This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C/2025/01273
Notice of Open Competitions – EPSO/AD/423/25 – DA – Danish-language lawyer-linguists/legal revisers (AD 7) – EPSO/AD/423/25 – DE – German-language lawyer-linguists/legal revisers (AD 7) – EPSO/AD/423/25 – EN – English-language lawyer-linguists/legal revisers (AD 7) – EPSO/AD/423/25 – ET – Estonian-language lawyer-linguists/legal revisers (AD 7) – EPSO/AD/423/25 – HR – Croatian-language lawyer-linguists/legal revisers (AD 7) – EPSO/AD/423/25 – NL – Dutch-language lawyer-linguists/legal revisers (AD 7) – EPSO/AD/423/25 – RO – Romanian-language lawyer-linguists/legal revisers (AD 7) – EPSO/AD/423/25 – SL – Slovenian-language lawyer-linguists/legal revisers (AD 7)
Fógra comórtas oscailte — EPSO/AD/423/25 – DA – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Danmhairgise (AD 7) — EPSO/AD/423/25 – DE – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Gearmáinise (AD 7) — EPSO/AD/423/25 – EN – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Béarla (AD 7) — EPSO/AD/423/25 – ET – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Eastóinise (AD 7) — EPSO/AD/423/25 – HR – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Cróitise (AD 7) — EPSO/AD/423/25 – NL – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Ollainnise (AD 7) — EPSO/AD/423/25 – RO – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Rómáinise (AD 7) — EPSO/AD/423/25 – SL – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Slóivéinise (AD 7)
Fógra comórtas oscailte — EPSO/AD/423/25 – DA – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Danmhairgise (AD 7) — EPSO/AD/423/25 – DE – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Gearmáinise (AD 7) — EPSO/AD/423/25 – EN – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Béarla (AD 7) — EPSO/AD/423/25 – ET – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Eastóinise (AD 7) — EPSO/AD/423/25 – HR – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Cróitise (AD 7) — EPSO/AD/423/25 – NL – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Ollainnise (AD 7) — EPSO/AD/423/25 – RO – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Rómáinise (AD 7) — EPSO/AD/423/25 – SL – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Slóivéinise (AD 7)
IO C, C/2025/1273, 4.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1273/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1273 |
4.3.2025 |
FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE
EPSO/AD/423/25 – DA – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Danmhairgise (AD 7)
EPSO/AD/423/25 – DE – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Gearmáinise (AD 7)
EPSO/AD/423/25 – EN – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Béarla (AD 7)
EPSO/AD/423/25 – ET – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Eastóinise (AD 7)
EPSO/AD/423/25 – HR – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Cróitise (AD 7)
EPSO/AD/423/25 – NL – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Ollainnise (AD 7)
EPSO/AD/423/25 – RO – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Rómáinise (AD 7)
EPSO/AD/423/25 – SL – Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí Slóivéinise (AD 7)
(C/2025/1273)
An sprioc-am le hiarratas a dhéanamh: An 10 Aibreán 2025 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile
CLÁR ÁBHAIR
|
1. |
FORÁLACHA GINEARÁLTA | 2 |
|
2. |
DUALGAIS AN PHOIST | 2 |
|
3. |
NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA | 3 |
|
3.1. |
Coinníollacha ginearálta | 3 |
|
3.2. |
Coinníollacha sonracha – teangacha | 3 |
|
3.3. |
Coinníollacha sonracha – cáilíochtaí | 4 |
|
4. |
CONAS A EAGRÓFAR NA COMÓRTAIS | 6 |
|
4.1. |
Forléargas ar chéimeanna an chomórtais | 6 |
|
4.2. |
Iarratas | 7 |
|
4.3. |
Trialacha | 7 |
|
4.4. |
An triail a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta a dhéanamh | 9 |
|
4.5. |
Na painéil a bhunú | 10 |
|
5. |
COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA | 11 |
| IARSCRÍBHINN: Rialacha ginearálta | 12 |
1. FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
(a) |
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar ‘dhlítheangeolaithe’/‘athbhreithneoirí dlí’ (grád AD 7). |
|
(b) |
Is iad an fógra seo faoi chomórtais agus an Iarscríbhinn ‘Rialacha Ginearálta’ a ghabhann leis, creat ceangailteach na gcomórtas seo ó thaobh dlí de. |
|
(c) |
Féachann EPSO le teanga chuimsitheach atá neodrach i dtaobh inscne a úsáid. Ní mór aon tagairt do dhuine d’inscne sonrach a mheas mar thagairt do dhuine d’aon inscne eile chomh maith. |
|
(d) |
Baineann an fógra seo le hocht gcomórtas. Is féidir le hiarrthóir iarratas a dhéanamh ar aon réimse amháin acu, agus ar an gceann sin amháin. |
|
(e) |
Tá an líon iarrthóirí atá á lorg sonraithe i dTábla 1. Tábla 1
|
|
(f) |
Tá riachtanais incháilitheachta agus trialacha na gcomórtas seo bunaithe ar leas na seirbhíse agus na difríochtaí idir na córais dlí náisiúnta san Aontas á gcur san áireamh an tráth céanna. |
|
(g) |
