Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document E2021C0292

    Cinneadh Údarás Faireacháin CSTE Uimh. 292/21/COL an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach trí Threoirlínte nua a thabhairt isteach maidir le Státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn [2022/929]

    IO L 161, 16.6.2022, p. 81–120 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/929/oj

    16.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 161/81


    CINNEADH ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE Uimh. 292/21/COL

    an 15 Nollaig 2021

    lena leasaítear na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach trí Threoirlínte nua a thabhairt isteach maidir le Státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn [2022/929]

    TÁ ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE (“ESA”), Ag féachaint don mhéid seo a leanas:

    Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), go háirithe Airteagail 61 go 63 agus Prótacal 26,

    Ag féachaint don Chomhaontú idir na Stáit EFTA maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú (“an Comhaontú Faireacháin agus Cúirte”), go háirithe Airteagal 24 agus Airteagal 5(2)(b),

    Ag féachaint do Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú Faireacháin agus Cúirte (“Prótacal 3”), go háirithe Airteagal 1(1) de Chuid I,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    Faoi Airteagal 24 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte, tá ESA le héifeacht a thabhairt d’fhorálacha Chomhaontú LEE maidir le státchabhair.

    Faoi Airteagal 5(2)(b) den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte, tá ESA le fógraí nó treoirlínte a eisiúint maidir le hábhair a ndéileáiltear leo i gComhaontú LEE, má dhéantar foráil shainráite maidir leis sin sa Chomhaontú sin nó sa Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte nó má mheasann ESA gur gá sin.

    Faoi Airteagal 1(1) de Chuid I de Phrótacal 3, tá ESA leis na córais chabhrach uile atá ann cheana i Stáit CSTE a choimeád faoi athbhreithniú leanúnach (1) agus aon bheart iomchuí a mholadh is gá chun Comhaontú LEE a fhorbairt go comhleanúnach nó chun a fheidhmithe.

    An 6 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach Guidelines on State aid to promote risk finance investments [Treoirlínte maidir le Státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn] (“na Treoirlínte”) (2).

    Tá na Treoirlínte ábhartha maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”) freisin.

    Tá cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha LEE maidir le státchabhair le háirithiú ar fud LEE i gcomhréir le cuspóir na haonchineálachta a bhunaítear in Airteagal 1 de Chomhaontú LEE.

    De réir Mhír II den Roinn Ghinearálta d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Comhaontú LEE, tá ESA, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach, le gníomhartha a ghlacadh, ar gníomhartha iad a chomhfhreagraíonn do na gníomhartha sin arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach.

    Leis na Treoirlínte, féadfar tagairt a dhéanamh d’ionstraimí beartais áirithe de chuid an Aontais agus do ghníomhartha dlí áirithe de chuid an Aontais nár ionchorpraíodh i gComhaontú LEE. D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach forálacha státchabhrach mar aon le dálaí iomaíochta comhionanna a áirithiú ar fud LEE, déanfaidh ESA, go ginearálta, na pointí tagartha céanna a chur i bhfeidhm leis an gCoimisiún Eorpach agus measúnú á dhéanamh ar a chomhoiriúnaí le feidhmiú Chomhaontú LEE atá cabhair.

    Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dó dul i gcomhairle le Stáit CSTE,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    (1)   Déantar na rialacha substainteacha i réimse na státchabhrach a leasú trí Threoirlínte nua a thabhairt isteach le haghaidh státchabhrach chun infheistíocht um maoiniú riosca a chur chun cinn. Tá na Treoirlínte i gceangal leis an gCinneadh seo agus is cuid dhílis de iad.

    (2)   Cuirtear na Treoirlínte in ionad na dtreoirlínte atá ann cheana maidir le státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn (3) le héifeacht ón 1 Eanáir 2022.

    Airteagal 2

    Cuireann ESA na Treoirlínte i bhfeidhm leis na hoiriúnuithe seo a leanas i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan bheith teoranta dó sin:

    (a)

    más ann do thagairt do “Ballstát” nó “Ballstáit”, léann ESA í mar thagairt do “Stát CSTE” nó “Stáit CSTE” (4), nó i gcás inarb iomchuí “Stát LEE” nó “Stáit LEE”;

    (b)

    más ann do thagairt don “Coimisiún Eorpach”, léann ESA í mar thagairt do “Údarás Faireacháin CSTE”;

    (c)

    más ann do thagairt do “an Conradh” nó “CFAE”, léann ESA í mar thagairt do “Comhaontú LEE”;

    (d)

    más ann do thagairt d’Airteagal 49 CFAE nó ranna den Airteagal sin, léann ESA í mar thagairt d’Airteagal 31 de Chomhaontú LEE agus na ranna comhfhreagracha den Airteagal sin;

    (e)

    más ann do thagairt d’Airteagal 63 CFAE nó ranna den Airteagal sin, léann ESA í mar thagairt d’Airteagal 40 de Chomhaontú LEE agus na ranna comhfhreagracha den Airteagal sin;

    (f)

    más ann do thagairt d’Airteagal 107 CFAE nó ranna den Airteagal sin, léann ESA í mar thagairt d’Airteagal 61 de Chomhaontú LEE agus na ranna comhfhreagracha den Airteagal sin;

    (g)

    más ann do thagairt d’Airteagal 108 CFAE nó ranna den Airteagal sin, léann ESA í mar thagairt d’Airteagal 1 de Chuid I de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte agus na ranna comhfhreagracha den Airteagal sin;

    (h)

    más ann do thagairt do Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle (5), léann ESA í mar thagairt do Chuid II de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte;

    (i)

    más ann do thagairt do Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 (6), léann ESA í mar thagairt do Chinneadh 195/04/COL ó Údarás Faireacháin CSTE;

    (j)

    más ann do thagairt don fhoclaíocht “comhoiriúnach nó neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach”, léann ESA í mar “comhoiriúnach nó neamh-chomhoiriúnach le feidhmiú Chomhaontú LEE”;

    (k)

    más ann do thagairt don fhoclaíocht “laistigh (nó lasmuigh) den Aontas”, léann ESA í mar “laistigh (nó lasmuigh) de LEE”;

    (l)

    más ann do thagairt do “trádáil laistigh den Aontas”, léann ESA í mar thagairt do “trádáil laistigh de LEE”;

    (m)

    má leagtar amach leis na Treoirlínte go gcuirfear i bhfeidhm iad maidir le “gach earnáil de ghníomhaíocht eacnamaíoch”, cuireann ESA i bhfeidhm iad maidir le “gach earnáil de ghníomhaíocht eacnamaíoch nó cuid d’earnálacha de ghníomhaíocht eacnamaíoch a thagann faoi raon feidhme Chomhaontú LEE”;

    (n)

    más ann do thagairt do Theachtaireachtaí, Fógraí nó Treoirlínte ón gCoimisiún, léann ESA í mar thagairt do Threoirlínte ESA comhfhreagracha;

    (o)

    más ann do thagairt do “Ainmníocht Aonad Críochach le haghaidh Staidrimh” nó “NUTS”, (7) léann ESA í mar thagairt do “réigiún staidrimh”.

    Airteagal 3

    Cuirfidh ESA na Treoirlínte i bhfeidhm leis na hoiriúnuithe breise seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 36:

    “Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis (IO L 352, 24.12.2013, lch. 1), arna ionchorprú ag pointe 1ea d’Iarscríbhinn XV de Chomhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 98/2014 ón gComhchoiste (IO L 310, 30.10.2014, lch. 65, agus Forlíonadh LEE Uimh. 63, 30.10.2014, lch. 56).”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 180:

    “Ní mór do Stáit CSTE an fhaisnéis seo a leanas a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin cuimsitheach maidir le Státchabhair, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:

    a)

    téacs iomlán an chinnidh deonúcháin cabhrach aonair nó na scéime cabhrach formheasta agus a fhorálacha cur chun feidhme, nó nasc chuige;

    b)

    faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach a sháraíonn EUR 100 000, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis na Treoirlínte seo”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 197:

    “Measann ESA gurb é a thiocfaidh as cur chun feidhme na dTreoirlínte seo athruithe áirithe ar na prionsabail mheasúnúcháin le haghaidh cabhair um maoiniú riosca in LEE. Ar na cúiseanna sin, molann ESA na bearta iomchuí seo a leanas do Stáit CSTE de bhun Airteagal 1(1) de Chuid 1 de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte:

    a)

    Ba cheart do Stáit CSTE, i gcás inar gá, a scéimeanna cabhrach um maoiniú riosca atá ann cheana a leasú, chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na Treoirlínte seo, faoin 30 Meitheamh 2022;

    b)

    Iarrtar ar Stáit CSTE a gcomhaontú neamhchoinníollach sainráite a thabhairt leis na bearta a mholtar faoin 28 Feabhra 2022. In éagmais aon fhreagra, glacfaidh ESA leis nach gcomhaontaíonn Stát CSTE i gceist leis na bearta a mholtar.”

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Nollaig 2021.

    Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE

    Bente ANGELL-HANSEN

    Uachtarán

    Comhalta Coláiste Freagrach

    Högni S. KRISTJÁNSSON

    Comhalta Coláiste

    Stefan BARRIGA

    Comhalta Coláiste

    Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS

    Ag comhshíniú mar Stiúrthóir,

    Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin


    (1)  Le hAirteagal 1(b) den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte sonraítear an méid seo: “ciallaíonn an téarma ‘Stáit CSTE’ Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua agus, faoi na coinníollacha a leagtar síos le hAirteagal 1(2) den Phrótacal lena gcoigeartaítear an Comhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a bhunú, Prionsacht Lichtinstéin”.

    (2)   IO C 508, 16.12.2021, lch. 1.

    (3)  Cinneadh Uimh. 117/14/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 12 Márta 2014 lena leasaítear, den cheathrú huair agus nócha na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach trí Threoirlínte nua a ghlacadh chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn agus trí na Treoirlínte atá ann cheana a fhadú maidir le Státchabhair agus chun infheistíochtaí caipitil riosca a chur chun cinn i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 354, 11.12.2014, lch. 62), agus Forlíonadh LEE Uimh. 74, 11.12.2014, lch. 1, arna leasú le Cinneadh Uimh. 302/14/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 16 Iúil 2014 lena leasaítear, den naoú huair agus nócha na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach trí mhodhnú a dhéanamh ar Threoirlínte áirithe maidir le Státchabhair [2015/95] (IO L 15, 22.1.2015, lch. 103), agus Forlíonadh LEE Uimh. 4, 22.1.2015, lch. 1, agus arna leasú le Cinneadh Uimh. 90/20/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 15 Iúil 2020 lena leasaítear, den seachtú huair agus céad, na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach, trí threoirlínte áirithe maidir le Státchabhair a leasú agus síneadh a chur leo [2020/1576] (IO L 359, 29.10.2020, lch. 16) agus Forlíonadh LEE Uimh. 68, 29.10.2020, lch. 4.

    (4)  Le “Stáit CSTE” tagraítear don Íoslainn, do Lichtinstéin agus don Iorua.

    (5)  Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1).

    (7)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d’aonaid chríochacha le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).


    TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

    Treoirlínte maidir le Státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn

    Clár Ábhar

    1.

    Réamhrá 86

    2.

    Raon feidhme na dTreoirlínte agus na sainmhínithe 91

    2.1.

    Raon feidhme na dTreoirlínte seo 91

    2.2.

    Cabhair infhógartha um maoiniú riosca 93

    2.3.

    Sainmhínithe 94

    3.

    Measúnú comhoiriúnachta ar chabhair um maoiniú riosca 97

    3.1.

    An chéad choinníoll: déanann cabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a éascú 98

    3.1.1.

    Sainaithint na gníomhaíochta eacnamaíche a dtacaítear léi 98

    3.1.2.

    Éifeacht dreasachta 98

    3.2.

    An dara coinníoll: Seachaint éifeachtaí díobhálacha ar choinníollacha trádála a mhéid atá contrártha don leas coiteann 99

    3.2.1.

    Buneilimintí den mheasúnú ex ante atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na mBallstát lena mbaineann 99

    3.2.2.

    An gá atá le hidirghabháil Stáit 101

    3.2.2.1.

    Bearta atá spriocdhírithe ar chatagóirí gnóthas lasmuigh de raon feidhme Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine 102

    (a)

    Cuideachtaí meánchaipitlithe beaga 102

    (b)

    Cuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha 102

    (c)

    FBManna a fhaigheann an infheistíocht tosaigh um maoiniú riosca le linn dóibh a bheith ag oibriú in aon mhargadh ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse incháilitheachta a shocraítear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine 103

    (d)

    Gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna a cheanglaíonn infheistíocht um maoiniú riosca de mhéid a sháraíonn an chaidhp a shocraítear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine 103

    (e)

    Ardáin trádála mhalartacha nach gcomhlíonann coinníollacha Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine. 103

    3.2.2.2.

    Bearta ag a bhfuil paraiméadair dhearaidh nach gcomhlíonann Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine 104

    (a)

    Ionstraimí airgeadais lena mbaineann an rannpháirtíocht ó infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha atá faoi bhun na gcóimheas dá bhforáiltear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine 104

    (b)

    Ionstraimí airgeadais lena mbaineann paraiméadair dhearaidh os cionn na dtairseach dá bhforáiltear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine 104

    (c)

    Ionstraimí airgeadais seachas ráthaíochtaí i gcás ina roghnaítear infheisteoirí, idirghabhálaithe airgeadais agus a mbainisteoirí trí thosaíocht a thabhairt do chosaint ar an taobh thíos os cionn comhroinnt brabúis neamhshiméadrach 105

    (d)

    Dreasachtaí fioscacha le hinfheisteoirí corparáideacha lena n-áirítear idirghabhálaithe airgeadais nó a mbainisteoirí a ghníomhaíonn mar chomh-infheisteoirí 105

    3.2.3.

    Oiriúnacht an bhirt cabhrach 105

    3.2.3.1.

    Oiriúnacht i gcomparáid le hionstraimí beartais eile agus ionstraimí cabhrach eile 106

    3.2.3.2.

    Coinníollacha chun oiriúnacht ionstraimí airgeadais a chinneadh 106

    (a)

    Infheistíochtaí cothromais 108

    (b)

    Ionstraimí fiachais cistithe: iasachtaí 109

    (c)

    Ionstraimí fiachais neamhchistithe: ráthaíochtaí 109

    3.2.3.3.

    Coinníollacha chun oiriúnacht dreasachtaí fioscacha a chinneadh 110

    3.2.3.4.

    Coinníollacha le haghaidh bearta lena dtacaítear le hardáin trádála mhalartacha 110

    3.2.4.

    Comhréireacht na cabhrach 111

    3.2.4.1.

    Coinníollacha le haghaidh ionstraimí airgeadais 111

    3.2.4.2.

    Coinníollacha le haghaidh dreasachtaí fioscacha 112

    3.2.4.3.

    Coinníollacha le haghaidh ardáin trádála mhalartacha 113

    3.2.4.4.

    Carnadh 113

    3.2.5.

    Éifeachtaí diúltacha míchuí na cabhrach um maoiniú riosca ar iomaíocht agus trádáil a sheachaint 113

    3.2.5.1.

    Éifeachtaí dearfacha atá le cur san áireamh 113

    3.2.5.2.

    Éifeachtaí diúltacha atá le cur san áireamh 114

    3.2.5.3.

    Na héifeachtaí dearfacha a chothromú in aghaidh éifeachtaí diúltacha na cabhrach 116

    3.2.6.

    Trédhearcacht 116

    4.

    Meastóireacht 117

    5.

    Forálacha críochnaitheacha 118

    5.1.

    Infheidhmeacht 118

    5.2.

    Bearta iomchuí 119

    5.3.

    Tuairisciú agus faireachán 119

    5.4.

    Athbhreithniú 119

    1.   RÉAMHRÁ

    1.

    Ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Státchabhair a dheartar chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe a éascú, féadfar a mheas go bhfuil sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, i gcás nach ndéanfar dochar leis an gcabhair sin do choinníollacha trádála a mhéid atá contrártha don leas coiteann. D’aithin an Coimisiún go stairiúil an tábhacht a bhaineann leis an margadh um maoiniú riosca le haghaidh gheilleagair na mBallstát agus an gá atá le feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú riosca le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”), gnólachtaí meánchaipitlithe beaga (“cuideachtaí meánchaipitlithe”) agus cuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha (1), agus an gá atá ann dá réir sin sraith treoirlínte a bheith ann chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir le measúnú a dhéanamh ar bhearta cabhrach um maoiniú riosca. Sa bhealach sin, ghlac an Coimisiún na Treoirlínte maidir le Caipiteal Riosca 2006 (2) ar cuireadh na Treoirlínte maidir le Maoiniú Riosca 2014 (3) ina n-ionad ina dhiaidh sin mar chuid den phacáiste maidir le Nuachóiriú Státchabhrach (4). Rachaidh na Treoirlínte maidir le Maoiniú Riosca 2014 in éag i ndeireadh 2021. Mar sin féin, is féidir go leanfaidh na Ballstáit de bheith den tuairim gur gá cabhair um maoiniú riosca a sholáthar, agus tá gá fós le treoraíocht maidir le conas tacú le maoiniú riosca i gcomhréir iomlán le rialacha maidir leis an státchabhair.

    2.

    Maidir leis sin, tá FBManna i gcroílár gheilleagair na mBallstát, ó thaobh na fostaíochta agus fuinneamh agus fás eacnamaíoch de, agus dá bhrí sin tá siad lárnach freisin i bhforbairt eacnamaíoch agus athléimneacht an Aontais ina iomláine. Mar a aithnítear i Straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe dhigiteach (5), na 25 mhilliún FBM de chuid an Aontais, fostaíonn siad thart ar 100 milliún duine, seasann siad do bhreis agus leath olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais agus tá príomhról acu chun luach a chur le gach earnáil den gheilleagar. Tugann siad réitigh nuálacha leo chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail an t-athrú aeráide, úsáid neamhéifeachtúil acmhainní agus caillteanas an chomhtháthaithe shóisialta, agus cuidíonn siad leis an nuálaíocht sin a leathadh trí thacú leis an aistriú glas agus digiteach agus athléimneacht nó ceannasacht theicneolaíoch an Aontais a neartú. Mar sin féin, chun bheith in ann fás agus a mianach iomlán a fhorbairt, tá gá ag FBManna le maoiniú. Tá an méid sin fíor go háirithe in earnálacha atá dírithe ar an nuálaíocht, atá ardteicniúil agus atá ardriosca. Dá bhrí sin, tá margadh éifeachtúil um maoiniú riosca le haghaidh FBManna ríthábhachtach chun go bhféadfaidh cuideachtaí fiontraíochta an cistiú is gá a rochtain ag gach céim dá bhforbairt.

    3.

    D’ainneoin a n-ionchas fáis, is minic a bhíonn deacrachtaí ag gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna rochtain a fháil ar mhaoiniú, go háirithe sna luathchéimeanna dá bhforbairt (6) agus nuair atá gá acu le cistiú breise chun forbairt. I gcroílár na ndeacrachtaí sin tá fadhb a bhaineann le faisnéis neamhshiméadrach: is minic nach mbíonn gnólachtaí nuathionscanta ná FBManna, go háirithe nuair atá siad nuathosaithe nó in earnálacha nua ardteicniúla, in ann a n-acmhainneacht creidmheasa ná fóntacht a bpleananna gnó a léiriú d’infheisteoirí ná bainc. Sna himthosca sin, an cineál scagtha agus taighde ghníomhaigh a dhéanann infheisteoirí chun maoiniú a sholáthar do chuideachtaí móra nó níos bunaithe, is féidir nach mbeidh sé fiúntach i gcás idirbhearta lena mbaineann FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta toisc go bhfuil na costais scagtha ró-ard i gcoibhneas le luach na hinfheistíochta. Dá bhrí sin, gan beann ar cháilíocht a dtionscadail, nuálaíocht a dteicneolaíochta agus a n-ionchais fáis, ní móide go mbeidh gnólachtaí nuathionscanta ná FBManna in ann an maoiniú is gá a rochtain fad is nach bhfuil cuntas teiste cruthaithe ná comhthaobhacht leordhóthanach acu. Is féidir go mbeidh an fhadhb sin le brath go háirithe a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nuálacha, glasa, ardteicniúla, digiteacha nó aeraspásbhunaithe nó i nuálaíochtaí sóisialta atá faoi stiúir ag fiontraithe sóisialta (7). De thoradh na faisnéise neamhshiméadraí sin, is féidir go mainneoidh margaí airgeadais gnó an cothromas nó an maoiniú fiachais is gá a sholáthar do ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna atá nuachruthaithe agus a d’fhéadfadh a bheith nuálach agus a bhféadfadh acmhainneacht ardfháis a bheith iontu, as a dtagann teip mhargaidh caipitil mharthanach lena gcuirtear cosc ar an soláthar freastal don éileamh ar praghas atá inghlactha ag an dá thaobh, lena ndéantar dochar d’ionchais fáis FBManna agus lena ndéantar dochar freisin d’fhás táirgiúlachta an Mhargaidh Aontais agus d’acmhainneacht fhoriomlán gheilleagar an Aontais. In imthosca áirithe, tá an teip mhargaidh chéanna roimh chuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus cuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha.

    4.

    Na hiarmhairtí a bhaineann le maoiniú gan bheith á fháil ag cuideachta, féadfaidh siad dul thar an eintiteas aonair sin, de dheasca go háirithe seachtrachtaí fáis. Bíonn fás le brath i roinnt earnálacha rathúla agus ní hé is cúis leis sin go dtagann méadú ar tháirgiúlacht na gcuideachtaí atá sa mhargadh, ach toisc go bhfásann na cuideachtaí atá níos éifeachtúla agus níos forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de chun aimhleasa na gcuideachtaí nach bhfuil chomh héifeachtúil sin (nó na gcuideachtaí ag a bhfuil táirgí atá imithe i léig). Thairis sin, tairbhíonn na hearnálacha eacnamaíocha lena mbaineann agus an geilleagar foriomlán de sheachtrachtaí fáis dearfacha atá nasctha le carnadh eolais atá ag gnólachtaí (caipiteal eagraíochtúil) nó oibrithe (caipiteal daonna), agus tairbhíonn siad chomh maith leis sin de thabhairt isteach earraí nua, i bhfoirm barrachas chuig tomhaltóirí agus/nó gnólachtaí. A mhéid a chuirtear isteach ar na próisis sin de dheasca go mb’fhéidir nach mbeadh cuideachtaí a d’fhéadfadh a bheith rathúil in ann maoiniú a fháil, is dócha gur de chineál diúltach a bheidh na hiarmhairtí níos leithne a bheidh ann le haghaidh fás táirgiúlachta diúltach. Trína cheadú do bhonn níos leithne cuideachtaí teacht isteach sa mhargadh agus méadú trí bhacainní míchuí a bhaint de mhaoiniú, féadfar fás a spreagadh leis sin.

    5.

    Dá bhrí sin, más ann do bhearna mhaoiniúcháin lena ndéantar difear do ghnólachtaí nuathionscanta, féadfaidh FBManna, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus cuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha údar a thabhairt le cur in úsáid beart tacaíochta poiblí arna dhéanamh ag na Ballstáit chun forbairt maoiniúcháin riosca ina margaí intíre a éascú. Féadfaidh Státchabhair atá dírithe go cuí ar thacú le soláthar maoiniúcháin riosca a bheith ina meán éifeachtach chun maolú a dhéanamh ar an teip mhargaidh shainaitheanta nó ar bhacainn ábhartha eile roimh rochtain ar mhaoiniú agus chun acmhainní príobháideacha a ghiaráil. Sa chomhthéacs reatha, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as sin freisin chun téarnamh a chothú ón ngéarchéim eacnamaíoch arb ann di de dheasca phaindéim COVID-19.

    6.

    Cé is moite de bheith fíor-riachtanach le haghaidh gheilleagair intíre na mBallstát, le rochtain fheabhsaithe ar mhaoiniú is féidir rannchuidiú go dearfach le roinnt de na príomhchuspóirí beartais atá ag an Aontas. Is cumhachtach an uirlis í rochtain ar mhaoiniú chun tacú leis an gComhaontú Glas (8) agus féachaint chuige go mbeidh an Eoraip in oiriúint don ré dhigiteach (9), agus chun téarnamh ón ngéarchéim eacnamaíoch a áirithiú freisin arb í paindéim COVID-19 is cúis leis agus Aontas a thógáil atá níos athléimní in aghaidh géarchéimeanna amach anseo.

    7.

    Is príomhchuspóir de chuid an Aontais é an t-aistriú glas. De réir na réamh-mheastachán is déanaí (10), chun na spriocanna aeráide agus fuinnimh reatha le haghaidh 2030 a bhaint amach, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí infheistíocht bhliantúil bhreise ar fiú suas le EUR 417 mbilliún í, dúshlán ar ina leith a bheidh sé an-tábhachtach infheistíocht phríobháideach shuntasach a ghiaráil. Chun maoiniú inbhuanaithe a chur chun cinn ceanglaítear na comharthaí cearta chun sreabhadh airgeadais agus caipitil a dhíriú ar infheistíocht ghlas. Chuige sin, in 2018 sheol an Coimisiún an Plean um Maoiniú Inbhuanaithe (11), ar tháinig Pacáiste nua maidir le Maoiniú Inbhuanaithe ina dhiaidh le déanaí (12). Eilimint amháin chun maoiniú glas a chur chun cinn is ea nochtadh feabhsaithe maidir le sonraí aeráide agus comhshaoil ionas go gcuirfear infheisteoirí ar an eolas go hiomlán faoi inbhuanaitheacht a n-infheistíochtaí. Laistigh den chomhthéacs sin, príomhbheart ba ea é glacadh Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), lena n-aicmítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (dá ngairtear “Tacsanomaíocht an Aontais” go coiteann).

    8.

