This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C/2023/01264
Competition PE/AD/299/2023/TRAD – Intercultural and Language Professional (AD 5)
Comórtas PE/AD/299/2023/TRAD — Gairmí Teanga agus Idirchultúrtha (AD 5)
Comórtas PE/AD/299/2023/TRAD — Gairmí Teanga agus Idirchultúrtha (AD 5)
IO C, C/2023/1264, 4.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1264/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1264 |
4.12.2023 |
COMÓRTAS PE/AD/299/2023/TRAD
Gairmí Teanga agus Idirchultúrtha (AD 5)
(C/2023/1264)
Sula ndéanfaidh tú iarratas a thíolacadh, ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí atá ag gabháil leis an bhfógra comórtais seo a léamh go cúramach. Tugann an Treoir sin, ar cuid dhílis den fhógra comórtais í, soiléiriú ar na rialacha a rialaíonn an nós imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.
CLÁR NA nÁBHAR
|
A. |
CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT |
|
B. |
AN NÓS IMEACHTA DON CHOMÓRTAS |
|
C. |
IARRATAIS A CHUR ISTEACH |
|
IARSCRÍBHINNÍ: |
TREOIR D’IARRTHÓIRÍ I gCOMÓRTAIS A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA SCAGAIRE TALLAINNE |
A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT
1. Faisnéis ghinearálta
Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa, ar bhonn Airteagal 29(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, tús a chur le comórtas (AD 5) chun oifigigh a earcú in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin (AS TRAD).
Is í an phróifíl atá á lorg ná gairmí teanga agus idirchultúrtha do na teangacha seo a leanas:
|
(12 iarrthóir rathúla) |
||
|
(12 iarrthóir rathúla) |
||
|
(12 iarrthóir rathúla) |
||
|
(12 iarrthóir rathúla) |
||
|
(12 iarrthóir rathúla) |
Cuimsíonn an fógra comórtais seo, dá bhrí sin, cúig theanga. Ní cheadaítear duit clárú ach do theanga amháin. Ní mór duit rogha a dhéanamh agus tú ag clárú ar líne. Ní bheidh ar do chumas a thuilleadh an rogha sin a athrú tar éis duit do chomhad iarratais ar líne a bhailíochtú.
Déanfar an earcaíocht sin ar ghrád AD 5, an chéad chéim, ag a bhfuil buntuarastal EUR 5 453,02 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais agus asbhaintí eile dá bhforáiltear le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh. Tá sé díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo a oiriúnú, áfach, i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.
Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, eitneacht, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
2. Cúraimí an phoist
Soláthraíonn Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin (AS TRAD) seirbhísí aistriúcháin do Pharlaimint na hEorpa chun cumarsáid a dhéanamh i ngach formáid, idir pháipéar agus leictreonach, i ngach teanga oifigiúil den Aontas Eorpach.
Is iad seo a leanas misin AS TRAD:
|
— |
na doiciméid go léir a bhaineann le ról Pharlaimint na hEorpa mar chomhreachtóir agus ceann de dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh a chur ar fáil i ngach teanga oifigiúil nó oibre, chun dlisteanacht agus trédhearcacht phróiseas reachtach agus buiséadach an Aontais Eorpaigh a ráthú; |
|
— |
a chur ar chumas Pharlaimint na hEorpa a gealltanais faoi bheartas an ilteangachais a chomhlíonadh, ar beartas é arb é is aidhm dó a ráthú go gcaitear go cothrom le gach teanga agus a chuireann ar chumas shaoránaigh uile an Aontais Eorpaigh cumarsáid a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus doiciméid na n-institiúidí sin a fháil ina dteanga féin; |
|
— |
téacsanna a dhéanamh níos simplí agus níos inléite a bhuíochas don teanga shoiléir agus ar an gcaoi sin Parlaimint na hEorpa a dhéanamh níos tarraingtí agus inrochtana do na saoránaigh, lena n-áirítear trí fhormáidí nua a úsáid, a fhreagraíonn do thodhchaí na léitheoireachta; |
|
— |
a áirithiú go ndéantar na seirbhísí sin go léir a sholáthar ar an gcaoi is éifeachtúla agus is féidir. |
Is éard is aidhm do AS TRAD droichid a thógáil idir teangacha agus cultúir éagsúla agus ilteangachas inbhuanaithe, ar cuid riachtanach den idéal daonlathach Eorpach é, a chur chun cinn.
Agus iad lonnaithe i Lucsamburg, éascaíonn na gairmithe teanga agus idirchultúrtha cumarsáid, ina máthairtheanga, idir Parlaimint na hEorpa agus an pobal i gcoitinne. Ba cheart dóibh teanga shoiléir a úsáid i ngach gné dá gcuid oibre, agus comhthéacs cultúrtha na tíre nó na dtíortha lena mbaineann á chur san áireamh. Déanann siad ábhar a aistriú agus a logánú le haghaidh lucht léitheoireachta, éisteachta agus féachana, déanann siad athbhreithniú ar obair a gcomhghleacaithe, agus soláthraíonn siad cúnamh dréachtaithe agus seirbhísí eagarthóireachta d’údair téacsanna neamhreachtacha. Bíonn orthu freisin ábhar a oiriúnú ina máthairtheanga. Tá spiorad maith foirne agus scileanna láidre idirphearsanta bunriachtanach toisc go n-oibríonn na gairmithe teanga agus idirchultúrtha i ndlúthchomhar le comhghleacaithe ó aonaid eile de AS TRAD agus go mbíonn siad, ó am go chéile, i dteagmháil leis na seirbhísí iarrthacha.
Is iad seo a leanas cúraimí an ghairmí teanga agus idirchultúrtha:
|
— |
an chumarsáid a éascú leis na saoránaigh trí theanga shoiléir a scríobh ina máthairtheanga; |
|
— |
gach cineál ábhair a aistriú, a oiriúnú, a thras-scríobh agus a athbhreithniú ina máthairtheanga; |
|
— |
oibriú ó dhá theanga oifigiúla eile ar a laghad de chuid an Aontais trí idirghabháil teanga agus idirchultúrtha (mar shampla, fotheidealú, oiriúnú a dhéanamh ar ábhar closamhairc, ar phodchraoltaí nó ar shuíomhanna gréasáin); |
|
— |
cúnamh a sholáthar chun doiciméid neamhreachtacha a dhréachtú; |
|
— |
rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí oiliúna, leis an obair théarmaíochta agus le forbairt uirlisí TF agus cumarsáide; |
|
— |
teagmhálacha rialta a chothabháil leis na seirbhísí iarrthacha; |
|
— |
rannchuidiú leis na próisis dearbhaithe agus rialaithe cáilíochta agus deimhin a dhéanamh de go leantar na dea-chleachtais chun sárcháilíocht an ábhair a sholáthraíonn AS TRAD a áirithiú. |
De ghnáth bíonn na hábhair lena mbaineann, ar minic casta iad, ag plé le cúrsaí polaitiúla, dlíthiúla, eacnamaíocha, airgeadais, eolaíochta nó teicniúla lena gcuimsítear gach réimse gníomhaíochta san Aontas Eorpach.
Éilítear le cur i gcrích na gcúraimí sin dianúsáid a bhaint as uirlisí sonracha TF agus as uirlisí gaolmhara. Bíonn idirghabháil teanga agus idirchultúrtha i gceist leis an obair sin freisin trí ábhar closamhairc a aistriú agus fotheidealú.
Éilíonn feidhm gairmí teanga agus idirchultúrtha tuiscint ghéar ar oiriúnú, an cumas fadhbanna ar minic éagsúil agus casta iad a thuiscint, freagairt go gasta d’imthosca athraitheacha agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh. Ní mór do na hiarrthóirí a bheith in ann oibriú go dian ar bhonn rialta, go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann araon, i dtimpeallacht oibre ilchultúrtha. Ina theannta, beidh siad tiomanta don oiliúint ghairmiúil a dhéanamh i gcaitheamh a ngairmréime.