Is ann do shainiúlachtaí chomórtas EPSO/AD/423/25 – EN ós rud é, in ainneoin tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, go bhfuil an Béarla fós ar cheann de na príomhtheangacha foinseacha in institiúidí an Aontais. Dá bhrí sin, tá éileamh mór in institiúidí an Aontais ar dhlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí ardcháilithe a labhraíonn Béarla. Ós rud é go gcuimsítear gnéithe den dlí coiteann i ndlínsí na mBallstát ina labhraítear Béarla, ní mór do na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sa chomórtas a léiriú, ní hamháin go bhfuil inniúlacht ar leibhéal C2 sa Bhéarla (atá coibhéiseach le leibhéal an chainteora dúchais, féach Roinn 3.2) acu, ach go bhfuil sáreolas acu freisin ar dhlí an Aontais agus ar dhlí coiteann an Aontais araon. Tá gá leis sin chun comhsheasmhacht dlí agus teanga théacsanna dlí an Aontais a chinntiú i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais, teangacha a bhfuil an stádas dlí céanna acu uile. |
2. DUALGAIS AN PHOIST
|
(a) |
Earcaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh dlíodóirí ardcháilithe a chaithfidh a bheith in ann athbhreithniú a dhéanamh, i dteanga an chomórtais, ar aistriúcháin ar théacsanna dlí de chuid an Aontais ó dhá theanga eile ar a laghad, agus comhairle a thabhairt i dtaobh reachtaíocht a dhréachtú chun a chinntiú go ndéantar gníomhartha dlí de chuid an Aontais a dhréachtú ar ardchaighdeán. Úsáideann dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí na gnáthuirlisí comhaimsire ríomhaireachta agus oifige chun a gcuid oibre a dhéanamh. |
|
(b) |
Leanann na dlítheangeolaithe (i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle) na nósanna imeachta reachtacha le linn an phróisis. Féadfar a iarraidh orthu comhairle nós imeachta, comhairle dréachtaithe agus comhairle dlí a chur ar fáil; leasuithe ar thograí le haghaidh gníomhartha reachtacha a dhréachtú agus dréachtú na leasuithe sin a sheiceáil; agus a sheiceáil an bhfuil na téacsanna reachtacha (a aistríodh cheana) i dteanga an chomórtais, an bhfuil siad comhsheasmhach le leaganacha teanga eile de na téacsanna sin. Is dócha go mbeidh teagmháil rialta ag na dlítheangeolaithe le rannpháirtithe éagsúla sa phróiseas reachtach. D’fhéadfadh dualgais éagsúla a bheith orthu ag brath ar an institiúid ina bhfuil siad ag obair. |
|
(c) |
Cuireann na hathbhreithneoirí dlí (sa Choimisiún Eorpach) comhairle dlí ar fáil don Choimisiún agus dá sheirbhísí maidir le dréachtú na reachtaíochta agus tograí reachtacha agus gníomhartha ón gCoimisiún á bhforbairt. Ina theannta sin, seiceálann siad an bhfuil na tograí reachtacha agus gníomhartha ón gCoimisiún (a aistríodh agus a athbhreithníodh cheana) i dteanga an chomórtais, an bhfuil siad comhsheasmhach le leaganacha teanga eile de na téacsanna. Mar gheall ar chineál a ndualgas, bíonn siad i dteagmháil go rialta le seirbhísí éagsúla an Choimisiúin. |
3. NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA
Ní mór d’iarrthóirí gach ceann de na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus sonracha (féach Ranna 3.1 go 3.3) a chomhlíonadh ar an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh, ach amháin i gcás ina bhfuil a mhalairt luaite i Roinn 3.3.
3.1. Coinníollacha ginearálta
Ní mór don iarrthóir:
|
1. |
a bheith ina náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus cearta iomlána a bheith aige mar shaoránach; |
|
2. |
aon oibleagáidí dlí atá air i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta aige; agus |
|
3. |
na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh. |
3.2. Coinníollacha sonracha – teangacha
|
(a) |
Sonraítear sna Rialacháin Foirne (1) nach bhféadfar oifigeach a cheapadh ach amháin ar choinníoll go gcuirfidh sé fianaise ar fáil go bhfuil sáreolas aige ar cheann de theangacha an Aontais agus eolas sásúil aige ar cheann eile de theangacha an Aontais a mhéid is gá lena chuid dualgas a chomhlíonadh. |
|
(b) |
I bhfianaise an chineáil dualgas a bhíonn ar dhlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí agus i bhfianaise leasanna na seirbhíse, ní mór d’iarrthóirí eolas a bheith acu ar thrí cinn ar a laghad de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, de réir an liosta i dTábla 2. Ar mhaithe le tagairt dóibh a éascú, tabharfar ‘teanga 1’, ‘teanga 2’ agus ‘teanga 3’ ar na teangacha sin. Tábla 2
|
|
(c) |
Seo na leibhéil eolais is gá i ngach inniúlacht teanga atá iarrtha san fhoirm iarratais (éisteacht, léamh, idirghníomhaíocht labhartha, táirgeadh béil, scríbhneoireacht):
|
|
(d) |
Tá na leibhéil agus na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (2). |
|
(e) |
Is í teanga 1 gach comórtais sprioctheanga na seirbhísí earcaíochta lena mbaineann. Tá leibhéal an chainteora dhúchais i dteanga 1 ag teastáil ó dhlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí toisc go mbeidh orthu téacsanna casta a dhréachtú nó a athbhreithniú, comhairle reachtach a sholáthar, agus anailís dhlíthiúil agus théarmeolaíoch a dhéanamh sa teanga sin. |
|
(f) |
Roghnaíodh Béarla mar theanga 2 sna comórtais uile cé is moite de EPSO/AD/423/25 – EN, rud a léiríonn gur ón mBéarla a aistrítear formhór mór na dtéacsanna. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbeidh gach dlítheangeolaí/athbhreithneoir dlí in ann plé leis an mBéarla mar theanga fhoinseach: téacsanna a aistríodh ó Bhéarla go ceann de theangacha an chomórtais a athbhreithniú, comhsheasmhacht téarmaíochta dlí a chinntiú idir an téacs i mBéarla agus an téacs i dteanga an chomórtais, etc. |
|
(g) |
I gcomórtas EPSO/AD/423/25 – EN, is féidir teanga 2 a roghnú as aon cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, ar choinníoll nach roghnófar í mar theanga 3 chomh maith. |
|
(h) |
Tá gá le teanga 3 le haghaidh na gcomórtas seo toisc go mbíonn dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí freagrach as a sheiceáil an bhfuil téacsanna reachtacha a aistríodh go teanga an chomórtais comhsheasmhach ó thaobh dlí agus teanga de le leaganacha teanga eile de na téacsanna sin. |
