Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C/2024/04525

FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE EPSO/AST/156/24 – Cúntóirí teanga (AST 3) sna réimsí seo a leanas: 1.Bainistiú airgeadais 2.Cuntasaíocht agus státchiste 3.Soláthar poiblí

IO C, C/2024/4525, 25.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4525/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4525/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4525

25.7.2024

FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AST/156/24 – Cúntóirí teanga (AST 3) sna réimsí seo a leanas:

1.

Bainistiú airgeadais

2.

Cuntasaíocht agus státchiste

3.

Soláthar poiblí

(C/2024/4525)

An sprioc-am le hiarratas a dhéanamh: An 3 Meán Fómhair 2024 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile

CLÁR

1.

GENERAL PROVISIONS 1

2.

WHAT DUTIES CAN I EXPECT TO PERFORM? 2

3.

AM I ELIGIBLE? 2

3.1.

General conditions 2

3.2.

Specific conditions – languages 2

3.3.

Specific conditions – qualifications and work experience 2

4.

HOW WILL THE COMPETITION BE ORGANISED? 3

4.1.

Overview of the competition procedures 3

4.2.

Languages used in this competition 4

4.3.

Competition phases 4

5.

EQUAL OPPORTUNITIES AND REASONABLE ACCOMMODATION 7
ANNEX I – General rules 8
ANNEX II – Typical duties 15
ANNEX III – Examples of minimum qualifications 17

1.   FORÁLACHA GINEARÁLTA

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a bhféadfaidh institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar chúntóirí (grád AST 3).

Is iad an fógra seo faoi chomórtas agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis, agus Iarscríbhinn I ‘Rialacha Ginearálta’ san áireamh, sin iad creat ceangailteach an chomórtais seo ó thaobh dlí de.

Cuimsíonn an fógra comórtais oscailte seo trí réimse. Ní féidir le hiarrthóir iarratas a dhéanamh ach ar aon cheann amháin acu. Ní mór d'iarrthóirí an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin agus ní fhéadfaidh siad í a athrú i ndiaidh dóibh an fhoirm iarratais a bhailíochtú.

An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal:

Réimse 1

Bainistiú airgeadais

406

Réimse 2

Cuntasaíocht agus státchiste

184

Réimse 3

Soláthar poiblí

274

Féachann EPSO le teanga atá neodrach i dtaobh inscne agus ionchuimsitheach a úsáid. Ní mór aon tagairt do dhuine d’inscne áirithe a mheas mar thagairt do dhuine d’aon inscne eile chomh maith.

2.   DUALGAIS AN PHOIST

Féach Iarscríbhinn II le haghaidh eolas faoi phríomhdhualgais an phoist.

3.   NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d’iarrthóirí gach ceann de na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán.

3.1.   Coinníollacha ginearálta

Ní mór don iarrthóir:

1.

a bheith ina náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus cearta iomlána a bheith aige nó aici mar shaoránach,

2.

aon oibleagáid dlí atá air nó uirthi i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta aige nó aici,

3.

na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh.

3.2.   Coinníollacha sonracha – teangacha

Ní mór don iarrthóir eolas a bheith aige ar dhá theanga ar a laghad de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, mar a fhoráiltear i Roinn 4.2 thíos.

3.3.   Coinníollacha sonracha – cáilíochtaí agus taithí oibre

Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in Iarscríbhinn III.

3.3.1.   Réimse 1 – bainistiú airgeadais

(a)

Chun bheith incháilithe do réimse 1, ní mór d’iarrthóir na ceanglais atá liostaithe i gceann de na pointí seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

Leibhéal oideachais iar-mheánscoile 2 bhliain ar a laghad a bheith aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr, san eacnamaíocht, sa riarachán poiblí, sa riarachán gnó, sa chuntasaíocht, san airgeadas/sa bhainistiú airgeadais, nó sa dlí, agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha.

De mhaolú ar phointe 2.2(1)(a) de na Rialacha ginearálta (Iarscríbhinn I), féadfar an taithí oibre dá dtagraítear sa phointe sin a chur san áireamh má fuarthas é tar éis an ceanglas oideachais dá dtagraítear i bpointe 3.3.1.(a)(ii) thuas a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcomhlíontar critéir eile dá dtagraítear sa phointe 2.2 de na Rialacha ginearálta leis an taithí sin.

(ii)

Leibhéal oideachais meánscoile a bheith aige ar baineadh dioplóma amach dá bharr lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin.

(b)

Measfar an taithí oibre dá dtagraítear i bpointí 3.3.1(a)(i) agus (ii) thuas a bheith ábhartha má fuarthas é i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(i)

Buiséid bhliantúla a ullmhú, a chur i gcrích agus monatóireacht a dhéanamh orthu;

(ii)

Sainchomhaid airgeadais a chur ar bun, seiceáil a dhéanamh ar dhoiciméid airgeadais, agus/nó tuarascálacha/staidreamh airgeadais a dhréachtú;

(iii)

Monatóireacht airgeadais a dhéanamh ar chonarthaí soláthair agus/nó ar chomhaontuithe deontais agus/nó monatóireacht airgeadais a dhéanamh ar chaiteachas riaracháin agus/nó ar theidlíochtaí airgeadais do chomhaltaí tofa/ceaptha d’institiúidí poiblí;

(iv)

Idirbhearta buiséadacha agus airgeadais a ullmhú (a thionscnamh);

(v)

Fíorúchán neamhspleách a dhéanamh ar idirbhearta buiséadacha agus airgeadais roimh (ex ante) agus tar éis forghníomhú (ex-post);

(vi)

Córais chuntasaíochta agus córais airgeadais TF a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear uirlisí tuairiscithe agus bainistiú bunachar sonraí.

3.3.2.   Réimse 2 – cuntasaíocht agus státchiste

(a)

Chun bheith incháilithe do réimse 2, ní mór d’iarrthóir na ceanglais atá liostaithe i gceann de na pointí seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

Leibhéal oideachais iar-mheánscoile 2 bhliain ar a laghad a bheith aige ar baineadh dioplóma amach dá bharr sa chuntasaíocht nó san airgeadas/sa bhainistiú airgeadais, agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha.

De mhaolú ar phointe 2.2(1)(a) de na Rialacha ginearálta (Iarscríbhinn I), féadfar an taithí oibre dá dtagraítear sa phointe sin a chur san áireamh má fuarthas é tar éis an ceanglas oideachais dá dtagraítear i bpointe 3.3.2.(a)(ii) thuas a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcomhlíontar critéir eile dá dtagraítear sa phointe 2.2 de na Rialacha ginearálta leis an taithí sin.

(ii)

Leibhéal oideachais meánscoile a bheith aige ar baineadh dioplóma amach dá bharr lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin.

(b)

Measfar an taithí oibre dá dtagraítear i bpointí 3.3.2(a)(i) agus (ii) thuas a bheith ábhartha má fuarthas é i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(i)

Sonraisc agus nótaí creidmheasa a thabhairt isteach, a fhíorú agus/nó a bhailíochtú;

(ii)

Íocaíochtaí a fhorghníomhú agus monatóireacht a dhéanamh orthu agus fritháireamh a dhéanamh le nótaí creidmheasa;

(iii)

Aisghabháil méideanna is infhaighte a fhorghníomhú agus iontrálacha cuntasaíochta gaolmhara a dhéanamh;

(iv)

Sócmhainní, dímheas agus fardail a bhainistiú;

(v)

Aisghabhálacha CBL;

(vi)

Bainistíocht státchiste;

(vii)

Na ráitis airgeadais a ullmhú, rannchuidiú leis an dúnadh bliantúil agus tuarascálacha éagsúla bainistithe fardail agus airgeadais a chur ar fáil;

(viii)

Iniúchóireacht reachtúil.

3.3.3.   Réimse 3 – soláthar poiblí

(a)

Chun bheith incháilithe do réimse 3, ní mór d’iarrthóir na ceanglais atá liostaithe i gceann de na pointí seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

Leibhéal oideachais iar-mheánscoile 2 bhliain ar a laghad a bheith aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr, san eacnamaíocht, sa riarachán poiblí, sa riarachán gnó, sa chuntasaíocht, san airgeadas/sa bhainistiú airgeadais, nó sa dlí, agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha.

De mhaolú ar phointe 2.2(1)(a) de na Rialacha ginearálta (Iarscríbhinn I), féadfar an taithí oibre dá dtagraítear sa phointe sin a chur san áireamh má fuarthas é tar éis an ceanglas oideachais dá dtagraítear i bpointe 3.3.3.(a)(ii) thuas a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcomhlíontar critéir eile dá dtagraítear sa phointe 2.2 de na Rialacha ginearálta leis an taithí sin.

(ii)

Leibhéal oideachais meánscoile a bheith aige ar baineadh dioplóma amach dá bharr lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin.

