le peirspictíochtaí airgeadais an Aontais;

    (d)

    tacú le feidhmeanna iartheachtacha Galileo agus EGNOS a fhorbairt agus le forbairt agus éabhlóid eilimintí bunúsacha teicneolaíocha, amhail slis-seiteanna agus glacadóirí atá cumasaithe do Galileo;

    (e)

    tacaíocht do ghníomhaíochtaí creidiúnaithe agus caighdeánaithe a bhaineann le Galileo agus le EGNOS, go háirithe in earnáil an iompair;

    (f)

    soláthar leanúnach na seirbhísí a sholáthraíonn Galileo agus EGNOS agus, i gcomhlántacht le Ballstáit agus le tionscnaimh de chuid na hearnála príobháidí, forbairt margaidh na seirbhísí sin, go háirithe chun na tairbhí socheacnamaíocha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) a uasmhéadú;

    (g)

    comhar le córais réigiúnacha nó dhomhanda eile loingseoireachta satailíte, lena n-áirítear chun comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht a éascú;

    (h)

    eilimintí chun faireachán a dhéanamh ar iontaofacht na gcóras agus saothrú na gcóras sin, agus feidhmiú na seirbhísí;

    (i)

    gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar seirbhísí agus le comhordú leathnú a gcumhdaigh.

    Airteagal 45

    Seirbhísí arna soláthar ag Galileo

    1.   Is é a bheidh sna seirbhísí arna soláthar ag Galileo:

    (a)

    seirbhís oscailte Galileo (GOS), a bheidh saor in aisce don úsáideoir agus a sholáthróidh faisnéis suite agus sioncronaithe atá beartaithe go príomha le haghaidh feidhmeanna loingseoireachta satailíte ardéilimh le húsáid ag tomhaltóirí;

    (b)

    seirbhís ardbheachtais (HAS), a bheidh saor in aisce don úsáideoir agus a sholáthróidh, trí shonraí breise arna scaipeadh ar bhanda minicíochta forlíontach, faisnéis suite agus sioncronaithe ardbheachtais atá beartaithe go príomha le haghaidh feidhmeanna loingseoireachta satailíte le haghaidh úsáid ghairmiúil nó tráchtála;

    (c)

    seirbhís fíordheimhniúcháin comharthaí (SAS), bunaithe ar na cóid chriptithe atá sna comharthaí atá beartaithe go príomha le haghaidh feidhmeanna loingseoireachta satailíte le haghaidh úsáid ghairmiúil nó tráchtála;

    (d)

    seirbhís phoiblí rialáilte (PRS), a bheidh teoranta d’úsáideoirí atá údaraithe ag an rialtas le haghaidh feidhmeanna íogaire a éilíonn ardleibhéal leanúnachais seirbhíse, lena n-áirítear i réimse na slándála agus na cosanta, trí chomharthaí láidre criptithe a úsáid; beidh sí saor in aisce do na Ballstáit, don Chomhairle, don Choimisiún, do SEGS agus, i gcás inarb iomchuí, do ghníomhaireachtaí cuí-údaraithe de chuid an Aontais; déanfar an cheist i dtaobh muirear a ghearradh ar rannpháirtithe eile PRS dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE a mheasúnú de réir gach cáis ar leith agus déanfar forálacha iomchuí a shonrú sna comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 3(5) den Chinneadh sin; rialófar rochtain ar PRS i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE;

    (e)

    seirbhís éigeandála (ES), a bheidh saor in aisce do na húsáideoirí agus a chraolfaidh, trí chomharthaí a chur amach, rabhaidh maidir le tubaistí nádúrtha nó éigeandálaí eile i limistéir ar leith; soláthrófar í, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le húdaráis náisiúnta cosanta sibhialta na mBallstát;

    (f)

    seirbhís uainiúcháin (TS), a bheidh saor in aisce d’úsáideoirí agus a sholáthróidh am tagartha cruinn stóinsithe, agus a ríomhfaidh an t-am uilíoch comhordaithe, rud a éascóidh forbairt feidhmeanna uainiúcháin ar bhonn Galileo agus an úsáid i bhfeidhmeanna criticiúla.

    2.   Le Galileo, rannchuideofar freisin leis an méid seo a leanas:

    (a)

    seirbhís tacaíochta cuardaigh agus tarrthála (SAR) chóras COSPAS-SARSAT trí chomharthaí guaise arna dtarchur ó rabhcháin a bhrath agus trí theachtaireachtaí a chur ar ais chucu trí nasc aisfhillte;

    (b)

    seirbhísí faireacháin sláine arna gcaighdeánú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta lena n-úsáid ag na seirbhísí sábháilteachta beatha, ar bhonn chomharthaí sheirbhís oscailte Galileo agus in éineacht le EGNOS agus le córais loingseoireachta satailíte eile;

    (c)

    faisnéis aimsire spáis trí Lárionad Seirbhíse GNSS dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 agus seirbhísí luathrabhaidh arna gcur ar fáil trí bhonneagar Galileo talamhbhunaithe, atá beartaithe go príomha leis na rioscaí féideartha d’úsáideoirí na seirbhísí arna soláthar ag Galileo agus ag GNSSanna eile a bhaineann leis an spás a laghdú.

    Airteagal 46

    Seirbhísí arna soláthar ag EGNOS

    1.   Is é a bheidh sna seirbhísí arna soláthar ag EGNOS:

    (a)

    seirbhís oscailte EGNOS (EOS), a bheidh saor ó mhuirir dhíreacha don úsáideoir agus a sholáthróidh faisnéis suite agus sioncronaithe atá beartaithe go príomha le haghaidh feidhmeanna loingseoireachta satailíte ardéilimh le húsáid ag tomhaltóirí;

    (b)

    seirbhís rochtana sonraí EGNOS (EDAS), a bheidh saor ó mhuirir dhíreacha don úsáideoir agus a sholáthróidh faisnéis suite agus sioncronaithe atá beartaithe go príomha le haghaidh feidhmeanna loingseoireachta satailíte le haghaidh úsáid ghairmiúil nó tráchtála, trína gcuirfear feidhmíocht agus sonraí feabhsaithe ar fáil ar mó a mbreisluach ná mar a fhaightear trí EOS;

    (c)

    seirbhís sábháilteachta beatha (SoL) a bheidh saor ó mhuirir dhíreacha don úsáideoir agus a sholáthróidh faisnéis suite agus sioncronaithe ama a mbainfidh ardleibhéal leanúnachais, infhaighteachta agus cruinnis léi, lena n-áirítear teachtaireacht sláine a thugann foláireamh d’úsáideoirí maidir le comharthaí a dteipeann orthu nó comharthaí atá lasmuigh den teorainn lamháltais, arna gcur amach ag Galileo agus GNSSanna eile lena dtreisíonn EGNOS sa limistéar cumhdaigh, atá beartaithe go háirithe le haghaidh úsáideoirí a bhfuil an tsábháilteacht riachtanach dóibh, go háirithe in earnáil na heitlíochta sibhialta chun críoch seirbhísí aerloingseoireachta, i gcomhréir le caighdeáin ICAO, nó in earnálacha eile iompair.

    2.   Déanfar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar mar thosaíocht ar chríoch na mBallstát uile atá lonnaithe go geografach san Eoraip, lena n-áirítear chun na críche sin an Chipir, na hAsóir, na hOileáin Chanáracha agus Maidéara, faoi dheireadh na bliana 2026.

    3.   Féadfar cumhdach geografach EGNOS a shíneadh chuig réigiúin eile den domhan, go háirithe chuig críocha tíortha is iarrthóirí, chuig críocha tríú tíortha atá comhlachaithe leis an Aerspás Eorpach Aonair agus chuig críocha tríú tíortha i mBeartas Comharsanachta na hEorpa, faoi réir indéantacht theicniúil agus i gcomhréir leis na ceanglais slándála dá dtagraítear in Airteagal 34(2) agus, i gcás sheirbhís SoL, ar bhonn comhaontuithe idirnáisiúnta.

    4.   An costas a bhaineann le síneadh a chur le cumhdach geografach EGNOS faoi mhír 3 den Airteagal seo, lena n-áirítear na costais ghaolmhara oibríochtúla a bhaineann go sonrach leis na réigiúin sin, ní chumhdófar é leis an mbuiséad dá dtagraítear in Airteagal 11. Féachfaidh an Coimisiún an bhféadfaí na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú le cláir nó ionstraimí eile. Le síneadh den sórt sin, ní chuirfear moill ar thairiscint na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fud chríocha na mBallstát atá lonnaithe go geografach san Eoraip.

    Airteagal 47

    Bearta cur chun feidhme le haghaidh Galileo agus EGNOS

    Ar mhaithe le feidhmiú rianúil Galileo agus EGNOS agus le go nglacfaidh an margadh leo, leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcás inar gá, na bearta is gá chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    na rioscaí ar gné dhílis iad d’oibriú Galileo agus EGNOS a bhainistiú agus a laghdú, go háirithe chun leanúnachas gnó a áirithiú;

    (b)

    na príomhchéimeanna cinnteoireachta chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme Galileo agus EGNOS a shonrú;

    (c)

    suíomh na lárionad a bhaineann le bonneagar talamhbhunaithe Galileo agus EGNOS a chinneadh i gcomhréir leis na ceanglais slándála, tar éis próiseas trédhearcach oscailte, agus feidhmiú na lárionad sin a áirithiú;

    (d)

    na sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla a bhaineann leis na seirbhísí dá dtagraítear i bpointí (c), (e) agus (f) d’Airteagal 45(1) agus pointe (c) d’Airteagal 45(2) a chinneadh.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

    Airteagal 48

    Comhoiriúnacht, idir-inoibritheacht agus caighdeánú

    1.   Beidh Galileo agus EGNOS agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad comhoiriúnach agus idir-inoibritheach ón taobh teicniúil de, lena n-áirítear ar leibhéal na n-úsáideoirí.

    2.   Beidh Galileo agus EGNOS agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad comhoiriúnach agus idir-inoibritheach le córais loingseoireachta satailíte eile agus le gnáthmhodhanna loingseoireachta raidió, i gcás ina bhfuil na ceanglais is gá agus na coinníollacha maidir le comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht leagtha síos i gcomhaontuithe idirnáisiúnta.

    TEIDEAL VII

    COPERNICUS

    CAIBIDIL I

    Forálacha ginearálta

    Airteagal 49

    Raon feidhme Copernicus

    1.   Cuirfear Copernicus chun feidhme trí chur le hinfheistíochtaí a rinneadh roimhe seo, lena n-áirítear infheistíochtaí a rinne geallsealbhóirí amhail GES agus EUMETSAT agus, i gcás inarb iomchuí agus ina bhfuil sé cost-éifeachtach, ag tarraingt ar acmhainneachtaí náisiúnta nó réigiúnacha na mBallstát agus acmhainneachtaí soláthróirí tráchtála sonraí agus faisnéise inchomparáide á gcur san áireamh, mar aon leis an ngá iomaíochas agus forbairt an mhargaidh a chothú, agus deiseanna d’úsáideoirí na hEorpa á n-uasmhéadú ag an am céanna.

    2.   Le Copernicus, cuirfear sonraí agus faisnéis ar fáil, ag tógáil ar riachtanais úsáideoirí Copernicus agus bunaithe ar bheartas sonraí atá saor in aisce, iomlán, agus oscailte.

    3.   Le Copernicus, tacófar le beartais an Aontais agus beartais a Bhallstát a fhoirmliú agus a chur chun feidhme agus le faireachán a dhéanamh orthu, go háirithe i réimsí an chomhshaoil, an athraithe aeráide, na mara, na gcúrsaí muirí, an atmaisféir, na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe, chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha, na cosanta sibhialta, an fhaireacháin ar bhonneagar, na sábháilteachta agus na slándála, mar aon leis an ngeilleagar digiteach, agus é mar aidhm leis an tacaíocht sin an t-ualach riaracháin a laghdú tuilleadh.

    4.   Áireofar na heilimintí seo a leanas in Copernicus:

    (a)

    fáil sonraí, lena n-áireofar:

    (i)

    Fairtheoirí Copernicus a fhorbairt agus a oibriú;

    (ii)

    rochtain ar shonraí tríú páirtí maidir le faire spásbhunaithe na Cruinne;

    (iii)

    rochtain ar shonraí in situ agus ar shonraí coimhdeacha eile;

    (b)

    próiseáil sonraí agus faisnéise trí Sheirbhísí Copernicus, lena n-áireofar gníomhaíochtaí chun faisnéis bhreisluacha a ghiniúint chun tacú le seirbhísí faireacháin comhshaoil, tuairiscithe agus dearbhaithe comhlíonta, cosanta sibhialta agus na slándála;

    (c)

    rochtain agus dáileadh sonraí, lena n-áireofar bonneagar agus seirbhísí chun a áirithiú go ndéanfar sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a fhionnachtain, a bhreathnú, a rochtain, a dháileadh, a shaothrú agus a chaomhnú go fadtéarmach, ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir;

    (d)

    glacadh na n-úsáideoirí, forbairt margaidh agus fothú acmhainneachta i gcomhréir le hAirteagal 28(6), lena n-áireofar na gníomhaíochtaí, acmhainní agus seirbhísí ábhartha chun Copernicus, sonraí Copernicus agus seirbhísí Copernicus a chur chun cinn, mar aon le feidhmeanna iartheachtacha gaolmhara agus a bhforbairt ar gach leibhéal chun na tairbhí socheacnamaíocha, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), a uasmhéadú, mar aon le riachtanais na n-úsáideoirí Copernicus a bhailiú agus a anailísiú.

    5.   Le Copernicus, cuirfear comhordú idirnáisiúnta córas breathnóireachta agus malartuithe gaolmhara sonraí chun cinn chun a ghné dhomhanda agus a chomhlántacht a neartú, agus na comhaontuithe idirnáisiúnta agus na próisis chomhordúcháin á gcur san áireamh.