    Maidir leis an aistriú digiteach, leis an Teachtaireacht maidir leis an gCompás Digiteach 2030 (14) cuirtear i dtábhacht an gá atá le tacú le forbairt an Aontais ar theicneolaíochtaí digiteacha criticiúla ar bhealach lena gcothaítear a fhás táirgiúlachta agus a fhorbairt eacnamaíoch i gcomhleanúnachas iomlán lena luachanna agus lena chuspóirí sochaíocha. Tá caiteachas náisiúnta na mBallstát ríthábhachtach chun uas-scálú ollmhór infheistíochtaí a chumasú, i dteannta cistí ábhartha ón Aontas agus infheistíochtaí príobháideacha, chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    9.

    A mhéid a bhaineann leis an ngéarchéim arb í paindéim COVID-19 is cúis léi, is tosaíocht phráinneach é an téarnamh, ag úsáid an mhóimintim chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an aistriú digiteach agus glas, rud a fhágfaidh go mbeidh an geilleagar níos athléimní agus níos iomaíche. Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (“RRF”) (15) ar an gcéad chuid agus ar an gcuid is tábhachtaí de Phacáiste Téarnaimh an Aontais a glacadh mar fhreagairt ar an ngéarchéim, lena gcuirtear EUR 672,5 billiún ar fáil do na Ballstáit i bhfoirm iasachtaí agus deontas mar thacaíocht airgeadais le haghaidh na chéad bhlianta ríthábhachtacha den téarnamh, tráth formheasa a ndréachtphleananna téarnaimh agus athléimneachta. Sa chomhthéacs sin, tá réimsí suaitheanta sainaitheanta ag an gCoimisiún (16) agus spreagann sé na Ballstáit chun iad a áireamh ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, i bhfianaise a n-ábharthachta ar fud na mBallstát, na n-infheistíochtaí an-mhór a cheanglaítear, agus a n-ionchais chun poist agus fás a chruthú agus sochair a bhaint as na haistrithe glasa agus digiteacha.

    10.

    Thairis sin, mar a cuireadh i dtábhacht leis an Straitéis Tionsclaíochta a tugadh cothrom le dáta (17), is gá don Aontas foghlaim ó phaindéim COVID-19 agus óna tionchar ar na slabhraí luacha domhanda; trí fheabhas a chur ar a athléimneacht i leith an mhargaidh aonair agus aghaidh a thabhairt ar spleáchais straitéiseacha, cé gurb é atá i gcroílár na n-iarrachtaí sin geilleagar de chuid an Aontais atá oscailte, iomaíoch agus trádáilbhunaithe a chosaint.

    11.

    I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le rochtain éifeachtach ar mhaoiniú le haghaidh phríomhchuspóirí an Aontais, is gá borradh eile a chur faoi iarrachtaí chun cur le beartais an Aontais arb é is aidhm dó sin feabhas a chur ar an rochtain sin, amhail Aontas na Margaí Caipitil (“CMU”) agus úsáid bhuiséad an Aontais.

    12.

    Maidir leis sin, ghlac an Coimisiún an chéad phlean gníomhaíochta CMU (18) in 2015 chun caipiteal a shlógadh san Aontas agus é a dhíriú ar na cuideachtaí uile. Ar cheann de na príomhchuspóirí a bhí ann áirítear feabhas a chur ar rochtain FBManna ar mhaoiniú, go háirithe maoiniú neamhbhaincéireachta. Ó shin i leith, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Aontas, agus na gníomhaíochtaí aonair a fógraíodh i bplean gníomhaíochta CMU 2015, agus ina athbhreithniú meántéarma 2017, á gcur i gcrích den chuid is mó. Bhí roinnt de na gníomhaíochtaí sin dírithe ar fheabhas a chur ar rochtain ar chistiú le haghaidh gach gnóthais gan beann ar mhéid ná aois, ach bhí cuid acu dírithe, cuid mhór, ar éascaíocht a dhéanamh do rochtain ar mhargaí caipitil le haghaidh FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga go sonrach (19). Seoladh plean gníomhaíochta CMU nua (20) in 2020 chun CMU an Aontais a neartú sna blianta atá le teacht chun leanúint de bheith ag forbairt na margaí caipitil agus rochtain ar mhaoiniú margaidh a áirithiú, go háirithe le haghaidh gnólachtaí beaga agus meánmhéide. Sa chomhthéacs sin, i gcomhréir le hAirteagal 33(9) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), tá Grúpa Saineolaithe Geallsealbhóirí Teicniúil maidir le FBManna curtha ar bun ag an gCoimisiún freisin ar tugadh sainordú dó chun measúnú a dhéanamh ar na bacainní roimh FBManna chun leas a bhaint as na margaí poiblí.

    13.

    I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú le haghaidh FBManna, comhlánaíonn an Coimisiún reachtaíocht agus gníomhaíochtaí beartais an Aontais le buiséad an Aontais, chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh struchtúracha lena dteorannaítear fás gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna. Chuige sin, feabhsaíodh úsáid ionstraimí airgeadais (22) faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020 (“CAI”). Go háirithe, leis na cláir chistiúcháin ón Aontas a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide” (“COSME”)) (23) agus Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) (“Fís 2020”) rannchuidíodh le feabhas a chur ar úsáid acmhainní poiblí trí shásraí maoiniúcháin um chomhroinnt riosca chun tairbhe do FBManna ina gcéimeanna nuathionscanta, fáis agus aistrithe, chomh maith le cuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus cuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha, agus béim ar leith ar ghníomhaíochtaí a dheartar chun tacaíocht gan uaim a sholáthar don mhargadh ón nuálaíocht, lena n-áirítear cur chun feidhme tráchtála torthaí taighde agus forbartha (“T&F”) (25). Thairis sin, thacaigh an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (“CNE”) le gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna ó 2018 i leith, faoin gclár Fís 2020, agus leanfaidh sí de bheith ag déanamh amhlaidh, agus de bheith ag tacú le cuideachtaí meánchaipitlithe beaga chomh maith leis sin, faoi chlár cistiúcháin an Aontais maidir le taighde agus nuálaíocht Fís Eorpach (26), arb é is aidhm dó sin feidhmíocht mhargadh caipitil fiontair an Aontais a fheabhsú. Le seoladh na Gníomhaíochta Uas-scálaithe Eorpaí le haghaidh Caipiteal Riosca (“Escalar”) (27), mar chlár píolótach de chuid an Choimisiúin agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (“CEI”), chomh maith leis an obair ar chruthú ciste phríobháidigh phoiblí (28) chun cuidiú le tairiscintí tosaigh don phobal de chuid FBManna a mhaoiniú, léirítear an tábhacht a bhaineann le fás gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna a éascú chomh maith leis an ngá atá ann an réimse beart tacaíochta poiblí atá ann cheana a chur i gcrích thairis sin ag na céimeanna cistiúcháin uile. Le CEI gníomhachtaíodh “ciste cistí” freisin in 2020, leis an tionscnamh ISEP (an Tionscnamh Píolótach Cothromais Spáis InnovFin), agus chuathas i gcomhar le ceithre infheisteoir phríobháideacha maidir le Caipiteal Fiontair chun infheistíocht cothromais a mhéadú i gcuideachtaí aeraspáis agus cosanta Eorpacha. Tá an tsamhail sin á saothrú a thuilleadh leis an tionscnamh CASSINI agus go háirithe a Chiste Fáis bheartaithe. (29) Ina theannta sin, bhí beartas comhtháthaithe an Aontais ina rannchuidiú méadaitheach le maoiniú FBManna, lena n-áirítear trí sholáthar caipitil riosca, ó thosach 2000, agus sroicheadh EUR 10 mbilliún de thacaíocht i ndeireadh 2013 agus EUR 15 bhilliún eile de ghealltanais ó 23 Bhallstát amhail ó dheireadh 2020. Le hionstraimí airgeadais faoi bheartas comhtháthaithe tacaíodh le thart ar 365 000 FBM ar fud na hEorpa i gcaitheamh 2020 as féin. Ar deireadh, an Clár nua InvestEU (30), lena dtabharfar le chéile 14 ionstraim airgeadais éagsúla atá ar fáil faoi láthair chun tacú le hinfheistíocht san Aontas, chomh maith le cistí a rannchuidíodh ó bhainistíocht chomhpháirteach le hurrann an Bhallstáit, tá spás sonrach aige atá dírithe ar chistiú gnólachtaí beaga cé gurb amhlaidh is féidir, leis na trí spás eile de chuid InvestEU, FBManna a chistiú freisin laistigh dá raon feidhme.

    14.

    Le taithí an Choimisiúin sa réimse cabhrach um maoiniú riosca (faoi na Treoirlínte maidir le Maoiniú Riosca 2014 chomh maith le Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (31)), agus leis na tionscnaimh thuasluaite araon (féach míreanna 12 agus 13) ar leibhéal an Aontais arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú, léirítear go leanann rochtain ar mhaoiniú de bheith ina tosaíocht le haghaidh an Aontais agus a Bhallstát araon. Ina fhianaise sin, tá sé ríthábhachtach dá bhrí sin go leanfadh an Coimisiún de bheith ag soláthar treoraíochta do na Ballstáit maidir le conas a dhéanfaidh sé measúnú ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá na bearta um maoiniú riosca. Léirítear an méid sin freisin leis an meastóireacht ar na Treoirlínte maidir le Maoiniú Riosca 2014, rud a rinneadh in 2019 agus 2020: an tSeiceáil Oiriúnachta mar a ghairtear di (32). Léirítear, mar riail, le torthaí na Seiceála Oiriúnachta go leanann na Treoirlínte maidir le Maoiniú Riosca de bheith ábhartha agus oiriúnach don fheidhm. Is gá níos mó soiléirithe a thabhairt ar na rialacha agus níos mó simplithe a dhéanamh orthu, áfach. Leis na Treoirlínte athbhreithnithe sin maidir le Maoiniú Riosca éascófar cur in úsáid Státchabhrach um maoiniú riosca atá spriocdhírithe go leordhóthanach ag na Ballstáit, agus rannchuidiú dearfach na cabhrach sin le tosaíochtaí an Choimisiúin a leagtar amach thuas á chur san áireamh (féach míreanna 6 go 9), i dteannta éifeachtaí dearfacha na cabhrach chun rochtain ar mhaoiniú a áirithiú.

    15.

    Tar éis an Fhógra maidir le coincheap na cabhrach a ghlacadh in 2016 (33) agus ag féachaint, go háirithe, do Roinn 4.2 de (34), ní thugtar aghaidh a thuilleadh leis na Treoirlínte sin ar cibé acu atá nó nach bhfuil beart tacaíochta poiblí ina Státchabhair, ach dírítear ar na coinníollacha faoina bhféadfar a chinneadh go bhfuil beart Státchabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

    16.

    Ar na cúiseanna sin, chinn an Coimisiún athruithe áirithe a dhéanamh ar na Treoirlínte maidir le Maoiniú Riosca 2014, chun na rialacha a shoiléiriú agus simpliú riaracháin a dhéanamh chun éascaíocht a dhéanamh do chur in úsáid Státchabhrach mar thacaíocht le maoiniú riosca.

    2.   RAON FEIDHME NA DTREOIRLÍNTE AGUS NA SAINMHÍNITHE

    2.1.    Raon feidhme na dTreoirlínte seo

    17.

    Cuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach sna Treoirlínte seo i bhfeidhm maidir le bearta um maoiniú riosca nach gcomhlíonann na coinníollacha uile a leagtar síos i Roinn 3 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (“Cabhair le haghaidh rochtain ar mhaoiniú le haghaidh FBManna”). Ní mór don Bhallstát lena mbaineann fógra a thabhairt faoi na bearta sin (féach Roinn 2.2) i gcomhréir le hAirteagal 108(3) den Chonradh agus déanfaidh an Coimisiún measúnú comhoiriúnachta substainteach mar a leagtar amach i Roinn 3 de na Treoirlínte seo.

    18.

    Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a roghnú freisin bearta um maoiniú riosca a dhearadh ar bhealach a fhágann nach bhfuil baint ag Státchabhair leis na bearta faoi Airteagal 107(1) den Chonradh, mar shampla toisc go gcomhlíonann siad tástáil an oibreora sa gheilleagar margaidh (35) nó toisc go gcomhlíonann siad coinníollacha an Rialacháin de minimis is infheidhme (36). Ní gá fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na cásanna sin.

    19.

    Leis na Treoirlínte seo ní thugtar aghaidh ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá bearta Státchabhrach lena gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i dtreoirlínte, creataí nó rialacháin státchabhrach eile. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar an ngá atá le cosc a chur le húsáid na dTreoirlínte seo chun cuspóirí beartais a shaothrú ar a ndírítear go príomha le creataí, treoirlínte agus rialacháin státchabhrach eile.

    20.

    Tá na Treoirlínte seo gan dochar don mheasúnú faoi rialacha Státchabhrach ar chineálacha eile ionstraimí airgeadais seachas iad sin a chumhdaítear anseo, amhail ionstraimí lena ndéantar foráil maidir le hurrúsú iasachtaí atá ann cheana.

    21.

    Ní chuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach sna Treoirlínte seo i bhfeidhm ach maidir le scéimeanna um maoiniú riosca. Ní chuirfear i bhfeidhm iad i leith bearta ad hoc lena soláthraítear cabhair um maoiniú riosca do ghnóthais aonair, seachas i gcás bearta arb é is aidhm dóibh tacú le hardán trádála malartach sonrach.

    22.

    Is den tábhacht a mheabhrú gur cuireadh bearta cabhrach um maoiniú riosca in úsáid trí idirghabhálaithe airgeadais nó ardáin trádála mhalartacha, ach amháin dreasachtaí fioscacha maidir le hinfheistíochtaí díreacha i ngnóthais incháilithe. Dá bhrí sin, beart trína ndéanann an Ballstát nó an t-eintiteas poiblí infheistíochtaí díreacha i gcuideachtaí gan rannpháirtíocht na meán idirghabhála sin, ní thagann sé faoi raon feidhme na rialacha Státchabhrach maidir le maoiniú riosca i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine ná sna Treoirlínte seo.

    23.

    I bhfianaise an chuntais teiste níos bunaithe agus an tsoláthair urrúis chomhthaobhaigh níos airde, measann an Coimisiún mar riail nach bhfuil na deacrachtaí céanna ag fiontair mhóra chun maoiniú a rochtain atá ag gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna agus dá réir sin nár cheart cabhair le haghaidh na bhfiontar sin a chumhdach leis na Treoirlínte seo. Mar eisceacht, féadfar a mheas go bhfuil beart um maoiniú riosca i bhfabhar gnóthais mhóra comhoiriúnach ar bhonn na dTreoirlínte seo i gcás ina mbeidh sé spriocdhírithe ar chuideachtaí meánchaipitlithe beaga, i gcomhréir le Roinn 3.2.2.1, pointe (a), nó cuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha a dhéanann taighde agus forbairt (“T&F”) agus tionscadail nuálaíochta, i gcomhréir le Roinn 3.2.2.1, pointe (b).

    24.

    Na prionsabail sna Treoirlínte seo, ní chuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm iad maidir le cabhair um maoiniú riosca le haghaidh cuideachtaí a liostaítear ar an liosta oifigiúil de mhargadh rialáilte, ós rud é gur léir go bhfuil siad in ann maoiniú príobháideach a mhealladh ós rud é go liostaítear ar mhargadh rialáilte iad.

    25.

    Bearta cabhrach um maoiniú riosca gan aon rannpháirtíocht ó infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha, ní mheasfar go bhfuil siad comhoiriúnach faoi na Treoirlínte seo. Sna cásanna sin, ba cheart don Bhallstát roghanna beartais malartacha a mheas a fhéadfaidh a bheith níos iomchuí chun na cuspóirí agus na torthaí céanna a bhaint amach, amhail cabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach nó cabhair le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta a cheadaítear faoi Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine.

    26.

    Bearta cabhrach um maoiniú riosca ar ina leith nach nglacann na hinfheisteoirí príobháideacha neamhspleácha riosca suntasach orthu féin, nó ina sreabhann na sochair go hiomlán chuig na hinfheisteoirí príobháideacha, ní mheasfar go bhfuil siad comhoiriúnach ar bhonn na dTreoirlínte seo. Coinníoll riachtanach faoi na Treoirlínte seo is ea é na rioscaí agus na luaíochtaí a chomhroinnt chun teorainn a chur le neamhchosaint airgeadais an Stáit, agus chun toradh cothrom le haghaidh an Stáit a áirithiú.

    27.

    Cé is moite de chabhair um maoiniú riosca i bhfoirm caipitil athsholáthair faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, ní fhéadfar cabhair um maoiniú riosca a chumhdaítear leis na Treoirlínte seo a úsáid chun tacú le ceannacháin thar barr amach.

    28.

    Ní mheasfar go bhfuil cabhair um maoiniú riosca comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi na Treoirlínte seo má dhámhtar dóibh seo a leanas í:

    (a)

    gnóthais i gcruachás, mar a shainmhínítear leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu; (37) mar sin féin, chun críocha na dTreoirlínte seo, FBManna a bhí ag oibriú in aon mhargadh ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse incháilitheachta a shocraítear in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine agus a cháilíonn le haghaidh infheistíochtaí um maoiniú riosca tar éis dícheall cuí de chuid an idirghabhálaí airgeadais roghnaithe, ní mheasfar gur gnóthais i gcruachás iad, ach amháin má tá siad faoi réir imeachtaí dócmhainneachta nó go gcomhlíonann siad na critéir faoina ndlí intíre chun bheith curtha in imeachtaí dócmhainneachta comhchoiteanna arna iarraidh sin dá gcreidiúnaithe;

    (b)

    gnóthais atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair arna deonú ag an mBallstát céanna neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

    29.

    Ní chuirfidh an Coimisiún na prionsabail sna Treoirlínte seo i bhfeidhm maidir le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí onnmhairiúcháin i dtreo tríú tíortha nó Ballstát, eadhon cabhair atá nasctha go díreach leis na cainníochtaí arna n-onnmhairiú, le bunú agus oibriú líonra dáileacháin nó le costais reatha eile atá nasctha leis an ngníomhaíocht onnmhairiúcháin, chomh maith le cabhair atá ag brath ar úsáid earraí intíre de rogha ar earraí allmhairithe.

    30.

    Is minic a bhaineann struchtúir chasta le bearta um maoiniú riosca lena gcruthaítear dreasachtaí chun go bhféadfaidh aon sraith amháin d’oibreoirí eacnamaíocha (infheisteoirí) maoiniú riosca a sholáthar do shraith eile d’oibreoirí (gnóthais incháilithe). Ag brath ar dhearadh an bhirt, agus fiú amháin mura bhfuil sé beartaithe ag na húdaráis phoiblí ach sochair a sholáthar don ghrúpa is deireanaí a luaitear, féadfaidh gnóthais ar cheachtar leibhéal nó ar an dá leibhéal tairbhiú de Státchabhair. Thairis sin, is iondúil go mbaineann idirghabhálaí amháin nó níos mó le bearta um maoiniú riosca, idirghabhálaí a bhféadfaidh stádas a bheith acu atá ar leithligh ó stádas na n-infheisteoirí agus na dtairbhithe deiridh ina ndéantar infheistíochtaí. Sna cásanna sin is gá machnamh a dhéanamh freisin ar cibé acu is féidir nó nach féidir a mheas go dtairbhíonn an t-idirghabhálaí airgeadais de Státchabhair. Aon chabhair le haghaidh an idirghabhálaí airgeadais ba cheart í a bheith teoranta tríd an mbuntáiste a chur ar aghaidh chuig na tairbhithe deiridh mar a leagtar amach sna Treoirlínte seo. Cé go bhféadfaidh idirghabhálaithe airgeadais a sócmhainní a mhéadú agus go bhféadfaidh a mbainisteoirí láimhdeachas níos airde a bhaint amach trína gcoimisiúin meastar nach bhfuil i gceist leis sin ach éifeacht eacnamaíoch thánaisteach de chuid an bhirt cabhrach seachas buntáiste arna sholáthar leis an gcabhair do na hidirghabhálaithe airgeadais nó na bainisteoirí. Mar sin féin, má dheartar an beart um maoiniú riosca ar bhealach go ndíreofar a éifeachtaí tánaisteacha ar idirghabhálaithe airgeadais in-sainaitheanta nó grúpaí in-sainaitheanta idirghabhálaithe airgeadais, measfar go dtairbheoidh na hidirghabhálaithe airgeadais sin de bhuntáiste indíreach.

    2.2.    Cabhair infhógartha um maoiniú riosca

    31.

    Ní mór do na Ballstáit, de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh, fógra a thabhairt faoi bhearta um maoiniú riosca: (i) arb é atá iontu Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh (go háirithe bearta nach gcomhlíonann tástáil an oibreora sa gheilleagar margaidh (38) agus a thagann lasmuigh de raon feidhme na Rialachán de minimis (39)), agus (ii) nach gcomhlíonann na coinníollacha uile a leagtar síos i Roinn 3 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (“Cabhair le haghaidh rochtain ar mhaoiniú le haghaidh FBManna”). Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá na bearta sin faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh. Leis na Treoirlínte seo dírítear ar na bearta um maoiniú riosca sin is dóchúla a chinnfear a bheith comhoiriúnach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, faoi réir roinnt coinníollacha a mhíneofar ar bhealach níos mionsonraithe i Roinn 3 de na Treoirlínte seo. Tagann na bearta sin faoi chatagóir amháin de dhá chatagóir.

    32.

    Leis an gcéad chatagóir cumhdaítear bearta um maoiniú riosca atá spriocdhírithe ar ghnóthais nach gcomhlíonann na ceanglais incháilitheachta uile le haghaidh cabhair um maoiniú riosca mar a leagtar síos i Roinn 3 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine. Cuimsítear leis an gcatagóir sin, go háirithe, bearta atá spriocdhírithe ar na gnóthais seo a leanas:

    (a)

    cuideachtaí meánchaipitlithe beaga;

    (b)

    cuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha;

    (c)

    FBManna a fhaigheann an infheistíocht tosaigh um maoiniú riosca fad a bhí siad ag oibriú in aon mhargadh ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse incháilitheachta a shocraítear in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine;

    (d)

    gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna óna dteastaíonn infheistíocht fhoriomlán um maoiniú riosca de mhéid a sháraíonn an chaidhp a shocraítear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine;

    (e)

    ardáin trádála mhalartacha nach gcomhlíonann coinníollacha Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine.

    33.

    Is é atá sa dara catagóir bearta a bhfuil a bparaiméadair dhearaidh éagsúil leo sin a leagtar amach i Roinn 3 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine. Leis an gcatagóir sin cuimsítear, go háirithe, na cásanna seo a leanas:

    (a)

    ionstraimí airgeadais lena mbaineann rannpháirtíocht ó infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha atá faoi bhun na gcóimheas dá bhforáiltear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine;

    (b)

    ionstraimí airgeadais lena mbaineann paraiméadair dhearaidh atá os cionn na dtairseach dá bhforáiltear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine;

    (c)

    ionstraimí airgeadais seachas ráthaíochtaí ina ndéantar idirghabhálaithe airgeadais, infheisteoirí nó bainisteoirí ciste a roghnú trí thús áite a thabhairt do chosaint in aghaidh caillteanais ionchasacha (cosaint ar an taobh thíos) ar thorthaí tosaíochta ó bhrabúis (dreasachtaí ar an taobh thuas);

    (d)

    dreasachtaí fioscacha le hinfheisteoirí corparáideacha, lena n-áirítear idirghabhálaithe airgeadais nó a mbainisteoirí a ghníomhaíonn mar chomh-infheisteoirí.

    34.

    Mura sonraítear a mhalairt sna Treoirlínte seo, beidh na coinníollacha comhoiriúnachta uile is infheidhme maidir le cabhair um maoiniú riosca faoi Roinn 3 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine mar threoir ag measúnú an Choimisiúin ar na catagóirí de bhearta infhógartha.

    2.3.    Sainmhínithe

    35.

