This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C2011/082A/01
Notice of open competitions EPSO/AD/206/11 (AD 5) and EPSO/AD/207/11 (AD 7)
Fógra comórtas oscailte EPSO/AD/206/11 (grád AD 5) agus EPSO/AD/207/11 (grád AD 7)
Fógra comórtas oscailte EPSO/AD/206/11 (grád AD 5) agus EPSO/AD/207/11 (grád AD 7)
IO C 82A, 16.3.2011, pp. 1–13
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
16.3.2011 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE EPSO/AD/206/11 (GRÁD AD 5) AGUS EPSO/AD/207/11 (GRÁD AD 7)
(2011/C 82 A/01)
Ar mhaith leat a bheith ag obair inár n-institiúidí?
An bhfuil na cáilíochtaí a éilimid agat?
Cuir d'ainm isteach
Cuir an deis chun sochair duit féin
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéil a chruthú óna n-earcófar riarthóirí.
EPSO/AD/206/11 (GRÁD AD 5) AGUS EPSO/AD/207/11 (GRÁD AD 7)
Riarthóirí sna réimsí seo a leanas:
|
1. |
RIARACHÁN POIBLÍ EORPACH |
|
2. |
DLÍ |
|
3. |
EACNAMAÍOCHT |
|
4. |
INIÚCHÓIREACHT |
|
5. |
AIRGEADAS |
|
6. |
STAIDREAMH |
Is é is aidhm do na comórtais seo painéil a chruthú chun folúntais i bpoist in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh.
Roimh duit iarratas a dhéanamh, ní mór an treoir a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 184 A an 8 Iúil 2010 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go cúramach.
Is cuid dhílis den fhógra comórtais an treoir sin agus beidh sí ina cuidiú duit rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.
CLÁR NA nÁBHAR
|
I. |
CÚLRA |
|
II. |
DUALGAIS |
|
III. |
INCHÁILITHEACHT |
|
IV. |
TRIALACHA IONTRÁLA |
|
V. |
COMÓRTAS OSCAILTE |
|
VI. |
PAINÉIL |
|
VII. |
CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH |
I. CÚLRA
|
|
AD 5 |
AD 7 |
||
|
1 = 2 = 3 = 4 = 5 = 6 = |
49 17 30 45 48 37 |
25 10 11 17 16 15 |
|||
|
Tá dhá chomórtas i gceist leis an bhfógra seo agus roinnt réimsí i gceist le gach comórtas. Ní féidir leat clárú ach d'aon chomórtas amháin agus d'aon réimse amháin. Ní mór an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir é a athrú tar éis duit d'iarratas a dhearbhú agus a dheimhniú ar líne. Mar sin féin, más rud é gur ghnóthaigh tú ceann de na marcanna iomlána is fearr sna trialacha iontrála i gcomórtas leibhéal AD 7 ach nach gcomhlíonann tú coinníollacha cáilitheacha an chomórtais sin, féadfaidh an bord roghnúcháin, má thoilíonn tú é, d'iarratas a aistriú chuig comórtas leibhéal AD 5 sa réimse céanna ar choinníoll go gcomhlíonann tú coinníollacha cáilitheachta an chomórtais sin. Ní dhéanfar an t-aistriú sin ach roimh an gcuireadh chuig an ionad measúnaithe agus ar bhonn na ndearbhuithe a dhéanfaidh tú san iarratas leictreonach. Sa chás sin, cuirfear do chuid marcanna i gcomparáid le marcanna iarrthóirí chomórtas leibhéal AD 5, agus má tá tú ar dhuine de na daoine a ghnóthaigh na marcanna is fearr i dtrialacha iontrála an chomórtais sin (sa réimse a roghnaigh tú), iarrfar ort dul chuig an ionad measúnaithe. |
||||
II. DUALGAIS
Is é AD 5 an grád ag a dtosaíonn céimithe i ngairm riarthóra sna hinstitiúidí Eorpacha. Is féidir le riarthóirí arna n-earcú ag an ngrád sin trí phríomhchineál oibre a dhéanamh, faoi mhaoirsiú: foirmiú beartais, feidhmeanna oibríocha agus bainistiú acmhainní. Táimid ag lorg iarrthóirí a bheidh in ann a ngairm a fhorbairt go háirithe.
