This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C2014/108A/01
Notice of open competition EPSO/AST/132/14 — Security Profile 1 — Digital monitoring officers and open source intelligence specialists (AST 3) Profile 2 — Prevention and surveillance coordinators (AST 3)
Fógra comórtais oscailte EPSO/AST/132/14 – Slándáil Próifíl 1 – Gníomhairí breathnóireachta digití agus saineolaithe faisnéise foinse oscailte (AST 3) Próifíl 2 – Comhordaitheoirí sábháilteachta agus faireachais (AST 3)
Fógra comórtais oscailte EPSO/AST/132/14 – Slándáil Próifíl 1 – Gníomhairí breathnóireachta digití agus saineolaithe faisnéise foinse oscailte (AST 3) Próifíl 2 – Comhordaitheoirí sábháilteachta agus faireachais (AST 3)
IO C 108A, 10.4.2014, pp. 1–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
10.4.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CA 108/1 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
EPSO/AST/132/14 – SLÁNDÁIL
Próifíl 1 – Gníomhairí breathnóireachta digití agus saineolaithe faisnéise foinse oscailte (AST 3)
Próifíl 2 – Comhordaitheoirí sábháilteachta agus faireachais (AST 3)
2014/C 108 A/01
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú óna n-earcófar cúntóirí (1).
Is é is aidhm don chomórtas seo painéil a thiomsú chun poist fholmha d’oifigigh in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh, go háirithe i bParlaimint na hEorpa agus sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS).
Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, ní mór duit na treoracha do chomórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 60 A an 1 Márta 2014 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn.
Is cuid dhílis den fhógra comórtais na treoracha sin agus cuideoidh siad leat rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.
AN CLÁR ÁBHAR
|
I. |
CÚLRA |
|
II. |
DUALGAIS |
|
III. |
INCHÁILITHEACHT |
|
IV. |
TRIALACHA IONTRÁLA |
|
V. |
CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ |
|
VI. |
COMÓRTAS OSCAILTE |
|
VII. |
PAINÉIL |
|
VIII. |
CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH |
I. CÚLRA
|
próifíl 1 = 15 próifíl 2 = 54 |
||
|
Baineann an fógra seo le dhá phróifíl. Ní féidir clárú ach d’aon phróifíl amháin. Ní mór an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir í a athrú i ndiaidh an dáta deiridh clárúcháin. |
II. DUALGAIS
Tá cur síos ar an dá phróifíl san Iarscríbhinn.
III. INCHÁILITHEACHT
Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne , ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
|||||||||
|
|||||||||
|
|||||||||
|
2.1. |
Cáilíochtaí agus taithí oibre Féach Iarscríbhinn |
||||||||
|
2.2. |
Eolas ar theangacha (2) |
||||||||
|
Teanga 1 |
Príomhtheanga Sáreolas ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. |
||||||||
|
Teanga 2 |
Dara teanga (nach ionann í agus teanga 1) Eolas sásúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis. |
||||||||
Le post a fháil i seirbhísí slándála Pharlaimint na hEorpa i Lucsamburg, teastaíonn tuiscint mhaith ar an bhFraincis, idir labhairt agus scríobh, rud nach féidir déanamh dá uireasa chun an obair i gceist a dhéanamh agus chun déileáil le gníomhaithe seachtracha. Is í Parlaimint na hEorpa a fhostóidh formhór na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo i bpróifíl 2.
I gcás phróifíl 1, is sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí amháin a bheidh na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo fostaithe.
I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an AE.
Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhísí, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na n-institiúidí.
Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánaí, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Is dearbhú é sin ar an méid a bhfuiltear ag súil leis faoi láthair maidir le leibhéal oideachais agus inniúlachtaí gairme iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh máistreacht ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin mar theanga oibre. Mar sin, ligeann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha d’institiúidí an Aontais a mheas cé chomh hábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.
Ar na cúiseanna céanna, moltar an teanga chumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, an teanga ina scríobhtar na hiarratais san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais ar aon dul le chéile.
Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin.
Tá na bearta seo gan dochar d’fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne.
IV. TRIALACHA IONTRÁLA
Is ar ríomhaire a dhéanfar na trialacha iontrála agus is é EPSO a eagróidh iad. Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha agus a fhaomhfaidh an t-ábhar a bheidh iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.
