This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C/2024/02468
New national side of euro coins intended for circulation
Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
PUB/2024/226
IO C, C/2024/2468, 27.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2468/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2468 |
27.3.2024 |
Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(C/2024/2468)
Aghaidh náisiúnta an bhoinn comórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an bhFrainc
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.
Tír is eisitheoir: An Fhrainc
Ábhar an chomórtha: Cluichí Oilimpeacha 2024 – Iomrascáil
Tuairisc ar an dearadh: Don chomhaireamh síos go dtí Cluichí Oilimpeacha Pháras 2024, tá ceiliúradh á dhéanamh ag Monnaie de Paris ar an mbóthar chuig na cluichí trí Pháras chomh maith lena oidhreacht féin.
100 bliain tar éis Chluichí 1924, tá Cluichí an tSamhraidh á óstáil ag príomhchathair na Fraince arís. Is ócáid é seo a bhfuil gné idirnáisiúnta ag baint leis, atá ag éirí níos déine de réir a chéile sna blianta roimh an imeacht, ag críochnú in 2024 nuair a eiseofar dhá bhonn chomórtha dhá euro atá tiomnaithe do na Cluichí Oilimpeacha.
Ar an dearadh tá léiriú ar Earcail, pearsa náisiúnta agus samhail de mhoneolaíocht na Fraince, ag dul don iomrascáil ársa le Ciméara Notre-Dame, ag tagairt do na Cluichí Oilimpeacha sa Seanré. Léirítear an dá iomrascálaí sa tulra os comhair Ardeaglais Notre-Dame. Sa chúlra, léirítear rian lúthchleasaíochta ina gcuirtear suaitheantas Pháras 2024 isteach ar thaobh na láimhe clé. Cuirtear an bhliain, an dáta, na hinisealacha RF chomh maith leis na marcanna mionta ar an rian lúthchleasaíochta.
Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.
An líon measta bonn atá le heisiúint: 510 000
Dáta eisiúna: Mí Eanáir 2024
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2468/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)