EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012E310

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL II - FORÁLACHA AIRGEADAIS
Airteagal 310
(sean-Airteagal 268 CCE)

IO C 326, 26.10.2012, p. 181–181 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2012/art_310/oj

26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A SÉ

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS

TEIDEAL II

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 310

(sean-Airteagal 268 CCE)

1.   Déanfar gach ioncam agus caiteachas de chuid an Aontais a áireamh i meastacháin a tharraingeofar suas do gach bliain airgeadais agus taispeánfar iad sa bhuiséad.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle buiséad bliantúil an Aontais a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 314.

Ní foláir an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeántar sa bhuiséad a bheith ar comhardú.

2.   Údarófar an caiteachas arna thaispeáint sa bhuiséad don tréimhse bhuiséadach bhliantúil i gcomhréir leis an rialachán dá dtagraítear in Airteagal 322.

3.   Chun an caiteachas arna thaispeáint sa bhuiséad a chur chun feidhme beidh gá le gníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh roimh ré chun bunús dlí a sholáthar dá ghníomhaíocht agus do chur chun feidhme an chaiteachais chomhfhreagraigh i gcomhréir leis an Rialachán dá dtagraítear in Airteagal 322, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sa dlí sin.

4.   D'fhonn an smacht buiséadach a áirithiú, ní ghlacfaidh an tAontas aon ghníomh ar dóigh dó iarmhairtí suntasacha a bheith aige ar an mbuiséad gan a dheimhniú go bhféadfar an caiteachas a eascraíonn ón ngníomh sin a mhaoiniú laistigh de theorainneacha acmhainní dílse an Aontais agus i gcomhréir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 312.

5.   Déanfar an buiséad a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an Aontas chun a áirithiú go n-úsáidfear na leithreasaí sa bhuiséad i gcomhréir leis an bprionsabal sin.

6.   Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 325, an chalaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.


Top