Ní eagrófar na trialacha iontrála ar ríomhaire ach amháin má bhíonn an líon daoine a chláróidh don chomórtas os cionn tairsí áirithe. Is é stiúrthóir EPSO, ina cháil mar údarás a bhfuil cumhacht ainmniúcháin aige, a shocróidh an tairseach sin, i ndiaidh deireadh a theacht le clárú na n-iarrthóirí. D’fhéadfadh an tairseach sin a bheith éagsúil ó phróifíl go próifíl agus cuirfear an tairseach sin in iúl duit trí do chuntas EPSO.
Murab amhlaidh an scéal, beidh na trialacha inniúlachtaí ar siúl san ionad measúnaithe (féach Roinn VI.2).
|
Tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh má bhailíochtaigh tú d’iarratas in am (féach Roinn VIII). Tabhair do d’aire:
|
|||||||
|
Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun measúnú a dhéanamh ar do chuid inniúlachtaí réasúnaíochta: |
|||||||
|
Triail (a) |
Réasúnaíocht bhriathartha |
Marcáil: marcálfar an triail seo as 20 pointe An pasmharc: 10 bpointe |
||||||
|
Triail (b) |
Réasúnaíocht uimhriúil |
Marcáil: marcálfar an triail seo as 10 bpointe |
||||||
|
Triail (c) |
Réasúnaíocht theibí |
Marcáil: marcálfar an triail seo as 10 bpointe |
||||||
|
|
10 bpointe an pasmharc d’iomlán thrialacha (b) agus (c) |
|||||||
|
Teanga 1 |
|||||||
V. CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ
1. Nós imeachta
An scrúdú ar na coinníollacha ginearálta agus sonracha agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí, déanfar iad ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú i d’iarratas.
|
(a) |
Scrúdófar do chuid freagraí i leith na gcoinníollacha ginearálta agus sonracha féachaint an bhfuil tú ar dhuine de na daoine a gcomhlíonann coinníollacha iontrálacha uile an chomórtais. I gcás ina réamhéagrófar trialacha iontrála, déanfar na coinníollacha ginearálta agus sonracha a scrúdú, in ord íslitheach na bpointí a gnóthaíodh sna trialacha iontrála, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí de réir próifíle a shocraigh an t-údarás a bhfuil cumhacht ainmniúcháin aige (3) , ar iarrthóirí iad:
|
|
(b) |
Ansin, déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais, roghnú ar bhonn cáilíochtaí chun na hiarrthóirí a aithint a bhfuil na cáilíochtaí is ábhartha acu (go háirithe a fhad a bhaineann le dioplómaí agus taithí oibre) i dtaca leis na dualgais agus na critéir roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais seo. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú sa chluaisín “scagthóir buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent), agus ar an mbonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú sin, de réir na scéime marcála seo thíos:
|
Ansin, tiomsóidh an bord roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí in ord na marcanna foriomlána. An líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh (4) chun an ionaid mheasúnaithe dóibh, beidh sé comhionann le trí oiread ar a laghad an líon iarrthóirí a n-éireoidh leo. Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).
2. Dearbhuithe na n-iarrthóirí a sheiceáil
I ndiaidh thrialacha an ionaid mheasúnaithe agus de réir na dtorthaí a gnóthaíodh sna trialacha sin, déanfaidh EPSO na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus déanfaidh an bord roghnúcháin iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha. Maidir leis na cáilíochtaí a mheas, ní chuirfear na doiciméid tacaíochta san áireamh ach amháin chun na freagraí a tugadh cheana sa chluaisín “scagthóir buanna” a dhearbhú. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe sin (5) ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas.
Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar na hiarrthóirí sin a ghnóthaigh na pasmharcanna agus na marcanna foriomlána is fearr i dtrialacha (d), (e), (f) agus (g) den ionad measúnaithe (féach Roinn VI.2). Nuair is iomchuí, ní mór do na hiarrthóirí an pasmharc a ghnóthú i dtrialacha inniúlachta (a), (b) agus (c). Déanfar an tseiceáil sin go dtí go sroichfear an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar na painéil, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin.