    Chun críocha na dTreoirlínte seo:

    (1)

    ciallaíonn “ardán trádála malartach” saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (22), de Threoir 2014/65/AE ina mbeidh 50 % ar a laghad de na hionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála eisithe ag FBManna;

    (2)

    ciallaíonn “ceannach thar barr amach” céatadán rialúcháin ar a laghad de chothromas cuideachta a cheannach ó na scairshealbhóirí reatha chun a sócmhainní agus a hoibríochtaí a tháthcheangal;

    (3)

    ciallaíonn “cosaint ar an taobh thíos” neamhchosaint laghdaithe ar chaillteanais i gcás thearcfheidhmíocht an idirbhirt fholuitigh i gcomparáid leis na hinfheisteoirí poiblí;

    (4)

    ciallaíonn “gnóthais incháilithe” gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus cuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha;

    (5)

    ciallaíonn “eintiteas iontaoibhe” an Banc Eorpach Infheistíochta, an Ciste Eorpach Infheistíochta, institiúid airgeadais idirnáisiúnta ina bhfuil Ballstát ina scairshealbhóir, institiúid airgeadais atá bunaithe i mBallstát agus a bhfuil sé mar aidhm aici leas an phobail a bhaint amach faoi rialú údaráis phoiblí, comhlacht dlí poiblí nó príobháideach ag a bhfuil misean seirbhíse poiblí; is féidir an t-eintiteas iontaoibhe a roghnú nó a cheapadh go díreach i gcomhréir le Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40) nó i gcomhréir le hAirteagal 38(4), pointe (b)(iii), de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) nó i gcomhréir le hAirteagal 59(3), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42);

    (6)

    ciallaíonn “infheistíocht chothromais” soláthar caipitil do ghnóthas, arna infheistiú go díreach nó go hindíreach mar mhalairt ar úinéireacht scaire comhfhreagraí den ghnóthas sin;

    (7)

    ciallaíonn “plean meastóireachta” doiciméad lena gcumhdaítear scéim cabhrach amháin nó níos mó ina bhfuil na heilimintí íosta seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    na cuspóirí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu;

    (b)

    na ceisteanna meastóireachta;

    (c)

    na táscairí torthaí;

    (d)

    an mhodheolaíocht a bheartaítear chun an mheastóireacht a dhéanamh;

    (e)

    na ceanglais maidir le bailiú sonraí;

    (f)

    uainiú beartaithe na meastóireachta, lena n-áirítear dáta chur isteach na tuarascálacha meastóireachta eatramhacha agus deiridh;

    (g)

    an tuairisc ar an gcomhlacht neamhspleách a dhéanfaidh an mheastóireacht nó na critéir a úsáidfear lena roghnú;

    (h)

    na socruithe chun an mheastóireacht a chur ar fáil go poiblí;

    (8)

    ciallaíonn “scor” leachtú sealúchas arna dhéanamh ag idirghabhálaí airgeadais nó infheisteoir, lena n-áirítear díolachán trádála, díscríobh, aisíocaíocht scaireanna nó iasachtaí, díol le hidirghabhálaí airgeadais eile nó infheisteoir eile, díol le hinstitiúid airgeadais agus díol trí thairiscint don phobal, lena n-áirítear tairiscint tosaigh don phobal (“TTP”);

    (9)

    ciallaíonn “ráta toraidh cothrom” an ráta toraidh inmheánach a bhfuil coinne leis agus atá coibhéiseach le ráta lascaine riosca-choigeartaithe lena léirítear leibhéal riosca na hinfheistíochta agus cineál agus méid an chaipitil atá le hinfheistiú ag na hinfheisteoirí príobháideacha;

    (10)

    ciallaíonn “tairbhí deiridh” gnóthas incháilithe a fuair infheistíocht faoi bheart státchabhrach um maoiniú riosca;

    (11)

    ciallaíonn “idirghabhálaí airgeadais” aon institiúid airgeadais, beag beann ar a cineál agus ar a húinéireacht, lena n-áirítear cistí de chistí, cistí infheistíochta príobháideacha, cistí infheistíochta poiblí, bainc, institiúidí micreamhaoiniúcháin agus cumainn ráthaíochta;

    (12)

    ciallaíonn “an chéad díolachán tráchtála” an chéad díolachán arna dhéanamh ag gnóthas ar mhargadh táirge nó seirbhíse, seachas díolacháin theoranta chun an margadh a thástáil;

    (13)

    ciallaíonn “an chéad phíosa caillteanais” an tráinse riosca is sóisearaí lena mbaineann an riosca is airde i leith caillteanas, arb é atá ann na caillteanais a bhfuil coinne leo maidir leis an spriocphunann;

    (14)

    ciallaíonn “infheistíocht iarmhartach” infheistíocht bhreise i gcuideachta i ndiaidh babhta infheistíochta um maoiniú riosca amháin nó níos mó roimhe sin;

    (15)

    ciallaíonn “ciste cistí” ciste lena n-infheistítear i gcistí eile nó lena rannchuidítear acmhainní i gcistí eile seachas déanamh amhlaidh go díreach i gcuideachtaí nó i sócmhainní airgeadais amhail scaireanna nó bannaí;

    (16)

    ciallaíonn “ráthaíocht” gealltanas i scríbhinn chun freagracht a ghlacadh as na hidirbhearta iasachta nuathionscanta uile um maoiniú riosca de chuid tríú páirtí nó as cuid díobh amhail ionstraimí fiachais nó léasa, chomh maith le hionstraimí cuasachothromais;

    (17)

    ciallaíonn “caidhp ráthaíochta” neamhchosaint uasta infheisteora phoiblí arna sloinneadh mar chéatadán de na hinfheistíochtaí iomlána arna ndéanamh i bpunann ráthaithe;

    (18)

    ciallaíonn “ráta ráthaíochta” an céatadán de chumhdach caillteanais de chuid infheisteoir poiblí i ngach aon idirbheart atá incháilithe faoin mbeart Státchabhrach um maoiniú riosca;

    (19)

    ciallaíonn “infheisteoir príobháideach neamhspleách” infheisteoir príobháideach neamhspleách de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine;

    (20)

    ciallaíonn “cuideachta meánchaipitlithe nuálach” cuideachta meánchaipitlithe a chomhlíonann ceann de na coinníollacha seo a leanas: comhlíonann sí na critéir chun a mheas gur “fiontar nuálach” í de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine; dhámh an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach marc cáilíochta Séala Barr Feabhais uirthi le déanaí i gcomhréir leis an gclár oibre Fís 2020 2018–2020 (43) nó le hAirteagal 2(23) agus Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2021/695; nó fuair sí infheistíocht le déanaí ó Chiste na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí, amhail infheistíocht i gcomhthéacs an Chláir Luasaire dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2021/695; agus bhí sí rannpháirteach in aon ghníomhaíocht CASSINI (44) (Luasaire nó Comhar Gnó CASSINI), nó fuair sí infheistíocht ó Shaoráid Chistiúcháin Síl agus Fáis CASSINI, nó dámhadh Duais CASSINI uirthi, a chomhlíonann na tairseacha meastóireachta a leagtar síos inti, nó tugadh tacaíocht di le tionscadail spáis arna gcistiú le Fís Eorpach as ar tháinig cruthú gnólachta nuathionscanta;

    (21)

    ciallaíonn “giaráil acmhainní príobháideacha” a mhéid a mhealltar infheistíocht bhreise ó fhoinsí príobháideacha le hinfheistíocht phoiblí;

    (22)

    ciallaíonn “ionstraim iasachta” comhaontú lena gcuirtear d’oibleagáid ar an iasachtóir méid comhaontaithe airgid a chur ar fáil don iasachtaí ar feadh tréimhse chomhaontaithe agus faoina gcuirtear d’oibleagáid ar an iasachtaí an méid a aisíoc laistigh den tréimhse chomhaontaithe; is féidir go mbeidh sé i bhfoirm iasachta, nó ionstraime cistiúcháin eile, lena n-áirítear léas, lena soláthraítear comhchuid cheannasach de tháirgeacht íosta don iasachtóir;

    (23)

    ciallaíonn “cuideachta meánchaipitlithe” gnóthas nach FBM agus nach mó a líon fostaithe ná 1 500, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine. Chun críoch chur i bhfeidhm an tsainmhínithe seo, measfar go bhfuil roinnt eintiteas ina ngnóthas amháin má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 3(3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine;

    (24)

    ciallaíonn “duine nádúrtha” duine seachas eintiteas dlítheanach nach gnóthas é de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh;

    (25)

    ciallaíonn “iasacht nua” ionstraim iasachta nuathionscanta arna dearadh chun infheistíochtaí nó caipiteal oibre nua a mhaoiniú, agus athmhaoiniú an mhéid seo a leanas á eisiamh: (i) iasachtaí atá ann cheana nó (ii) foirmeacha eile maoiniúcháin;

    (26)

    ciallaíonn “infheistíocht chuasachothromais” cineál maoiniúcháin atá aicmithe idir cothromas agus fiachas, lena mbaineann riosca atá níos airde ná fiachas sinsearach agus riosca atá níos ísle ná gnáthchothromas agus a bhfuil a thoradh le haghaidh an tsealbhóra bunaithe den chuid is mó ar bhrabúis nó caillteanais an spriocghnóthais fholuitigh agus atá neamhurraithe i gcás mainneachtana; féadfaidh infheistíochtaí cuasachothromais a bheith struchtúraithe mar fhiachas, neamhurraithe agus fo-ordaithe, lena n-áirítear fiachas idirurláir, agus i gcásanna áirithe in-chomhshóite i gcothromas, nó mar chothromas tosaíochta;

    (27)

    ciallaíonn “caipiteal athsholáthair” scaireanna atá ann cheana i gcuideachta a cheannach ó infheisteoir nó scairshealbhóir tosaigh;

    (28)

    ciallaíonn “infheistíocht um maoiniú riosca” infheistíochtaí cothromais agus cuasachothromais, iasachtaí (lena n-áirítear léasanna) agus ráthaíochtaí, nó teaglaim díobh, chuig gnóthais incháilithe chun infheistíochtaí nua a dhéanamh, agus infheistíochtaí á n-eisiamh atá iomlán príobháideach agus arna soláthar ar théarmaí margaidh agus lasmuigh de raon feidhme an bhirt Státchabhrach ábhartha;

    (29)

    ciallaíonn “fiontar beag agus meánmhéide” (“FBM”) gnóthas a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine;

    (30)

    ciallaíonn “cuideachta meánchaipitlithe bheag” gnóthas nach FBM ná nach mó a líon fostaithe ná 499 nduine, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3 go 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, ná nach sáraíonn a láimhdeachas bliantúil EUR 100 milliún ná nach sáraíonn a chlár comhardaithe bliantúil EUR 86 mhilliún. Chun críoch chur i bhfeidhm an tsainmhínithe seo, measfar go bhfuil roinnt eintiteas ina ngnóthas amháin má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 3(3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine;

    (31)

    ciallaíonn “gnólacht nuathionscanta” aon fhiontar beag neamhliostaithe suas le 5 bliana tar éis a chláraithe, a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas: (a) níor ghabh sé gníomhaíocht fiontair eile de láimh; (b) ní dhearna sé a bhrabúis a dháileadh go fóill; (c) níor foirmíodh trí chumasc é (45). Maidir le gnóthais incháilithe nach bhfuil faoi réir clárúcháin, meastar go gcuirtear tús le tréimhse incháilitheachta 5 bliana an uair a thosaíonn an gnóthas a ghníomhaíocht eacnamaíoch nó an uair a thagann sé faoi dhliteanas cánach maidir lena gníomhaíocht eacnamaíoch, cibé acu is luaithe;

    (32)

    ciallaíonn “maoiniú iomlán” an méid infheistíochta foriomlán arna dhéanamh i ngnóthas incháilithe trí infheistíocht um maoiniú riosca amháin nó níos mó, lena n-áirítear infheistíochtaí iarmhartacha, faoi aon bheart Státchabhrach um maoiniú riosca, agus infheistíochtaí á n-eisiamh atá iomlán príobháideach agus arna soláthar ar théarmaí margaidh agus lasmuigh de raon feidhme an bhirt Státchabhrach um maoiniú riosca;

    (33)

    ciallaíonn “dreasacht ar an taobh thuas” torthaí fabhracha nó tosaíochta ó bhrabúis i gcomparáid leis na hinfheisteoirí poiblí.

    3.   MEASÚNÚ COMHOIRIÚNACHTA AR CHABHAIR UM MAOINIÚ RIOSCA

    36.

    Ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, Státchabhair chun éascaíocht a dhéanamh d’fhorbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe laistigh den Aontas féadfar a mheas go bhfuil sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, i gcás nach ndéanfar dochar leis an gcabhair sin do choinníollacha trádála a mhéid atá contrártha don leas coiteann.

    37.

    Sa Roinn seo, soiléiríonn an Coimisiún conas a dhéanfaidh sé measúnú ar a chomhoiriúnaí atá bearta cabhrach um maoiniú riosca atá faoi réir na hoibleagáide maidir le fógra de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh. Ar bhealach níos sonraí, chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu is féidir nó nach féidir a mheas go bhfuil bearta cabhrach um maoiniú riosca comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, cinnfidh an Coimisiún cibé acu is fíor nó nach fíor an méid seo a leanas maidir leis an mbeart cabhrach:

    (a)

    éascaítear forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe leis (an chéad choinníoll); agus

    (b)

    ní dhéantar dochar leis do choinníollacha trádála a mhéid atá contrártha don leas coiteann (an dara coinníoll).

    38.

    Le linn cinneadh a dhéanamh ar cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar an chéad choinníoll, eadhon go n-éascaítear forbairt gníomhaíochta eacnamaíche leis an gcabhair, measfaidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas:

    (a)

    sainaithint na gníomhaíochta eacnamaíche a dtacaítear léi (féach Roinn 3.1.1),

    (b)

    éifeacht dreasachta: leis an gcabhair ní mór iompraíocht na ngnóthas lena mbaineann a athrú ar bhealach a fhágann go dtugann na gnóthais sin faoi ghníomhaíochtaí breise nach ndéanfaidís gan an chabhair nó a dhéanfaidís ar bhealach níos sriantaí nó ar bhealach nó i suíomh éagsúil (féach Roinn 3.1.2).

    39.

    Agus breithniú á dhéanamh ar cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar an dara coinníoll, eadhon nach ndéantar dochar leis an gcabhair do choinníollacha trádála a mhéid atá contrártha don leas coiteann, breithneoidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas:

    (a)

    an gá le hidirghabháil Stáit: leis an mbeart cabhrach ní mór feabhsú ábhartha a thabhairt i gcrích nach féidir leis an margadh a sholáthar as féin, mar shampla trí theip mhargaidh nó bacainn ábhartha eile atá roimh sholáthar maoiniúcháin riosca a leigheas lena n-áirítear mar shampla neamh-chomhionannais réigiúnacha maidir le rochtain ar mhaoiniú (féach Roinn 3.2.2),

    (b)

    oiriúnacht an bhirt cabhrach: ní mór an beart cabhrach beartaithe a bheith ina ionstraim beartais iomchuí chun a chuspóir a chomhlíonadh (féach Roinn 3.2.3),

    (c)

    comhréireacht na cabhrach (cabhair teoranta don íosmhéid): ní mór an méid cabhrach agus déine na cabhrach a bheith teoranta don íosmhéid is gá chun an infheistíocht bhreise nó an ghníomhaíocht bhreise ag na gnóthais lena mbaineann a spreagadh (féach Roinn 3.2.4),

    (d)

    seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí na cabhrach ar an iomaíocht agus ar an trádáil: ní mór aon éifeacht dhiúltach a bheith teoranta agus gan bheith níos líonmhaire ná éifeachtaí dearfacha na cabhrach (féach Roinn 3.2.5),

    (e)

    trédhearcacht na cabhrach: Na Ballstáit, an Coimisiún, na hoibreoirí eacnamaíocha, agus an pobal, ní mór rochtain éasca a bheith acu ar na gníomhartha ábhartha uile agus ní mór an fhaisnéis ábhartha a bheith acu maidir leis an gcabhair a dhámhtar fúthu (féach Roinn 3.2.6).

    40.

    Féadfaidh cothromaíocht fhoriomlán (féach Roinn 3.2.5.3) de chatagóirí áirithe de scéimeanna cabhrach a chur faoi réir ceanglas maidir le meastóireacht ex post thairis sin mar a thuairiscítear i Roinn 4. Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur le fad na scéimeanna, agus féidearthacht ann fógra a thabhairt athuair faoina bhfadú ina dhiaidh sin.

    41.

    Maidir le beart Státchabhrach, na coinníollacha a bhaineann leis (lena n-áirítear a mhodh maoiniúcháin i gcás ina bhfuil an modh maoiniúcháin ina chuid dhílis den bheart Státchabhrach), nó an ghníomhaíocht a mhaoinítear leis, má bhaineann sárú ar fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais leis sin, ní féidir a mheas go bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach (46). Leis na sáruithe sin áirítear an méid seo a leanas ach níl siad teoranta dó sin:

    (a)

    an chabhair a chur faoi réir na hoibleagáide chun earraí a táirgeadh go náisiúnta nó seirbhísí náisiúnta a úsáid;

    (b)

    an chabhair a chur faoi réir na hoibleagáide ar idirghabhálaithe airgeadais, a mbainisteoirí nó a dtairbhithe deiridh maidir lena gceanncheathrúna a bheith acu i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, nó maidir lena n-aistriú chuig críoch an Bhallstáit sin, de shárú ar Airteagal 49 den Chonradh a bhaineann leis an tsaoirse bunaíochta (47);

    (c)

    coinníollacha a fhorchur lena sáraítear Airteagal 63 den Chonradh a bhaineann le saorghluaiseacht caipitil.

    3.1.    An chéad choinníoll: déanann cabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a éascú

    3.1.1.   Sainaithint na gníomhaíochta eacnamaíche a dtacaítear léi

    42.

    I bhformhór na gcásanna, le bearta cabhrach um maoiniú riosca cumhdaítear cuideachtaí ó réimse leathan earnálacha eacnamaíocha. Tá na bearta sin ina gcuidiú lena áirithiú go mbeidh rochtain ag FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe áirithe ar mhéid agus foirm an mhaoinithe is gá chun a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha faoi seach a fheidhmiú nó a fhorbairt a thuilleadh. Sainaithneoidh an Coimisiún dá bhrí sin an cineál cuideachtaí (FBManna, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga nó cuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha) agus na hearnálacha a chumhdaítear leis an mbeart cabhrach um maoiniú riosca.

    3.1.2.   Éifeacht dreasachta

    43.

    Ní féidir a chinneadh go bhfuil cabhair um maoiniú riosca comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ach má tá éifeacht dreasachta aici. Measann an Coimisiún nach n-éascaítear forbairt na gníomhaíochta eacnamaíche lena mbaineann le cabhair nach bhfuil éifeacht dreasachta aici.

    44.

    Tarlaíonn éifeacht dreasachta i gcás ina ndéanfar tairbhí na cabhrach a spreagadh leis an gcabhair chun a iompraíocht a athrú trí thabhairt faoi ghníomhaíochtaí nach ndéanfadh sé gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach níos sriantaí de dheasca teip mhargaidh a bheith ann. Ar leibhéal na ngnóthas incháilithe, is ann d’éifeacht dreasachta i gcás ina gcuirfear é ar a chumas don tairbhí deiridh leis an gcabhair maoiniú a chruinniú nach mbeadh ar fáil murach sin ó thaobh foirme, méide nó uainiú.

    45.

    Le bearta um maoiniú riosca ní mór infheisteoirí margaidh a dhreasú chun maoiniú a sholáthar do ghnóthais incháilithe a d’fhéadfadh a bheith inmharthana os cionn na leibhéal cistiúcháin a sholáthraítear in éagmais na ndreasachtaí sin nó chun riosca breise a ghabháil ar láimh, nó iad araon. Meastar go bhfuil éifeacht dreasachta ag beart um maoiniú riosca má shlógtar infheistíochtaí ó fhoinsí margaidh leis ionas go sáraíonn an maoiniú iomlán a sholáthraítear do na gnóthais incháilithe buiséad an bhirt. Dá réir sin, chun na hidirghabhálaithe airgeadais agus a mbainisteoirí ciste a roghnú, ba cheart a gcumas chun infheistíocht phríobháideach bhreise a shlógadh a bheith ina phríomheilimint de sin.

    46.

    Má úsáidtear ionstraimí fiachais cistithe chun na hiasachtaí atá ann cheana a athmhaoiniú, ní mheastar go bhfuil éifeacht dreasachta acu agus ní féidir a mheas go bhfuil aon eilimint chabhrach sna hionstraimí sin comhoiriúnach faoi na Treoirlínte seo.

    47.

    Tá an measúnú ar an éifeacht dreasachta nasctha go dlúth leis an measúnú ar an ngá atá le hidirghabháil stáit, rud a phléitear i Roinn 3.2.2. Thairis sin, tá oiriúnacht birt chun acmhainní príobháideacha a ghiaráil ag brath ar deireadh ar dhearadh an bhirt sin a mhéid a bhaineann leis an gcothromaíocht idir rioscaí agus luaíochtaí idir soláthraithe airgeadais poiblí agus príobháideacha, rud a bhaineann go dlúth freisin leis an gceist i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil dearadh an bhirt státchabhrach um maoiniú riosca iomchuí (féach Roinn 3.2.3). Dá bhrí sin, nuair a dhéantar an gá atá le hidirghabháil Stáit a shainaithint go cuí agus nuair atá dearadh iomchuí ag an mbeart, is féidir glacadh leis gurb ann d’éifeacht dreasachta.

    3.2.    An dara coinníoll: Seachaint éifeachtaí díobhálacha ar choinníollacha trádála a mhéid atá contrártha don leas coiteann

    48.

    Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ní cheadaítear don Choimisiún a mheas go bhfuil cabhair comhoiriúnach chun éascaíocht a dhéanamh d’fhorbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe ach amháin “nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann”.

    49.

    Baineann measúnuithe eacnamaíocha agus sóisialta casta leis an measúnú ar na héifeachtaí diúltacha ar an margadh inmheánach. Míneoidh an Coimisiún sa Roinn seo conas a bheartaíonn sé a dhiscréid a fheidhmiú ina leith sin.

    50.

    De réir a chineáil féin, is é a thagann as aon bheart Státchabhrach saobhadh ar iomaíocht agus tá éifeacht aige sin ar thrádáil idir na Ballstáit. Mar sin féin, chun a shuí cibé acu atá nó nach bhfuil éifeachtaí saobhacha na cabhrach teoranta don íosmhéid, fíoróidh an Coimisiún cibé acu is gá nó nach gá an chabhair (féach Roinn 3.2.2), is iomchuí nó nach iomchuí í (féach Roinn 3.2.3), agus is comhréireach nó nach comhréireach í (féach Roinn 3.2.4). Chun é a chur ar a chumas dó an fíorú sin a dhéanamh, ceanglaíonn an Coimisiún ar na Ballstáit fianaise a chur isteach i bhfoirm measúnúcháin ex ante mar a thuairiscítear i Roinn 3.2.1.

    51.

    Déanfaidh an Coimisiún measúnú ansin ar éifeachtaí diúltacha na cabhrach um maoiniú riosca atá i gceist, agus sin ar iomaíocht agus coinníollacha trádála. Níos sonraí ná sin, is féidir gurb é a thiocfaidh as cabhair i réimse an mhaoinithe riosca plódú infheisteoirí príobháideacha, is féidir go mbeidh éifeachtaí saobhacha aici ar leibhéal na n-idirghabhálaithe airgeadais, is féidir go gcruthófar saobhadh margaidh táirge sonrach léi agus go mbeidh éifeachtaí dí-chomhchruinniúcháin aici. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar na héifeachtaí diúltacha sin atá ag cabhair ar iomaíocht agus trádáil agus déanfaidh sé iad a mheá in aghaidh éifeachtaí dearfacha na cabhrach (féach Roinn 3.2.5). I gcás ina mbeidh níos mó éifeachtaí dearfacha ná éifeachtaí diúltacha ann, measfaidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair comhoiriúnach.

    52.

    Ar deireadh, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonann an chabhair a cheanglais trédhearcachta (féach Roinn 3.2.6).

    3.2.1.   Buneilimintí den mheasúnú ex ante atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na mBallstát lena mbaineann

    53.

    Ní féidir údar a thabhairt le Státchabhair ach más féidir forbairt ábhartha a dhéanamh léi nach féidir leis an margadh a thabhairt i gcrích as féin, mar shampla trí theip mhargaidh nó bacainn ábhartha eile roimh sholáthar maoiniúcháin riosca nó infheistíochta a leigheas.

    54.

    Is féidir gur Státchabhair chun soláthar maoiniúcháin riosca a mhéadú i staid ina mainníonn an margadh, as a stuaim féin, toradh éifeachtúil a sholáthar nó nach soláthraíonn sé é go tráthúil. Measann an Coimisiún nach ann d’aon teip mhargaidh ghinearálta a mhéid a bhaineann le rochtain gnólachtaí nuathionscanta, FBManna nó cuideachtaí meánchaipitlithe ar mhaoiniú, ach nach ann ach amháin do theip a bhaineann le grúpaí áirithe gnólachtaí nuathionscanta, FBManna agus cineálacha áirithe cuideachtaí meánchaipitlithe, ag brath, go háirithe, ar chomhthéacs eacnamaíoch sonrach an Bhallstáit lena mbaineann, agus ar a réimse gníomhaíochta chomh maith leis sin (e.g. in earnálacha áirithe is féidir go mbeidh rioscaí áirithe rómheasta).

    55.

    Le Roinn 3 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine leagtar amach na coinníollacha faoina nglactar leis go dtugtar aghaidh le bearta um maoiniú riosca ar theip mhargaidh trí mheán iomchuí agus comhréireach, agus éifeacht dreasachta acu agus aon saobhadh ar iomaíocht á íoslaghdú. Bearta lena gcomhlíontar na coinníollacha sin ní gá fógra a thabhairt fúthu agus meastar go bhfuil siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

    56.

    Bearta um maoiniú riosca nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i Roinn 3 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine is gá fógra a thabhairt fúthu ionas gur féidir leis an gCoimisiún, i measc nithe eile, measúnú a dhéanamh ar cibé acu is ann nó nach ann do theip mhargaidh nó bacainn ábhartha eile roimh sholáthar an mhaoinithe riosca. Dá bhrí sin, ceanglaítear ar na Ballstáit a chruthú gurb ann do theip mhargaidh shonrach nó do bhacainn ábhartha eile lastall den toimhde dhlíthiúil ar a bhfuil Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine bunaithe. Ina theannta sin, leis an mbeart beartaithe um maoiniú riosca ní mór na critéir chomhoiriúnachta a leagtar amach sna Treoirlínte seo a chomhlíonadh. Chun na gcríoch sin, ba cheart don Bhallstát measúnú ex ante domhain nó, i gcás inarb iomchuí, sraith measúnuithe, a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    57.

    Ní mór an measúnú domhain ex ante a bheith bunaithe ar fhianaise oibiachtúil atá cothrom le dáta agus ar dhea-chleachtais agus modheolaíochtaí atá ar fáil (amhail taighde deisce, agallaimh, suirbhéanna ar líne nó modhanna cainníochtúla iomchuí). A mhéid is féidir, ní mór an fhianaise a thriantánú ansin agus a úsáid ar bhealach atreisithe frithpháirteach chun tacú leis na conclúidí ón measúnú ex ante. Ní mór an measúnú ex ante a bheith ann tréimhse is gairide ná 3 bliana roimh fhógra a thabhairt faoin mbeart um maoiniú riosca agus ba cheart é a bheith déanta, más féidir, ag saineolaí neamhspleách. Leis an measúnú ex ante ba cheart ceachtanna a chur san áireamh freisin, ceachtanna a foghlaimíodh ó ionstraimí comhchosúla agus measúnuithe ex ante a bhí déanta roimhe sin ag an mBallstát. Le linn an measúnú ex ante a dhréachtú, is féidir leis an mBallstát an fhianaise atá ann cheana a úsáid, a mhéid is ábhartha, chun an teip mhargaidh a chruthú le linn an measúnú ex ante a dhéanamh. Leis an measúnú ex ante ba cheart díriú ar an gcineál sonrach maoiniúcháin riosca (mar shampla, cothromas nó fofhiach) ar lena aghaidh a bheartaítear beart cabhrach.

