Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C/2024/02467

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

PUB/2024/229

IO C, C/2024/2467, 27.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2467/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2467/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2467

27.3.2024

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(C/2024/2467)

Image 1

Aghaidh náisiúnta an bhoinn comórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag Lucsamburg

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009  (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: Lucsamburg

Ábhar an chomórtha: Comóradh céad bliain ó shínigh Ard-Bhandiúc Charlotte foraithne na hArd-Diúcachta a bhaineann leis an airgeadra roinne i nicil, ar a dtugtar ‘Feierstéppler’ de ghnáth

Tuairisc ar an dearadh: Taispeántar i lár an dearaidh an léiriú ar an mbonn Lucsamburgach a eisíodh in 1924 ar a dtaispeántar oibrí sa tionscal cruach, agus an léiriú sin á chomhtháthú san fhigiúr ‘100’ le tabhairt go fios go bhfuil comóradh 100 bliain ann ar an uair a eisíodh ceann de na boinn franc is faide atá i gcúrsaíocht i Lucsamburg den chéad uair. Tá ainm na tíre eisiúna LÉTZEBUERG chomh maith leis an bhliain eisiúna ‘2024’ le feiceáil ag barr an dearadh.

Ag bun an dearaidh léirítear an focal ‘FEIERSTÉPPLER’, an t-ainm coiteann agus coitianta ar an mbonn sin. Is léiriú é an monagram (litir ‘H’ le coróin) ar an Ard-Diúc Henri. Ós rud é nach eol go fóill cén mionta a tháirgfidh an bonn, is féidir na marcanna mionta a chur in oiriúint laistigh den choinneálaí ionaid.

Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

An líon measta bonn atá le heisiúint: 200 000

Dáta eisiúna: Mí Eanáir 2024


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2467/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top