|
(i) |
Is de réir na gceanglas teanga sin a roghnaítear teangacha na dtrialacha freisin (féach Roinn 4.3 thíos). |
3.3. Coinníollacha sonracha – cáilíochtaí
|
(a) |
Na cáilíochtaí oideachais sonracha is gá i bprionsabal do gach comórtas áirithe atá cumhdaithe leis an bhfógra seo, tá siad liostaithe i Ranna 3.3.1-3.3.8. Maidir le hoibrithe a d’fheidhmigh a saoirse gluaiseachta idir na Ballstáit de réir bhrí Airteagal 45 CFAE, féadfaidh an bord roghnúcháin glacadh le coibhéis leis na cáilíochtaí sin freisin, i bhfianaise na bprionsabal a leagtar síos i mbreithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, OQ v an Coimisiún Eorpach, T-713/20, ECLI:EU:T:2022:513. |
|
(b) |
Chun a dhéanamh amach ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm an tráth a gnóthaíodh an cháilíocht na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh. |
|
(c) |
I bprionsabal, ní bhíonn taithí ghairmiúil de dhíth. |
|
(d) |
Mar sin féin
|
|
(e) |
Ba cheart taithí dlí a fháil, i gcás inar gá sin faoin bhfógra seo, agus an t-iarrthóir ag obair mar dhlíodóir fostaithe nó féinfhostaithe san earnáil phríobháideach, i gceann d’institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí eile an Aontais, i riarachán náisiúnta, in eagraíocht idir-rialtasach nó idirnáisiúnta, in eagraíocht neamhrialtasach, nó in ollscoil. |
|
(f) |
I gcás inar leor dioplóma chun na ceanglais incháilitheachta do chomórtas ar leith a chomhlíonadh (féach Ranna 3.3.1-3.3.8 thíos), ní mór an dioplóma sin a bheith bronnta ar a dhéanaí an 14 Meán Fómhair 2025. |
3.3.1. EPSO/AD/423/25 – DA
Gan dochar do phointe 3.3(d)(i) thuas ná do na Rialacha ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/423/25 – DA, ní mór d’iarrthóir leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh ceann de na cáilíochtaí seo a leanas amach dá bharr i ndlí na Danmhairge:
Juridisk kandidateksamen (cand.jur.) eller erhvervsøkonomisk-erhvervsjuridisk kandidateksamen (cand.merc.jur.).
3.3.2. EPSO/AD/423/25 – DE
Gan dochar do phointe 3.3(d)(i) thuas ná do na Rialacha ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/423/25 – DE, ní mór d’iarrthóir leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh ceann de na cáilíochtaí seo a leanas amach dá bharr i ndlí na hOstaire nó na Gearmáine:
Juristische Ausbildung im deutschen oder im österreichischen Recht, die mit der deutschen Ersten Prüfung (Erstes Juristisches Staatsexamen) bzw. mit dem österreichischen Magister der Rechtswissenschaften (mag.iur.) abgeschlossen wurde.
3.3.3. EPSO/AD/423/25 – EN
Gan dochar do phointe 3.3(d) ná do na Rialacha Ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/423/25 – EN, ní mór d’iarrthóir na ceanglais a liostaítear i gceann de na pointí seo a leanas a chomhlíonadh:
|
(a) |
leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh céim acadúil i ndlí na hÉireann amach dá bharr, ar céim í a bronnadh in Éirinn; a bheith cláraithe le Barra na hÉireann; nó teideal an aturnae a bheith aige in Éirinn; |
|
(b) |
leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh ceann de na céimeanna acadúla seo a leanas amach dá bharr i ndlí Mhálta i gcomhréir le forálacha Reacht Ollscoil Mhálta:
|
|
(c) |
anuas go dtí an 1 Eanáir 2021:
|
|
(d) |
leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad, a múineadh i mBéarla, agus ar baineadh céim sa dlí acadúil amach dá bharr i gcóras dlí a bhaineann leis an gcóras dlí coiteann atá i bhfeidhm i gceann de na Ballstáit nó a d'eascair ón gcóras sin, ar cúrsa é a bronnadh i dtríú tír inarb é an Béarla ceann de na teangacha oifigiúla, agus a chomhlíonann ceann amháin de na ceanglais seo a leanas:
|
3.3.4. EPSO/AD/423/25 – ET
Gan dochar do phointe 3.3(d)(i) thuas ná do na Rialacha ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/423/25 – ET, ní mór d’iarrthóir leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh ceann de na cáilíochtaí seo a leanas amach dá bharr sa dlí:
|
(a) |
Eestis ja eesti keeles omandatud endine bakalaureusekraad õigusteaduses (160 AP ehk 240 EAP); |
|
(b) |
magistrikraad õigusteaduses vastavalt 3+2 õppekavale, mis koosneb järgmisest:
|
3.3.5. EPSO/AD/423/25 – HR
Gan dochar do phointe 3.3(d)(i) thuas ná do na Rialacha ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/423/25 – HR, ní mór d’iarrthóir leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh ceann de na cáilíochtaí seo a leanas amach dá bharr i ndlí na Cróite:
|
(a) |
diplomirani pravnik / diplomirana pravnica; |
|
(b) |
magistar / magistra prava; |
|
(c) |
sveučilišni magistar / sveučilišna magistra prava. |
3.3.6. EPSO/AD/423/25 – NL
Gan dochar do phointe 3.3(d)(i) thuas ná do na Rialacha ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/423/25 – NL, ní mór d’iarrthóir leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh ceann de na cáilíochtaí seo a leanas amach dá bharr sa dlí:
|
(a) |
diploma van een Nederlandstalige opleiding Nederlands recht (meester (mr.) of Belgisch recht (licentiaat of master); |
|
(b) |
bachelor van een Nederlandstalige opleiding Nederlands of Belgisch recht, gevolgd door een master (LL.M.). |
3.3.7. EPSO/AD/423/25 – RO
Gan dochar do phointe 3.3(d)(i) thuas ná do na Rialacha ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/423/25 – RO, ní mór d’iarrthóir leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh an cháilíocht seo a leanas amach dá bharr i ndlí na Rómáine:
diplomă de licență.