Grád AD 7
Mar aon leis na cúraimí de chuid ghrád AD 5 a bhfuil tuairisc orthu, féadfar a iarraidh ar riarthóirí a earcófar ag an ngrád sin cúraimí a dhéanamh a bhaineann le comhordú foirne agus maoirsiú oibre.
Tá tuairisc mhionsonraithe ar na réimsí éagsúla san iarscríbhinn.
Tá sonraí maidir leis an bpróifíl ghinearálta atá na hinstitiúidí a lorg ar fáil i bpointe 1.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.
III. INCHÁILITHEACHT
Ar an dáta deiridh arna shocrú le haghaidh clárúcháin ar líne (1), ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
|||||||||||
|
|||||||||||
|
|||||||||||
|
2.1. |
Cáilíocht Féach pointe 2 den Iarscríbhinn |
||||||||||
|
2.2. |
Taithí oibre Féach pointe 3 den Iarscríbhinn |
||||||||||
|
2.3. |
Eolas ar theangacha Is iad seo a leanas teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: |
||||||||||
|
BG (Bulgáiris) CS (Seicis) DA (Danmhairgis) DE (Gearmáinis) EL (Gréigis) EN (Béarla) ES (Spáinnis) ET (Eastóinis) |
FI (Fionlainnis) FR (Fraincis) GA (Gaeilge) HU (Ungáiris) IT (Iodáilis), LT (Liotuáinis) LV (Laitvis) MT (Máltais) |
NL (Ollainnis) PL (Polainnis) PT (Portaingéilis) RO (Rómáinis) SK (Slóvaicis) SL (Slóivéinis) SV (Sualainnis) |
|||||||||
|
Príomhtheanga: Sáreolas ar theanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais Eorpaigh |
||||||||||
|
agus |
|
||||||||||
|
Dara teanga (ní foláir í a bheith éagsúil le teanga 1): Eolas sásúil ar an nGearmáinis, ar an mBéarla nó ar an bhFraincis |
||||||||||
IV. TRIALACHA IONTRÁLA
|
|
|||||||||
|
Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun do chumas agus d'inniúlacht ghinearálta a mheasúnú maidir leis na nithe seo a leanas: |
|||||||||
|
Triail a) |
réasúnaíocht bhriathartha |
marcáil: 0–20 pointe pasmharc: 10 bpointe |
||||||||
|
Triail b) |
réasúnaíocht uimhriúil |
marcáil: 0–10 bpointe |
||||||||
|
Triail c) |
réasúnaíocht theibí |
marcáil: 0–10 bpointe |
||||||||
|
|
bpointe is ea an pasmharc as iomlán thriail (b) agus thriail (c) |
|||||||||
|
Triail D |
breithiúnas suíomhúil |
marcáil: 0–40 pointe pasmharc: 24 pointe |
||||||||
|
Teanga 1 i gcás thrialacha a), b) et c) Teanga i gcás thriail d) |
|||||||||
V. COMÓRTAS OSCAILTE
|
|
||||||||||||||||||||||||||
|
Tabharfar cuireadh duit páirt a ghlacadh i gcás-staidéar sa réimse i dtrácht (4) agus in imeachtaí an ionaid mheasúnaithe a reachtálfar sa Bhruiséil, i bprionsabal, ar feadh lae nó leathlae. Déanfar na hinniúlachtaí sonracha sa réimse a roghnaigh tú agus na hinniúlachtaí ginearálta seo a leanas a mheasúnú:
Tá sonraí maidir leis na hinniúlachtaí sin ar fáil i bpointe 1.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte. Scrúdófar na hinniúlachtaí sin ar na bealaí seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||
|
Teanga 2 |
||||||||||||||||||||||||||
|
Inniúlachtaí sonracha sa réimse atá roghnaithe 0–20 pointe pasmharc: 10 bpointe Inniúlachtaí ginearálta 0 go 10 bpointe le haghaidh gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta Pasmharc:
|
VI. PAINÉIL
|
Más duine de na hiarrthóirí (5) tú a ghnóthaigh na marcanna is fearr sna codanna ar fad d'imeachtaí an ionaid mheasúnaithe (féach líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo; Roinn I.1) agus má chomhlíonann tú, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, na coinníollacha incháilitheachta ar fad, cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal. |
||
|
Déanfar na painéil a tharraingt suas de réir comórtais, de réir réimse, de réir grúpa tuillteanais (ceithre ghrúpa ar a mhéid) agus in ord aibítre laistigh de gach grúpa tuillteanais. |
VII. CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH
|
Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO. Spriocdháta (deimhniú san áireamh): an 14 Aibreán 2011 ag 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile |
||
|
Ag céim níos déanaí agus ar choinníoll gur duine de na n-iarrthóirí tú dá dtugtar cead isteach san ionad measúnaithe, iarrfar ort iarratas iomlán a chur isteach (iarratas leictreonach sínithe agus doiciméid tacaíochta). Spriocdháta: cuirfear an spriocdháta in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO. Coinníollacha: féach pointe 2.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte. |
(1) Déantar eisceacht i gcás céimeanna iarrthóirí atá sa bhliain dheireanach de chúrsa ollscoile (féach pointe 2 den Iarscríbhinn).