VI. COMÓRTAS OSCAILTE
|
Má bhíonn tú ar dhuine de na hiarrthóirí (6)
tabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe duit, rud is gnách a bheith ar siúl sa Bhruiséil (7) ar feadh lá nó dhó. |
||||||||||||||||||||||
|
Déanfar trí chineál measúnaithe ort agus is é an bord roghnúcháin a dhéanfaidh a mbeidh iontu a fhaomhadh:
|
Scrúdófar gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta mar atá léirithe sa tábla seo thíos:
|
|
Cás-staidéar |
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Agallamh struchtúrtha |
|
Anailísiú agus réiteach fadhbanna |
x |
x |
|
|
Cumarsáid |
x |
|
x |
|
Cáilíocht agus torthaí |
x |
|
x |
|
Foghlaim agus forbairt |
|
x |
x |
|
Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán |
x |
x |
|
|
Buanseasmhacht |
|
x |
x |
|
Obair bhuíne |
|
x |
x |
|
Teanga 1 i gcás thrialacha (a), (b) agus (c) Teanga 2 i gcás thrialacha (d), (e), (f) agus (g) |
||||||||
|
Inniúlachtaí réasúnaíochta
An pasmharc d’iomlán thrialacha (b) agus (c): 10 bpointe Trialacha díbeartha is ea trialacha (a), (b) agus (c) ach ní chuirfear marcanna na dtrialacha sin le marcanna eile a gnóthaíodh i dtrialacha eile an ionaid mheasúnaithe. Inniúlachtaí sonracha (triail (d)) Marcálfar an triail seo as 100 pointe An pasmharc: 50 pointe Ualú: 55 % den mharc foriomlán Inniúlachtaí ginearálta (trialacha (e), (f) agus (g)) Marcálfar gach ceann de na trialacha inniúlachtaí ginearálta as 10 bpointe An pasmharc: 3 phointe do gach inniúlacht agus 35 phointe as 70 d’iomlán na 7 n-inniúlacht ghinearálta Ualú: 45 % den mharc foriomlán |
VII. PAINÉIL
|
Cuirfidh an bord roghnúcháin d’ainm ar an bpainéal
|
||||||
|
Tiomsófar na painéil de réir próifíle agus in ord aibítre. |
VIII. CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH
|
Ní mór duit clárú ar líne sa tslí atá léirithe ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa Treoirleabhar maidir le clárúchán go háirithe. Spriocdháta (an bailíochtú san áireamh): 13 Bealtaine 2014 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile. |
||
|
Má bhíonn tú ar dhuine de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chun an ionaid mheasúnaithe, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d’iarratas a thabhairt leat (10) (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh) chun an ionaid mheasúnaithe. Sonraí praiticiúla: féach pointe 2.1.7 de na forálacha ginearálta is infheidhme maidir le comórtais oscailte. |
(1) Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.
(2) Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR) – íosleibhéal: teanga 1 = C1, teanga 2 = B2 (http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp).
(3) Beidh an líon cothrom leis an tairseach dá dtagraítear sa dara paragraf de Roinn IV.
(4) Na hiarrthóirí nach bhfaighidh cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe, féadfaidh siad torthaí a measúnaithe a fháil, chomh maith leis an ualú a thug an bord roghnúcháin do gach ceist.
(5) Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula dtiomsófar an painéal (féach Roinn VII.1 agus Roinn VIII.2).
(6) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe dóibh go léir.
(7) Ar chúiseanna eagrúcháin, d’fhéadfadh na trialacha inniúlachtaí a bheith ar siúl in ionaid scrúdúcháin sna Ballstáit, is cuma cá mbeidh trialacha eile an ionaid mheasúnaithe ar siúl.
(8) Tá cur síos ar na hinniúlachtaí seo i bpointe 1.2 de na forálacha ginearálta is infheidhme maidir le comórtais oscailte.
(9) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí sin ar fad ar an bpainéal.
(10) Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.
IARSCRÍBHINN
Próifíl 1 – Gníomhairí breathnóireachta digití agus saineolaithe faisnéise foinse oscailte (AST 3)
1. Dualgais
In Eusitroom (Seomra Staide AE), déantar an staid idirnáisiúnta agus coinbhleachtaí polaitiúla domhanda a fhaire agus a mheas, 24 uair an chloig sa lá, 365 lá sa bhliain, trí dhíriú isteach ar thíortha/réigiúin leochaileacha, ar an sceimhlitheoireacht, ar iomadú arm ollscriosta, etc.