(b)

Measfar an taithí oibre dá dtagraítear i bpointí 3.3.3(a)(i) agus (ii) thuas a bheith ábhartha má fuarthas é i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(i)

Nósanna imeachta soláthair phoiblí (agus/nó nósanna imeachta deontais) a phleanáil agus a chlárú;

(ii)

Teimpléid do dhoiciméid soláthair phoiblí (agus/nó doiciméid deontais) a ullmhú nó a thabhairt cothrom le dáta;

(iii)

Doiciméid soláthair phoiblí (agus/nó doiciméid deontais) a thionscnamh agus/nó a athbhreithniú;

(iv)

Nósanna imeachta soláthair phoiblí (agus/nó nósanna imeachta deontais) a eagrú agus a reáchtáil;

(v)

Monatóireacht dlíthiúil agus airgeadais a dhéanamh ar chonarthaí agus/nó ar chomhaontuithe deontais;

(vi)

Córais ríomhsholáthair a dhearadh, a fhorbairt agus a choinneáil ar bun.

4.   CONAS A EAGRÓFAR AN COMÓRTAS?

4.1.   Forléargas ar nósanna imeachta an chomórtais

Eagrófar an comórtas seo sna céimeanna seo a leanas:

Iarratas (féach Roinn 4.3.1).

Tástáil (féach Roinn 4.3.2): trialacha réasúnaíochta, triail ceisteanna ilrogha a bhaineann leis an réimse is rogha leis an iarrthóir (‘triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach’) agus aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh (‘EUFTE’).

Scripteanna EUFTE a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta (féach Roinn 4.3.3.).

Na painéil a bhunú (féach Roinn 4.3.4).

4.2.   Teangacha a úsáidtear sa chomórtas seo

Sonraítear sna Rialacháin Foirne  (1) nach bhféadfar oifigeach a cheapadh ach amháin ar choinníoll go gcuirfidh siad fianaise ar fáil go bhfuil sáreolas aige ar cheann de theangacha an Aontais agus eolas sásúil aige ar cheann eile de theangacha an Aontais a mhéid is gá lena chuid dualgas a chomhlíonadh.

Dá bhrí sin, ní mór d’iarrthóir sa chomórtas seo eolas cuimsitheach a bheith aige (leibhéal C1 ar a laghad) ar cheann amháin ar a laghad de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil a bheith aige (leibhéal B2 ar a laghad) ar theanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Ní mór na híosleibhéil atá luaite anseo a bheith ag an iarrthóir i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) a iarrtar ar an bhfoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha  (2).

Ar mhaithe le tagairt dóibh a éascú, tabharfar ‘teanga 1’ agus ‘teanga 2’ ar na teangacha sin.

Is mar seo a leanas a úsáidfear na teangacha sna céimeanna éagsúla den chomórtas:

Céim an chomórtais

Trialacha

Teanga

Iarratas

Aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh

Tástáil

Trialacha réasúnaíochta

Teanga 1

Triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach

Teanga 2

EUFTE

Teanga 2

Beidh ar na hiarrthóirí a rogha teanga le haghaidh na dtrialacha a lua ar a bhfoirm iarratais agus ní fhéadfaidh siad í a athrú tar éis dóibh a n-iarratas a bhailíochtú.

4.3.   Céimeanna an chomórtais

4.3.1.   Iarratas

Chun iarratas a dhéanamh ní mór cuntas EPSO a bheith ag iarrthóir. Iarrthóirí nach bhfuil cuntas EPSO acu fós, beidh orthu cuntas a chruthú. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a chruthú agus ní mór an cuntas sin a úsáid le haghaidh gach iarratais.

Ní mór d'iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar líne ar shuíomh gréasáin EPSO  (3) faoin

An 3 Meán Fómhair 2024 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile.

Is ionann bailíochtú iarratais agus dearbhú ó na hiarrthóirí go gcomhlíonann siad na coinníollacha ar fad atá luaite faoi roinn 3 ‘Na coinníollacha incháilitheachta’. Nuair a bheidh an fhoirm iarratais bailíochtaithe ag na hiarrthóirí, ní fhéadfaidh siad aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Is faoi na hiarrthóirí atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am.

Faoin 15 Deireadh Fómhair 2024 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile, ní mór d’iarrthóirí cóipeanna scanta a uaslódáil chuig a gcuntas EPSO de na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne siad ina bhfoirm iarratais (agus na cóipeanna sin a cheangal dá n-iarratas). Tá míniú ar an dóigh leis sin a dhéanamh ar fáil ar Shuíomh idirlín EPSO  (4).

4.3.2.   Tástáil

(a)   Faisnéis ghinearálta

Na hiarrthóirí uile a mbeidh a bhfoirm iarratais bailíochtaithe acu faoin sprioc-am atá luaite san fhógra seo, tabharfar cuireadh dóibh tabhairt faoi shraith trialacha: triail réasúnaíochta, triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach, agus EUFTE.

Is de chéin a reáchtálfar na trialacha agus déanfar feitheoireacht chianda orthu. Cuirfidh EPSO na hiarrthóirí ar an eolas faoi rialacha mionsonraithe na tástála ar a dhéanaí nuair a bheidh cuireadh á thabhairt dóibh na trialacha a dhéanamh.

Léirítear sa tábla seo a leanas an chaoi a n-úsáidfear marcanna na dtrialacha:

Triail

Conas a úsáidfear na marcanna tástála?

Réasúnaíocht bhriathartha, uimhriúil agus theibí

‘Pas/Teip’

Marcálfar na trialacha chun a dhéanamh amach ar bhain an t-iarrthóir na pasmharcanna is gá amach.

Triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach

‘Pas/Teip agus Rangú’

Úsáidfear marcanna na n-iarrthóirí a ghnóthaigh an pasmharc chun rangú a chruthú de réir fheidhmíocht na n-iarrthóirí.

EUFTE

‘Pas/Teip’

Marcálfar an triail chun a dhéanamh amach ar bhain an t-iarrthóir an pasmharc is gá amach.

Má theipeann ar iarrthóir an pasmharc nó na pasmharcanna is gá a ghnóthú i gceann amháin de na trialacha, tiocfaidh deireadh lena rannpháirtíocht sa chomórtas. Ní dhéanfar tuilleadh próiseála ar fhreagraí agus/nó ar scripteanna trialach na n-iarrthóirí sin agus ní dhéanfar a n-incháilitheacht a sheiceáil, de réir mar is infheidhme.

Ní chuirfear torthaí na dtrialacha in iúl d’iarrthóirí ach ag deireadh an chomórtais, gan beann ar an gcéim den chomórtas a bhain an t-iarrthóir amach.

(b)   Trialacha réasúnaíochta do réimsí 1 agus 2

Na trialacha réasúnaíochta a dhéanfaidh na hiarrthóirí le haghaidh réimsí 1 agus 2, is mar seo a leanas a eagrófar iad:

Trialacha

Teanga

Líon na gceisteanna

Fad ama

Marcáil

Pasmharcanna

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

0 go 10

6/10

Réasúnaíocht bhriathartha

20 gceist

35 nóiméad

0 go 20

Comh-mharc le haghaidh trialacha réasúnaíochta briathartha agus teibí: 15/30

Réasúnaíocht theibí

10 gceist

10 nóiméad

0 go 10

Ní mór d’iarrthóir an dá rud a bhaint amach

(i)

pas-scór 6/10 sa tástáil réasúnaíochta uimhriúil agus

(ii)

comh-phasmharc 15/30 sna trialacha réasúnaíochta briathartha agus teibí.

(c)   Trialacha réasúnaíochta le haghaidh réimse 3

Na trialacha réasúnaíochta a dhéanfaidh na hiarrthóirí le haghaidh réimse 3, is mar seo a leanas a eagrófar iad:

Trialacha

Teanga

Líon na gceisteanna

Fad ama

Marcáil

Pasmharcanna

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

20

35 nóiméad

0 go 20

10/20

Réasúnaíocht uimhriúil

10

20 nóiméad

0 go 10

Comh-mharc le haghaidh trialacha réasúnaíochta uimhriúla agus teibí: 10/20

Réasúnaíocht theibí

10

10 nóiméad

0 go 10

Ní mór d’iarrthóir an dá rud a bhaint amach

(i)

pasmharc 10/20 sa triail réasúnaíochta bhriathartha agus

(ii)

comh-phasmharc 10/20 sna trialacha réasúnaíochta uimhriúla agus teibí.

(d)   Triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach – gach réimse

Is leis an réimse a roghnaigh an t-iarrthóir a bhainfidh an triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach. Is mar seo a leanas a eagrófar í:

Triail

Teanga

Líon na gceisteanna

Fad ama

Marcáil

Pasmharc

Triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach

Teanga 2

30

40 nóiméad

0 go 30

15/30

Ní mór d’iarrthóir an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

pasmharc 15/30 a ghnóthú agus

(ii)

a bheith ar na hiarrthóir is airde marcanna.

Na hiarrthóirí a bhainfidh an pasmharc amach, déanfar iad a rangú de réir ord íslitheach na marcanna a ghnóthófar, de réir réimse. Úsáidfear an rangú sin (i) chun a chinneadh cé na hiarrthóirí a ndéanfar a script EUFTE a mheasúnú agus a ndéanfar seiceáil incháilitheachta orthu (féach Roinn 4.3.3.) agus (ii) chun na painéil a bhunú de réir an phróisis atá sainithe i Roinn 4.3.4.

