This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C2016/185A/02
Recruitment notice PE/192/S — Director (Function group AD, grade 14) — Directorate-General for Internal Policies of the Union — Directorate for Citizens’ Rights and Constitutional Affairs
Fógra folúntais PE/192/S — stiúrthóir (Grúpa feidhme AD, grád 14) — An Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais – an stiúrthóireacht do chearta na saoránach agus do ghnóthaí bunreachtúla
Fógra folúntais PE/192/S — stiúrthóir (Grúpa feidhme AD, grád 14) — An Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais – an stiúrthóireacht do chearta na saoránach agus do ghnóthaí bunreachtúla
IO C 185A, 24.5.2016, pp. 31–37
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
24.5.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
31 |
FÓGRA FOLÚNTAIS PE/192/S
STIÚRTHÓIR
(Grúpa feidhme AD, grád 14)
AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM BEARTAIS INMHEÁNACHA AN AONTAIS – AN STIÚRTHÓIREACHT DO CHEARTA NA SAORÁNACH AGUS DO GHNÓTHAÍ BUNREACHTÚLA
1. Folúntas
Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir (1) (AD, grád 14) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais – an Stiúrthóireacht do Chearta na Saoránach agus do Ghnóthaí Bunreachtúla, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).
Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.
Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD 14 (3). Is é EUR 13 641,95 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.
Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 29 Márta 2004.
Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh díobh.
2. Ionad Fostaíochta
An Bhruiséil. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha oibre eile Pharlaimint na hEorpa.
3. Comhionannas Deiseanna
Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
4. Cúraimí an phoist
Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (4):
|
— |
a áirithiú go mbeidh roinn mhór in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil roinnt aonad atá freagrach as réimsí inniúlachta na Stiúrthóireachta, ag feidhmiú go rianúil; |
|
— |
foirne d’oifigigh a bhainistiú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní na roinne agus caighdeán cáilíochta na seirbhíse (eagrú, bainistiú acmhainní daonna agus buiséid, nuáil etc.) á áirithiú sna réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta (cuspóirí agus straitéisí a leagan amach) a phleanáil; na cinntí is gá a ghlacadh chun na cuspóirí a bheidh leagtha síos a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú; |
|
— |
comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ard-Rúnaíocht agus ar na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ard-Rúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche; |
|
— |
feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú. |
5. Incháilitheacht (an phróifíl riachtanach)
Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d’iarrthóirí a chomhlíonann na critéir seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:
(a) Coinníollacha ginearálta
I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:
|
— |
a bheith ina náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh; |
|
— |
a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu; |
|
— |
a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí; |
|
— |
na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh. |
(b) Coinníollacha sonracha
(i)
|
— |
Nuair is é ceithre bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, nó nuair is é trí bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí d’aon bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime (5). |
|
— |
Dhá bhliain déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear sé bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta. |
(ii)
|
— |
Sáreolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha; |
|
— |
tuiscint den scoth ar shaincheisteanna a bhaineann leis na beartais inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta; |
|
— |
sáreolas ar na Conarthaí; |
|
— |
tuiscint an-mhaith ar na cultúir éagsúla atá sna hinstitiúidí Eorpacha; |
|
— |
sáreolas ar struchtúr Ard-Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ar a heagar, ar a timpeallacht agus ar a geallsealbhóirí éagsúla; |
|
— |
sáreolas ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, ar a nósanna imeachta reachtacha agus ar rialacha agus cleachtais inmheánacha; |
|
— |
sáreolas ar na Rialacháin Foirne, ar a léirmhíniú agus ar na rialacha a dhíorthaíonn astu; |
|
— |
sáreolas ar an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus ar a rialacha cur chun feidhme, agus ar rialacha inmheánacha agus forálacha eile de chuid Pharlaimint na hEorpa; |
|
— |
eolas an-mhaith ar chúrsaí riaracháin (acmhainní daonna, bainistíocht, buiséad, airgeadas, teicneolaíocht faisnéise, saincheisteanna dlíthiúla, etc.); |
|
— |
sáreolas ar theicnící bainistíochta. |
(iii)
Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6), agus eolas an-mhaith a bheith acu ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.
Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.
(iv)
|
— |
Bua na straitéise, |
|
— |
cumas ceannaireachta, |
|
— |
cumas pleanála chun cinn, |
|
— |
cumas freagairt d’athruithe, |
|
— |
críochnúlacht, |
|
— |
cumas cumarsáide. |
6. Nós imeachta roghnúcháin
Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a chur ar bun agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta de na daoine sin, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinneadh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.
7. Iarratais a chur isteach
Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná
2 Meitheamh 2016, ar 12:00 (meán lae, am na Bruiséile).
Iarrtar ar na hiarrthóirí ráiteas maidir leis na cúiseanna atá acu le cur isteach ar an bpost (a bheidh i bhformáid pdf agus é dírithe chuig Ard-Rúnaí Pharlaimint na hEorpa, Fógra Folúntais Uimh. PE/192/S), mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (7), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/192/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas:
EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu
agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.
Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.
Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin (8) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.
Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).
(1) Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.
(2) Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).
(3) Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.
(4) Féach an Iarscríbhinn do phríomhdhualgais an phoist seo.
(5) Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.
(6) Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
(7) http://europass.cedefop.europa.eu/
(8) Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais.
(9) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM BEARTAIS SHEACHTRACHA AN AONTAIS AN STIÚRTHÓIREACHT DO CHEARTA NA SAORÁNACH AGUS DO GHNÓTHAÍ BUNREACHTÚLA
PRÍOMHCHÚRAIMÍ
(Ag dáta foilsithe an fhógra seo, is é an líon foirne iomlán ná 109 ngníomhaire i.e. 59 AD, 48 AST agus 2 AST/SC)
|
— |
Aonaid agus seirbhísí na Stiúrthóireachta a stiúradh, a chomhordú agus a mhaoirsiú; |
|
— |
bainistiú tionscadal a sholáthar; |
|
— |
ionadaíocht a dhéanamh ar an Stiúrthóireacht i gcoistí éagsúla inmheánacha agus i bhfóraim idirinstitiúideacha; |
|
— |
feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú. |
RÚNAÍOCHT AN CHOISTE UM SHAOIRSÍ SIBHIALTA, UM CHEARTAS AGUS UM GHNÓTHAÍ BAILE
|
— |
Rúnaíocht an choiste (cruinnithe an choiste agus cruinnithe na gcomhordaitheoirí a eagrú, pleanáil, nótaí a bhaineann leis an gcruinniú, miontuairiscí, litreacha an Chathaoirligh agus litreacha éagsúla eile, teagmhálacha idirinstitiúideacha, etc.) a sholáthar; |
|
— |
Trí rannchuidithe i scríbhinn nó ó bhéal, cabhrú leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna dóibh mar Uachtarán, mar Leas-Uachtarán, mar chomhordaitheoir, mar rapóirtéir, mar rapóirtéir don tuairim; doiciméid oibre/dréacht-tuarascálacha, leasuithe agus liostaí don vótáil (nósanna imeachta reachtacha agus neamhreachtacha) a ullmhú; faireachán ar ghníomhartha “coisteolaíochta”; |
|
— |
A bheith rannpháirteach in idirphlé idirinstitiúideacha, go háirithe aon idirphlé a bhaineann le comhaontuithe ar an gcéad léamh (“cruinnithe tríthaobhacha”); |