Oibríonn Eusitroom i gcomhar leis an Ardionadaí don chomhbheartas eachtrach agus slándála/Leasuachtarán an Choimisiúin, agus le SEGS agus a gréasán de thoscaireachtaí ar fud an domhain, chun anailís riosca a dhéanamh, géarchéimeanna agus coinbhleachtaí a chosc agus chun na bearta mearfhreagartha is gá a cheapadh chun an chobhsaíocht agus an tsíocháin i réigiúin agus i dtíortha atá i staid coinbhleachta a chaomhnú.
Is trí eolas a bhailiú, a eagrú agus a anailísiú ó fhoinsí oscailte atá Eusitroom in ann seirbhísí a sholáthar. Chuige sin ní mór taighde agus imscrúduithe a dhéanamh, mar aon le tuarascálacha agus staidéir anailíse ar staideanna agus ar chásanna féideartha a ullmhú chun cuidiú le lucht stiúrtha SEGS cinntí a dhéanamh.
D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar oifigigh obair a dhéanamh sa lá nó san oíche, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí.
Trí iarratas a chur isteach, aontaíonn iarratasóirí dul faoi thrialacha roghnúcháin breise chun a n-inniúlachtaí teicniúla a chruthú agus dul faoi scagadh slándála chun údarú a fháil doiciméid rúnaicmithe a eisiúint agus a fháil, ar trialacha agus scagadh iad a éileoidh SEGS ar iarratasóirí a dhéanamh má éiríonn leo áit a fháil ar an bpainéal a thiomsóidh an bord roghnúcháin.
2. Cáilíochtaí agus taithí oibre
Oideachas tríú leibhéal agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh a bhaineann le dualgais an phoist (dioplómaí arna n-eisiúint ag acadamh póilíneachta nó scoil mhíleata san áireamh), nó oiliúint ghairmiúil ar leibhéal coibhéiseach, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin agus a bhaineann le dualgais an phoist.
NÓ
Oideachas dara leibhéal agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh nó oiliúint ghairmiúil ar leibhéal coibhéiseach, agus taithí oibre sé bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin i roinn riaracháin stáit i réimse na slándála, e.g. i seirbhís faisnéise (sibhialta nó míleata), i Roinn Gnóthaí Baile, i bhfórsa póilíneachta, san arm, nó i seirbhís taidhleoireachta.
NÓ
Taithí oibre deich mbliana ar a laghad a bhaineann le dualgais an phoist.
3. Critéir roghnúcháin
Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:
|
1. |
Taithí oibre in aonad breathnóireachta stáit (mar shampla: Roinn Gnóthaí Eachtracha, Roinn Cosanta nó Roinn Gnóthaí Baile, Seirbhísí Eolais agus/nó Faisnéise) nó i gcomhlachtaí stáit dá leithéidí. Sin nó taithí oibre in aonad breathnóireachta de chuid eagraíochta idirnáisiúnta, de chuid comhlachta phríobháidaigh nó de chuid eagraíochta neamhrialtasaí. |
|
2. |
Taithí oibre i réimse na slándála a bhaineann le húsáid foinsí san fhíoram (na meáin closamhairc, áisíneachtaí nuachta, gréasáin shóisialta) i gcásanna a dteastaíonn mearfhreagairt uathu. |
|
3. |
Taithí oibre a bhaineann le cinntí a dhéanamh go mear nuair atá mórán i ngeall. |
|
4. |
Taithí oibre i réimse na slándála, i dtimpeallacht inar gá déileáil le méid mór faisnéise agus foinsí. |
|
5. |
Taithí oibre a bhaineann le bainistiú agus réiteach teagmhas a bhaineann le faisnéis, foirgnimh agus pearsanra. |
|
6. |
Taithí oibre a bhaineann le bainistiú géarchéimeanna ar leibhéal idirnáisiúnta agus/nó ar leibhéal náisiúnta. |
|
7. |
Taithí oibre i réimse na slándála a bhaineann le hanailís riosca, le cuardach faisnéise nó le himscrúduithe a dhéanamh. |
|
8. |
Taithí ar a bheith ag obair le foireann ilchultúrtha i réimse na slándála. |
|
9. |
Taithí ar a bheith ag obair de réir amchláir sholúbtha (seirbhís gan bhriseadh 24/7 atá ann). |
|
10. |
Taithí oibre a bhaineann le húsáid bunachar sonraí agus uirlisí TF eile ar nós Lexis Nexis, Oxford Analytica, Jane’s, STRATFOR, Control Risk Group, nó taithí oibre a bhaineann le húsáid foinsí oscailte (bogearraí mianadóireachta sonraí i réimse OSINT (Open Source Intelligence) san áireamh) agus a bhaineann leis na gréasáin shóisialta (e.g. Twitter, Facebook, You Tube). |
|
11. |
Taithí ar a bheith ag obair lasmuigh den ghnáthionad oibre, ar mhisin thar lear, agus go háirithe i gceantair ardriosca. |
Próifíl 2: Comhordaitheoirí sábháilteachta agus faireachais (AST 3)
1. Dualgais
Beidh de chúram ar an gcomhordaitheoir cúnamh a thabhairt do riarthóir mar bhall d’fhoireann gníomhairí sábháilteachta agus faireachais a bhfuil de chúram orthu fáilte a chur roimh fheisirí, roimh an bhfoireann bhuan agus a gcuairteoirí agus eolas a thabhairt dóibh, féachaint chuige go gcomhlíontar i gceart treoracha slándála, go gcosnaítear daoine agus earraí, agus beidh de chúram air seirbhísí a chuireann gnólachtaí airíochais ar fáil a stiúradh. Déantar na cúraimí sin ag bealaí isteach na bhfoirgneamh agus na láithreán ina bhfuil an institiúid lonnaithe.
