EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2010/110A/01

Fógra comórtas oscailte EPSO/AD/178-179/10

IO C 110A, 29.4.2010, p. 1–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

29.4.2010   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE EPSO/AD/178-179/10

(2010/C 110 A/01)

Ar mhaith leat bheith ag obair inár n-institiúidí?

An bhfuil na cáilíochtaí a éilimid agat?

Cuir d'ainm isteach

Cuir an deis chun sochair duit féin

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéal a chruthú óna n-earcófar riarthóirí (AD5).

EPSO/AD/178/10 — Leabharlannaíocht/Eolaíocht Faisnéise

EPSO/AD/179/10 — Closamharc

Is é is aidhm do na comórtais seo painéil a chruthú chun folúntais in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh, i bParlaimint na hEorpa, sa Chomhairle agus i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go háirithe.

Ó tharla nach bhfuil aon bhaint ag an gCoimisiún Eorpach leis na comórtais seo, ní bheidh sé ag earcú aon duine ón bpainéal.

Roimh dhuit iarratas a dhéanamh, ní mór an treoir a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 57 A an 9 Márta 2010 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go cúramach.

Is cuid dhílis den fhógra comórtais an treoir sin agus beidh sí ina cuidiú duit rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.

CLÁR NA nÁBHAR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

IARRTHÓIRÍ A LIGEAN ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS CUIREADH CHUIG AN IONAD MEASÚNAITHE

VI.

COMÓRTAS OSCAILTE

VII.

PAINÉIL

VIII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

I.   CÚLRA

1.

Líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo

EPSO/AD/178/10 = 19

EPSO/AD/179/10 = 9

2.

Nótaí

Tá EPSO ag foilsiú na gcomórtas seo a leanas go comhuaineach:

EPSO/AD/180/10 — Slándáil córas faisnéise (INFOSEC)

EPSO/AD/181/10 — Dlí na hiomaíochta

EPSO/AD/182/10 — Eacnamaíocht tionscail

Ní féidir clárú ach d'aon chomórtas amháin as measc na gcúig comórtas sin.

Ní mór an comórtas sin a roghnú tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir é a athrú tar éis duit d'iarratas a dhearbhú agus a dheimhniú ar líne.

II.   DUALGAIS

Is é AD 5 an grád ag a dtosaíonn céimithe i ngairm an riarthóra sna hinstitiúidí Eorpacha. Agus iad faoi mhaoirsiú, is féidir le riarthóirí a earcaítear ag an ngrád sin trí phríomhchineál oibre a dhéanamh: déanamh beartas, feidhmeanna oibríochtúla agus bainistiú acmhainní. Táimid ag lorg, go háirithe, iarrthóirí a bheidh in ann a ngairm a fhorbairt.

Tá tuairisc ar na próifílí sonracha sna hiarscríbhinní.

Tá sonraí maidir leis an bpróifíl ghinearálta atá na hinstitiúidí a lorg le fáil in Alt 1.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.

III.   INCHÁILITHEACHT

, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

1.   Coinníollacha ginearálta

(a)

Bheith i do shaoránach de Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh.

(b)

Do chearta ar fad mar shaoránach a theachtadh.

(c)

Aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat.

(d)

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun na dualgais i gceist a dhéanamh.

2.   Coinníollacha sonracha

2.1

Cáilíochtaí

Féach na hiarscríbhinní

2.2

Eolas ar theangacha

Is iad seo a leanas teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh:

BG (Bulgáiris)

CS (Seicis)

DA (Danmhairgis)

DE (Gearmáinis)

EL (Gréigis)

EN (Béarla)

ES (Spáinnis)

ET (Eastóinis)

FI (Fionlainnis)

FR (Fraincis)

GA (Gaeilge)

HU (Ungáiris)

IT (Iodáilis),

LT (Liotuáinis)

LV (Laitvis)

MT (Máltais)

NL (Ollainnis)

PL (Polainnis)

PT (Portaingéilis)

RO (Rómáinis)

SK (Slóvaicis)

SL (Slóivéinis)

SV (Sualainnis)

(a)

Teanga 1

Príomhtheanga:

Sáreolas ar theanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais Eorpaigh

agus

 

(b)

Teanga 2

Dara teanga (ní foláir í a bheith éagsúil le teanga 1):

Eolas sásúil ar an nGearmáinis, ar an mBéarla nó ar an bhFraincis

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

Ní eagrófar na trialacha seo mura mbeidh líon na n-iarrthóirí cláraithe os cionn líon áirithe (1). Sa chás sin, cuirfear scéala chugat trí do chuntas EPSO.