    58.

    An beart beartaithe um maoiniú riosca, ba cheart é a bheith iomchuí chun cuspóir beartaithe na cabhrach a bhaint amach. Dá bhrí sin, leis an measúnú ex ante ní mór anailís a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí atá ann cheana agus, más féidir, na gníomhaíochtaí beartaithe atá spriocdhírithe ar an teip mhargaidh shainaitheanta chéanna nó bacainn ábhartha eile roimh sholáthar maoiniúcháin riosca, agus éifeachtacht agus éifeachtúlacht uirlisí beartais eile á gcur san áireamh. Ní mór don Bhallstát a léiriú nach féidir aghaidh leordhóthanach a thabhairt ar an teip mhargaidh shainaitheanta ná ar bhacainn ábhartha eile le huirlisí beartais eile nach mbaineann le Státchabhair ná le bearta a thagann laistigh de raon feidhme Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine.

    59.

    Ní mór Státchabhair a bheith comhréireach i ndáil leis an teip mhargaidh nó leis an mbacainn ábhartha eile ar a bhfuil sé beartaithe aghaidh a thabhairt léi chun na cuspóirí beartais ábhartha a bhaint amach. Cabhair chun soláthar maoiniúcháin riosca a mhéadú ba cheart í a bheith teoranta dá bhrí sin don íosmhéid a bhfuil fíorghá leis chun aghaidh a thabhairt ar an teip mhargaidh nó ar an mbacainn ábhartha eile a shainaithnítear sa mheasúnú ex ante, gan buntáistí míchuí a ghiniúint le haghaidh a tairbhithe. Le haghaidh infheistíochtaí um maoiniú riosca a sháraíonn an chaidhp a shocraítear in aghaidh an ghnóthais incháilithe in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, leis an measúnú ex ante is gá comhréireacht an bhirt cabhrach a léiriú ar bhealach níos mionsonraithe, mar a leagtar amach i míreanna 64 agus 65 de na Treoirlínte seo.

    60.

    I gcás ina maoineofar an beart um maoiniú riosca go páirteach ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ó Chiste Sóisialta na hEorpa nó ón gCiste Comhtháthaithe, féadfaidh an Ballstát athúsáid a bhaint as an measúnú ex ante (nó codanna de) arna ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 37(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 nó Airteagal 58(3) de Rialachán (AE) 2021/1060. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ansin ar cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais sna Treoirlínte seo leis an bhfianaise arna soláthar. I gcás ina n-úsáidfear an beart um maoiniú riosca, go páirteach nó go hiomlán, chun tacú le gnóthais ar dhámh CNE marc cáilíochta Séala Barr Feabhais orthu le déanaí (48), chun comhinfheistiú le Ciste CNE, nó infheistíocht iarmhartach a sholáthar maidir leis an gClár Luasaire (49), nó le haghaidh gnóthais a bhí rannpháirteach in aon ghníomhaíocht CASSINI (Luasaire nó Comhar Gnó CASSINI) a chomhlíonann na tairseacha meastóireachta a leagtar síos ann nó a fuair infheistíocht ó Shaoráid Chistiúcháin Síl agus Fáis CASSINI, nó ar dámhadh Duais CASSINI orthu, nó ar tacaíodh leo le tionscadail spáis arna gcistiú le Fís Eorpach ar tháinig cruthú gnólachta nuathionscanta as sin, glacfaidh an Coimisiún leis go n-úsáidtear an marc cáilíochta agus fianaise eile ón nós imeachta um dhícheall cuí arna dhéanamh ag CNE faoi seach ó na próisis roghnúcháin iomaíocha atá leabaithe i ngníomhaíochtaí CASSINI, agus sin mar chuid den mheasúnú ex ante.

    61.

    Le haghaidh bearta um maoiniú riosca a thagann lasmuigh de raon feidhme Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, leis an measúnú ex ante ní mór tuairisc a thabhairt ar chineál na teipe margaidh nó bacainne ábhartha eile agus a léiriú gurb ann di a mhéid a dhéantar difear léi do cheann amháin nó níos mór díobh seo a leanas:

    (a)

    catagóirí sonracha de spriocghnóthais nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta uile faoi Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (féach mír 32, pointí (a) go (d));

    (b)

    ardáin trádála mhalartacha nach gcomhlíonann coinníollacha Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (féach mír 32, pointe (e));

    (c)

    ionstraimí airgeadais lena mbaineann paraiméadair dhearaidh a chlaonann ó na cinn ar a dtugtar tuairisc i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (féach mír 33, pointí (a), (b) agus (c));

    (d)

    dreasachtaí fioscacha le haghaidh infheisteoirí corparáide, lena n-áirítear idirghabhálaithe airgeadais nó a mbainisteoirí a ghníomhaíonn mar chomhinfheisteoirí (féach mír 33, pointe (d)).

    62.

    Leis an measúnú ex ante ba cheart an cineál gnóthas dá ndéantar difear a shainaithint, go háirithe, ó thaobh aoise nó céim forbartha, earnáil eacnamaíoch, agus limistéar geografach na gníomhaíochta agus a léiriú go ndéantar difear do na gnóthais sin trí theip mhargaidh shonrach nó bacainn ábhartha eile a bheith ann.

    63.

    Le haghaidh bearta um maoiniú riosca lena mbaineann ionstraimí airgeadais a bhfuil an rannpháirtíocht ó na hinfheisteoirí príobháideacha neamhspleácha faoi bhun na gcóimheas dá bhforáiltear in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (féach mír 33, pointe (a) de na Treoirlínte seo), ba cheart measúnú sách mionsonraithe a sholáthar thairis sin leis an measúnú ex ante ar leibhéal agus struchtúr an tsoláthair cistiúcháin phríobháidigh le haghaidh an chineáil gnóthais incháilithe sa limistéar geografach ábhartha agus a léiriú nach féidir aghaidh a thabhairt ar an teip mhargaidh shainaitheanta ná ar bhacainn ábhartha eile le bearta lena gcomhlíontar na ceanglais uile a leagtar amach i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine maidir le rannpháirtíocht phríobháideach.

    64.

    Ina theannta sin, le haghaidh infheistíochtaí um maoiniú riosca de mhéid a sháraíonn an chaidhp a shocraítear in aghaidh an ghnóthais incháilithe in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (féach mír 32, pointe (e) de na Treoirlínte seo), leis an measúnú ex ante ba cheart an bhearna chistiúcháin a chainníochtú freisin (is é sin, an leibhéal éilimh nach bhfuiltear ag freastal air faoi láthair le haghaidh maoiniú ó ghnóthais incháilithe) de dheasca na teipe margaidh sainaitheanta nó bacainn ábhartha eile. Leis an measúnú ní mór a léiriú go sáraíonn an bhearna chistiúcháin ar leibhéal na ngnóthas incháilithe an chaidhp a shocraítear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine. Ba cheart an cainníochtú sin a bheith bunaithe ar na dea-chleachtais agus na modheolaíochtaí atá ar fáil lenar féidir meastachán a dhéanamh ar a mhéid is ann d’éileamh nach bhfuiltear ag freastal air le haghaidh maoiniú, ó na gnóthais spriocdhírithe.

    65.

    Le haghaidh chainníochtú na bearna cistiúcháin, ní mór anailís a dhéanamh ar fhadhbanna struchtúracha agus timthriallacha (is é sin, a bhaineann le géarchéim) as a dtagann leibhéil fho-optamacha de chistiú príobháideach. Go háirithe, leis an measúnú ex ante ní mór anailís chuimsitheach a sholáthar ar thaobh an tsoláthair trí mheasúnú a dhéanamh ar fhoinsí maoiniúcháin atá ar fáil do na gnóthais incháilithe, agus an líon idirghabhálaithe airgeadais atá ann cheana agus a oibríonn sa sprioclimistéar geografach á chur san áireamh gan beann ar an mBallstát ina bhfuil an t-idirghabhálaí ionchorpraithe, a gcineál poiblí nó príobháideach, agus na méideanna infheistíochta atá spriocdhírithe ar an deighleog mhargaidh ábhartha. Leis an measúnú ar thaobh an éilimh ba cheart a chur san áireamh an líon gnóthas a d’fhéadfadh a bheith incháilithe agus meánluachanna an mhaoiniúcháin a cheanglaítear. Ba cheart an anailís sin a bheith bunaithe ar shonraí lena gcumhdaítear na 5 bliana roimh an tráth a thugtar fógra faoin mbeart um maoiniú riosca agus, i gcás inar féidir, ba cheart torthaí a thriantánú léi trí chomparáid a dhéanamh idir foinsí sonraí malartacha.

    66.

    Le haghaidh scéimeanna atá spriocdhírithe go heisiach ar ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna roimh an gcéad díolachán tráchtála, cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm na ceanglais maidir leis an measúnú ex ante ar bhealach comhréireach, go háirithe ó thaobh na fianaise arna hiarraidh.

    3.2.2.   An gá atá le hidirghabháil Stáit

    67.

    Ba cheart Státchabhair a bheith spriocdhírithe ar staideanna inar féidir forbairt ábhartha a dhéanamh léi, rud nach féidir leis an margadh a sholáthar as a stuaim féin. Chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil Státchabhair éifeachtach chun an toradh beartaithe a bhaint amach, is gá, ar dtús, an fhadhb a bhfuil aghaidh le tabhairt uirthi a shainaithint. Ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt ar conas is féidir an bhacainn shainaitheanta a mhaolú go héifeachtach leis an mbeart cabhrach, agus go háirithe conas is féidir maolú éifeachtach a dhéanamh leis sin ar aon teip mhargaidh lena gcuirtear bac ar an margadh maoiniú riosca leordhóthanach a sholáthar as a stuaim féin.

    68.

    Ní féidir údar a thabhairt leis an mbeart um maoiniú riosca ach amháin má tá sé spriocdhírithe ar an teip mhargaidh shonrach nó ar bhacainn ábhartha eile a léirítear sa mheasúnú ex ante. Measann an Coimisiún go mb’fhéidir gurb ann do na teipeanna margaidh sin nó do na bacainní sin go háirithe, ach ní go heisiach, le haghaidh FBManna ina luathchéimeanna nach bhfuil in ann, d’ainneoin a n-ionchas fáis, a n-acmhainneacht creidmheasa ná fóntacht a bpleananna gnó a léiriú d’infheisteoirí. Féadfaidh raon feidhme na teipe margaidh sin nó na bacainne sin, ó thaobh na gcuideachtaí dá ndéantar difear agus a gceanglais caipitil araon, a bheith éagsúil ag brath ar an earnáil ina n-oibríonn siad. Is iad na hearnálacha ar féidir difear ar leith a dhéanamh dóibh de dheasca na dteipeanna margaidh agus na mbacainní sin teicneolaíochtaí ardteicniúla, nuálacha glasa nó digiteacha. De dheasca neamhshiméadrachtaí faisnéise, is féidir go mbeidh sé deacair ag an margadh measúnú a dhéanamh ar phróifíl riosca agus luaíochta na ngnólachtaí nuathionscanta agus na FBManna sin agus ar a gcumas torthaí riosca-choigeartaithe a ghiniúint. De dheasca na ndeacrachtaí atá ag na FBManna sin chun faisnéis a chomhroinnt faoi cháilíocht a dtionscadal, an riosca a mheastar a bheith ag baint leo agus a n-acmhainneachta creidmheasa ísle, is amhlaidh a thagann ardchostais idirbhirt agus ghníomhaireachta as sin agus is féidir go ngéaróidh ar chol riosca infheisteoirí. Is féidir go mbeidh deacrachtaí comhchosúla roimh chuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus cuideachta meánchaipitlithe nuálacha agus dá bhrí sin go ndéanfar difear dóibh leis an teip mhargaidh nó leis an mbacainn chéanna.

    69.

    Dá bhrí sin, ní mór an beart um maoiniú riosca a dhearadh ar bhealach a fhágann go dtabharfar aghaidh ar an teip mhargaidh shonrach nó ar an mbacainn ábhartha eile a shainaithnítear sa mheasúnú ex ante, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na gnóthais incháilithe sa chéim forbartha, sa limistéar geografach, agus, más infheidhme, san earnáil eacnamaíoch spriocdhírithe.

    70.

    Chun a áirithiú go mbeidh na hidirghabhálaithe airgeadais a bhfuil baint acu leis an mbeart spriocdhírithe ar na teipeanna margaidh sainaitheanta, ní mór próiseas díchill chuí a bheith ann chun straitéis infheistíochta atá fónta ó thaobh na tráchtála de a áirithiú, rud atá spriocdhírithe ar an gcuspóir beartais sainaitheanta agus lena n-urramaítear na ceanglais incháilitheachta shainithe agus na srianta cistiúcháin. Go háirithe, ní mór do na Ballstáit idirghabhálaithe airgeadais a roghnú ar féidir leo a léiriú go bhfuil a straitéis infheistíochta bheartaithe fónta ó thaobh na tráchtála de agus go n-áireofar beartas iomchuí um éagsúlú riosca inti arb é is aidhm dó inmharthanacht eacnamaíoch agus scála éifeachtúil a bhaint amach ó thaobh mhéid agus raon feidhme críochach na n-infheistíochtaí.

    3.2.2.1.   Bearta atá spriocdhírithe ar chatagóirí gnóthas lasmuigh de raon feidhme Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine

    71.

    A mhéid a bhaineann le cabhair le haghaidh rochtain ar mhaoiniú, tá raon feidhme Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine srianta do FBManna. Mar sin féin, is féidir go mbeidh srianta maoinúcháin comhchosúla roimh ghnóthais áirithe nach gcumhdaítear leis an sainmhíniú ar FBManna, agus sin ó thaobh an lín daoine, nó na dtairseach airgeadais, nó iad araon.

    (a)   Cuideachtaí meánchaipitlithe beaga

    72.

    Má chuirtear síneadh le raon feidhme gnóthas incháilithe faoi bheart um maoiniú riosca chun cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a áirithiú i dteannta FBManna, is féidir go mbeidh údar leis sin a mhéid a sholáthraítear dreasacht leis sin d’infheisteoirí príobháideacha chun infheistiú i bpunann atá níos éagsúlaithe lena mbaineann deiseanna iontrála agus imeachta feabhsaithe. Má áirítear cuideachtaí meánchaipitlithe beaga sa phunann is dóigh go laghdófar an méid riosca lena mbaineann ar leibhéal punainne agus dá réir sin go méadófar an toradh ar na hinfheistíochtaí. Dá bhrí sin, is féidir go mbeidh sé ina bhealach a bhfuil éifeacht ar leith leis chun infheisteoirí institiúideacha a mhealladh i dtreo na gcuideachtaí luath-chéime lena mbaineann riosca níos mó.

    73.

    Ar na cúiseanna sin, agus ar choinníoll go mbeidh fianaise eacnamaíoch leordhóthanach chuige sin sa mheasúnú ex ante, is féidir go mbeidh údar le tacaíocht le haghaidh cuideachtaí meánchaipitlithe beaga. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh dlúthshaothar agus dianchaipiteal na ngnóthas spriocdhírithe, chomh maith le critéir eile lena léirítear srianta maoiniúcháin sonracha lena ndéantar difear do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga (mar shampla, comhthaobhacht leordhóthanach le haghaidh iasacht mhór nó an gá le caipiteal seachtrach suntasach le haghaidh forbartha agus cur in úsáid).

    (b)   Cuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha

    74.

    In imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé freisin go mbeadh srianta maoiniúcháin roimh chuideachtaí meánchaipitlithe atá inchomparáide leo sin lena ndéantar difear do FBManna. Féadfaidh an cás a bheith amhlaidh, mar shampla, le haghaidh cuideachtaí meánchaipitlithe a dhéanann T&F agus gníomhaíochtaí nuálacha i dteannta infheistíocht tosaigh i saoráidí táirgeachta, lena n-áirítear macasamhlú margaidh, agus nach gcuirtear é ar a gcumas d’infheisteoirí ionchasacha lena gcuntas teiste toimhdí ábhartha a dhéanamh a mhéid a bhaineann le hionchais mhargaidh thodhchaí thorthaí na ngníomhaíochtaí sin, ós rud é go bhfuil na margaí sin á bhforbairt nó go bhfuil ardeilimint theicneolaíoch iontu ar deacair measúnú a dhéanamh ar an riosca lena mbaineann (e.g. aeraspás agus cosaint). Sna cásanna sin, is féidir go bhfuil gá le Státchabhair um maoiniú riosca chun go méadóidh cuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha a n-acmhainneachtaí táirgeachta chuig scála inbhuanaithe inar féidir leo maoiniú príobháideach a mhealladh as a stuaim féin. Ina theannta sin, tá an bharúil i Roinn 3.2.2.1., pointe (a), bailí le haghaidh cuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha freisin: má áirítear i bpunann infheistíochta iad is féidir gur éifeachtach an bealach é sin le haghaidh idirghabhálaí airgeadais chun sraith níos éagsúlaithe deiseanna infheistíochta a sholáthar a mheallann réimse níos leithne infheisteoirí ionchasacha.

    (c)   FBManna a fhaigheann an infheistíocht tosaigh um maoiniú riosca le linn dóibh a bheith ag oibriú in aon mhargadh ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse incháilitheachta a shocraítear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine

    75.

    Féadfar a mheas go bhfuil cineálacha áirithe gnóthas fós ina gcéimeanna forbartha/luathfháis más rud é, cé gurb ann dóibh le tréimhse shuntasach, nár chruthaigh siad go leordhóthanach go fóill gur féidir leo torthaí a ghiniúint nó nach bhfuil cuntas teiste ná comhthaobhacht sách láidir acu. Féadfaidh an méid sin a bheith amhlaidh in earnálacha ardriosca, amhail na tionscail bhiteicneolaíochta, aeraspáis, chosanta, chultúrtha agus chruthaitheachta, agus ar bhealach ginearálta le haghaidh FBManna nuálacha b’fhéidir, lena n-áirítear iad sin a dhíríonn ar theicneolaíochtaí digiteacha nó glasa nó FBManna a shaothraíonn nuálaíocht shóisialta (50). Thairis sin, gnóthais ag a bhfuil cothromas inmheánach leordhóthanach chun a ngníomhaíochtaí tosaigh a mhaoiniú, is féidir nach gceanglóidh siad maoiniú seachtrach ach ag céim níos déanaí, mar shampla chun a n-inniúlacht a mhéadú ó ghnólacht mionscála chuig gnólacht mórscála. Is féidir go gceanglófar chuige sin méid níos airde infheistíochta ná mar is féidir leo a chomhlíonadh óna n-acmhainní dílse.

    76.

    Dá bhrí sin, is féidir go mbeifear in ann bearta a cheadú trína ndéantar an infheistíocht tosaigh tar éis na tréimhse incháilitheachta a shocraítear in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine. Sna himthosca sin, féadfaidh an Coimisiún a cheangal go saineofar go soiléir leis an mbeart na catagóirí incháilithe de ghnóthais, de bharr fianaise a sholáthraítear sa mheasúnú ex ante maidir le teip mhargaidh shonrach a bheith ann lena ndéantar difear do na gnóthais sin.

    (d)   Gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna a cheanglaíonn infheistíocht um maoiniú riosca de mhéid a sháraíonn an chaidhp a shocraítear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine

    77.

    Le hAirteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine leagtar síos uasmhéid iomlán de mhaoiniú riosca in aghaidh an ghnóthais incháilithe, lena n-áirítear infheistíochtaí iarmhartacha. Mar sin féin, i dtionscail áirithe ina bhfuil na costais taighde nó infheistíochta tosaigh sách ard, mar shampla san aeraspás, sa chosaint, sna heolaíochtaí beatha nó sa teicneolaíocht nó an fuinneamh glas, is féidir nach mbeidh an méid sin leordhóthanach chun na babhtaí infheistíochta uile is gá a bhaint amach agus an gnólacht nuathionscanta nó FBM a chur ar chonair fáis inbhuanaithe. Is féidir go mbeidh údar leis dá bhrí sin, faoi choinníollacha áirithe, foráil a dhéanamh maidir le méid níos airde infheistíochta foriomláine le haghaidh gnóthais incháilithe.

    78.

    Níos sonraí ná sin, le bearta um maoiniú riosca is féidir go soláthrófar tacaíocht os cionn an uasmhéid iomláin a shonraítear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine ar choinníoll go léirítear leis an méid cistiúcháin beartaithe méid agus cineál na bearna cistiúcháin a shainaithnítear agus a chainníochtaítear sa mheasúnú ex ante maidir leis na hearnálacha nó na críocha sprice. Sna cásanna sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cineál dianchaipitiúil na n-earnálacha spriocdhírithe agus/nó costais níos airde na n-infheistíochtaí i limistéir gheografacha áirithe.

    (e)   Ardáin trádála mhalartacha nach gcomhlíonann coinníollacha Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine.

    79.

    Aithníonn an Coimisiún gur cuid thábhachtach de mhargadh maoiniúcháin FBM iad ardáin trádála mhalartacha toisc go meallann siad caipiteal úr in FMBanna agus go n-éascaíonn siad imeacht infheisteoirí níos luaithe (51). Le Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine aithnítear an tábhacht atá leo trína ngníomhaíocht a éascú trí dhreasachtaí fioscacha atá spriocdhírithe ar dhaoine nádúrtha a infheistíonn i gcuideachtaí a liostaítear ar na hardáin sin, nó trí fhoráil a dhéanamh maidir le cabhair le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta a thabhairt don oibreoir ardán, faoi réir an choinníll go gcáilíonn an t-oibreoir ardán mar fhiontar beag agus suas le tairseacha áirithe.

    80.

    Mar sin féin, ní gá go mbeidh oibreoirí ardán trádála malartach ina bhfiontair bheaga nuair a bhunaítear iad. Mar an gcéanna, is féidir nach mbeidh an t-uasmhéid cabhrach atá ceadaithe mar chabhair le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta faoi Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine leordhóthanach chun tacú le bunú an ardáin. Thairis sin, chun acmhainní leordhóthanacha a mhealladh le haghaidh bunú agus rolladh amach ardán nua, is féidir gur gá dreasachtaí fioscacha a sholáthar d’infheisteoirí corparáide. Ar deireadh, is féidir nach FBManna amháin a bheidh liostaithe ag an ardán, ach gnóthais freisin a sháraíonn na tairseacha sa sainmhíniú ar FBManna.

    81.

    Dá bhrí sin, is féidir go mbeidh údar, faoi choinníollacha áirithe, le dreasachtaí fioscacha a cheadú d’infheisteoirí corparáide, chun tacú le hoibreoirí ardán nach fiontair bheaga iad, chun infheistíochtaí a cheadú chun ardáin trádála mhalartacha a bhunú ar mó a méid ná na teorainneacha a sholáthraítear maidir le cabhair le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta faoi Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, nó chun cabhair a cheadú d’ardáin trádála mhalartacha i gcás ina mbeidh formhór na n-ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála eisithe ag FBManna. Sna cásanna sin, ní mór a léiriú sa mheasúnú ex ante gurb ann do theip mhargaidh shonrach nó do bhacainn ábhartha eile lena ndéantar difear do na hardáin sin sa mhargadh geografach ábhartha.

    3.2.2.2.   Bearta ag a bhfuil paraiméadair dhearaidh nach gcomhlíonann Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine

    (a)   Ionstraimí airgeadais lena mbaineann an rannpháirtíocht ó infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha atá faoi bhun na gcóimheas dá bhforáiltear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine

    82.

    Is féidir go mbeidh na teipeanna margaidh nó bacainní ábhartha eile lena ndéantar difear d’fhiontair i réigiúin nó i mBallstáit ar leith níos measa de dheasca thearcfhorbairt choibhneasta mhargadh airgeadais FBM laistigh de na réigiúin sin i gcomparáid le réigiúin eile sa Bhallstát céanna, i mBallstáit eile nó go domhanda. Is féidir gurb amhlaidh a bheidh an cás go háirithe i mBallstáit nach bhfuil infheisteoirí caipitil fiontair foirmiúla, cistí cothromais phríobháidigh ná aingil ghnó sheanbhunaithe i láthair iontu. I gcás bearta arb é is aidhm dóibh na bacainní struchtúracha sin a shárú, féadfaidh an Coimisiún glacadh le rannpháirtíocht ó infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha atá faoi bhun na gcóimheas dá bhforáiltear in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine faoi réir an choinníll i mír 25 de na Treoirlínte seo.

    83.

    Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún glacadh le bearta um maoiniú riosca freisin lena mbaineann an rannpháirtíocht ó infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha faoi bhun na gcóimheas a leagtar amach in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine i gcás inarb ann do theip mhargaidh nó do bhacainn ábhartha eile atá níos measa arna léiriú ag an mBallstát, go háirithe, i gcás ina mbeidh na bearta sin spriocdhírithe go háirithe ar FBManna roimh a gcéad díolachán tráchtála nó ag céim an chruthúnais coincheapa, ar choinníoll go seasfaidh na hinfheisteoirí príobháideacha rannpháirteacha cuid shuntasach de rioscaí na hinfheistíochta go héifeachtach.

    (b)   Ionstraimí airgeadais lena mbaineann paraiméadair dhearaidh os cionn na dtairseach dá bhforáiltear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine

    84.

    Forchoimeádtar sochar Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine le haghaidh bearta trína bhfuil comhroinnt caillteanas nach bhfuil de chineál pari passu idir infheisteoirí poiblí agus príobháideacha deartha ar bhealach a fhágann go dteorannófar an chéad chaillteanas a ghlacann an t-infheisteoir poiblí chuige féin. Ar an mbealach céanna, i gcás ráthaíochtaí, leis an mblocdhíolúine leagtar síos teorainneacha ar an ráta ráthaíochta agus na caillteanais iomlána a ghlacann an t-infheisteoir poiblí chuige féin.

