Wählen Sie die experimentellen Funktionen, die Sie testen möchten.

Dieses Dokument ist ein Auszug aus dem EUR-Lex-Portal.

Dokument E2025P0013

Caingean arna tabhairt an 11 Meitheamh 2025 ag Údarás Faireacháin CSTE i gcoinne Lichtinstéin (Cás E-13/25)

IO C, C/2025/4534, 14.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4534/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4534/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4534

14.8.2025

Caingean arna tabhairt an 11 Meitheamh 2025 ag Údarás Faireacháin CSTE i gcoinne Lichtinstéin

(Cás E-13/25)

(C/2025/4534)

Thug Údarás Faireacháin CSTE caingean i gcoinne Lichtinstéin os comhair Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE an 11 Meitheamh 2025, agus ionadaíocht á déanamh don Údarás sin ag Hildur Hjörvar, Sigurbjörn Bernharð Edvardsson, Sigrún Ingibjörg Gísladóttir agus Melpo-Menie Joséphidès, ag gníomhú dóibh mar Ghníomhairí Údarás Faireacháin CSTE, Avenue des Arts 19H, 1000 an Bhruiséil, an Bheilg.

Iarrann Údarás Faireacháin CSTE ar Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.

A dhearbhú nár chomhlíon Lichtinstéin a hoibleagáidí faoin nGníomh dá dtagraítear ag pointe 7d, 7f agus 7m d’Iarscríbhinn XIX a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE, agus faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE, toisc nár ghlac sí leis na bearta is gá chun an Gníomh a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama a leagadh síos, nó in aon chás, toisc nár chuir sí Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas faoi sin, agus

2.

Ordú a thabhairt do Lichtinstéin costais na n-imeachtaí sin a iompar.

An cúlra dlíthiúil agus an cúlra fíorasach, mar aon le pléadálacha faoin dlí a thugtar ar aird chun tacú leis an méid sin:

Leis an iarratas seo, iarrann Údarás Faireacháin CSTE (‘an tÚdarás’) ar an gCúirt a dhearbhú nár chomhlíon Lichtinstéin a hoibleagáidí faoin nGníomh dá dtagraítear ag pointí 7d, 7f agus 7m d’Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Comhaontú LEE, arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus faoi Airteagal 7 LEE, toisc nár ghlac sí na bearta is gá chun an Gníomh a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama a leagadh síos, nó in aon chás, toisc nár chuir sí Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas faoi sin.

Sheol Údarás Faireacháin CSTE litir fógra fhoirmiúil chuig Lichtinstéin an 17 Iúil 2024, inar iarradh ar Lichtinstéin barúlacha a chur isteach laistigh de 2 mhí, i.e. faoin 17 Meán Fómhair 2024.

Ina freagra an 17 Meán Fómhair 2024, dúirt Lichtinstéin nach raibh na bearta is gá déanta aici go fóill chun an Gníomh a chur chun feidhme agus chuir sí in iúl go raibh na bearta reachtacha ba ghá don chur chun feidhme á ndéanamh.

Thug Údarás Faireacháin CSTE tuairim réasúnaithe uaidh an 4 Nollaig 2024 inar thug sé 2 mhí do Lichtinstéin na bearta is gá a dhéanamh chun an tuairim réasúnaithe a chomhlíonadh, i.e. tráth nach déanaí ná an 4 Feabhra 2025.

Ina freagra an 4 Feabhra 2025, luaigh Lichtinstéin go raibh glacadh na mbeart ba ghá chun an Gníomh a chur chun feidhme á dhéanamh agus chuir sí in iúl go raibh coinne leis go dtiocfadh na leasuithe reachtacha i bhfeidhm an 1 Eanáir 2026.

Faoin tráth a chuaigh an spriocdháta a leagadh síos sa tuairim réasúnaithe in éag, ní raibh aon fhógra faighte ag Údarás Faireacháin CSTE go raibh an Gníomh curtha chun feidhme ag Lichtinstéin, ná ní raibh aon fhaisnéis eile ina seilbh aici a thug le fios go ndearnadh cuid de dhlíchóras inmheánach Lichtinstéin den Ghníomh.

Ós rud é nár chomhlíon Lichtinstéin an tuairim réasúnaithe faoin spriocdháta a leagadh síos inti, chinn Údarás Faireacháin CSTE an t-ábhar a tharchur chuig an gCúirt, de bhun Airteagal 31 den gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.

Tráth a thaisc Údarás Faireacháin CSTE an t-iarratas seo, níor tugadh fógra dó ná ní raibh aon fhaisnéis eile aige a thug le fios gur chuir Lichtinstéin an Gníomh chun feidhme ina dlíchóras.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4534/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


nach oben