3.3.8. EPSO/AD/423/25 – SL
Gan dochar do phointe 3.3(d)(i) thuas ná do na Rialacha ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/423/25 – SL, ní mór d’iarrthóir leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh ceann de na cáilíochtaí seo a leanas amach dá bharr i ndlí na Slóivéine:
|
(a) |
V Sloveniji pridobljena univerzitetna izobrazba pravne smeri s strokovnim naslovom ‘univerzitetni diplomirani pravnik/univerzitetna diplomirana pravnica’ (po študijskem programu za pridobitev univerzitetne izobrazbe, sprejetem pred 11. 6. 2004) oziroma; |
|
(b) |
univerzitetna izobrazba pravne smeri s strokovnim naslovom ‘diplomirani pravnik (UN)/diplomirana pravnica (UN)’, dopolnjena z magistrsko izobrazbo s strokovnim naslovom ‘magister prava/magistrica prava’ (druga stopnja po bolonjskem programu). |
4. CONAS A EAGRÓFAR NA COMÓRTAIS
4.1. Forléargas ar chéimeanna an chomórtais
Eagrófar an comórtas seo sna céimeanna seo a leanas:
|
— |
iarratas (féach Roinn 4.2), |
|
— |
tástáil (féach Roinn 4.3), |
|
— |
an triail a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta a dhéanamh (féach Roinn 4.4), |
|
— |
na painéil a bhunú (féach Roinn 4.5). |
4.2. Iarratas
|
(a) |
Chun iarratas a dhéanamh ní mór cuntas iarrthóra a bheith ag iarrthóir. |
|
(b) |
Ní mór d’iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar líne ar shuíomh gréasáin EPSO (4) agus a n-iarratais a chur isteach faoin 10 Aibreán 2025 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile. |
|
(c) |
Is féidir le hiarrthóirí an fhoirm iarratais a chomhlánú in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Is ionann foirm iarratais a chur isteach agus dearbhú ó na hiarrthóirí go gcomhlíonann siad na coinníollacha ar fad atá luaite faoi Roinn 3 ‘Na coinníollacha incháilitheachta’. Is faoi na hiarrthóirí atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus curtha isteach faoin sprioc-am. Nuair a bheidh an spriocdháta le haghaidh iarratas istigh, ní bheidh iarrthóirí in ann aon athrú a dhéanamh ar a n-iarratas a thuilleadh. |
|
(d) |
Faoin 15 Meán Fómhair 2025 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile, ní mór d’iarrthóirí cóipeanna scanta a chur ar fáil de na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne siad ina bhfoirm iarratais. Tá míniú ar an dóigh le sin a dhéanamh le fáil ar an leathanach tiomnaithe don chomórtas ar shuíomh gréasáin EPSO. |
4.3. Trialacha
|
(a) |
Barúlacha ginearálta
|
|
(b) |
Triail i ndlí an Aontais Eorpaigh
|
|
(c) |
Trialacha tuisceana teanga
|
|
(d) |
Trialacha réasúnaíochta Is trialacha ilrogha iad na trialacha réasúnaíochta lena ndéantar measúnú ar scileanna réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí na n-iarrthóirí. Eagrófar iad mar a shonraítear i dTábla 5. Tábla 5
|
|
(e) |
An triail athbhreithniúcháin
|
4.4. An triail a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta a dhéanamh
|
(a) |
Barúlacha ginearálta
|
|
(b) |
Céimeanna sonracha
|
4.5. Na painéil a bhunú
|
(a) |
Cuirfidh an Bord Roghnúcháin leis na painéil ainmneacha na n-iarrthóirí (i) a ghnóthaigh ar a laghad na pasmharcanna ar fad is gá agus ceann de na comhscóir fhoriomlána is airde, agus (ii) a measadh a bheith incháilithe. Déanfar sin in ord íslitheach an rangaithe deiridh go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas nó go dtí nach mbeidh aon duine fágtha as measc na n-iarrthóirí atá sa rangú sin. |
|
(b) |
Maidir leis an áit dheireanach ar phainéal, i gcás ina gcríochnóidh roinnt iarrthóirí cothrom le chéile don áit sin, cuirfear a n-ainmneacha ar fad leis an bpainéal sin. |
|
(c) |
Is in ord aibítre a liostálfar na hainmneacha ar an bpainéal. Cuirfear na painéil ar fáil do na seirbhísí earcaíochta lena mbaineann. |
|
(d) |
Cuirfear torthaí na n-iarrthóirí in iúl do na hiarrthóirí (torthaí na dtrialacha agus torthaí na seiceála incháilitheachta) ach amháin murar próiseáladh a bhfreagraí trialach agus/nó a scripteanna agus/nó murar láimhseáladh a gcomhaid doiciméad ar na cúiseanna atá luaite san fhógra seo. |
|
(e) |
Ní hionann duine a bheith ar phainéal agus aon cheart a bheith aige ar phost ná ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post. |
5. COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA
|
(a) |
Déanann EPSO a dhícheall a chinntiú go bhfuil comhionannas deiseanna ag na hiarrthóirí uile. |
|
(b) |
Iarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhféadfadh an riocht sláinte ina bhfuil siad bac a chur orthu na trialacha a dhéanamh, ba cheart dóibh an méid sin a lua ar an bhfoirm iarratais agus na céimeanna a leanúint chun socruithe réasúnta a iarraidh, de réir an chur síos ar shuíomh gréasáin EPSO (6). Tar éis do EPSO iarraidh na n-iarrthóirí agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a scrúdú, féadfaidh sé socruithe réasúnta a thabhairt má mheastar go bhfuil gá leis. |
(1) Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile Chomhphobal Eacnamaíoch na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385/62). Téacs comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20240101.
(2) https://eu-careers.europa.eu/ga/documents/common-european-framework-reference-languages.
(3) Féach ranna 3.3.1, 3.3.2, 3.3.3 (a)-(c), 3.3.4, 3.3.5, 3.3.6, 3.3.7, 3.3.8.
(4) https://eu-careers.europa.eu/ga/job-opportunities/open-for-application.