    CAIBIDIL II

    Gníomhaíochtaí incháilithe

    Airteagal 50

    Gníomhaíochtaí incháilithe chun sonraí a fháil

    Le gníomhaíochtaí incháilithe faoi Copernicus, cumhdófar an méid seo a leanas:

    (a)

    gníomhaíochtaí chun leanúnachas feabhsaithe a chur ar fáil i dtaca le misin Fhairtheoirí Copernicus atá ann cheana agus chun tuilleadh Fhairtheoirí Copernicus a fhorbairt, a lainseáil, a chothabháil agus a oibriú chun an scóip bhreathnóireachta a leathnú, agus tosaíocht á tabhairt go háirithe d’acmhainneachtaí breathnóireachta chun faireachán a dhéanamh ar CO2 antrapaigineach agus ar astaíochtaí eile gás ceaptha teasa, lenar féidir faireachán a dhéanamh ar réigiúin pholacha agus lena gcumasaítear feidhmeanna nuálacha comhshaoil i mbainistiú talmhaíochta, foraoise, uisce agus acmhainní mara, agus san oidhreacht chultúrtha;

    (b)

    gníomhaíochtaí chun rochtain a chur ar fáil ar shonraí agus fáisnéis tríú páirtí Copernicus, ar sonraí iad is gá chun Seirbhísí Copernicus a ghiniúint nó lena n-úsáid ag institiúidí, gníomhaireachtaí agus seirbhísí díláraithe an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí agus ina bhfuil sé cost-éifeachtach, comhlachtaí poiblí náisiúnta nó réigiúnacha;

    (c)

    gníomhaíochtaí chun rochtain ar shonraí Copernicus in situ agus ar shonraí coimhdeacha eile a chur ar fáil agus a chomhordú, ar sonraí iad a bhfuil gá leo chun sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a ghiniúint, a chalabrú agus a bhailíochtú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí agus ina bhfuil sé cost-éifeachtach, acmhainneachtaí náisiúnta a úsáid agus dúbláil a sheachaint.

    Airteagal 51

    Gníomhaíochtaí incháilithe le haghaidh sheirbhísí Copernicus

    1.   I ngníomhaíochtaí incháilithe faoi Sheirbhísí Copernicus, áireofar an méid seo a leanas:

    (a)

    seirbhísí faireacháin comhshaol, tuairiscithe agus dearbhaithe comhlíonta i ndáil leis an gcomhshaol, lena gcumhdaítear:

    (i)

    faireachán ar an atmaisféar ar an leibhéal domhanda chun faisnéis maidir le cáilíocht an aeir, agus béim ar leith á leagan ar leibhéal na hEorpa, agus maidir le comhdhéanamh an atmaisféir a sholáthar;

    (ii)

    faireachán ar an muirthimpeallacht chun faisnéis a sholáthar faoi staid agus dinimicí éiceachóras aigéin, farraige agus cósta, agus faoina n-acmhainní agus a n-úsáid;

    (iii)

    faireachán ar thalamh agus ar thalmhaíocht chun faisnéis a sholáthar faoi chumhdach talún, úsáid talún agus athrú ar úsáid talún, láithreáin oidhreachta cultúrtha, gluaisne talún, limistéir uirbeacha, cainníocht agus cáilíocht uisce intíre, foraoisí, talmhaíocht agus acmhainní nádúrtha eile, bithéagsúlacht agus an crióisféar;

    (iv)

    faireachán ar an athrú aeráide chun faisnéis a sholáthar faoi CO2 antrapaigineach agus astaíochtaí agus ionsúcháin eile gás ceaptha teasa, athróga riachtanacha aeráide, athanailísí aeráide, réamhaisnéisí séasúracha, réamh-mheastacháin agus sannadh an athraithe aeráide, faisnéis faoi athruithe sna réigiúin pholacha agus san Artach, mar aon le táscairí ar scálaí ábhartha ama agus spásúla;

    (b)

    seirbhís bainistithe éigeandála chun faisnéis a sholáthar mar thacú agus i gcomhordú leis na húdaráis phoiblí a bhfuil baint acu leis an gcosaint shibhialta, a thacaíonn le hoibríochtaí cosanta sibhialta agus le hoibríochtaí freagartha éigeandála (gníomhaíochtaí luathrabhaidh agus acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna a fheabhsú), agus le gníomhaíochtaí um chosc agus um ullmhacht (anailísí ar riosca agus ar théarnamh) maidir le cineálacha éagsúla tubaistí;

    (c)

    seirbhís slándála chun tacú le faireachas laistigh den Aontas agus ag a theorainneacha seachtracha, le faireachas muirí, le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais lena dtugtar freagra ar na dúshláin slándála atá os comhair an Aontais agus le cuspóirí agus gníomhaíochtaí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún, agus tacaíocht á fáil aige i gcás inarb ábhartha ó shaineolaithe neamhspleácha seachtracha, ábharthacht Sheirbhísí Copernicus a áirithiú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    indéantacht theicniúil na gceanglas a chuireann na pobail úsáideoirí in iúl, agus a oiriúnaí atá siad don fheidhm, a bhailíochtú;

    (b)

    measúnú a dhéanamh ar na modhanna agus na réitigh a mholtar nó a fhorghníomhaítear chun ceanglais na bpobal úsáideoirí a chomhlíonadh agus chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach.

    Airteagal 52

    Gníomhaíochtaí incháilithe chun sonraí agus faisnéis a rochtain agus a dháileadh

    1.   Áireofar in Copernicus gníomhaíochtaí chun rochtain fheabhsaithe a chur ar fáil ar shonraí uile Copernicus agus ar fhaisnéis uile Copernicus agus, i gcás inarb iomchuí, soláthrófar bonneagar agus seirbhísí breise chun dáileadh agus úsáid na sonraí agus na faisnéise sin, agus chun rochtain orthu, a chothú.

    2.   I gcás ina measfar go bhfuil sonraí Copernicus nó faisnéis Copernicus íogair ó thaobh na slándála de réir bhrí Airteagail 12 go 16 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1159/2013, féadfaidh an Coimisiún soláthar agus dáileadh na sonraí agus na faisnéise sin, maoirseacht ar iad a fháil, agus rochtain orthu a chur de chúram ar eintiteas muiníneach amháin nó níos mó. Déanfaidh na heintitis sin clár d’úsáideoirí creidiúnaithe a bhunú agus a chothabháil agus tabharfaidh siad rochtain ar na sonraí srianta trí shreabhadh oibre deighilte.

    CAIBIDIL III

    Beartas maidir le sonraí Copernicus

    Airteagal 53

    Beartas maidir le sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus

    1.   Soláthrófar sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus d’úsáideoirí Copernicus faoin mbeartas sonraí seo a leanas, ar beartas sonraí é a bheidh saor in aisce, iomlán agus oscailte:

    (a)

    féadfaidh úsáideoirí Copernicus, ar bhonn saor in aisce agus domhanda, sonraí uile Copernicus agus faisnéis uile Copernicus a atáirgeadh, a dháileadh, a chur in iúl don phobal, a oiriúnú agus a mhodhnú agus iad a chur le chéile le sonraí agus faisnéis eile;

    (b)

    beidh na teorainneacha seo a leanas ag baint leis an mbeartas sonraí atá saor in aisce, iomlán agus oscailte:

    (i)

    déanfar formáidí, tráthúlacht agus gnéithe scaipthe shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus a réamh-shainiú;

    (ii)

    cloífear le coinníollacha ceadúnúcháin sonraí tríú páirtí agus faisnéise tríú páirtí arna n-úsáid chun sonraí agus faisnéis tríú páirtí Copernicus a tháirgeadh i gcás inarb infheidhme;

    (iii)

    na teorainneacha slándála ar toradh iad ar na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 34(2);

    (iv)

    áiritheofar cosaint in aghaidh riosca i dtaca le suaitheadh ar an gcóras lena dtáirgtear sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus nó lena gcuirtear ar fáil iad agus i dtaca le suaitheadh ar na sonraí féin;

    (v)

    áiritheofar cosaint na rochtana iontaofa ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus le haghaidh úsáideoirí Eorpacha.

    2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 105 chun na forálacha sonracha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí agus na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le rochtain a fháil ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus agus maidir lena n-úsáid.

    3.   Más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 106 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

    4.   Eiseoidh an Coimisiún ceadúnais agus fógraí le haghaidh rochtain agus úsáid shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus, lena n-áirítear clásail maidir le bunús, i gcomhréir leis an mbeartas maidir le sonraí Copernicus a leagtar amach sa Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe is infheidhme.

    TEIDEAL VIII

    COMHPHÁIRTEANNA EILE AN CHLÁIR

    CAIBIDIL I

    SSA

    Roinn 1

    Fo-chomhpháirt SST

    Airteagal 54

    Raon feidhme fho-chomhpháirt SST

    1.   Le fo-chomhpháirt SST, tacófar leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    bunú, forbairt agus oibriú líonra braiteoirí SST talamhbhunaithe agus spásbhunaithe de chuid na mBallstát, lena n-áirítear braiteoirí arna bhforbairt trí GES nó trí earnáil phríobháideach an Aontais, agus braiteoirí de chuid an Aontais arna n-oibriú go náisiúnta, chun suirbhéireacht agus rianú a dhéanamh ar réada spáis agus chun catalóg Eorpach de réada spáis a tháirgeadh;

    (b)

    próiseáil agus anailísiú shonraí SST ar an leibhéal náisiúnta chun faisnéis SST agus seirbhísí SST dá dtagraítear in Airteagal 55(1) a tháirgeadh;

    (c)

    soláthar sheirbhísí SST dá dtagraítear in Airteagal 55(1) d’úsáideoirí SST dá dtagraítear in Airteagal 56;

    (d)

    faireachán ar thionscnaimh agus sineirgíochtaí a lorg leo, ar tionscnaimh iad lena ndéantar forbairt agus imscaradh teicneolaíochtaí chun spásárthaigh a dhiúscairt ag deireadh na saolré oibríochtúla a chur chun cinn, agus forbairt agus imscaradh córas teicneolaíoch a chur chun cinn chun smionagar spáis a chosc agus a dhíothú, mar aon le faireachán ar thionscnaimh idirnáisiúnta i réimse an bhainistithe spástráchta.

    2.   Le fo-chomhpháirt SST, tabharfar tacaíocht theicniúil agus riaracháin freisin chun an t-aistriú idir Clár Spáis agus creat tacaíochta SST a bhunaítear le Cinneadh Uimh. 541/2014/AE a áirithiú.

    Airteagal 55

    Seirbhísí SST

    1.   Is é a bheidh in seirbhísí SST:

    (a)

    measúnú ar riosca an imbhuailte idir spásárthaigh nó idir spásárthaigh agus smionagar spáis agus foláirimh a d’fhéadfaí a thabhairt maidir le seachaint imbhuailte le linn chéimeanna na lainseála, na luathfhithise, an ardaithe fithise, oibríochtaí infhithise agus céimeanna diúscairte de mhisin spásárthach;

    (b)

    ilroinnt, scaradh nó imbhualadh infhithise a bhrath agus a thréithriú;

    (c)

    measúnú ar riosca athiontrála neamhrialaithe réad spáis agus smionagair spáis isteach in atmaisféar na Cruinne agus faisnéis ghaolmhar a ghiniúint, lena n-áirítear meastachán ar an amchlár agus suíomh féideartha an imbhuailte a d’fhéadfadh tarlú;

    (d)

    gníomhaíochtaí a fhorbairt mar ullmhúchán don mhéid seo a leanas:

    (i)

    maolú ar smionagar spáis chun gur lú de a ghinfear; agus

    (ii)

    feabhsúchán smionagair spáis tríd an smionagar spáis atá ann cheana a bhainistiú.

    2.   Beidh seirbhísí SST saor in aisce, beidh fáil orthu am ar bith gan aon bhriseadh agus beidh siad in oiriúint do riachtanais úsáideoirí SST dá dtagraítear in Airteagal 56.

    3.   Ní bheidh na Ballstáit atá rannpháirteach i bhfo-chomhpháirt SST, an Coimisiún ná, i gcás inarb ábhartha, Deasc thosaigh SST dá dtagraítear in Airteagal 59(1) faoi dhliteanas maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    damáiste atá mar thoradh ar easpa sholáthar sheirbhísí SST nó ar bhriseadh isteach ar an soláthar sin;

    (b)

    moill ar sholáthar sheirbhísí SST;

    (c)

    míchruinneas na faisnéise a sholáthraítear trí sheirbhísí SST;

    (d)

    gníomhaíocht a dhéantar mar fhreagairt ar sholáthar sheirbhísí SST.

    Airteagal 56

    Úsáideoirí SST

    1.   Is é a bheidh in úsáideoirí STT an Aontais:

    (a)

    croí-úsáideoirí SST: na Ballstáit, SEGS, an Coimisiún, an Chomhairle, an Ghníomhaireacht agus úinéirí agus oibreoirí spásárthach, idir phoiblí agus phríobháideach, atá bunaithe san Aontas;

    (b)

    úsáideoirí SST nach croí-úsáideoirí iad: eintitis phoiblí agus phríobháideacha eile atá bunaithe san Aontas.

    Beidh rochtain ag croí-úsáideoirí SST ar sheirbhísí uile SST dá dtagraítear in Airteagal 55(1).

    Féadfaidh úsáideoirí SST nach croí-úsáideoirí iad rochtain a bheith acu ar sheirbhísí SST dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 55(1).

    2.   Ar úsáideoirí idirnáisiúnta SST, beidh tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta nach bhfuil a gceanncheathrú san Aontas agus eintitis phríobháideacha nach bhfuil bunaithe san Aontas. Beidh rochtain acu ar sheirbhísí SST dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 55(1) faoi na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    féadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nach bhfuil a gceanncheathrú san Aontas rochtain a bheith acu ar sheirbhísí SST de bhun Airteagal 8(2);

    (b)

    féadfaidh eintitis phríobháideacha nach bhfuil bunaithe san Aontas rochtain a bheith acu ar sheirbhísí SST faoi réir comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) leis an tríú tír ina bhfuil siad bunaithe agus lena ndeonaítear an rochtain sin dóibh.