Faoi údarás an oifigigh i bhfeighil agus ar bhonn treoracha ginearálta agus chinntí na hinstitiúide, déanfaidh an comhordaitheoir cúraimí a bhaineann le heagrú, stiúradh agus rialú na bhfoirne a fhéachann i ndiaidh cúrsaí slándála (e.g. sábháilteacht, faireachas, airíochas) agus le bainistiú na hoibre casta arb é atá ann treoracha maidir leis na nithe sin a ghlacadh, a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm.
Beidh na cúraimí seo a leanas air:
|
— |
gach ar gá a dhéanamh chun deimhin a dhéanamh de go gcuirfear seirbhís leanúnach ghairmiúil chúirtéiseach ar fáil i dtólamh a bheidh chun sástachta na hinstitiúide; |
|
— |
inniúlachtaí na bhfoirne gníomhairí sábháilteachta agus faireachais a bhainistiú, a spreagadh agus a fhorbairt faoi údarás riarthóra agus i gcomhar le saineolaithe acmhainní daonna. Beidh i gceist leis sin go háirithe féith na ceannaireachta agus na spreagthachta a chothú trí leas a bhaint as na teicnící bainistithe foirne is fearr dá bhfuil ann do thimpeallacht ilchultúrtha; |
|
— |
féachaint chuige go ndéantar cumarsáid mar is ceart agus go gcomhordaítear seirbhísí le baill slándála eile (iad siúd a bhíonn ag plé leis an tslándáil inmheánach, leis an tslándáil theicniúil, le creidiúnú agus le bainistiú riosca) agus le seirbhísí seachtracha (seirbhísí prótacail, cuairteanna, etc.); |
|
— |
seiceáil an bhfuil treoracha ag gach ball foirne a bhíonn ag plé le cúraimí sábháilteachta agus faireachais agus go dtuigeann siad iad, bainistiú a dhéanamh ar aon teagmhais a d’fhéadfadh tarlú trí na treoracha a thugtar a leanúint go cruinn agus go cuí, gach beart is gá a dhéanamh ar mhaithe le slándáil agus leanúnachas ghníomhaíochtaí na hinstitiúide, treoracha slándála soiléire ábhartha a ullmhú agus a thabhairt agus monatóireacht a dhéanamh ar na treoracha sin; |
|
— |
mar chuid d’fhoireann agus de réir uainíochta, féachaint chuig feidhmiú lárionad comhordúcháin na seirbhísí slándála 24 uair an chloig sa lá, seacht lá sa tseachtain, chuig comhordú ginearálta na socruithe faireachais, sábháilteachta agus slándála i bhfoirgneamh amháin nó níos mó, nó chuig dea-fheidhmiú na suiteálacha teicniúla slándála, go háirithe an córas cianbhainistíochta, agus deimhin a dhéanamh de go leanfar bileoga sonraí teicniúla na bhfoirgneamh; |
|
— |
bheith in ann a dhéanamh amach roimh ré cén leibhéal seirbhíse a theastaíonn chuig gníomhaíochtaí éagsúla na hinstitiúide agus treoracha a chur in oiriúint dá réir bunaithe ar anailís riosca arna déanamh ag na seirbhísí inniúla, réitigh a mholadh i gcomhréir leis an leibhéal riosca i gceist, agus socruithe teicniúla agus daonna éifeachtúla a chur ar bun; |
|
— |
bheith rannpháirteach in imscrúduithe maidir le teagmhas amhail goid, cailliúint, ionsaithe, damáiste nó dochar d’aon sórt; |
|
— |
tuarascálacha laethúla monatóireachta a ullmhú maidir le haon teagmhais agus neamhrialtachtaí a tharla agus maidir leis na rialuithe a rinneadh i bhfeidhmiú na seirbhíse; |
|
— |
bheith freagrach as dea-fheidhmiú na gconarthaí a sheiceáil, go háirithe trí cháilíocht agus comhréireacht na seirbhísí a fhíorú, lena n-áirítear ó thaobh an lín foirne de, do gach seirbhís atá sainaitheanta sna sonraíochtaí. |
D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar na daoine a cheapfar sna poist seo obair a dhéanamh sa lá nó san oíche, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí, agus i láithreáin éagsúla de chuid na hinstitiúide (an Bhruiséil, Lucsamburg, Strasbourg).