Mura bhfuil iarrthóir i measc na n-iarrthóirí a ghnóthaigh an marc is airde mar atá sainithe i Roinn 4.3.3(a), measfar go bhfuil deireadh tagtha lena rannpháirtíocht sa chomórtas. Ní dhéanfar próiseáil ar scripteanna EUFTE na n-iarrthóirí sin agus ní dhéanfar seiceáil ar a n-incháilitheacht.

(e)   EUFTE – gach réimse

Tá an EUFTE dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa an iarrthóra. Is mar seo a leanas a eagrófar í:

Triail

Teanga

Fad ama

Marcáil

Pasmharc

EUFTE

Teanga 2

40 nóiméad

0 go 10

5/10

Beidh ar na hiarrthóirí freagra a thabhairt ar thasc nó ar thascanna na trialach bunaithe ar na doiciméid a bhaineann le cúrsaí an Aontais Eorpaigh a chuirtear ar fáil. Cuirfear na doiciméid sin ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO roimh dháta na trialach. Gheobhaidh na hiarrthóirí na doiciméid chéanna le linn na trialach, mar aon leis an tasc/na tascanna atá bunaithe ar na doiciméid sin.

Ní triail teanga atá san EUFTE. Is ar na táscairí sonracha a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin EPSO a bheidh an measúnú bunaithe  (5).

4.3.3.   Na scripteanna EUFTE a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta a dhéanamh

(a)

Déanfar marcáil na scripteanna EUFTE agus an tseiceáil incháilitheachta (rud a rinneadh i gcomhréir le mír (b) thíos) i gcomhthráth le chéile. Déanfar an méid sin in ord íslitheach an rangaithe dá dtagraítear i Roinn 4.3.2.(d). Is líon teoranta iarrthóirí do gach réimse (nach mó ná 1.5 oiread an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach réimse) a marcálfaidh an bord roghnúcháin scripteanna an EUFTE agus a ndéanfaidh sé seiceáil incháilitheachta orthu.

(b)

Is éard atá i gceist leis an tseiceáil incháilitheachta fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta a leagtar amach i Roinn 3 ‘Na Coinníollacha Incháilitheachta’ den Fhógra seo. Is é an bord roghnúcháin a dhéanfaidh an cinneadh faoi incháilitheacht iarrthóra trí chomparáid a dhéanamh idir (i) na dearbhuithe a rinneadh san fhoirm iarratais agus (ii) na doiciméid a uaslódáladh chuig cuntas EPSO an iarrthóra chun tacú leis na dearbhuithe sin.

4.3.4.   Na painéil a bhunú

(a)

Nuair a bheidh na nósanna imeachta dá dtagraítear i Roinn 4.3.3 curtha i gcrích, cuirfidh an Bord Roghnúcháin leis na painéil ábhartha ainmneacha na n-iarrthóirí a ghnóthaigh (i) gach pasmharc is gá agus (ii) ceann de na marcanna is airde sa triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach as measc na n-iarrthóirí dá dtagraítear i Roinn 4.3.3(a) agus (iii) a fuarthas go raibh siad incháilithe. Déanfar é sin in ord íslitheach an rangaithe dá dtagraítear i Roinn 4.3.2.(d) go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach réimse nó go dtí nach mbeidh aon iarrthóir as measc siúd a chomhlíonann na critéir a luaitear thuas fágtha.

(b)

Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina gcríochnóidh roinnt iarrthóirí cothrom le chéile di, cuirfear a n-ainmneacha ar fad leis an bpainéal.

(c)

Is in ord aibítre a liostálfar na hainmneacha ar an bpainéal. Cuirfear na painéil ar fáil do na seirbhísí earcaíochta.

(d)

Cuirfear torthaí na n-iarrthóirí in iúl do na hiarrthóirí (torthaí na dtrialacha agus torthaí na seiceála incháilitheachta) ach amháin murar próiseáladh a bhfreagraí trialach agus/nó a scripteanna agus/nó murar láimhseáladh a gcomhaid doiciméad ar na cúiseanna atá luaite san fhógra seo.

Ní hionann duine a bheith ar phainéal agus aon cheart a bheith aige ar phost ná ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post.

5.   COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA

Déanann EPSO a dhícheall a chinntiú go bhfuil comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile.

Na hiarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhféadfadh an riocht sláinte ina bhfuil siad bac a chur orthu na trialacha a dhéanamh, ba cheart dóibh é sin a lua san fhoirm iarratais agus na céimeanna a leanúint chun socruithe réasúnta a iarraidh, de réir an chur síos sna Rialacha Ginearálta atá i gceangal leis an bhfógra seo (féach Iarscríbhinn I, faoi roinn 1.3). Tar éis do EPSO iarraidh na n-iarrthóirí agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a scrúdú, féadfaidh sé socrú réasúnta a thabhairt má mheastar go bhfuil gá leis.

Tá tuilleadh eolais faoi bheartas comhdheiseanna EPSO agus faoi conas socruithe réasúnta a iarraidh ar shuíomh gréasáin EPSO  (6).


(1)  Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach eile de Chomhphobal Eacnamaíoch na hEorpa agus den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385/62). Téacs comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20240101.

(2)   https://eu-careers.europa.eu/ga/documents/common-european-framework-reference-languages.

(3)   https://eu-careers.europa.eu/ga/job-opportunities/open-for-application.

(4)   https://eu-careers.europa.eu/ga/help/faq/new-competition-model-2023.

(5)   https://eu-careers.europa.eu/ga/help/faq/14952

(6)   https://eu-careers.europa.eu/ga/how-request-specific-adjustments-selection-tests.


IARSCRÍBHINN I

Rialacha ginearálta

1.   Bunfhorálacha

(1)

Tá feidhm ag forálacha na rialacha ginearálta seo mura sonraítear a mhalairt san fhógra comórtais.

(2)

Tugtar eolas d’iarrthóirí ina gcuntas EPSO nach mór plé leis laistigh de thréimhsí áirithe. Ba cheart dóibh a gcuntas EPSO a sheiceáil gach tríú lá féilire ar a laghad ionas gur féidir leo an dul chun cinn atá á dhéanamh acu sa chomórtas a leanúint agus ionas nach gcaillfidh siad aon sprioc-am.

Más rud é nach féidir le hiarrthóir a chuntas EPSO a sheiceáil mar gheall ar fhadhb theicniúil ó thaobh EPSO, ní mór dó EPSO a chur ar an eolas láithreach tríd an bhfoirm teagmhála ar líne  (1).

(3)

Má bhíonn roinnt iarrthóirí ar comhscór agus gan ach áit amháin fágtha ag aon chéim den chomórtas, rachaidh gach duine acu ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Má bhíonn roinnt iarrthóirí ar comhscór agus gan ach áit amháin ar an bpainéal fágtha, cuirfear gach duine acu ar an bpainéal.

(4)

Aon iarrthóir a athligfear isteach tar éis iarraidh, gearán nó achomharc ar éirigh leis, déanfar é (a) a chur ar ais sa chomórtas ag an gcéim ónar eisiadh é, nó (b) a chur leis an bpainéal, de réir mar is infheidhme.

(5)

Nuair a chuirfidh EPSO teachtaireacht chuig iarrthóir tríd an gcuntas EPSO nó trí ríomhphost, beidh an teachtaireacht sin i gceann de na teangacha ar dhearbhaigh an t-iarrthóir go raibh eolas ar leibhéal B2 nó níos airde (2) aige orthu sa roinn ‘Cumas léitheoireachta’ ar an bhfoirm iarratais.

(6)

Is féidir le hiarrthóirí dul i dteagmháil le EPSO tríd an bhfoirm theagmhála ar líne ar shuíomh gréasáin EPSO (3). Roimh dhul i dteagmháil le EPSO dóibh, iarrtar ar iarrthóirí roinn na ‘gceisteanna coitianta’ ar shuíomh gréasáin EPSO (4) a cheadú.

(7)

Forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, maslach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).

2.   Cáilíochtaí, taithí, doiciméid tacaíochta

Ba cheart tús agus deireadh gach tréimhse oideachais nó taithí oibre a chur in iúl san fhormáid ll/mm/bbbb.

2.1.   Cáilíochtaí oideachais

(1)

Ní mór céimeanna, dioplómaí agus/nó teastais a bheith aitheanta ag údarás inniúil de chuid Bhallstáit den Aontas Eorpach, cibé acu i dtír den Aontas Eorpach nó i dtír lasmuigh de a eisíodh iad.

(2)

Na difríochtaí idir córais oideachais náisiúnta, go háirithe na difríochtaí idir na teidil a thugtar ar chéimeanna, ar dhioplómaí agus ar theastais, cuirfear san áireamh iad agus measúnú á dhéanamh an bhfuil na cáilíochtaí is gá de réir an fhógra comórtais ag na hiarrthóirí.

(3)

I gcás gach cáilíochta oideachais, ba cheart don iarrthóir an méid seo a leanas a chur in iúl: an teideal, an leibhéal oideachais, na hábhair a clúdaíodh, dátaí thús agus dheireadh na staidéar, agus fad ama rialta/oifigiúil na staidéar.

