EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2011/361A/01

Fógra folúntais CONS/AD/097

IO C 361A, 10.12.2011, p. 1–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

10.12.2011   

GA EN FR

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA FOLÚNTAIS CONS/AD/097

(2011/C 361 A/01)

Eolas ginearálta

Roinn

An tSeirbhís Dlí, Stiúrthóireacht 5 ''Ceartas agus Gnóthaí Baile''

Áit oibre

An Bhruiséil

Teideal poist

Stiúrthóir

Grúpa feidhme agus grád

AD 14

Imréiteach riachtanach slándála

SECRET UE (RÚNDA AE)


Spriocdháta d'iarratais:

12 Eanáir 2012.

Cé sinne

Is í an tSeirbhís Dlí comhairleoir dlí na Comhairle. Cabhraíonn sí leis an gComhairle agus lena comhlachtaí ullmhúcháin, an Uachtaránacht agus an Ardrúnaíocht, d'fhonn dlíthiúlacht agus cáilíocht dréachtaithe na n-achtanna ón gComhairle a áirithiú. Cuireann sí leis, réitigh atá ceart ó thaobh an dlí de agus inghlactha ó thaobh na polaitíochta de a shainaithint trí chur chuige cruthaitheach a ghlacadh i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le ranna eile den Chomhairle. Déanann an tSeirbhís Dlí ionadaíocht ar an gComhairle in imeachtaí os comhair cúirteanna an Aontais Eorpaigh. Is é cuspóir leanúnach na Seirbhíse Dlí tuairimí in am tráth a chur ar fáil arb éard is suntasach fúthu a meas iomlán ar an dlí, a neamhchlaontacht agus a soiléire.

Ár dtairiscint

Post ardphróifíl é seo i gceann de na príomhinstitiúidí Eorpacha. Is é an stiúrthóir ceannaire na stiúrthóireachta “Ceartas agus Gnóthaí Baile” i Seirbhís Dlí na Comhairle, agus beifear ag súil go gcuirfidh an t-iarrthóir a roghnófar go mór le forbairt agus dul chun cinn reachtaíocht an AE i réimse an cheartais agus gnothaí baile. Beidh sé/sí ag obair i dtimpeallacht dhlíthiúil agus pholaitiúil a bhfuil dúshlán mór ag roinnt léi, agus beidh sé/sí ina c(h)eannaire ar fhoireann ilchultúrtha comhairleoirí agus cúntóirí, agus spreagfaidh sé/sí iad, agus beidh neart deiseanna ann a (h)ábaltacht a léiriú ó thaobh cuspóirí a shainaithint agus a bhaint amach, cinntí fónta a dhéanamh agus dea-scileanna bainistiú pearsanra a bheith aige/aici. Chomh maith leis sin, tá pacáiste tarraingteach tuarastail á thairiscint againn.

Cuspóir an phoist

Faoi údarás an Ardstiúrthóra, déanfaidh an té a cheapfar a Stiúrthóireacht a bhainistiú agus comhairle a chur ar fáil sna réimsí laistigh dá sainordú. Cuirfidh an té a cheapfar comhairle dlí ar ardleibhéal ar fáil, i bhfoirm scríofa agus nó i bhfoirm béil, sna réimsí a chuimsítear le sainordú na Stiúrthóireachta.

Cúraimí

Faoi údarás an Ardstiúrthóra, déanfaidh an té a cheapfar a Stiúrthóireacht a bhainistiú agus a gníomhaíochtaí a eagrú, agus tacú leis an bhfoireann agus iad a spreagadh ina gcuid oibre.

Comhairle, agus tuairimí i scríbhinn nó i bhfoirm bhéil, a chur ar fáil ar ardleibhéal, as a stuaim féin nó ar iarraidh, maidir le ceisteanna dlí agus institiúideacha don Chomhairle, do Coreper nó do chomhlachtaí ullmhúcháin eile agus d'Ardrúnaíocht na Comhairle chomh maith.

An Uachtaránacht agus/nó ARC a chomhairliú maidir le gnéithe dlíthiúla de na sainchomhaid d'fhonn cur le réitigh a aimsiú atá ceart ó thaobh an dlí de agus inghlactha ag an gcomhlacht lena mbaineann agus staidéir ardleibhéal a dhéanamh sna réimsí a chuimsítear le sainordú na Stiúrthóireachta.