    Ní bheidh gá le haon chomhaontú idirnáisiúnta chun rochtain a fháil ar sheirbhísí SST atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 55(1).

    3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an rochtain ar sheirbhísí SST agus leis na nósanna imeachta ábhartha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

    Airteagal 57

    Rannpháirtíocht na mBallstát i bhfo-chomhpháirt SST

    1.   Na Ballstáit sin ar mian leo a bheith rannpháirteach i soláthar sheirbhísí SST dá dtagraítear in Airteagal 55(1) lena gcumhdaítear gach fithis, cuirfidh siad togra comhpháirteach aonair faoi bhráid an Choimisiúin ina léireofar comhlíonadh na gcritéar seo a leanas:

    (a)

    úinéireacht nó rochtain ar bhraiteoirí leordhóthanacha SST atá ar fáil d’fho-chomhpháirt SST agus acmhainní daonna lena n-oibriú, sin nó úinéireacht nó rochtain ar chumais leordhóthanacha anailísithe oibríochtúla agus próiseála sonraí arna ndearadh go speisialta do SST agus atá ar fáil d’fho-chomhpháirt SST;

    (b)

    measúnú riosca slándála tosaigh ar gach sócmhainn SST arna dhéanamh agus arna bhailíochtú ag an mBallstát ábhartha;

    (c)

    plean gníomhaíochta lena gcuirtear san áireamh an plean comhordúcháin arna ghlacadh faoi Airteagal 6 de Chinneadh 541/2014/AE, chun na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 54 den Rialachán seo a chur chun feidhme;

    (d)

    dáileadh na ngníomhaíochtaí éagsúla i measc na bhFoirne Saineolaithe arna n-ainmniú de bhun Airteagal 58 den Rialachán seo;

    (e)

    na rialacha maidir le comhroinnt sonraí is gá chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo a bhaint amach.

    Maidir leis na critéir sin a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, léireoidh gach Ballstát ar mian leis a bheith rannpháirteach i soláthar sheirbhísí SST go gcomhlíonann sé gach ceann de na critéir sin.

    Maidir leis na critéir a leagtar amach i bpointí (c), (d) agus (e) den chéad fhomhír, léireoidh na Ballstáit ar fad ar mian leo a bheith rannpháirteach i soláthar sheirbhísí SST go gcomhlíonann siad na critéir sin ar bhonn comhchoiteann.

    2.   Measfar go bhfuil na critéir dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo comhlíonta ag na Ballstáit atá rannpháirteach i bhfo-chomhpháirt SST ar comhaltaí iad a n-eintitis náisiúnta ainmnithe den Chuibhreannas arna bhunú faoi Airteagal 7(3) de Chinneadh Uimh. 541/2014/AE amhail ón 12 Bealtaine 2021.

    3.   I gcás nach dtíolacfar aon togra comhpháirteach i gcomhréir le mír 1, nó i gcás ina measfaidh an Coimisiún nach gcomhlíonann togra comhpháirteach a tíolacadh ar an gcaoi sin na critéir dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh cúig Bhallstát, ar a laghad, togra comhpháirteach nua ina léireofar go gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na forálacha mionsonraithe a bhaineann leis na nósanna imeachta agus na heilimintí dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 den Airteagal seo a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

    Airteagal 58

    Creat eagraíochtúil rannpháirtíocht na mBallstát i bhfo-chomhpháirt SST

    1.   Gach Ballstát a thíolaic togra comhpháirteach a mheas an Coimisiún é a bheith comhlíontach i gcomhréir le hAirteagal 57(1) nó ar roghnaigh an Coimisiún é de bhun an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57(3), ainmneoidh sé Eintiteas Náisiúnta Bunaithe arna bhunú ar a chríoch chun ionadaíocht a dhéanamh air. Údarás poiblí de chuid an Bhallstáit nó comhlacht poiblí dá chuid a mbeidh sé de chúram air údarás poiblí den sórt sin a fheidhmiú a bheidh san Eintiteas Náisiúnta Bunaithe ainmnithe.

    2.   Na hEintitis Náisiúnta Bhunaithe arna n-ainmniú de bhun mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh siad comhaontú i gcrích lena gcruthófar comhpháirtíocht SST (“comhaontú comhpháirtíochta SST”) agus lena leagfar síos na rialacha agus na sásraí maidir lena gcomhar i dtaca leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 54 a chur chun feidhme. Go háirithe, áireofar i gcomhaontú comhpháirtíochta SST na heilimintí a luaitear i bpointí (c), (d) agus (e) d’Airteagal 57(1) agus bunú struchtúir bainistithe riosca chun cur chun feidhme na bhforálacha maidir le húsáid agus malartú slán shonraí SST agus fhaisnéis SST a áirithiú.

    3.   Forbróidh na hEintitis Náisiúnta Bhunaithe seirbhísí SST de chuid an Aontais a bheidh ar ardcháilíocht i gcomhréir le plean ilbhliantúil, príomhtháscairí feidhmíochta ábhartha agus ceanglais na n-úsáideoirí, ar bhonn ghníomhaíochtaí na bhFoirne Saineolaithe dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún an plean ilbhliantúil agus na príomhtháscairí feidhmíocht a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

    4.   Déanfaidh na hEintitis Náisiúnta Bhunaithe braiteoirí atá ann cheana agus braiteoirí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a líonrú chun iad a oibriú ar bhealach comhordaithe agus barrfheabhsaithe d’fhonn catalóg Eorpach comhchoiteann atá cothrom le dáta a bhunú agus a chothabháil, gan dochar a dhéanamh do shainchumais na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta.

    5.   Déanfaidh na Ballstáit atá rannpháirteacha i bhfo-chomhpháirt SST creidiúnú slándála ar bhonn na gceanglas slándála ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

    6.   Ainmneoidh na Ballstáit atá rannpháirteach i bhfo-chomhpháirt SST Foirne Saineolaithe a bheidh i bhfeighil saincheisteanna sonracha a bhaineann le gníomhaíochtaí éagsúla SST. Beidh na Foirne Saineolaithe buan agus is iad Eintitis Náisiúnta Bhunaithe na mBallstát a d’aimnigh iad a bhainisteoidh iad agus a dhéanfaidh foireann a sholáthar dóibh agus féadfar saineolaithe ó gach Eintiteas Náisiúnta Bunaithe a áireamh iontu.

    7.   Áiritheoidh na hEintitis Náisiúnta Bhunaithe agus na Foirne Saineolaithe go ndéanfar sonraí SST, faisnéis SST agus seirbhísí SST a chosaint.

    8.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú chreat eagraíochtúil rannpháirtíocht na mBallstát i bhfo-chomhpháirt SST. Déanfar foráil freisin sna rialacha sin maidir le Ballstát a áireamh i gcomhpháirtíocht SST tráth is faide anonn trí bheith ina pháirtí le comhaontú comhpháirtíochta SST dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

    Airteagal 59

    Deasc thosaigh SST

    1.   Déanfaidh an Coimisiún, agus moladh na nEintiteas Náisiúnta Bunaithe á chur san áireamh aige, Deasc thosaigh SST a roghnú ar bhonn an tsaineolais is fearr dá mbaineann le saincheisteanna slándála agus soláthar seirbhíse. Déanfaidh Deasc thosaigh SST an méid seo a leanas:

    (a)

    na comhéadain shlána is gá a sholáthar chun faisnéis SST a sholáthar d’úsáideoirí SST dá dtagraítear in Airteagal 56, agus a áirithiú go láimhseálfar ar bhealach leormhaith í agus go mbeidh sí inrianaithe;

    (b)

    tuairisciú maidir le feidhmíocht sheirbhísí SST a chur faoi bhráid chomhpháirtíocht SST dá dtagraítear in Airteagal 58(2) agus an Choimisiúin;

    (c)

    an t-aiseolas is gá do chomhpháirtíocht SST dá dtagraítear in Airteagal 58(2) a bhailiú chun a áirithiú go n-ailíneofar seirbhísí le hionchais úsáideoirí SST mar is gá;

    (d)

    tacú le húsáid sheirbhísí SST agus an úsáid sin a chur chun cinn agus a spreagadh.

    2.   Tabharfaidh na hEintitis Náisiúnta Bhunaithe na socruithe cur chun feidhme is gá i gcrích le Deasc thosaigh SST.

    Roinn 2

    Fo-chomhpháirteanna SWE agus NEO

    Airteagal 60

    Gníomhaíochtaí SWE

    1.   Le fo-chomhpháirt SWE, féadfar tacú leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    measúnú ar riachtanais na n-úsáideoirí sna hearnálacha a sainaithníodh i bpointe (b) de mhír 2, agus sainaithint na riachtanas sin, agus é mar aidhm aige sin seirbhísí SWE atá le soláthar a leagan amach;

    (b)

    seirbhísí SWE a sholáthar d’úsáideoirí sheirbhísí SWE, de réir riachtanais sainaitheanta na n-úsáideoirí agus ceanglais theicniúla.

    2.   Beidh seirbhísí SWE ar fáil tráth ar bith gan aon bhriseadh. Déanfaidh an Coimisiún na seirbhísí sin a roghnú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

    (a)

    cuirfidh an Coimisiún seirbhísí SWE atá le soláthar ar leibhéal an Aontais in ord tosaíochta de réir riachtanais úsáideoirí SWE, ullmhacht theicneolaíoch na seirbhísí agus an toraidh ar mheasúnú riosca;

    (b)

    le seirbhísí SWE, féadfar rannchuidiú le gníomhaíochtaí cosanta sibhialta agus le cosaint do raon leathan earnálacha, amhail spás, iompar, GNSSanna, eangacha cumhachta leictrí agus cumarsáid.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

    3.   Is le glao ar thairiscintí a roghnófar na heintitis phoiblí nó phríobháideacha a sholáthróidh seirbhísí SWE.

    Airteagal 61

    Gníomhaíochtaí NEO

    1.   Le fo-chomhpháirt NEO, féadfar tacú leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    mapáil na n-acmhainneachtaí atá ag na Ballstáit chun réada i ngar don Chruinne a bhrath agus faireachán a dhéanamh orthu;

    (b)

    an líonrú idir saoráidí agus ionaid taighde na mBallstát a chur chun cinn;

    (c)

    an tseirbhís dá dtagraítear i mír 2 a fhorbairt.

    (d)

    gnáthsheirbhís mhearfhreagartha a fhorbairt atá in ann réada i ngar don Chruinne atá nua-aimsithe a thréithriú.

    (e)

    catalóg Eorpach de réada i ngar don Chruinne a chruthú.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún, ina réimse inniúlachta, nósanna imeachta a chur ar bun chun comhordú a dhéanamh, agus comhlachtaí iomchuí na Náisiún Aontaithe rannpháirteach sa chomhordú sin, ar ghníomhaíochtaí an Aontais agus na n-údarás poiblí náisiúnta a bhaineann le cosaint shibhialta i gcás ina n-aimseofar go bhfuil réad i ngar don Chruinne ag teacht i ngiorracht don Chruinne.

    CAIBIDIL II

    GOVSATCOM

    Airteagal 62

    Raon feidhme GOVSATCOM

    Faoi chomhpháirt GOVSATCOM, cumascfar acmhainneachtaí agus seirbhísí cumarsáide satailítí i gcomhthiomsú coiteann acmhainneachtaí agus seirbhísí cumarsáide satailíte de chuid an Aontais, lena mbeidh ceanglais iomchuí slándála ag gabháil. Sa chomhpháirt sin beidh:

    (a)

    forbairt, tógáil agus oibríochtaí an bhonneagair den chuid ar talamh dá dtagraítear in Airteagal 67 agus bonneagar spáis féideartha dá dtagraítear in Airteagal 102(2);

    (b)

    soláthar na n-acmhainneachtaí, na seirbhísí agus an trealaimh úsáideoirí, idir rialtais agus thráchtála, i réimse na cumarsáide satailíte, atá riachtanach chun seirbhísí GOVSATCOM a sholáthar;

    (c)

    na bearta is gá chun cur le hidir-inoibritheacht agus caighdeánú threalamh úsáideoirí GOVSATCOM.

    Airteagal 63

    Acmhainneachtaí agus seirbhísí GOVSATCOM

    1.   Áiritheofar go soláthrófar acmhainneachtaí agus seirbhísí GOVSATCOM mar a leagtar síos sa phunann seirbhísí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus i gcomhréir leis na ceanglais oibríochtúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, na ceanglais slándála a bhaineann go sonrach le GOVSATCOM dá dtagraítear in Airteagal 34(2) agus laistigh de theorainneacha na rialacha maidir le comhroinnt agus cur in ord tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 66.

    Beidh rochtain ar acmhainneachtaí agus seirbhísí GOVSATCOM saor in aisce d’úsáideoirí institiúideacha agus rialtais GOVSATCOM mura sainíonn an Coimisiún beartas praghsála i gcomhréir le hAirteagal 66(2).

    2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais oibríochtúla maidir le seirbhísí GOVSATCOM, agus beidh na ceanglais sin i bhfoirm sonraíochtaí teicniúla maidir le cásanna úsáide GOVSATCOM a bhaineann, go háirithe, le bainistiú géarchéime, faireachán agus bainistiú príomhbhonneagair, lena n-áirítear líonraí cumarsáide taidhleoireachta. Beidh na ceanglais oibríochtúla sin bunaithe ar an anailís mhionsonraithe ar riachtanais úsáideoirí GOVSATCOM agus cuirfear san áireamh iontu na riachtanais a eascraíonn as an trealamh úsáideoirí agus na líonraí úsáideoirí atá ann cheana. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

    3.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an phunann seirbhísí le haghaidh sheirbhísí GOVSATCOM i bhfoirm liosta catagóirí acmhainneachtaí agus seirbhísí cumarsáide satailíte agus a dtréithe, lena n-áirítear cumhdach geografach, minicíocht, bandaleithead, trealamh úsáideoirí agus gnéithe slándála. Leis an bpunann seirbhísí, déanfar seirbhísí atá ann cheana agus atá ar fáil ar bhonn tráchtála a chur san áireamh chun nach ndéanfaí saobhadh ar an iomaíochas sa mhargadh inmheánach. Déanfar na bearta sin a nuashonrú go tráthrialta agus beidh siad bunaithe ar na ceanglais oibríochtúla agus slándála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus déanfar na seirbhísí a sholáthraítear d’úsáideoirí a chur in ord tosaíochta sna bearta sin de réir a n-ábharthachta agus a gcriticiúlachta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

    4.   Beidh rochtain ag úsáideoirí GOVSATCOM ar acmhainneachtaí agus seirbhísí GOVSATCOM a liostaítear sa phunann seirbhísí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Is trí Mhoil GOVSATCOM dá dtagraítear in Airteagal 67(1) a thabharfar an rochtain sin.