|
— |
Éisteachtaí poiblí agus seimineáir a eagrú, mar aon le misin nó toscaireachtaí; |
|
— |
Teagmhálacha leis an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha (FRA), leis an Lárionad Faireacháin um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA), le Eurojust, le Europol, le Frontex, le CEPOL, le EASO, le eu-LISA agus le EDPS a áirithiú; |
|
— |
Cothabháil láithreán Inlín Choiste LIBE agus Nuachtlitir LIBE maidir leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (Teideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Iarscríbhinn VI de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte – Cumhachtaí LIBE). |
RÚNAÍOCHT AN CHOISTE UM GHNÓTHAÍ EACHTRACHA
|
— |
Cabhrú leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna dóibh trí dhoiciméid éagsúla a ullmhú: doiciméid oibre/dréacht-tuarascálacha/tuairimí (nósanna imeachta reachtacha agus neamhreachtacha), rannchuidithe i scríbhinn nó ó bhéal, rúin, lena n-áirítear tuairimí maidir leis an mbunús dlí, fíorú cumhachtaí agus díospóidí; |
|
— |
Rúnaíocht an Choiste (cruinnithe coiste agus cruinnithe comhordaitheoirí a eagrú, mar aon le cruinnithe leis na grúpaí polaitiúla, cruinnithe tríthaobhacha, cruinnithe teicniúla, cruinnithe leis na scáthrapóirtéirí, cruinnithe le meithleacha, pleanáil, miontuairiscí) a sholáthar; |
|
— |
Éisteachtaí poiblí, ceardlanna, meithleacha agus misin an Choiste lasmuigh de na háiteanna oibre a eagrú; |
|
— |
Litreacha do Chathaoirleach an Choiste agus do ranna eile a dhréachtú agus a bhainistiú (fáil, clárú); |
|
— |
Vótáil (leasuithe, liostaí vótála agus doiciméid ghlactha a tharraingt suas agus a fhormáidiú) a ullmhú agus gníomhú dá réir; |
|
— |
Faireachán ar ghníomhartha tarmligthe agus ar bhearta cur chun feidhme, mar aon le tuairimí réasúnaithe ó na parlaimintí náisiúnta a phróiseáil; |
|
— |
Teagmhálacha leis na hinstitiúidí eile (go sonrach an Chúirt Bhreithiúnais agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)), le páirtithe leasmhara agus leis an tsochaí shibhialta a áirithiú. |
RÚNAÍOCHT AN CHOISTE UM GHNÓTHAÍ BUNREACHTÚLA
|
— |
Rúnaíocht an Choiste a sholáthar: cruinnithe Choiste AFCO, cruinnithe Chomhordaitheoirí AFCO, éisteachtaí poiblí, misin, malartú tuairimí le daoine mór le rá, laethanta staidéir, cruinnithe comhpháirteacha idirpharlaiminteacha le hionadaithe na bparlaimintí náisiúnta a eagrú; pleanáil, miontuairiscí; |
|
— |
Doiciméid oibre/dréacht-tuarascálacha/dréacht-tuairimí (nósanna imeachta reachtacha agus neamhreachtacha, comhaontuithe idirinstitiúideacha, léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na Rialacha Nós Imeachta) a ullmhú; |
|
— |
Trí rannchuidithe i scríbhinn agus ó bhéal, cabhrú leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna dóibh mar Uachtarán, mar Leas-Uachtarán, mar rapóirtéir agus mar rapóirtéir don tuairim (lena n-áirítear an mheitheal “Revisiting the Rules of Procedure”, foirne tionscadail, scáthrapóirtéirí); |
|
— |
Faireachán ar na nósanna imeachta do chur i bhfeidhm Chonradh Liospóin, lena n-áirítear misin sheachtracha, cruinnithe parlaiminteacha agus an Chomhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí Eorpacha (COSAC) a sholáthar; |
|
— |
