Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2009/303A/02

Fógra um chomórtas oscailte: oifigeach oibríochtaí — Tagairt: EF/TA/09/16

IO C 303A, 15.12.2009, pp. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

15.12.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/3


FÓGRA UM CHOMÓRTAS OSCAILTE: OIFIGEACH OIBRÍOCHTAÍ

TAGAIRT: EF/TA/09/16

(2009/C 303 A/02)

Tá an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Éire, ag iarraidh Oifigeach Oibríochtaí a earcú.

Ag tuairisciú don Cheannaire Oibríochtaí, oibreoidh an t-iarrthóir rathúil san fhoireann Tacaíochta Oibríochtúla a thacaíonn le gníomhaíochtaí oibríochtúla agus le saotharshreabhadh gaolmhar Eurofound, go háirithe sna réimsí a bhaineann le bainistiú cláir agus bainistiú tionscadail, soláthar agus conraitheoireacht chomh maith le monatóireacht agus measúnú feidhmíochta. Beidh sé nó sí freagrach go sonrach as:

Tacaíocht a thabhairt do phróisis agus do chórais bhainistithe thionscadail mar riarthóir an bhunachair shonraí um bainistiú tionscadail — Projex — agus mar bhall foirne maidir le gníomhaíochtaí forbraíochta agus cothabhála,

Saineolas a thabhairt do bhainisteoirí tionscadail Eurofound maidir le soláthar poiblí agus chun an luach is fearr ar airgead a bhaint amach maidir le seirbhísí agus soláthar a fhoinsiú agus chun comhlánú iomlán le Rialachán Airgeadais agus le Rialacha Forfheidhmithe Eurofound a dheimhniú,

Ríomhoiliúint a fhorbairt agus comhairle a thabhairt do chomhoibrithe ar ábhair ghaolmhara sna réimsí oibre seo,

Coinneáil suas chun dáta leis na forbairtí is déanaí i rialacháin soláthair agus i gcásdlí, chomh maith leis na treochtaí is déanaí i mbainistiú tionscadail agus i monatóireacht feidhmíochta d'fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht oibríochtaí Eurofound a fheabhsú sna réimsí seo,

Ról an Oifigigh Fíoraithe a ghlacadh i saotharshreabhadh airgeadais Eurofound maidir le ceangaltais agus íocaíochtaí,

Cúnamh a thabhairt don Cheannaire Oibríochtaí maidir le dualgais eile a d'fhéadfaí a shannadh.

Tá an comórtas seo oscailte d'iarrthóirí a:

bhfuil saoránacht de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh acu,

bhfuil teideal gach ceart mar shaoránach acu,

bhfuil gach dualgas de réir an dlí maidir le seirbhís mhíleata comhlíonta acu,

bheidh in ann teistiméireachtaí carachtair a thabhairt maidir lena n-oiriúnacht chun na dualgais atá sainithe a chomhlíonadh,

bhfuil eolas críochnúil acu ar theanga oifigiúil amháin an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil ar theanga eile an Aontais, chomh maith le heolas sármhaith ar an mBéarla ós é sin príomhtheanga Eurofound,

bhfuil ardleibhéal meánoideachais bainte amach acu agus sin fianaithe ag dioplóma a thugann rochtain ar staidéir ollscoile,

bhfuil cáilíocht ghairmiúil ábhartha acu i mbainistiú tionscadail nó i riarachán poiblí nó riarachán gnó,

bhfuil ar a laghad 3 bliana de thaithí oibre ábhartha acu i mbainistiú tionscadail, i mbainistiú soláthair agus conraitheoireachta nó i measúnú agus monatóireacht feidhmíochta.

Earcófar an té a cheapfar chuig Grúpa Feidhmíochta AST, Grád 3, mar Ghníomhaire Sealadach ar conradh aga éiginnte.

Is féidir sonraí iomlána an phoist chomh maith leis na nósanna imeachta iarratais agus roghnaithe a íoslódáil ón leathanach folúntas ar shuíomh gréasáin Eurofound: www.eurofound.europa.eu/about/vacancies/. Ba chóir d'iarrthóirí an fógra folúntais a léamh go cúramach mar dícháileofar iarratais neamhiomlána.

Ba chóir gach iarratas a chur isteach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil ar féidir í a íoslódáil ón suíomh gréasáin freisin.

Spriocdháta le haghaidh iarratas: an 18 Eanáir 2010.


Top