(4)

Sa chlib ‘Oideachas’ ar an bhfoirm iarratais, ba cheart d’iarrthóirí a gcáilíocht mheánoideachais a chur isteach freisin.

2.2.   Taithí oibre

(1)

Ní féidir taithí oibre a chur san áireamh ach amháin má chomhlíonann sí na coinníollacha ginearálta seo a leanas:

(a)

Ní mór an taithí a bheith faighte tar éis don iarrthóir an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais a bhaint amach;

(b)

Ní mór fíorobair éifeachtach a bheith inti;

(c)

Ní mór pá a bheith ag dul léi;

(d)

Ní mór caidreamh gairmiúil a bheith ag baint leis, i.e. go raibh an t-iarrthóir laistigh de struchtúr eagraíochtúil nó go raibh sé ag soláthar seirbhíse;

(e)

Ní mór í a bheith i gcomhréir leis na critéir maidir le hábharthacht atá sonraithe san fhógra comórtais. Mura féidir a mheas go bhfuil na cúraimí uile a rinneadh le linn tréimhse áirithe taithí oibre ábhartha, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(i)

Más rud é go bhfuil níos mó ná 75 % de na cúraimí ábhartha, measfar gur taithí ábhartha an tréimhse iomlán taithí oibre;

(ii)

Más rud é go bhfuil 50-75 % de na cúraimí ábhartha, cuirfear an tréimhse taithí oibre atá i gceist san áireamh ar ráta 75 %;

(iii)

Más rud é go bhfuil 25-50 % de na cúraimí ábhartha, cuirfear an tréimhse taithí oibre atá i gceist san áireamh ar ráta 50 %;

(iv)

Más rud é go bhfuil níos lú ná 25 % de na cúraimí ábhartha, ní chuirfear an tréimhse taithí oibre san áireamh.

(2)

Measfar an taithí oibre a liostaítear anseo thíos freisin ar bhonn rialacha sonracha, lena n-áirítear díolúintí áirithe ó na riachtanais dá dtagraítear i mír (1) thuas:

(a)

I gcás obair dheonach, tuigfear gur ‘pá’ í aon ranníocaíocht a fuarthas, aisíoc costas agus cumhdach árachais san áireamh. Thairis sin, ní mór uaireanta seachtainiúla oibre agus fad ama seachtainiúil oibre ar aon dul le gnáth-phost a bheith i gceist i gcás obair dheonach.

(b)

I gcás tréimhse oiliúna, tuigfear gur ‘pá’ í aon ranníocaíocht a fuarthas, aisíoc costas agus cumhdach árachais san áireamh. Tréimhse oiliúna éigeantach atá ina cuid de chlár staidéir, féadfar é a chur san áireamh ar choinníoll (i) go dtugtar faoin tréimhse oiliúna tar éis an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais a bhaint amach, agus (ii) go bhfuil pá ag dul leis an tréimhse oiliúna.

(c)

Tréimhse oiliúna éigeantach atá ina cuid de chlár chun clárú le comhlachas gairmiúil chun an ceart chun gairm a chleachtadh a bhaint amach (mar shampla, cead ballraíochta i gcomhlachas bharra na ndlíodóirí a bhaint amach), nó atá ina réamhchoinníoll le clárú den chineál sin, féadfar í a chur san áireamh cibé acu a bhí pá ag dul leis an obair nó nach raibh. I gcás nach raibh pá ag dul leis an obair, áfach, ní fhéadfar an tréimhse oiliúna a chur san áireamh ach amháin ar choinníoll gur cuireadh an clár i gcrích go rathúil agus go bhfuarthas an ceart chun an ghairm a chleachtadh. I ngach cás, is í an íostréimhse éigeantach amháin a chuirfear san áireamh.

(d)

Seirbhís mhíleata éigeantach a rinneadh sula bhfuair an t-iarrthóir an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais nó tar éis dó an cháilíocht sin a fháil, cuirfear san áireamh í fiú mura gcomhlíonann sí na critéir ábharthachta atá sainithe san fhógra comórtais, ach tréimhse nach faide ná an fad éigeantach sa Bhallstát lena mbaineann amháin a bheith i gceist.

(e)

Féadfar saoire mháithreachais, atharthachta, altramais nó tuismitheora a chur san áireamh ar choinníoll gur cumhdaíodh le conradh oibre í.

(f)

I gcás staidéir dhochtúireachta, ní bheidh fad na tréimhse a chuirfear san áireamh os cionn trí bliana, ar choinníoll gur baineadh an chéim dhochtúireachta amach, agus cibé acu a bhí pá ag dul leis an obair nó nach raibh.

(g)

I gcásanna obair pháirtaimseartha, ríomhfar an tréimhse a chuirfear san áireamh pro rata, e.g. áireofar 3 mhí i gcás obair ar leath-am le linn 6 mhí.

2.3.   Doiciméid tacaíochta

(1)

Na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne iarrthóirí ina bhfoirm iarratais, ní mór do na hiarrthóirí cóipeanna scanta díobh a uaslódáil chuig a gcuntas EPSO. Caithfidh siad é sin a dhéanamh faoin dáta a leagtar síos san fhógra comórtais, nó, mura leagtar dáta síos san fhógra, faoin dáta atá curtha in iúl ag EPSO.

(2)

Mura gcuirfear doiciméad/doiciméid tacaíochta ar fáil faoin dáta a luaitear thuas, is féidir go measfar go bhfuil an t-iarrthóir neamh-incháilithe nó is féidir nach gcuirfear a cháilíochtaí nó a thaithí shonrach san áireamh.

(3)

Ag céim ar bith den phróiseas, féadfar a iarraidh ar iarrthóirí (trí theachtaireacht ríomhphoist, go hiondúil) eolas breise nó doiciméid bhreise a chur ar fáil.

(4)

Ar na doiciméid a bheidh ar iarrthóirí a n-uaslódáil, beidh cóip dá gcárta aitheantais nó dá bpas, agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí ar an dáta deiridh is féidir iarratas a chur isteach. Beidh ar iarrthóirí an bundoiciméad, i.e. an cárta aitheantais féin nó an pas féin, a thaispeáint nuair a iarrfar sin orthu.

(5)

Chun a chruthú gur ann dá gcáilíochtaí oideachais agus don oiliúint atá faighte acu, beidh ar iarrthóirí na nithe seo a leanas a chur ar fáil:

(a)

cóip dá ndioplóma/ndioplómaí agus/nó dá dteastas/dteastais oiliúna lena bhfianaítear na cáilíochtaí oideachais is gá le bheith incháilithe don chomórtas (féach an roinn ‘Na coinníollacha incháilitheachta’ san fhógra comórtais);

(b)

dioplóma/teastas meánoideachais (fiú i gcásanna ina leagtar síos san fhógra comórtais riachtanais oideachais íosta is airde ná leibhéal an mheánoideachais);

(c)

i gcás dioplómaí/teastais a eisíodh i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach, ráiteas coibhéiseachta a d’eisigh údarás inniúil de chuid Bhallstáit den Aontas Eorpach.

(6)

Ní mór gach tréimhse taithí oibre a bheith cumhdaithe leis na bundoiciméid seo a leanas nó le cóipeanna deimhnithe díobh:

(a)

Doiciméid ó fhostóirí agus/nó ó iarfhostóirí: conradh/conarthaí fostaíochta ina bhfuil dátaí thús agus dheireadh na fostaíochta sonraithe agus/nó an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh. Ba cheart cineál agus leibhéal na ndualgas a rinne an t-iarrthóir a bheith sonraithe sna doiciméid sin mar aon le cur síos mionsonraithe ar na dualgais sin, agus ba cheart ceann litreach agus stampa an fhostóra a bheith orthu mar aon le hainm agus síniú an duine i gceannas.

(b)

I gcás obair nach bhfuil tuarastal ag dul léi, e.g. féinfhostaíocht nó gairmeacha beatha liobrálacha: sonraisc nó foirmeacha ordaithe ina bhfuil an obair a rinneadh sonraithe, nó aon doiciméid tacaíochta oifigiúla eile ina bhfuil cineál agus tréimhse na ndualgas a rinneadh nó na seirbhísí a soláthraíodh sonraithe;

(c)

I gcás saoraistritheoirí: doiciméid lena bhfianaítear na tréimhsí a d’oibrigh an t-iarrthóir agus an líon leathanach a d’aistrigh sé;

(d)

I gcás saor-ateangairí: doiciméid lena bhfianaítear an líon laethanta a d’oibrigh an t-iarrthóir agus na teangacha a ndearna sé ateangaireacht go dtí iad agus uathu.

3.   Ról an bhoird roghnúcháin

(1)

Is é bord roghnúcháin an chomórtais a dhéanann cinneadh maidir le deacracht na dtrialacha sa chomórtas agus a fhaomhann inneachar na dtrialacha sin, a dhéanann measúnú ar chomhlíontacht na n-iarrthóirí leis na coinníollacha sonracha incháilitheachta, a chuireann fiúntas na n-iarrthóirí i gcomparáid le chéile, agus a roghnaíonn na hiarrthóirí is fearr i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais.

(2)

Coinnítear imeachtaí an bhoird roghnúcháin faoi rún.

(3)

Tugann EPSO áis d’obair an bhoird roghnúcháin.