(5) Déantar tuiscint ar theanga 2 (an Béarla) a thástáil sna comórtais seo tríd an triail athbhreithniúcháin, inar gá d’iarrthóirí eolas domhain ar theangacha 1 agus 2 a léiriú.
(6) https://eu-careers.europa.eu/ga/how-request-specific-adjustments-selection-tests.
IARSCRÍBHINN
RIALACHA GINEARÁLTA
1. Bunfhorálacha
|
(1) |
Tá feidhm ag forálacha na rialacha ginearálta seo mura sonraítear a mhalairt san fhógra comórtais. |
|
(2) |
Tugtar eolas d’iarrthóirí ina gcuntas iarrthóra nach mór plé leis laistigh de thréimhsí áirithe. Ba cheart dóibh a gcuntas iarrthóra a sheiceáil gach 3 lá féilire ar a laghad ionas gur féidir leo an dul chun cinn atá á dhéanamh acu sa chomórtas a leanúint agus ionas nach gcaillfidh siad aon sprioc-am. Más rud é nach féidir le hiarrthóir a chuntas iarrthóra a sheiceáil mar gheall ar fhadhb theicniúil ó thaobh EPSO, ní mór dó EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach tríd an bhfoirm theagmhála ar líne (1). |
|
(3) |
Má bhíonn roinnt iarrthóirí ar comhscór agus gan ach áit amháin fágtha ag aon chéim den chomórtas, rachaidh gach duine acu ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Má bhíonn roinnt iarrthóirí ar comhscór agus gan ach áit amháin ar phainéal fágtha, cuirfear gach duine acu ar an bpainéal sin. |
|
(4) |
Aon iarrthóir a athligfear isteach tar éis iarraidh, gearán nó achomharc ar éirigh leis, déanfar é (a) a chur ar ais sa chomórtas ag an gcéim ónar eisiadh é, nó (b) a chur ar an bpainéal, de réir mar is infheidhme. |
|
(5) |
Nuair a chuirfidh EPSO teachtaireacht chuig iarrthóir tríd an gcuntas iarrthóra nó le ríomhphost, beidh an teachtaireacht sin i gceann de na teangacha ar dhearbhaigh an t-iarrthóir go raibh eolas ar leibhéal B2 nó níos airde (2) aige orthu sa réimse ‘Cumas léitheoireachta’ sa roinn ‘Teangacha’ ar an bhfoirm iarratais (féach freisin Roinn 2.1 de na rialacha ginearálta seo). |
|
(6) |
Is féidir le hiarrthóirí dul i dteagmháil le EPSO tríd an bhfoirm theagmhála ar líne ar shuíomh gréasáin EPSO (3). Roimh dhul i dteagmháil le EPSO dóibh, iarrtar ar iarrthóirí roinn na ‘gceisteanna coitianta’ ar shuíomh gréasáin EPSO (4) a cheadú. |
|
(7) |
Forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, maslach, agus/nó nach mbaineann le hábhar). |
2. Oideachas (5) , taithí (6) , doiciméid tacaíochta
2.1. An roinn ‘My CV’ den chuntas iarrthóra
Sula gcuirfidh siad isteach ar chomórtas ní mór d’iarrthóirí an roinn ‘My CV’ dá gcuntas iarrthóra a líonadh isteach. Agus é ag déanamh iarratais ar chomórtas sonrach, ní gá d’iarrthóir an t-eolas ó ‘My CV’a ath-iontráil san fhoirm iarratas. Beidh roghbhlúire de na sonraí ón roinn ‘My CV’ ceangailte go huathoibríoch lena fhoirm iarratais a luaithe a chuirfidh an t-iarrthóir a iarratas isteach. Is faoi na hiarrthóirí atá sé deimhin a dhéanamh de go mbeidh ‘My CV’ cothrom le dáta an tráth sin.
2.2. Oideachas
|
(1) |
Ní mór céimeanna, dioplómaí agus/nó teastais a bheith aitheanta ag údarás inniúil de chuid Bhallstáit den Aontas Eorpach, cibé acu i dtír den Aontas Eorpach nó i dtír lasmuigh de a eisíodh iad. |
|
(2) |
Na difríochtaí idir córais oideachais náisiúnta, go háirithe na difríochtaí idir na teidil a thugtar ar chéimeanna, ar dhioplómaí agus ar theastais, cuirfear san áireamh iad agus measúnú féachaint á dhéanamh an bhfuil na cáilíochtaí is gá de réir an fhógra comórtais ag na hiarrthóirí. |
2.3. Taithí oibre
|
(1) |
Ní féidir taithí oibre a chur san áireamh ach amháin má chomhlíonann sí na coinníollacha ginearálta seo a leanas:
|
|
(2) |
Measfar an taithí oibre atá sa liosta thíos ar bhonn rialacha sonracha chomh maith, lena n-áirítear díolúintí áirithe ó na riachtanais dá dtagraítear i mír (1) thuas:
|
2.4. Doiciméid tacaíochta
|
(1) |
Na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne iarrthóirí ina bhfoirm iarratais, ní mór do na hiarrthóirí cóipeanna díobh a uaslódáil chuig a gcuntas iarrthóra (féach freisin Roinn 2.1 de na rialacha ginearálta seo). Caithfidh siad sin a dhéanamh faoin dáta atá leagtha síos san fhógra comórtais, nó, mura bhfuil dáta leagtha síos san fhógra, faoin dáta atá curtha in iúl ag EPSO. |
|
(2) |
Mura gcuirfear doiciméad/doiciméid tacaíochta ar fáil faoin dáta atá luaite thuas, is féidir go measfar go bhfuil an t-iarrthóir neamh-incháilithe nó is féidir nach gcuirfear a cháilíochtaí oideachais sonracha nó a thaithí shonrach san áireamh. |
|
(3) |
Ag aon chéim den phróiseas, féadfar a iarraidh ar iarrthóirí eolas breise nó doiciméid bhreise a chur ar fáil. |
|
(4) |
Ar na doiciméid a bheidh ar iarrthóirí a uaslódáil, beidh cóip dá gcárta aitheantais nó dá bpas, agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí ar an dáta deiridh is féidir iarratas a chur isteach. Beidh ar iarrthóirí an bundoiciméad, i.e. an cárta aitheantais féin nó an pas féin, a thaispeáint nuair a iarrfar sin orthu. |
|
(5) |