3. Incháilitheacht
Faoin dáta deiridh atá socraithe do na hiarratais a chur isteach, ní mór na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a bheith comhlíonta:
|
(a) |
Coinníollacha ginearálta I gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, ní mór duit:
|
|
(b) |
Coinníollacha sonracha
|
B. AN NÓS IMEACHTA DON CHOMÓRTAS
Tá dhá chéim sa chomórtas:
|
1. |
Céim an réamhroghnúcháin:
|
|
2. |
Céim na dtrialacha |
1. Céim an réamhroghnúcháin
|
(a) |
Triail ceisteanna ilrogha (MCQ) Iarrfar ort tástáil réamhroghnúcháin a dhéanamh (MCQ) má tá do chomhad iarratas curtha isteach agat:
Is i dteanga 2 (Béarla nó Fraincis) a bheidh an tástáil MCQ. Uaslíon de 40 ceist a bheidh sa tástáil MCQ chun measúnú a dhéanamh ar do chumas faisnéis maidir le luachanna an Aontais Eorpaigh agus ról Pharlaimint na hEorpa a shainaithint. Gheobhaidh tú ceisteanna samplacha in am agus i dtráth roimh dháta na tástála. Ní mhairfidh an tástáil sin níos faide ná 80 nóiméad agus is ar líne a eagrófar í, ar ríomhaire. I gcás nach mó an líon iarrthóirí de réir gach teanga atá cláraithe sa chomórtas ná an t-uaslíon iarrthóirí a ghlactar isteach chuig céim an scagaire tallainne (féach roinn B 1 b thíos), ní eagrófar an Triail ceisteanna ilrogha (MCQ) i gcás teangacha an chomórtais lena mbaineann. Déanfaidh an bord roghnúcháin measúnú díreach ar fhreagraí na n-iarrthóirí uile lena mbaineann ar an scagaire tallainne. |
|
(b) |
Scagaire tallainne Ní mór duit an scagaire tallainne atá ag gabháil leis an bhfógra comórtais a líonadh isteach agus é a chur isteach le do chomhad iarratais ar líne. Ní mór don scagaire tallainne a bheith san áireamh le do chomhad iarratais tráth nach déanaí ná an dáta agus an t-am deiridh le haghaidh iarratas a dhéanamh (pointe C); is féidir an scagaire tallainne a líonadh isteach i do theanga 2 (Béarla nó Fraincis), déanfaidh sé sin obair an bhoird roghnúcháin a éascú. Déan cinnte gurb iad na teangacha céanna atá léirithe i do scagaire tallainne agus na teangacha sin atá léirithe i do chomhad iarratais. Mura gcomhfhreagraíonn teangacha 1, 2, agus 3 atá léirithe i do scagaire tallainne do na teangacha sin atá léirithe i do chomhad iarratais, déanfaidh an bord roghnúcháin na teangacha atá léirithe i do chomhad iarratais a chur san áireamh go heisiach. Má tá tú i measc na n-iarrthóirí is fearr ar éirigh leo sa tástáil MCQ, déanfaidh an bord roghnúcháin do chuid freagraí a mheasúnú ar an scagaire tallainne. Chun na críche sin, déanfaidh an bord roghnúcháin an 150 iarrthóir, de réir gach teanga den chomórtas, is airde a fuair marcanna sa tástáil a chur san áireamh; más gá, déanfaidh an bord roghnúcháin na hiarrthóirí uile ex aequo don áit dheireanach a chur san áireamh gan teorainn a chur ar a líon. Chun an roghnú atá bunaithe ar cháilíochtaí a chur i gcrích, déanfaidh an bord roghnúcháin scrúdú ar na freagraí a thabharfaidh na hiarrthóirí sa scagaire tallainne. Bronnfar idir 0 agus 4 phointe ar gach freagra. Féadfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh ualú ó 1 go 3 a shannadh do gach critéar roghnúcháin lena léirítear a thábhacht ar leith. Sa chás sin, iolrófar na pointí a shanntar do gach freagra faoin gcomhéifeacht ualaithe sin. Déanfar pointí gach iarrthóra a shuimiú chun na daoine is fearr a bhfuil a bpróifíl ag teacht le cúraimí an phoist a shainaithint. Bunóidh an bord roghnúcháin a mheasúnú go heisiach ar na freagraí a thugtar sa scagaire tallainne chun an 60 iarrthóir, de réir gach teanga den chomórtas, is fearr ar éirigh leo a ghlacadh isteach sna trialacha scríofa. Ag deireadh an mheasúnaithe sin, déanfaidh an bord roghnúcháin a fhíorú go gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha sonracha iontrála (Roinn A.3) agus go bhfuil freagraí na n-iarrthóirí ag teacht leis an méid atá sna doiciméid tacaíochta atá ar fáil ina gcomhad iarratais. I gcás nach mó an líon iarrthóirí de réir gach teanga atá cláraithe sa chomórtas ná an t-uaslíon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh freastal ar na trialacha scríofa, déanfaidh an bord roghnúcháin cuireadh a thabhairt go díreach do na hiarrthóirí uile a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta agus sonracha iontrála, freastal ar na trialacha scríofa (Roinn A.3). |
2. Trialacha
Trialacha aistriúcháin agus dréachtaithe i dteanga shoiléir
|
(a) |
Aistriúchán ar théacs a bhaineann le gníomhaíochtaí reachtacha Pharlaimint na hEorpa ó theanga 2 go teanga 1. Uasfhad ama na trialach: 90 nóiméad, le haghaidh téacs ina bhfuil thart ar 450 go 500 focal Marcanna: 0 go 40 pointe – pasmharc:20/40 Ní cheartófar trialacha (b) agus (c) na n-iarrthóirí nach mbainfidh an pasmharc amach sa triail seo. |
|
(b) |
Aistriúchán ar óráid nó ar theachtaireacht atá beartaithe do na saoránaigh ó theanga 3 go teanga 1. Uasfhad ama na trialach: 90 nóiméad, le haghaidh téacs ina bhfuil thart ar 450 go 500 focal Marcanna: 0 go 40 pointe – pasmharc: 20/40 Ní cheartófar trialacha (c) na n-iarrthóirí nach mbainfidh an pasmharc amach sa triail seo. |
|
(c) |
Triail dréachtaithe: dréachtú i dteanga shoiléir ar théacs atá beartaithe do na saoránaigh i dteanga 1, bunaithe ar dhoiciméad casta i dteanga 2. Is éard is aidhm don triail seo measúnú a dhéanamh ar do chuid eolais ar theanga 2, agus ar do chumas na smaointe lárnacha a shainaithint agus iad a chur in iúl i dteanga shoiléir i dteanga 1. Uasfhad ama na trialach: 60 nóiméad Marcanna: 0 go 40 pointe – pasmharc: 20/40 |
Is ar líne agus ar ríomhaire a eagrófar na trialacha sin.
Iarrfar ar na 24 iarrthóir, i gcás gach teanga den chomórtas, ag a mbeidh na marcanna is airde sna trialacha scríofa freastal ar na trialacha cainte, ar choinníoll go mbeidh an pasmharc bainte amach acu i ngach triail. Más gá, roghnóidh an bord roghnúcháin na hiarrthóirí uile ex aequo don áit dheireanach i gcás gach teanga.
Trialacha cainte
|
(d) |
Agallamh leis an mbord roghnúcháin i dteanga 2, lena bhféadfaidh an bord sin, i bhfianaise na n-eilimintí go léir atá i do chomhad iarratais, d’oiriúnacht chun na dualgais a thuairiscítear faoi ‘Cúraimí an phoist’ a chomhlíonadh in institiúid Eorpach, mar aon le do chumas ó thaobh feabhsú agus iontaofachta de a mheas. Féadfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh tástáil a dhéanamh ar d’eolas ar theangacha oifigiúla eile atá sonraithe i do chomhad iarratais agat. Uasfhad ama na trialach: 45 nóiméad. Marcanna: 0 go 40 pointe – pasmharc: 20/40 Ní cheartófar trialacha (e) na n-iarrthóirí nach mbainfidh an pasmharc amach i dtriail (d). |
|
(e) |
Triail díospóireachta grúpa nó rólimirt i dteanga 2 ionas go mbeidh an bord roghnúcháin in ann measúnú a dhéanamh ar do chumas ó thaobh oiriúnú agus comhoibriú de, ar do dhearcadh i leith torthaí agus ar an spiorad foirne atá agat i gcomhthéacs na gcúramí a thuairiscítear i Roinn A.2. ‘Cúraimí an phoist’. Saineoidh an bord roghnúcháin fad na trialach díospóireachta grúpa de réir chomhdhéanamh críochnaitheach na ngrúpaí. Is é 25 nóiméad uasfhad thriail na rólimeartha. Marcanna: ó 0 go 20 pointe – pasmharc: 10/20 |
D’fhéadfaí na trialacha sin a eagrú go cianda.
Gheobhaidh tú treoracha na dtrialacha scríofa agus cainte in am trátha. Tá na trialacha beartaithe le haghaidh dáta agus am ar leith. Mura bhfreagraíonn tú cuireadh, mura féidir teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost, nó mura bhfreastalaíonn tú ar thriail, d’fhéadfaí thú a dhícháiliú. Beidh ort cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Má sháraíonn tú na treoracha nó mura gcloíonn d’iompraíocht leis na treoracha, dícháileofar láithreach thú.
3. Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha
Bunóidh an bord roghnúcháin, i gcás gach teanga den chomórtas, liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a bhfuil na marcanna foriomlána is fearr bainte amach acu ag deireadh na dtrialacha, mar a luaitear i Roinn A.1 ‘Faisnéis ghinearálta’. Is éard a bheidh sna marcanna foriomlána seo líon iomlán na marcanna a fuarthas sna trialacha scríofa (a), (b) agus (c) agus sna trialacha cainte (d) agus (e) ina n-iomláine, ar choinníoll gur éirigh leis na hiarrthóirí an pasmharc a bhaint amach i ngach ceann de na trialacha sin. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar an liosta na hiarrthóirí uile ex aequo don áit dheireanach i gcás gach teanga. Liostófar ainmneacha na n-iarrthóirí rathúla de réir ord aibítre.
Rachaidh bailíocht an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2026 . Féadfar síneadh a chur le bailíocht an liosta sin trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Sa chás sin, cuirfear na hiarrthóirí rathúla atá ar an liosta ar an eolas in am trátha.
Cuirfear na hiarrthóirí rathúla go leithleach ar an eolas faoina dtorthaí, agus foilseofar liosta na n-iarrthóirí oiriúnacha ar shuíomh gréasáin oifigiúil Pharlaimint na hEorpa.
Má thairgtear post duit, beidh ort na doiciméid bhunaidh go léir a chur isteach i gcomhair fíordheimhniú, go háirithe do chéimeanna agus do dheimhniúcháin fostaíochta.
Ní ceart ná ráthaíocht earcaíochta é a bheith ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.
C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór duit iarratas a dhéanamh tríd an ardán Apply4EP: https://apply4ep.gestmax.eu/search/index/lang/ga_GA
Ba cheart duit an Treoir d’iarrthóirí i gcomórtais a eagraíonn Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú do chomhad iarratais a chomhlánú agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a sholáthar.
Dáta deiridh le haghaidh iarratas a chur isteach
An dáta deiridh le hiarratais a chur isteach
An 12 Eanáir 2024, 17.00 am Lucsamburg
Cuirfear admháil chugat go huathoibríoch a luaithe a bheidh do chomhad iarratais bailíochtaithe.
Iarrtar ar iarrthóirí GAN GLAOCH GUTHÁIN a chur ar sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa faoin gcomórtas seo.
IARSCRÍBHINN I
Treoir d’iarrthóirí i gcomórtais/nósanna imeachta roghnúcháin oscailte eagraithe ag Parlaimint na hEorpa
Chun críocha an doiciméid seo, tagraíonn an téarma ‘fógra’ do ‘fógra comórtais’ i gcomhthéacs comórtais agus do ‘fógra earcaíochta’ i gcomhthéacs nós imeachta roghnúcháin.
1. RÉAMHRÁ
Cad atá i gceist le comórtas/nós imeachta roghnúcháin?
Sraith céimeanna atá i gcomórtas/nós imeachta roghnúcháin ina dtéann na hiarrthóirí in iomaíocht lena chéile. Bíonn siad ar oscailt do gach saoránach den Aontas Eorpach a chomhlíonann, ar an dáta deiridh atá socraithe chun iarratais a chur isteach, na critéir incháilitheachta. Tugann siad deis chothrom do na hiarrthóirí go léir a n-inniúlachtaí a léiriú agus tugann sé an deis roghnú a dhéanamh bunaithe ar thuillteanas, agus prionsabal na córa comhionainne á urramú.
Déantar na hiarrthóirí a n-éiríonn leo sa chomórtas/nós imeachta roghnúcháin a chur ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha as a roghnaíonn Parlaimint na hEorpa daoine do na poist a luaitear san fhógra comórtais de réir mar is gá agus nuair is gá.
Déantar bord roghnúcháin (1) a cheapadh i gcás gach comórtais/nós imeachta roghnúcháin. Ainmníonn a fhoireann riaracháin agus an Coiste Foirne comhaltaí an bhoird roghnúcháin. Is ar mhodh rúin a dhéantar obair an bhoird roghnúcháin agus cuirtear an obair sin i gcrích i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2).
Déanann an bord roghnúcháin na critéir incháilitheachta don chomórtas, arna leagan síos san fhógra, a chur i bhfeidhm go docht le linn dó cinneadh a dhéanamh maidir le gach iarrthóir i dtaobh glacadh nó gan glacadh lena n-iarratas. Má glacadh le hiarrthóir i gcomórtas nó i nós imeachta roghnúcháin roimhe seo, ní hionann sin agus a rá go bhfuil siad incháilithe go huathoibríoch don nós imeachta seo.
