EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R0094

Rialachán (AE) 2016/94 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe ó acquis Schengen i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

IO L 26, 2.2.2016, p. 6–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 22/02/2016

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/94/oj

2.2.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

6


RIALACHÁN (AE) 2016/94 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Eanáir 2016

lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe ó acquis Schengen i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1)(d) agus Airteagal 87(2)(a) agus (c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gné riachtanach den straitéis le haghaidh reachtóireacht níos fearr atá á cur chun feidhme ag institiúidí an Aontais trédhearcacht dhlí an Aontais a fheabhsú. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí na gníomhartha sin nach bhfuil aon chuspóir acu a thuilleadh a aisghairm.

(2)

Roinnt gníomhartha a glacadh i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, agus ar cuid de acquis Schengen iad, níl siad ábhartha a thuilleadh mar gheall ar a gcineál sealadach nó toisc go bhfuil an méid atá le fáil iontu i ngníomhartha eile a tháinig ina ndiaidh.

(3)

Bhí sé d’aidhm ag Cinneadh SCH/Com-ex (93) 14 ón gCoiste Feidhmiúcháin (2) comhar breithiúnach praiticiúil a fheabhsú chun gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac maidir leis na cásanna sin inar dhiúltaigh Ballstát comhoibriú, agus sna cásanna sin amháin. D’imigh an Cinneadh sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh le Gníomh 2000/C-197/01 ón gComhairle (3), ar coinbhinsiún é lena bhforáiltear do chomhar níos doimhne idir na Ballstáit i réimse an chúnaimh fhrithpháirtigh maidir le gach cion agus dá bhrí sin maidir le gáinneáil drugaí.

(4)

Le Dearbhú SCH/Com-ex (97) decl.13, rev. 2 ón gCoiste Feidhmiúcháin (4), tugadh aghaidh ar fhuadach mionaoiseach agus ar thógáil neamhdhleathach mionaoiseach ag duine de na tuismitheoirí ón duine ar tugadh an ceart coimeádta dó nó di. D’imigh an Dearbhú sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/115/AE ón gCoimisiún (6), ar nithe iad a dhéanann foráil do rialacha nua maidir le mionaoisigh a sheiceáil agus an teorainn sheachtrach á trasnú acu agus maidir leis na gníomhaíochtaí comhfhreagracha de chuid bhiúrónna Sirene.

(5)

Le Cinneadh SCH/Com-ex (98) 52 ón gCoiste Feidhmiúcháin (7), glacadh lámhleabhar Schengen maidir le comhar póilíneachta trasteorann lena gcabhraítear leis na Ballstáit oibríochtaí trasteorann a chur i gcrích. D’imigh an Cinneadh sin as feidhm nuair a cuireadh ábhar an lámhleabhair isteach sa chatalóg uasdátaithe moltaí maidir le cur i bhfeidhm ceart acquis Schengen agus maidir le dea-chleachtais i gcomhar póilíneachta, sa lámhleabhar maidir le hoibríochtaí trasteorann agus sa choimre d’oifigigh idirchaidrimh fhorfheidhmiú an dlí.

(6)

Le Cinneadh SCH/Com-ex (99) 11 rev. 2 ón gCoiste Feidhmiúcháin (8), glacadh Comhaontú maidir le Comhar in Imeachtaí um Chionta i gcoinne na Rialachán um Thrácht ar Bhóithre. Tugadh an Comhaontú sin i gcrích idir Ballstáit áirithe agus tugadh i gcrích é le dhá thríú stát freisin (an Íoslainn agus an Iorua). Ní cuid de acquis Schengen é dá bhrí sin. Ina theannta sin, níor tháinig sé i bhfeidhm riamh agus níor thug aon cheann de na Ballstáit dearbhú faoi Airteagal 20(3) den Chomhaontú sin i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir na Ballstáit sin a bhfuil sé daingnithe acu. Dá bhrí sin, níl aon ábharthacht ag an gCinneadh sin agus ba cheart é a aisghairm.

(7)

Le Cinneadh 2008/173/CGB ón gComhairle (9), leagadh amach an raon feidhme mionsonraithe agus na nósanna imeachta le haghaidh eagrú, comhordú agus bailíochtú i dtaca le tástálacha áirithe arb é is aidhm leo a mheas an gcomhlíontar le Córas Faisnéise Schengen II (SIS II) na ceanglais theicniúla agus fheidhmiúla mar a shainítear in ionstraimí dlíthiúla SIS II iad. Chuaigh éifeacht dhlíthiúil an Chinnidh sin i léig a luaithe a tháinig SIS II chun bheith oibríochtúil an 9 Aibreán 2013.

(8)

Ar mhaithe le deimhneacht agus soiléire dhlithiúil, ba cheart na Cinntí sin agus an Dearbhú sin atá imithe as feidhm a aisghairm.

(9)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon roinnt gníomhartha de chuid an Aontais i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla atá imithe as feidhm, agus ar cuid de acquis Schengen iad, a aisghairm, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach iad in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(11)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen ina bhfuil Éire rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (10).

(12)

Tar éis don Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt an 24 Iúil 2013 i gcomhréir leis an gcéad abairt den chéad fhomhír d’Airteagal 10(4) de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, níl feidhm a thuilleadh ag na Cinntí ná ag an Dearbhú atá imithe as feidhm agus dá dtagraítear thuas, maidir leis an Ríocht Aontaithe amhail ón 1 Nollaig 2014, de bhun an dara habairt den chéad fhomhír d’Airteagal 10(4) den Phrótacal sin. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(13)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (11), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (12).

(14)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (13), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (14).

(15)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (15), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle (16),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Gníomhartha atá imithe as feidhm a aisghairm

Aisghairtear na gníomhartha seo a leanas:

Cinneadh SCH/Com-ex (93) 14 (gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac),

Dearbhú SCH/Com-ex (97) decl. 13 rev 2 (fuadach mionaoiseach),

Cinneadh SCH/Com-ex (98) 52 (an lámhleabhar póilíneachta),

Cinneadh SCH/Com-ex (99) 11 rev. 2 (cionta i gcoinne na rialachán um thrácht ar bhóithre), agus

Cinneadh 2008/173/CGB (tástálacha SIS II).

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Eanáir 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.G. KOENDERS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Nollaig 2015.

(2)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 14 Nollaig 1993 maidir le comhar breithiúnach praiticiúil a fheabhsú chun gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac (SCH/Com-ex (93) 14) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 427).

(3)  Gníomh ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 lena mbunaítear, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lch. 1).

(4)  Dearbhú ón gCoiste Feidhmiúcháin an 9 Feabhra 1998 maidir le fuadach mionaoiseach (SCH/Com-ex (97) decl. 13, rev. 2) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 436).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/115/AE ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2013 maidir le Lámhleabhar Sirene agus bearta cur chun feidhme eile don dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) (IO L 71, 14.3.2013, lch. 1).

(7)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Nollaig 1998 maidir leis an Lámhleabhar maidir le comhar póilíneachta trasteorann (SCH/Com-ex (98) 52) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 408).

(8)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 28 Aibreán 1999 maidir leis an gComhaontú i ndáil le comhar in imeachtaí um chionta i gcoinne na rialachán um thrácht ar bhóithre (SCH/Com-ex (99) 11 rev. 2) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 428).

(9)  Cinneadh 2008/173/CGB ón gComhairle an 18 Feabhra 2008 maidir le tástálacha an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) (IO L 57, 1.3.2008, lch. 14).

(10)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(11)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(12)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(13)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(14)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

(15)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 3.

(16)  Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).


Top