    Airteagal 64

    Soláthraithe acmhainneachtaí agus seirbhísí cumarsáide satailíte

    Féadfar na heintitis seo a leanas acmhainneachtaí agus seirbhísí cumarsáide satailíte faoi GOVSATCOM a sholáthar:

    (a)

    rannpháirtithe GOVSATCOM dá dtagraítear in Airteagal 68; agus

    (b)

    daoine dlítheanacha atá cuíchreidiúnaithe chun acmhainneachtaí nó seirbhísí cumarsáide satailíte a sholáthar i gcomhréir leis an nós imeachta creidiúnaithe slándála dá dtagraítear in Airteagal 37, a dhéanfar i gcomhréir leis na ceanglais slándála do chomhpháirt GOVSATCOM, dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

    Airteagal 65

    Úsáideoirí GOVSATCOM

    1.   Féadfaidh na heintitis seo a leanas GOVSATCOM a úsáid ar choinníoll gur cuireadh cúraimí orthu a bhaineann le maoirseacht agus bainistiú misean, oibríochtaí agus bonneagar éigeandála agus atá criticiúil ó thaobh na slándála de:

    (a)

    údarás poiblí de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit nó comhlacht a bhfuil sé de chúram air an t-údarás poiblí sin a fheidhmiú;

    (b)

    duine nádúrtha nó dlítheanach ag gníomhú thar ceann nó faoi rialú eintiteas dá dtagraítear faoi phointe (a) den mhír seo.

    2.   Beidh úsáideoirí GOVSATCOM dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo cuí-údaraithe ag rannpháirtí GOVSATCOM dá dtagraítear in Airteagal 68 chun acmhainneachtaí agus seirbhísí GOVSATCOM a úsáid agus comhlíonfaidh siad na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 34(2), mar a shainítear do GOVSATCOM.

    Airteagal 66

    Comhroinnt agus cur in ord tosaíochta

    1.   Déanfar acmhainneachtaí, seirbhísí agus trealamh úsáideoirí cumarsáide satailíte comhthiomsaithe a chomhroinnt agus a chur in ord tosaíochta idir rannpháirtithe GOVSATCOM dá dtagraítear in Airteagal 68 ar bhonn anailís ar rioscaí sábháilteachta agus slándála na n-úsáideoirí. Cuirfear san áireamh san anailís sin bonneagar cumarsáide atá ann cheana agus inrochtaineacht na gcumas atá ann cheana chomh maith lena gcumhdach geografach, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Leis an gcomhroinnt agus cur in ord tosaíochta sin, tabharfar tosaíocht d’úsáideoirí GOVSATCOM de réir a n-ábharthachta agus a gcriticiúlachta.

    2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe maidir le comhroinnt agus cur in ord tosaíochta acmhainneachtaí cumarsáide satailíte, seirbhísí, agus trealaimh úsáideoirí, agus an t-éileamh a mbeifí ag siúl leis le haghaidh chásanna úsáide éagsúla GOVSATCOM, anailís ar rioscaí slándála le haghaidh na gcásanna úsáide sin agus, i gcás inarb iomchuí, costéifeachtúlacht á gcur san áireamh aige.

    Trí bheartas praghsála a shainiú sna rialacha sin, déanfaidh an Coimisiún a áirithiú nach ndéanfaidh soláthar acmhainneachtaí agus sheirbhísí GOVSATCOM an margadh a shaobhadh agus nach mbeidh ganntanas acmhainneachtaí GOVSATCOM ann.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

    3.   I gcás comhroinnt agus cur in ord tosaíochta acmhainneachtaí agus seirbhísí a dhéanfar idir úsáideoirí GOVSATCOM atá údaraithe ag an aon rannpháirtí GOVSATCOM amháin, is é an rannpháirtí GOVSATCOM sin a shocróidh agus a chuirfidh chun feidhme iad.

    Airteagal 67

    Bonneagar den chuid ar talamh agus an chuid ar talamh a oibriú

    1.   Sa chuid ar talamh, beidh an bonneagar is gá chun gur féidir seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí GOVSATCOM i gcomhréir le hAirteagal 66, go háirithe na Moil GOVSATCOM a sholáthraítear faoin gcomhpháirt sin chun úsáideoirí GOVSATCOM a nascadh le soláthraithe acmhainneachtaí agus seirbhísí cumarsáide satailíte. Leis an gcuid ar talamh agus a hoibriú, comhlíonfar na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 34(2), mar a shainítear do GOVSATCOM.

    2.   Socróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, suíomh bhonneagar na coda ar talamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3), agus ní dochar iad do cheart Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan aon bhonneagar den sórt sin a óstáil.

    Airteagal 68

    Rannpháirtithe GOVSATCOM agus údaráis inniúla

    1.   Beidh na Ballstáit, an Chomhairle, an Coimisiún agus SEGS ina rannpháirtithe in GOVSATCOM sa mhéid go n-údaróidh siad úsáideoirí GOVSATCOM, nó go soláthróidh siad acmhainneachtaí cumarsáide satailíte, suíomhanna den chuid ar talamh nó cuid de shaoráidí na coda ar talamh.

    I gcás ina n-údaraíonn an Chomhairle, an Coimisiún nó SEGS úsáideoirí GOVSATCOM, nó ina soláthraíonn siad acmhainneachtaí cumarsáide satailíte, suíomhanna den chuid ar talamh nó cuid de shaoráidí na coda ar talamh, ar chríoch Ballstáit, leis an údarú nó an soláthar sin, ní shárófar neodracht ná forálacha neamhailínithe a shonraítear i ndlí bunreachtúil an Bhallstáit sin.

    2.   Ní fhéadfaidh gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bheith ina rannpháirtithe GOVSATCOM ach amháin sa mhéid gur gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar síos i socrú riaracháin arna thabhairt i gcrích idir an ghníomhaireacht lena mbaineann agus an institiúid de chuid an Aontais a dhéanann faireachán uirthi.

    3.   Féadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith ina rannpháirtithe in GOVSATCOM i gcomhréir le hAirteagal 7.

    4.   Ainmneoidh gach rannpháirtí GOVSATCOM aon údarás inniúil GOVSATCOM amháin.

    5.   Áiritheoidh údarás inniúil GOVSATCOM:

    (a)

    go mbeidh úsáid na seirbhísí ag comhlíonadh na gceanglas slándála is infheidhme;

    (b)

    go socrófar agus go mbainisteofar cearta rochtana úsáideoirí GOVSATCOM;

    (c)

    go n-úsáidfear agus go mbainisteofar trealamh úsáideoirí agus na naisc cumarsáide leictreonaí agus an fhaisnéis a ghabhann leis i gcomhréir leis na ceanglais slándála is infheidhme;

    (d)

    go mbunófar pointe teagmhála lárnach chun cúnamh a thabhairt de réir mar is gá i leith tuairisciú rioscaí agus bagairtí slándála, go háirithe trasnaíocht leictreamaighnéadach dhíobhálach a bhrath a mbeadh éifeacht aici ar na seirbhísí faoin gcomhpháirt seo.

    Airteagal 69

    Faireachán ar sholáthar GOVSATCOM agus ar an éileamh air

    Chun an chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh i gcás sheirbhísí GOVSATCOM a bharrfheabhsú, déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar éabhlóid an tsoláthair, lena n-áirítear acmhainneachtaí GOVSATCOM atá ann cheana ar fithis le haghaidh comhthiomsaithe agus comhroinnte, agus ar éabhlóid an éilimh ar acmhainneachtaí agus seirbhísí GOVSATCOM, agus rioscaí agus bagairtí nua á gcur san áireamh, chomh maith le forbairtí nua sa teicneolaíocht.

    TEIDEAL IX

    GNÍOMHAIREACHT AN AONTAIS EORPAIGH UM AN gCLÁR SPÁIS

    CAIBIDIL I

    Forálacha ginearálta maidir leis an nGníomhaireacht

    Airteagal 70

    Stádas dlí na Gníomhaireachta

    1.   Beidh an Ghníomhaireacht ina comhlacht de chuid an Aontais. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

    2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe ag an nGníomhaireacht. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

    3.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta.

    Airteagal 71

    Suíomh agus oifigí áitiúla na Gníomhaireachta

    1.   Tá suíomh na Gníomhaireachta i bPrág, an tSeicia.

    2.   Féadfaidh foireann na Gníomhaireachta a bheith lonnaithe i gceann de lárionaid talamhbhunaithe Galileo nó EGNOS dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 nó (AE) 2017/1406, chun gníomhaíochtaí an Chláir dá bhforáiltear sa chomhaontú ábhartha a chur i gcrích.

    3.   Ag brath ar riachtanais an Chláir, féadfar oifigí áitiúla a bhunú sna Ballstáit i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 79(2).

    CAIBIDIL II

    Eagrú na Gníomhaireachta

    Airteagal 72

    Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

    1.   Is é a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta:

    (a)

    an Bord Riaracháin;

    (b)

    an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

    (c)

    an Bord um Chreidiúnú Slándála.

    2.   Oibreoidh an Bord Riaracháin, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Bord um Chreidiúnú Slándála i gcomhar le chéile chun oibriú na Gníomhaireachta agus comhordú a áirithiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna socrú le rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta, amhail rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, rialacha nós imeachta an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht, na rialacha cur chun feidhme i dtaca le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“Rialacháin Foirne”) agus na rialacha lena rialaítear rochtain ar dhoiciméid.

    Airteagal 73

    An Bord Riaracháin

    1.   Ar an mBord Riaracháin beidh ionadaí amháin ó gach Ballstát agus triúr ionadaithe ón gCoimisiún, agus beidh cearta vótála acu go léir. Beidh comhalta amháin arna ainmniú ag Parlaimint na hEorpa ar an mBord Riaracháin chomh maith ach ní bheidh aon cheart vótála aige nó aici.

    2.   Tabharfar cuireadh do Chathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, ionadaí ón gComhairle, ionadaí ón Ardionadaí agus ionadaí ó GES freastal ar chruinnithe an Bhoird Riaracháin mar bhreathnóirí le haghaidh ábhair a bhaineann leo go díreach, faoi na coinníollacha a leagtar síos i rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin.

    3.   Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Riaracháin. Déanfaidh an comhalta malartach ionadaíocht ar an gcomhalta nuair a bheidh sé nó sí as láthair.

    4.   Ainmneoidh gach Ballstát comhalta agus comhalta malartach ar an mBord Riaracháin agus a gcuid eolais i réimse chúraimí na Gníomhaireachta agus scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha á gcur san áireamh. Chun leanúnachas ghníomhaíochtaí an Bhoird Riaracháin a áirithiú, féachfaidh Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus na Ballstáit le hathrú a n-ionadaithe ar an mBord Riaracháin a theorannú. Cuirfidh na páirtithe uile rompu ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Riaracháin.

    5.   4 bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus a gcomhaltaí malartacha agus beidh an téarma sin inathnuaite.

    6.   I gcás inarb iomchuí, déanfar rannpháirtíocht ionadaithe ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht den sórt sin a leagan síos sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 98 agus comhlíonfaidh siad rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin. Ní bheidh cearta vótála ag na hionadaithe sin.

    Airteagal 74

    Cathaoirleach an Bhoird Riaracháin

    1.   Toghfaidh an Bord Riaracháin Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as a chuid comhaltaí a bhfuil cearta vótála acu. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch i gcás ina gcuirfear bac ar an gCathaoirleach a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh.

    2.   2 bhliain a mhairfidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh, agus beidh an téarma sin in-athnuaite aon uair amháin. Rachaidh téarma oifige duine in éag má scoireann an duine sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord Riaracháin.

    3.   Beidh sé de chumhacht ag an mBord Riaracháin an Cathaoirleach nó an Leas-Chathaoirleach nó an bheirt acu a chur as oifig.

    Airteagal 75

    Cruinnithe an Bhoird Riaracháin

    1.   Is é Cathaoirleach an Bhoird Riaracháin a ghairfidh cruinnithe an Bhoird Riaracháin.

    2.   Mura gcinnfidh an Cathaoirleach a mhalairt, glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i bplé an Bhoird Riaracháin. Ní bheidh ceart vótála ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    3.   Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Riaracháin ar bhonn rialta, dhá uair sa bhliain ar a laghad. Chomh maith leis sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó ar iarraidh ó aon trian ar a laghad dá chomhaltaí.

    4.   Féadfaidh an Bord Riaracháin cuireadh a thabhairt d’aon duine ar díol spéise a thuairim nó a tuairim freastal ar a chuid cruinnithe i gcáil breathnóra. Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin cúnamh a fháil, faoi réir a rialacha nós imeachta, ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

    5.   I gcás ina mbainfidh an plé le húsáid bonneagair náisiúnta íogair, féadfaidh ionadaithe ó na Ballstáit agus ionadaithe ón gCoimisiún freastal ar chruinnithe agus plé an Bhoird Riaracháin, ar bhonn riachtanais eolais. Mar sin féin, ní ghlacfaidh ach ionadaithe ó na Ballstáit sin a bhfuil an bonneagar sin acu agus na hionadaithe ón gCoimisiún páirt sa vótáil. I gcás nach mbeidh Cathaoirleach an Bhord Riaracháin ina ionadaí nó ina hionadaí ó Bhallstáit a bhfuil an bonneagar sin aige, cuirfear ionadaithe ó na Ballstáit a bhfuil an bonneagar sin aige ina ionad nó ina hionad. I rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, leagfar amach na cásanna ina bhféadfaidh feidhm a bheith ag an nós imeachta sin.