Ionadaíocht a dhéanamh ar an tSeirbhís laistigh den ARC agus go seachtrach araon, go háirithe maidir lena caidreamh leis an Uachtaránacht, agus lena caidreamh le hinstitiúidí eile.

Cáilíocht na seirbhísí agus na dtáirgí arna soláthar ag an Stiúrthóireacht a áirithiú.

Bainistíocht phroifisiúnta ar acmhainní na Stiúrthóireachta a áirithiú.

Cumarsáid éifeachtach agus comhar a áirithiú laistigh den Stiúrthóireacht agus leis na Stiúrthóireachtaí eile araon, agus le seirbhísí eile an ARC chomh maith.

A bheith rannpháirteach i gcruinnithe i ndiaidh imeachtaí na Comhairle, Coreper agus, más gá, comhlachtaí eile ullmhúcháin, agus i gcás inarb iomchuí, i seisiúin eolais agus/nó in idirbheartaíocht d'fhonn teacht ar chomhréitigh agus réitigh a aimsiú.

Tacú leis an gComhairle Eorpach nó leis an gComhairle agus ionadaíocht a dhéanamh orthu i ndíospóidí dlí agus, i gcás inarb iomchuí, ionadaíocht a dhéanamh orthu os comhair chúirteanna an AE.

Inniúlachtaí riachtanacha

Eolas cuimsitheach ar dhlí an AE.

Eolas maith ar fheidhmiú agus ar nósanna imeachta an Aontais Eorpaigh.

Tá feasacht ar cheartas agus ar ghnóthaí baile ríthábhachtach don phost.

Gníomhú mar is iomchuí as a stuaim féin.

Ábaltacht cruthaitheacht a léiriú.

Inniúlacht oibriú i dtimpeallacht idirnáisiúnta ilchultúrtha.

Ábaltacht taidhleoireacht agus scileanna cumarsáide a léiriú.

Is ríthábhactach an inniúlacht don phost í an inniúlacht ghinearálta “Cumarsáid Idirphearsanta”.

Ábaltacht caidrimh mhaithe feidhme a choimeád le réimse daoine.

Inniúlachtaí bainistíochta: obair agus acmhainní a bhainistiú, feasacht eagraíochta, cinntí a dhéanamh, ceannaireacht, forbairt foirne.

Caithfidh ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh a bheith ar a dtoil ag iarratasóirí agus an oiread eolais a bheith acu ar cheann eile díobh agus go mbeidh siad in ann a gcuid dualgas a chomhlíonadh. I dtéarmaí praiticiúla, i bhfianaise na réimsí gníomhaíochtaí a chlúdaítear, caithfidh eolas a bheith ag iarratasóirí ar an bhFraincis agus ar an mBéarla ar a laghad.

Coinníollacha iontrála

Maidir leis na hiarratasóirí:

caithfidh náisiúntacht ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bheith acu,

caithfidh a gcearta iomlána mar shaoránaigh a bheith á dteachtadh acu,

caithfidh gach oibleagáid a chuirtear orthu faoi na dlíthe a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu,

caithfidh siad na riachtanais carachtair a chomhlíonadh i ndáil leis na dualgais,

caithfidh leibhéal oideachais a bheith acu arb ionann é agus staidéir ollscoile atá tugtha chun críche agus dioplóma mar chruthú air nuair is é ceithre bliana nó níos mó gnáthfhad na staidéar sin, nó leibhéal oideachais arb ionann é agus staidéir ollscoile atá tugtha chun críche agus dioplóma mar chruthú air agus taithí iomchuí bliana ar a laghad nuair is é trí bliana ar a laghad gnáthfhad na staidéar sin,

caithfidh ar a laghad 15 bliana de thaithí phroifisiúnta a bheith acu, agus cúig bliana ar a laghad den taithí sin a bheith caite i gceannas ar eintiteas mór riaracháin, agus caithfidh freagrachtaí bainistíochta agus eagrúcháin a bheith comhlíonta go héifeachtach acu.

Caithfidh na coinníollacha iontrála uile a bheith á gcomhlíonadh ag na hiarratasóirí tráth a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh.