Chun go ndéanfar na hiarrthóirí is fearr a roghnú, déanfaidh an bord roghnúcháin comparáid idir feidhmíocht na n-iarrthóirí chun breithniú a dhéanamh ar a gcumas na cúraimí a bhfuil tuairisc orthu san fhógra a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ní hamháin go bhfuil ar an mbord an leibhéal eolais a mheas ach ní foláir dó freisin na daoine is fearr atá cáilithe don phost a shainaithint, bunaithe ar thuillteanas na n-iarrthóirí.
Tabhair do d’aire, le do thoil, go dtógann sé idir 6 agus 12 mhí de ghnáth comórtas/nós imeachta roghnúcháin a thabhairt chun críche, ag brath ar an líon iarrthóirí.
2. NA CÉIMEANNA A BHÍONN I gCOMÓRTAS/NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN
Seo a leanas na céimeanna a bhíonn i gcomórtas/nós imeachta roghnúcháin:
|
— |
glacadh le comhaid iarratais; |
|
— |
réamhroghnúchán (má fhoráiltear dó sin san fhógra) agus ligean isteach (measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar incháilitheachta); |
|
— |
measúnú ar cháilíochtaí (má fhoráiltear dó sin san fhógra); |
|
— |
trialacha; |
|
— |
liosta d’iarrthóirí oiriúnacha. |
2.1. Glacadh le comhaid iarratais
Caithfear clárú ar an ardán ar líne Apply4EP agus ar an ardán sin amháin, agus na céimeanna uile a leanúint go dílis go dtí an chéim dheiridh ina ndéantar bailíochtú go leictreonach ar d’iarratas (féach roinn 3 den treoir seo). Maidir leis na doiciméid tacaíochta ábhartha go léir atá ag teastáil chun a chruthú go gcomhlíonann tú na coinníollacha atá luaite san fhógra, beidh ort iad sin a chur i gceangal agus is fearr é má bhíonn na doiciméid sin i bhformáid PDF. Cuireann na doiciméid sin ar chumas an bhoird roghnúcháin cruinneas na faisnéise a chuirtear isteach a sheiceáil. Is fútsa atá sé doiciméid inléite a chur ar fáil.
Tabhair do d’aire go ligeann Apply4EP duit doiciméid i bhformáid DOC, DOCX, GIF, JPG, TXT, PDF, PNG agus RTF a uaslódáil, lena dtugtar cruthúnas den taithí ghairmiúil, de na céimeanna/dioplómaí agus, i gcás inarb ábhartha, den eolas ar theangacha atá luaite sa chomhad iarratais. Ní fhéadfaidh aon doiciméad a bheith níos mó ná 5 MB.
Cuirfidh an tÚdarás Ceapacháin liosta le chéile d’iarrthóirí a chuir isteach a n-iarratas i gcomhréir leis na socruithe a shonraítear san fhógra agus faoin dáta deiridh i gcomhair iarratais, agus ansin cuirfidh sé an liosta sin ar aghaidh chuig an mbord roghnúcháin in éineacht leis na comhaid.
2.2. Réamhroghnúchán agus ligean isteach (measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar incháilitheachta)
2.2.1. Réamhroghnúchán
Má tá céim an réamhroghnúcháin san fhógra, féadfaidh fochéim amháin nó dhá fhochéim a bheith i gceist:
|
a. |
sraith ceisteanna ilrogha (MCQ) agus/nó |
|
b. |
meastóir tallainne |
Más rud é gur chuir tú d’iarratas isteach i gcomhréir leis na socruithe a sonraíodh, tabharfar cuireadh duit an triail réamhroghnúcháin a dhéanamh i bhfoirm sraith MCQ ar ríomhaire. Déanfar an triail a mharcáil le ríomhaire. Gheobhaidh tú trí do chuntas Apply4EP samplaí de na ceisteanna agus na treoracha maidir le conas an triail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh.
Déanfaidh an bord roghnúcháin measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar incháilitheachta ginearálta agus sonrach (féach roinn 2.2.2 den treoir seo), agus déanfaidh sé comhaid iarratais na n-iarrthóirí in ord íslitheach na bpointí a ghnóthaigh siad sa triail MCQ. Scoirfidh an bord roghnúcháin den mheasúnú nuair a bheidh an líon uasta iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an gcéad chéim eile den chomórtas/nós imeachta roghnúcháin bainte amach. Ligfidh an bord roghnúcháin isteach na hiarrthóirí ar fad atá ar comhscór don áit dheireanach.
Tá an meastóir tallainne (foirm) i gceangal leis an bhfógra. Ní mór duit é a chomhlánú agus a uaslódáil san áit chuí in Apply4EP nuair a chuirfidh tú d’iarratas isteach ar an ardán.
Chun na hiarrthóirí a roghnú lena ligean isteach sa chéad chéim eile den chomórtas/nós imeachta roghnúcháin, déanfaidh an bord roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí (go háirithe dioplómaí/céimeanna, eolas ar theangacha agus taithí oibre) agus ar a ábhartha atá na cáilíochtaí sin do na dualgais a bheidh le comhlíonadh agus do na critéir roghnúcháin atá leagtha amach san fhógra. Is ar bhonn na bhfreagraí a thabharfaidh na hiarrthóirí sa mheastóir tallainne, agus ar an mbonn sin amháin, a thabharfaidh an bord roghnúcháin pointí. Déanfaidh an bord roghnúcháin measúnú freisin ar chomhlíonadh na gcritéar incháilitheachta ginearálta agus sonrach (féach roinn 2.2.2 den treoir seo). Tá líon na n-iarrthóirí a ligfidh an bord roghnúcháin isteach sa chéad chéim eile sonraithe san fhógra (lena n-áirítear aon iarrthóirí atá ar comhscór don áit dheireanach).
Tá an meastóir tallainne (foirm) i gceangal leis an bhfógra. Ní mór duit é a chomhlánú agus a uaslódáil san áit chuí in Apply4EP nuair a chuirfidh tú d’iarratas isteach ar an ardán.
Más rud é gur chuir tú d’iarratas isteach i gcomhréir leis na socruithe a sonraíodh, tabharfar cuireadh duit an triail réamhroghnúcháin a dhéanamh i bhfoirm sraith MCQ ar ríomhaire. Déanfar an triail a mharcáil le ríomhaire. Gheobhaidh tú trí do chuntas Apply4EP samplaí de na ceisteanna agus na treoracha maidir le conas an triail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh.
Chun na hiarrthóirí a roghnú lena ligean isteach sa chéad chéim eile den chomórtas/nós imeachta roghnúcháin, déanfaidh an bord roghnúcháin measúnú ansin ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí (go háirithe dioplómaí/céimeanna, eolas ar theangacha agus taithí oibre) agus ar a ábhartha atá na cáilíochtaí sin do na dualgais a bheidh le comhlíonadh agus do na critéir roghnúcháin atá leagtha amach san fhógra.
Ina theannta sin, ní dhéanfaidh an bord roghnúcháin measúnú ach ar mheastóirí tallainne na n-iarrthóirí a ghnóthaigh na scóir is airde sa triail MCQ (lena n-áirítear aon iarrthóirí atá ar comhscór don áit deiridh), agus sonrófar san fhógra an líon iarrthóirí atá le ligean isteach go dtí an chéad chéim eile. Ní chuirfear san áireamh comhaid iarratais agus meastóirí tallainne na n-iarrthóirí a thiteann faoi bhun na tairsí sin.
Is ar bhonn na bhfreagraí a thabharfaidh na hiarrthóirí sa mheastóir tallainne, agus ar an mbonn sin amháin, a thabharfaidh an bord roghnúcháin pointí. Déanfaidh an bord roghnúcháin measúnú freisin ar chomhlíonadh na gcritéar incháilitheachta ginearálta agus sonrach (féach roinn 2.2.2 den treoir seo). Ligfidh an bord roghnúcháin isteach na hiarrthóirí ar fad atá ar comhscór don áit dheireanach.
2.2.2. Ligean isteach (measúnú ar chomhlíonadh na gcrítéar incháilitheachta)
Scrúdóidh an bord roghnúcháin na comhaid iarratais agus tarraingeoidh sé suas liosta iarrthóirí a chomhlíonann na critéir incháilitheachta atá leagtha amach san fhógra. Bunóidh sé a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta bonn cirt di. I gcás chéim an réamhroghnúcháin (féach roinn 2.2.1 den treoir seo), cuirtear toradh an réamhroghnaithe san áireamh sa liosta seo de réir na gcoinníollacha atá sonraithe san fhógra.
Ní foláir mionsonraí iomlána maidir le cúrsaí léinn, oiliúint, taithí ghairmiúil agus eolas ar theangacha a bheith tugtha san fhoirm iarratais, eadhon:
|
— |
cúrsaí léinn: dátaí tosaigh agus deiridh, chomh maith le cineál an dioplóma/na ndioplómaí (na céime na gcéimeanna) agus na n-ábhar a ndearnadh staidéar orthu; |
|
— |
taithí ghairmiúil: an dáta tosaigh agus an dáta deiridh do gach tréimhse iomchuí agus tuairisc bheacht ar chineál na gcúraimí a comhlíonadh. Ba cheart an t-am oibre nó an líon uaireanta an chloig oibre in aghaidh an lae/na seachtaine/na míosa a shonrú freisin. |
|
— |
teangacha: an teanga a roghnaigh tú mar theanga 1 agus an leibhéal eolais atá agat uirthi, do theanga 2 agus an leibhéal eolais, agus na teangacha eile a bhfuil máistreacht agat orthu. I gcás próifílí na dteangeolaithe, agus má shonraítear san fhógra iad: do theanga 3 freisin agus an leibhéal eolais atá agat uirthi, agus do theanga 4 agus an leibhéal eolais. Ní mór duit do leibhéal a chur in iúl de réir Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (https://europa.eu/europass/en/common-european-framework-reference). |
Má tá staidéir, ailt, tuarascálacha nó téacsanna eile foilsithe agat a bhaineann leis na dualgais a bhfuil cur síos orthu san fhógra, ní mór duit é sin a lua ar an bhfoirm iarratais.
Ag an gcéim seo, aon iarrthóirí nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta a leagtar amach san fhógra, iarrthóirí nach leor a gcuid doiciméad tacaíochta agus/nó nach dtacaíonn a gcuid doiciméad tacaíochta go beacht leis an bhfaisnéis a soláthraíodh ar an bhfoirm iarratais agus iarrthóirí nach gcuireann a gcuid doiciméad tacaíochta ar chumas an bhoird roghnúcháin a fhíorú go gcomhlíonann siad na critéir incháilitheachta atá leagtha amach san fhógra, ní ghlacfar lena n-iarratas.
Cuirfear in iúl duit trí ríomhphost chugat féin cé acu a chinn nó nár chinn an bord roghnúcháin tú a ligean isteach sa chéad chéim eile den chomórtas/nós imeachta roghnúcháin.
2.3. Measúnú cáilíochtaí
Má luaitear sin san fhógra, déanfaidh an bord roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí ar éirigh leo chun na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun na dtrialacha dóibh a roghnú. Bunóidh an coiste a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta ábhartha bonn cirt di, agus is fearr é má bhíonn na doiciméid tacaíochta sin i bhformáid PDF. Déanfaidh an bord roghnúcháin a chinntí bunaithe ar na critéir a leag sé síos roimh ré, agus na cáilíochtaí atá leagtha amach san fhógra á gcur san áireamh.