4.   Coinbhleacht leasa

(1)

Foilsítear ainmneacha chomhaltaí an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (5).

(2)

Ceanglaítear ar iarrthóirí, ar chomhaltaí an bhoird roghnúcháin, agus ar bhaill foirne EPSO a thugann áis le haghaidh eagrú comórtais faoi leith, aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a dhearbhú, go háirithe i gcásanna gaolta nó caidreamh oibre díreach. Aon staid a d’fhéadfadh a bheith ina coinbhleacht leasa, ní mór don duine lena mbaineann í a dhearbhú le EPSO a luaithe agus a bheidh sé ar an eolas fúithi. Measfaidh EPSO gach cás leis féin agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí.

(3)

Chun a chinntiú go mbeidh an bord roghnúcháin neamhspleách, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach bhfuil ar an mbord roghnúcháin iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon chomhalta den bhord roghnúcháin maidir le haon ábhar a bhaineann leis an gcomórtas nó le himeachtaí an bhoird roghnúcháin, ach amháin i gcásanna ina n-údaraítear a mhalairt go sainráite.

(4)

Aon iarrthóir ar mian leis a chás a chur faoi bhráid an bhoird roghnúcháin, ní mór dó é sin a dhéanamh i scríbhinn agus an comhfhreagras sin a chur chuig an mbord roghnúcháin trí EPSO (6).

(5)

Aon sárú ar na rialacha a luaitear thuas, d’fhéadfaí gníomh araíonachta a chur ar bun in aghaidh comhalta den bhord roghnúcháin nó ball d’fhoireann EPSO i ngeall air, agus/nó d’fhéadfaí iarrthóir a dhícháiliú ón gcomórtas i ngeall air (féach Roinn 6).

5.   Tástáil

(1)

Cuirfidh EPSO na hiarrthóirí ar an eolas faoi rialacha mionsonraithe na dtrialacha agus faoi aon sonraí agus treoracha riachtanacha ar a dhéanaí nuair a thabharfar cuireadh do na hiarrthóirí na trialacha a dhéanamh.

(2)

Ní mór d’iarrthóirí na trialacha a chur in áirithe de réir na dtreoracha a gheobhaidh siad ó EPSO, má iarrtar orthu déanamh amhlaidh agus nuair a iarrtar orthu déanamh amhlaidh. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.

(3)

Ní mór d’iarrthóirí gach beart is gá dá dtagraítear sna treoracha a eisíodh roimh na trialacha a dhéanamh, cuir i gcás bogearraí a shuiteáil, an sioncrónú/na sioncrónuithe riachtanacha a dhéanamh, triail nascachta a dhéanamh, triail ar réamhriachtanais theicniúla, seiceáil córas agus/nó triail bhréige a dhéanamh. Má chloítear leis na treoracha, beifear in ann ullmhacht thimpeallacht TF an iarrthóra agus comhoiriúnacht ghléas an iarrthóra leis an ardán tástála nó leis an bhfeidhmchlár a sheiceáil. Mura gcuirtear na céimeanna éigeantacha i gcrích, d’fhéadfadh sé go gcuirfí cosc ar an iarrthóir na trialacha a dhéanamh agus cuirfear bac ar chumas sholáthraí reáchtála na dtrialacha aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar aon fhadhb theicniúil a bhíonn ag an iarrthóir le linn na tástála.

(4)

I gcásanna nach gcuireann iarrthóir ceann amháin nó níos mó de na trialacha in áirithe, nó nach ndéanann sé, nó nach gcríochnaíonn sé, ceann amháin nó níos mó de na trialacha, measfar go bhfuil deireadh lena rannpháirtíocht sa chomórtas, ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gur tosca nach raibh neart ag an iarrthóir orthu, nó staid force majeure, faoi deara dó gan an triail a chur in áirithe nó gan í a dhéanamh nó a chríochnú. Ba cheart dóibh dul i dteagmháil le EPSO a luaithe is féidir, roimh an triail más féidir, agus ní mór dóibh an bonn cirt is gá a thabhairt, agus i gcás inarb infheidhme, cruthúnas go ndeachaigh siad i dteagmháil leis na seirbhísí tacaíochta teicniúla.

(5)

Mura gcloífear leis na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme i ndáil le tástáil, atá sonraithe sna treoracha agus san eolas a cuireadh ar fáil d’iarrthóirí, ní mheasfar gur toisc é sin nach bhfuil neart ag an iarrthóir air ná gur staid force majeure é.

(6)

Iarrtar ar iarrthóirí freisin féachaint ar shuíomh gréasáin EPSO (7) chun cur amach níos fearr a fháil ar phróisis roghnúcháin EPSO, na ceanglais ghinearálta is infheidhme maidir le tástáil san áireamh.

6.   Dícháiliú ón gcomórtas

(1)

Féadfar iarrthóirí a dhícháiliú ag céim ar bith den chomórtas ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

níos mó ná cuntas EPSO amháin a chruthú;

(b)

iarratas a dhéanamh trí roinnt cainéil éagsúla cé go raibh toirmeasc air sin de réir an fhógra comórtais;

(c)

dearbhuithe bréagacha a dhéanamh nó dearbhuithe a dhéanamh nach raibh na doiciméid iomchuí ina dtaca leo;

(d)

séitéireacht le linn na dtrialacha, taifeadadh na dtrialacha ar líne nó iarracht ar riar cothrom na dtrialacha a chúbláil, nó cur isteach ar shláine phróiseas an chomórtais ar aon bhealach eile;

(e)

dul i dteagmháil, nó iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil, le comhalta den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe;

(f)

gan EPSO a chur ar an eolas faoi choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le comhalta den bhord roghnúcháin nó le ball foirne de EPSO;

(g)

trialacha i scríbhinn nó trialacha praiticiúla a shíniú nó aon mharcáil shuaithinseach a dhéanamh orthu tar éis treoir a bheith tugtha gan é sin a dhéanamh.

(2)

Is ceart d’iarrthóirí ar phost in institiúidí an Aontais Eorpaigh gníomhú go sár-ionraic iontaofa, i gcomhréir le hAirteagal 27, an chéad mhír, agus le hAirteagal 28(c) de na Rialacháin Foirne. I gcás calaoise nó iarrachta ar chalaois, féadfaidh EPSO cinneadh a dhéanamh a dhearbhú go bhfuil an t-iarrthóir neamh-incháilithe ar feadh tréimhse ama teoranta do chomórtais a reáchtálfar ina dhiaidh sin.

7.   Ábhair imní agus leigheasanna

7.1.   Fadhbanna teicniúla agus eagraíochtúla

(1)

Má bhíonn mórfhadhb theicniúil nó eagraíochtúil ag iarrthóir ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin, ba cheart dó é sin a chur in iúl do EPSO tríd an bhfoirm theagmhála ar líne (8).

(2)

I gcás fadhbanna leis an bhfoirm iarratais, ní mór d’iarrthóirí dul i dteagmháil le EPSO láithreach bonn agus roimh an sprioc-am in aon chás le hiarratas a chur isteach.

(3)

Má thagann fadhb chun cinn le linn na dtrialacha, ní mór don iarrthóir an dá rud seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an fhadhb a thuairisciú láithreach de réir na dtreoracha atá leagtha amach sa litir nó sna litreacha ina dtugtar cuireadh d’iarrthóirí an triail nó na trialacha a dhéanamh,

agus

(b)

laistigh de 3 lá féilire, ag comhaireamh ón lá i ndiaidh an lae a rinne an t-iarrthóir an triail atá i gceist (agus an lá sin san áireamh), teagmháil a dhéanamh le EPSO tríd an bhfoirm theagmhála ar líne (9) agus cur síos mionsonraithe a dhéanamh sa teachtaireacht sin ar an bhfadhb. Ba cheart don iarrthóir cruthúnas ar iarracht(aí) an fhadhb a réiteach (mar shampla, uimhir thicéid ón deasc chabhrach nó ón tacaíocht theicniúil, tras-scríbhinní ó chomhrá ar líne, tuairisc fabhtcheartaithe, etc.) a chur i gceangal freisin. Tá an cruthúnas doiciméadach seo riachtanach le go mbeidh EPSO in ann fiosrúcháin a dhéanamh faoin gcás. Féadfar ceanglais agus treoracha breise a bhaineann le tuairisciú fadhbanna a tháinig chun cinn le linn na tástála a shonrú sna litreacha cuiridh chuig na trialacha.

Tá feidhm leis an oibleagáid EPSO a chur ar an eolas i ngach cás, fiú más rud é go ndearna soláthraí reáchtála na dtrialacha beart mar gheall ar an ngearán ón iarrthóir.

(4)

Gearáin a gheofar tar éis an sprioc-ama a shonraítear sa phointe seo, measfar iad a bheith do-ghlactha.

(5)

Gearáin faoi shaincheisteanna teicniúla a chuirfidh iarrthóirí nár thug na céimeanna dá dtagraítear i Roinn 5(3) isteach, measfar iad a bheith do-inghlactha ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gur tosca nach raibh neart ag an iarrthóir orthu, nó staid force majeure, faoi deara dó gan na céimeanna riachtanacha a chur i gcrích.

