This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C2023/034/04
New national side of euro coins intended for circulation 2023/C 34/04
Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht 2023/C 34/04
Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht 2023/C 34/04
PUB/2022/1649
IO C 34, 30.1.2023, p. 4–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 34/4 |
Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(2023/C 34/04)
Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag San Mairíne
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn chomórtha euro a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2-euro. Is ionann na saintréithe teicniúla atá ag na boinn sin agus atá ag boinn 2-euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh na náisiún agus na hEorpa de.
Tír is eisitheoir: San Mairíne
Ábhar an chomórtha: Dhá chéad bliain ó bhás Antonio Canova
Tuairisc ar an dearadh: Léirítear an bandia Hebe i lár an fháinne istigh, a tógadh ó shaothar Antonio Canova, a chaomhnaítear ag gailearaí Ealaíne Mhúsaem Sibhialtach San Domenico in Forlì. Tá na hinscríbhinní “CANOVA” agus “SAN MARINO” thart timpeall air. Ar thaobh na láimhe clé, tá an bhliain “1822” agus inisealacha an údair Antonio Vecchio, agus ar thaobh na láimhe deise, tá bliain na heisiúna “2022” agus an litir R, lena sainaithnítear Mionta na Róimhe.
Taispeántar 12 réalta bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.
Líon measta na mbonn atá le heisiúint:55 000
Dáta eisiúna: Deireadh Fómhair 2022
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 le haghaidh aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).