Cuirfear ar an eolas thú trí ríomhphost chugat féin faoi chinneadh an bhoird roghnúcháin cé acu cuireadh chun na trialacha a thabhairt don iarrthóir nó gan cuireadh a thabhairt dóibh.
2.4. Trialacha
Tá na trialacha go léir éigeantach agus tá feidhm dhíbeartha ag roinnt leo. Tá an líon uasta d’iarrthóirí a nglacfar leo i gcomhair na dtrialacha leagtha síos san fhógra. Tá tuairisc ar na trialacha agus ar na pointí is féidir a bhronnadh ina leith san fhógra.
|
Sonraíochtaí teicniúla — Trialacha ar líne (triail MCQ agus triail/trialacha scríofa) Oibríonn Parlaimint na hEorpa le soláthraí seirbhíse (TestWe) chun na trialacha ar líne a reáchtáil. Tabhair do d’aire nach bhfuil rochtain dhigiteach ar na bogearraí trialach ar líne faoi láthair (féach roinn 3.1.1 den treoir seo le haghaidh tuilleadh eolais). Beidh ríomhaire (deisce nó glúine) ag teastáil uait le:
Cuirfear ar an eolas thú roimh an triail/na trialacha maidir le haon athruithe ar na híoscheanglais theicniúla a thiocfaidh as nuashonrú ar na bogearraí. Ní oibreoidh na córais oibriúcháin XP, Vista ná cinn níos sine, Windows 10 S, Windows ARM (RT), MacOS níos sine ná 10.11, IOS (Ipad, Iphone), Android, Chromebook, Meaisín fíorúil, Linux (Debian, Ubuntu, etc) agus OS 32-ghiotán. Ina theannta sin, ní mór duit cearta riarthóra a bheith agat don ríomhaire deisce nó glúine chun bac a chur ar rochtain ar fheidhmchláir (doiciméid, bogearraí eile, suíomhanna gréasáin, etc.) cé is moite d’fheidhmchlár an tsoláthraí seirbhísí, agus an triail/na trialacha ar siúl. Ní mór duit a chinntiú go bhfuil do ríomhaire ar an dáta agus am ceart agus go bhfuil taifeach do scáileáin ceart. Ní mór duit an t-ardán a íoslódáil, a shuiteáil, a sheiceáil agus a thástáil a luaithe agus is féidir (seachtain amháin roimh an triail/na trialacha ar a laghad). Chun an feidhmchlár a thástáil tar éis a shuiteála, iarrfar ort tástáil réamhriachtanais a dhéanamh nuair a gheobhaidh tú rochtain air. Caithfear an tástáil réamhriachtanais a dhéanamh agus ní mór í a dhéanamh ar an ríomhaire a úsáidfear ar lá na trialach/na dtrialacha. Ní gheobhaidh tú aon phointí ón tástáil réamhriachtanais. Cuirfidh an tástáil ar do chumas cur amach a fháil ar an ardán agus ar conas é a úsáid. Ní mór gach bogearra frithvíreas ar an ríomhaire deisce nó glúine a bheith díghníomhachtaithe agus an t-ardán á úsáid. Lá na trialach/na dtrialacha: Le linn na trialach/na dtrialacha, déan gach beart is gá chun nach mbeidh ort do ríomhaire a fhágáil. Cuirfear tuilleadh eolais agus treoracha faoin seisiún trialacha chugat leis an ríomhphost ina dtabharfar cuireadh duit an triail/na trialacha a dhéanamh. Má bhíonn fadhb agat le linn na trialach/na dtrialacha, déan teagmháil láithreach leis an soláthraí seirbhísí ar an teileafón ag +33 1 76 41 14 88 ionas gur féidir an fhadhb a réiteach agus leanúint ar aghaidh le do thriail. Más rud é nach ndéanfar na trialacha go léir, ní mharcálfar iad. Ní féidir an triail nó na trialacha a dhéanamh ach amháin ar an dáta agus ag an am a bheidh sonraithe sa chuireadh chun na trialach/na dtrialacha MCQ nó scríofa ar líne. Mura mbeidh tú in ann an triail nó na trialacha a dhéanamh, ní bheidh deis eile agat iad a dhéanamh. |
2.5. Líosta d’iarrthóirí oiriúnacha
Foilseofar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach san fhógra.
Is ionann ainm iarrthóra a bheith ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha agus a léiriú go bhféadfaidh ceann de sheirbhísí na hinstitiúide cuireadh chun agallaimh a thabhairt don duine sin, ach ní hionann é sin agus ceart ná ráthaíocht go ndéanfaidh an institiúid an t-iarrthóir sin a earcú.
3. CONAS IARRATAS A DHÉANAMH
3.1. Forálacha ginearálta
Sula ndéanfaidh tú iarratas, ba cheart duit a sheiceáil go cúramach go gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta go léir, trí aird a thabhairt ar an bhfógra agus ar an treoir seo agus trí ghlacadh leis na téarmaí.
Is tríd an ardán ar líne, Apply4EP, a dhéantar iarratais ar chomórtais/nósanna imeachta roghnúcháin Pharlaimint na hEorpa. Is féidir é a rochtain ag: https://apply4ep.gestmax.eu. Chun cuntas a chruthú ar Apply4EP, cliceáil ar an táb ‘Déan iarratas ar líne’ atá le fáil ag deireadh an fhógra a dteastaíonn uait iarratas a dhéanamh ina leith agus lean na treoracha.
Ní féidir leat ach aon chuntas amháin a chruthú. Is féidir leat, áfach, na sonraí pearsanta atá cláraithe agat a mhodhnú chun an fhaisnéis a bhaineann leat a thabhairt cothrom le dáta.
NB: Má fhágann tú an leathanach gan sábháil sula mbeidh d’iarratas críochnaithe agat nó má bhíonn an t-am istigh don seisiún ar Apply4EP (am uasta 120 nóiméad), caillfidh tú an fhaisnéis a d’uaslódáil tú agus beidh ort tosú arís. Bíodh na doiciméid tacaíochta go léir atá le cur i gceangal le do chomhad iarratais ullmhaithe agat roimh ré.
Beidh ort an fhoirm iarratais a chomhlánú ar líne agus gach doiciméad tacaíochta a éilítear a chur i gceangal leis an iarratas, agus is fearr é má bhíonn na doiciméid tacaíochta sin i bhformáid PDF. Beidh ort a chruthú go gcomhlíonann tú na coinníollacha ar fad atá leagtha amach san fhógra, rud a chuirfidh ar chumas an bhoird roghnúcháin cruinneas na sonraí a sheiceáil. Is fútsa atá sé doiciméid inléite a chur ar fáil.
Ní bheidh sé indéanta a thuilleadh iarratas a dhéanamh i ndiaidh an dáta agus am deiridh don chomórtas a leagtar síos san fhógra. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí an lá deireanach sula gcuirfidh tú d’iarratas isteach. Ní fhéadfar Parlaimint na hEorpa a chur faoi dhliteanas i gcás fadhbanna teicniúla ag an nóiméad deireanach a d’fhéadfadh a bheith agat de dheasca ró-ualú ar an gcóras.
Ní ghlacfaidh an tAonad um Roghnú Tallainne agus um Fhor-rochtain le hiarratais a chuirfear isteach trí lámhsheachadadh.
3.1.1. Freastal réasúnta
Má tá tú faoi mhíchumas nó má fhágann na cúinsí ina bhfuil tú go bhféadfadh fadhbanna teacht chun cinn le linn na dtrialacha (e.g. toircheas, beathú cíche, fadhbanna sláinte, cóir leighis, etc.), ní mór duit é sin a shonrú ar an bhfoirm iarratais. Más mian leat freastal réasúnta a iarraidh, beidh ort foirm iarratais a líonadh isteach, ag an am cuí, agus teastas a fuair tú le déanaí ó d’údarás náisiúnta nó teastas leighis a fuair tú le déanaí ag gabháil léi. Ba cheart go mbeadh do dhiagnóis phearsanta ar an bhfoirm nó ba cheart go míneodh nó go ndeimhneodh go soiléir léi do chás nó do riocht sláinte mar atá aitheanta ag do chóras sláinte náisiúnta. Más infheidhme, ba cheart an céatadán de do lagú (fisiceach nó meabhrach) a áireamh inti. Déanfar na doiciméid tacaíochta a scrúdú ionas go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh más gá. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith réidh agat ar ghearrfhógra chun gur féidir le Seirbhís Liachta na Parlaiminte d’iarraidh a phróiseáil i bhfad roimh an triail/na trialacha.
Más rud é nár chuir tú in iúl ar d’fhoirm iarratais go bhféadfadh freastal réasúnta a bheith de dhíth ort, agus má mheasann tú níos déanaí sa phróiseas go bhfuil sé uait, is fút féin atá sé an méid sin a chur in iúl don Aonad um Roghnú Tallainne agus um Fhor-rochtain i bhfad roimh na trialacha trí do chuntas Apply4EP. Níor cheart aon fhaisnéis leighis a sheoladh chuig an Aonad um Roghnú Tallainne agus um Fhor-rochtain.
Tabhair do d’aire nach féidir na bogearraí tástála ar líne (TestWe) a rochtain go digiteach faoi láthair. Má bhíonn fadhb agat le linn na tástála, bheadh ort dul i dteagmháil le líne chabhrach an tsoláthraí seirbhíse ar an nguthán. Dá bhrí sin, déanfar socruithe malartacha, i gcás inarb iomchuí, d’iarrthóirí (e.g. iarrthóirí a bhfuil lagú amhairc nó éisteachta orthu nó dóibh siúd a bhfuil neamhord urlabhra agus/nó teanga acu) a d’iarr freastal réasúnta agus ar choinníoll go bhformheasfaidh Seirbhís Liachta na Parlaiminte a n-iarraidh.
3.2. Cén chaoi ar cheart comhad iarratais comhlánaithe a chur isteach?
|
1. |
Déan iarratas ar líne trí dhul chuig an nasc san fhógra agus comhlánaigh na céimeanna uile go cruinn cúramach. Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit cuntas AMHÁIN a bheith agat ar ardán Apply4EP, is féidir leat a chruthú trí chliceáil ar an táb ‘Déan iarratas ar líne’. |
|
2. |
Déan na doiciméid tacaíochta riachtanacha go léir a chur i gceangal leis an iarratas. Is fearr iad a bheith tiontaithe go dtí formáid PDF roimh ré. Is fútsa atá sé doiciméid inléite a chur ar fáil. Ceadaítear doiciméid a uaslódáil chuig an ardán Apply4EP ar uasmhéid de 5 MB in aghaidh an doiciméid. |
|
3. |
Déan d’iarratas a bhailíochtú trí na treoracha san fheidhmchlár a leanúint, agus bíodh sé sin déanta agat faoin dáta deiridh atá leagtha síos san fhógra. Déan deimhin de go mbeidh an comhad iarratais comhlánaithe go cuí agat agus go mbeidh na doiciméid tacaíochta riachtanacha ar fad ag gabháil leis sula gcuirfidh tú isteach é. A luaithe a bheidh sé bailíochtaithe, ní bheidh tú in ann aon athruithe a dhéanamh ar an gcomhad iarratais ná ní bheidh tú in ann aon doiciméad eile a chur leis. |
3.3. Cad iad na doiciméid tacaíochta nach mór a chur i gceangal leis an iarratas?
3.3.1. Forálacha ginearálta
Ní gá gur cóipeanna deimhnithe a bheadh sna doiciméid a uaslódálfaidh tú le d’iarratas ar líne, agus is fearr é má bhíonn na doiciméid sin i bhformáid PDF.
