Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C/2026/01123

CEDEFOP — Glao oscailte ar thograí – GP/DVQ/ReferNet_FPA/001/26 — ReferNet – Líonra Eorpach Cedefop um Shaineolas ar Ghairmoideachas agus Gairmoiliúint (VET)

IO C, C/2026/1123, 20.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1123/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1123/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1123

20.2.2026

CEDEFOP

Glao oscailte ar thograí – GP/DVQ/ReferNet_FPA/001/26

ReferNet – Líonra Eorpach Cedefop um Shaineolas ar Ghairmoideachas agus Gairmoiliúint (VET)

(C/2026/1123)

1.   Cuspóirí agus cur síos

Agus é mar chuspóir tacú le feidhmiú an líonra Eorpaigh saineolais sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint – ReferNet – is é is aidhm don ghlao seo iarratasóir amháin a roghnú ón tír incháilithe seo a leanas: An Fhrainc, lena dtabharfaidh Cedefop creat-chomhaontú comhpháirtíochta 20 mí i gcrích agus, ar thabhairt chun críche dó sin, comhaontú deontais sonrach le haghaidh plean oibre 8 mí a dhéanfar in 2026 le gach iarratasóir a néireoidh leis.

Gníomhaireacht den Aontas Eorpaigh (AE) a bunaíodh sa bhliain 1975 agus atá lonnaithe sa Ghréig ón mbliain 1995 amach is ea an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop). Aithnítear é mar fhoinse údarásach faisnéise agus saineolais maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint, scileanna agus cáilíochtaí, agus is é an misean atá aige tacú le forbairt beartais gairmoideachais agus gairmoiliúna san Eoraip agus rannchuidiú lena chur chun feidhme.

Is é ReferNet líonra Eorpach Cedefop le haghaidh faisnéis faoi ghairmoideachas agus gairmoiliúint. Ó 2008 i leith, tá comhar Cedefop le ReferNet ar siúl trí FPAnna ceithre bliana (Creat-Chomhaontú Comhpháirtíochta). Faoin FPA nua (2024-2027) is é ReferNet a bheidh ina phríomhfhoinse faisnéise maidir le córais agus forbairtí náisiúnta gairmoideachais agus gairmoiliúna a rannchuideoidh go bliantúil le faireachán a dhéanamh ar Cedefop ar fhorbairtí beartais i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint, scileanna agus cáilíochtaí. Neartaíodh a ról sa chur chuige comhtháite maidir le faireachán agus tuairisciú beartais ar an Moladh ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint agus ar Dhearbhú Osnabrück mar a chomhaontaigh Coiste ACVT é ag an gcruinniú a bhí aige an 8-9 Meitheamh 2021, inar iarradh dlúthchomhar idir ReferNet agus Ard-Stiúrthóirí na Gairmoiliúna i mBallstáit an Aontais.

Cuirtear comhaontuithe creatchomhpháirtíochta chun feidhme trí chomhaontuithe bliantúla deontais shonraigh. Dá bhrí sin, ní hamháin go gcuirfidh iarratasóirí togra isteach le haghaidh an chreat-chomhaontaithe comhpháirtíochta 20 mí (a fhágfaidh, má éiríonn leis, go síneofar Creat-Chomhaontú Comhpháirtíochta do na blianta 2026 go 2027) ach freisin an t-iarratas ar dheontas do ghníomhaíocht 2026 (a bhféadfadh síniú Comhaontaithe Deontais Shonraigh 8 mí de 2026 a bheith mar thoradh air). Ní mór don iarratasóir a thaispeáint go bhfuil sé de chumas aige na gníomhaíochtaí uile a réamh-mheastar a dhéanamh thar an tréimhse 20 mí agus cómhaoiniú leordhóthanach a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme na gcúraimí iarrtha.

2.   Buiséad agus fad an tionscadail

Is é EUR 87 240, an buiséad measta atá ar fáil do thréimhse 20 mí na gcreat-chomhaontuithe comhpháirtíochta, ag brath ar chinntí bliantúla an Údaráis Bhuiséadaigh.

Is é EUR 43 620 uasluach an bhuiséid iomláin a bheidh ar fáil do phlean oibre bliantúil na bliana 2026 (fad an tionscadail: 8 mí) don chomhpháirtí thuasluaite.

Tá an deontas ón Aontas ina ranníocaíocht airgeadais i leith chostais an tairbhí (agus/nó na gcomhthairbhithe), rud nach mór é a fhorlíonadh le ranníocaíocht airgeadais dhílis agus/nó le ranníocaíochtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus/nó príobháideacha. Ní bheidh an ranníocaíocht iomlán ón Aontas níos mó ná 70 % de na costais incháilithe.

Forchoimeádann Cedefop an ceart gan an buiséad iomlán atá ar fáil a dhámhachtain agus/nó gan a iarraidh go gcuirfí i gcrích na gníomhaíochtaí go léir a áirítear i bplean oibre ReferNet 2026 ach gan ach roinnt acu.

Ní fhéadfaidh an méid leithdháilte a bheith níos mó, in imthosca ar bith, ná na méideanna a luaitear sa ghlao seo.

3.   Critéir incháilitheachta

Chun bheith incháilithe, ba cheart d’iarratasóirí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

a bheith ina n-eagraíocht phoiblí nó phríobháideach ag a bhfuil stádas dlíthiúil agus pearsantacht dhlítheanach (níl daoine nádúrtha, i.e. daoine aonair, incháilithe);

(b)

a suíochán a bheith cláraithe acu sa tír ina gcuirtear an deontas i bhfeidhm, i.e. sa Fhrainc;

4.   Spriocdháta

Ní mór iarratais ar an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta agus ar an gComhaontú Sonrach maidir le gníomhaíocht ReferNet 2026 a chur isteach faoin 26 Márta 2026 ar a dhéanaí.

5.   Tuilleadh faisnéise

Beidh sonraíochtaí mionsonraithe na dtograí, an fhoirm iarratais agus na hiarscríbhinní a ghabhann léi ar fáil ón 20 Feabhra 2026 ar shuíomh gréasáin Cedefop ag an seoladh seo a leanas:

https://www.cedefop.europa.eu/ga/about-cedefop/public-procurement.

Maidir le hiarratais, ní mór na ceanglais a leagtar amach i dtéacs iomlán an ghlao a chomhlíonadh iontu agus ní mór iad a chur isteach ach úsáid a bhaint as na foirmeacha oifigiúla a thugtar.

Beidh an mheastóireacht ar thograí bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne.

Déanfaidh coiste saineolaithe na hiarratais uile a chuirfear isteach a mheas in aghaidh na gcritéar incháilitheachta, eisiaimh, roghnúcháin agus dámhachtana a shainítear i leagan téacs iomlán an ghlao.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1123/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top