This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document E2025P0028
Request for an Advisory Opinion from the EFTA Court by the District Court of Reykjavik dated 22 December 2025 in the case of Iceland Revenue and Customs v ADVEL Attorneys (Case E-28/25)
Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE arna cur isteach ag Cúirt Dúiche Réicivíce dar dáta an 22 Nollaig 2025 i gcás Údarás Ioncaim agus Custaim na hÍoslainne v ADVEL Attorneys (Cás E-28/25)
Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE arna cur isteach ag Cúirt Dúiche Réicivíce dar dáta an 22 Nollaig 2025 i gcás Údarás Ioncaim agus Custaim na hÍoslainne v ADVEL Attorneys (Cás E-28/25)
PUB/2026/102
IO C, C/2026/2459, 24.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2459/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2459 |
24.4.2026 |
Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE arna cur isteach ag Cúirt Dúiche Réicivíce dar dáta an 22 Nollaig 2025 i gcás Údarás Ioncaim agus Custaim na hÍoslainne v ADVEL Attorneys
(Cás E-28/25)
(C/2026/2459)
Chuir Cúirt Dúiche Réicivíce (Héraðsdómur Reykjavíkur) iarraidh isteach chuig Cúirt CSTE dar dáta 22 Nollaig 2025, iarraidh a fuarthas i gClárlann na Cúirte an 23 Nollaig 2025, ar Thuairim Chomhairleach i gcás Údarás Ioncaim agus Custaim na hÍoslainne (Skatturinn) v ADVEL Attorneys (ADVEL lögmenn ehf.), maidir leis an gceist seo a leanas:
An bhfuil sé comhoiriúnach do Chomhaontú LEE, go háirithe le hAirteagal 36 de maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, dualgas dlíodóirí rúndacht a choinneáil ar bun faoi Airteagal 22 den Acht um Dhlíodóirí Gairmiúla Uimh. 77/1998 a chur ar ceal, bunaithe ar iarraidh ó na húdaráis chánach taifead a cheanglaítear ar dhlíodóirí a choinneáil de bhun Airteagal 94(4) d’Acht um Cháin Ioncaim Uimh. 90/2003 a thabhairt ar láimh, i gcás nach mbeidh aon nasc idir an iarraidh sin agus imscrúdú sonrach atá dírithe ar chliant nó cliaint ar leith dlíodóra?
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2459/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)