    85.

    Mar sin féin, in imthosca áirithe, trí staid mhaoiniúcháin níos rioscúla a ghlacadh, le cistiú poiblí féadfar a cheadú d’infheisteoirí príobháideacha nó iasachtóirí maoiniú breise a sholáthar. Le linn measúnú a dhéanamh ar bhearta lena mbaineann paraiméadair dhearaidh a sháraíonn na tairseacha i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, cuirfidh an Coimisiún roinnt tosca san áireamh mar a leagtar amach i Roinn 3.2.3.2 de na Treoirlínte seo.

    (c)   Ionstraimí airgeadais seachas ráthaíochtaí i gcás ina roghnaítear infheisteoirí, idirghabhálaithe airgeadais agus a mbainisteoirí trí thosaíocht a thabhairt do chosaint ar an taobh thíos os cionn comhroinnt brabúis neamhshiméadrach

    86.

    I gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, ní mór roghnú idirghabhálaithe airgeadais, chomh maith le hinfheisteoirí nó bainisteoirí ciste, a bheith bunaithe ar phróiseas oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach lena leagtar amach ar bhealach soiléir na cuspóirí beartais arna saothrú leis an mbeart agus cineál na bparaiméadar airgeadais atá deartha chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Fágann sin gur gá na hidirghabhálaithe airgeadais nó a mbainisteoirí a roghnú trí nós imeachta atá i gcomhréir le Treoir 2014/24/AE. Mura bhfuil an Treoir sin infheidhme, ní mór an nós imeachta roghnúcháin a bheith de chineál go n-áiritheofar an rogha is leithne agus is féidir i measc idirghabhálaithe airgeadais cáilithe nó bainisteoirí ciste. Go háirithe, le nós imeachta den sórt sin ní mór é a chur ar a chumas don Bhallstát lena mbaineann na téarmaí agus na coinníollacha arna gcaibidliú idir na hidirghabhálaithe airgeadais nó na bainisteoirí ciste agus na hinfheisteoirí príobháideacha ionchasacha a chur i gcomparáid ionas go n-áiritheofar go meallfaidh an beart um maoiniú riosca infheisteoirí príobháideacha leis an méid is lú Státchabhrach agus is féidir, nó an éagsúlacht is lú ó choinníollacha pari passu, i bhfianaise straitéis infheistíochta réalaíoch.

    87.

    De bhun Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, leis na critéir is infheidhme chun bainisteoirí a roghnú ní mór ceanglas a áireamh trínarb amhlaidh, le haghaidh ionstraimí seachas ráthaíochtaí, “a thabharfar tús áite do chomhroinnt brabúis ar chosaint ar an taobh thíos” chun teorainn a chur le claonadh i dtreo dul i riosca iomarcach arna dhéanamh ag an mbainisteoir a roghnaíonn na gnóthais ina ndéantar an infheistíocht. Is é is aidhm dó sin a áirithiú cibé foirm ina mbeidh an ionstraim airgeadais a leagtar amach leis an mbeart, nach mór aon chóir fhabhrach arna deonú d’infheisteoirí príobháideacha nó iasachtóirí a mheá in aghaidh leas an phobail arb é atá ann cineál imrothlach an chaipitil phoiblí a ghealltar agus inbhuanaitheacht airgeadais fhadtéarmach an bhirt a áirithiú.

    88.

    I gcásanna áirithe, áfach, is féidir gur gá tús áite a thabhairt do chosaint ar an taobh thíos, eadhon i gcás ina mbeidh an beart spriocdhírithe ar ghnólachtaí nuathionscanta nó earnálacha áirithe ina bhfuil ráta mainneachtana FBManna ard. Is féidir gurb amhlaidh a bheidh an cás le haghaidh bearta atá spriocdhírithe ar earnálacha a bhfuil bacainní teicneolaíocha tábhachtacha rompu, nó earnálacha ina bhfuil na cuideachtaí ag brath go mór ar thionscadail aonair lena gceanglaítear infheistíocht tosaigh mhór agus lena mbaineann neamhchosaint ard ar riosca, amhail an t-éiceachóras aeraspáis agus cosanta, agus na tionscail chultúir agus chruthaitheachta. Ina theannta sin, is féidir go mbeidh údar le tús áite a thabhairt do shásraí cosanta ar an taobh thíos le haghaidh bearta a oibríonn trí chiste cistí agus arb é is aidhm dóibh infheisteoirí príobháideacha a mhealladh ar an leibhéal sin nó le haghaidh bearta atá spriocdhírithe ar FBManna roimh a gcéad díolachán tráchtála nó ag céim an chruthúnais coincheapa.

    (d)   Dreasachtaí fioscacha le hinfheisteoirí corparáideacha lena n-áirítear idirghabhálaithe airgeadais nó a mbainisteoirí a ghníomhaíonn mar chomh-infheisteoirí

    89.

    Cé go gcumhdaítear le Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine dreasachtaí fioscacha arna ndeonú d’infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha ar daoine nádúrtha iad de réir bhrí Airteagal 2 de sin a sholáthraíonn maoiniú riosca go díreach nó go hindíreach do ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna incháilithe, is féidir go measfaidh na Ballstáit gurb iomchuí bearta a chur i bhfeidhm lena gcuirtear dreasachtaí comhchosúla i bhfeidhm maidir le hinfheisteoirí príobháideacha neamhspleácha ar infheisteoirí corparáide iad. Is é an difríocht atá ann gur gnóthais iad infheisteoirí corparáide de réir bhrí Airteagal 107 den Chonradh. Ní mór an beart dá bhrí sin a bheith faoi réir srianta sonracha (mar a leagtar amach i Ranna 3.2.3.3 agus 3.2.4.2) chun a áirithiú go leanfaidh cabhair ar leibhéal na n-infheisteoirí corparáide de bheith comhréireach agus go mbeidh fíoréifeacht dreasachta aici.

    90.

    Ní fhéadfaidh idirghabhálaithe airgeadais ná a mbainisteoirí tairbhiú de dhreasacht fhioscach ach a mhéid a ghníomhaíonn siad mar chomhinfheisteoirí nó comhiasachtóirí. Ní féidir aon dreasacht fhioscach a dheonú i leith na seirbhísí arna soláthar ag an idirghabhálaí airgeadais nó a bhainisteoirí le haghaidh chur chun feidhme an bhirt.

    3.2.3.   Oiriúnacht an bhirt cabhrach

    91.

    Ní mór an beart cabhrach a bheith ina ionstraim bheartais iomchuí chun cuspóir beartaithe na cabhrach a bhaint amach, is é sin, níor cheart ionstraim bheartais ná ionstraim chabhrach a bheith ann atá níos fearr nó nach bhfuil chomh saobhach sin agus atá in ann an toradh céanna a bhaint amach.

    3.2.3.1.   Oiriúnacht i gcomparáid le hionstraimí beartais eile agus ionstraimí cabhrach eile

    92.

    Chun aghaidh a thabhairt ar an teip mhargaidh shainaitheanta nó ar bhacainn ábhartha eile agus chun rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí beartais arna saothrú leis an mbeart, ní mór an beart beartaithe um maoiniú riosca a bheith ina ionstraim iomchuí. Ní mór údar cuí a thabhairt le rogha fhoirm shonrach an bhirt um maoiniú riosca bunaithe ar an bhfianaise arna soláthar ag an mBallstát sa mheasúnú ex ante.

    93.

    Mar an chéad chéim, breithneoidh an Coimisiún cibé acu is féidir nó nach féidir a mheas, agus a mhéid is féidir a mheas, go bhfuil an beart um maoiniú riosca ina ionstraim iomchuí i gcomparáid le hionstraimí beartais eile arb é is aidhm dóibh soláthar maoiniúcháin riosca do ghnóthais incháilithe a spreagadh. Ní hí Státchabhair an t-aon ionstraim bheartais amháin atá ar fáil do na Ballstáit chun soláthar maoiniúcháin riosca do ghnóthais incháilithe a éascú. Is féidir leis na Ballstáit uirlisí beartais comhlántacha eile a úsáid ar thaobh an tsoláthair agus an éilimh araon, amhail bearta rialála chun éascaíocht a dhéanamh d’fheidhmiú margaí airgeadais, bearta chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó, seirbhísí comhairleacha le haghaidh ullmhacht infheistíochta nó infheistíochtaí poiblí a chomhlíonann tástáil oibreora an gheilleagair margaidh.

    94.

    Mar an dara céim, breithneoidh an Coimisiún cibé acu atá nó nach bhfuil an beart beartaithe níos iomchuí ná ionstraimí státchabhrach malartacha lena dtugtar aghaidh ar an teip mhargaidh chéanna nó ar bhacainn ábhartha eile. Ina leith sin, meastar, go ginearálta, nach bhfuil ionstraimí airgeadais chomh saobhach céanna le deontais dhíreacha agus dá bhrí sin gur ionstraim níos iomchuí iad. Mar sin féin, féadfar Státchabhair a dheonú i bhfoirmeacha éagsúla chun éascaíocht a dhéanamh do sholáthar maoiniúcháin riosca, amhail ionstraimí fioscacha roghnaitheacha nó ionstraim airgeadais fothráchtála, lena n-áirítear réimse ionstraimí cothromais, fiachais nó ráthaíochta ag a bhfuil saintréithe riosca agus toraidh éagsúla, chomh maith le modhanna seachadta agus struchtúir chistiúcháin éagsúla, a bhfuil oiriúnacht an mhéid sin ag brath ar chineál na ngnóthas spriocdhírithe agus ar an mbearna chistiúcháin. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar foráil le dearadh an bhirt maidir le struchtúr cistiúcháin éifeachtúil, agus straitéis infheistíochta an chiste á cur san áireamh, ionas go n-áiritheofar oibríochtaí inbhuanaithe.

    95.

    Ina leith sin, breathnóidh an Coimisiún go dearfach ar bhearta lena mbaineann cistí sách mór ó thaobh mhéid na punainne, clúdach geografach, go háirithe má oibríonn siad i roinnt Ballstáit éagsúla, agus éagsúlú na punainne, ós rud é go mb’fhéidir go mbeidh na cistí sin níos éifeachtúla agus dá bhrí sin níos tarraingtí le haghaidh infheisteoirí príobháideacha, i gcomparáid le cistí níos lú. Féadfar na coinníollacha sin a chomhlíonadh le struchtúir ciste cistí áirithe ar choinníoll go ndéantar na costais bhainistíochta fhoriomlána a thagann as na leibhéil éagsúla idirghabhála a fhritháireamh le gnóthachain éifeachtúlachta shubstaintiúla.

    3.2.3.2.   Coinníollacha chun oiriúnacht ionstraimí airgeadais a chinneadh

    96.

    Chun oiriúnacht ionstraimí airgeadais a dtagann a bparaiméadair dhearaidh lasmuigh de raon feidhme Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine a chinneadh, breithneoidh an Coimisiún na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 97 go 121 de na Treoirlínte seo.

    97.

    Ar an gcéad dul síos, leis an mbeart ní mór cistiú breise a shlógadh ó rannpháirtithe sa mhargadh. Íoschóimheasa infheistíochta príobháidí neamhspleáiche faoi bhun na gcóimheas a leagtar amach in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, ní fhéadfar údar a thabhairt leo ach i bhfianaise teip mhargaidh níos measa nó bacainn ábhartha eile a bhunaítear sa mheasúnú ex ante (féach Roinn 3.2.1). Maidir leis sin, leis an measúnú ex ante ba cheart, thairis sin, measúnú sách mionsonraithe a sholáthar ar leibhéal agus struchtúr sholáthar an chistiúcháin phríobháidigh le haghaidh an chineáil gnóthais incháilithe sa limistéar geografach ábhartha (féach mír 63). Thairis sin, ní mór a léiriú go ndéantar acmhainní príobháideacha breise a ghiaráil leis an mbeart nach soláthrófaí murach sin nó a sholáthrófaí i bhfoirmeacha nó méideanna éagsúla nó ar théarmaí éagsúla.

    98.

    I gcás ina mbeidh gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna nach raibh ag oibriú in aon mhargadh spriocdhírithe go sonrach le bearta um maoiniú riosca (52), féadfaidh an Coimisiún glacadh leis go bhfuil leibhéal na rannpháirtíochta príobháidí neamhspleáiche níos ísle ná na cóimheasa a cheanglaítear. De rogha air sin, le haghaidh na spriocanna infheistíochta sin, is féidir go nglacfaidh an Coimisiún leis nach de chineál neamhspleách an rannpháirtíocht phríobháideach, is é sin, arna soláthar, mar shampla, ag úinéir an ghnóthais tairbhí. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún glacadh le leibhéil rannpháirtíochta príobháidí freisin atá níos ísle ná na leibhéil a bhunaítear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine i leith gnóthais incháilithe a bhí ag oibriú ar mhargadh ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse incháilitheachta a shocraítear in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, i bhfianaise na fianaise eacnamaíche a sholáthraítear sa mheasúnú ex ante maidir leis an teip mhargaidh ábhartha nó bacainn ábhartha eile.

    99.

    Beart um maoiniú riosca atá spriocdhírithe ar ghnóthais incháilithe a bhí ag oibriú ar aon mhargadh ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse incháilitheachta a shocraítear in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine tráth na chéad infheistíochta um maoiniú riosca, ní mór srianta leordhóthanacha a bheith ann, cibé acu ó thaobh teorainneacha ama nó critéir oibiachtúla eile de chineál cáilíochtúil, a bhaineann le céim forbartha na spriocghnóthas. Le haghaidh na spriocanna infheistíochta sin cheanglódh an Coimisiún íoschóimheas rannpháirtíochta príobháidí de 60 % de ghnáth.

    100.

    Ar an dara dul síos, i dteannta leibhéal beartaithe na rannpháirtíochta príobháidí, cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin an chothromaíocht idir rioscaí agus luaíochtaí idir infheisteoirí poiblí agus príobháideacha. Maidir leis sin, breithneoidh an Coimisiún bearta go dearfach trínarb amhlaidh a dhéantar na caillteanais a chomhroinnt pari passu idir na hinfheisteoirí, agus nach bhfaigheann infheisteoirí príobháideacha ach dreasachtaí ar an taobh thuas. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh go cuí go mb’fhéidir, áfach, go gceanglófar comhroinnt caillteanas ar bhonn nach bonn pari passu é i bhfianaise teipeanna margaidh níos déine. I bprionsabal, dá ghaire an chomhroinnt riosca agus luaíochta do chleachtais tráchtála iarbhír, is ea is dóchúla go nglacfaidh an Coimisiún le leibhéal níos ísle de rannpháirtíocht phríobháideach.

    101.

    Ar an tríú dul síos, breithneoidh an Coimisiún leibhéal an struchtúir cistiúcháin ag a bhfuil an beart dírithe ar infheistíocht phríobháideach a ghiaráil. Ar leibhéal an chiste cistí, is féidir go mbeidh an cumas chun cistiú príobháideach a mhealladh ag brath ar úsáid níos fairsinge a bheith á baint as sásraí cosanta ar an taobh thíos. Os a choinne sin, de dheasca spleáchas iomarcach ar na sásraí sin, is féidir go saobhfar roghnú gnóthas incháilithe agus go dtiocfaidh torthaí neamhéifeachtúla as sin ina n-idiragraíonn infheisteoirí príobháideacha ar leibhéal na hinfheistíochta sna gnóthais agus ar bhonn gach idirbhirt.

    102.

    Le linn measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht dhearadh sonrach an bhirt, féadfaidh an Coimisiún a chur san áireamh tábhacht an riosca iarmharaigh arna choinneáil ag na hinfheisteoirí príobháideacha roghnaithe a bhaineann leis na caillteanais a bhfuil coinne leo agus nach bhfuil coinne leo agus a ghlacann an t-infheisteoir poiblí chuige féin, chomh maith leis an gcothromaíocht idir torthaí a bhfuil coinne leo idir an t-infheisteoir poiblí agus na hinfheisteoirí poiblí. Dá réir sin, d’fhéadfaí glacadh le próifíl riosca agus luaíochta éagsúil dá ndéanfaí an méid infheistíochta príobháidí a bharrfheabhsú leis sin, gan dochar a dhéanamh d’fhíorchineál brabúsdírithe na gcinntí infheistíochta.

    103.

    Ar an gceathrú dul síos, ní mór cineál beacht na ndreasachtaí a chinneadh trí phróiseas oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach chun idirghabhálaithe airgeadais, chomh maith le bainisteoirí ciste nó infheisteoirí, a roghnú. Ar an mbealach céanna, ba cheart a cheangal ar bhainisteoirí an chiste cistí a ghealladh go dleathach mar chuid dá sainordú infheistíochta go gcinnfidh siad, trí phróiseas iomaíoch le haghaidh roghnú idirghabhálaithe airgeadais incháilithe, bainisteoirí ciste nó infheisteoirí, na coinníollacha fabhracha lena bhféadfadh feidhm a bheith ar leibhéal na bhfochistí.

    104.

    Chun an gá atá leis na coinníollacha airgeadais sonracha atá mar bhonn taca faoi dhearadh an bhirt a chruthú, is féidir go gceanglófar ar na Ballstáit fianaise a sholáthar lena léirítear, sa phróiseas a bhaineann le hinfheisteoirí príobháideacha a roghnú, go raibh na rannpháirtithe uile sa phróiseas ag lorg coinníollacha nach gcumhdófar le Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, nó go raibh an tairiscint neamhchinntitheach.

    105.

    Ar an gcúigiú dul síos, féadfaidh an t-idirghabhálaí airgeadais nó an bainisteoir ciste comhinfheistiú i dteannta an Bhallstáit, fad atá téarmaí agus coinníollacha comhinfheistíochta den sórt sin de chineál a fhágann go n-eiseofar aon choinbhleacht fhéideartha leasa. Ní mór don idirghabhálaí airgeadais 10 % ar a laghad den chéad phíosa caillteanais a thógáil. Leis an gcomhinfheistíocht sin d’fhéadfaí rannchuidiú lena áirithiú go mbeidh cinntí infheistíochta ailínithe leis na spriocanna beartais ábhartha. Féadfaidh cumas an bhainisteora infheistíocht a sholáthar óna acmhainní dílse a bheith ar cheann de na critéir roghnúcháin.

    106.

    Ar an séú dul síos, le bearta um maoiniú riosca lena n-úsáidtear ionstraimí fiachais ní mór foráil a dhéanamh maidir le sásra lena n-áirithítear go ndéanfaidh an t-idirghabhálaí airgeadais an buntáiste a fhaigheann sé ón Stát a chur ar aghaidh chuig na gnóthais tairbhí deiridh, mar shampla i bhfoirm rátaí úis níos ísle, ceanglais comhthaobhachta laghdaithe nó teaglaim díobh araon. Féadfaidh an t-idirghabhálaí airgeadais an buntáiste a chur ar aghaidh freisin trí infheistiú i ngnóthais a bheadh, cé go bhféadfaidís a bheith inmharthana de réir chritéir rátála inmheánacha an idirghabhálaí airgeadais, in aicme riosca nach n-infheisteodh an t-idirghabhálaí inti in éagmais an bhirt um maoiniú riosca. Leis an sásra cur ar aghaidh ní mór socruithe faireacháin leordhóthanacha a áireamh, chomh maith le meicníocht aisghlámtha (53) nó sásra conarthach coibhéiseach.

    107.

    Ar deireadh, chun a áirithiú go ndéanfaidh idirghabhálaithe airgeadais ag a bhfuil baint sa bheart um maoiniú riosca na cuspóirí ábhartha a bhaint amach, ní mór straitéis infheistíochta an idirghabhálaí airgeadais a ailíniú le cuspóirí an bhirt. Mar chuid den phróiseas roghnúcháin, ní mór d’idirghabhálaithe airgeadais a léiriú conas a fhéadfaidh a straitéis infheistíochta bheartaithe a bheith ina rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí agus na spriocanna. Thairis sin, ní mór don Bhallstát a áirithiú go leanfaidh straitéis infheistíochta na n-idirghabhálaithe de bheith ailínithe gach tráth leis na spriocanna comhaontaithe, mar shampla trí shásraí faireacháin agus tuairisciúcháin iomchuí agus rannpháirtíocht ionadaithe ó na hinfheisteoirí poiblí i gcomhlachtaí ionadaíochta an idirghabhálaí airgeadais, amhail an bord maoirseachta nó an bord comhairleach. Le struchtúr rialachais iomchuí ní mór a áirithiú go gceanglófar toiliú a fháil roimh ré ón mBallstát chun athruithe ábhartha a dhéanamh ar an straitéis infheistíochta. Chun amhras a sheachaint, ní féadfaidh an Ballstát a bheith rannpháirteach go díreach i gcinntí aonair maidir le hinfheistiú agus dífheistiú.

    108.

    Is féidir leis na Ballstáit réimse ionstraimí airgeadais a chur in úsáid mar chuid den bheart um maoiniú riosca, amhail ionstraimí infheistíochta cothromais agus cuasachothromais, ionstraimí iasachta nó ráthaíochtaí ar bhonn nach bonn pari passu é. Le míreanna 109 go 121 leagtar amach na heilimintí a chuirfidh an Coimisiún san áireamh ina mheasúnú ar na hionstraimí airgeadais sonracha sin.

    (a)   Infheistíochtaí cothromais

    109.

    Féadfaidh ionstraimí infheistíochta cothromais a bheith i bhfoirm infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais i ngnóthas, trína gceannaíonn an t-infheisteoir úinéireacht (nó cuid di) an ghnóthais sin. (54)

    110.

    Is féidir go mbeidh gnéithe neamhshiméadracha éagsúla in ionstraimí cothromais, lena soláthraítear ionramháil dhifreáilte ar infheisteoirí ós rud é go mb’fhéidir go mbeidh cuid díobh níos rannpháirtí sna rioscaí agus sna luaíochtaí ná cuid eile. Chun rioscaí infheisteoirí príobháideacha a mhaolú, is féidir go dtairgfear leis an mbeart cosaint ar an taobh thuas (agus cuid den toradh á tarscaoileadh ag an infheisteoir poiblí) nó cosaint in aghaidh cuid de na caillteanais (lena dteorannaítear na caillteanais ar an infheisteoir príobháideach), nó teaglaim díobh araon.

    111.

    Measann an Coimisiún go gcruthaítear ailíniú níos fearr ar leasanna idir infheisteoirí poiblí agus príobháideacha le dreasachtaí ar an taobh thuas. Os a choinne sin, de dheasca cosaint ar an taobh thíos trína bhféadfaidh an t-infheisteoir poiblí a bheith neamhchosanta ar riosca na drochfheidhmíochta féadfaidh mí-ailíniú leasanna agus roghnú díobhálach ó idirghabhálaithe airgeadais nó infheisteoirí teacht as sin.

    112.

    Measann an Coimisiún go dtairgtear dreasachtaí maithe le hionstraimí cothromais lena mbaineann toradh caidhpeáilte (55), céadrogha ar cheannach (56) agus scoilt airgid ioncaim neamhshiméadrach (57), go háirithe i staideanna arb é atá i gceist leo teip mhargaidh nach bhfuil chomh dian céanna.

    113.

    Ionstraimí cothromais ag a bhfuil saintréithe comhroinnte nach de chineál pari passu iad agus a théann thar na teorainneacha a leagtar amach i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, ní fhéadfar údar a thabhairt leo sin ach le haghaidh bearta lena dtugtar aghaidh ar dhianteipeanna margaidh, mar shampla in earnálacha ardteicniúla, nó bacainní ábhartha eile a shainaithnítear sa mheasúnú ex ante, amhail bearta atá spriocdhírithe den chuid is mó ar ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna roimh a gcéad díolachán tráchtála nó ag céim an chruthúnais coincheapa. Chun cosaint fhairsing riosca ar an taobh thíos a chosc, ní mór an chéad phíosa caillteanais arna sheasamh ag an infheisteoir poiblí a chaidhpeáil.

    (b)   Ionstraimí fiachais cistithe: iasachtaí

    114.

    Le beart um maoiniú riosca is féidir go gcumhdófar soláthar iasachtaí ar leibhéal na n-idirghabhálaithe airgeadais nó na dtairbhithe deiridh.

    115.

    Féadfaidh ionstraimí fiachais cistithe a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear fo-iasachtaí agus iasachtaí comhroinnte riosca punainne. Féadfar fo-iasachtaí a dheonú d’idirghabhálaithe airgeadais chun a struchtúr caipitil a neartú, d’fhonn maoiniú breise a sholáthar do ghnóthais incháilithe. Deartar iasachtaí comhroinnte punainne chun iasachtaí a sholáthar d’idirghabhálaithe airgeadais a gheallann punann iasachtaí nó léasanna nua le haghaidh gnóthais incháilithe a chómhaoiniú suas le ráta cómhaoiniúcháin áirithe i dteannta chomhroinnt riosca na punainne ar bhonn gach iasachta (nó gach léasa). Sa dá chás, gníomhaíonn an t-idirghabhálaí airgeadais mar chomhinfheisteoir sna gnóthais incháilithe ach tá cóir fhabhrach aige i gcomparáid leis an infheisteoir poiblí nó leis an iasachtóir ós rud é go maolaíonn an ionstraim a neamhchosaint dhílis ar rioscaí creidmheasa a thagann ón bpunann iasachta fholuiteach.

    116.

    Go ginearálta, i gcás inarb é a thagann as saintréithe maolúcháin riosca na hionstraime go nglacann an t-infheisteoir poiblí nó an t-iasachtóir, i leith na punainne iasachta foluití, suíomh céadchaillteanais chuige a sháraíonn an chaidhp a leagtar amach le Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, ní fhéadfar údar a thabhairt leis an mbeart ach i gcás bearta atá spriocdhírithe go heisiach ar ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna roimh a gcéad díolachán tráchtála nó ag céim an chruthúnais coincheapa nó i gcás dianteip mhargaidh nó bacainn ábhartha eile nach mór a shainaithint go soiléir sa mheasúnú ex ante. Breithneoidh an Coimisiún ar bhealach dearfach bearta lena ndéantar foráil maidir le caidhp shainráite ar na chéad chaillteanais a ghlacann an t-infheisteoir poiblí chuige, go háirithe i gcás nach mó caidhp den sórt sin ná 35 %.