(2) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, iarrfar orthu ar fad teacht chuig an ionad measúnaithe.
(3) Líon na n-iarrthóirí a thabharfar cead isteach san ionad measúnaithe dóibh, is ionann é agus thart ar a thrí oiread líon na n-iarrthóirí, i ngach comórtas agus i ngach réimse, atáthar a lorg de réir an fhógra seo; poibleofar sin ar shuíomh EPSO (www.eu-careers.eu) roimh chéim na hiontrála.
(4) Ar chúiseanna eagrúcháin, d'fhéadfadh sé go n-eagrófaí na trialacha réasúnaíochta sna hionaid scrúduithe sna Ballstáit, agus/nó sa Bhruiséil, is cuma cá háit a reachtálfar trialacha eile an ionaid mheasúnaithe.
(5) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, iarrfar orthu ar fad teacht chuig an ionad measúnaithe.
IARSCRÍBHINN
1. RIARACHÁN POIBLÍ EORPACH
1. Dualgais
Is é ról ginearálta na riarthóirí i réimse an Riaracháin Phoiblí Eorpaigh tacaíocht a thabhairt do na cinnteoirí agus misean a n-institiúide nó a gcomhlachta á chur chun feidhme.
Is iad seo a leanas na príomhdhualgais a bhíonn i gceist (d'fhéadfaidís a bheith éagsúil ó institiúid go chéile):
|
— |
cláir agus pleananna gníomhaíochta a cheapadh, a chur chun feidhme, a rialú agus obair iardain a dhéanamh orthu; |
|
— |
acmhainní amhail foireann cúrsaí airgeadais agus trealamh a bhainisitiú; |
|
— |
tacú leis na cinnteoirí trí chuidiú scríofa nó cuidiú ó bhéal a thabhairt dóibh; |
|
— |
nótaí faisnéise a dhréachtadh i gcomhair anailíse beartais; |
|
— |
cumarsáid sheachtrach mar aon le tuairisciú inmheánach agus cumarsáid inmheánach; |
|
— |
comhordú agus comhairliúchán idirshéirbhíse agus idirinstitiúideach, mar aon le caidreamh le geallsealbhóirí seachtracha. |
2. Cáilíochtaí
Grád AD 5
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán staidéir ollscoile trí bliana ar a laghad agus céim bainte amach ag a dheireadh.
Féadann mic léinn atá sa bhliain dheireanach de chúrsa ollscoile cur isteach ar an gcomórtas ar choinníoll go mbeidh an chéim bainte amach acu faoin 31 Iúil 2011 ar a dhéanaí.
Grád AD 7
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile ceithre bliana nó níos mo agus céim bainte amach ag a dheireadh.
Nó
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus céim bainte amach ag a dheireadh, agus taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad a bhaineann le dualgais an phoist agus a fuarthas ina dhiaidh sin.
NB: Cuid dhílis den chéim is ea an t-íosmhéid bliana amháin taithí oibre, agus ní féidir í a áireamh sa taithí oibre a éilítear thíos.
3. Taithí oibre
Grád AD 5
Níl aon taithí oibre ag teastáil.
Grád AD 7
Taithí oibre ollscoile a mhair sé bliana ar a laghad agus a bhaineann le dualgais an phoist.
Níl an taithí oibre sin ábhartha más rud é go bhfuarthas í sular baineadh amach an chéim a lig don iarrthóir isteach sa chomórtas.