Ní doiciméid tacaíochta bhailí iad tagairtí do shuíomhanna gréasáin ná do na cuntais shóisialta.
Ní mheasfar gur deimhniúcháin iad asphriontaí de leathanaigh as suíomhanna gréasáin, ach féadfar iad a chur i gceangal mar fhaisnéis bhreise agus chun na críche sin amháin.
Ní mheastar gurb ionann curriculum vitae agus doiciméad tacaíochta le haghaidh taithí ghairmiúil, céim/céimeanna nó dioplómaí nó, i gcás inarb ábhartha, eolas ar theangacha.
Agus do chomhaid iarratais á thiomsú agat, ní fhéadfaidh tú tagairt a dhéanamh do dhoiciméid, do chomhaid iarratais ná do dhoiciméid eile a uaslódáladh mar chuid d’iarratas a rinneadh roimhe seo.
3.3.2. Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na critéir ghinearálta incháilitheachta á gcomhlíonadh
Ní iarrtar doiciméad ar bith ag an bpointe seo chun a chruthú:
|
— |
go bhfuil tú i do náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
go bhfuil do lánchearta mar shaoránach á dteachtadh agat; |
|
— |
go bhfuil do dhualgais comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí; |
|
— |
go bhfuil na teistiméireachtaí carachtair agat is iomchuí chun na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh; |
Ní mór duit tic a chur sa bhosca chun a dhearbhú ar d’onóir go bhfuil na critéir á gcomhlíonadh agat agus go bhfuil an fhaisnéis a thug tú fíor agus iomlán. Iarrfar ort na doiciméid sin a chur ar fáil má dhéantar tú a earcú.
3.3.3. Doiciméid tacaíochta a bhaineann leis na critéir incháilitheachta shonracha, leis an réamhroghnúchán agus leis an measúnú ar cháilíochtaí
Tá ort an fhaisnéis go léir agus na doiciméid uile a sholáthar don bhord roghnúcháin a chuirfidh ar chumas an bhoird sin beachtas na faisnéise atá tugtha sa chomhad iarratais a dheimhniú.
Ní foláir duit cóip de na dioplómaí nó teastais oideachais meánscoile, dioplómaí/céimeanna ollscoile nó teastais atá agat lena ndeimhnítear gur bhain tú cáilíocht amach i gcúrsa léinn ar an leibhéal a éilítear san fhógra a chur ar fáil le d’iarratas ar líne agus is fearr é má bhíonn na doiciméid sin i bhformáid PDF. Is fútsa atá sé doiciméid inléite a chur ar fáil.
Tabharfaidh an bord roghnúcháin aird, i ndáil leis sin, ar chórais dhifriúla oideachais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (Foscríbhinn I agus Foscríbhinn II den treoir seo). Maidir leis na dioplómaí/céimeanna, cibé an i mBallstát nó i dtír nach bhfuil san Aontas a bhronntar iad, ní mór iad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail Aireacht Oideachais Ballstáit den Aontas Eorpach. Na hiarrthóirí a bhfuil dioplómaí/céimeanna acu a bhronn Ballstát nach Ballstát den Aontas Eorpach é, ní mór dóibh coibhéis Eorpach a gcuid dioplómaí/céimeanna a cheangal lena n-iarratas. Tá tuilleadh eolais faoi cháilíochtaí neamh-AE a aithint ar fáil i líonraí ENIC-NARIC (https://www.enic-naric.net/).
Maidir le dioplómaí/céimeanna tríú leibhéal, ní foláir an fhaisnéis is mionsonraithe agus is féidir a chur ar fáil, go háirithe maidir leis na hábhair a ndearnadh staidéar orthu agus an tréimhse a mhair na cúrsaí, ionas go mbeidh ar chumas an bhoird roghnúcháin a mheas, má shonraítear san fhógra é, cé chomh hábhartha do chúraimí an phoist atá na dioplómaí/céimeanna sin.
Má chuireann tú dioplómaí/céimeanna isteach a bhaineann le hoiliúint theicniúil nó ghairmiúil, le breisoiliúint nó le cúrsaí speisialtóireachta, ní mór duit a lua cé acu cúrsa lánaimseartha nó páirtaimseartha a bhí i gceist leis an gcúrsa, ranganna tráthnóna, chomh maith leis na hábhair a ndearnadh staidéar orthu agus fad oifigiúil na gcúrsaí. Iarrtar ort an fhaisnéis sin ar fad a uaslódáil in aon doiciméad amháin agus is fearr é má bhíonn sé i bhformáid PDF.
Ní chuirfear taithí ghairmiúil san áireamh ach amháin más rud é go bhfuair tú í i ndiaidh duit an chéim/dioplóma nó an cháilíocht léinn is gá a bhaint amach. Ní mór cruthúnas a thabhairt sna doiciméid tacaíochta ar thréimhse agus leibhéal na taithí gairmiúla agus ní mór cur síos chomh mionsonraithe agus is féidir a dhéanamh ar an obair a rinne tú ionas go mbeidh an bord roghnúcháin in ann ábharthacht do thaithí maidir le dualgais an phoist a mheas. Má tá níos mó ná doiciméad amháin agat don taithí ghairmiúil chéanna, beidh ort iad sin a uaslódáil mar aon doiciméad amháin. Ceadaítear doiciméid a uaslódáil chuig an ardán Apply4EP ar uasmhéid de 5 MB in aghaidh an doiciméid.
Ní foláir go mbeadh doiciméad tacaíochta ann le aghaidh gach tréimhse d’obair ghairmiúil lena mbaineann, mar shampla:
|
— |
deimhniúcháin ó iarfhostóirí agus ón bhfostóir reatha lena ndeimhnítear an taithí ghairmiúil a éilítear chun cur isteach ar an gcomórtas/nós imeachta roghnúcháin; |
|
— |
más rud é, ar chúiseanna rúndachta, nach féidir leat ráitis den sórt sin a chur i gceangal leis an iarratas, ní mór duit fótachóipeanna de do chonradh fostaíochta nó litir earcaíochta agus do chéad ráiteas tuarastail, agus an ceann is déanaí, a chur i gceangal leis; |
|
— |
i gcás nach thar ceann fostóra a rinneadh an obair ghairmiúil (duine féinfhostaithe, duine a ghabhann le saorghairmeacha etc.), glacfar mar chruthúnas le sonraisc ina dtugtar mionsonraí faoi na seirbhísí a soláthraíodh nó le haon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile atá ábhartha. |
Ní chuirfear san áireamh gach tréimhse ar leith de thaithí ghairmiúil ach aon uair amháin. Ba cheart don taithí ghairmiúil a bheith ábhartha i leith na ndualgas riachtanach, agus ba cheart gur fíor-obair agus obair éifeachtach a bhí inti agus go bhfuarthas luach saothair ina leith. Déanfar cásanna áirithe de thaithí ghairmiúil, áfach, a chur san áireamh mar seo a leanas:
|
— |
taithí ghairmiúil mar oibrí deonach: más rud é go raibh an taithí sin faoi rialú ag conradh nó ag comhaontú foirmiúil coibhéiseach agus más rud é gur mhair sí cúig mhí lánaimseartha ar a laghad. Ní rachaidh an creidmheas iomlán le haghaidh taithí mar oibrí deonach thar aon bhliain amháin; |
|
— |
sealanna oiliúna íoctha nó neamhíoctha: mura raibh siad mar chuid de chúrsa staidéir agus murar mhair siad níos lú ná cúig mhí lánaimseartha. Ní rachaidh an creidmheas iomlán do shealanna oiliúna thar aon bhliain amháin. Ní mheasfar gur taithí ghairmiúil ábhartha seal oiliúna ach amháin i gcás inar mhair sé ar feadh na tréimhse íosta is gá chun rochtain a fháil ar ghairm, agus ar choinníoll gur bhain an té lena mbaineann amach go hiarbhír an ceart chun an ghairm i dtrácht a chleachtadh agus ar an gcoinníoll sin amháin. |
|
— |
seirbhís mhíleata nó shibhialta éigeantach: tugtar creidmheas ina leith don fhad ama a rinneadh go hiarbhír sa tseirbhís. Sa chás áirithe sin, cuirfear an taithí san áireamh gan beann ar an dáta a fuarthas an dioplóma/an chéim lena dtugtar rochtain ar an ngrúpa feidhme ábhartha agus ar an ngrád ábhartha; |
|
— |
saoire mháithreachais/atharthachta/uchtála/thuismitheoireachta/theaghlaigh: má tá sí cumhdaithe ag conradh fostaíochta; meastar gur obair 100 faoin gcéad í gan beann ar an tsaoire sin a bheith tógtha ar bhonn lánaimseartha nó leathaimseartha; |
|
— |
dochtúireacht: ar feadh trí bliana ar a mhéid, ar choinníoll gur baineadh amach go hiarbhír an dochtúireacht; |
|
— |
obair pháirtaimseartha; ríofa ar bhonn pro rata bunaithe ar an líon uaireanta an chloig a oibríodh (e.g. mheasfaí gur 4 mhí a oibríodh i gcás dhá lá oibre i seachtain oibre cúig lá, ar feadh tréimhse 10 mí). Mar sin féin, is féidir leis an mbord roghnúcháin, agus a chumhacht lánroghnach á fheidhmiú aige, cinneadh a dhéanamh taithí oibre a mheas mar thaithí lánaimseartha a chuimsíonn taithí leathaimseartha ar a laghad. Ciallaíonn sé sin gur féidir taithí oibre de 50 faoin gcéad den ghnáth-am oibre nó níos mó i gcomparáid le hobair lánaimseartha a ríomh mar thaithí oibre lánaimseartha (i.e. ag 100 faoin gcéad). |
Ní gá aon doiciméad a bheith sa chomhad iarratais chun a chruthú go bhfuil eolas agat ar theangacha atá sonraithe i d’fhoirm iarratais, ach amháin sna cásanna sonracha dá bhforáiltear go sainráite san fhógra. I gcás phróifíl na dteangeolaithe, áfach, beidh ort cruthúnas a chur ar fáil maidir leis an tríú teanga agus an ceathrú teanga, atá ar cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, agus leibhéal an eolais ar an teanga á shonrú agat.