    117.

    Le hionstraimí maidir le hiasacht comhroinnte riosca punainne ba cheart ráta comhinfheistíochta substaintiúil a áirithiú ón idirghabhálaí airgeadais roghnaithe. Glactar leis gurb amhlaidh atá an cás má tá an ráta sin níos ísle ná 30 % de luach na punainne iasachta foluití.

    (c)   Ionstraimí fiachais neamhchistithe: ráthaíochtaí

    118.

    Le beart um maoiniú riosca féadfar soláthar ráthaíochtaí nó frithráthaíochtaí le haghaidh na n-idirghabhálaithe airgeadais, nó ráthaíochtaí le haghaidh na dtairbhithe deiridh, nó teaglaim díobh araon a chumhdach. Ní mór idirbhearta incháilithe a chumhdaítear leis an ráthaíocht a bheith ina n-idirbhearta iasachta incháilithe nuathionscanta um maoiniú riosca, lena n-áirítear ionstraimí léasa, chomh maith le hionstraimí infheistíochta cuasachothromais, seachas ionstraimí cothromais.

    119.

    Ba cheart ráthaíochtaí a sholáthar ar bhonn punainne. Féadfaidh idirghabhálaithe airgeadais na hidirbhearta is mian leo a áireamh sa phunann a chumhdaítear leis an ráthaíocht a roghnú, fad a chomhlíonann na hidirbhearta a áirítear na critéir incháilitheachta a shainítear leis an mbeart um maoiniú riosca. Ba cheart ráthaíochtaí a thairiscint ag ráta lena n-áirithítear leibhéal iomchuí comhroinnte riosca agus luaíochta leis na hidirghabhálaithe airgeadais. Go háirithe, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus faoi réir thorthaí an mheasúnaithe ex ante, féadfaidh an ráta ráthaíochta a bheith níos airde ná an t-uasráta dá bhforáiltear in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, ach níor cheart é a bheith níos airde ná 90 %. D’fhéadfadh an méid sin a bheith amhlaidh le haghaidh ráthaíochtaí ar iasachtaí nó infheistíochtaí cuasachothromais i ngnólachtaí nuathionscanta nó in FBManna roimh a gcéad díolachán tráchtála nó ag gcéim an chruthúnais coincheapa.

    120.

    I gcás ráthaíochtaí caidhpeáilte, níor cheart a chumhdach leis an ráta caidhpe, i bprionsabal, ach na caillteanais a bhfuil coinne leo. I gcás ina gcumhdófaí leis freisin na caillteanais nach bhfuil coinne leo, ba cheart an méid is deireanaí a luaitear a phraghsáil ag leibhéal lena léirítear an cumhdach riosca breise. Go ginearálta, níor cheart an ráta caidhpe a bheith níos airde ná 35 %. Ráthaíochtaí neamhchaidhpeáilte (ráthaíochtaí ag a bhfuil ráta ráthaíochta, ach nach bhfuil ráta caidhpe acu), féadfar iad a sholáthar i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a phraghsáil ar bhealach lena léirítear an cumhdach riosca breise a sholáthraítear leis an ráthaíocht.

    121.

    Ba cheart fad na ráthaíochta a bheith teoranta ó thaobh ama, suas le 10 mbliana ar a mhéad de ghnáth, gan dochar d’aibíocht ionstraimí fiachais aonair a chumhdaítear leis an ráthaíocht, rud a fhéadfaidh a bheith níos faide. Ní mór an ráthaíocht a laghdú mura n-áiríonn an t-idirghabhálaí airgeadais íosmhéid infheistíochta sa phunann le linn tréimhse shonrach. Ní mór táillí gealltanais a cheangal le haghaidh méideanna neamhúsáidte. Is féidir leas a bhaint as modhanna amhail úsáid táillí gealltanais, teagmhas truiceartha nó garspriocanna chun na hidirghabhálaithe a dhreasú chun na méideanna comhaontaithe a bhaint amach.

    3.2.3.3.   Coinníollacha chun oiriúnacht dreasachtaí fioscacha a chinneadh

    122.

    Mar a thugtar le fios i Roinn 3.2.2.2, pointe (d), tá Roinn 3 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine teoranta do dhreasachtaí fioscacha atá spriocdhírithe ar infheisteoirí ar daoine nádúrtha iad. Dá bhrí sin, bearta lena n-úsáidtear dreasachtaí fioscacha chun infheisteoirí corparáide a spreagadh chun maoiniú a sholáthar do ghnóthais incháilithe, go díreach nó go hindíreach trí éadáil scaireanna i gciste tiomnaithe nó cineálacha eile meán infheistíochta a infheistíonn sna gnóthais sin, tá siad faoi réir fógra chuig an gCoimisiún.

    123.

    Mar riail ghinearálta, ní mór do na Ballstáit a mbearta cabhrach fioscaí a bhunú ar thorthaí teipe margaidh nó bacainne ábhartha eile sa mheasúnú ex ante, agus dá bhrí sin a n-ionstraim a spriocdhíriú ar chatagóir dhea-shainithe de ghnóthais incháilithe.

    124.

    Féadfaidh dreasachtaí fioscacha le haghaidh infheisteoirí corparáide a bheith i bhfoirm faoiseamh cánach ioncaim agus/nó faoiseamh cánach ar ghnóthachain chaipitiúla agus díbhinní, lena n-áirítear creidmheasanna cánach agus iarchur. Ina chleachtas cáis, mheas an Coimisiún go ginearálta gurb iomchuí faoisimh cánach ioncaim ina bhfuil teorainneacha sonracha le céatadán an mhéid infheistithe ar féidir leis an infheisteoir é a éileamh chun críocha an fhaoisimh cánach, agus le méid an fhaoisimh cánach chomh maith leis sin, rud is féidir a asbhaint ó dhliteanais chánach an infheisteora. Thairis sin, is féidir dliteanas cánach gnóthachan caipitiúil ar dhiúscairt scaireanna a iarchur má athinfheistítear é in infheistíochtaí incháilithe laistigh de thréimhse áirithe, cé gur féidir caillteanais a eascraíonn ar dhiúscairt na scaireanna sin a asbhaint ó bhrabúis a fhabhraíonn ó scaireanna eile faoi réir na cánach céanna.

    125.

    Go ginearálta, measann an Coimisiún gurb iomchuí dreasachtaí fioscacha le haghaidh infheisteoirí corparáide más féidir leis na Ballstáit fianaise a sholáthar lena léirítear go bhfuil roghnú na ngnóthas incháilithe bunaithe ar shraith dhea-struchtúrtha ceanglas infheistíochta, arna cur ar fáil don phobal trí phoiblíocht iomchuí, agus lena leagtar amach saintréithe na ngnóthas incháilithe atá faoi réir teip mhargaidh nó bacainn ábhartha eile.

    126.

    Gan dochar don fhéidearthacht a bhaineann le beart a fhadú, ní mór uastréimhse 10 mbliana a bheith i gceist le scéimeanna fioscacha. Má mholann an Ballstát síneadh a chur leis an mbeart chuig fad iomlán is faide ná 10 mbliana (lena n-áirítear scéimeanna réamhtheachtaí, más ann dóibh), ní mór dó measúnú ex ante nua a dhéanamh, i dteannta meastóireacht ar éifeachtacht na scéime le linn thréimhse iomlán a cur chun feidhme.

    127.

    Ina anailís, cuirfidh an Coimisiún san áireamh saintréithe sonracha an chórais fhioscaigh náisiúnta ábhartha agus na dreasachtaí fioscacha arb ann dóibh cheana sa Bhallstát, chomh maith leis an idirghníomhú idir na dreasachtaí sin.

    128.

    Ní mór an buntáiste fioscach a bheith oscailte do na hinfheisteoirí uile a chomhlíonann na critéir is infheidhme, gan idirdhealú i dtaca lena n-áit bhunaíochta. Ba cheart do na Ballstáit dá bhrí sin poiblíocht leordhóthanach a áirithiú maidir le raon feidhme agus paraiméadair theicniúla an bhirt. Ba cheart dóibh na tairseacha agus na caidhpeanna ábhartha a áireamh lena gcinntear an buntáiste uasta a fhéadfaidh gach infheisteoir aonair a tharraingt ón mbeart, chomh maith le méid na hinfheistíochta uasta is féidir a dhéanamh i ngnóthais incháilithe aonair.

    3.2.3.4.   Coinníollacha le haghaidh bearta lena dtacaítear le hardáin trádála mhalartacha

    129.

    A mhéid a bhaineann le bearta lena dtacaítear le hardáin trádála mhalartacha lastall de na teorainneacha a leagtar amach i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, ní mór d’oibreoir an ardáin plean gnó a sholáthar lena léirítear gur féidir leis an ardán cuidithe teacht chun bheith féinchothaithe i dtréimhse is gairide ná 10 mbliana. Thairis sin, ní mór cásanna frithfhíorasacha inchreidte a sholáthar san fhógra, agus comparáid á déanamh idir na staideanna a bheadh roimh na gnóthais intrádála murach ann don ardán, ó thaobh rochtain ar an maoiniú is gá.

    130.

    Breathnóidh an Coimisiún go fabhrach ar ardáin trádála mhalartacha arna gcur ar bun ag roinnt Ballstát agus arna n-oibriú iontu, toisc go mb’fhéidir go mbeidh siad éifeachtúil agus tarraingteach go háirithe le haghaidh infheisteoirí príobháideacha, go háirithe infheisteoirí institiúideacha.

    131.

    Le haghaidh ardáin atá ann cheana, ní mór a léiriú leis an straitéis gnó bheartaithe gurb amhlaidh, de dheasca ganntanas marthanach liostuithe, agus dá bhrí sin ganntanas leachtacha, is gá tacú leis an ardán lena mbaineann sa ghearrthéarma, d’ainneoin a inmharthanachta fadtéarmaí. Breithneoidh an Coimisiún ar bhealach dearfach ar chabhair chun ardán trádála malartach a chur ar bun sna Ballstáit nach ann d’aon ardán den sórt sin iontu. I gcás ina mbeidh an t-ardán trádála malartach a bhfuil tacaíocht le tabhairt dó ina fho-ardán nó ina fhochuideachta de stocmhalartán atá ann cheana, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar an measúnú maidir leis an easpa maoiniúcháin a bheadh roimh fho-ardán den sórt sin.

    3.2.4.   Comhréireacht na cabhrach

    132.

    Ní mór Státchabhair a bheith comhréireach leis an teip mhargaidh nó leis an mbacainn ábhartha eile ar a mbeartaítear aghaidh a thabhairt léi chun na cuspóirí beartais ábhartha a bhaint amach. Ní mór í a bheith deartha ar bhealach costéifeachtúil, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais. Dá bhrí sin, chun go bhféadfar a mheas go bhfuil aon bheart cabhrach um maoiniú riosca comhréireach, ní mór an chabhair a bheith teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun cistiú a mhealladh ón margadh chun an teip mhargaidh nó an bhacainn ábhartha eile a shárú, gan buntáistí míchuí a ghiniúint.

    133.

    Mar riail ghinearálta, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh, meastar go bhfuil cabhair um maoiniú riosca comhréireach mura mó an infheistíocht um maoiniú riosca in aghaidh an tairbhí incháilithe ná an chaidhp a shocraítear in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine agus má chomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo. Le haghaidh bearta um maoiniú riosca ina sáraíonn an infheistíocht um maoiniú riosca in aghaidh an tairbhí incháilithe an chaidhp a shocraítear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, ní mór an infheistíocht níos airde um maoiniú riosca in aghaidh an tairbhí a bheith, thairis sin, i gcomhréir le méid na bearna cistiúcháin a chainníochtaítear sa mheasúnú ex ante (féach mír 64).

    134.

    Ar leibhéal na n-infheisteoirí, ní mór cabhair a bheith teoranta don íosmhéid is gá chun caipiteal príobháideach a mhealladh chun an ghiaráil íosta ar acmhainní príobháideacha a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar an teip mhargaidh nó ar bhacainn ábhartha eile.

    3.2.4.1.   Coinníollacha le haghaidh ionstraimí airgeadais

    135.

    Ní mór d’idirghabhálaithe airgeadais na tairbhithe deiridh incháilithe a roghnú ar bhonn straitéis infheistíochta atá fónta ó thaobh na tráchtála (féach mír 70) agus plean gnó inmharthana lena dtugtar údar leis an méid maoiniúcháin riosca atá le soláthar. Cosnaítear na heilimintí sin a thuilleadh chun a áirithiú go mbeidh gá leis an gcabhair agus go mbeidh sí comhréireach.

    136.

    Leis an mbeart ní mór cothromaíocht a áirithiú idir na coinníollacha fabhracha a thairgtear le hionstraim airgeadais chun giaráil acmhainní príobháideacha a uasmhéadú agus aghaidh á tabhairt san am céanna ar an teip mhargaidh shainaitheanta nó ar bhacainn ábhartha eile agus ar an ngá atá ann go nginfí torthaí airgeadais leordhóthanacha leis an ionstraim chun leanúint de bheith inmharthana go hoibríochtúil.

    137.

    Ní mór cineál agus luach beacht na ndreasachtaí a chinneadh trí phróiseas roghnúcháin oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar sa chomhthéacs sin a ghlaoitear ar idirghabhálaithe airgeadais, agus ar bhainisteoirí ciste nó infheisteoirí, tairiscintí iomaíocha a chur i láthair.

    Ráta toraidh cothrom

    138.

    Measann an Coimisiún, i gcás ina mbunófar aon toradh riosca-choigeartaithe neamhshiméadrach nó comhroinnt trí phróiseas den sórt sin, go bhfuil an ionstraim airgeadais le háireamh mar bheith comhréireach agus mar ní lena léirítear ráta toraidh cothrom. I gcás ina roghnófar na bainisteoirí ciste trí phróiseas oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach lena gceanglaítear ar na hiarratasóirí a mbonn infheisteora a chur i láthair mar chuid den phróiseas roghnúcháin, meastar go roghnaítear na hinfheisteoirí príobháideacha go cuí.

    139.

    I gcás comhinfheistíochta ó chiste príobháideach agus infheisteoirí príobháideacha rannpháirteach ann ar bhonn gach idirbhirt, ba cheart na daoine is deireanaí a luaitear a roghnú trí phróiseas iomaíoch ar leithligh i leith gach idirbhirt, arb é sin an rogha bhealaigh chun an ráta toraidh cothrom a bhunú.

    140.

    I gcás nach roghnófar infheisteoirí príobháideacha trí phróiseas roghnúcháin cuí (mar shampla toisc gur cruthaíodh go raibh an nós imeachta roghnúcháin neamhéifeachtach nó neamhchinntitheach) ní mór do shaineolaí neamhspleách an ráta toraidh cothrom a bhunú ar bhonn anailís ar thagarmharcanna margaidh agus riosca margaidh ar bhonn modheolaíocht chaighdeánach a bhfuil glactha léi go ginearálta amhail modh luachála an tsreabhaidh airgid lascainithe chun róchúiteamh infheisteoirí a sheachaint. Ar an mbonn sin, ní mór don saineolaí neamhspleách íosleibhéal ráta toraidh chothroim a ríomh agus corrlach iomchuí a chur leis sin chun na rioscaí a léiriú.

    141.

    Sna staideanna ar a dtugtar tuairisc i mír 140, ní mór rialacha iomchuí a bheith i bhfeidhm le haghaidh cheapachán an tsaineolaí neamhspleách. Ar a laghad, ní mór don saineolaí a bheith ceadúnaithe chun an chomhairle sin a sholáthar, a bheith cláraithe leis na comhlachais ghairmiúla ábhartha, na rialacha dualeolaíochta agus gairmiúla arna n-eisiúint ag na comhlachais sin a chomhlíonadh, a bheith neamhspleách agus a bheith faoi dhliteanas i leith chruinneas a shaineolais. I prionsabal, tá saineolaithe neamhspleácha le roghnú trí phróiseas roghnúcháin oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Ní fhéadfaidh an t-údarás deonúcháin cabhrach céanna seirbhísí an tsaineolaí neamhspleách chéanna a úsáid faoi dhó laistigh de thréimhse 3 bliana chun an ráta toraidh cothrom a chinneadh i gcomhthéacs beart cabhrach um maoiniú riosca.

    142.

    I bhfianaise a bhfuil thuas, i ndearadh an bhirt féadfar infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha éagsúla ar de chineál comhroinnte brabúis neamhshiméadraí iad nó atá uainithe go neamhshiméadrach a áireamh, fad atá na torthaí riosca-choigeartaithe a bhfuil coinne leo le haghaidh na n-infheisteoirí príobháideacha teoranta don ráta toraidh cothrom.

    Roghnú agus íoc na n-idirghabhálaithe airgeadais nó a mbainisteoirí

    143.

    Mar phrionsabail ginearálta, measann an Coimisiún gur féidir an chabhair a íoslaghdú le hailíniú eacnamaíoch ar leasanna idir an Ballstát agus na hidirghabhálaithe airgeadais nó a mbainisteoirí, de réir mar is iomchuí. Ní mór na leasanna a bheith ailínithe a mhéid a bhaineann le baint amach na spriocanna beartais sonracha agus feidhmíocht airgeadais na hinfheistíochta poiblí san ionstraim araon.

    144.

    Féadfaidh an t-idirghabhálaí airgeadais nó an bainisteoir ciste comhinfheistiú i dteannta an Bhallstáit, fad atá téarmaí agus coinníollacha comhinfheistíochta den sórt sin den chineál a fhágann go n-eisiafar aon choinbhleacht leasa fhéideartha. Leis an gcomhinfheistíocht sin, d’fhéadfaí an bainisteoir a dhreasú chun a chinntí infheistíochta a ailíniú leis na spriocanna beartais socraithe. Féadfaidh cumas an bhainisteora ciste infheistíocht a sholáthar óna acmhainní dílse a bheith ar cheann de na critéir roghnúcháin.

    145.

    Le luach saothair na n-idirghabhálaithe airgeadais nó na mbainisteoirí ciste, ag brath ar an gcineál birt um maoiniú riosca, ní mór táille bhainistíochta bhliantúil a áireamh, chomh maith le dreasachtaí feidhmíochtbhunaithe, amhail ús iompartha.

    146.

    Ní mór an chomhchuid fheidhmíochtbhunaithe den luach saothair a bheith suntasach agus deartha chun cúiteamh a thabhairt ar an bhfeidhmíocht airgeadais, agus ar bhaint amach na spriocanna beartais sonracha arna sonrú roimh ré chomh maith leis sin. Ní mór dreasachtaí beartais a chomhardú leis na dreasachtaí feidhmíochta airgeadais a cheanglaítear chun roghnú éifeachtúil gnóthas incháilithe a áirithiú ina ndéanfar infheistíochtaí. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh pionóis fhéideartha dá bhforáiltear sa chomhaontú cistiúcháin idir an Ballstát agus an t-idirghabhálaí airgeadais, ag a bhfuil feidhm mura gcomhlíontar na spriocanna beartais sainithe.

    147.

    Leibhéal an luach saothair fheidhmíochtbhunaithe, ba cheart údar a thabhairt leis bunaithe ar an gcleachtas margaidh ábhartha. Ní mór na bainisteoirí a íoc ní hamháin as an eisíocaíocht rathúil agus an méid caipitil phríobháidigh a cruinníodh, ach freisin as na torthaí rathúla ar infheistíocht, amhail fáltais ioncaim agus fáltais chaipitil os cionn ráta toraidh íosta áirithe nó íosráta toraidh.

    148.

    Níor cheart na táillí bainistíochta iomlána a bheith níos airde ná na costais oibríochtúla agus bhainistíochta is gá chun an ionstraim airgeadais lena mbaineann a fhorghníomhú, móide brabús réasúnta, i gcomhréir le cleachtas margaidh. Níor cheart costais infheistíochta a áireamh sna táillí.

    149.

    Ós rud é gur gá idirghabhálaithe airgeadais nó a mbainisteoirí, de réir mar is iomchuí, a roghnú trí phróiseas oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, is féidir meastóireacht a dhéanamh ar an struchtúr táillí foriomlán mar chuid de scóráil an phróisis roghnúcháin sin agus is féidir an luach saothair uasta a bhunú de thoradh an roghnúcháin sin.

    150.

    I gcás ina ndéanfar eintiteas iontaoibhe a cheapadh go díreach, measann an Coimisiún gur cheart cleachtas margaidh inchomparáide a léiriú i gcónaí leis an táille bhainistíochta bhliantúil agus i bprionsabal nár cheart í a bheith níos airde ná 3 % den chaipiteal atá le rannchuidiú leis an eintiteas sin, seachas na dreasachtaí feidhmíochtbhunaithe.

    3.2.4.2.   Coinníollacha le haghaidh dreasachtaí fioscacha

    151.

    Níor cheart an infheistíocht iomlán le haghaidh gach gnóthais tairbhí a bheith níos mó na an t-uasmhéid a shocraítear le hAirteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine ach amháin más féidir údar a thabhairt le méid níos airde ar bhonn na teipe margaidh a shainaithnítear sa mheasúnú ex ante agus má tá ionstraim fhioscach ar an uirlis is iomchuí (féach Roinn 3.2.3.3).

    152.

    Gan beann ar an gcineál faoisimh cánach, ní mór scaireanna incháilithe a bheith ina ngnáthscaireanna lánriosca, arna nua-eisiúint ag gnóthas incháilithe mar a shainmhínítear sa mheasúnú ex ante, agus ní mór iad a shealbhú ar feadh 3 bliana ar a laghad. Ní féidir an faoiseamh a bheith ar fáil ach d’infheisteoirí atá neamhspleách ar an gcuideachta a n-infheistítear inti.

    153.

    I gcás faoiseamh ó cháin ioncaim, féadfaidh infheisteoirí a sholáthraíonn maoiniú do ghnóthais incháilithe faoiseamh a fháil suas le céatadán réasúnta den mhéid a infheistítear, ar choinníoll nach sáraítear uasdliteanas cánach ioncaim an infheisteora, arna bhunú roimh an mbeart fioscach. Measann an Coimisiún gur réasúnta an faoiseamh cánach a chaidhpeáil ag 30 % den mhéid a infheistítear. Féadfar caillteanais arna n-eascairt as diúscairt scaireanna a fhritháireamh in aghaidh cáin ioncaim.

    154.

    I gcás faoiseamh cánach ar dhíbhinní, féadfaidh aon díbhinn arna fáil i leith scaireanna cáilitheacha a bheith díolmhaithe go hiomlán ó cháin ioncaim.

    155.

    Mar an gcéanna, i gcás faoiseamh cánach ar ghnóthachain chaipitil, féadfaidh aon bhrabús ar dhíolachán scaireanna cáilitheacha a bheith díolmhaithe go hiomlán ó cháin gnóthachan caipitiúil. Thairis sin, féadfar dliteanas cánach gnóthachan caipitiúil ar dhiúscairt scaireanna cáilitheacha a iarchur má infheistítear i scaireanna cáilitheacha laistigh de 1 bhliain amháin é.

    3.2.4.3.   Coinníollacha le haghaidh ardáin trádála mhalartacha

    156.

    Chun go bhféadfar anailís chuí a dhéanamh ar chomhréireacht na cabhrach le haghaidh oibreoir ardáin trádála mhalartaigh, is féidir Státchabhair a dheonú chun suas le 50 % de na costais infheistíochta arna dtabhú le haghaidh bunú ardáin den sórt sin a chumhdach.

    157.

    I gcás dreasachtaí fioscacha le haghaidh infheisteoirí corparáide, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhréireacht an bhirt in aghaidh na gcoinníollacha a leagtar amach le haghaidh dreasachtaí fioscacha i Roinn 3.2.4.2.

    3.2.4.4.   Carnadh

    158.

    Féadfaidh cabhair um maoiniú riosca a charnadh le haon bheart Státchabhrach eile lena mbaineann costais incháilithe in-sainaitheanta.

    159.

    Féadfaidh cabhair um maoiniú riosca a bheith carntha le bearta Státchabhrach eile gan costais incháilithe in-sainaitheanta, nó le cabhair de minimis, suas leis an uasteorainn maoiniúcháin iomlán ábhartha is airde in imthosca sonracha gach cáis le rialachán blocdhíolúine nó cinneadh a ghlacann an Coimisiún.

    160.

    Ní Státchabhair é cistiú de chuid an Aontais arna bhainistiú go lárnach ag institiúidí, gníomhaireachtaí, comhghnóthais nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais nach bhfuil faoi smacht go díreach nó go hindíreach ag na Ballstáit I gcás ina ndéanfar an cistiú sin ón Aontas a chomhcheangal le Státchabhair, níor cheart an méid iomlán cistiúcháin phoiblí a dheonaítear i ndáil leis an infheistíocht chéanna a bheith níos airde ná an ráta cistiúcháin is fabhraí a leagtar síos i rialacha is infheidhme dhlí an Aontais.

    3.2.5.   Éifeachtaí diúltacha míchuí na cabhrach um maoiniú riosca ar iomaíocht agus trádáil a sheachaint

    161.

    Chun go mbeidh an chabhair comhoiriúnach, éifeachtaí diúltacha an bhirt cabhrach ó thaobh saobhadh iomaíochta agus an tionchair ar thrádáil idir na Ballstáit ní mór iad a bheith teoranta agus níor cheart iad a bheith níos iomadúla ná éifeachtaí dearfacha na cabhrach go feadh méid a bheadh contrártha don leas coiteann.

    3.2.5.1.   Éifeachtaí dearfacha atá le cur san áireamh

    162.