2. DLÍ
1. Dualgais
Is é ról ginearálta na riarthóirí i réimse an dlí tacaíocht a thabhairt do na cinnteoirí agus misean a n-institiúide nó a gcomhlachta á chur chun feidhme, comhairle dlíodóra agus comhairliúchán a thabhairt don lucht bainistíochta agus/nó d'aonaid oibriúcháin laistigh de na ranna atá acu chun a áirithiú go gcomhlíontar dlí an AE agus an dlí náisiúnta.
Is iad seo a leanas na príomhdhualgais a bhíonn i gceist (d'fhéadfaidís a bheith éagsúil ó institiúid go chéile):
|
— |
tacú leis na cinnteoirí trí chuidiú scríofa nó cuidiú ó bhéal a thabhairt dóibh; |
|
— |
anailís, taighde, comhairle agus cúnamh dlíthiúil chomh maith le maoirseacht ar shaincheisteanna dlí; |
|
— |
doiciméid dhlíthiúla a dhréachtadh; |
|
— |
tuairisciú agus cumarsáid inmheánach maidir le cúrsaí dlí; |
|
— |
comhordú agus comhairliúchán le seirbhísí eile maidir le cúrsaí dlí; |
|
— |
acmhainní amhail foireann, cursaí airgeadais agus trealamh a bhainistiú |
|
— |
cláir agus pleananna gníomhaíochta a cheapadh, a chur chun feidhme, a rialú agus obair iardain a dhéanamh orthu |
2. Cáilíochtaí
Grád AD 5
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus céim sa dlí bainte amach ag a dheireadh.
Féadann mic léinn atá sa bhliain dheireanach de chúrsa ollscoile cur isteach ar an gcomórtas ar choinníoll go mbeidh an chéim bainte amach acu faoin 31 Iúil 2011 ar a dhéanaí.
Grád AD 7
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile ceithre bliana nó níos mó agus céim sa dlí bainte amach ag a dheireadh.
Nó
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus céim sa dlí bainte amach ag a dheireadh, agus taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad a bhaineann le dualgais an phoist agus a fuarthas ina dhiaidh sin.
NB: Cuid dhílis den chéim is ea an t-íosmhéid bliana amháin taithí oibre, agus ní féidir í a áireamh sa taithí oibre a éilítear thíos.
3. Taithí oibre
Grád AD 5
Níl aon taithí oibre ag teastáil.
Grád AD 7
Taithí oibre ollscoile a mhair sé bliana ar a laghad agus a bhaineann le dualgais an phoist.
Níl an taithí oibre sin ábhartha más rud é go bhfuarthas í sular baineadh amach an chéim a lig don iarrthóir isteach sa chomórtas.
3. EACNAMAÍOCHT
1. Dualgais
Is é ról ginearálta na riarthóirí i réimse na heacnamaíochta tacaíocht a thabhairt do na cinnteoirí agus misean a n-institiúide nó a gcomhlachta á chur chun feidhme, an anailís eacnamaíoch agus/nó staitistiúil a thabhairt atá riachtanach chun beartais an AE a thionscnamh, a fhorbairt, a bhainistiú agus/nó a mheasúnú.
Is iad seo a leanas na príomhdhualgais a bhíonn i gceist (d'fhéadfaidís a bheith éagsúil ó institiúid go chéile):
|
— |
tacú leis na cinnteoirí trí chuidiú scríofa nó cuidiú ó bhéal a thabhairt dóibh; |
|
— |
anailís straitéiseach chomh maith le modhanna anailísithe agus staidéir a shainiú agus a reáchtáil, go háirithe modhanna eimpíreacha i réimse na heacnamaíochta; |
|
— |
beartais eacnamaíocha a anailisiú agus a cheapadh sna réimsí seo a leanas: airgeadas poiblí, athchóirithe struchtúracha (margadh an tsaothair san áireamh), an t-airgeadra aonair, na margaí agus na hinstitiúidí airgeadais, comhtháthú agus forbairt eacnamaíoch tíortha, agus tráchtáil idirnáisiúnta sa chomhthéacs institiúideach atá ann faoin gConradh; |
|
— |
cumarsáid sheachtrach a bhaineann le beartais mar aon le tuairisciú agus cumarsáid inmheánach; |
|
— |
caidreamh le hinstitiúidí eile an AE agus le ranna inmheánacha eile chomh maith leis an gcaidreamh le geallsealbhóirí seachtracha, agus caidreamh leis na Ballstáit; |
|
— |
comhordú agus comhairliúchán le ranna maidir le beartais; |
|
— |
measúnú riosca agus tionchair; |
|
— |
cláir agus pleananna gníomhaíochta a cheapadh, a chur chun feidhme, a rialú agus obair iardain a dhéanamh orthu; |
|
— |
na meithleacha ina bhfuil na Ballstáit, na hinstitiúidí agus grúpaí eile seachtracha a chomhordú; |
|
— |
acmhainní amhail foireann, cúrsaí airgeadais agus trealamh a bhainistiú. |
2. Cáilíochtaí
Grád AD 5
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus céim san eacnamaíocht bainte amach ag a dheireadh.