1.

Iarrfar ort triail a dhéanamh

, gur dheimhnigh tú go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Sraith trialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun do chumas agus d'inniúlacht ghinearálta a mheasúnú maidir leis na nithe seo a leanas:

Triail (a)

réasúnaíocht bhriathartha

marcáil: 0–20 pointe

pasmharc: 10 bpointe

Triail (b)

réasúnaíocht uimhriúil

marcáil: 0–10 bpointe

Triail (c)

réasúnaíocht theibí

marcáil: 0 –10 bpointe

 

10 bpointe is ea an pasmharc as iomlán thriail (b) agus thriail (c)

3.

Teanga na dtrialacha

Teanga 2: (Gearmáinis, Béarla nó Fraincis)

V.   IARRTHÓIRÍ A LIGEAN ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS CUIREADH CHUIG AN IONAD MEASÚNAITHE

1.   Iarrthóirí a ligean isteach sa chomórtas

Scrúdófar an fhaisnéis arna soláthar san iarratas leictreonach i bhfianaise na gcoinníollacha ginearálta agus sonracha d'fhonn na hiarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha iontrála an chomórtais a shainaithint.

Más rud é go n-eagraítear na scrúduithe iontrála

Agus na pointí a fuarthas sa scrúdú in ord íslitheach, déantar an scrúdú seo go dtí go mbainfear amach tairseach na n-iarrthóirí:

a fuair pasmharc agus na marcanna is fearr sna scrúduithe iontrála araon agus

a chomhlíonann coinníollacha iontrála an chomórtais

Is ionann an tairseach sin agus a sé oiread líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo arna lua san fhógra comórtais. Má fhaigheann roinnt iarrthóirí san áit dheireanach an marc céanna, cuirfear iad go léir san áireamh nuair atá an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á déanamh. Na hiarratais leictreonacha sin a rinne iarrthóirí a fuair marc atá faoi bhun na tairsí, ní scrúdófar iad.

2.   Cuireadh chuig an ionad measúnaithe: roghnú ar bhonn cáilíochtaí

D'fhonn na hiarrthóirí a roghnú a bhféadfaí cuireadh chuig an ionad measúnaithe a thabhairt dóibh, déanfaidh an bord agallaimh roghnú ar bhonn cáilíochtaí tar éis do na critéir ar a measúnófar na cáilíochtaí sin a bheith leagtha síos. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratais leictreonacha a dhéanfar an roghnú sin. Roghnóidh an bord agallaimh, as measc na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha iontrála an chomórtais, na daoine sin a bhfuil na cáilíochtaí is ábhartha acu (cáilíochtaí agus taithí oibre go háirithe) ó thaobh a fheabhas atá siad i dtaca leis na dualgais a bhfuil tuairisc orthu san fhógra comórtais (féach na critéir roghnúcháin san iarscríbhinn). Ar bhonn na scéime marcála seo a leanas a dhéantar an roghnú sin:

(a)

tá gach critéar roghnúcháin ualaithe ó 1 go dtí 3, de réir an tábhacht a thugann an bord agallaimh dó;

(b)

tugann an bord agallaimh marc ó 1 go dtí 4 do gach critéar, i bhfianaise cháilíochtaí an iarrthóra.

Ina dhiaidh sin, aicmítear (2) na hiarrthóirí ar bhonn a gcuid marcanna-.