(6)

Éilimh a dhéanfar i gcomhthéacs gearán a bhfuil tagairt dóibh i Ranna 7.2.2 agus 7.3.1 ar bhonn fadhbanna teicniúla agus/nó eagraíochtúla a mhaítear a bhí ann agus nár tuairiscíodh de réir Roinn 7.1, a léitear in éineacht le Roinn 5, measfar iad a bheith do-inghlactha.

7.2.   Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach

7.2.1.   Gearáin maidir le ceisteanna trialach ilrogha

(1)

Má mheasann iarrthóirí go bhfuil údar inchosanta acu lena chreidiúint gur chuir earráid i gceann amháin nó níos mó de na ceisteanna sa triail ceisteanna ilrogha isteach ar a gcumas freagra a thabhairt, féadfaidh siad athbhreithniú a iarraidh ar an gceist/na ceisteanna lena mbaineann.

(2)

Féadfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh go ‘neodrófar’ an cheist/na ceisteanna ina bhfuil an earráid: cuirfear an cheist/na ceisteanna lena mbaineann ar ceal agus déanfar na pointí a bhí ag dul leis an gceist/na ceisteanna sin ar dtús a athdháileadh ar na ceisteanna eile sa triail. Ní dhéanfaidh athríomh na bpointí difear ach amháin do na hiarrthóirí a raibh an cheist/na ceisteanna lena mbaineann le freagairt acu. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar mharcáil na dtrialacha mar atá leagtha amach sna ranna ábhartha den fhógra comórtais.

(3)

Chun gearáin maidir le ceist/ceisteanna trialach ilrogha a chur isteach, ba cheart don iarrthóir:

(a)

dul i dteagmháil le EPSO tríd an bhfoirm ar líne (10) laistigh de thréimhse trí lá féilire (tréimhse arb é an chéad lá di é an lá tar éis an lae a rinne an t-iarrthóir an triail);

(b)

cur síos chomh cruinn agus is féidir a thabhairt ar an gceist/na ceisteanna lena mbaineann, agus

(c)

míniú a thabhairt ar nádúr na hearráide/na n-earráidí a bhfuiltear ag líomhain go raibh sí/siad ann.

(4)

Gearáin a chuirfear isteach tar éis an sprioc-ama agus gearáin gan cur síos soiléir ar an gceist/na ceisteanna is ábhar agóide agus/nó ar an earráid/na hearráidí a bhfuiltear ag líomhain go raibh sí/siad ann, ní chuirfear san áireamh iad. Go háirithe, gearáin nach luafar iontu ach saincheisteanna aistriúcháin a bhfuiltear ag líomhain go raibh siad ann, gan an fhadhb a shonrú, ní chuirfear san áireamh iad.

(5)

Éilimh a dhéanfar i gcomhthéacs gearán dá dtagraítear i Roinn 7.3.1 ar bhonn fadhbanna a bhfuiltear ag líomhain go raibh siad sna ceisteanna ilrogha agus nár tuairiscíodh de réir Roinn 7.2.1, diúltófar iad.

7.2.2.   Iarrataí ar athbhreithniú

(1)

Féadfaidh iarrthóirí athbhreithniú a iarraidh ar chinneadh a rinne an bord roghnúcháin, lenar socraíodh a dtorthaí, lenar cinneadh an féidir leo dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, nó lena ndearnadh difear ar bhealach eile dá stádas dlíthiúil mar iarrthóir.

(2)

Is é is cuspóir don nós imeachta um athbhreithniú a chur ar a chumas don bhord roghnúcháin an cinneadh is ábhar agóide a leasú i gcás ina mbeidh údar leis sin (mar shampla, botún sa mheasúnú). Sa nós imeachta um athbhreithniú, athbhreithneoidh an bord roghnúcháin an measúnú a rinne sé ar fhiúntais an iarrthóra agus déanfaidh sé a chonclúidí tosaigh a dheimhniú nó measúnú leasaithe a sholáthar.

(3)

Ní fhreagróidh an bord roghnúcháin aon argóintí dlíthiúla, bídís ag baint leis an measúnú is ábhar agóide nó ná bídís. Aon argóint arb argóint dhlíthiúil í agus aon éileamh a bhaineann le creat dlíthiúil an chomórtais, féadfar í/é a chur isteach i bhfoirm gearáin riaracháin (féach Roinn 7.3.1).

(4)

Féadfaidh iarrthóirí easaontú leis an measúnú a rinne an bord roghnúcháin ar a bhfeidhmiú sa chomórtas nó ar a gcáilíochtaí agus/nó ar a dtaithí, ach ní chiallaíonn sin go ndearna an bord roghnúcháin earráid mheasúnaithe. Tá lamháil leathan roghnachais ag an mbord roghnúcháin agus breithiúnais ar fhiúntas a ndéanamh aige maidir le feidhmiú, cáilíochtaí, agus taithí na n-iarrthóirí.

(5)

Ní féidir athbhreithniú a iarraidh i leith torthaí trialach ceisteanna ilrogha.

(6)

Chun iarraidh ar athbhreithniú a chur isteach, ní mór don iarrthóir:

(a)

dul i dteagmháil le EPSO tríd an bhfoirm ar líne (11) laistigh de thréimhse cúig lá féilire (tréimhse arb é an chéad lá di é an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh is ábhar agóide i gcuntas EPSO an iarrthóra);

(b)

an cinneadh ar mian leis an iarrthóir athbhreithniú a iarraidh ina leith a chur in iúl go soiléir mar aon leis an bhforas ar a n-iarrtar an t-athbhreithniú.

(7)

Gheobhaidh na hiarrthóirí admháil uathoibríoch lena chur in iúl go bhfuarthas an iarraidh. Déanfaidh an bord roghnúcháin scrúdú ar an iarraidh ar athbhreithniú agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl don iarrthóir a luaithe is féidir.

(8)

Iarrataí ar athbhreithniú a gheofar tar éis an sprioc-ama atá luaite i bpointe (6)(a) thuas, measfar go bhfuil siad do-ghlactha agus ní dhéanfar scrúdú orthu, ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gurbh ann do staid force majeure.

7.3.   Modhanna eile athbhreithnithe

7.3.1.   Gearáin riaracháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne

(1)

Féadfaidh iarrthóirí gearán riaracháin a chur isteach i leith birt (cinneadh nó easnamh cinnidh) más rud é:

(a)

go measann siad gur sáraíodh na rialacha lena rialaítear nósanna imeachta an chomórtais, agus

(b)

go bhfuil an t-iarrthóir lena mbaineann thíos leis an mbeart a bhfuiltear ag déanamh gearáin ina leith, i.e. má dhéanann sé difear díreach láithreach dá stádas dlíthiúil mar iarrthóir (i.e. socraítear a thorthaí leis, cinntear an féidir leis dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, nó déantar difear ar bhealach eile dá stádas dlíthiúil mar iarrthóir).

(2)

Is féidir an gearán a dhéanamh i leith easnamh cinnidh i gcás ina bhfuil oibleagáid ann cinneadh a dhéanamh laistigh de sprioc-am atá sonraithe sna Rialacháin Foirne.

(3)

Iarrthóirí a bhfuil iarraidh ar athbhreithniú curtha isteach acu (féach Roinn 7.2.2), ní mór dóibh fanacht go dtí go dtabharfar fógra dóibh faoin bhfreagra ar an iarraidh sin sula ndéana siad cinneadh gearán riarachán a chur isteach nó a mhalairt. I gcásanna den chineál sin, bíonn tús leis an tréimhse chun gearán riaracháin a chur isteach an dáta a thugtar fógra faoi chinneadh an bhoird roghnúcháin maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú.

(4)

Is é Stiúrthóir EPSO a dhéanann scrúdú ar ghearáin riaracháin, ag feidhmiú dó ina cháil údaráis cheapacháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne.

(5)

Is é is cuspóir don nós imeachta um ghearáin riaracháin, a fhíorú ar cloíodh le creat dlíthiúil an chomórtais. Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara nach féidir le Stiúrthóir EPSO breithiúnas ar fhiúntas a rinne bord roghnúcháin a chur ar ceal agus nach bhfuil aon chumhacht dlíthiúil aige substaint chinnidh ó bhord roghnúcháin a athrú. Má aimsíonn Stiúrthóir EPSO botún sa nós imeachta nó earráid fhollasach sa mheasúnú, cuirfear an cás ar ais chuig an mbord roghnúcháin le hathmheasúnú a dhéanamh air.

(6)

Chun gearán riaracháin a chur isteach, ba cheart don iarrthóir:

(a)

dul i dteagmháil le EPSO tríd an bhfoirm ar líne (12) laistigh den sprioc-am atá leagtha amach in Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, i.e. trí mhí a áirítear (i) ón dáta a thugtar fógra maidir leis an gcinneadh a ndéantar gearán ina leith nó (ii) ón dáta ba cheart an cinneadh sin a dhéanamh,

agus

(b)

an cinneadh nó an t-easnamh cinnidh ar mian leis an iarrthóir gearán a dhéanamh ina leith a chur in iúl mar aon leis an bhforas ar a bhfuil an gearán á dhéanamh.

