This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12016E194
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union#PART THREE - UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS#TITLE XXI - ENERGY#Article 194
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XXI - FUINNEAMH
Airteagal 194
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XXI - FUINNEAMH
Airteagal 194
IO C 202, 7.6.2016, p. 134–135
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/134 |
Airteagal 194
1. I gcomhthéacs bhunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus ag féachaint don ghá atá ann an comhshaol a chaomhnú agus a fheabhsú, beidh sé d'aidhm ag beartas an Aontais maidir le fuinneamh, de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit:
(a) |
oibriú an mhargaidh fuinnimh a áirithiú; |
(b) |
slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas a áirithiú; |
(c) |
an tíosacht agus an bharainn ar an bhfuinneamh a chur chun cinn mar aon le forbairt foirmeacha nua, inathnuaite fuinnimh; agus |
(d) |
idirnascadh na ngréasán fuinnimh a chur chun cinn. |
2. Gan dochar do chur i bhfeidhm fhorálacha eile na gConarthaí, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú. Glacfar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún.
Ní dhéanfaidh na bearta sin difear don cheart atá ag Ballstát na coinníollacha a chinneadh maidir lena acmhainní fuinnimh a shaothrú, dá rogha idir fhoinsí éagsúla fuinnimh agus do struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh, gan dochar d'Airteagal 192(2)(c).
3. De mhaolú ar mhír 2, bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na bearta dá dtagraítear sa mhír sin nuair is bearta de chineál fioscach go príomha iad.