Chun cruthúnas a sholáthar i leith a gcáilíochtaí oideachais, beidh ar iarrthóirí na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chur ar fáil:
|
|
(6) |
Ní mór gach tréimhse taithí oibre a bheith cumhdaithe leis na bundoiciméid seo a leanas nó le cóipeanna deimhnithe díobh:
|
3. Ról an bhoird roghnúcháin
|
(1) |
Is é bord roghnúcháin an chomórtais a dhéanann cinneadh maidir le deacracht na dtrialacha sa chomórtas agus a fhaomhann inneachar na dtrialacha sin, a dhéanann measúnú ar chomhlíontacht na n-iarrthóirí leis na coinníollacha sonracha incháilitheachta, a chuireann fiúntas na n-iarrthóirí i gcomparáid le chéile, agus a roghnaíonn na hiarrthóirí is fearr i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. |
|
(2) |
Coinnítear imeachtaí an bhoird roghnúcháin faoi rún. |
|
(3) |
Tugann EPSO áis don bhoird roghnúcháin i leith a chuid oibre. |
4. Coinbhleacht leasa
|
(1) |
Foilsítear ainmneacha chomhaltaí an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (7). |
|
(2) |
Ceanglaítear ar iarrthóirí, ar chomhaltaí an bhoird roghnúcháin, agus ar bhaill foirne EPSO a thugann áis le haghaidh eagrú comórtais faoi leith, aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a dhearbhú, go háirithe i gcás gaolta nó caidreamh oibre díreach. Aon staid a d’fhéadfadh a bheith ina coinbhleacht leasa, ní mór don duine lena mbaineann í a dhearbhú le EPSO a luaithe agus a bheidh sé ar an eolas fúithi. Measfaidh EPSO gach cás leis féin agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí. |
|
(3) |
Chun a chinntiú go mbeidh an bord roghnúcháin neamhspleách, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach bhfuil ar an mbord roghnúcháin iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon chomhalta den bhord roghnúcháin maidir le haon ábhar a bhaineann leis an gcomórtas nó le himeachtaí an bhoird roghnúcháin, ach amháin i gcásanna ina n-údaraítear a mhalairt go sainráite. |
|
(4) |
Aon iarrthóir ar mian leis a chás a chur faoi bhráid an bhoird roghnúcháin, ní mór dó sin a dhéanamh i scríbhinn agus an comhfhreagras sin a chur chuig an mbord roghnúcháin trína gcuntas iarrthóra. |
|
(5) |
Aon sárú ar na rialacha thuasluaite, d’fhéadfaí gníomh araíonachta a chur ar bun in aghaidh comhalta den bhord roghnúcháin nó ball d’fhoireann EPSO i ngeall air, agus/nó d’fhéadfaí iarrthóir a dhícháiliú ón gcomórtas i ngeall air (féach Roinn 6). |
5. Tástáil
|
(1) |
Cuirfidh EPSO na hiarrthóirí ar an eolas faoi rialacha mionsonraithe na dtrialacha agus faoi aon sonraí agus treoracha riachtanacha ar a dhéanaí nuair a thabharfar cuireadh do na hiarrthóirí na trialacha a dhéanamh. |
|
(2) |
Ní mór d’iarrthóirí na trialacha a chur in áirithe de réir na dtreoracha a gheobhaidh siad ó EPSO, má iarrtar orthu sin a dhéanamh agus nuair a iarrfar orthu é. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh. |
|
(3) |
Ní mór d’iarrthóirí gach beart is gá dá dtagraítear sna treoracha a eisíodh roimh na trialacha a dhéanamh, cuir i gcás bogearraí a shuiteáil, an sioncrónú/na sioncrónuithe riachtanacha a dhéanamh, triail nascachta a dhéanamh, triail ar réamhriachtanais theicniúla, seiceáil córas agus/nó triail bhréige a dhéanamh. Má chloítear leis na treoracha, beifear in ann ullmhacht thimpeallacht TF an iarrthóra agus comhoiriúnacht ghléas an iarrthóra don ardán tástála nó don fheidhmchlár a sheiceáil. Mura gcuirfear na céimeanna éigeantacha i gcrích, is féidir go gcuirfear cosc ar an iarrthóir na trialacha a dhéanamh agus cuirfear bac ar chumas sholáthraí reáchtála na dtrialacha aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar aon fhadhb theicniúil a bheidh ag an iarrthóir le linn na tástála. |
|
(4) |
I gcásanna nach gcuirfidh iarrthóir ceann nó cinn de na trialacha in áirithe, nó nach ndéanfaidh sé, nó nach gcríochnóidh sé, ceann nó cinn de na trialacha, measfar go bhfuil deireadh lena rannpháirtíocht sa chomórtas, ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gur tosca nach raibh neart aige orthu, nó staid force majeure, faoi dheara dó gan an triail a chur in áirithe nó gan í a dhéanamh nó a chríochnú. Ba cheart don iarrthóir dul i dteagmháil le EPSO a luaithe is féidir, roimh an triail más féidir, agus ní mór dóibh an bonn cirt is gá a thabhairt, agus i gcás inarb infheidhme, cruthúnas go ndeachaigh siad i dteagmháil leis na seirbhísí tacaíochta teicniúla. |
|
(5) |
Mura gcloífear leis na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme i ndáil le tástáil atá sonraithe sna treoracha agus san eolas a cuireadh ar fáil d’iarrthóirí, ní mheasfar gur toisc é sin nach bhfuil neart ag an iarrthóir air ná gur cás force majeure é. |
|
(6) |
Iarrtar ar iarrthóirí freisin féachaint ar shuíomh gréasáin EPSO (8) chun cur amach níos fearr a fháil ar phróisis roghnúcháin EPSO, na ceanglais ghinearálta is infheidhme maidir le tástáil san áireamh. |
6. Dícháiliú ón gcomórtas