Féadann mic léinn atá sa bhliain dheireanach de chúrsa ollscoile cur isteach ar an gcomórtas ar choinníoll go mbeidh an chéim bainte amach acu faoin 31 Iúil 2011 ar a dhéanaí.
Grád AD 7
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile ceithre bliana nó níos mó agus céim san eacnamaíocht bainte amach ag a dheireadh.
Nó
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus céim san eacnamaíocht bainte amach ag a dheireadh, agus taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad a bhaineann le dualgais an phoist agus a fuarthas ina dhiaidh sin.
NB: Cuid dhílis den chéim is ea an t-íosmhéid bliana amháin taithí oibre, agus ní féidir í a áireamh sa taithí oibre a éilítear thíos.
3. Taithí oibre
Grád AD 5
Níl aon taithí oibre ag teastáil.
Grád AD 7
Taithí oibre ollscoile a mhair sé bliana ar a laghad agus a bhaineann le dualgais an phoist.
Níl an taithí oibre sin ábhartha más rud é go bhfuarthas í sular baineadh amach an chéim a lig don iarrthóir isteach sa chomórtas.
4. INIÚCHÓIREACHT
1. Dualgais
Is é ról ginearálta na riarthóirí i réimse na hiniúchóireachta tacaíocht a thabhairt do na cinnteoirí agus misean a n-institiúide nó a gcomhlachta á chur chun feidhme.
Iarrfar orthu freisin a bheith ag obair ar nithe amhail iniúchóireacht airgeadais, iniúchóireacht feidhmíochta agus iniúchóireacht inmheánach. Soláthraíonn iniúchóirí seirbhísí comhairliúcháin agus ráthaíochta sna réimsí go léir ina n-oibríonn an tAontas Eorpach, féachaint rialachas agus bainistiú a fheabhsú. D'fhéadfadh sé go mbeadh i gceist leis sin a bheith ag obair sna 27 Ballstát nó i dtríú tíortha.
Is iad seo a leanas na príomhdhualgais atá i gceist (d'fhéadfaidís a bheith éagsúil ó institiúid go chéile):
|
— |
iniúchóireacht sheachtrach, iniúchtaí airgeadais agus scrúduithe ar bhainistiú airgeadais fónta, lena n-áirítear cur chun feidhme agus tuairisciú; |
|
— |
rialú seachtrach agus cigireachtaí seachtracha, córais rialaithe a fheabhsú; |
|
— |
iniúchóireacht inmheánach, tacaíocht mhodheolaíoch, comhairle agus oiliúint; |
|
— |
comhordú agus comhairliúchán idirsheirbhíse maidir le saincheisteanna iniúchóireachta; |
|
— |
faisnéis agus comhairle maidir le saincheisteanna iniúchóireachta. |
2. Cáilíochtaí
Grád AD 5
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus céim a bhaineann le dualgais an phoist bainte amach ag a dheireadh, nó oiliúint/cáilíocht oibre de leibhéal coibhéiseach a bhaineann leis na dualgais sin.
Féadann mic léinn atá sa bhliain dheireanach de chúrsa ollscoile cur isteach ar an gcomórtas ar choinníoll go mbeidh an chéim bainte amach acu faoin 31 Iúil 2011 ar a dhéanaí.
Grád AD 7
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile ceithre bliana nó níos mó agus céim a bhaineann le dualgais an phoist bainte amach ag a dheireadh, nó oiliúint/cáilíocht oibre de leibhéal coibhéiseach a bhaineann leis na dualgais sin.