I gcás próifílí na dteangeolaithe, agus má shonraítear iad san fhógra, beidh ort sraith ceisteanna a fhreagairt. Tá na ceisteanna bunaithe ar na critéir atá leagtha amach san fhógra agus déanfaidh an bord roghnúcháin measúnú ar do chuid freagraí. Beidh ar gach iarrthóir i gcomórtas/nós imeachta roghnúcháin gach ceist a fhreagairt. Nuair a bheidh an doiciméad comhlánaithe agat, beidh ort é a uaslódáil le d’iarratas san áit atá curtha ar fáil chuige sin. Tabharfar freagraí gach iarrthóra don bhord roghnúcháin san fhormáid chéanna ionas gur féidir leis an mbord roghnúcháin measúnú mionsonraithe oibiachtúil a dhéanamh idir buanna na n-iarrthóirí go léir.
Más gá duit dearbhú a líonadh isteach san fhógra, ní mór é a íoslódáil, agus é comhlánaithe go cuí, sa réimse ‘Dearbhú’ a chuirtear ar fáil chun na críche sin agus an fhoirm iarratais ar líne á cur isteach, i gcomhréir leis an bhfógra. Tabhair do d’aire go bhfágann easpa dearbhaithe den sórt sin, nó dearbhú neamhiomlán a bheith curtha isteach, nach bhfuil an t-iarratas inghlactha.
4. DÍCHÁILIÚ
Dícháileofar thú ag céim ar bith de chomórtas/nós imeachta roghnúcháin más rud é:
|
— |
gur chruthaigh tú níos mó ná aon chuntas amháin, |
|
— |
go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó gur chuir tú doiciméid bhréagacha isteach |
|
— |
nár fhreastail tú ar cheann amháin nó níos mó de na trialacha, |
|
— |
go ndearna tú séitéireacht le linn na dtrialacha, |
|
— |
go ndearna tú iarracht dul i dteagmháil le comhalta den bhord comórtais ar bhealach neamh-údaraithe, |
|
— |
go ndearna do shíniú nó marc suaithinseach a chur ar na trialacha scríofa nó praiticiúla a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo. |
Tá an baol ann go ndícháileofar thú mura gcomhlíonfaidh tú na treoracha a thugtar do na trialacha ar líne.
Ní mór duit ardleibhéal iontaofachta a léiriú. Féadfar pionóis a fhorchur ort i dtaca le haon chalaois nó iarracht ar chalaois.
5. FÓGRA
Is fút féin atá sé a chinntiú go ndéanfar an t-iarratas ar líne, agus é comhlánaithe go cuí, agus na doiciméid tacaíochta riachtanacha uile i gceangal leis seo, a bhailíochtú in Apply4EP roimh an sprioc-am atá leagtha síos san fhógra.
Tabharfar deimhniú ar gach iarratas a dhéanfar trí Apply4EP trí theachtaireacht ríomhphoist ina luafar go bhfuil an clárú déanta. Seiceáil d’fhillteán turscair, le do thoil.
Murar éirigh leat cuntas Apply4EP a chruthú nó má tá fadhbanna teicniúla agat, iarrtar orthu scríobh chuig an seoladh seo a leanas: PERS-APPLY4EPContacts@europarl.europa.eu.
Ní bhreithneofar ach na hiarratais a chuirtear isteach ar Apply4EP. Dá réir sin, is saothar in aisce é iarratas a chur isteach tríd an bpost, bíodh an litir sin cláraithe nó ná bíodh. Ní ghlacfaidh an tAonad um Roghnú Tallainne agus um Fhor-rochtain le hiarratais ach oiread a chuirfear isteach trí lámhsheachadadh.
Is ar an Aonad um Roghnú Tallainne agus um Fhor-rochtain atá an cúram déileáil le gach comhfhreagras leis na hiarrthóirí go dtí go mbeidh an comórtas/an nós imeachta roghnúcháin críochnaithe.
Déanfar an comhfhreagras go léir ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcomórtas/nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear cuireadh chun na dtrialacha agus cur in iúl na dtorthaí, a sheoladh trí ríomhphost chuig na hiarrthóirí ag an seoladh a thugtar sa chomhad iarratais ar líne ar Apply4EP. Is fút féin atá sé do ríomhphoist a sheiceáil go rialta agus do shonraí pearsanta ar do chuntas Apply4EP a choimeád cothrom le dáta.
Iarrtar ort gan glaoch a chur ar an Aonad um Roghnú Tallainne agus um Fhor-rochtain. Ba cheart duit aon cheisteanna atá agat a chur isteach trí fhreagra a thabhairt ar an ríomhphost a dhearbhaíonn d’iarratas ar líne.
I gcás deimhniú tinrimh a bheith uait don triail/do na trialacha, ba cheart duit d’iarraidh a sheoladh chuig an Aonad um Roghnú Tallainne agus um Fhor-rochtain trí fhreagra a thabhairt ar an ríomhphost inar iarradh ort an triail/na trialacha a dhéanamh, tar éis an tseisiúin trialach.
Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a choinneáil, ní féidir leat, i gcás ar bith, dul i dteagmháil leis an mbord féin, go díreach ná go hindíreach; má dhéanann tú amhlaidh, is féidir go ndícháileofar thú.
6. FAISNÉIS GHINEARÁLTA
6.1. Comhionannas deiseanna
Glacann Parlaimint na hEorpa fíorchúram chun gach cineál idirdhealaithe a sheachaint le linn an nós imeachta roghnúcháin.
Is fostóir comhionannais deiseanna í agus fáiltíonn sí roimh iarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath craicinn, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith i do dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
6.2. Iarrataí ó iarrthóirí ar fhaisnéis a bhaineann leo a rochtain
I gcomhthéacs comórtas agus nósanna imeachta roghnúcháin, tá ceart sonrach ag na hiarrthóirí faisnéis áirithe a bhaineann leo go díreach agus go leithleach a rochtain, faoi réir na gcoinníollacha a dtugtar tuairisc anseo thíos orthu. De bhua an chirt sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt d’iarrthóirí arna iarraidh sin dóibh:
|
(a) |
má dhéantar foráil san fhógra do thriail MCQ, féadfaidh na hiarrthóirí sin nach bhfuair pas sa triail sin nó nach bhfuil orthu siúd is airde marc, mar choinníoll lena ligean isteach sa chéad chéim eile den chomórtas/nós imeachta roghnúcháin, cóip dá bhfreagraí a fháil mar aon leis na freagraí cearta. Ní foláir aon iarraidh a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a seoladh an teachtaireacht ríomhphoist ag tabhairt fógra don iarrthóir faoin gcinneadh tríd an gcuntas Apply4EP. |
|
(b) |
má dhéantar foráil san fhógra do mheastóir tallainne, na hiarrthóirí nach bhfuil orthu siúd a fuair cuireadh chuig an gcéad chéim eile den chomórtas/nós imeachta roghnúcháin ar bhonn na bpointí a fuair siad sa mheastóir tallainne, féadfaidh siad na pointí a fuair siad a fháil amach do gach ceist sa mheastóir tallainne. Más infheidhme sa nós imeachta, féadfaidh siad cóip dá bhfreagraí mar aon leis na freagraí cearta a fháil sa triail MCQ. Ní foláir aon iarraidh a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a seoladh an teachtaireacht ríomhphoist ag tabhairt fógra don iarrthóir faoin gcinneadh tríd an gcuntas Apply4EP. |
|
(c) |
má dhéantar foráil san fhógra do mheasúnú ar cháilíochtaí, na hiarrthóirí nach bhfuil orthu siúd a fuair cuireadh chuig na trialacha, féadfaidh siad na pointí a fuair siad a fháil amach do gach ceann de na príomhchritéir i measúnú na gcáilíochtaí. Más infheidhme sa nós imeachta, féadfaidh siad freisin cóip dá bhfreagraí a fháil mar aon leis na freagraí cearta sa triail MCQ agus na pointí a fuair siad do gach ceann de na ceisteanna sa meastóir tallainne. Ní foláir aon iarraidh a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a seoladh an teachtaireacht ríomhphoist ag tabhairt fógra don iarrthóir faoin gcinneadh tríd an gcuntas Apply4EP. |
|
(d) |
má dhéantar foráil san fhógra do thrialacha scríofa, na hiarrthóirí nach bhfuair pas sna trialacha sin nó nach bhfuair cuireadh chun na dtrialacha béil, féadfaidh siad cóip gan mharcáil dá bpáipéir thástála a fháil mar aon lena ngreille marcála aonair (ar a leagtar amach na pointí a fuarthas do gach ceann de na príomhchritéir mheasúnaithe). Más infheidhme sa nós imeachta, féadfaidh siad cóip dá bhfreagraí a fháil freisin mar aon leis na freagraí cearta sa triail MCQ, na pointí a fuair siad do gach ceist sa mheastóir tallainne agus na pointí a fuair siad do ceann de na príomhchritéir sa mheasúnú ar cháilíochtaí. Ní foláir aon iarraidh a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a seoladh an teachtaireacht ríomhphoist ag tabhairt fógra don iarrthóir faoin gcinneadh trína gcuntas Apply4EP. |
|
(e) |
i gcás iarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na dtrialacha cainte dóibh agus nár cuireadh a n-ainm ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, ní chuirfear na marcanna a fuair siad sna trialacha éagsúla in iúl dóibh go dtí go mbeidh an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha tarraingthe suas ag an mbord roghnúcháin. Féadfaidh siad, arna iarraidh sin, cóip gan mharcáil dá dtrialacha scríofa agus dá ngreillí marcála aonair a fháil (ina leagtar amach na pointí a fuarthas do gach ceann de na príomhchritéir mheasúnaithe) do gach triail scríofa agus béil, agus, más infheidhme sa nós imeachta, cóip dá bhfreagraí mar aon leis na freagraí cearta sa triail MCQ, na pointí a fuair siad do ceann de na ceisteanna sa meastóir tallainne agus na pointí a fuair siad do gach ceann de na príomhchritéir sa mheasúnú ar cháilíochtaí. Ní foláir aon iarraidh a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a seoladh teachtaireacht ríomhphoist ag tabhairt fógra d’iarrthóirí faoin gcinneadh gan iad a chur ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha trína gcuntas Apply4EP; |
|
(f) |
i gcás iarrthóirí a bheidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, cuirfear in iúl dóibh gur iarrthóirí iad ar éirigh leo sa chomórtas/nós imeachta roghnúcháin. Mar sin féin, féadfaidh na hiarrthóirí sin iarraidh a chur isteach ar rochtain ar fhaisnéis faoi phointe (e) thuas. Ní foláir aon iarraidh a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a seoladh teachtaireacht ríomhphoist ag tabhairt fógra d’iarrthóirí faoin gcinneadh iad a chur ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha trína gcuntas Apply4EP; |
Ní mór próiseáil iarrataí den sórt sin a réiteach le rúndacht obair an bhoird roghnúcháin amhail dá bhforáiltear i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (Iarscríbhinn III, Airteagal 6), lena gcuirtear bac ar thuairimí an bhoird roghnúcháin a nochtadh ná ar aon fhaisnéis a bhaineann le meastóireachtaí ar iarrthóirí aonair nó le meastóireachtaí ina gcuirtear iarrthóirí i gcomparáid lena chéile a nochtadh. Déantar iarrataí den sórt sin a phróiseáil freisin i gcomhréir leis na rialacha maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. Féachfaidh an Pharlaimint, le freagairt d’iarrataí ar rochtain laistigh de 1 mhí amháin ón iarraidh a fháil.