Is é líon a bheidh i líon na n-iarrthóirí a n-iarrfar orthu dul chuig an ionad measúnaithe ná a thrí oiread, ar a mhéad, líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo arna lua san fhógra comórtais seo; foilseofar sin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu).

3.   Dearbhuithe na n-iarrthóirí a sheiceáil

I ndiaidh imeachtaí an ionaid mheasúnaithe, is é EPSO a scrúdóidh na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratais leictreonacha a fhad a bhaineann leis na coinníollacha ginearálta agus is é an bord agallaimh a scrúdóidh iad a fhad a bhaineann leis na coinníollacha sonracha agus a dhéanfaidh an roghnú ar bhonn cáilíochtaí. Má fhaightear amach sa tseiceáil nach luíonn na dearbhuithe sin lena bhfuil sna doiciméid tacaíochta ábhartha, cuirfear na hiarrthóirí i dtrácht as an gcomórtas.

Déantar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar na hiarrthóirí sin a ghnóthaigh an pasmharc agus na marcanna is fearr i scrúduithe (d), (e), (f) ina n-iomláine san ionad measúnaithe (féach teideal VI). Nuair is ábhartha, caithfidh an pasmharc is gá a bheith gnóthaithe ag na hiarrthóirí sin freisin i dtrialacha inniúlachta (3) (a), (b) agus (c) (féach teideal VI). Déanfar an tseiceáil sin go dtí go mbainfear amach tairseach na n-iarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha iontrála go léir. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí atá faoi bhun na tairsí sin.

VI.   COMÓRTAS OSCAILTE

1.

Cuireadh chuig an ionad measúnaithe

Iarrfar ort dul chuig an ionad measúnaithe (sa Bhruiséil, de ghnáth) ar feadh lae, más duine de na hiarrthóirí tú (4):

a fuair ceann de na marcanna is fearr sna scrúduithe iontrála (más rud é gur eagraíodh iad, féach teideal IV) agus an pasmharc is gá sna scrúduithe sin

agus

a chomhlíonann, i bhfianaise na ndearbhuithe a rinneadh le linn duit clárú ar líne, na coinníollacha ginearálta agus sonracha iontrála atá liostaithe i Roinn III

agus

a fuair ceann de na marcanna is fearr sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí.

2.

An tIonad measúnaithe:

Déanfar measúnú ar d'inniúlachtaí réasúnaíochta, a mhéid nár measúnaíodh iad sa scrúdú iontrála cheana. Ar na bealaí seo a leanas a dhéanfar an measúnú sin:

(a)

triail réasúnaíochta briathartha

(b)

triail réasúnaíochta uimhriúla

(c)

triail réasúnaíochta teibí

Ina theannta sin, measúnófar d'inniúlachtaí sainiúla sa réimse i dtrácht agus sna hinniúlachtaí ginearálta a leanas:

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cumarsáid

Cáilíocht agus torthaí

Foghlaim agus forbairt

Cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán

Buanseasmhacht

Oibriú i bhfoireann

Cumas ceannaireachta

Tá sonraí maidir leis na hinniúlachtaí sin atá na hinstitiúidí a lorg ar fáil in Alt 1.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.

Scrúdófar na hinniúlachtaí sin ar na bealaí seo a leanas:

(d)

cás-staidéar sa réimse i dtrácht

(e)

gníomhaíochait i ngrúpa

(f)

agallamh struchtúrtha

3.

Teangacha san ionad measúnaithe

Teanga 2 (Gearmáinis, Béarla nó Fraincis) i gcás (a) — (f).

Scrúdófar an t-eolas atá agat ar do phríomhtheanga freisin (teanga 1) le linn an cás-staidéir (d).

4.

Marcáil

Inniúlachtaí réasúnaíochta (nuair is ábhartha)

(a)

(briathartha) 0–20 pointe

pasmharc: 10 bpointe

(b)

(uimhriúil) 0–10 bpointe

(c)

(teibí) 0–10 bpointe

an pasmharc do scrúdaithe (b) agus (c) ina n-iomláine: 10 bpointe

Scrúduithe díbreora is ea scrúdaithe (a), (b) agus (c) ach ní chuirfear pointí na scrúduithe sin le pointí na dtrialacha eile a dhéantar san ionad measúnaithe.