    6.   Is í an Ghníomhaireacht a chuirfidh rúnaíocht an Bhoird Riaracháin ar fáil.

    Airteagal 76

    Rialacha vótála an Bhoird Riaracháin

    1.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo, glacfaidh an Bord Riaracháin a chuid cinntí trí thromlach de chomhaltaí an Bhoird a bhfuil ceart vótála acu.

    Is gá tromlach dhá thrian de na comhaltaí uile ag a mbeidh ceart vótála chun Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Riaracháin a thoghadh agus a chur as oifig agus chun an buiséad agus na cláir oibre a ghlacadh, chun na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 98(2) agus rialacha slándála na Gníomhaireachta a fhormheas, chun na rialacha nós imeacht a ghlacadh, chun na hoifigí áitiúla a chur ar bun agus chun na socruithe óstála dá dtagraítear in Airteagal 92 a fhormheas.

    2.   Beidh vóta amháin ag gach ionadaí ó na Ballstáit agus ag gach ionadaí ón gCoimisiún. I gcás nach mbeidh comhalta áirithe a bhfuil ceart vótála aige nó aici i láthair, beidh a chomhalta malartach nó a comhalta malartach i dteideal a cheart nó a ceart vótála a fheidhmiú. Ní ghlacfar cinntí ar bhonn phointe (a) d’Airteagal 77(2), ach amháin i gcás na n-ábhar sin faoi Chaibidil II de Theideal V, ná ar bhonn Airteagal 77(5) gan vóta fabhrach ó na hionadaithe ón gCoimisiúin.

    3.   Le rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, bunófar socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile chomh maith le haon cheanglais chóraim, de réir mar is iomchuí.

    Airteagal 77

    Cúraimí an Bhoird Riaracháin

    1.   Áiritheoidh an Bord Riaracháin go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht an obair a cuireadh de chúram uirthi, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, agus déanfaidh sé aon chinneadh is gá chun na críche sin. Ní dhéanfaidh sé seo difear do na hinniúlachtaí a cuireadh de chúram ar an mBord um Chreidiúnú Slándála maidir leis na gníomhaíochtaí faoi Chaibidil II de Theideal V.

    2.   Ina theannta sin, maidir leis an mBord Riaracháin:

    (a)

    glacfaidh sé clár oibre na Gníomhaireachta don chéad bhliain eile faoin 15 Samhain gach bliain, tar éis dó an chuid den chlár a dhréachtaigh an Bord um Chreidiúnú Slándála i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 80 a chur isteach ann, gan aon athrú, agus tar éis dó tuairim a fháil ón gCoimisiún;

    (b)

    glacfaidh sé clár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta don tréimhse atá faoi chumhdach an chreata airgeadais ilbhliantúil, faoin 30 Meitheamh de bhliain tosaigh an chreata airgeadais ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 312 CFAE, tar éis dó an chuid sin den chlár a dhréachtaigh an Bord um Chreidiúnú Slándála i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 80 den Rialachán seo a chur isteach ann, gan aon athrú, agus tar éis dó tuairim a fháil ón gCoimisiún. Rachfar i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir leis an gclár oibre ilbhliantúil, ar choinníoll gurb é cuspóir an chomhairliúcháin go mbeadh malartú tuairimí ann agus nach mbeidh toradh an chomhairliúcháin ina cheangal ar an nGníomhaireacht.

    (c)

    feidhmeoidh sé na feidhmeanna buiséadacha dá bhforáiltear in Airteagal 84(5), (6), (10) agus (11);

    (d)

    déanfaidh sé maoirseacht ar fheidhmiú Lárionad Faireacháin Slándála Galileo dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 34(5);

    (e)

    glacfaidh sé socruithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46) a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 94 den Rialachán seo;

    (f)

    formheasfaidh sé na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 98, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord um Chreidiúnú Slándála maidir le forálacha na socruithe a bhaineann le creidiúnú slándála;

    (g)

    glacfaidh sé na nósanna imeachta teicniúla is gá chun na cúraimí atá air a dhéanamh;

    (h)

    glacfaidh sé an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus ionchais na Gníomhaireachta tar éis dó an chuid sin a dhréachtaigh an Bord um Chreidiúnú Slándála i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 80 a chur isteach inti, gan aon athrú, agus cuirfidh sé ar aghaidh í chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Iúil gach bliain;

    (i)

    áiritheoidh sé go ndéanfar obair leantach leordhóthanach maidir leis na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na meastóireachtaí agus na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 102 agus maidir leis na torthaí agus na moltaí a eascróidh as imscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF agus gach tuarascáil iniúchta inmheánaí nó seachtraí, agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha uile maidir le toradh na nósanna imeachta meastóireachta ar aghaidh chuig an údarás buiséadach;

    (j)

    rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhairle leis maidir leis an FFPA dá dtagraítear in Airteagal 31 agus maidir leis na comhaontuithe ranníocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 27(3) agus Airteagal 29(5) sula síneofar iad;

    (k)

    glacfaidh sé rialacha slándála na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 96;

    (l)

    formheasfaidh sé straitéis frithchalaoise, ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

    (m)

    formheasfaidh sé na struchtúir eagrúcháin dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 79(1), i gcás inar gá agus ar bhonn tograí ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

    (n)

    ceapfaidh sé Oifigeach Cuntasaíochta, a bhféadfadh sé gurbh é Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiún a bheadh ann, a bheidh:

    (i)

    faoi réir na Rialachán Foirne agus Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais (“na Coinníollacha Fostaíochta”), a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (47) ; agus

    (ii)

    iomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;

    (o)

    glacfaidh agus foilseoidh sé a rialacha nós imeachta.

    3.   Maidir le foireann na Gníomhaireachta, feidhmeoidh an Bord Riaracháin na cumhachtaí a tugadh leis na Rialacháin Foirne don údarás ceapacháin agus na cumhachtaí a tugadh leis na Coinníollacha Fostaíochta don údarás a mbeidh sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta a dhéanamh (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”).

    Glacfaidh an Bord Riaracháin, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta lena dtarmligfear cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena saineofar na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin don Bhord Riaracháin maidir le feidhmiú na gcumhachtaí tarmligthe sin. Údarófar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

    I gcur i bhfeidhm an dara fomhír den mhír seo, i gcás inar gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Riaracháin, trí chinneadh, tarmligean chumhachtaí na n-údarás ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na cumhachtaí sin arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar fionraí go sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, ceanglófar ar an mBord Riaracháin na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharmligean chuig Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála i dtaca le hearcaíocht, measúnú agus athaicmiú na mball foirne atá i mbun na ngníomhaíochtaí faoi Chaibidil II de Theideal V agus i dtaca leis na bearta araíonachta a bheidh le glacadh i leith na mball foirne sin.

    Glacfaidh an Bord Riaracháin bearta cur chun feidhme na Rialachán Foirne agus na gCoinníollacha Fostaíochta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne. Maidir le hearcaíocht, measúnú agus athaicmiú na mball foirne atá i mbun na ngníomhaíochtaí faoi Chaibidil II de Theideal V den Rialachán seo agus na bearta ábhartha araíonachta a bheidh le glacadh, rachaidh an Bord Riaracháin i gcomhairle leis an mBord um Chreidiúnú Slándála roimh an méid sin a dhéanamh agus cuirfidh sé barúlacha an Bhoird sin san áireamh go cuí.

    Glacfaidh an Bord Riaracháin cinneadh freisin lena leagfar síos rialacha maidir le hiasacht saineolaithe náisiúnta chuig an nGníomhaireacht. Sula nglacfaidh sé an cinneadh sin, rachaidh an Bord Riaracháin i gcomhairle leis an mBord um Chreidiúnú Slándála maidir le hiasacht saineolaithe náisiúnta a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála faoi Chaibidil II de Theideal V agus cuirfidh sé a bharúlacha san áireamh go cuí.

    4.   Déanfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ainmniú agus féadfaidh sé síneadh nó deireadh a chur lena théarma oifige nó lena téarma oifige de bhun Airteagal 89.

    5.   Ach amháin maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir le Caibidil II de Theideal V, beidh údarás araíonachta ag an mBord Riaracháin ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir lena fheidhmíocht nó maidir lena feidhmíocht, go háirithe i leith ábhair shlándála a thagann faoi inniúlacht na Gníomhaireachta.

    Airteagal 78

    An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

    1.   Is é Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta a bhainisteoidh í. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Riaracháin.

    Ní dhéanfaidh an mhír seo difear d’uathriail ná neamhspleáchas an Bhoird um Chreidiúnú Slándála ná d’uathriail ná neamhspleáchas fhoireann na Gníomhaireachta faoina mhaoirseacht i gcomhréir le hAirteagal 82 ná do na cumhachtaí a bhronntar ar an mBord um Chreidiúnú Slándála agus ar Chathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála i gcomhréir le hAirteagail 38 agus 81 faoi seach.

    2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin agus an Bhoird Riaracháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go hiomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid dualgas nó a cuid dualgas agus ní iarrfaidh sé nó sí ná ní ghlacfaidh sé nó sí treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

    Airteagal 79

    Cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

    1.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cúraimí seo a leanas:

    (a)

    ionadaíocht a dhéanamh ar an nGníomhaireacht agus na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 27(3), Airteagal 29(5) agus Airteagal 31 a shíniú;

    (b)

    obair an Bhoird Riaracháin a ullmhú agus páirt a ghlacadh in obair an Bhoird Riaracháin gan aon cheart vótála a bheith aige nó aici, faoi réir an dara fomhír d’Airteagal 75(2);

    (c)

    cinntí an Bhoird Riaracháin a chur chun feidhme;

    (d)

    cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla na Gníomhaireachta a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin lena bhformheas, cé is moite de na codanna a ullmhóidh agus a ghlacfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála i gcomhréir le pointí (a) agus (b) d’Airteagal 80;

    (e)

    cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla a chur chun feidhme, cé is moite de na codanna a chuirfidh Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála chun feidhme;

    (f)

    maidir le gach cruinniú den Bhord Riaracháin, tuarascáil a ullmhú ar dhul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir oibre bhliantúil agus, i gcás inarb ábhartha, an chláir oibre ilbhliantúil, ina gcuirfear isteach, gan aon athrú, an chuid a ullmhóidh Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála;

    (g)

    an tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir le gníomhaíochtaí agus ionchais na Gníomhaireachta, cé is moite den chuid a ullmhóidh agus a fhormheasfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 80 maidir leis na gníomhaíochtaí faoi Theideal V, agus an tuarascáil sin a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin lena formheas;

    (h)

    riarachán laethúil na Gníomhaireachta a láimhseáil agus gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú;

    (i)

    dréachtráiteas ar mheastacháin ioncaim agus chaiteachais na Gníomhaireachta a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 84 agus an buiséad a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 85;

    (j)

    a áirithiú go mbeidh an Ghníomhaireacht, mar oibreoir Lárionad Faireacháin Slándála Galileo, in ann freagairt ar threoracha a chuirfear ar fáil faoi Chinneadh (CBES) 2021/698 agus a ról dá dtagraítear in Airteagal 6 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE a chomhlíonadh;

    (k)

    a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis ábhartha go léir i gcúrsaíocht laistigh de struchtúr na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 72(1), go háirithe maidir leis an tslándáil;

    (l)

    agus é ag obair i ndlúthchomhar le Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála le haghaidh ábhair a bhaineann le gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála atá cumhdaithe faoi Chaibidil II de Theideal V den Rialachán seo, struchtúir eagrúcháin na Gníomhaireachta a chinneadh agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin lena bhformheas; leis na struchtúir sin, léireofar tréithe sonracha chomhpháirteanna éagsúla an Chláir;

    (m)

    maidir le foireann na Gníomhaireachta, cumhachtaí an údaráis ceapacháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 77(3) a fheidhmiú, a mhéid a bheidh na cumhachtaí sin tarmligthe dó nó di i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 77(3);

    (n)

    a áirithiú go ndéanfar na seirbhísí rúnaíochta agus na hacmhainní go léir is gá i ndáil lena bhfeidhmiú cuí a chur ar fáil don Bhord um Chreidiúnú Slándála, do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 38(3) agus Airteagal 82(3) agus do Chathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála;

    (o)

    cé is moite den chuid sin den phlean gníomhaíochta a bhaineann leis na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe faoi Chaibidil II de Theideal V, plean gníomhaíochta a ullmhú chun a áirithiú go ndéanfar obair leantach ar thorthaí agus moltaí na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 102, agus tuarascáil ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin dhá uair in aghaidh na bliana, tar éis an chuid a dhréachtaigh an Bord um Chreidiúnú Slándála a chur isteach inti, gan aon athrú, agus an tuarascáil sin a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin freisin mar eolas;

    (p)

    na bearta seo a leanas a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint:

    (i)

    bearta coisctheacha in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí eile neamhdhleathacha agus feidhm á baint as bearta éifeachtúla maoirseachta;

    (ii)

    i gcás ina mbraithfear neamhrialtachtaí, suimeanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;

    (q)

    straitéis frithchalaoise don Ghníomhaireacht a tharraingt suas a bheidh comhréireach i dtaca leis na rioscaí calaoise agus aird á tabhairt ar anailís costais is tairbhe na mbeart a bheidh le cur chun feidhme agus torthaí agus moltaí a eascróidh as imscrúduithe OLAF á gcur san áireamh, agus an straitéis sin a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin lena formheas;

    (r)

    tuarascálacha a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa ar chomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas nuair a iarrfar sin; féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisciú faoi chomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas.