    Mar a mhínítear i Roinn 1, leanann gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna de ról ríthábhachtach a imirt i ngeilleagair na mBallstát, ó thaobh cruthú post agus fuinneamh agus fás eacnamaíoch a spreagadh araon. Fostaíonn FBManna thart ar 100 milliún duine san Aontas agus seasann siad do níos mó ná leath de OTI an Aontais. Tá siad fíor-riachtanach freisin le haghaidh iomaíochas agus rathúnas an Aontais, cheannasacht eacnamaíoch agus theicneolaíoch an Aontais, agus a athléimneachta i leith suaití seachtracha. Mar sin féin, chun bheith in ann a ról a chomhlíonadh, agus chun na héifeachtaí dearfacha sin a sholáthar, tá gá ag FBManna le maoiniú. Dá bhrí sin, tá margadh éifeachtúil um maoiniú riosca le haghaidh FBManna ríthábhachtach chun go bhféadfaidh cuideachtaí fiontraíochta an cistiú is gá a rochtain ag gach céim dá bhforbairt. I gcás inarb ann do theip mhargaidh nó bacainn ábhartha eile roimh oibriú éifeachtúil an mhaoinithe sin, is féidir go mbeidh gá le cabhair um maoiniú riosca chun feabhas a chur ar sholáthar maoiniúcháin riosca do FBManna inmharthana óna luathfhorbairt suas go dtí a gcéimeanna fáis (agus in imthosca áirithe, do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus cuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha) ionas go bhforbrófar margadh iomaíoch um maoiniú riosca san fhadtéarma. Ina fhianaise sin, is é an phríomhéifeacht dhearfach a fhéachtar lena cur i gcrích le cabhair um maoiniú riosca feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú le haghaidh na ngnóthas lena mbaineann.

    163.

    Ina theannta sin, agus measúnú á dhéanamh ar éifeachtaí dearfacha cabhrach um maoiniú riosca atá le meá in aghaidh a héifeachtaí diúltacha ar iomaíocht agus trádáil, féadfaidh an Coimisiún a chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha, na himthosca ina dtairgtear éifeachtaí dearfacha eile leis an gcabhair, i dteannta a rannchuidithe le soláthar maoiniúcháin riosca. Féadfaidh an méid sin a bheith amhlaidh i gcás ina suífear, i dteannta é a chur ar a chumas do chuideachtaí fás nó gníomhaíochtaí nua a fhorbairt, agus fás eacnamaíoch a ghiniúint, go rannchuidíonn an infheistíocht um maoiniú riosca go substaintiúil go háirithe leis an aistriú digiteach nó leis an aistriú i dtreo gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ísealcharbóin, aeráidneodracha nó aeráid-díonacha, le slabhraí luacha athléimneacha, nó le forbairt limistéar fóirithinte. Sa mheasúnú ar na héifeachtaí dearfacha atá le cur san áireamh, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith, i gcás inarb infheidhme, ar na critéir le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, lena n-áirítear an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, nó modheolaíochtaí inchomparáide eile. (58)

    164.

    Chun a cheadú don Choimisiún measúnú cuí a dhéanamh ar na héifeachtaí dearfacha a bhfuil coinne leo ón gcabhair ó thaobh fhorbairt na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, ba cheart don Bhallstát cuspóir soiléir agus sonrach (nó sraith cuspóirí) a leagan amach lena dtugtar aghaidh ar an teip mhargaidh nó ar bhacainn ábhartha eile a shainaithnítear leis an measúnú ex ante. Ba cheart méid agus fad an bhirt a bheith leordhóthanach le haghaidh na gcuspóirí sin. Thairis sin, ní mór don Bhallstát táscairí feidhmíochta ábhartha a shainiú freisin, bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe ex ante, chun a cheadú don Choimisiún na héifeachtaí a bhfuil coinne leo ón gcabhair a thomhas maidir leis na cuspóirí a shaothraítear. Leis na táscairí feidhmíochta féadfar an méid seo a leanas a áireamh:

    (a)

    an infheistíocht phríobháideach a cheanglaítear nó a bheartaítear;

    (b)

    an líon tairbhithe deiridh a bhfuil coinne leis go n-infheisteofar iontu, lena n-áirítear an líon gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna nua;

    (c)

    an líon measta gnóthas nua atá le cruthú le linn chur chun feidhme an bhirt um maoiniú riosca agus de thoradh na n-infheistíochtaí um maoiniú riosca;

    (d)

    an líon post atá le cruthú sna gnóthais tairbhí deiridh idir dáta na chéad infheistíochta um maoiniú riosca faoin mbeart um maoiniú riosca agus an scor;

    (e)

    i gcás inarb iomchuí, an cion d’infheistíochtaí atá le cur i gcomhréir le tástáil oibreora an gheilleagair margaidh;

    (f)

    garspriocanna agus sprioc-amanna ar laistigh díobh atá méideanna réamhshainithe áirithe nó céatadán den bhuiséad le hinfheistiú;

    (g)

    torthaí nó fáltas a bhfuil coinne leis go nginfear iad nó é ó na hinfheistíochtaí;

    (h)

    i gcás inarb iomchuí, iarratais ar phaitinní atá le déanamh ag na tairbhithe deiridh, le linn chur chun feidhme an bhirt um maoiniú riosca;

    (i)

    i gcás inarb iomchuí, athléimneacht slabhraí soláthair criticiúla a neartú (e.g. earnálacha sláinte, leictreonaice, aeraspáis, dé-úsáide agus cosanta), agus forbairt theicneolaíoch a chur chun cinn.

    165.

    Tá na táscairí dá dtagraítear i mír 164 ábhartha chun a léiriú go bhfuil coinne leis go soláthrófar leis an gcabhair um maoiniú riosca na héifeachtaí dearfacha i gcomhréir leis na cuspóirí a leagadh síos. Go háirithe, leis na táscairí is féidir measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an bhirt agus bhailíocht na straitéisí infheistíochta arna dtarraingt suas ag an idirghabhálaí airgeadais i gcomhthéacs an phróisis roghnúcháin.

    166.

    I gcás ina n-úsáidfear beart um maoiniú riosca, go páirteach nó go hiomlán, chun tacú le gnóthais ar tugadh aitheantas nó duais dóibh le déanaí le haghaidh nuálaíochta i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i ngníomhaíochtaí CASSINI nó ar dhámh CNE marc cáilíochta Séala Barr Feabhais orthu, nó chun comhinfheistiú le Ciste CNE nó chun infheistíocht iarmhartach a sholáthar i leith an Chláir Luasaire (59), féadfaidh an Coimisiún glacadh leis go n-úsáideann an Ballstát na hEochairtháscairí Feidhmíochta céanna le CASSINI nó CNE faoi seach.

    3.2.5.2.   Éifeachtaí diúltacha atá le cur san áireamh

    167.

    Ní mór an beart Státchabhrach a bheith deartha ar bhealach go dteorannaítear saobhadh ar iomaíocht agus trádáil leis laistigh den mhargadh inmheánach. I gcás bearta um maoiniú riosca, ní mór measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí diúltacha féideartha ar gach leibhéal ina bhféadfaidh cabhair a bheith i láthair: na hinfheisteoirí, na hidirghabhálaithe airgeadais agus a mbainisteoirí, agus na tairbhithe deiridh.

    168.

    Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí diúltacha dóchúla an bhirt ar iomaíocht agus trádáil, féadfaidh an Ballstát aon staidéar nó fianaise ábhartha eile atá ar fáil dó a chur isteach, amhail meastóireachtaí ex post arna ndéanamh le haghaidh scéimeanna comhchosúla, ó thaobh na ngnóthas incháilithe, struchtúir chistiúcháin, paraiméadair dhearaidh agus an limistéir gheografaigh.

    169.

    Ar leibhéal an mhargaidh le haghaidh soláthar maoiniúcháin riosca, is féidir gurb é a thiocfaidh as Státchabhair plódú infheisteoirí príobháideacha. D’fhéadfadh sé go laghdófaí leis sin na dreasachtaí le haghaidh infheistíochtaí príobháideacha chun cistiú a sholáthar do ghnóthais incháilithe agus iad a spreagadh chun fanacht go soláthróidh an Stát cabhair le haghaidh na n-infheistíochtaí sin. Dá airde méid an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear do na tairbhithe deiridh, dá mhó méid na ngnóthas tairbhí sin agus dá fhorásaí a gcéim forbartha, tagann an riosca sin chun bheith níos ábhartha, de réir mar a thagann maoiniú príobháideach de bheith ar fáil de réir a chéile sna himthosca sin. Thairis sin, níor cheart Státchabhair a chur in ionad gnáthriosca gnó infheistíochtaí a bheadh glactha ag infheistíochtaí in éagmais Státchabhrach fiú. Mar sin féin, a mhéid a bheidh an teip mhargaidh nó an bhacainn ábhartha eile sainmhínithe go cuí, is lú an dóchúlacht go dtiocfaidh an plódú sin as an mbeart um maoiniú riosca.

    170.

    Ar leibhéal na n-idirghabhálaithe airgeadais, is féidir go mbeidh éifeachtaí saobhacha ag cabhair ó thaobh cumhacht mhagaidh idirghabhálaí a mhéadú nó a choinneáil ar bun, mar shampla i margadh réigiúin ar leith. Fiú i gcás nach neartófar cumhacht mhargaidh an idirghabhálaí airgeadais go díreach le cabhair, is féidir go ndéanfar amhlaidh léi go hindíreach, trí fhorbairt iomaitheoirí atá ann cheana a dhíspreagadh, a n-imeacht a spreagadh nó iontráil iomaitheoirí nua a dhíspreagadh.

    171.

    Ní mór bearta um maoiniú riosca a bheith spriocdhírithe ar ghnóthais atá dírithe ar fhás nach bhfuil in ann leibhéal leordhóthanach maoiniúcháin a mhealladh ó acmhainní príobháideacha ach a fhéadfaidh teacht chun bheith inmharthana le státchabhair um maoiniú riosca. Mar sin féin, i gcás ina ndéanfar foráil le beart maidir le ciste poiblí a chur ar bun, ach nach léirítear go leordhóthanach le straitéis infheistíochta an chiste sin inmharthanacht ionchasach na ngnóthas incháilithe, ní dócha go gcomhlíonfaidh an beart an tástáil cothromúcháin (féach Roinn 3.2.5.3), mar i gcás den sórt sin féadfaidh an infheistíocht um maoiniú riosca a bheith ionann le deontas.

    172.

    Tá na coinníollacha a bhaineann le bainistíocht tráchtála agus cinnteoireacht atá dírithe ar bhrabús a leagtar amach in Airteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine fíor-riachtanach chun a áirithiú go mbeidh roghnú na ngnóthas tairbhí deiridh bunaithe ar loighic thráchtála. Dá bhrí sin, cuirfidh an Coimisiún na coinníollacha sin san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar bhearta um maoiniú riosca faoi na Treoirlínte seo, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh baint ag idirghabhálaithe airgeadais poiblí leis an mbeart.

    173.

    Cistí infheistíochta ar scála beag, ag a bhfuil fócas réigiúnach teoranta agus gan socruithe rialachais leordhóthanacha, déanfar anailís orthu d’fhonn cosc a chur leis an riosca a bhaineann le struchtúir mhargaidh neamhéifeachtúla a choinneáil ar bun. Is féidir nach mbeidh scála ná raon feidhme leordhóthanach ag baint le scéimeanna réigiúnacha um maoiniú riosca de dheasca easpa éagsúlaithe atá nasctha leis an líon féideartha íseal gnóthas incháilithe mar spriocanna infheistíochta, lena bhféadfaí éifeachtúlacht na gcistí sin a laghdú agus a bhféadfadh deonú cabhrach do chuideachtaí nach bhfuil chomh hinmharthana sin teacht as sin. Sna cásanna sin, de dheasca infheistíochtaí d’fhéadfadh sé go ndéanfaí iomaíocht a shaobhadh agus buntáistí míchuí a sholáthar do ghnóthais áirithe.

    174.

    Ar leibhéal na n-idirghabhálaithe deiridh d’fhéadfadh éifeachtaí saobhacha a bheith ag an mbeart ar na margaí táirge ina dtéann na gnóthais sin in iomaíocht. Mar shampla, leis an mbeart is féidir go saobhfar iomaíocht má tá sé spriocdhírithe ar chuideachtaí in earnálacha tearcfheidhmíochta. De dheasca leathnú acmhainneachta substaintiúil arna spreagadh le Státchabhair i margadh tearcfheidhmíochta d’fhéadfadh sé, go háirithe, go ndéanfaí iomaíocht a shaobhadh go míchuí, mar is é a d’fhéadfadh teacht as cruthú nó cothabháil ró-acmhainneachta brú ar chorrlaigh bhrabúis, laghdú ar infheistíochtaí iomaitheoirí nó a n-imeacht ón margadh fiú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go gcoiscfí iontráil cuideachtaí sa mhargadh leis sin. Is é a thagann as sin struchtúir mhargaidh neamhéifeachtúla atá díobhálach do thomhaltóirí freisin san fhadtéarma. I gcás ina mbeidh an margadh sna hearnálacha spriocdhírithe ag fás, is iondúil go bhfuil níos lú ábhair eagla ann go ndéanfar dochar leis an gcabhair do dhreasachtaí dinimiciúla nó go gcuirfear bac míchuí ar imeacht nó iontráil. Measann an Coimisiún go bhfuil an riosca a bhaineann leis an saobhadh sin substaintiúil nuair atá an beart um maoiniú riosca earnáilsonrach, nó nuair a thugtar tús áite leis d’earnálacha áirithe ar earnálacha eile. Sna cásanna sin, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an leibhéal acmhainneachtaí táirgeachta san earnáil ar leith, i bhfianaise an éilimh ionchasaigh. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú den sórt sin a dhéanamh, ní mór don Bhallstát a léiriú ina fhógra cibé acu atá nó nach bhfuil an beart um maoiniú riosca earnáilsonrach, nó cibé acu a thugtar nó nach dtugtar tús áite leis d’earnálacha áirithe ar earnálacha eile.

    175.

    Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar aon éifeacht dí-chomhchruinniúcháin dhiúltach ionchasach ós rud é go bhféadfadh sé go ndéanfaí difear léi d’iomaíocht agus trádáil idir na Ballstáit. Maidir leis sin, déanfaidh an Coimisiún anailís ar cibé acu is dócha nó nach dócha go ndéanfar dí-chomhchruinniú a dhreasú le cistí réigiúnacha laistigh den mhargadh inmheánach. I gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí an idirghabhálaí airgeadais dírithe ar réigiún neamhfhóirithinte ag a bhfuil teorainn le réigiúin fhóirithinte, nó réigiún inarb airde an déine cabhrach réigiúnach ná déine cabhrach réigiúnach an spriocréigiúin, tá riosca an tsaofa sin níos suntasaí. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí dí-chomhchruinniúcháin diúltacha ag beart réigiúnach um maoiniú riosca nach bhfuil dírithe ach ar earnálacha áirithe.

    176.

    Ar deireadh, mar chuid den mheasúnú ar éifeachtaí diúltacha ar iomaíocht agus trádáil, féadfaidh an Coimisiún a chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha, seachtrachtaí diúltacha na gníomhaíochta cuidithe i gcás ina ndéanfar dochar leis na seachtrachtaí sin d’iomaíocht agus trádáil idir na Ballstáit a mhéid atá contrártha don leas coiteann trí neamhéifeachtúlachtaí margaidh a chruthú nó a ghéarú (60).

    3.2.5.3.   Na héifeachtaí dearfacha a chothromú in aghaidh éifeachtaí diúltacha na cabhrach

    177.

    Mar chéim chríochnaitheach den anailís, déanfaidh an Coimisiún éifeachtaí diúltacha sainaitheanta an bhirt cabhrach a chothromú ó thaobh saobhadh iomaíochta agus an tionchair ar thrádáil idir na Ballstáit in aghaidh éifeachtaí dearfacha na cabhrach, agus tiocfaidh sé ar an gconclúid nach bhfuil an beart cabhrach comhréireach leis an margadh inmheánach ach más mó na héifeachtaí dearfacha ná na héifeachtaí diúltacha.

    178.

    Féadfar cothromaíocht fhoriomlán catagóirí áirithe de scéimeanna cabhrach thairis sin a chur faoi réir ceanglas maidir le meastóireacht ex post mar a thuairiscítear i Roinn 4. Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur le fad na scéimeanna, agus féidearthacht ann fógra a thabhairt athuair faoina bhfadú ina dhiaidh sin.

    3.2.6.   Trédhearcacht

    179.

    Mar choimirce bhreise in aghaidh saobhadh míchuí ar iomaíocht, ní mór rochtain éasca a bheith ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún, ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag an bpobal ar na gníomhartha ábhartha uile agus ar an bhfaisnéis ábhartha maidir leis an gcabhair a dhámhtar fúthu.

    180.

    Ní mór do na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a fhoilsiú i modúl an Choimisiúin maidir le trédhearcacht dámhachtana (61) nó ar shuíomh gréasáin Státchabhrach cuimsitheach, ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:

    (a)

    téacs iomlán an chinnidh deonúcháin cabhrach aonair nó na scéime cabhrach formheasta agus a fhorálacha cur chun feidhme, nó nasc chuige;

    (b)

    faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a sháraíonn EUR 100 000, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis na Treoirlínte seo.

    181.

    Ní mór do na Ballstáit a gcuid suíomh gréasáin cuimsitheach maidir le Státchabhair a eagrú, dá dtagraítear i mír 180, ar bhealach chun go mbeidh sé éasca an fhaisnéis a rochtain. Ní mór an fhaisnéis a fhoilsiú i bhformáid sonraí scarbhileoige neamhdhílseánaí, lena gceadaítear sonraí a chuardach, a bhaint agus a íoslódáil go héifeachtach agus a fhoilsiú go héasca ar an idirlíon, mar shampla i bhformáid CSV nó XML. Ní mór cead a bheith ag an bpobal i gcoitinne rochtain a fháil ar an suíomh gréasáin gan aon srian, lena n-áirítear clárú úsáideora roimh ré.

    182.

    Le haghaidh scéimeanna i bhfoirm dreasachtaí fioscacha, measfar go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 180, pointe (b), má fhoilsíonn na Ballstáit an fhaisnéis a cheanglaítear maidir le méideanna cabhrach aonair sna raonta seo a leanas (in EUR milliúin):

     

    0,1-0,5;

     

    0,5-1;

     

    1-2;

     

    2-5;

     

    5-10;

     

    10-30;

     

    30-60;

     

    60-100;

     

    100-250;

     

    250 agus os a chionn.

    183.

    An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 180, pointe (b), ní mór í a bheith foilsithe laistigh de 6 mhí ón dáta a dhámhtar an chabhair nó, le haghaidh cabhair i bhfoirm dreasachtaí fioscacha, laistigh de 1 bhliain amháin ón dáta a bheidh an dearbhú cánach dlite (62). I gcás cabhrach ar cabhair neamhdhleathach í ach a chinntear a bheith comhoiriúnach dá éis sin, ní mór do na Ballstáit an fhaisnéis a fhoilsiú laistigh de 6 mhí ó dháta an chinnidh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach. Chun forfheidhmiú rialacha Státchabhrach faoin gConradh a chumasú, ní mór an fhaisnéis a bheith ar fáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad ón dáta a dheonaítear an chabhair.

    184.

    Déanfaidh an Coimisiún an nasc chuig na suíomhanna gréasáin Státchabhrach dá dtagraítear i mír 180 a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

    4.   MEASTÓIREACHT

    185.

    Chun a áirithiú thairis sin go mbeidh saobhadh iomaíochta agus trádála teoranta, is féidir go gceanglóidh an Coimisiún go mbeidh scéimeanna cabhrach áirithe faoi réir meastóireacht ex post . Ceanglófar meastóireachtaí le haghaidh scéimeanna i gcás ina mbeidh an saobhadh ionchasach ar iomaíocht agus trádáil fíor-ard, is é sin, go bhfuil baol ann go ndéanfar iomaíocht a shrianadh nó a shaobhadh go suntasach mura ndéantar athbhreithniú ar an gcur chun feidhme in am trátha.

    186.

    Is féidir go gceanglófar meastóireacht ex post le haghaidh na scéimeanna cabhrach seo a leanas:

    (a)

    scéimeanna lena mbaineann buiséid chabhrach mhóra;

    (b)

    scéimeanna lena mbaineann fócas réigiúnach;

    (c)

    scéimeanna lena mbaineann fócas earnála cúng;

    (d)

    scéimeanna a mhodhnaítear, i gcás ina ndéanfar difear leis an modhnú do na critéir incháilitheachta, don mhéid infheistíochta nó do na paraiméadair dhearaidh airgeadais;

    (e)

    scéimeanna ina bhfuil saintréithe núíosacha;

    (f)

    scéimeanna ar ina leith a iarrann an Coimisiún amhlaidh, i bhfianaise éifeachtaí diúltacha ionchasacha na scéime ar iomaíocht agus trádáil.

    187.

    In aon chás, beidh meastóireacht ex post riachtanach le haghaidh scéimeanna ag a bhfuil buiséad Státchabhrach nó caiteachas a thugtar i gcuntas os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó os cionn EUR 750 milliún in imeacht fhad iomlán na scéimeanna, is é sin le rá, comhfhad na scéime agus aon scéime a bhí ann díreach roimpi lenar cumhdaíodh cuspóir agus limistéar geografach comhchosúil, ag tosú ón 1 Eanáir 2022. I bhfianaise chuspóirí na meastóireachta, agus ionas nach gcuirfear ualach díréireach ar na Ballstáit, ní cheanglófar meastóireachtaí ex post ach le haghaidh scéimeanna cabhrach is faide ná 3 bliana ar an iomlán, a thosaíonn ón 1 Eanáir 2022.

    188.

    I dtaca leis an gceanglas maidir le meastóireacht ex post, féadfar an ceanglas sin a tharscaoileadh le haghaidh scéimeanna cabhrach ar comharba láithreach iad de scéim lenar cumhdaíodh cuspóir agus limistéar geografach comhchosúil agus ar a ndearnadh meastóireacht, a thug tuarascáil mheastóireachta deiridh i gcomhréir leis an bplean meastóireachta a d’fhormheas an Coimisiún agus nár ghin aon toradh diúltach. I gcás nach gcomhlíonfaidh tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach scéime an plean meastóireachta formheasta, ní mór an scéim sin a chur ar fionraí láithreach.

    189.

    Ba cheart gurb é is aidhm don mheastóireacht a fhíorú cibé acu ar baineadh na toimhdí agus na coinníollacha ba bhun le comhoiriúnacht na scéime amach nó nár baineadh, go háirithe riachtanas agus éifeachtacht an bhirt chabhrach i bhfianaise a chuspóirí. Ba cheart measúnú a dhéanamh léi freisin ar thionchar an bhirt um maoiniú riosca ar iomaíocht agus trádáil.

    190.

    Le haghaidh scéimeanna cabhrach ar ina leith nach mór meastóireacht a dhéanamh (féach míreanna 186 agus 187), a dtéann a bhfad iomlán thar 3 bliana, a thosaíonn ón 1 Eanáir 2022, ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi dhréachtphlean meastóireachta, a bheidh mar chuid dhílis de mheasúnú an Choimisiúin ar an scéim, mar a leanas:

    (a)

    i dteannta na scéime cabhrach, más mó a bhuiséad státchabhrach ná EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar a fad iomlán;

    (b)

    laistigh de 30 lá oibre tar éis athrú suntasach lena méadaítear buiséad na scéime go dtí suim os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó os cionn EUR 750 milliún ar feadh fhad iomlán na scéime;

    (c)

    laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachais de bhreis agus EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith a taifeadadh i gcuntais oifigiúla an chaiteachais.

    (d)

    tar éis iarraidh ón gCoimisiún, agus in aon chás roimh fhormheas na scéime, má thagann an scéim faoi réim ceann de na catagóirí a liostaítear i mír 186, gan beann ar bhuiséad Státchabhrach na scéime.

    191.

    Ní mór an dréachtphlean meastóireachta a bheith i gcomhréir leis na prionsabail mhodheolaíocha choiteanna arna soláthar ag an gCoimisiún (63). Ní mór do na Ballstáit an plean meastóireachta arna fhormheas ag an gCoimisiún a fhoilsiú.

    192.

    I dtaca leis an meastóireacht ex post, ní mór do shaineolaí an mheastóireacht sin a dhéanamh a bheidh neamhspleách ar an údarás deonaithe cabhrach ar bhonn an phlean meastóireachta. Ní mór aon tuarascáil mheastóireachta eatramhach amháin agus aon tuarascáil mheastóireachta deiridh amháin ar a laghad a bheith i ngach meastóireacht. Ní mór do na Ballstáit an dá thuarascáil a fhoilsiú.

    193.

    Ní mór an tuarascáil mheastóireachta deiridh a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha chun go ndéanfar measúnú ar aon fhadú ar an scéim cabhrach agus ar a dhéanaí 9 mí roimh dhul in éag na scéime. Féadfar an tréimhse sin a laghdú le haghaidh scéimeanna lena dtionscnaítear an ceanglas meastóireachta le linn an 2 bhliain deiridh de chur chun feidhme na scéimeanna sin. Leagfar amach raon feidhme beacht agus na socruithe beachta le haghaidh gach meastóireachta sa chinneadh lena bhformheasfar an scéim cabhrach. San fhógra maidir le haon bheart cabhrach dá éis sin lena mbaineann cuspóir comhchosúil, ní mór tuairisc a thabhairt ar an mbealach a cuireadh torthaí na meastóireachta san áireamh.

    5.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    5.1.    Infheidhmeacht

    194.

    Cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm na prionsabail a leagtar amach sna Treoirlínte seo le haghaidh an mheasúnaithe comhoiriúnachta ar an gcabhair infhógartha uile um maoiniú riosca a dhámhtar nó a bheartaítear a dhámhadh ón 1 Eanáir 2022.

    195.

    Cabhair um maoiniú riosca arna dámhachtain go neamhdhleathach roimh an 1 Eanáir 2022, déanfar measúnú uirthi i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm an dáta a dámhadh an chabhair.

    196.