Inniúlachtaí sonracha

0–100 pointe

pasmharc: 50 pointe

Inniúlachtaí ginearálta

0–80 pointe do na hinniúlachtaí ginearálta ina n-iomláine (10 bpointe in aghaidh na hinniúlachta)

pasmharc:

3 phointe in aghaidh na hinniúlachta agus

40 pointe don ocht n-inniúlacht ghinearálta ina n-iomláine

VII.   PAINÉIL

1.

Ainmniúchán ar an bpainéal

Cuirfidh an bord agallaimh d'ainm ar an bpainéal (5) (féach líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo, Roinn I.1) más duine de na hiarrthóirí tú a chomhlíonann coinníollacha Roinn V.

2.

Aicmiú

Déanfar na liostaí a tharraingt suas de réir comórtais, de réir grúpaí tuillteanais (ceithre ghrúpa ar a mhéad) agus in ord aibítre laistigh de gach grúpa tuillteanais.

VIII.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

1.

Clárúchán ar líne

Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO.

Spriocdháta: 28 Bealtaine 2010 ag 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile

2.

An t-iarratas a sheoladh

Ag céim níos déanaí agus ar choinníoll gur duine de na hiarrthóirí tú a n-iarrfar ort dul go dtí an t-ionad measúnaithe, beidh ort, má iarrtar é, iarratas iomlán a chur isteach (iarratas leictreonach sínithe agus doiciméid tacaíochta).

Spriocdháta: cuirfear an spriocdháta in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.

Sonraí praiticiúla: féach Alt 2.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.


(1)  Tar éis dheireadh na tréimhse clárúcháin d'iarratais, déanfaidh EPSO, ina cháil mar údarás a bhfuil cumhacht aige ainmniúcháin a dhéanamh, cinneadh maidir leis an mbealach a eagrófar na scrúduithe iontrála i gcás ina gcruthódh líon na n-iarrthóirí deacrachtaí praiticiúla nó i gcás ina gcuirfeadh sé fadú mór leis an nós imeachta. Féadfaidh an tairseach sin athrú ó chomórtas go chéile.

(2)  Féadfaidh iarrthóirí nach n-iarrtar orthu dul chuig an ionad measúnaithe cóip a fháil den leathanach measúnaithe ar a gcáilíochtaí a d'ullmhaigh an bord agallaimh ach é sin a iarraidh faoi cheann deich lá féilire tar éis do na torthaí a bheith fógartha.

(3)  Ar chúiseanna eagrúcháin, d'fhéadfadh na trialacha seo a bheith ina gcuid d'imeachtaí an ionaid mheasúnaithe ach is faoi údarás EPSO seachas faoi údaras an bhoird agallaimh a bheadh siad.

(4)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina bhfaighfidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, iarrfar orthu ar fad teacht chuig an ionad measúnaithe.

(5)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina bhfaighfidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad ar fad ar an bpainéal.


IARSCRÍBHINN 1

EPSO/AD/178/10 — RIARTHÓIRÍ (AD 5)

LEABHARLANNAÍOCHT/EOLAÍOCHT FAISNÉISE

1.   Dualgais

Is éard is ról ginearálta na riarthóirí i réimse na leabharlannaíochta/na heolaíochta faisnéise seirbhísí gairmiúla faisnéise a bhainistiú agus a sholáthar.

Tabhair faoi deara, sa chomórtas seo ní teicneolaithe na faisnéise, ná cartlannaithe ná bainisteoirí doiciméad/taifead atáthar a lorg.

