Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C/2024/02967

GAIRM OSCAILTE TOGRAÍ – GP/DVQ/ReferNet_FPA/002/24 — ReferNet – Líonra Eorpach Cedefop um Shaineolas ar Ghairmoideachas agus Gairmoiliúint

IO C, C/2024/2967, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2967/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2967/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2967

25.4.2024

GAIRM OSCAILTE TOGRAÍ – GP/DVQ/ReferNet_FPA/002/24

ReferNet – Líonra Eorpach Cedefop um Shaineolas ar Ghairmoideachas agus Gairmoiliúint

(C/2024/2967)

1.   Cuspóirí agus cur síos

Agus é mar chuspóir tacú le feidhmiú an líonra Eorpaigh saineolais sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint — ReferNet — is é is aidhm don ghlao seo iarratasóir amháin a roghnú as an Spáinn, lena dtabharfaidh Cedefop creat-chomhaontú comhpháirtíochta 42 mhí i gcrích agus, ar thabhairt i gcrích dó, comhaontú deontais sonrach le haghaidh plean oibre 6 mhí atá le tabhairt i gcrích in 2024.

Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh (an tAontas) a bunaíodh sa bhliain 1975 agus atá lonnaithe sa Ghréig ón mbliain 1995 amach is ea an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop). Aithnítear an ghníomhaireacht mar fhoinse údarásach faisnéise agus saineolais ar an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, ar scileanna agus ar cháilíochtaí agus tá sé mar mhisean aici tacú le forbairt an bheartais gairmoideachais agus gairmoiliúna san Eoraip agus rannchuidiú leis an mbeartas sin a chur chun feidhme.

Is é ReferNet líonra Eorpach Cedefop le haghaidh faisnéis faoi ghairmoideachas agus gairmoiliúint. Ó 2008 i leith, tá comhar Cedefop le ReferNet ar siúl trí FPAnna ceithre bliana (Creat-Chomhaontú Comhpháirtíochta). Faoin FPA nua (2024-2027) is é ReferNet a bheidh ina phríomhfhoinse faisnéise maidir le córais agus forbairtí náisiúnta gairmoideachais agus gairmoiliúna a rannchuideoidh go bliantúil le faireachán a dhéanamh ar Cedefop ar fhorbairtí beartais i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint, scileanna agus cáilíochtaí. Neartaíodh a ról sa chur chuige comhtháite maidir le faireachán agus tuairisciú beartais ar an Moladh ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint agus ar Dhearbhú Osnabrück mar a chomhaontaigh Coiste ACVT é ag an gcruinniú a bhí aige an 8-9 Meitheamh 2021, inar iarradh dlúthchomhar idir ReferNet agus Ard-Stiúrthóirí na Gairmoiliúna i mBallstáit an Aontais.

Cuirtear creat-chomhaontuithe comhpháirtíochta chun feidhme trí chomhaontuithe bliantúla deontais shonraigh. Dá bhrí sin, ní hamháin go gcuirfidh iarratasóirí togra isteach le haghaidh an chreat-chomhaontaithe comhpháirtíochta 42 mí (a fhágfaidh, má éiríonn leis, go síneofar Creat-Chomhaontú Comhpháirtíochta do na blianta 2024 go 2027) ach freisin an t-iarratas ar dheontas do ghníomhaíocht 2024 (a bhféadfadh síniú Comhaontaithe Deontais Shonraigh 6 mí de 2024 a bheith mar thoradh air). Ní mór don iarratasóir a thaispeáint go bhfuil sé de chumas aige na gníomhaíochtaí uile a réamh-mheastar a dhéanamh thar an tréimhse 42 mí agus cómhaoiniú leordhóthanach a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme na gcúraimí iarrtha.

2.   Buiséad agus fad an tionscadail

Is é EUR 174 480 an buiséad measta atá ar fáil do thréimhse 42 mí na gcreat-chomhaontuithe comhpháirtíochta, ag brath ar chinntí bliantúla an Údaráis Bhuiséadaigh.

An buiséad iomlán atá ar fáil do phlean oibre bliantúil 2024 don Spáinn (fad an tionscadail: 6 mhí) EUR 43 620.

Athraíonn an deontas de réir dhaonra na tíre agus bronntar é as plean oibre bliantúil a chur i gcrích. Dáilfear an buiséad iomlán atá ar fáil do phlean oibre 2024 ar bhonn trí ghrúpa tíre bunaithe ar dhaonra na dtíortha:

Grúpa tíre 3: An Spáinn. Uasmhéid deontais: EUR 43 620 .00

Tá an deontas ón Aontas ina ranníocaíocht airgeadais i leith chostais an tairbhí (agus/nó na gcomhthairbhithe), rud nach mór é a fhorlíonadh le ranníocaíocht airgeadais dhílis agus/nó le ranníocaíochtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus/nó príobháideacha. Ní bheidh an ranníocaíocht iomlán ón Aontas níos mó ná 70 % de na costais incháilithe.

Forchoimeádann Cedefop an ceart chun gan an buiséad iomlán atá ar fáil a dhámhachtain.

3.   Critéir incháilitheachta

Chun bheith incháilithe, ba cheart d’iarratasóirí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

a bheith ina n-eagraíocht phoiblí nó phríobháideach ag a bhfuil stádas dlíthiúil agus pearsantacht dhlítheanach (níl daoine nádúrtha, i.e. daoine aonair, incháilithe);

(b)

a suíochán a bheith cláraithe acu sa tír ina gcuirtear an deontas i bhfeidhm, i.e. i gceann amháin de na tíortha seo a leanas:

an Spáinn.

4.   Sprioc-am

Ní mór iarratais ar an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta agus ar an gComhaontú Sonrach maidir le gníomhaíocht ReferNet 2024 a chur isteach faoin 24.05.2024 ar a dhéanaí.

5.   Tuilleadh faisnéise

Beidh sonraíochtaí mionsonraithe na gairme tograí, an fhoirm iarratais agus na hiarscríbhinní a ghabhann léi ar fáil ón 25.4.2024 ar shuíomh gréasáin Cedefop ag an seoladh seo a leanas:

 

http://www.cedefop.europa.eu/about-cedefop/public-procurement

Maidir le hiarratais, ní mór na ceanglais a leagtar amach i dtéacs iomlán na gairme a chomhlíonadh iontu agus ní mór iad a chur isteach ach úsáid a bhaint as na foirmeacha oifigiúla a thugtar.

Beidh an mheastóireacht ar thograí bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne.

Déanfaidh coiste saineolaithe na hiarratais uile a chuirfear isteach a mheas in aghaidh na gcritéar incháilitheachta, eisiaimh, roghnúcháin agus dámhachtana a shainítear i leagan téacs iomlán na gairme.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2967/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top