Nós imeachta roghnúcháin

Is de bhun Airteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1) a reáchtáiltear an nós imeachta roghnúcháin. D'fhonn cabhrú leis an Údarás Ainmniúcháin rogha a dhéanamh, bunófar Coiste Comhairleach Roghnúcháin agus cuirfear de fhreagracht air liosta de na hiarratasóirí is fearr a chur i dtoll a chéile. Scrúdóidh an Coiste cáilíochtaí agus taithí na n-iarratasóirí ar dtús, agus iarrfar ar na hiarratasóirí a roghnófar freastal ar agallamh.

Iarratas

Ba cheart na hiarratais a sheoladh, tríd an bpost cláraithe más féidir é, chuig: Service du recrutement (An tSeirbhís Earcaíochta), Secrétariat général du Conseil de l'Union européenne (Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh), rue de la Loi/Wetstraat 175, 1048 Bruxelles/Brussel, BELGIQUE/BELGIË, tráth nach déanaí ná an 12 Eanáir 2012, agus is é an postmharc a chruthóidh gur cuireadh sa phost faoin dáta sin iad.

Ní mheasfar aon chomhad ach amháin má bhíonn na nithe uile a leanas ann:

(a)

an fhoirm iarratais (ANNEX 3/ANNEXE 3), agus í comhlíonta, dátaithe agus sínithe go cuí (le do shíniú bunaidh uirthi);

(b)

litir inspreagtha lena ngabhfaidh curriculum vitae mionsonraithe, i mBéarla nó i bhFraincis, de rogha i bhformáid an Europass (http://europass.cedefop.europa.eu), lena gcumhdófar gairmréim iomlán an iarratasóra agus ina sonrófar, inter alia, cáilíochtaí an iarratasóra, cur amach an iarratasóra ar theangacha, taithí an iarratasóra, na cúraimí atá faoi láthair ar an iarrastasóir; agus

(c)

doiciméid tacaíochta mar chruthúnas ar na cáilíochtaí agus ar an taithí ghairmiúil atá ag an iarratasóir (fótachóipeanna amháin). Caithfidh doiciméid tacaíochta maidir le taithí ghairmiúil teacht ó thríú páirtí agus ní leor an CV a luaitear in (b) amháin a sheoladh.

Ní sheolfar na doiciméid seo ar ais chugat.

NB:

Tá gá le himréiteach slándála don phost seo lena gceadaítear rochtain ar dhoiciméid rúnaicmithe (go dtí an leibhéal SECRET UE (RÚNDA AE)). Ba bhuntáiste é dá mbeadh an t-imréiteach sin faighte cheana ag iarratasóirí. Mura mbeidh an t-imréiteach slándála faighte roimh ré, tuigfear go mbeidh na daoine a chuirfidh isteach ar an bpost seo toilteanach dul faoi scagadh slándála faoi Chinneadh 2011/292/AE ón gComhairle (2).

Athscrúdú iarratas

Is in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo a leagtar amach na nósanna imeachta maidir le hiarratais ar athbhreithniú, ar achomhairc agus ar tharchur chuig an Ombudsman Eorpach.

Cosaint sonraí

Is in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bhfógra seo a leagtar amach na rialacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin seo.

Comhionannas deiseanna

Tá beartas comhdheiseanna á chur i bhfeidhm ag institiúidí an Aontais Eorpaigh agus glacfar iarratais gan idirdhealú ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó bunadh sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó eile, baint le mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéis.

Ós rud é nach bhfuil líon mór ban ag na leibhéil bhainistíochta is airde, d'fháilteodh Ardrúnaíocht na Comhairle go háirithe roimh iarratais ar an bpost seo ó iarratasóirí baineanna.


(1)  Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpach, arna leagan síos le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.) — http://eur-lex.europa.eu

(2)  IO L 141, 27.5.2011, lch. 17.


IARSCRÍBHINN 1

IARRATAIS AR ATHBHREITHNIÚ — NÓSANNA IMEACHTA ACHOMHAIRC

GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH

Má mheasann tú, tráth ar bith le linn an nós imeachta roghnúcháin, go bhfuil tusa thíos le cinneadh éigin a rinneadh, féadfaidh tú dul i muinín na modhanna seo a leanas:

Iarratas ar athbhreithniú ar na cinntí a rinne an Coiste Comhairleach Roghnúcháin

Laistigh de 10 lá ón dáta a bheidh ar an litir lena dtugtar fógra faoi chinneadh a rinne an Coiste Comhairleach Roghnúcháin, féadfaidh tú iarratas i scríbhinn ar athbhreithniú ar an gcinneadh sin a thíolacadh, ina leagfar amach na cúiseanna atá le d'iarratas, chuig an seoladh a leanas:

