Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E028

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
    TEIDEAL II - SAORGHLUAISEACHT EARRAÍ
    Airteagal 28 (sean-Airteagal 23 CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 59–60 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_28/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/59


    Airteagal 28

    (sean-Airteagal 23 CCE)

    1.   Cuimseoidh an tAontas aontas custaim a bhainfidh leis an trádáil go léir in earraí, agus a bhéarfaidh go dtoirmiscfear idir na Ballstáit dleachtanna custaim ar allmhairí agus onnmhairí agus gach muirear comhéifeachta, agus go nglacfar le comhtharaif chustaim ina gcaidreamh le tríú tíortha.

    2.   Bainfidh forálacha Airteagal 30 agus Chaibidil 3 den Teideal seo le táirgí de thionscnamh na mBallstát agus le táirgí ó thríú tíortha atá ar saorchúrsaíocht sna Ballstáit.


    Top