(7)

Gearáin riaracháin a gheofar tar éis an sprioc-ama atá leagtha amach in Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, measfar go bhfuil siad do-ghlactha.

7.3.2.   Achomhairc bhreithiúnacha

(1)

Tá sé de cheart ag iarrthóirí achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.

(2)

Ní bheidh achomhairc bhreithiúnacha in aghaidh cinntí arna ndéanamh ag EPSO (seachas ag an mbord roghnúcháin) inghlactha os comhair na Cúirte Ginearálta murar bhain an t-iarrthóir leas mar ba chuí as réiteach an ghearáin riaracháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (féach Roinn 7.3.1 thuas).

(3)

Is féidir an t-eolas uile faoi achomhairc bhreithiúnacha a fháil ar shuíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (13).

7.3.3.   Gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach

(1)

Is féidir le gach saoránach agus gach cónaitheoir de chuid an Aontais Eorpaigh gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach maidir le cásanna drochriaracháin.

(2)

Sula ndéana iarrthóirí gearán leis an Ombudsman, ní mór dóibh na leigheasanna inmheánacha uile a sholáthraíonn EPSO a bheith úsáidte acu cheana féin (féach Ranna 7.1 agus 7.2 thuas).

(3)

Gearáin a dhéantar leis an Ombudsman, níl aon éifeacht fionraí acu ar na sprioc-amanna atá leagtha síos chun iarrataí, gearáin ná achomhairc bhreithiúnacha dá dtagraítear sna rialacha seo a chur isteach.

(4)

Is féidir an t-eolas uile faoi ghearáin leis an Ombudsman a fháil ar an suíomh gréasáin tiomnaithe (14).

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


(1)   https://epso.europa.eu/ga/contact-us.

(2)   https://rm.coe.int/16806f50a4.

(3)   https://epso.europa.eu/ga/contact-us.

(4)   https://epso.europa.eu/ga/epso-faqs-by-category.

(5)   https://epso.europa.eu/ga.

(6)   https://epso.europa.eu/ga/contact-us.

(7)   https://eu-careers.europa.eu/ga.

(8)   https://epso.europa.eu/ga/help/faq/complaints.

(9)   https://epso.europa.eu/ga/help/faq/complaints.

(10)   https://epso.europa.eu/ga/help/faq/complaints.

(11)   https://epso.europa.eu/ga/help/faq/complaints.

(12)   https://epso.europa.eu/ga/help/faq/complaints.

(13)   https://curia.europa.eu/jcms/.

(14)   https://www.ombudsman.europa.eu/ga/home.


IARSCRÍBHINN II

Na príomhdhualgais

Is é an Rialachán Airgeadais  (1) an príomhphointe tagartha do na prionsabail agus do na nósanna imeachta lena rialaítear bunú, cur chun feidhme agus rialú bhuiséad an Aontais. Agus na dualgais atá liostaithe thíos á bhfeidhmiú acu, iarrfar ar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo cloí le forálacha an Rialacháin Airgeadais, i measc rialacha eile .

Réimse 1 – bainistiú airgeadais

a)   Dualgais atá le déanamh i ngach institiúid

1.

Cúnamh a thabhairt maidir leis an mbuiséad bliantúil a ullmhú, a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh air; agus/nó

2.

Sainchomhaid airgeadais a bhunú agus doiciméid airgeadais a sheiceáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme; agus/nó

3.

Cuidiú le monatóireacht airgeadais a dhéanamh ar chonarthaí, ar chomhaontuithe deontais agus ar chomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse; agus/nó

4.

Idirbhearta buiséadacha agus airgeadais a thionscnamh nó a fhíorú ex-ante; agus/nó

5.

Cuidiú le fíorú ex-post chun bainistiú fónta airgeadais a chinntiú; agus/nó

6.

Cuidiú le córais chuntasaíochta agus córais airgeadais TF a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear uirlisí tuairiscithe agus bainistiú bunachar sonraí; agus/nó

7.

Cuidiú le cur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta/moltaí a eascraíonn as iniúchtaí inmheánacha, iniúchtaí arna ndéanamh ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa nó ag comhlachtaí iniúchóireachta eile; cuidiú le moltaí airgeadais ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise a chur chun feidhme nó le rúin an údaráis bhuiséadaigh maidir le hurscaoileadh a chur chun feidhme; agus/nó

8.

Cuidiú agus comhairle a thabhairt do na haonaid oibríochtúla maidir le bainistiú oibríochtaí buiséadacha agus airgeadais; agus/nó

9.

Cuidiú le cúrsaí oiliúna a reáchtáil nó a fhorbairt maidir le cúrsaí airgeadais; agus/nó

10.

Cuidiú le tuarascálacha airgeadais/staidreamh airgeadais a dhréachtú.

b)   Dualgais a bhaineann go sonrach le Parlaimint na hEorpa

1.

Cuidiú le seiceáil agus próiseáil iarrataí airgeadais arna gcur isteach ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, nó ag iar-Fheisirí, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme; agus/nó

2.

Cuidiú leis na Feisirí agus comhairle a thabhairt dóibh maidir le ceisteanna sonracha a bhaineann lena liúntais airgeadais.

Réimse 2 – cuntasaíocht agus státchiste

Faoi mhaoirseacht oifigeach cuntasaíochta gach institiúide, bíonn na cúntóirí cuntasaíochta agus státchiste i gceannas ar an méid seo a leanas:

1.

Cuidiú ó thaobh máistirshonraí na n-eintiteas dlíthiúil agus a gcuntais bhainc a fhíorú agus iad a thaifeadadh sa chóras cuntasaíochta; agus/nó

2.

Cuidiú le sonraisc agus nótaí creidmheasa a thabhairt isteach, a fhíorú agus a bhailíochtú; agus/nó

3.

Na híocaíochtaí údaraithe a dhéanamh agus monatóireacht a dhéanamh orthu tar éis seiceálacha comhréireachta roimh ré agus fritháireamh le nótaí creidmheasa; agus/nó

4.

Cuidiú le haisghabháil méideanna is infhaighte agus iontrálacha cuntasaíochta gaolmhara a dhéanamh; agus/nó

5.

Cuidiú le sócmhainní, dímheas agus fardail a bhainistiú; agus/nó

6.

Cuidiú a thabhairt maidir le haisghabhálacha CBL; agus/nó

7.

Réitigh rialta airgeadais agus chuntasaíochta a dhéanamh (cuntais mórleabhar ginearálta lena n-áirítear cuntais bhuiséadacha agus neamhbhuiséadacha, cuntais bhainc, cuntais díoltóirí/custaiméirí, idirbhearta idir cuideachtaí, etc.); agus/nó

8.

Rialuithe rialta a dhéanamh ar shonraí airgeadais agus cuntasaíochta chun ceartuithe tráthúla a chinntiú más gá; agus/nó

9.

Rannchuidiú le bainistíocht státchiste: íocaíochtaí údaraithe a fhorghníomhú, aistrithe laethúla airgid, tuairisciú agus réamhaisnéis airgid go seachtainiúil agus go míosúil, paraiméadrú teachtaireachtaí íocaíochta SAP agus SWIFT, obair leantach maidir le híocaíochtaí arna gcur ar ais agus le hiarrataí ar chomhlíonadh, obair leantach maidir le táillí agus úis bhainc; agus/nó

10.

Na ráitis airgeadais a ullmhú, rannchuidiú leis an dúnadh bliantúil agus tuarascálacha éagsúla bainistithe fardail agus airgeadais a chur ar fáil; agus/nó

11.

Oiliúint, treoraíocht agus tacaíocht a sholáthar do na seirbhísí oibríochtúla maidir le rialacha agus nósanna imeachta cuntasaíochta; agus/nó

12.

Cuidiú le cuntais óinchiste a bhainistiú.

Réimse 3 – soláthar poiblí

1.

Rannchuidiú le clársceidealú na nósanna imeachta um sholáthar poiblí trí na riachtanais a shainiú, tríd an nós imeachta iomchuí a roghnú, trí dhoiciméid ghaolmhara a ullmhú, trí thráthchláir a bhunú do na nósanna imeachta sin agus trína gcur chun feidhme a chinntiú; agus/nó

2.

Cuidiú le teimpléid a ullmhú nó a nuashonrú do dhoiciméid soláthair, samhailchonarthaí san áireamh; agus/nó

3.

Cuidiú le nósanna imeachta soláthair phoiblí a eagrú agus a reáchtáil (doiciméid soláthair a thionscnamh, na nósanna imeachta a leanúint, coistí oscailte agus meastóireachta a ullmhú agus páirt a ghlacadh iontu agus obair leantach a dhéanamh orthu, tuarascálacha meastóireachta ar thairiscintí a dhréachtú, dámhachtain conarthaí a ullmhú, conarthaí agus doiciméid riaracháin a dhréachtú, etc.); agus/nó

4.

Cuidiú le freagraí ar cheisteanna a dhréachtú, iarrataí ar fhaisnéis nó ar shoiléiriú a dhréachtú maidir le rannpháirtíocht tairgeoirí, litreacha a dhréachtú ina bhfógrófar go mbronnfar/nach mbronnfar dámhachtain conartha, agus freagraí ar iarrataí ar fhaisnéis bhreise ó thairgeoirí mírathúla; agus/nó

5.

