EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E130

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL VIII - BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA
CAIBIDIL 2 - BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
Airteagal 130 (sean-Airteagal 108 CCE)

OJ C 202, 7.6.2016, p. 104–104 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_130/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/104


Airteagal 130

(sean-Airteagal 108 CCE)

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus i gcomhlíonadh na gcúraimí agus na ndualgas a chuirtear orthu sna Conarthaí agus i Reacht an CEBC agus an BCE, ní fhéadfaidh an Banc Ceannais Eorpach, banc ceannais Ballstáit ná aon chomhalta dá gcomhlachtaí cinnteoireachta teagaisc a iarraidh ná a ghlacadh ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí nó ó ghníomhaireachtaí Aontais, ó aon Rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht eile. Gabhfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais maille le Rialtais na mBallstát orthu féin an prionsabal sin a urramú agus gan a iarraidh tionchar a oibriú ar chomhaltaí chomhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh nó na mbanc ceannais náisiúnta i gcomhlíonadh a gcúraimí.


Top