Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2009/133A/01

Fógra um chomórtas oscailte: Bainisteoir Taighde um Shuirbhéanna — Tagairt: EF/TA/09/03

IO C 133A, 12.6.2009, pp. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

12.6.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA UM CHOMÓRTAS OSCAILTE: BAINISTEOIR TAIGHDE UM SHUIRBHÉANNA

TAGAIRT: EF/TA/09/03

(2009/C 133 A/01)

Tá an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Éire, ag iarraidh Bainisteoir Taighde um Shuirbhéanna (F/B) a earcú.

Beidh an post de Bhainisteoir Taighde um Shuirbhéanna bunaithe san aonad Monatóireachta & Suirbhéanna a bhainistíonn ionstraimí monatóireachta Eurofound: suirbhéanna, faireachlanna, foclóirí etc. An cuspóir príomhúil leis an monatóireacht ná feabhas ar dhálaí maireachtála agus oibre san Eoraip a mheasúnú trí anailísiú treochtaí, athbhreithnithe sintéiseacha, anailísiú sonraí ó shuirbhéanna agus bailiú faisnéise gnó.

Beidh taithí ag an té a cheapfar ar dhearadh agus anailísiú suirbhéanna trastíortha agus ar thaighde orthu. Tabharfaidh an té tuairisc do Cheann an aonaid Mhonatóireachta & Suirbhéanna agus bainisteoidh agus maoirseoidh sé/sí gníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt agus feidhmiú suirbhéanna. Chomh maith leis sin, cuirfidh tú sainchúnamh teicniúil ar fáil chun modheolaíocht fhoriomlán a fhorbairt do shuirbhéanna Eurofound.

Tá an comórtas seo oscailte d'iarrathóirí a:

bhfuil saoránacht de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh acu;

bhfuil teideal gach ceart mar shaoránach acu,

bhfuil gach dualgas de réir an dlí maidir le seirbhís mhíleata comhlíonta acu,

bheidh in ann teistiméireachtaí carachtair a thabhairt maidir lena n-oiriúnacht chun na dualgais atá sainithe a chomhlíonadh,

bhfuil eolas críochnúil acu ar theanga oifigiúil amháin an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil ar theanga eile an Aontais, chomh maith le heolas sármhaith ar an mBéarla ós é sin príomhtheanga Eurofound,

bhfuil oideachas ollscoile 4 bliana ar a laghad acu a raibh bronnadh céime sa réimse d'eolaíochtaí sóisialta, eacnamaíocht, socheolaíocht, staidreamh nó disciplíní bainteacha mar thoradh air;

bhfuil sé bliana ar a laghad de thaithí ábhartha ghairmiúil acu i ndiaidh bhronnadh na céime ollscoile.

Earcófar an té a cheapfar chuig Grúpa Feidhmíochta AD, Grád 7, mar Ghníomhaire Sealadach ar conradh aga éiginnte.

Is féidir sonraí iomlána an phoist chomh maith leis na gnásanna iarratais agus roghnaithe a íoslódáil ón leathanach folúntais ar láithreán gréasáin Eurofound: www.eurofound.europa.eu/about/vacancies/. Ba chóir d'iarrthóirí an fógra folúntais a léamh go cúramach mar ní áireofar iarratais neamhiomlána sa chomórtas.

Ní mór gach iarratas a chur isteach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil ar féidir í a íoslódáil ón láithreán gréasáin freisin.

Spriocdháta le haghaidh iarratas: an 12 Iúil 2009.


Top