    2.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an gá ball foirne amháin nó níos mó a bheith lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó chun cúraimí na Gníomhaireachta a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil éifeachtach. Sula gcinnfidh sé nó sí oifig áitiúil a chur ar bun, gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin formheas ón gCoimisiún, ón mBord Riaracháin agus ón mBallstát nó ó na Ballstáit lena mbaineann. Sonrófar sa chinneadh raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bheidh le déanamh san oifig áitiúil ar bhealach lena n-áiritheofar nach mbeidh costais neamhriachtanacha ann agus nach ndúblófar feidhmeanna riaracháin na Gníomhaireachta. I gcás inar féidir, déanfar an tionchar i dtaca le leithdháileadh foirne agus buiséid a ionchorprú sa dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 84(6).

    Airteagal 80

    Cúraimí bainistíochta an Bhoird um Chreidiúnú Slándála

    Seachas na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 38, déanfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála, mar chuid de bhainistiú na Gníomhaireachta, an méid seo a leanas:

    (a)

    an chuid sin den chlár oibre ilbhliantúil a ullmhú agus a fhormheas a bhaineann leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla faoi Chaibidil II de Theideal V agus leis na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá chun na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích, agus í a chur go luath faoi bhráid an Bhoird Riaracháin ionas go gcuirfear isteach sa chlár oibre ilbhliantúil í;

    (b)

    an chuid sin den chlár oibre bliantúil a ullmhú agus a fhormheas a bhaineann leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla faoi Chaibidil II de Theideal V agus leis na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá chun na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích, agus í a chur go luath faoi bhráid an Bhoird Riaracháin í ionas go gcuirfear isteach sa chlár oibre bliantúil í;

    (c)

    an chuid sin den tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus a fhormheas a bhaineann le gníomhaíochtaí agus ionchais na Gníomhaireachta faoi Chaibidil II de Theideal V agus leis na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá chun na gníomhaíochtaí agus na hionchais sin a chur i gcrích, agus í a chur go luath faoi bhráid an Bhoird Riaracháin í ionas go gcuirfear isteach sa tuarascáil bhliantúil í.

    Airteagal 81

    Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála

    1.   Toghfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as a chuid comhaltaí trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí uile a bhfuil ceart vótála acu. I gcás nach mbaintear amach tromlach dhá thrian tar éis dhá cheann de chruinnithe an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, beidh gá le tromlach simplí.

    2.   Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch mura mbeidh an Cathaoirleach in ann a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.

    3.   Beidh sé de chumhacht ag an mBord um Chreidiúnú Slándála an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach nó an bheirt acu a chur as oifig. Glacfaidh sé an cinneadh maidir le duine a chur as oifig trí thromlach dhá thrian.

    4.   2 bhliain a mhairfidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh, agus beidh an téarma sin in-athnuaite aon uair amháin. Rachaidh téarma oifige duine in éag má scoireann an duine sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord um Chreidiúnú Slándála.

    Airteagal 82

    Gnéithe eagraíochtúla den Bhord um Chreidiúnú Slándála

    1.   Beidh rochtain ag an mBord um Chreidiúnú Slándála ar na hacmhainní daonna agus ábhartha uile is gá chun a chúraimí a dhéanamh go neamhspleách. Beidh rochtain aige freisin ar an bhfaisnéis uile atá úsáideach, agus atá i seilbh comhlachtaí eile, chun a chúraimí a dhéanamh, gan dochar do phrionsabail na huathrialach agus an neamhspleáchais dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 37.

    2.   Déanfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála agus na baill foirne de chuid na Gníomhaireachta atá faoina mhaoirseacht a gcuid oibre sa chaoi go n-áiritheofar uathriail agus neamhspleáchas i ndáil le gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta, go háirithe gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le saothrú na gcóras, i gcomhréir le cuspóirí chomhpháirteanna éagsúla an Chláir. Maidir le haon bhall d’fhoireann na Gníomhaireachta atá faoi mhaoirseacht an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, ní dhéanfar cúraimí eile laistigh den Ghníomhaireacht a shannadh go comhuaineach don bhall sin.

    Chuige sin, socrófar deighilt éifeachtach eagraíochtúil sa Ghníomhaireacht idir na baill foirne a mbeidh baint acu le gníomhaíochtaí faoi Chaibidil II de Theideal V agus an fhoireann eile sa Ghníomhaireacht. Cuirfidh an Bord um Chreidiúnú Slándála an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Bord Riaracháin agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon chúinsí a d’fhéadfadh cur isteach ar a uathriail agus ar a neamhspleáchas. I gcás nach bhfaightear aon leigheas laistigh den Ghníomhaireacht, breathnóidh an Coimisiún ar an gcás, i gcomhar leis na páirtithe ábhartha. Ar bhonn thorthaí an scrúdaithe sin, glacfaidh an Coimisiún na bearta maolaithe uile is iomchuí a bheidh le cur chun feidhme ag an nGníomhaireacht agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi.

    3.   Cuirfidh an Bord um Chreidiúnú Slándála fochomhlachtaí speisialta ar bun chun déileáil le saincheisteanna sonracha agus gníomhóidh na fochomhlachtaí sin de réir threoracha an Bhoird. Go háirithe, agus leanúnachas riachtanach na hoibre á áirithiú aige, cuirfidh an Bord painéal ar bun chun athbhreithnithe agus tástálacha a dhéanamh i ndáil le hanailísí slándála agus chun na tuarascálacha riosca ábhartha a dhéanamh chun cúnamh a thabhairt dó agus é ag ullmhú a chinntí. Féadfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála sainghrúpaí a chur ar bun agus a scor chun cur le hobair an phainéil sin.

    Airteagal 83

    Cúraimí Chathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála

    1.   Áiritheoidh Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála go ndéanfaidh an Bord a ghníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála ar bhealach neamhspleách agus déanfaidh sé na cúraimí seo a leanas:

    (a)

    gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála a bhainistiú faoi mhaoirseacht an Bhoird um Chreidiúnú Slándála;

    (b)

    an chuid sin de chláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla na Gníomhaireachta atá faoi Chaibidil II de Theideal V a chur chun feidhme faoi mhaoirseacht an Bhoird um Chreidiúnú Slándála;

    (c)

    oibriú i gcomhar leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun cuidiú leis an dréachtphlean bunaíochta dá dtagraítear in Airteagal 84(4) mar aon le struchtúir eagrúcháin na Gníomhaireachta a tharraingt suas;

    (d)

    an roinn sin den tuarascáil ar dhul chun cinn a ullmhú a bhaineann leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla faoi Chaibidil II de Theideal V, agus í a chur faoi bhráid an Bhoird um Chreidiúnú Slándála agus an Stiúrthóra Feidhmiúcháin go luath ionas gur féidir í a chur isteach sa tuarascáil ar dhul chun cinn;

    (e)

    an roinn sin den tuarascáil bhliantúil agus den phlean gníomhaíochta a ullmhú a bhaineann leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla faoi Chaibidil II de Theideal V, agus í a chur faoi bhráid an Stiúrthóra Feidhmiúcháin go luath;

    (f)

    ionadaíocht a dhéanamh ar an nGníomhaireacht i gcás na ngníomhaíochtaí agus na gcinntí atá cumhdaithe faoi Chaibidil II de Theideal V;

    (g)

    maidir le fhoireann na Gníomhaireachta atá i mbun na ngníomhaíochtaí faoi Chaibidil II de Theideal V, na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 77(3), arna dtarmligean chuige nó chuici i gcomhréir leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 77(3), a fheidhmiú.

    2.   Maidir le gníomhaíochtaí faoi Chaibidil II de Theideal V, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle malartú tuairimí os comhair na n-institiúidí sin a iarraidh ar Chathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála maidir le hobair agus ionchais na Gníomhaireachta, lena n-áirítear na cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla.

    CAIBIDIL IV

    Forálacha airgeadais maidir leis an nGníomhaireacht

    Airteagal 84

    Buiséad na Gníomhaireachta

    1.   Gan dochar d’acmhainní agus dleachtanna eile, beidh ranníocaíocht ón Aontas a cuireadh i mbuiséad an Aontais ina cuid d’ioncam na Gníomhaireachta chun a áirithiú go mbeidh cothromaíocht ann idir ioncam agus caiteachas. Féadfaidh an Ghníomhaireacht deontais ad hoc a fháil ó bhuiséad an Aontais.

    2.   Le caiteachas na Gníomhaireachta, cumhdófar caiteachas ar fhoireann, ar riarachán agus ar bhonneagar, costais oibriúcháin agus caiteachas a bhaineann le feidhmiú an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, lena n-áirítear na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 38(3) agus Airteagal 82(3), agus na conarthaí agus na comhaontuithe a dhéanann an Ghníomhaireacht chun na cúraimí a cuireadh uirthi a chur i gcrích.

    3.   Beidh ioncam agus caiteachas ar comhardú.

    4.   Tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas, i ndlúthchomhar le Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála maidir leis na gníomhaíochtaí faoi Chaibidil II de Theideal V, dréachtráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas don Ghníomhaireacht don bhliain airgeadais dár gcionn, agus cuirfear in iúl go soiléir an t-idirdhealú idir na heilimintí sin den dréachtráiteas ar mheastacháin a bhaineann le gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála agus na heilimintí sin a bhaineann le gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta. Féadfaidh Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála ráiteas a scríobh i ndáil leis an dréacht sin agus cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréachtráiteas ar mheastacháin agus an ráiteas ar aghaidh chuig an mBord Riaracháin agus chuig an mBord um Chreidiúnú Slándála in éineacht le dréachtphlean bunaíochta.

    5.   Gach bliain, bunaithe ar an dréachtráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas agus i ndlúthchomhar leis an mBord um Chreidiúnú Slándála maidir le gníomhaíochtaí faoi Chaibidil II de Theideal V, tarraingeoidh an Bord Riaracháin suas an ráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas don Ghníomhaireacht don bhliain airgeadais dár gcionn.

    6.   Faoin 31 Eanáir gach bliain, déanfaidh an Bord Riaracháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh, inter alia, ráiteas ar mheastacháin, dréachtphlean bunaíochta agus clár oibre bliantúil sealadach a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig na tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil socruithe tugtha i gcrích ag an nGníomhaireacht leo i gcomhréir le hAirteagal 98.

    7.   Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (“an t-údarás buiséadach”) mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontas Eorpaigh.

    8.   Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin sin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta, mar aon le méid an fhóirdheontais a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta, a iontráil i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Tá an Coimisiún leis an dréachtbhuiséad ginearálta a chur faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 314 CFAE.

    9.   Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht leis an nGníomhaireacht a údarú agus glacfaidh sé an plean bunaíochta don Ghníomhaireacht.

    10.   Glacfaidh an Bord Riaracháin an buiséad. Beidh an buiséad sin críochnaitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inar gá, coigeartófar an buiséad dá réir.

    11.   Déanfaidh an Bord Riaracháin, a luaithe is féidir, fógra a thabhairt don údarás buiséadach faoi aon tionscadal a mbeadh sé de rún aige é a chur chun feidhme agus a mbeadh impleachtaí suntasacha airgeadais aige i dtaca le maoiniú an bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

    12.   I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag brainse den údarás buiséadach go bhfuil sé de rún aige tuairim a thabhairt, cuirfidh an brainse sin a thuairim ar aghaidh chuig an mBord Riaracháin faoi cheann 6 seachtaine ón dáta a fuarthas fógra faoin tionscadal.

    Airteagal 85

    Buiséad na Gníomhaireachta a chur chun feidhme

    1.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

    2.   Gach bliain, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is gá chuig an údarás buiséadach chun a ndualgais mheastóireachta a chomhlíonadh.

    Airteagal 86

    Cur i láthair chuntais na Gníomhaireachta agus urscaoileadh

    Déanfar cur i láthair chuntais shealadacha agus chríochnaitheacha na Gníomhaireachta agus an t-urscaoileadh de réir rialacha agus amchlár an Rialacháin Airgeadais agus an rialacháin réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 den Rialachán Airgeadais.

    Airteagal 87

    Forálacha airgeadais maidir leis an nGníomhaireacht

    Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Riaracháin na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an nGníomhaireacht. Ní imeoidh na rialacha sin ón rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 den Rialachán Airgeadais ach amháin más gá imeacht den sórt sin ó thaobh oibriú na Gníomhaireachta agus má thug an Coimisiún a thoiliú ina leith sin roimh ré.

    CAIBIDIL V

    Acmhainní daonna na Gníomhaireachta

    Airteagal 88

    Foireann na Gníomhaireachta

    1.   Na Rialacháin Foirne, na Coinníollacha Fostaíochta agus na rialacha arna nglacadh go comhpháirteach ag institiúidí an Aontais chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta sin a chur i bhfeidhm, beidh feidhm acu maidir leis an bhfoireann arna fostú ag an nGníomhaireacht.

    2.   Is é a bheidh i bhfoireann na Gníomhaireachta seirbhísigh arna n-earcú ag an nGníomhaireacht de réir mar is gá chun a cúraimí a dhéanamh. Beidh imréiteach slándála acu is iomchuí d’aicmiú na faisnéise atá á láimhseáil acu.

    3.   Le rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta, amhail rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, rialacha nós imeachta an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht, na rialacha lena gcuirtear chun feidhme na Rialacháin Foirne agus na rialacha maidir le rochtain ar dhoiciméid, áiritheofar go mbeidh uathriail agus neamhspleáchas ag na baill foirne a bhfuil gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála á ndéanamh acu i leith na mball foirne a bhfuil gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta á ndéanamh acu, de bhun phointe (i) d’Airteagal 37.

    Airteagal 89

    Ainmniú agus téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

    1.   Earcófar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ghníomhaire sealadach d’fhoireann na Gníomhaireachta i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 2 de na Coinníollacha Fostaíochta.

    Déanfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir Riaracháin a cheapadh ar bhonn fiúntais agus scileanna a taifeadadh i réimse an riaracháin agus na bainistíochta agus, chomh maith leis sin, ar bhonn inniúlachtaí agus taithí ábhartha, as liosta de thriúr iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún, tar éis comórtas oscailte trédhearcach, tar éis glao ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó i bhfoilseacháin eile.

    Féadfar a iarraidh, a luaithe is féidir, ar an iarrthóir arna roghnú ag an mBord Riaracháin le haghaidh phost an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna óna feisirí a fhreagairt.