Nó
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus céim a bhaineann le dualgais an phoist bainte amach ag a dheireadh, nó oiliúint/cáilíocht de leibhéal coibhéiseach a bhaineann leis na dualgais sin, agus taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad a bhaineann le dualgais an phoist agus a fuarthas ina dhiaidh sin.
NB: Cuid dhílis den chéim is ea an t-íosmhéid bliana amháin taithí oibre, agus ní féidir í a áireamh sa taithí oibre a éilítear thíos.
Tabhair faoi deara go bhféadfaí a iarraidh ort cruthúnas oifigiúil a sholáthar i dtaobh na n-ábhar ar a ndearna tú staidéar d'fhonn go mbeidh sé níos éasca don bhord roghnúcháin a mheas an bhfuil do chuid cáilíochtaí ábhartha.
3. Taithí oibre
Grád AD 5
Níl aon taithí oibre ag teastáil.
Grád AD 7
Taithí oibre ollscoile a mhair sé bliana ar a laghad agus a bhaineann le dualgais an phoist.
Níl an taithí oibre sin ábhartha más rud é go bhfuarthas í sular baineadh amach an chéim a lig don iarrthóir isteach sa chomórtas.
5. AIRGEADAS
1. Dualgais
Is é ról ginearálta na riarthóirí i réimse an airgeadais tacaíocht a thabhairt do na cinnteoirí agus misean a n-institiúide nó a gcomhlachta á chur chun feidhme.
Iarrfar orthu freisin a bheith ag obair ar nithe amhail nósanna imeachta airgeadais, nósanna imeachta buiséadacha, tuarascálacha agus cuntais bhliantúla a ullmhú agus cúraimí éagsúla iniúchóireachta.
Soláthraíonn siad do na seirbhísí an fhaisnéis is gá chun faisnéis airgeadais a ullmhú nó chun rialú a dhéanamh ar bhainistiú na gcuntas agus tíolacadh na gcuntas a áirithiú sna réimsí go léir ina n-oibríonn an tAontas Eorpach, féachaint rialachas agus bainistiú a fheabhsú. D'fhéadfadh sé go mbeadh i gceist leis sin a bheith ag obair sna 27 Ballstát nó i dtríú tíortha.
Is iad seo a leanas na príomhdhualgais a bhíonn i gceist; féadfaidh siad athrú ó institiúid go hinstitiúid:
|
— |
cigireacht sheachtrach agus rialú seachtrach, agus córais rialaithe a fheabhsú; |
|
— |
monatóireacht a dhéanamh ar nósanna imeachta airgeadais agus buiséadacha (creidmheasanna, leithreasaí, íocaíochtaí); |
|
— |
páirt a ghlacadh in ullmhú réamhaisnéisí buiséadacha agus na tuarascálacha bliantúla agus na cuntais bhliantúla a ullmhú; |
|
— |
rioscaí na heagraíochta a bhainistiú, agus rioscaí oibríochtúla, straitéiseacha, sóisialta, dlíthiúla, polaitiúla agus comhshaoil a bhainistiú; |
|
— |
tíolacadh na gcuntas a áirithiú; |
|
— |
acmhainní a úsáid ar bhealach barainneach éifeachtach éifeachtúil; |
|
— |
cúraimí éagsúla a dhéanamh a bhaineann le hiniúchóireacht sheachtrach agus inmheánach agus le comhairle a thabhairt; |
|
— |
féachaint chuige go bhfuil idirbhearta airgeadais ionchódaithe mar is ceart agus go ndéantar monatóireacht orthu i gcórais airgeadais/chuntasaíochta. |
2. Cáilíochtaí
Grád AD 5
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus céim a bhaineann le dualgais an phoist bainte amach ag a dheireadh.
Féadann mic léinn atá sa bhliain dheireanach de chúrsa ollscoile cur isteach ar an gcomórtas ar choinníoll go mbeidh an chéim bainte amach acu faoin 31 Iúil 2011 ar a dhéanaí.
Grád AD 7
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile ceithre bliana nó níos mó agus céim a bhaineann le dualgais an phoist bainte amach ag a dheireadh.
Nó
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus céim a bhaineann le dualgais an phoist bainte amach ag a dheireadh, agus taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad a bhaineann le dualgais an phoist agus a fuarthas ina dhiaidh sin.
