This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document E2024J0005
Judgment of the Court of 22 October 2024 in Case E-5/24 – EFTA Surveillance Authority v Iceland (Failure by an EFTA State to fulfil its obligations – Failure to implement – Regulation (EU) 2018/1212 – Shareholder identification – Transmission of information – Facilitation of the exercise of shareholders rights)
Breithiúnas na Cúirte an 22 Deireadh Fómhair 2024 i gCás E-5/24 — Údarás Faireacháin CSTE v an Íoslainn (Mainneachtain Stáit CSTE a oibleagáidí a chomhlíonadh – Mainneachtain cur chun feidhme – Rialachán (AE) 2018/1212 – Scairshealbhóirí a shainaithint – Faisnéis a tharchur – Feidhmiú ceart scairshealbhóirí a éascú)
Breithiúnas na Cúirte an 22 Deireadh Fómhair 2024 i gCás E-5/24 — Údarás Faireacháin CSTE v an Íoslainn (Mainneachtain Stáit CSTE a oibleagáidí a chomhlíonadh – Mainneachtain cur chun feidhme – Rialachán (AE) 2018/1212 – Scairshealbhóirí a shainaithint – Faisnéis a tharchur – Feidhmiú ceart scairshealbhóirí a éascú)
IO C, C/2025/749, 30.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/749/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/749 |
30.1.2025 |
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE
an 22 Deireadh Fómhair 2024
i gCás E-5/24
Údarás Faireacháin CSTE v an Íoslainn
(Mainneachtain Stáit CSTE a oibleagáidí a chomhlíonadh – Mainneachtain cur chun feidhme – Rialachán (AE) 2018/1212 – Scairshealbhóirí a shainaithint – Faisnéis a tharchur – Feidhmiú ceart scairshealbhóirí a éascú)
(C/2025/749)
I gCás E-5/24,Údarás Faireacháin CSTE v an Íoslainn – IARRATAS ar dhearbhú nár chomhlíon an Íoslainn a hoibleagáidí faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE, toisc nach ndearna sí cuid dá dlíchóras inmheánach den Ghníomh dá dtagraítear i bpointe 10ga d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1212 ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2018 lena leagtar síos íoscheanglais lena gcuirtear chun feidhme forálacha Threoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann scairshealbhóirí a shainaithint, faisnéis a tharchur agus feidhmiú ceart scairshealbhóirí a éascú), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE, thug an Chúirt, a bhí comhdhéanta de Páll Hreinsson, Uachtarán, Bernd Hammermann (Breitheamh is Rapóirtéir) agus Michael Reiertsen, Breithiúna, breithiúnas an 22 Deireadh Fómhair 2024, arb é seo a leanas an chuid oibríochtúil de:
Déanann an Chúirt, leis seo:
|
1. |
A dhearbhú nár chomhlíon an Íoslainn a hoibleagáidí faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE, toisc nach ndearna sí cuid dá dlíchóras inmheánach den Ghníomh dá dtagraítear i bpointe 10g d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1212 ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2018 lena leagtar síos íoscheanglais lena gcuirtear chun feidhme forálacha Threoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scairshealbhóirí a shainaithint, faisnéis a tharchur agus feidhmiú ceart scairshealbhóirí a éascú), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE. |
|
2. |
Ordú a thabhairt don Íoslainn costais na n-imeachtaí sin a iompar. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/749/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)