    Chun conradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Riaracháin ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.

    Is trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a dhéanfaidh an Bord Riaracháin a chinneadh i dtaobh cheapadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

    2.   5 bliana a mairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Ag deireadh an téarma oifige sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ina gcuirfear san áireamh na cúraimí a bheidh le déanamh ag an nGníomhaireacht amach anseo agus na dúshláin a bheidh roimpi.

    Ar bhonn togra ón gCoimisiún, agus an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chur san áireamh, féadfaidh an Bord Riaracháin síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin aon uair amháin ar feadh tréimhse suas le 5 bliana.

    Is trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Riaracháin a ghlacfar aon chinneadh lena gcuirtear síneadh le tréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

    Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ndearnadh síneadh ar a théarma oifige nó a téarma oifige, ní bheidh sé nó sí páirteach dá éis sin i nós imeachta roghnúcháin don phost céanna.

    Cuirfidh an Bord Riaracháin Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin rún atá aige síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Roimh an síneadh, féadfar a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choistí ábhartha Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a gcomhaltaí a fhreagairt.

    3.   Féadfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig, ar bhonn togra ón gCoimisiún nó ó aon trian dá chomhaltaí, trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh ag dhá thrian dá chomhaltaí.

    4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle malartú tuairimí os comhair na n-institiúidí sin a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le hobair agus ionchais na Gníomhaireachta, lena n-áirítear na cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla. Ní dhéanfar ábhair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála faoi Chaibidil II de Theideal V a phlé sa malartú tuairimí sin.

    Airteagal 90

    Saineolaithe náisiúnta ar iasacht chuig an nGníomhaireacht

    Féadfaidh an Ghníomhaireacht saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú agus, chomh maith leis sin, de bhun Airteagal 98(2), féadfaidh sí saineolaithe náisiúnta a fhostú ó thríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta. Beidh an t-imréiteach slándála ag na saineolaithe sin is iomchuí d’aicmiú na faisnéise atá á láimhseáil acu, de bhun Airteagal 43(2). Ní bheidh feidhm ag na Rialacháin Foirne ná ag na Coinníollacha Fostaíochta maidir leis an bhfoireann sin.

    CAIBIDIL V

    Forálacha eile

    Airteagal 91

    Pribhléidí agus díolúintí

    Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus le CFAE maidir leis an nGníomhaireacht agus lena foireann.

    Airteagal 92

    Comhaontú ceanncheathrún agus comhaontuithe óstála oifigí áitiúla

    1.   Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le soláthar don Ghníomhaireacht sa Bhallstát óstach ina bhfuil suíomh na Gníomhaireachta lonnaithe agus na saoráidí atá le cur ar fáil ag an mBallstát sin mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát óstach maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Riaracháin, foireann na Gníomhaireachta agus a dteaghlaigh, leagfar síos iad i gcomhaontú ceanncheathrún. Déanfar an comhaontú ceanncheathrún a thabhairt i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát lena mbaineann ina bhfuil suíomh na Gníomhaireachta lonnaithe, tar éis formheas a fháil ón mBord Riaracháin.

    2.   I gcás inar gá le haghaidh oibriú oifige áitiúla de chuid na Gníomhaireachta, arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 79(2), déanfar comhaontú óstála a thabhairt i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát lena mbaineann ina bhfuil an oifig áitiúil lonnaithe tar éis formheas a fháil ón mBord Riaracháin.

    3.   Déanfaidh Ballstáit óstacha na Gníomhaireachta na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht go rianúil agus go héifeachtúil, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach atá dírithe ar an ngné Eorpach agus naisc iomchuí iompair.

    Airteagal 93

    Socruithe teanga don Ghníomhaireacht

    1.   Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (48) maidir leis an nGníomhaireacht.

    2.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a bheidh ag teastáil i gcomhair fheidhmiú na Gníomhaireachta.

    Airteagal 94

    An beartas maidir le rochtain ar dhoiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta

    1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

    2.   Glacfaidh an Bord Riaracháin socruithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme.

    3.   Féadfaidh cinntí a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar i gcomhair gearán chuig an Ombudsman nó i gcomhair caingean os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi Airteagail 228 agus 263 CFAE faoi seach.

    Airteagal 95

    Calaois a chosc sa Ghníomhaireacht

    1.   Chun gur fusa calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, faoi cheann 6 mhí ón gcéad lá a bheidh an Ghníomhaireacht oibríochtúil, aontóidh sí do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (OLAF) (49) agus glacfaidh sí na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta trí úsáid a bhaint as an gcinneadh múnla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

    2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, i gcás gach tairbhí deontais, gach conraitheora agus gach fochonraitheora a fuair cistí de chuid an Aontais ón nGníomhaireacht.

    3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna chistiú ag an nGníomhaireacht, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

    4.   I gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, conarthaí, comhaontuithe deontais agus cinntí deontais na Gníomhaireachta, áireofar forálacha lena dtugtar cumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, de réir a gcuid inniúlachtaí féin. Ní dhéanfaidh sin difear do mhíreanna 1, 2 agus 3.

    Airteagal 96

    FRAE nó faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe arna cosaint ag an nGníomhaireacht

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht, faoi réir comhairliúchán leis an gCoimisiún roimh ré, a rialacha slándála féin a ghlacadh a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin maidir le FRAE agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, lena n-áirítear rialacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil, i gcomhréir le Cinntí (AE, Euratom) 2015/443 agus (AE, Euratom) 2015/444.

    Airteagal 97

    Dliteanas na Gníomhaireachta

    1.   Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht.

    2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

    3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta atá i gcoiteann ag dlíthe na mBallstát, aon damáiste a chúiteamh arb iad a ranna nó a seirbhísigh féin ba chúis leis agus iad i mbun a ndualgas.

    4.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh i leith an damáiste dá dtagraítear i mír 3.

    5.   Beidh dliteanas pearsanta a seirbhíseach féin i leith na Gníomhaireachta faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

    Airteagal 98

    Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

    1.   Féadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil comhaontuithe idirnáisiúnta chuige sin tugtha i gcrích acu leis an Aontas a bheith rannpháirteach sa Ghníomhaireacht.

    2.   Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 43, forbrófar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíocht na dtríú tíortha agus na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht sna tionscnaimh arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfar, leis na socruithe sin, na Rialacháin Foirne in aon chás. Nuair is ábhartha, áireofar iontu freisin forálacha maidir le malartú faisnéise rúnaicmithe le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus maidir le cosaint na faisnéise sin. Beidh na forálacha sin faoi réir formheas a fháil ón gCoimisiún roimh ré.

    3.   Glacfaidh an Bord Riaracháin straitéis i gcomhair caidreamh le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, faoi chuimsiú na gcomhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1, maidir le cúrsaí a bhfuil an Ghníomhaireacht inniúil ina leith.

    4.   Áiritheoidh an Coimisiún go ngníomhóidh an Ghníomhaireacht, ina caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, laistigh dá sainordú agus den chreat reatha institiúideach atá ann cheana trí shocrú oibre iomchuí a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    Airteagal 99

    Coinbhleachtaí leasa

    1.   Déanfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, saineolaithe náisiúnta a bheidh ar iasacht agus breathnóirí dearbhú gealltanas agus dearbhú leasanna ina léireofar an bhfuil nó nach bhfuil aon leas díreach nó neamhdhíreach ann a d’fhéadfaí a mheas go ndéanann sé dochar dá neamhspleáchas. Maidir leis na dearbhuithe sin:

    (a)

    beidh siad cruinn agus iomlán;

    (b)

    déanfar iad i scríbhinn ar theacht isteach sa tseirbhís do na daoine lena mbaineann;

    (c)

    déanfar iad a athnuachan gach bliain; agus

    (d)

    déanfar iad a nuashonrú nuair is gá, go háirithe i gcás athruithe ábhartha i gcúinsí pearsanta na ndaoine lena mbaineann.

    2.   Comhaltaí an Bhoird Riaracháin agus comhaltaí an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, saineolaithe náisiúnta atá ar iasacht, breathnóirí agus saineolaithe seachtracha a mbeidh páirt á glacadh acu i meithleacha ad hoc, dearbhóidh siad go cruinn agus go hiomlán, roimh aon chruinniú a bhfuil siad le bheith rannpháirteach ann, an bhfuil nó nach bhfuil aon leas díreach nó neamhdhíreach ann a d’fhéadfaí a mheas go ndéanann sé dochar dá neamhspleáchas i ndáil le haon mhíreanna a bheidh ar an gclár agus, más ann de leas den sórt sin, ní ghlacfaidh siad páirt sa phlé ná sa vótáil ar na pointí sin.

    3.   Leagfaidh an Bord Riaracháin agus an Bord um Chreidiúnú Slándála síos ina rialacha nós imeachta na socruithe praiticiúla maidir leis na rialacha i ndáil leis an dearbhú leasa dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus i ndáil le coinbhleacht leasa a chosc agus a bhainistiú.

    TEIDEAL X

    CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

    Airteagal 100

    Clár oibre

    Cuirfear an Clár chun feidhme trí na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, ar cláir oibre iad a bheidh sonrach maidir le gach comhpháirt den Chlár. Leagfar amach sna cláir oibre na gníomhaíochtaí agus an buiséad gaolmhar is gá chun cuspóirí an Chláir a chomhlíonadh agus, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

    Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

    Airteagal 101

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   Leagtar amach san Iarscríbhinn na táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar síos in Airteagal 4.

    2.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 105, chun an Iarscríbhinn a leasú maidir leis na táscairí i gcás ina measfar gur gá sin, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

    3.   Más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 106 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

    4.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil.

    Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, ar Bhallstáit.

    5.   Chun críocha mhír 1, soláthróidh faighteoirí cistí de chuid an Aontais faisnéis iomchuí. Baileofar na sonraí is gá chun an fheidhmíocht a fhíorú ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil.

    Airteagal 102

    Meastóireacht

    1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireachtaí ar an gClár go tráthúil sa chaoi go bhféadfar iad a úsáid sa phróiseas cinnteoireachta.

    2.   Faoin 30 Meitheamh 2024, agus 4 ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Chláir. Leis an meastóireacht, cumhdófar comhpháirteanna agus gníomhaíochtaí uile an Chláir. Déanfar measúnú ar na nithe seo a leanas léi:

    (a)

    feidhmíocht na seirbhísí a sholáthraítear faoin gClár;

    (b)

    éabhlóid riachtanais úsáideoirí an Chláir; agus

    (c)

    nuair a bheidh cur chun feidhme SSA agus GOVSATCOM á mheasúnú, éabhlóid na n-acmhainneachtaí atá ar fáil le haghaidh comhroinnte agus comhthiomsaithe, nó, nuair a bheidh cur chun feidhme Galileo, Copernicus agus EGNOS á mheasúnú, éabhlóid na sonraí agus na seirbhísí a thairgeann iomaitheoirí.

    Le haghaidh gach comhpháirte den Chlár, leis an meastóireacht, déanfar measúnú freisin, ar bhonn anailís costais is tairbhe, ar thionchar na n-éabhlóidí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, lena n-áirítear an gá atá leis an mbeartas praghsála a athrú nó an gá atá le bonneagar spáis breise nó bonneagar breise ar talamh.

    Más gá, beidh togra iomchuí ag gabháil leis an meastóireacht.

    3.   Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí, chomh maith lena bharúlacha féin, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

    4.   Déanfaidh na heintitis atá páirteach i gcur chun feidhme an Rialacháin seo na sonraí agus an fhaisnéis is gá a thabhairt don Choimisiún chun gur féidir an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.

    5.   Faoin 30 Meitheamh 2024, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmíocht na Gníomhaireachta, i leith a cuspóirí, a sainordú, agus a cúraimí, i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin. Beidh an measúnú bunaithe ar anailís costais is tairbhe. Sa mheastóireacht, tabharfar aghaidh, go háirithe, ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú agus ar na himpleachtaí airgeadais a bhainfeadh le haon mhodhnú den sórt sin. Tabharfar aghaidh léi freisin ar bheartas na Gníomhaireachta maidir le coinbhleachtaí leasa agus le neamhspleáchas agus uathriail an Bhoird um Chreidiúnú Slándála. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Coimisiún meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na Gníomhaireachta chun féachaint an bhféadfaí cúraimí breise a chur uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 29(3). Más gá, beidh togra iomchuí ag gabháil leis an meastóireacht.

    I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil forais ann níos mó le go leanfadh an Ghníomhaireacht ar aghaidh lena gníomhaíochtaí, i bhfianaise a cuspóirí, a sainordaithe agus a cúraimí, féadfaidh sé an Rialachán seo a leasú dá réir.

    Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoin meastóireacht ar an nGníomhaireacht agus a chonclúidí féin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Bhord Riaracháin agus Bhord um Chreidiúnú Slándála na Gníomhaireachta. Cuirfear torthaí na meastóireachta sin ar fáil don phobal.

