Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document E2024J0023

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE an 11 Márta 2025 i gCás E-23/24 — AO & IM (Inghlacthacht — Airteagal 34 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte — An coincheap cúirt nó binse — Coincheap an neamhspleáchais — Airteagal (2)(b) LEE — Saorghluaiseacht daoine — Treoir 2004/38/CE — Airteagal 7 — Coincheap an oibrí — Coinníoll acmhainní leordhóthanacha)

PUB/2025/431

IO C, C/2025/4332, 31.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4332/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4332/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4332

31.7.2025

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE

an 11 Márta 2025

i gCás E-23/24

AO & IM

(Inghlacthacht — Airteagal 34 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte — An coincheap ‘cúirt nó binse’ — Coincheap an neamhspleáchais — Airteagal (2)(b) LEE — Saorghluaiseacht daoine — Treoir 2004/38/CE — Airteagal 7 — Coincheap an oibrí — Coinníoll acmhainní leordhóthanacha)

(C/2025/4332)

I gCás E-23/24, AO & BB — IARRAIDH chuig an gCúirt faoi Airteagal 34 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú ag an mBord Achomhairc Inimirce (Utlendingsnemnda), maidir le léirmhíniú Airteagal 7(1)(b) de Threoir 2004/38/CE, agus go háirithe maidir leis an gceist an bhféadfar a mheas go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag náisiúnach LEE agus ag ball teaghlaigh náisiúnaigh LEE de réir bhrí na forála sin fiú má eascraíonn na hacmhainní uile as ioncam náisiúnaigh tríú tír, thug an Chúirt, a bhí comhdhéanta de Páll Hreinsson, Uachtarán, Bernd Hammermann agus Michael Reiertsen (Breithiúnas-Rapóirtéir), Breithiúna, breithiúnas an 11 Márta 2025, arb é seo a leanas an chuid oibríochtúil de:

Chun measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag náisiúnach LEE de réir bhrí Airteagal 7(1)(b) de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríocha na mBallstát, ní mór aird a thabhairt ar na hacmhainní uile atá ar fáil don náisiúnach LEE sin, gan beann ar a dtionscnamh ná ar cé acu a sholáthair náisiúnach tríú tír iad go hiomlán nó go páirteach.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4332/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top