|
(1) |
Féadfar iarrthóirí a dhícháiliú ag céim ar bith den chomórtas ar aon cheann de na forais seo a leanas:
|
|
(2) |
Is ceart d’iarrthóirí ar phost in institiúidí an Aontais Eorpaigh gníomhú go sár-ionraic iontaofa, i gcomhréir le hAirteagal 27, an chéad mhír, agus le hAirteagal 28(c) de na Rialacháin Foirne. I gcás calaoise nó iarracht ar chalaois, féadfaidh EPSO cinneadh a dhéanamh a dhearbhú go bhfuil an t-iarrthóir neamh-incháilithe ar feadh tréimhse ama teoranta do chomórtais a reáchtálfar ina dhiaidh sin. |
7. Ábhair imní agus leigheasanna
7.1. Fadhbanna teicniúla agus eagraíochtúla
|
(1) |
Má bhíonn mórfhadhb theicniúil nó eagraíochtúil ag iarrthóir ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin, ba cheart dó é sin a chur in iúl do EPSO trína chuntas iarrthóra. |
|
(2) |
I gcás fadhbanna leis an gcuntas iarrthóra nó leis an bhfoirm iarratais, ní mór d’iarrthóirí dul i dteagmháil le EPSO láithreach bonn agus, ar aon nós, roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach. |
|
(3) |
Má thagann fadhb chun cinn le linn na dtrialacha, ní mór don iarrthóir an dá rud seo a dhéanamh:
|
|
(4) |
Gearáin a gheofar tar éis an sprioc-ama atá sonraithe sa phointe seo, measfar iad a bheith do-ghlactha. |
|
(5) |
Gearáin faoi shaincheisteanna teicniúla a chuirfidh iarrthóirí nár thug faoi na céimeanna dá dtagraítear i Roinn 5(3), measfar iad a bheith do-inghlactha ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gur tosca nach raibh neart ag an iarrthóir orthu, nó staid force majeure, faoi deara dó gan na céimeanna riachtanacha a chur i gcrích. |
|
(6) |
Éilimh a dhéanfar i gcomhthéacs gearán a bhfuil tagairt dóibh i Ranna 7.2.2 agus 7.3.1 ar bhonn fadhbanna teicniúla agus/nó eagraíochtúla a mhaítear a bhí ann agus nár tuairiscíodh de réir Roinn 7.1, a léitear in éineacht le Roinn 5, measfar iad a bheith do-inghlactha. |
7.2. Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach
7.2.1. Gearáin maidir le ceisteanna trialach ilrogha
|
(1) |
Má mheasann iarrthóirí go bhfuil údar inchosanta acu lena chreidiúint gur chuir earráid i gceann amháin nó níos mó de na ceisteanna sa triail ceisteanna ilrogha isteach ar a gcumas freagra a thabhairt, féadfaidh siad athbhreithniú a iarraidh ar an gceist/na ceisteanna lena mbaineann. |
|
(2) |
Féadfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh go ‘neodrófar’ an cheist/na ceisteanna ina bhfuil an earráid: cuirfear an cheist/na ceisteanna lena mbaineann ar ceal agus déanfar na pointí a bhí ag dul leis an gceist/na ceisteanna sin ar dtús a athdháileadh ar na ceisteanna eile sa triail. Ní dhéanfaidh athríomh na bpointí difear ach amháin do na hiarrthóirí a raibh an cheist/na ceisteanna lena mbaineann le freagairt acu. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar mharcáil na dtrialacha mar atá leagtha amach sna ranna ábhartha den fhógra comórtais. |
|
(3) |
Chun gearáin maidir le ceist/ceisteanna trialach ilrogha a chur isteach, ba cheart don iarrthóir:
|
|
(4) |
Gearáin a chuirfear isteach tar éis an sprioc-ama agus gearáin gan cur síos soiléir ar an gceist/na ceisteanna is ábhar agóide agus/nó ar an earráid/na hearráidí a bhfuiltear ag líomhain go raibh sí/siad ann, ní chuirfear san áireamh iad. Go háirithe, gearáin nach luafar iontu ach saincheisteanna aistriúcháin a bhfuiltear ag líomhain go raibh siad ann, gan an fhadhb a shonrú, ní chuirfear san áireamh iad. |
|
(5) |
Éilimh a dhéanfar i gcomhthéacs gearán dá dtagraítear i Roinn 7.3.1 ar bhonn fadhbanna a bhfuiltear ag líomhain go raibh siad sna ceisteanna ilrogha agus nár tuairiscíodh de réir Roinn 7.2.1, diúltófar iad. |
7.2.2. Iarrataí ar athbhreithniú
|
(1) |
Féadfaidh iarrthóirí athbhreithniú a iarraidh ar chinneadh a rinne an bord roghnúcháin, lenar socraíodh a dtorthaí, lenar cinneadh an féidir leo dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, nó lena ndearnadh difear ar bhealach eile dá stádas dlíthiúil mar iarrthóir. |
|
(2) |
Is é is cuspóir don nós imeachta um athbhreithniú a chur ar a chumas don bhord roghnúcháin an cinneadh is ábhar agóide a leasú i gcás ina mbeidh údar leis sin (mar shampla, botún sa mheasúnú). Sa nós imeachta um athbhreithniú, athbhreithneoidh an bord roghnúcháin an measúnú a rinne sé ar fhiúntais an iarrthóra agus déanfaidh sé a chonclúidí tosaigh a dheimhniú nó measúnú leasaithe a sholáthar. |
|
(3) |
Ní fhreagróidh an bord roghnúcháin aon argóintí dlíthiúla, bídís ag baint leis an measúnú is ábhar agóide nó ná bídís. Aon argóint arb argóint dhlíthiúil í agus aon éileamh a bhaineann le creat dlíthiúil an chomórtais, féadfar í/é a chur isteach i bhfoirm gearáin riaracháin (féach Roinn 7.3.1). |
|
(4) |
