This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document E2022P0001
Action brought on 10 January 2022 by G. Modiano Limited and Standard Wool (UK) Limited against the EFTA Surveillance Authority (Case E-1/22) 2022/C 103/11
Caingean a thug G. Modiano Limited agus Standard Wool (UK) Limited in aghaidh Údarás Faireacháin CSTE an 10 Eanáir 2022 (Caingean E-1/22) 2022/C 103/11
Caingean a thug G. Modiano Limited agus Standard Wool (UK) Limited in aghaidh Údarás Faireacháin CSTE an 10 Eanáir 2022 (Caingean E-1/22) 2022/C 103/11
IO C 103, 3.3.2022, pp. 14–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
3.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 103/14 |
Caingean a thug G. Modiano Limited agus Standard Wool (UK) Limited in aghaidh Údarás Faireacháin CSTE an 10 Eanáir 2022
(Caingean E-1/22)
(2022/C 103/11)
An 10 Eanáir 2022, thug G. Modiano Limited agus Standard Wool (UK) Limited caingean in aghaidh Údarás Faireacháin CSTE os comhair Chúirt CSTE, agus is iad Karl O. Wallevik, Aturnae, Advokatfirmaet Wallevik, Klostergaten 36, 5005 Bergen, an Iorua, agus Charles Whiddington agus Zanda Romata, Solicitors, Steptoe & Johnson L.L.P., 489 Avenue Louise, 1050 an Bhruiséil, an Bheilg, a bhí ag ionadaíocht dóibh.
Tá G. Modiano Limited agus Standard Wool (UK) Limited ag iarraidh ar Chúirt CSTE an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
1. |
A dhearbhú gur achomharc inghlactha é an t-achomharc seo agus go bhfuil bunús maith leis. |
|
2. |
A dhearbhú go bhfuil an cinneadh ó Údarás Faireacháin CSTE an 9 Samhain 2021 i gcaingean uimhir 84045 ar neamhní. |
|
3. |
A dhearbhú gur cabhair nua í an Scéim Fóirdheontais agus go bhfuil na Stáisiúin Bhailithe ag fáil cabhair neamhdhleathach ó 2002 ar a laghad, agus a iarraidh ar Údarás Faireacháin CSTE méid na cabhrach neamhdhleathaí a chainníochtú. |
|
4. |
Ordú d’Údarás Faireacháin CSTE costais G. Modiano Limited agus Standard Wool (UK) Limited a chumhdach. |
|
5. |
Bearta eile den chineál sin a dhéanamh, maille le bearta breise, faoi mar is gá de réir an cheartais. |
An cúlra dlíthiúil agus an cúlra fíorasach, mar aon le pléadálacha faoin dlí a tugadh ar aird chun tacú leis an méid sin:
|
— |
Is cuideachta phríobháideach theoranta í G. Modiano Limited atá corpraithe i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Is é is príomhghníomhaíocht di díol agus ceannach olann chaorach, a hallmhairiú, a honnmhairiú, agus a próiseáil. |
|
— |
Is cuideachta phríobháideach theoranta í Standard Wool (UK) Limited atá corpraithe i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Is próiseálaí agus trádálaí idirnáisiúnta olla í a leagann béim ar leith ar phróiseáil agus ar thrádáil na holla atá i dtús a próiseála. |
|
— |
Chuir G. Modiano Limited agus Standard Wool (UK) Limited (“na hiarratasóirí”) gearán faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE an 6 Meán Fómhair 2019 maidir le Scéim Fóirdheontais Olla na hIorua (“an Scéim Fóirdheontais”). |
|
— |
Is éard atá san iarratas seo caingean chun an cinneadh ó Údarás Faireacháin CSTE a neamhniú, cinneadh a glacadh an 9 Samhain 2021, lenar dúnadh an gearán (“an cinneadh atá á chonspóid”). |
|
— |
Tá na hiarratasóirí ag féachaint leis an gcinneadh atá á chonspóid a neamhniú bunaithe ar na forais seo a leanas:
|