NB: Cuid dhílis den chéim is ea an t-íosmhéid bliana amháin taithí oibre, agus ní féidir í a áireamh sa taithí oibre a éilítear thíos..
3. Taithí oibre
Grád AD 5
Níl aon taithí oibre ag teastáil.
Grád AD 7
Taithí oibre ollscoile a mhair sé bliana ar a laghad agus a bhaineann le dualgais an phoist.
Níl an taithí oibre sin ábhartha más rud é go bhfuarthas í sular baineadh amach an chéim a lig don iarrthóir isteach sa chomórtas.
6. STAIDREAMH
1. Dualgais
Is é ról ginearálta riarthóirí i réimse an staidrimh cuidiú a thabhairt ó thaobh cheapadh agus chur chun feidhme an chláir staidrimh sna réimsí seo a leanas: modheolaíocht staidrimh, bainistiú agus anailísiú sonraí, gníomhaíochtaí rialála agus comhordúcháin i réimsí an staidrimh, faisnéis staidrimh a chraobhscaoileadh agus tionscadail/próisis staidrimh a bhainistiú.
Is iad seo a leanas na príomhdhualgais:
|
— |
obair a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí ginearálta staidrimh, úsáid modhanna matamaitice sa staidreamh oifigiúil san áireamh; |
|
— |
obair a dhéanamh sna réimsí seo: staidrimh eacnamaíoch agus airgeadais, staidreamh sóisialta, staidreamh talmhaíochta agus comhshaoil, córais chuntasaíochta staidrimh; |
|
— |
éileamh agus úsáid sonraí agus táscairí staidrimh a anailísiú, tionscadail agus próisis a cheapadh agus a bhainistiú; |
|
— |
spriocanna a shainiú agus gníomhaíochtaí a chomhordú a bhaineann le bailiú, cóiriú, anailísiú agus craobhscaoileadh faisnéise staidrimh, agus cáilíocht a fheabhsú; |
|
— |
sonraí staidrimh a bhailíochtú agus anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil a dhéanamh orthu; |
|
— |
samhaltú staidrimh agus eacnaiméadrach; |
|
— |
anailís chainníochtúil, anailís shochmhéadrach agus eacnaiméadrach go háirithe. |
Chun na dualgais sin a dhéanamh ní mór a bheith in ann déileáil le hobair a bhaineann le go leor réimsí éagsúla. Tá scileanna maithe cumarsáide agus dréachtaithe ag teastáil freisin.
2. Cáilíochtaí
Grád AD 5
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus céim sa staidreamh, san eacnamaíocht, sa mhatamaitic nó in ábhar eile a bhaineann le dualgais an phoist bainte amach ag a dheireadh.
Féadann mic léinn atá sa bhliain dheireanach de chúrsa ollscoile cur isteach ar an gcomórtas ar choinníoll go mbeidh an chéim bainte amach acu faoin 31 Iúil 2011 ar a dhéanaí.
Grád AD 7
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile ceithre bliana nó níos mó agus céim sa staidreamh, san eacnamaíocht, sa mhatamaitic nó in ábhar eile a bhaineann le dualgais an phoist bainte amach ag a dheireadh.
Nó
Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do chúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus céim sa staidreamh, san eacnamaíocht, sa mhatamaitic nó in ábhar eile a bhaineann le dualgais an phoist bainte amach ag a dheireadh, agus taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad a bhaineann le dualgais an phoist agus a fuarthas ina dhiaidh sin.
NB: Cuid dhílis den chéim is ea an t-íosmhéid bliana amháin taithí oibre, agus ní féidir í a áireamh sa taithí oibre a éilítear thíos.
Tabhair faoi deara go bhféadfaí a iarraidh ort cruthúnas oifigiúil a sholáthar i dtaobh na n-ábhar ar a ndearna tú staidéar d'fhonn go mbeidh sé níos éasca don bhord roghnúcháin a mheas an bhfuil do chuid cáilíochtaí ábhartha.
3. Taithí oibre
Grád AD 5
Níl aon taithí oibre ag teastáil.
Grád AD 7
Taithí oibre ollscoile a mhair sé bliana ar a laghad agus a bhaineann le dualgais an phoist.
Níl an taithí oibre sin ábhartha más rud é go bhfuarthas í sular baineadh amach an chéim a lig don iarrthóir isteach sa chomórtas.