Féadfaidh iarrthóirí easaontú leis an measúnú a rinne an bord roghnúcháin maidir le conas a d’éirigh leo i gcomórtas nó lena gcáilíochtaí oideachais agus/nó lena dtaithí, ach ní chiallaíonn sin go ndearna an bord roghnúcháin earráid mheasúnaithe. Tá lamháil leathan roghnachais ag an mbord roghnúcháin agus breithiúnais ar fhiúntas á ndéanamh aige maidir le feidhmiú, cáilíochtaí oideachais, agus taithí na n-iarrthóirí. |
|
(5) |
Ní féidir athbhreithniú a iarraidh i leith torthaí trialach ceisteanna ilrogha. |
|
(6) |
Chun iarraidh ar athbhreithniú a chur isteach, ní mór don iarrthóir:
|
|
(7) |
Gheobhaidh na hiarrthóirí admháil uathoibríoch lena chur in iúl go bhfuarthas an iarraidh. Déanfaidh an bord roghnúcháin scrúdú ar an iarraidh ar athbhreithniú agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl don iarrthóir a luaithe is féidir. |
|
(8) |
Iarrataí ar athbhreithniú a gheofar tar éis an sprioc-ama atá luaite i bpointe (6)(a) thuas, measfar go bhfuil siad do-ghlactha agus ní dhéanfar scrúdú orthu, ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gurbh ann do staid force majeure. |
7.3. Modhanna eile athbhreithnithe
7.3.1. Gearáin riaracháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne
|
(1) |
Féadfaidh iarrthóirí gearán riaracháin a chur isteach i leith birt (cinneadh nó easnamh cinnidh) más rud é:
|
|
(2) |
Is féidir an gearán a dhéanamh i leith easnamh cinnidh i gcás ina bhfuil oibleagáid ann cinneadh a dhéanamh laistigh de sprioc-am atá sonraithe sna Rialacháin Foirne. |
|
(3) |
Iarrthóirí a bhfuil iarraidh ar athbhreithniú curtha isteach acu (féach Roinn 7.2.2), ní mór dóibh fanacht go dtí go dtabharfar fógra dóibh faoin bhfreagra ar an iarraidh sin sula ndéana siad cinneadh gearán riarachán a chur isteach nó a mhalairt. I gcásanna den chineál sin, bíonn tús leis an tréimhse chun gearán riaracháin a chur isteach an dáta a thugtar fógra faoi chinneadh an bhoird roghnúcháin maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú. |
|
(4) |
Is é Stiúrthóir EPSO a dhéanann scrúdú ar ghearáin riaracháin, ag feidhmiú dó i gcáil údaráis cheapacháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne. |
|
(5) |
Is é is cuspóir don nós imeachta um ghearáin riaracháin, a fhíorú ar cloíodh le creat dlíthiúil an chomórtais. Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara nach féidir le Stiúrthóir EPSO breithiúnas ar fhiúntas a rinne bord roghnúcháin a chur ar ceal agus nach bhfuil aon chumhacht dhlíthiúil aige substaint cinnidh ó bhord roghnúcháin a athrú. Má aimsíonn Stiúrthóir EPSO botún sa nós imeachta nó earráid fhollasach sa mheasúnú, cuirfear an cás ar ais chuig an mbord roghnúcháin le hathmheasúnú a dhéanamh air. |
|
(6) |
Chun gearán riaracháin a chur isteach, ba cheart don iarrthóir:
|
|
(7) |
Gearáin riaracháin a gheofar tar éis an sprioc-ama atá leagtha amach in Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, measfar go bhfuil siad do-ghlactha. |
7.3.2. Achomhairc bhreithiúnacha
|
(1) |
Tá sé de cheart ag iarrthóirí achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne. |
|
(2) |
Ní bheidh achomhairc bhreithiúnacha in aghaidh cinntí arna ndéanamh ag EPSO (seachas ag an mbord roghnúcháin) inghlactha os comhair na Cúirte Ginearálta murar bhain an t-iarrthóir leas mar ba chuí as réiteach an ghearáin riaracháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (féach Roinn 7.3.1 thuas). |
|
(3) |
Is féidir an t-eolas uile faoi achomhairc bhreithiúnacha a fháil ar shuíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (9). |
7.3.3. Gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach
|
(1) |
Is féidir le gach saoránach agus gach cónaitheoir de chuid an Aontais Eorpaigh gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach maidir le cásanna drochriaracháin. |
|
(2) |
Sula ndéana iarrthóirí gearán leis an Ombudsman, ní mór dóibh na leigheasanna inmheánacha uile a sholáthraíonn EPSO a bheith úsáidte acu cheana féin (féach Ranna 7.1 agus 7.2 thuas). |
|
(3) |
Gearáin a dhéantar leis an Ombudsman, níl aon éifeacht fionraí acu ar na sprioc-amanna atá leagtha síos chun iarrataí, gearáin ná achomhairc bhreithiúnacha dá dtagraítear sna rialacha seo a chur isteach. |
|
(4) |
Is féidir an t-eolas uile faoi ghearáin leis an Ombudsman a fháil ar an suíomh gréasáin tiomnaithe (10). |
Deireadh na hIARSCRÍBHINNE, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs
(1) https://epso.europa.eu/ga/contact-us.
(2) https://eu-careers.europa.eu/ga/documents/common-european-framework-reference-languages.
(3) https://epso.europa.eu/ga/contact-us.
(4) https://eu-careers.europa.eu/ga/epso-faqs-by-category.
(5) Chun críocha an chomórtais seo, úsáidtear na téarmaí ‘oideachas’ agus ‘cáilíochtaí oideachais’ go hidirmhalartach.
(6) Chun críocha an chomórtais seo, úsáidtear na téarmaí ‘taithí’, ‘taithí ghairmiúil’ agus ‘taithí oibre’ go hidirmhalartach.
(7) https://epso.europa.eu/ga.
(8) https://eu-careers.europa.eu/ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1273/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)