    Airteagal 103

    Iniúchtaí

    Iniúchtaí ar úsáid ranníocaíocht an Aontais arna ndéanamh ag daoine nó ag eintitis, lena n-áirítear iniúchtaí arna ndéanamh ag daoine nó ag eintitis seachas iad sin ar thug institiúidí nó comhlachtaí an Aontais sainordú dóibh, beidh siad mar bhonn don chinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

    Airteagal 104

    Sonraí pearsanta agus príobháideacht a chosaint

    1.   Déanfar na sonraí pearsanta uile a láimhseáiltear i gcomhthéacs na gcúraimí agus na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear sonraí arna láimhseáil ag an nGníomhaireacht, a phróiseáil i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialacháin (AE) 2016/679 (50) agus (AE) 2018/1725 (51) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    2.   Bunóidh an Bord Riaracháin bearta don Ghníomhaireacht chun Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear bearta a bhaineann le hOifigeach um Chosaint Sonraí de chuid na Gníomhaireachta a cheapadh. Déanfar na bearta sin a bhunú tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

    TEIDEAL XI

    TARMLIGEAN AGUS BEARTA CUR CHUN FEIDHME

    Airteagal 105

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 53 agus 101 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 53 agus 101 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 53 agus 101 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 106

    An nós imeachta práinne

    1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 105(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

    Airteagal 107

    Nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh coiste an Chláir cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Tiocfaidh coiste an Chláir le chéile i gcumraíochtaí sonracha mar a leanas:

    (a)

    Galileo agus EGNOS;

    (b)

    Copernicus;

    (c)

    SSA;

    (d)

    GOVSATCOM;

    (e)

    Cumraíocht slándála: gnéithe slándála uile an Chláir, gan dochar do ról an Bhoird um Chreidiúnú Slándála; féadfar iarraidh ar ionadaithe GES agus ionadaithe na Gníomhaireachta a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí; tabharfar cuireadh freisin do SEGS cúnamh a thabhairt;

    (f)

    Cumraíocht chothrománach: forléargas straitéiseach ar chur chun feidhme an Chláir, comhchuibheas trí chomhpháirteanna éagsúla an Chláir, bearta cothrománacha agus ath-leithdháileadh buiséid amhail dá dtagraítear in Airteagal 11.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    4.   I gcás nach dtugann coiste an Chláir aon tuairim maidir leis an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 34(2) den Rialachán seo, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    5.   I gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta freastal ar chruinnithe choiste an Chláir mar bhreathnóirí faoi na coinníollacha a leagtar síos ina rialacha nós imeachta, agus slándáil an Aontais á cur san áireamh.

    6.   Déanfaidh coiste an Chláir, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta, “Fóram na nÚsáideoirí” a chur ar bun mar mheitheal chun comhairle a chur ar choiste an Chláir maidir le gnéithe de riachtanais úsáideoirí, éabhlóid na seirbhísí agus glacadh na n-úsáideoirí. Beidh sé d’aidhm ag Fóram na nÚsáideoirí rannpháirtíocht leanúnach agus éifeachtach na n-úsáideoirí a ráthú agus tiocfaidh sé le chéile i gcumraíochtaí sonracha le haghaidh gach comhpháirte den Chlár.

    TEIDEAL XII

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 108

    Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

    1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a thabhairt do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chláir agus leis na torthaí a baineadh amach.

    Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4.

    3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cumarsáide ar a thionscnamh féin laistigh dá réimse inniúlachta féin. Ní dhéanfaidh leithdháileadh acmhainní ar ghníomhaíochtaí cumarsáide dochar d’fheidhmiú éifeachtach na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 29. Tabharfar faoi ghníomhaíochtaí cumarsáide den sórt sin i gcomhréir leis na pleananna ábhartha maidir le cumarsáid agus scaipeadh arna nglacadh ag an mBord Riaracháin.

    Airteagal 109

    Aisghairmeacha

    1.   Aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

    2.   Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    Airteagal 110

    Forálacha idirthréimhseacha agus leanúnachas seirbhísí tar éis 2027

    1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE, ar rialacháin iad agus ar Cinneadh é a leanfaidh d’fheidhm a bheith acu maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu. Go háirithe, leanfaidh an Cuibhreannas, arna bhunú faoi Airteagal 7(3) de Chinneadh Uimh. 541/2014/AE, de bheith ag soláthar sheirbhísí SST go ceann 3 mhí tar éis d’Eintitis Náisiúnta Bhunaithe an comhaontú comhpháirtíochta SST a shíniú dá bhforáiltear in Airteagal 58 den Rialachán seo.

    2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na costais theicniúla agus cúnaimh riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialacháin (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Chinneadh Uimh. 541/2014/AE a áirithiú.

    3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na costais is gá do chomhlíonadh na gcuspóirí dá bhforáiltear in Airteagal 4 a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoi dheireadh an Chláir a bhainistiú, mar aon le costais lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí oibríochtúla criticiúla agus soláthar seirbhísí, lena n-áirítear tríd an FFPA agus trí chomhaontuithe ranníocaíochta.

    Airteagal 111

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruséil, 28 Aibreán 2021.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 19 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach -– an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) 1291/2013 (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

    (4)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

    (5)  Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (féach leathanach 149 den Iris Oifigiúil seo).

    (6)  IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.

    (7)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

    (8)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir leis na tíortha agus na críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

    (9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (10)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch.1).

    (11)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (12)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) .(IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

    (13)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

    (14)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

    (15)  Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear clár beartais radaispeictrim ilbhliantúil (IO L 81, 21.3.2012, lch. 7).

    (16)  Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 276, 20.10.2010, lch. 11).

    (17)  IO L 261, 6.8.2004, lch. 64.

    (18)  Cinneadh Uimh. 541/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear Creat Tacaíochta maidir le Faireachas agus le Rianú Spáis (IO L 158, 27.5.2014, lch. 227).

    (19)  Cinneadh (CBES) 2021/698 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 maidir le slándáil na gcóras agus na seirbhísí a imscartar, a oibrítear agus a úsáidtear faoi Chlár Spáis an Aontais agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/496/CBES (féach leathanach 178 den Iris Oifigiúil seo).

    (20)  Cinneadh ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (2010/427/AE) (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

    (21)  Cinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le rialacha slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

    (22)  Cinneadh 2015/444 (AE, Euratom) ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le rialacha slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

    (23)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I, 21.3.2019, lch. 1).

    (24)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

    (25)  Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 1).

    (26)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/224 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2017 lena leagtar amach na sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla lenar féidir an tseirbhís tráchtála a thairgtear leis an gcóras arna bunú faoi chlár Galileo a chomhlíonadh chun an fheidhm dá dtagraítear in Airteagal 2(4)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (IO L 34, 9.2.2017, lch. 36).

    (27)  Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 (IO L 122, 24.4.2014, lch. 44).

    (28)  Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir leis an gclár Eorpach um fhaire na Cruinne (GMES) agus lena oibríochtaí tosaigh (2011-2013) (IO L 276, 20.10.2010, lch. 1).

    (29)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

    (30)  Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).

    (31)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1159/2013 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clár Eorpach um fhaire na Cruinne (GMES) trí choinníollacha clárúcháin agus ceadúnúcháin a bhunú d’úsáideoirí GMES agus trí chritéir a shainiú i dtaca le srian a chur ar rochtain ar shonraí tiomanta GMES agus ar fhaisnéis faoi sheirbhís GMES (IO L 309, 19.11.2013, lch. 1).

    (32)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (33)  Cinneadh a glacadh de chomhthoil idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 10 Nollaig 2010 maidir leis an áit ina mbeidh suíomh na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS (2010/803/AE) (IO L 342, 28.12.2010, lch. 15).

    (34)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcinntear suíomh bhonneagar talamhbhunaithe an chórais arna bhunú faoi chlár Galileo agus lena leagtar amach na bearta is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh sé go rianúil, agus lena n–aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/117/AE (IO L 74, 19.3.2016, lch. 45).

    (35)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (36)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

    (37)  Cinneadh (AE, Euratom) ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

    (38)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

    (39)  Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis na rialacha le haghaidh rochtana ar an tseirbhís phoiblí rialáilte arna soláthar ag an gcóras loingseoireachta satailíte domhanda a bunaíodh faoi chlár Galileo (IO L 287, 4.11.2011, lch. 1).

    (40)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

    (41)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

    (42)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha poiblí, soláthair phoiblí agus seirbhíse poiblí ag údaráis nó eintitis chonarthacha i réimse na cosanta nó na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).

    (43)  Cinneadh Tarmligthe ón gCoimisiún an 15.9.2015 lena bhforlíontar Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na híoschaighdeáin choiteanna atá le comhlíonadh ag údaráis inniúla PRS C(2015) 6123.

    (44)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

    (45)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1406 an 31 Iúil 2017 ón gCoimisiún lena gcinntear suíomh an bhonneagair talamhbhunaithe de chóras EGNOS (IO L 200, 1.8.2017, lch. 4).

    (46)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

    (47)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

    (48)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfear i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

    (49)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

    (50)  Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (51)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    IARSCRÍBHINN

    PRÍOMHTHÁSCAIRÍ

    Leis na príomhtháscairí, déanfar faireachán ar fheidhmíocht an Chláir a struchtúrú i dtreo a chuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4, d’fhonn ualaí agus costais riaracháin a íoslaghdú.

    1.   

    Chuige sin, le haghaidh tuairisciú bliantúil, baileofar sonraí maidir leis an tacar de phríomhtháscairí seo a leanas, dá ndéanfar mionsonraí maidir le cur chun feidhme a shainiú sna comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis na heintitis ar cuireadh cúram orthu, amhail méadrachtaí, figiúirí agus luachanna ainmniúla gaolmhara agus tairseacha, lena n-áirítear sonraí cainníochtúla agus cás-staidéir cháilíochtúla, de réir na riachtanas misin is infheidhme agus na feidhmíochta lena bhfuiltear ag súil:

    1.1.   

    Cuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(2)

    Táscaire 1: Beachtas na seirbhísí loingseoireachta agus uainiúcháin arna soláthar ag Galileo agus EGNOS ar leithligh

    Táscaire 2: Infhaighteacht agus leanúnachas na seirbhísí arna soláthar ag Galileo agus EGNOS ar leithligh

    Táscaire 3: Cumhdach geografach sheirbhísí EGNOS agus líon nósanna imeachta EGNOS arna fhoilsiú (APV-I agus LPV-200 araon)

    Táscaire 4: Sástacht úsáideoirí an Aontais maidir le seirbhísí Galileo agus seirbhísí EGNOS

    Táscaire 5: Sciar na nglacadóirí atá cumasaithe do Galileo agus EGNOS i margadh glacadóirí na gCóras Domhanda um Loingseoireacht Satailíte agus na gCóras Méadúcháin Bunaithe ar Shatailítí (GNSS/SBAS) ar fud an domhain agus san Aontas Eorpach.

    1.2.   

    Cuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(2)

    Táscaire 1: Líon úsáideoirí an Aontais a úsáideann seirbhísí Copernicus, sonraí Copernicus, agus Seirbhísí um Rochtain ar Shonraí agus ar Fhaisnéis (DIAS) lena soláthraítear, i gcás inar féidir, faisnéis amhail an cineál úsáideora, dáileadh geografach agus an earnáil gníomhaíochta

    Táscaire 2: I gcás inarb infheidhme, líon gníomhaíochtaithe sheirbhísí Copernicus arna iarraidh nó arna dheonú

    Táscaire 3: Sástacht úsáideoirí an Aontais maidir le Seirbhísí Copernicus agus DIAS

    Táscaire 4: Iontaofacht, infhaighteacht agus leanúnachas Sheirbhísí Copernicus agus shruth sonraí Copernicus

    Táscaire 5: Líon na dtáirgí nua faisnéise arna seachadadh i bpunann gach sheirbhís Copernicus

    Táscaire 6: Líon sonraí arna nginiúint ag Fairtheoirí Copernicus

    1.3.   

    Cuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 4(2)

    Táscaire 1: Líon úsáideoirí chomhpháirteanna SSA lena soláthraítear, i gcás inar féidir, faisnéis amhail an cineál úsáideora, dáileadh geografach agus an earnáil gníomhaíochta

    Táscaire 2: Infhaighteacht Seirbhísí

    1.4.   

    Cuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 4(2)

    Táscaire 1: Líon úsáideoirí GOVSATCOM lena soláthraítear, i gcás inar féidir, faisnéis amhail an cineál úsáideora, dáileadh geografach agus an earnáil gníomhaíochta

    Táscaire 2: Infhaighteacht Seirbhísí

    1.5.   

    Cuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 4(2)

    Táscaire 1: Líon na lainseálacha don Chlár (lena n-áirítear líonta de réir cineál lainseálaithe)

    1.6.   

    Cuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 4(2)

    Táscaire 1: Líon agus suíomh na mol spáis san Aontas

    Táscaire 2: Sciar FBManna bunaithe san Aontas i gcoibhneas le luach iomlán na gconarthaí a bhaineann leis an gClár

    2.   

    Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 102 eilimintí breise amhail an méid seo a leanas:

    2.1.   

    Feidhmíocht iomaitheoirí i réimse na loingseoireachta agus i réimse fhaire na Cruinne

    2.2.   

    Glacadh na n-úsáideoirí le seirbhísí Galileo agus EGNOS

    2.3.   

    Sláine sheirbhísí EGNOS

    2.4.   

    Glacadh chroí-úsáideoirí Copernicus le Seirbhísí Copernicus

    2.5.   

    Líon bheartais an Aontais nó Ballstáit lena saothraítear Copernicus nó lena mbaintear tairbhe as

    2.6.   

    Anailís ar uathriail fho-chomhpháirt SST agus ar leibhéal neamhspleáchas an Aontais sa réimse seo

    2.7.   

    Staid reatha líonraithe le haghaidh ghníomhaíochtaí fho-chomhpháirt NEO

    2.8.   

    Measúnú ar acmhainneachtaí GOVSATCOM a mhéid a bhaineann le riachtanais úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagail 69 agus 102

    2.9.   

    Sástacht úsáideoirí sheirbhísí SSA agus GOVSATCOM

    2.10.   

    Sciar lainseálacha Ariane agus Vega sa mhargadh iomlán bunaithe ar shonraí atá ar fáil go poiblí

    2.11.   

    Forbairt na hearnála iartheachtaí arna tomhas, nuair is infhaighte, le líon na gcuideachtaí nua a bhaineann úsáid as sonraí, faisnéis agus seirbhísí spáis an Aontais, líon na bpost arna gcruthú agus an láimhdeachas, de réir Ballstáit, agus úsáid á baint as suirbhéanna de chuid an Choimisiún (Eurostat) nuair is ann dóibh

    2.12.   

    Forbairt earnáil réamhtheachtaí spáis an Aontais arna tomhas, nuair is infhaighte, le líon na bpost arna gcruthú agus an láimhdeachas de réir Ballstáit agus de réir sciar margaidh domhanda thionscal spáis na hEorpa, agus úsáid á baint as suirbhéanna de chuid an Choimisiún (Eurostat) nuair is ann dóibh


    Top