Seo thíos roinnt de na príomhdhualgais atá i gceist (d'fhéadfadh sé nárbh ionann iad ó institiúid go chéile):

Seirbhísí faisnéise, lena n-áirítear seirbhísí ginearálta agus speisialtóra um thaighde faisnéise nó leabharlann, a bhainistiú; inlíon seirbhíse faisnéise ar a bhfuil bunachair sonraí tráchtála ar líne atá ceadúnaithe a oibriú; agus oiliúint faisnéise a thabhairt,

Bainistiú ar stór focal rialaithe, ar chatalógú agus ar phróisis innéacsúcháin; bainistiú ar bhailiúcháin; bainistiú ar shonraí gairmiúla,

Taighde speisialtóra faisnéise agus bainistiú ar acmhainní faisnéise, réimsí beartais agus/nó grúpaí cliant go háirithe,

Róil ceannasaíochta oibre a ghlacadh, agus/nó speisialtacht i seirbhís éigin, e.g. tagairt, caighdeáin ghairmiúla, oiliúint do chliaint, cóipcheart, nuálaíocht nó forbairtí i dteicneolaíocht na faisnéise,

Meithleacha ad hoc agus foirne tionscadail a bhainistiú,

Anailís agus achoimre a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le beartais; tuarascálacha agus léirmheasanna bainistíochta a scríobh,

Iarratais ar fhaisnéis ó chliaint a fhreagairt, faisnéis a roghnú, doiciméid a chatalógú agus a innéacsú, cuir i láthair a dhéanamh agus oiliúint a chur ar fáil do chliaint,

Dualgais an leabharlannaí dlí (i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg) a chomhlíonadh.

2.   Cáilíochtaí

Leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa iomlán ollscoile a mhair trí bliana ar a laghad agus ar gnóthaíodh cáilíocht dá bharr san eolaíocht faisnéise, san eolaíocht doiciméadachta nó san eolaíocht leabharlainne (níl staidéar i dteicneolaíocht faisnéise ná i riar cartlann cumhdaithe faoin sainiú sin).

Leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa iomlán ollscoile a mhair trí bliana ar a laghad agus ar gnóthaíodh cáilíocht dá bharr, mar aon le tréimhse oiliúna a mhair aon bhliain amháin ar a laghad agus ar gnóthaíodh cáilíocht dá bharr san eolaíocht faisnéise, san eolaíocht doiciméadachta nó sa leabharlannaíocht (níl staidéar i dteicneolaíocht faisnéise ná i riar cartlann cumhdaithe faoin sainiú sin).

Próifíl an leabharlannaí dlí

Leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa iomlán ollscoile a mhair trí bliana ar a laghad agus ar gnóthaíodh cáilíocht dá bharr sa dlí agus tréimhse oiliúna nó taithí oibre dhá bhliain ar a laghad i réimse na heolaíochta leabharlainne.

3.   Roghnú ar bhonn cáilíochtaí

Ar dhá ní atá béim sa sainchuntas poist seo: scileanna pearsanta (le cliaint agus le baill foirne) agus an cumas gach cineál faisnéise a láimhseáil. Is mó i bhfad a bhaineann na scileanna sin le faisnéis bheacht ábhartha a thabhairt do na cliaint ná le bainistiú traidisiúnta leabhar agus doiciméad. Chun an méid sin a bhaint amach tá gá le roinnt mhaith cineálacha scileanna bainistíochta sa chomhthéacs seo, mar atá bainistiú seirbhísí, margaíocht, cáilíocht, bainistiú acmhainní daonna agus airgeadais agus bainistiú conarthaí.

Dá bhrí sin, cuirfidh an bord agallaimh na nithe a leanas go háirithe san áireamh agus cáilíochtaí na n-iarrthóirí á meas:

eolas praiticiúil ar oibríochtaí agus bainistiú seirbhísí faisnéise,

eolas praiticiúil ar na seirbhísí a sholáthraítear do na cliaint, ar cháilíocht agus margaíocht agus ar sheirbhísí faisnéise ar líne,

eolas ar an AE agus ar chúrsaí náisiúnta nó idirnáisiúnta dlí nó ar chúrsaí dlí san AE,

