Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document E2022P0007

    Caingean arna tionscnamh an 3 Meitheamh 2022 ag Údarás Faireacháin CSTE i gcoinne na hÍoslainne (Cás E-7/22) 2022/C 271/10

    IO C 271, 14.7.2022, p. 11–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    14.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 271/11


    Caingean arna tionscnamh an 3 Meitheamh 2022 ag Údarás Faireacháin CSTE i gcoinne na hÍoslainne

    (Cás E-7/22)

    (2022/C 271/10)

    Thug Údarás Faireacháin CSTE caingean i gcoinne na hÍoslainne os comhair Chúirt CSTE an 3 Meitheamh 2022, agus ionadaíocht á déanamh don Údarás sin ag Kyrre Isaksen, Ingibjörg-Ólöf Vilhjálmsdóttir, agus Melpo-Menie Joséphidès, ag gníomhú dóibh mar Ghníomhairí Údarás Faireacháin CSTE, Avenue de Arts 19H, B-1000 an Bhruiséil, an Bheilg.

    Iarrann Údarás Faireacháin CSTE ar Chúirt CSTE an méid seo a leanas a dhéanamh:

    1.

    A dhearbhú gur mhainnigh an Íoslainn a hoibleagáidí faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE a chomhlíonadh trí gan cuid dá dlíchóras a dhéanamh de na gníomhartha seo a leanas, arna hoiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú sin:

    a.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2022 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála a bhaineann leis an bhfaisnéis chun gnólachtaí tríú tíortha a chlárú agus le formáid na faisnéise atá le soláthar do na cliaint, dá dtagraítear i bpointe 31bag d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    b.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/568 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála chun glacadh le hionstraimí airgeadais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte, dá dtagraítear i bpointe 31bak d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    c.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/575 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála a bhaineann leis na sonraí atá le foilsiú ag ionaid forghníomhaithe maidir le cáilíocht fhorghníomhú na n-idirbheart, dá dtagraítear i bpointe 31bar d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    d.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/576 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála maidir le faisnéis ar chéannacht na n-ionad forghníomhaithe agus ar cháilíocht an fhorghníomhaithe a fhoilsiú go bliantúil ag gnólachtaí infheistíochta, dá dtagraítear i bpointe 31bas d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    e.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála maidir le ceanglais trédhearcachta le haghaidh ionaid trádála agus gnólachtaí infheistíochta i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthach, dá dtagraítear i bpointe 31baz d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE

    f.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/585 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le caighdeáin sonraí agus le formáidí do na sonraí tagartha ionstraime airgeadais agus le bearta teicniúla a bhaineann le socruithe le déanamh ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus ag na húdaráis inniúla, dá dtagraítear i bpointe 31bazb d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    g.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/586 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh an mhalartaithe faisnéise idir údaráis inniúla nuair a bhítear ag déanamh comhar i ngníomhaíochtaí maoirseachta, i bhfíoruithe ar an láthair, agus in imscrúduithe, dá dtagraítear i bpointe 31bazc d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    h.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1018 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis a bhfuil fógra le tabhairt ina leith ag gnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh agus institiúidí creidmheasa, dá dtagraítear i bpointe 31bazp d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    i.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1799 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bainc cheannais tríú tíortha áirithe a dhíolmhú i bhfeidhmiú a mbeartas airgeadaíochta, malairte eachtraí agus cobhsaíochta airgeadais ó cheanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála, dá dtagraítear i bpointe 31bazt d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    j.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1943 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le faisnéis agus ceanglais chun gnólachtaí infheistíochta a údarú, dá dtagraítear i bpointe 31bazu d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    k.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2194 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais i ndáil le horduithe pacáiste, dá dtagraítear i bpointe 31bazz d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    l.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/824 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2016 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le hábhar agus formáid na tuairisce ar fheidhmiú saoráidí trádála iltaobhacha agus saoráidí trádála eagraithe agus maidir le fógra a thabhairt don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, dá dtagraítear i bpointe 31bad d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    m.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/953 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2017 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le formaid agus tráthú na dtuairiscí ar shuíomh ó ghnólachtaí infheistíochta agus ó oibreoirí margaidh na n-ionad trádála, de bhun Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, dá dtagraítear i bpointe 31bazk d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    n.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/980 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid agus nósanna imeachta le haghaidh comhar i ngníomhaíochtaí maoirseachta, fíoruithe ar an láthair, agus imscrúduithe agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, dá dtagraítear i bpointe 31bazl d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    o.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/981 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid agus nósanna imeachta chun dul i gcomhairle le húdaráis inniúla eile sula ndeonófar údarú i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, dá dtagraítear i bpointe 31bazm d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    p.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/988 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2017 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid agus nósanna imeachta le haghaidh socruithe comhair maidir le hionad trádála a mbeidh tábhacht shuntasach ag baint lena oibríochtaí i mBallstát óstach, dá dtagraítear i bpointe 31bazn d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    q.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1093 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2017 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le formáid na dtuairiscí ar shuíomh ó ghnólachtaí infheistíochta agus ó oibreoirí mhargaidh, dá dtagraítear i bpointe 31bazq d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    r.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1111 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2017 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le nósanna imeachta agus foirmeacha chun faisnéis a chur isteach maidir le smachtbhannaí agus bearta i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, dá dtagraítear i bpointe 31bazs d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    s.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1944 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2017 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid agus nósanna imeachta don phróiseas comhairliúcháin idir údaráis inniúla ábhartha i ndáil le fógra faoi éadáil atá beartaithe maidir le sealúchas cáilitheach i ngnólacht infheistíochta i gcomhréir le Treoracha 2004/39/CE agus 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, dá dtagraítear i bpointe 31bazv d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    t.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1945 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2017 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le fógraí a dhéanfaidh gnólachtaí infheistíochta iarrthacha agus gnólachtaí infheistíochta údaraithe agus fógraí chuig gnólachtaí infheistíochta iarrthacha agus chuig gnólachtaí infheistíochta údaraithe de réir Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, dá dtagraítear i bpointe 31bazw d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    u.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2382 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2017 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid agus nósanna imeachta le haghaidh tarchur faisnéise i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, dá dtagraítear i bpointe 31bazze d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE,

    v.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/462 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2019 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1799 a mhéid a bhaineann le díolúine Bhanc Shasana ó na ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, dá dtagraítear i bpointe 31bazt d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE;

    2.

    Ordú a thabhairt don Íoslainn costais na n-imeachtaí sin a iompar

    An cúlra dlíthiúil agus an cúlra fíorasach, mar aon le pléadálacha faoin dlí a tugadh ar aird chun tacú leis an méid sin:

    Leis an iarratas seo, lorgaíonn Údarás Faireacháin CSTE dearbhú gur mhainnigh an Íoslainn na bearta is gá a ghlacadh chun cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh de ghníomhartha áirithe a bhaineann leis an gcreat rialála maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, arna n-ionchorprú in Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”) trí Chinntí Uimh. 85/2019, agus 100/2019 ó Chomhchoiste LEE.

    Maíonn Údarás Faireacháin CSTE gur mhainnigh an Íoslainn a hoibleagáidí faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE a chomhlíonadh trí gan cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh de na gníomhartha.


    Top