Tá an-tábhacht ag baint le cumas na n-iarrthóirí fadhbanna den uile chineál, ar minic casta iad, a thuiscint agus freagairt thapa éifeachtúil a thabhairt orthu sin go socair más gá de bharr na n-imthosca. Tá sé tábhachtach, leis, na n-iarrthóirí a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach. Ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann ag dianobair rialta, leo féin agus i bhfoireann.
2. Cáilíochtaí agus taithí oibre
Oideachas tríú leibhéal agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh a bhaineann le dualgais an phoist, nó oiliúint ghairmiúil ar leibhéal coibhéiseach, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin agus a bhaineann le dualgais an phoist.
NÓ
Oideachas dara leibhéal agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar an oideachas tríú leibhéal, nó oiliúint ghairmiúil ar leibhéal coibhéiseach, agus taithí oibre sé bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin agus a bhaineann le dualgais an phoist.
NÓ
Taithí oibre deich mbliana ar a laghad a bhaineann Ie dualgais an phoist.
3. Critéir roghnúcháin
Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:
|
1. |
Taithí oibre ar riar ionaid comhordúcháin/ionaid ceannais nó ar a bheith ag plé le conarthaí a bhaineann le sábháilteacht, slándáil, nó airíochas, agus rialú suiteálacha teicniúla san áireamh. |
|
2. |
Taithí oibre ar bhainistiú foirne i réimse na sábháilteachta agus an fhaireachais, lena n-áirítear dáileadh agus comhordú cúraimí, monatóireacht ar dhéanamh cúraimí, spreagadh an luchta foirne, agus oiliúint leanúnach. |
|
3. |
Taithí oibre ar threoracha slándála, sábháilteachta agus faireachais a ullmhú, a scaipeadh, a chur chun feidhme agus monatóireacht a dhéanamh orthu. |
|
4. |
Taithí oibre ar sheirbhísí seachtracha (seirbhísí prótacail, cuairteanna, etc.) agus seirbhísí inmheánacha i réimse na sábháilteachta, an fhaireachais agus na slándála a chomhordú. |
|
5. |
Taithí oibre a bhaineann le bainistiú agus réiteach teagmhas slándála, agus bainistiú coinbhleachtaí san áireamh, eolas ar an dóigh ar ceart gníomhú i gcásanna nuair atá baol ann i ndáiríre agus nuair a d’fhéadfadh baol a bheith ann (bagairtí, duine ionsaitheach, pacáiste amhrasach, rabhadh dóiteáin, etc.). |
|
6. |
Taithí ar a bheith ag obair de réir amchláir sholúbtha (seirbhís gan bhriseadh 24/7 atá ann). |
|
7. |
Taithí oibre a bhaineann le bainistiú oibríochtúil agus monatóireacht riaracháin a dhéanamh ar sheirbhísí a dhéantar faoi chonradh airíochais (rialuithe, tuairiscí, etc.). |
|
8. |
Taithí ar a bheith ag obair le foirne ilchultúrtha iltheangacha in eagraíocht Eorpach nó idirnáisiúnta, agus bainistiú foirne den sórt sin san áireamh. |
|
9. |
Taithí oibre lena mbaineann caidreamh leis an bpobal. |