6.3. Sonraí pearsanta a chosaint
Déanann Parlaimint na hEorpa, ina cáil mar an comhlacht atá freagrach as eagrú nósanna imeachta roghnúcháin, a áirithiú go bpróiseáiltear sonraí pearsanta na n-iarrthóirí i ndlúthchomhlíonadh Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nadúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (3), go sonrach a mhéid a bhaineann le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.
6.4. Speansais taistil agus chothaithe i gcás trialacha a eagraítear i bpearsa
Déanfar ranníocaíocht i dtreo speansais taistil agus chothaithe na n-iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun na dtrialacha dóibh i gcás trialacha a eagraítear i bpearsa. Déanfar mionsonraí faoin gcomórtas agus na rátaí is infheidhme a thabhairt sa teachtaireacht lena dtugtar cuireadh don iarrthóir chun na dtrialacha.
Nóta: Oifigigh agus seirbhísigh eile a chumhdaítear le Rialacháin Foirne na nOifigeach nó le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i dtrialacha, sa chas ina mbíonn siad ar siúl i bpearsa, agus sa chás sin amháin, arna n-eagrú mar chuid de chomórtas nó de nós imeachta roghnúcháin, d’fhéadfadh sé go mbeidís i dteideal aisíocaíocht a fháil ar speansais mhisin.
Measfar gurb é an seoladh a thabharfar ar an bhfoirm iarratais ar Apply4EP an áit óna bhfágfaidh an t-iarrthóir le dul chuig an áit ina n-iarrfar air na trialacha a dhéanamh. I ndáil leis sin, ní fhéadfar aird a thabhairt ar athrú ar an seoladh a chuirfidh an t-iarrthóir in iúl tar éis do Pharlaimint na hEorpa cuirí chun na dtrialacha a sheoladh, ach amháin sa chás go measann an Pharlaimint go bhfuil force majeure i gceist nó gur cás é atá go hiomlán eisceachtúil.
7. IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ – GEARÁIN AGUS ACHOMHAIRC – GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH
Tá faisnéis maidir le hiarrataí ar athbhreithniú, achomhairc agus gearáin chuig an Ombudsman Eorpach i bhFoscríbhinn 3 den treoir seo.
(1) Chun críocha an doiciméid seo, tagraíonn an téarma ‘bord roghnúcháin’ d’aon chineál coiste roghnúcháin agus do gach cineál giúiré. I gcomhthéacs comórtais, is giúiré é. I gcomhthéacs nós imeachta roghnúcháin,, is bord roghnúcháin é.
(2) Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).
Foscríbhinn 1
Treoir tháscach de cháilíochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh lenar féidir cur isteach ar chomórtais don Fheidhmghrúpa AD (1) (arna meas ar bhonn cás ar chás
|
TÍR |
Cúrsa ollscoile a mhaireann ceithre bliana ar a laghad |
Cúrsa ollscoile a mhaireann trí bliana ar a laghad |
|
Belgique — België — Belgien |
Licence/Licentiaat / Diplôme d’études approfondies (DEA) / Diplôme d’études spécialisées (DES) / Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS) / Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS) / Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS) / Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS) Agrégation de l’enseignement secondaire supérieur (AESS) / Aggregaat Ingénieur industriel/Industrïeel ingenieur / Master — 60/120 ECTS / Master complémentaire — 60 ECTS ou plus Agrégation de l’enseignement secondaire supérieur (AESS) — 30 ECTS Doctorat/Doctoraal Diploma |
Bachelor académique (dit «de transition») — 180 ECTS Academisch gerichte Bachelor — 180 ECTS |
|
България |
Диплома за висше образование Бакалавър — 240 ECTS / Магистър — 300 ECTS / Доктор Магистър след Бакалавър — 60 ECTS / Магистър след Професионален бакалавър по … — 120 ECTS |
|
|
Česko |
Diplom o ukončení vysokoškolského studia / Magistr / Doktor |
Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář) |
|
Danmark |
Kandidatgrad/Candidatus / Master/Magistergrad (Mag.Art) / Licenciatgrad / Ph.d.-grad |
Bachelorgrad (B.A or B. Sc) / Professionsbachelorgrad / Diplomingeniør |
|
Deutschland |
Master (alle Hochschulen) / Diplom (Univ.) / Magister / Staatsexamen / Doktorgrad |
Bachelor / Fachhochschulabschluss (FH) Staatsexamen (Regelstudienzeit 3 Jahre) |
|
Eesti |
Rakenduskõrghariduse diplom Bakalaureusekraad (160 ainepunkti) / Magistrikraad / Arstikraad / Hambaarstikraad / Loomaarstikraad / Filosoofiadoktor / Doktorikraad (120–160 ainepunkti) |
Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti) / Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti) |
|
Éire/Ireland |
Céim Onórach Bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS) / Honours Bachelor Degree (4 years/240 ECTS) / Céim Ollscoile / University Degree / Céim Mháistir (60-120 ECTS) / Master’s Degree (60-120 ECTS) / Céim Dochtúra / Doctorate |
Céim Onórach Bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B. Eng) / Honours Bachelor Degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B. Eng) |
|
Ελλάδα |
Πτυχίο (ΑΕI πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕI υποχρεωτικής τετραετούς φοίτησης) 4 χρόνια (1ος κύκλος) Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος) Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος) |
|
|
España |
Licenciado / Ingeniero / Arquitecto / Graduado / Máster Universitario / Doctor |
Diplomado / Ingeniero técnico Arquitecto técnico / Maestro |
|
France |
Maîtrise / MST (maîtrise des sciences et techniques) / MSG (maîtrise des sciences de gestion) DEST (diplôme d’études supérieures techniques) / DRT (diplôme de recherche technologique) DESS (diplôme d’études supérieures spécialisées) / DEA (diplôme d’études approfondies) Master 1 / Master 2 professionnel / Master 2 recherche Diplôme des grandes écoles / Diplôme d’ingénieur / Doctorat |
Licence |
|
Hrvatska |
Baccalaureus / Baccalaurea (Sveučilišni prvostupnik / Prvostupnica) Stručni specijalist Master degree (magistar struke) 300 kredit min Magistar inženjer/ magistrica inženjerka (mag. ing) Doktor struke / Doktor umjetnosti |
Baccalaureus / Baccalaurea (Sveučilišni prvostupnik / Prvostupnica) |
|
Italia |
Diploma di Laurea (DL) — da 4 a 6 anni / Laurea specialistica (LS) / Laurea magistrale (LM) / Master universitario di primo livello / Master universitario di secondo livello / Diploma di Specializzazione (DS) / Dottorato di ricerca (DR) |
Diploma universitario (3 anni) / Diploma di Scuola diretta a fini speciali (3 anni) / Laurea — L180 crediti |
|
Κύπρος |
Πανεπιστημιακό Πτυχíο/Bachelor Master / Doctorat |
|
|
Latvija |
Bakalaura diploms (160 kredīti) / Profesionālā bakalaura diploms / Maģistra diploms / Profesionālā maģistra diploms / Doktora grāds |
Bakalaura diploms (min. 120 kredīti) |
|
Lietuva |
Aukštojo mokslo diplomas / Bakalauro diplomas / Magistro diplomas / Daktaro diplomas / Meno licenciato diplomas |
Profesinio bakalauro diplomas Aukštojo mokslo diplomas |
|
Luxembourg |
Master / Diplôme d’ingénieur industriel / DESS en droit européen |
Bachelor / Diplôme d’ingénieur technicien |
|
Magyarország |
Egyetemi oklevél / Alapfokozat — 240 kredit / Mesterfokozat / Doktori fokozat |
Főiskolai oklevél / Alapfokozat — 180 kredit vagy annál több |
|
Malta |
Bachelor’s degree / Master of Arts / Doctorate |
Bachelor’s degree |
|
Nederland |
HBO Bachelor degree HBO/WO Master’s degree Doctoraal examen / Doctoraat |
Bachelor (WO) |
|
Österreich |
Master Magister/Magistra Magister/Magistra (FH) Diplom-Ingenieur/in Diplom-Ingenieur/in (FH) Doktor/in PhD |
Bachelor Bakkalaureus/Bakkalaurea Bakkalaureus/Bakkalaurea (FH) |
|
Polska |
Magister / Magister inżynier Dyplom doktora |
Licencjat / Inżynier |
|
Portugal |
Licenciado / Mestre / Doutor |
Bacharel / Licenciado |
|
România |
Diplomă de Licenţă / Diplomă de inginer / Diplomă de urbanist / Diplomă de Master / Diplomă de Studii Aprofundate / Certificat de atestare (studii academice postuniversitare) / Diplomă de doctor |
Diplomă de Licență |
|
Slovenija |
Univerzitetna diploma/ Magisterij / Specializacija / Doktorat |
Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi |
|
Slovensko |
Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia / bakalár (Bc.) / magister / inžinier / ArtD |
Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (bakalár) |
|
Suomi/Finland |
Maisterin tutkinto — Magister-examen Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min 160 opintoviikkoa — studieveckor) Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen — antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen / Lisensiaatti/Licentiat |
Kandidaatin tutkinto — Kandidatexamen / Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min 120 opintoviikkoa — studieveckor) |
|
Sverige |
Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera) / Licentiatexamen / Doktorsexamen Meriter på avancerad nivå: Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng / Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng Meriter på forskarnivå: Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng / Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng |
Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng) Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor) |
|
United Kingdom |
Honours Bachelor degree / Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc) / Doctorate |
(Honours) Bachelor degree NB: Master’s degree in Scotland |
|
|
NOTE: UK diplomas awarded until 31 December 2020 are accepted without an equivalence. UK diplomas awarded as from 1 January 2021 must be accompanied by an equivalence issued by a competent authority of an EU Member State. |
|
(1) Déantar daoine a fhostú ar ghráid 7 go 16 de ghrúpa feidhme AD faoin gcoinníoll breise go bhfuil taithí ghairmiúil iomchuí de bhliain amháin ar a laghad acu.