Conseil de l'Union européenne (Comhairle an Aontais Eorpaigh)

Service du recrutement (An tSeirbhís Earcaíochta)

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Seoladh ríomhphoist: service.recrutement@consilium.europa.eu

Achomhairc

Féadfaidh tú gearán a thíolacadh don údarás ainmniúcháin lena ndéantar difear diúltach duitse, faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear, chuig an seoladh a leanas:

Conseil de l'Union européenne (Comhairle an Aontais Eorpaigh)

Unité des conseillers, DGA 1B (Aonad na gComhairleoirí)

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Féadfaidh tú cás a thabhairt os comhair an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne má diúltaíodh don ghearán dá dtagraítear thuas.

Gearáin a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach

Féadfaidh tú, ar aon dul le gach saoránach eile Aontais, gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach:

Médiateur européen (An tOmbudsman Eorpach)

1 avenue du Président Robert Schuman — BP 403

67001 Strasbourg Cedex

FRANCE

faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (1).

Tabhair faoi deara, maidir le gearáin a dhéanfar leis an Ombudsman Eorpach, nach mbeidh éifeacht fionraíochta acu maidir leis an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 90(2) agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne i ndáil le gearáin nó achomhairc a thaisceadh leis an mBinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 113, 4.5.1994, lch. 15.


IARSCRÍBHINN 2

COSAINT SONRAÍ

Mar an institiúid a bhfuil freagracht uirthi as an nós imeachta roghnúcháin a eagrú, áirithíonn Ardrúnaíocht na Comhairle go bpróiseáiltear sonraí pearsanta na n-iarratasóirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Aontais Eorpaigh agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (1).

Is é an bunús dlí don nós imeachta roghnúcháin Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus an Cinneadh 2011/292/AE ón gComhairle an 31 Márta 2011 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an AE a chosaint. Is faoi fhreagracht na Stiúrthóireachta Acmhainní Daonna (DGA 1A), an tAonad Foirne agus Soghluaisteachta, a reáchtáiltear an nós imeachta roghnúcháin, agus is é ceann an aonaid sin an rialaitheoir. Beidh rochtain ag comhaltaí na Seirbhíse Earcaíochta, ag comhaltaí an Choiste Chomhairligh Roghnúcháin agus, más gá, ag comhaltaí aonaid na gcomhairleoirí dlí, ar an bhfaisnéis a chuireann iarratasóirí ar fáil.

Tá sé de chuspóir ag an oibríocht phróiseála, sonraí a bhailiú lena sainaithnítear gach duine a chuir isteach ar phost le hArdrúnaíocht na Comhairle agus chun tacú le nósanna imeachta roghnúcháin.

Seo iad na sonraí atá i gceist:

sonraí pearsanta lena bhféadfar na hiarratasóirí a shainaithint (sloinne, céadainm, dáta breithe, inscne, náisiúntacht),

faisnéis a chuireann na hiarratasóirí ar fáil chun eagrúchán praiticiúil an nós imeachta a éascú (seoladh poist, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin),

faisnéis a chuireann na hiarratasóirí ar fáil chun go mbeifear in ann a mheas an gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála a leagtar síos i bhfógra an fholúntais (náisiúntacht; teangacha; cáilíochtaí na n-iarratasóirí agus an bhliain ar bronnadh iad, cineál dioplóma/céime, ainm na hinstitiúide bronnta; taithí ghairmiúil),

más infheidhme, faisnéis ar chineál agus ar fhad imréiteach slándála na n-iarratasóirí.

Cuirtear tús leis an bpróiseáil ar an dáta a bhfaightear an t-iarratas. Cuirtear na hiarratais i gcomhad agus stóráiltear iad sa chartlann ar feadh dhá bhliain.

Féadfaidh gach iarratasóir an ceart rochtana ar na sonraí pearsanta a fheidhmiú chomh maith leis an gceart na sonraí sin a cheartú. Ba cheart achainíocha réasúnaithe a sheoladh tríd an r-phost chuig an tSeirbhís Earcaíochta ag service.recrutement@consilium.europa.eu

Féadfaidh iarratasóirí dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tráth ar bith (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.


ANNEX 3

Image

Image

Image

Image


ANNEXE 3

Image

Image

Image

Image


Top