eolas ar na hábhair a leanas: eolaíocht pholaitiúil, caidreamh idirnáisiúnta, eacnamaíocht agus eolaíocht; nó eolas maith ar aon réimse eile a mbíonn na hInstitiúidí Eorpacha ag plé léi,

sáreolas ar chúrsaí faisnéise agus ar phríomhtheangacha oifigiúla ceann amháin nó níos mó de na tíortha a leanas: an Chipir, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Ríocht Aontaithe, an tSlóvaic,

eolas praiticiúil ar chatalógú agus ar innéacsú,

i gcás phróifíl an leabharlannaí dlí, cuirfidh an bord agallaimh san áireamh, go háirithe, agus gan tosaíochtaí teanga a bheith i gceist, eolas ar leabharlannaíocht mar aon le heolas ar dhlí an AE.


IARSCRÍBHINN 2

EPSO/AD/179/10 — CLOSAMHARC — RIARTHÓIRÍ (AD 5)

INNEALTÓIR CLOSAMHAIRC/LÉIRITHEOIR CLOSAMHAIRC

Tá institiúidí an AE ag lorg innealtóirí agus léiritheoirí closamhairc. Fostófar iad i seirbhísí closamhairc na nInstitiúidí a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí na nInstitiúidí sin a thuairisciú agus léirithe closamhairc a dhéanamh.

Beidh na hinnealtóirí closamhairc freagrach as dea-fheidhmiú an infreastruchtúir theicniúil chlosamhairc.

Beidh na léiritheoirí closamhairc freagrach as léirithe closamhairc a dhéanamh agus as gníomhaíochtaí na nInstitiúidí a thuairisciú.

Is gá, sa dá phost, foireann theicniúil sheachtrach agus inmheánach a bhainistiú.

1.   Dualgais

suiteálacha craolacháin agus ilmheáin a oibriú, a chothabháil, a mhaoirsiú agus a oiriúnú,

gnéithe teicniúla trealaimh nua a anailisiú agus a shonrú, i bhfianaise dul chun cinn sa teicneolaíocht agus i bhfianaise riachtanais úsáideoirí an trealaimh,

na coinníollacha faoina léirítear cláir chlosamhairc/ilmheáin a cheapadh agus a leagan síos,

léiriúchán closamhairc chraolacháin agus ilmheáin a fhorbairt,

tionscnaimh nua a bheartú agus a fhorbairt,

páirt a ghlacadh in ullmhú agus i dtarraingt suas na sonraíochtaí

2.   Cáilíochtaí

Leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa iomlán ollscoile a mhair trí bliana ar a laghad agus ar baineadh amach cáilíocht dá bharr i dteicneolaíochtaí an chraolacháin chlosamhairc agus ilmheáin, sa teicneolaíocht faisnéise, sa leictreonaic, nó i léiriúchán an chraolacháin chlosamhairc agus ilmheáin.

Leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa iomlán ollscoile a mhair trí bliana ar a laghad agus ar baineadh amach cáilíocht dá bharr mar aon le cúrsa a mhair blian amháin ar a laghad ar baineadh amach cáilíocht dá bharr i dteicneolaíochtaí an chraolacháin closamhairc, sa leictreonaic, nó i dteicneolaíocht faisnéise; craolacháin chlosamhairc agus léiriú ilmheáin.

3.   Roghnú ar bhonn cáilíochtaí

Déanfaidh an bord agallaimh na réimsí eolais seo a leanas a chur san áireamh:

eolas ar an leictreonaic agus ar na teicneolaíochtaí éagsúla a bhaineann leis an teilifís agus leis an raidió;

eolas ar theicneolaíochtaí faisnéise (bunachair sonraí, córais chomhad agus córais oibriúcháin, freastalaithe, gréasáin, an tIdirlíon);

eolas ar theicneolaíochtaí faisnéise a bhaineann le craolachán closamhairc agus ilmheáin (comhbhrú físe agus fuaime, tarchur, sruthú, fís ar éileamh);

eolas praiticiúil ar chláir chraolacháin chlosamhairc agus ilmheáin a léiriú.


Top