Bainistiú agus cumarsáid inmheánach (cruinnithe seirbhíse, aiseolas, láithreán gréasáin, ríomh-Choiste, staidreamh, oiliúint) a sholáthar; |
|
— |
Teagmhálacha leis na hinstitiúidí eile, le páirtithe leasmhara agus leis an tsochaí shibhialta a áirithiú. |
RÚNAÍOCHT AN CHOISTE UM CHEARTA NA mBAN AGUS UM CHOMHIONANNAS INSCNE
|
— |
Rúnaíocht an Choiste (cruinnithe agus cruinnithe na gcomhordaitheoirí a eagrú, pleanáil, miontuairiscí) a sholáthar; |
|
— |
Trí rannchuidithe i scríbhinn nó ó bhéal, cabhrú leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna dóibh mar Uachtarán, mar Leas-Uachtarán, mar rapóirtéir, mar rapóirtéir don tuairim; doiciméid oibre/dréacht-tuarascálacha/tuairimí (nósanna imeachta reachtacha agus neamhreachtacha) a ullmhú; |
|
— |
Éisteachtaí poiblí agus misin meithleacha lasmuigh de na háiteanna oibre a eagrú; |
|
— |
Teagmhálacha leis na hinstitiúidí eile, le páirtithe leasmhara agus leis an tsochaí shibhialta a áirithiú; an teagmháil le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus le comhlachtaí inniúla eile a áirithiú; |
|
— |
Gníomhaíochtaí cumarsáide (láithreán gréasáin, Facebook agus nuachtlitir FEMM) a sholáthar. |
RÚNAÍOCHT AN CHOISTE UM ACHAINÍOCHA
|
— |
Achoimre a dhéanamh ar achainíocha, iad a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu – litreacha a ullmhú, ríomh-achainí, láithreán gréasáin, cuairteanna aimsithe faisnéise; |
|
— |
Rúnaíocht an Choiste (cruinnithe agus cruinnithe na gcomhardaitheoirí a eagrú, pleanáil, miontuairiscí etc.) a sholáthar; |
|
— |
An caidreamh leis na saoránaigh a dhéanann achainí a áirithiú; |
|
— |
Teagmhálacha leis na hinstitiúidí eile (Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh, buanionadaíochtaí agus seirbhísí taidhleoireachta na mBallstát agus tríú tíortha), le páirtithe leasmhara agus leis an tsochaí shibhialta a áirithiú; |
|
— |
Teagmhálacha leis an Ombudsman Eorpach agus le coistí um achainíocha sna parlaimintí náisiúnta a áirithiú; |
|
— |
Trí rannchuidithe i scríbhinn agus ó bhéal, cabhrú leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna dóibh mar Uachtarán, mar Leas-Uachtarán, mar rapóirtéir, mar rapóirtéir don tuairim; |
|
— |
Doiciméid oibre/dréacht-tuarascálacha (nósanna imeachta reachtacha agus neamhreachtacha) a ullmhú. |
AN ROINN BEARTAIS UM CHEARTA NA SAORÁNACH AGUS UM GHNÓTHAÍ BUNREACHTÚLA
|
— |
Cúnamh a thabhairt do na comhlachtaí parlaiminteacha agus do rúnaíochtaí na gcoistí parlaiminteacha (staidéir agus nótaí inmheánacha agus seachtracha, ceardlanna, nótaí d’oifigí pearsanta an Uachtaráin agus an Ardrúnaí) i réimse chearta na saoránach agus gnóthaí bunreachtúla (seo a leanas na coistí atá i gceist: AFCO, FEMM, JURI, LIBE, PETI); |
|
— |
A eagrú go ndéantar saothair de shaineolas seachtrach (sainaithint riachtanas, glaonna ar thairiscintí, meastóireacht) a chur ar fáil do na coistí parlaiminteacha; malartuithe le saineolaithe seachtracha, le hinstitiúidí taighde agus le hollscoileanna a fhorbairt; |
|
— |
Nuashonrú na mbileog eolais a áirithiú; |
|
— |
Caidreamh a fhorbairt le hArd-Stiúrthóireacht EPRS, obair na roinne beartais a scaipeadh, uirlisí oibre na roinne beartais a fhorbairt; |
|
— |
A bheith rannpháirteach i dtimpeallacht teicneolaíochta faisnéise nua-aimseartha le haghaidh bainistiú eolais a chur i bhfeidhm. |