    Chun ionchais dhlisteanacha infheisteoirí príobháideacha a chaomhnú, i gcás scéimeanna um maoiniú riosca lena ndéantar foráil maidir le cistiú poiblí chun tacú le maoiniú riosca, an dáta a ghealltar an cistiú poiblí do na hidirghabhálaithe airgeadais, arb é sin dáta sínithe an chomhaontaithe cistiúcháin, cinntear leis sin infheidhmeacht na rialacha maidir leis an mbeart um maoiniú riosca.

    5.2.    Bearta iomchuí

    197.

    Measann an Coimisiún gurb é a thiocfaidh as cur chun feidhme na dTreoirlínte seo athruithe áirithe sna prionsabail mheasúnúcháin le haghaidh cabhair um maoiniú riosca san Aontas. Ar na cúiseanna sin, molann an Coimisiún na bearta iomchuí seo a leanas do na Ballstáit de bhun Airteagal 108(1) den Chonradh:

    (a)

    Ba cheart do na Ballstáit leasú a dhéanamh, i gcás inar gá, ar a scéimeanna cabhrach um maoiniú riosca atá ann cheana, chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na Treoirlínte seo, laistigh de 6 mhí tar éis dháta foilseacháin na dTreoirlínte;

    (b)

    Iarrtar ar na Ballstáit a gcomhaontú neamhchoinníollach sainráite a thabhairt leis na bearta beartaithe laistigh de 2 mhí ó dháta foilseacháin na dTreoirlínte seo. D’uireasa aon fhreagra, glacfaidh an Coimisiún leis nach gcomhaontaíonn an Ballstát atá i gceist leis na bearta a mholtar.

    198.

    Chun ionchais dhlisteanacha infheisteoirí príobháideacha a chaomhnú, ní gá do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh i leith scéimeanna cabhrach um maoiniú riosca i bhfabhar FBManna i gcás ina ndearnadh gealltanas an chistiúcháin phoiblí do na hidirghabhálaithe airgeadais, arb é atá ann dáta sínithe an chomhaontaithe cistiúcháin, roimh dháta foilseacháin na dTreoirlínte seo agus i gcás ina bhfanann na coinníollacha uile dá bhforáiltear sa chomhaontú cistiúcháin gan athrú. Féadfaidh na hidirghabhálaithe airgeadais sin leanúint de bheith ag oibriú agus de bheith ag infheistiú i gcomhréir lena straitéis infheistíochta bhunaidh go deireadh an fhaid a leagtar amach sa chomhaontú cistiúcháin.

    5.3.    Tuairisciú agus faireachán

    199.

    I gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle (64), agus Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún (65), ní mór do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    200.

    Ní mór do na Ballstáit taifid mhionsonraithe a choinneáil ar bun maidir le gach beart státchabhrach. Ní mór an fhaisnéis uile is gá a bheith sna taifid sin chun a shuí gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le hincháilitheacht agus uasmhéideanna infheistíochta. Ní mór na taifid sin a choinneáil ar bun ar feadh 10 mbliana ó dháta dámhachtana na cabhrach agus ní mór iad a sholáthar don Choimisiún arna iarraidh sin. I gcás bearta cabhrach lena soláthraítear dreasachtaí fioscacha, faoina ndeonaítear cabhair fhioscach go huathoibríoch, amhail iad sin atá bunaithe ar dhearbhuithe cánach na dtairbhithe, agus i gcás nach ann d’aon fhíorú ex ante go gcomhlíontar na coinníollacha comhoiriúnachta uile le haghaidh gach tairbhí, ní mór do na Ballstáit a fhíorú go tráthrialta, ex post ar a laghad agus ar bhonn sampla, go gcomhlíontar na coinníollacha comhoiriúnachta uile, agus teacht ar na conclúidí is gá. Ní mór do na Ballstáit taifid mhionsonraithe ar na fíoruithe a choinneáil ar bun ar feadh 10 mbliana ar a laghad ó dháta na rialuithe.

    5.4.    Athbhreithniú

    201.

    Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh na Treoirlínte seo a athbhreithniú nó a athrú tráth ar bith dá mba ghá sin ar chúiseanna atá bainteach le beartas iomaíochta an Aontais nó chun go gcuirfear san áireamh beartais eile ón Aontas agus gealltanais idirnáisiúnta, forbairtí sna margaí, nó ar aon chúis eile a dtugtar údar léi.

    (1)  Na sainmhínithe beachta ar FBManna, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus cuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha chun críche na dTreoirlínte seo, leagtar amach iad i Roinn 2.3, i mír 35.

    (2)  Community guidelines on State aid to promote risk capital investments in small and medium-sized enterprises [Treoirlínte Comhphobail maidir le Státchabhair chun infheistíochtaí caipitil riosca a chur chun cinn i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide] (IO C 194, 18.8.2006, lch. 2).

    (3)  Communication from the Commission – Guidelines on State aid to promote risk finance investments [Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le Státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn] (IO C 19, 22.1.2014, lch. 4).

    (4)  Idir 2012 agus 2014, rinne an Coimisiún clár nuachóirithe Státchabhrach uaillmhianach bunaithe ar thrí phríomhchuspóir, le haghaidh níos mó mionsonraí féach Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on EU State Aid Modernisation (SAM) [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Nuachóiriú Státchabhrach an Aontais (SAM)], COM(2012) 209 final an 8.5.2012:

    (a)

    fás inbhuanaithe, cliste agus cuimsitheach a chothú i margadh inmheánach iomaíoch;

    (b)

    grinnscrúdú ex ante an Choimisiúin a dhíriú ar chásanna ag a bhfuil an tionchar is mó ar an margadh inmheánach agus an comhar leis na Ballstáit i bhforfheidhmiú Státchabhrach á neartú san am céanna; agus

    (c)

    na rialacha a chuíchóiriú chun cinnteoireacht níos gasta a áirithiú.

    (5)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions “An SME Strategy for a sustainable and digital Europe” [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe dhigiteach”], COM(2020) 103 final an 10.3.2020.

    (6)  Féach Evaluation support study on the EU rules on State aid for access to finance for SMEs [Staidéar tacaíochta meastóireachta maidir le rialacha an Aontais maidir le Státchabhair le haghaidh rochtain ar mhaoiniú le haghaidh FBManna], An tAontas Eorpach (2020), le fáil ar líne:

    https://ec.europa.eu/competition/state_aid/modernisation/risk_finance_study.zip.

    (7)  Leis na nuálaíochtaí sin áirítear mar shampla cleachtais shóisialta a athrú chun tacú leis na haistrithe glasa nó digiteacha, nó gairmeacha TFC a dhéanamh níos inrochtana do mhná.

    (8)  Communication from the Commission to the European Parliament, the European Council, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, “The European Green Deal” [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, “an Comhaontú Glas don Eoraip”], COM(2019) 640 final an 11.12.2019.

    (9)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún, “Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú”, COM(2020) 67 final an 19.2.2020.

    (10)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle, COM(2021) 557 final an 14.7.2021.

    (11)  Communication from the Commission to the European Parliament, the European Council, the Council, the European Central Bank, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions “Action Plan: Financing Sustainable Growth” [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, “Plean Gníomhaíochta: Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú”], COM(2018) 97 final an 8.3.2018.

    (12)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions “EU taxonomy, corporate sustainability reporting, sustainability preferences and fiduciary duties: Directing finance towards the European Green Deal” [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Tacsanomaíocht an Aontais, tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach, fabhair inbhuanaitheachta agus dualgais mhuiníneacha: Maoiniú a dhíriú ar an gComhaontú Glas don Eoraip”], COM(2021) 188 final an 21.4.2021.

    (13)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

    (14)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions “2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade”, [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach”] COM(2021) 118 final an 9.3.2021.

    (15)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (16)  Le Communication from the Commission to the European Parliament, the European Council, the Council, the European Central Bank, the European Economic and Social Committee, the Committee of the Regions and the European Investment Bank “Annual Sustainable Growth Strategy 2021” [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta “Straitéis Bhliantúil um Fhás Inbhuanaithe 2021”], COM(2020) 575 final an 17.9.2020, sainaithnítear seacht réimse shuaitheanta: cumhachtú – Tús-ualú teicneolaíochtaí glana a bheidh slán i bhfad na haimsire agus luasghéarú ar fhorbairt agus úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh; athchóiriú – Feabhsú éifeachtúlachta fuinnimh foirgneamh poiblí agus príobháideach; athluchtú agus athbhreoslú – Cur chun cinn teicneolaíochtaí glana a bheidh slán i bhfad na haimsire chun dlús a chur le húsáid iompair inbhuanaithe, inrochtana agus chliste, stáisiún a athluchtú agus a athbhreoslú agus iompar poiblí a leathnú; nascadh – rolladh amach gasta mearsheirbhísí leathanbhanda chuig gach réigiún agus teaghlach, lena n-áirítear líonraí snáithínbhunaithe agus 5G; nuachóiriú – digitiú riaracháin agus seirbhísí poiblí, lena n-áirítear córais bhreithiúnacha agus cúraim sláinte; uas-scálú – méadú ar néalacmhainneachtaí sonraí tionsclaíocha Eorpacha agus forbairt ar na próiseálaithe is cumhachtaí, is ceannródaíche, agus is inbhuanaithe; athsciliú agus uas-sciliú – oiriúnú córas oideachais chun tacú le scileanna digiteacha agus gairmoideachas agus gairmoiliúint do chách.

    (17)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions “Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery” [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a Thabhairt Cothrom le Dáta: Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa”], COM(2021) 350 final an 5.5.2021.

    (18)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions “Action Plan on Building a Capital Markets Union” [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Plean Gníomhaíochta chun Aontas Margaí Caipitil a Thógáil”], COM(2015) 468 final an 30.9.2015.

    (19)  Mar shampla, Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1); Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12). Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349) a mhéid a bhaineann le forbairt na margaí fáis FBManna. Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

    (20)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions “A Capital Markets Union for people and businesses-new action plan” [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Aontas Margaí Caipitil le haghaidh daoine agus gnólachtaí – plean gníomhaíochta nua”], COM(2020) 590 final an 24.9.2020.

    (21)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

    (22)  Le hionstraimí airgeadais cumhdaítear ionstraimí airgeadais neamhdheontais a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm ionstraimí fiachais (iasachtaí, ráthaíochtaí) nó ionstraimí cothromais (glanchothromas, infheistíochtaí cuasachothromais nó ionstraimí comhroinnte riosca eile).

    (23)  Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014–2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33).

    (24)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014–2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

    (25)  Ina theannta sin, chun rochtain níos fearr ar mhaoiniú iasachta a sholáthar, rinne an Coimisiún, an Ciste Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Infheistíochta Ionstraim Comhroinnte Riosca (RSI) shonrach a chruthú go comhpháirteach, faoin Seachtú Clár Réime um Thaighde (FP7), féach http://www.eif.org/what_we_do/guarantees/RSI/index.htm. Le RSI soláthraíodh ráthaíochtaí páirteacha d’idirghabhálaithe airgeadais trí shásra um chomhroinnt riosca, lenar laghdaíodh a rioscaí airgeadais agus lenar spreagadh dóibh iasachtú a sholáthar do FBManna a thugann faoi T&F nó gníomhaíochtaí nuálacha.

    (26)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

    (27)  Clár píolótach atá sa Ghníomhaíocht Uas-scálaithe Eorpach le haghaidh Caipiteal Riosca (“Escalar”) arna sheoladh ag an gCoimisiún Eorpach agus arna bhainistiú ag CEI, agus acmhainní an Phlean Infheistíochta don Eoraip á n-úsáid chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna mhaoiniúcháin atá le brath ag cuideachtaí Eorpacha ardfháis (cuideachta atá i mbun fáis). Seoladh Escalar an 4 Aibreán 2020 agus tá sé beartaithe chun acmhainní ciste a mhéadú go substaintiúil, rud a cheadaíonn ticéid infheistíochta níos mó agus a chruthaíonn acmhainneacht níos mó le haghaidh infheistíochtaí i gcuideachtaí atá i mbun fáis.

    (28)  Ina Treoirlínte Polaitiúla le haghaidh an chéad Choimisiúin Eorpaigh eile 2019–2024, d’fhógair an tUachtarán Iarrthóra an tráth sin, von der Leyen, cruthú ciste phoiblí phríobháidigh lena speisialaítear in TTPanna de chuid FBManna d’fhonn tacaíocht phoiblí a sholáthar i bhfoirm cistiúcháin chun maolú a dhéanamh ar rochtain FBManna ardacmhainne ar mhargaí poiblí.

    (29)  An tionscnamh CASSINI, rud a céadfhógraíodh in “Straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe dhigiteach” COM(2020) 103 final an 10.3.2020, bailiúchán is ea é de ghníomhaíochtaí coincréiteacha a bhfuil sé mar aidhmeanna aige éascaíocht a dhéanamh do rochtain ar chaipiteal riosca le haghaidh FBManna spásbhunaithe chun a bhforbairt a chistiú. Feidhmeoidh an ciste fáis CASSINI mar chiste cistí ar an mbealach céanna le ISEP, trí infheistiú i gcistí caipitil fiontair lena ngealltar gníomhú mar “cistí téamacha”, i.e. chun infheistiú san earnáil spáis agus cinneadh uathrialaitheach á dhéanamh fós san am céanna maidir leis na gnólachtaí sonracha ar mian leo infheistiú iontu. Leis an gciste fáis CASSINI rachfar i ngleic le ganntanas caipitil sa chéim forbartha, ar maith is fios ina leith go ndéantar dochar leis sin do FBManna spáis nua san Aontas.

    (30)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30). Beartaítear an Clár InvestEU chun rannpháirtíocht ó infheisteoirí poiblí agus príobháideacha a spreagadh in oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta trí ráthaíochtaí a sholáthar ó bhuiséad an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar chlistí agus staideanna infheistíochta fo-optamacha. Leis sin, cuirtear lena rathúla atá an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), rud a seoladh in 2015 chun an bhearna infheistíochta a dhruidim san Aontas tar éis na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche.

    (31)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

    (32)  Le fáil ar líne ag: https://ec.europa.eu/competition/state_aid/modernisation/fitness_check_en.html.

    (33)  Fógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, (IO C 262, 19.7.2016, lch. 1).

    (34)  San fhógra sin, soiléiríonn an Coimisiún an tuiscint atá aige ar conas ba cheart coincheap na Státchabhrach a leagtar síos in Airteagal 107(1) den Chonradh a léirmhíniú. Le Roinn 4.2 (“Tástáil an oibreora sa gheilleagar margaidh (OGM)”) den fhógra sin soláthraítear treoraíocht a mhéid a bhaineann leis an tráth nach Státchabhair atá i mbeart tacaíochta poiblí toisc go ndéantar é faoi ghnáthdhálaí margaidh.

    (35)  Féach fonóta 34.

    (36)  Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis (IO L 352, 24.12.2013, lch. 1); Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis san earnáil talmhaíochta (IO L 352, 24.12.2013, lch. 9); Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 190, 28.6.2014, lch. 45).

    (37)  Communication from the Commission — Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu] (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1).

    (38)  Féach fonóta 34.

    (39)  Féach fonóta 36.

    (40)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65)

    (41)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

    (42)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

    (43)  Commission Implementing Decision C(2017)7124 of 27.10.2017 on the adoption of the work programme for 2018-2020 within the framework of the Specific Programme Implementing Horizon 2020-the Framework Programme for Research and Innovation (2014–2020) and on the financing of the work programme for 2018 [Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2017)7124 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2017 maidir le clár oibre le haghaidh 2018-2020 a ghlacadh laistigh de chreat an Chláir Shonraigh lena gcuirtear Fís 2020 – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014–2020) chun feidhme agus maidir le maoiniú an chláir oibre le haghaidh 2018].

    (44)  Áirítear ar chuspóirí an tionscnaimh CASSINI an méid seo a leanas: 1) an líon gnólachtaí nuathionscanta spásbhunaithe a fhorbraíonn réitigh nuálacha agus a úsáideann teicneolaíochtaí spáis ón Aontas a mhéadú, 2) a ráta rathúlachta a mhéadú chun cuideachtaí a bhunú, agus 3) éascaíocht a dhéanamh do rochtain FBManna spásbhunaithe ar chaipiteal riosca. Leis na gníomhaíochtaí CASSINI cumhdaítear an timthriall fiontraíochta iomlán agus tá siad dírithe, trí dhearadh, ar roghnú na smaointe gnó is nuálaí agus is iomaíche (i.e. cuireann conraitheoirí seachtracha critéir faoi thionchar an mhargaidh i bhfeidhm chun meantóireacht agus luasghéarú a sholáthar, agus déanfaidh caipitlithe fiontair a bhainistíonn cistí téamacha spáis cinneadh go huathrialaitheach maidir leis na fiontair ar mian leo infheistiú iontu). Féach fonóta 29 freisin.

    (45)  De mhaolú ar phointe (c), fiontair arna bhfoirmiú trí chumasc idir gnóthais atá incháilithe le haghaidh cabhrach faoi na Treoirlínte seo, measfar go bhfuil siad ina ngnóthais incháilithe freisin suas le 5 bliana ó dháta clárúcháin an fhiontair is sine atá rannpháirteach sa chumasc.

    (46)  Féach breithiúnais Chúirte an 19 Meán Fómhair 2000, An Ghearmáin v An Coimisiún, C-156/98, AE:C:2000:467, mír 78; an 22 Nollaig 2008, Régie Networks v Rhone Alpes Bourgogne, C-333/07, AE:C:2008:764, míreanna 94 go 116; an 15 Aibreán 2008, Nuova Agricast, Cás C-390/06 AE:C:2008:224, míreanna 50 agus 51; agus an 22 Meán Fómhair 2020, An Ostair v An Coimisiún, Cás C-594/18 P, AE:C:2020:742, mír 44.

    (47)  Tá an méid sin gan dochar don cheanglas ar idirghabhálaithe airgeadais nó a mbainisteoirí an ceadúnas is gá a bheith acu chun gníomhaíochtaí infheistíochta agus bainistíochta a dhéanamh sa Bhallstát lena mbaineann nó chun bunaíocht a bheith ag tairbhithe deiridh agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanamh ina chríoch.

    (48)  I gcomhréir leis an gclár oibre Fís 2020 2018-2020 (féach fonóta 24) nó le hAirteagail 2(23) agus 15(2) de Rialachán (AE) 2021/695 (féach fonóta 26).

    (49)  I gcomhréir le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) 2021/695 (féach fonóta 26).

    (50)  Féach fonóta 7 le haghaidh samplaí de nuálaíocht shóisialta. Tá breithmheas le tabhairt ar chineál nuálach FBM i bhfianaise an tsainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine.

    (51)  Aithníonn an Coimisiún tábhacht mhéadaitheach ardán sluachistiúcháin chun cistiú a mhealladh le haghaidh cuideachtaí nuathionscanta. Dá bhrí sin, más ann do theip mhargaidh bhunaithe agus i gcás ina mbeidh oibreoir ag ardán sluachistiúcháin ar eintiteas dlítheanach ar leithligh é, féadfaidh an Coimisiún, de réir analaí, na rialacha is infheidhme maidir le hardáin trádála mhalartacha a chur i bhfeidhm. Tá feidhm aige sin go cothrom maidir le dreasachtaí cánach chun infheistiú trí na hardáin sluachistiúcháin sin. An 10 Samhain 2020, tháinig Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1), i bhfeidhm. Meastar go méadófar leis sin infhaighteacht an tsluachistiúcháin mar fhoirm nuálach maoiniúcháin.

    (52)  Áirítear leis sin na gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna uile nach ndearna a gcéad díolachán tráchtála go fóill (mar a shainmhínítear i mír 35 de phointe 12 de na Treoirlínte seo).

    (53)  Ciallaíonn meicníocht aisghlámtha nó sásra conarthach coibhéiseach socrú faoinar gá d’idirghabhálaí buntáiste arna fháil ón Stát a chur ar ais, ar buntáiste é nár chuir sé ar aghaidh chuig an tairbhí deiridh mar a ceanglaíodh.

    (54)  Chun amhras a sheachaint agus i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, le haghaidh infheistíochtaí cothromais agus cuasachothromais, ní fhéadfar níos mó ná 30 % de ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus caipiteal geallta neamhghlaoite an idirghabhálaí airgeadais a úsáid chun críoch bainistíochta leachtachta.

    (55)  Toradh caidhpeáilte le haghaidh an infheisteora phoiblí ag íosráta toraidh reamhshainithe áirithe: má sháraítear an t-íosráta toraidh réamhshainithe, ní dhéantar na torthaí uile os a chionn a dháileadh ach ar na hinfheisteoirí príobháideacha.

    (56)  Céadroghanna ar cheannach scaireanna poiblí: tugtar an ceart d’infheisteoirí príobháideacha céadrogha ar cheannach a fheidhmiú chun an scair infheistíochta poiblí a cheannach thar barr amach ag praghas ceangail a chomhaontaítear roimh ré.

    (57)  Scoilt airgid ioncaim neamhshiméadrach: tarraingítear airgead ó infheisteoirí poiblí agus príobháideacha ar bhonn pari passu ach comhroinntear scaireanna, aon uair a thagann siad chun cinn, ar bhealach neamhshiméadrach. Faigheann infheisteoirí príobháideacha scair níos mó de na fáltais dáileacháin ná mar ba cheart dóibh a fháil pro rata maidir lena sealúchais faoi seach, suas leis an íosráta toraidh reamhshainithe.

    (58)  Le haghaidh bearta atá comhionann le bearta laistigh de Phleananna Téarnaimh agus Athléimneachta arna bhformheas ag an gComhairle, meastar go gcomhlíontar an coinníoll sin, ós rud é go ndearnadh a gcomhlíontacht leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” a fhíorú cheana.

    (59)  I gcomhréir le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) 2021/695 (féach fonóta 26).

    (60)  D’fhéadfadh an méid sin a bheith amhlaidh freisin i gcás ina ndéanfar oibriú ionstraimí eacnamaíocha, arna gcur i bhfeidhm le haghaidh inmheánú na seachtrachtaí diúltacha sin, a shaobhadh leis an gcabhair (e.g. trí dhifear a dhéanamh do chomharthaí praghais arna dtabhairt le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais nó ionstraim chomhchosúil).

    (61)   “Cuardach Poiblí maidir le Trédhearcacht na Státchabhrach”, ar fáil ag an suíomh gréasáin seo a leanas: https://webgate.ec.europa.eu/competition/transparency/public?lang=en.

    (62)  Más rud é nach ann d’aon cheanglas foirmiúil maidir le dearbhú bliantúil, measfar gurb é an 31 Nollaig sa bhliain dar deonaíodh an chabhair an dáta deonaithe chun críocha ionchódúcháin.

    (63)  Commission staff working document, Common methodology for State aid evaluation [Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin, Modheolaíocht choiteann le haghaidh meastóireacht státchabhrach], SWD(2014) 179 final an 28.5.2014.

    (64)  Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).

    (65)  Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Faisnéis trédhearcachta

    Seo a leanas an fhaisnéis maidir le dámhachtainí aonair dá dtagraítear i mír 180, pointe (b):

    Aitheantas an tairbhí aonair cabhrach (1):

    Ainm

    Aitheantóir an tairbhí cabhrach

    An cineál gnóthais tairbhí cabhrach tráth an iarratais:

    FBM

    Fiontar mór

    Réigiún ina bhfuil an tairbhí cabhrach lonnaithe, ar leibhéal II NUTS nó faoina bhun

    Príomhearnáil nó príomh-ghníomhaíocht an tairbhí cabhrach le haghaidh na cabhrach a thugtar, á haithint le grúpa NACE (cód uimhriúil trí dhigit) (2)

    Comhchuid cabhrach arna sloinneadh san airgeadra náisiúnta go hiomlán

    I gcás ina mbeidh sé éagsúil leis an gcomhchuid cabhrach, méid ainmniúil na cabhrach, arna shloinneadh mar an méid iomlán san airgeadra náisiúnta (3)

    Ionstraim chabhrach (4):

    Deontas/fóirdheontas ráta úis/díscríobh fiachais

    Iasacht/réamhíocaíochtaí inaisíoctha/deontas inaisíoctha

    Ráthaíocht

    Buntáiste cánach nó díolúine chánach

    Maoiniú riosca

    Eile (sonraigh)

    Dáta na dámhachtana agus dáta an fhoilsithe

    Cuspóir na cabhrach

    Aitheantas an údaráis nó na n-údarás deonúcháin

    I gcás inarb infheidhme, ainm an eintitis iontaoibhe, agus ainmneacha na n-idirghabhálaithe airgeadais a roghnaíodh

    Tagairt an bhirt cabhrach (5)


    (1)  Cé is moite de rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus faoi réir chomhaontú an Choimisiúin (Commission communication C(2003) 4582 of 1 December 2003 on professional secrecy in State aid decisions [Teachtaireacht C(2003) 4582 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2003 maidir le rúndacht ghairmiúil i gcinntí státchabhrach] (IO C 297, 9.12.2003, lch. 6).

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an t-aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha d’Athbhreithniú 2 NACE agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

    (3)  Coibhéis chomhlán an deontais, nó, i gcás inarb infheidhme, méid na hinfheistíochta. Le haghaidh cabhair oibriúcháin, is féidir méid bliantúil na cabhrach in aghaidh an tairbhí a sholáthar. Le haghaidh scéimeanna fioscacha, is féidir an méid sin a thabhairt de réir na raonta a leagtar amach i mír 182. Is é an méid atá le foilsiú an sochar cánach uasta a cheadaítear seachas an méid a asbhaintear gach bliain (e.g. i gcomhthéacs creidmheas cánach, foilseofar an creidmheas cánach uasta a cheadaítear seachas an méid iarbhír, rud a d’fhéadfadh a bheith ag brath ar na hioncaim inchánach agus athraíonn sé gach bliain).

    (4)  I gcás ina ndeonaítear an chabhair le níos mó ná ionstraim cabhrach amháin, soláthrófar an méid cabhrach le hionstraim.

    (5)  Arna soláthar ag an gCoimisiún faoin nós imeachta um fhógra a thabhairt dá dtagraítear i Roinn 2.2.


    Top