Cuidiú le monatóireacht dhlíthiúil agus airgeadais a dhéanamh ar chonarthaí; agus/nó

6.

Oiliúint, treoraíocht agus tacaíocht a sholáthar do na seirbhísí oibríochtúla maidir le rialacha agus dea-chleachtais soláthair phoiblí agus/nó bainistiú conarthaí; agus/nó

7.

Cuidiú le córais ríomhsholáthair a dhearadh, a fhorbairt agus a choinneáil ar bun; agus/nó

8.

I roinnt institiúidí, bíonn cúntóirí soláthair phoiblí páirteach freisin i nósanna imeachta deontais a eagrú (glao ar thograí, coistí meastóireachta, cinntí dámhachtana, etc.).

Deireadh IARSCRÍBHINN II, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


(1)   https://commission.europa.eu/publications/eu-financial-regulation_ga.


IARSCRÍBHINN III

Samplaí d’íoscháilíochtaí de réir an Bhallstáit agus de chuid na Ríochta Aontaithe agus de réir an ghráid, a fhreagraíonn, i bprionsabal, do na cinn a iarrtar sna fógraí comórtais

Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí ag teastáil uait

 

AST-SC 1 go AST-SC 6

AST 1 go AST 7

AST 3 go AST 11

AD 5 go AD 16

TÍR

Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile)

Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 3 bliana ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (4 bliana nó níos mó)

Belgique — België — Belgien

Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs

Diplôme d'aptitude à accéder à l'enseignement supérieur (DAES)/Getuigschrift van hoger secundair onderwijs

Diplôme d'enseignement professionnel/Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs

Candidature/Kandidaat

Graduat/Gegradueerde

Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor

Bachelor académique (180 crédits)

Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS)

Licence/Licentiaat

Master

Diplôme d'études approfondies (DEA)

Diplôme d'études spécialisées (DES)

Diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS)

Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)

Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)

Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS)

Agrégation/Aggregaat

Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur

Doctorat/Doctoraal diploma

България

Диплома за завършено средно образование

Специалист по …

 

Диплома за висше образование

Бакалавър

Магистър

Česko

Vysvědčení o maturitní zkoušce

Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.)

Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář)

Diplom o ukončení vysokoškolského studia

Magistr

Doktor

Danmark

Bevis for:

Studentereksamen

Højere Forberedelseseksamen (HF)

Højere Handelseksamen (HHX)

Højere Afgangseksamen (HA)

Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX)

Videregående uddannelser

= Bevis for = Eksamensbevis som (erhvervsakademiuddannelse AK)

Bachelorgrad (BA eller BS)

Professionsbachelorgrad

Diplomingeniør

Kandidatgrad/Candidatus

Master/Magistergrad (mag.art)

Licenciatgrad

ph.d.-grad

Deutschland

Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife

Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife

 

Fachhochschulabschluss

Bachelor

Hochschulabschluss/Fachhochschulabschluss/Master

Magister Artium/Magistra Artium

Staatsexamen/Diplom

Erstes Juristisches Staatsexamen

Doktorgrad

Eesti

Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus

Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta

Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)

Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti)

Rakenduskõrghariduse diplom

Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)

Magistrikraad

Arstikraad

Hambaarstikraad

Loomaarstikraad

Filosoofiadoktor

Doktorikraad (120–160 ainepunkti)

Éire/Ireland

Ardteistiméireacht, Grád D3, I 5 ábhar/Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects

Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)/Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)

Teastas Náisiúnta/National Certificate

Gnáthchéim bhaitsiléara/Ordinary bachelor degree

Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.)/National diploma (ND, Dip.)

Ardteastas (120 ECTS)/Higher Certificate (120 ECTS)

Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)/Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)/Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS)

Céim ollscoile/University degree

Céim mháistir (60-120 ECTS)/Master’s degree (60-120 ECTS)

Dochtúireacht/Doctorate

Ελλάδα

Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου

Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (IΕΚ)

 

Πτυχίο ΑΕI (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕI)

Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος)

Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος)

España

Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU)

Bachillerato

BUP

Diploma de Técnico especialista

FP grado superior (Técnico superior)

Diplomado/Ingeniero técnico

Licenciatura

Máster

Ingeniero

Título de Doctor

France

Baccalauréat

Diplôme d'accès aux études universitaires (DAEU)

Brevet de technicien

Diplôme d'études universitaires générales (DEUG)

Brevet de technicien supérieur (BTS)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Diplôme d'études universitaires scientifiques et techniques (DEUST)

Licence

Maîtrise

Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d'études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d'études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche

Diplôme des grandes écoles

Diplôme d'ingénieur

Doctorat

Hrvatska

Svjedodžba o državnoj maturi

Svjedodžba o završnom ispitu

Stručni pristupnik/pristupnica

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Stručni specijalist

Magistar struke

Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing)

Doktor struke

Doktor umjetnosti

Italia

Diploma di maturità (vecchio ordinamento)

Perito ragioniere

Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore

Diploma universitario (DU)

Certificato di specializzazione tecnica superiore

Attestato di competenza (4 semestri)

Diploma di laurea – L (breve)

Diploma di laurea (DL)

Laurea specialistica (LS)

Master di I livello

Dottorato di ricerca (DR)

Κύπρος

Απολυτήριο

Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory)

Higher Diploma

 

Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor

Master

Doctorat

Latvija

Atestāts par vispārējo vidējo izglītību

Diploms par profesionālo vidējo izglītību

Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību

Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu)

Bakalaura diploms (160 kredītpunktu)

Profesionālā bakalaura diploms

Maģistra diploms

Profesionālā maģistra diploms

Doktora grāds

Lietuva

Brandos atestatas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštesniojo mokslo diplomas

Profesinio bakalauro diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Bakalauro diplomas

Magistro diplomas

Daktaro diplomas

Meno licenciato diplomas

Luxembourg

Diplôme de fin d’études secondaires et techniques

BTS

Brevet de maîtrise

Brevet de technicien supérieur

Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Bachelor

Diplôme d'ingénieur technicien

Master

Diplôme d'ingénieur industriel

DESS en droit européen

Magyarország

Gimnáziumi érettségi bizonyítvány

Szakközépiskolai érettségi-képesítő bizonyítvány

Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme)

Főiskolai oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits)

Egyetemi oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits)

Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés)

Doktori fokozat

Malta

Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher)

Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5

2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent

MCAST diplomas/certificates

Higher National Diploma

Bachelor’s degree

Bachelor’s degree

Master of Arts

Doctorate

Nederland

Diploma VWO

Diploma staatsexamen (2 diploma's)

Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO)

Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO)

Kandidaatsexamen

Associate degree (AD)

Bachelor (WO)

HBO bachelor degree

Baccalaureus of ‘Ingenieur’

HBO/WO Master's degree

Doctoraal examen/Doctoraat

Österreich

Matura/Reifeprüfung

Reife- und Diplomprüfung

Berufsreifeprüfung

Kollegdiplom/Akademiediplom

Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea

Universitätsdiplom

Fachhochschuldiplom

Magister/Magistra

Master

Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur

Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis

Doktortitel

Polska

Świadectwo dojrzałości

Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego

Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego

Świadectwo ukończenia szkoły policealnej

Licencjat/Inżynier

Magister/Magister inżynier

Dyplom doktora

Portugal

Diploma de Ensino Secundário

Certificado de Habilitações do Ensino Secundário

 

Bacharel Licenciado

Licenciado

Mestre

Doutorado

România

Diplomă de bacalaureat

Diplomă de absolvire (colegiu universitar)

Învățământ preuniversitar

Diplomă de licenţă

Diplomă de licenţă

Diplomă de inginer

Diplomă de urbanist

Diplomă de master

Certificat de atestare (studii academice postuniversitare)

Diplomă de doctor

Slovenija

Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu)

Diploma višje strokovne šole

Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi

Univerzitetna diploma

Magisterij

Specializacija

Doktorat

Slovensko

Vysvedčenie o maturitnej skúške

Absolventský diplom

Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár)

Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia

Bakalár (Bc.)

Magister

Magister/Inžinier

ArtD.

Suomi/Finland

Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus – Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning

Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier)

Ammatillinen opistoasteen tutkinto – Yrkesexamen på institutnivå

Kandidaatin tutkinto – Kandidatexamen/Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa – studieveckor)

Maisterin tutkinto – Magisterexamen/Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa – studieveckor)

Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen – antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen

Lisensiaatti/Licentiat

Sverige

Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning)

Högskoleexamen (80 poäng)

Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år

Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng)

Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor)

Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)

Licentiatexamen

Doktorsexamen

Meriter på avancerad nivå:

Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng

Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Meriter på forskarnivå:

Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng

United Kingdom

General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E)

BTEC National Diploma

General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level

Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level)

Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC

Diploma of Higher Education (DipHE)

National Vocational Qualifications (NVQ)

Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4

(Honours) Bachelor degree

NB: Master’s degree in Scotland

Honours Bachelor degree

Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)

Doctorate

NOTE:

UK diplomas awarded in 2020 (until 31 December 2020) are accepted without an equivalence. UK diplomas awarded as from 1 January 2021 must be accompanied by an equivalence issued by a competent authority of an EU Member State.

Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4525/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top