Foscríbhinn 2
Treoir tháscach de cháilíochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh lenar féidir cur isteach ar chomórtais don Fheidhmghrúpa AST (1) (arna meas ar bhonn cás ar chás)
|
TÍR |
Leibhéal iar-bhunoideachais (lena dtugtar rochtain ar oideachas tríú leibhéal) |
Leibhéal ardoideachais (leibhéal breisoideachais neamh-ollscolaíochta nó cúrsa gearr ollscoile a mhaireann dhá bhliain ar a laghad) |
||||||||
|
Belgique — België — Belgien |
Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS) / Diploma secundair onderwijs / Diplôme d’aptitude à accéder à l’enseignement supérieur (DAES) / Getuigschrift van hoger secundair onderwijs / Diplôme d’enseignement professionnel / Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs |
Candidature — Kandidaat Graduat — Gegradueerde Bachelier (dit «professionnalisant» ou de «type court») / Professioneel gerichte Bachelor — 180 ECTS |
||||||||
|
България |
Диплома за средно образование / Свидетелство за зрелост / Диплома / Диплома за завършено средно образование / Диплома за средно специално образование |
Специалист по … |
||||||||
|
Česko |
Vysvědčení o maturitní zkoušce |
Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.) |
||||||||
|
Danmark |
Bevis for: Studentereksamen Højere Forberedelseseksamen (HF) / Højere Handelseksamen (HHX) / Højere Afgangseksamen (HA) / Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX) |
Videregående uddannelser = Bevis for = Eksamensbevis som (erhversakademiuddannelse AK) |
||||||||
|
Deutschland |
Allgemeine Hochschulreife / Abitur / Fachgebundene Hochschulreife / Fachhochschulreife / Hochschulzugang für beruflich Qualifizierte |
|
||||||||
|
Eesti |
Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta |
||||||||
|
Éire/Ireland |
Ardteistiméireacht Grád D3 i 5 ábhar / Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects / Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) / Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP) |
Teastas Náisiúnta / National Certificate / Céim Bhaitsiléara / Ordinary Bachelor Degree / Dioplóma Náisiúnta (ND, Dip.) / National Diploma (ND, Dip.) / Dámhachtain Ardteastas Ardoideachais (120 ECTS) / Higher Certificate (120 ECTS) |
||||||||
|
Ελλάδα |
Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου / Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου / Απολυτήριο Γενικού Λυκείου / Απολυτήριο Επαγγελματικού Λυκείου |
Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (IΕΚ) |
||||||||
|
España |
Bachillerato Unificado y Polivalente (BUP) + Curso de Orientación Universitaria (COU) / Bachillerato |
Técnico superior / Técnico especialista |
||||||||
|
France |
Baccalauréat / Diplôme d’accès aux études universitaires (DAEU) / Brevet de technicien |
Diplôme d’études universitaires générales (DEUG) / Brevet de technicien supérieur (BTS) / Diplôme universitaire de technologie (DUT) / Diplôme d’études universitaires scientifiques et techniques (DEUST) |
||||||||
|
Hrvatska |
Svjedodžba o državnoj maturi Svjedodžba o zavrsnom ispitu |
Associate degree Graduate specialist Stručni pristupnik / Pristupnica |
||||||||
|
Italia |
Diploma di scuola secondaria superiore (diploma di maturità o esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore) |
Certificato di specializzazione tecnica superiore/attestato di competenza (4 semestri) / Diploma di istruzione e formazione tecnica superiore (IFTS) / Diploma di istruzione tecnica superiore (ITS) / Diploma universitario (2 anni) / Diploma di Scuola diretta a fini speciali (2 anni) |
||||||||
|
Κύπρος |
Απολυτήριο |
Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory) / Higher Diploma |
||||||||
|
Latvija |
Atestāts par vispārējo vidējo izglītību Diploms par profesionālo vidējo izglītību |
Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību |
||||||||
|
Lietuva |
Brandos atestatas |
Aukštojo mokslo diplomas Aukštesniojo mokslo diplomas |
||||||||
|
Luxembourg |
Diplôme de fin d’études secondaires et techniques |
Brevet de technicien supérieur (BTS) / Brevet de maîtrise / Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU) / Diplôme universitaire de technologie (DUT) |
||||||||
|
Magyarország |
Gimnáziumi érettségi bizonyítvány / Szakközép-iskolai érettségiképesítő bizonyítvány / Érettségi bizonyítvány |
Bizonyítvány felsőfokú szakképesítésről |
||||||||
|
Malta |
Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher) / Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including systems of knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5 / 2 A Levels (passes A-E) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent |
MCAST diplomas/certificates Higher National Diploma |
||||||||
|
Nederland |
Diploma VWO / Diploma staatsexamen (2 diploma’s) / Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO) / Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO) |
Kandidaatsexamen Associate degree (AD) |
||||||||
|
Österreich |
Matura/Reifeprüfung Reife-und Diplomprüfung Berufsreifeprüfung |
Kollegdiplom Akademiediplom |
||||||||
|
Polska |
Świadectwo dojrzałości Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego |
Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego Świadectwo ukończenia szkoły policealnej |
||||||||
|
Portugal |
Diploma de Ensino Secundário / Certificado de Habilitações do Ensino Secundário |
|
||||||||
|
România |
Diplomă de bacalaureat |
Diplomă de absolvire (Colegiu universitar) învățamânt preuniversitar |
||||||||
|
Slovenija |
Maturitetno spričevalo (Spričevalo o poklicni maturi) (Spričevalo o zaključnem izpitu) |
Diploma višje strokovne šole |
||||||||
|
Slovensko |
Vysvedčenie o maturitnej skúške |
Absolventský diplom |
||||||||
|
Suomi/Finland |
Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus — Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning (Betyg över avlagd yrkesexamen på andra stadiet) Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier) |
Ammatillinen opistoasteen tutkinto — Yrkesexamen på institutnivå |
||||||||
|
Sverige |
Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning) |
Högskoleexamen (80 poäng) Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år |
||||||||
|
United Kingdom |
General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E) BTEC National Diploma General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level) |
Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC Diploma of Higher Education (DipHE) National Vocational Qualifications (NVQ) and Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4 |
||||||||
|
|
NOTE: UK diplomas awarded until 31 December 2020 are accepted without an equivalence. UK diplomas awarded as from 1 January 2021 must be accompanied by an equivalence issued by a competent authority of an EU Member State. |
|||||||||
(1) Déantar daoine a fhostú ar ghrúpa feidhme AST faoin gcoinníoll breise go bhfuil taithí ghairmiúil iomchuí de thrí bliana ar a laghad acu.
Foscríbhinn 3
IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ – GEARÁIN AGUS ACHOMHAIRC – GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH
A. Iarrataí ar athbhreithniú
Féadfaidh tú a iarraidh ar an mbord roghnúcháin athbhreithniú a dhéanamh ar na cinntí seo a leanas:
|
— |
gan tú a ligean sa chomórtas/nós imeachta roghnúcháin; |
|
— |
gan cuireadh a thabhairt duit chun trialach (scríofa nó cainte); |
|
— |
gan tú a chur ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha. |
Ní mór iarrataí ar athbhreithniú a sheoladh trí do chuntas Apply4EP laistigh de 10 lá féilire ón dáta a seoladh an teachtaireacht ríomhphoist inar tugadh fógra i dtaobh chinneadh an bhoird roghnúcháin. Seolfar freagra chuig an duine lena mbaineann a luaithe agus is féidir.
Gabhfaidh cinneadh a ghlacfar tar éis iarraidh ar athbhreithniú ionad an chinnidh bunaidh. Dá bhrí sin, má chinneann iarrthóirí athbhreithniú ar chinneadh ón mbord roghnúcháin a thaisceadh, iarrtar orthu fanacht ar chinneadh an bhoird roghnúcháin sula ndéanfaidh siad, más gá, gearán nó achomharc breithiúnach a thaisceadh in aghaidh an chinnidh ar ábhar agóide dóibh é.
B. Gearáin agus achomhairc bhreithiúnacha
Má mheasann tú gur cúis agóide duit cinneadh ón mbord roghnúcháin nó ón údarás ceapacháin, féadfaidh tú gearán a dhéanamh ag aon chéim den chomórtas/den nós imeachta roghnúcháin de bhun Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1).
Ba cheart an gearán a sheoladh chuig:
|
An tArd-Rúnaí |
|
Parlaimint na hEorpa |
|
Foirgneamh Konrad Adenauer |
|
2929 Luxembourg |
|
LUCSAMBURG |
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhféadfaidh an tÚdarás Ceapacháin cinntí na mbord roghnúcháin i gcomórtais/nósanna imeachta roghnúcháin a leasú nó a neamhniú. Má theastaíonn uait cinneadh a dhéanann bord roghnúcháin a agóid, is féidir achomharc a thaisceadh go díreach le Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh fiú amháin mura mbíonn gearán taiscthe cheana féin faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.
Nuair a dhéanann tú agóid in aghaidh cinneadh de chuid an Údaráis Ceapacháin, ní féidir achomharc a thaisceadh le Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh go dtí go mbeidh gearán curtha isteach agat.
Ní mór iarraidh ar achomharc breithiúnach a sheoladh chuig:
|
Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh |
|
L-2925 Luxembourg |
|
LUCSAMBURG |
bunaithe ar Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.
Ní fhéadfar achomharc chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh a dhéanamh ach amháin trí dhlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirte i mBallstát den Aontas Eorpach nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
Tosaíonn na tréimhsí ama a leagtar síos in Airteagail 90 agus 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a bhfuil feidhm acu maidir leis an dá chineál achomhairc, ón dáta a tugadh fógra den chinneadh bunaidh a bhfuil éifeacht dhíobhálach aige nó, sa chás gur iarraidh ar athbhreithniú atá i gceist, ón dáta a tugadh fógra i dtaobh chinneadh an choiste roghnúcháin tar éis an athbhreithnithe.
C. Gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh
Féadfaidh iarrthóirí, mar shaoránaigh nó cónaitheoirí de chuid an Aontais Eorpaigh, gearán a chur faoi bhráid:
|
An tOmbudsman Eorpach |
|
1, Avenue du Président Robert Schuman – B.P. 403 |
|
67001 STRASBOURG CEDEX |
|
AN FHRAINC |
faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir le rialacháin agus coinníollacha ginearálta d’fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman (2).
Tugtar dá n-aire do na hiarrthóirí nach bhfuil aon éifeacht fhionraitheach ag gearáin a dhéantar leis an Ombudsman ar an tréimhse ama a leagtar síos in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne maidir le hachomhairc a thaisceadh le Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 228(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní fhiosraíonn an tOmbudsman gearáin i gcás ina bhfuil nó ina raibh na fíorais a líomhnaítear faoi réir imeachtaí dlíthiúla.
Ní dhéanfaidh iarraidh ar athbhreithniú, gearán, achomhairc ná gearán chuig an Ombudsman Eorpach aon chur isteach ar obair an bhoird roghnúcháin.
(1) Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).
IARSCRÍBHINN II
SCAGAIRE TALLAINE
Chun an roghnú a bheidh bunaithe ar cháilíochtaí a dhéanamh, déanfaidh an bord roghnúcháin scrúdú ar na freagraí a thabharfaidh na hiarrthóirí sa Scagaire Tallainne.
Tabharfar idir 0 agus 4 phointe do gach freagra.
Féadfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh ualú a thabhairt do gach critéar roghnúcháin, ar ualú é a léiríonn a thábhacht choibhneasta, ó 1 go 3. Sa chás sin, iolrófar na pointí a shanntar do gach freagra faoin ualú sin.
Déanfar pointí gach iarrthóra a shuimiú chun na daoine is fearr a bhfuil a bpróifíl ag teacht le cúraimí an phoist a shainaithint.
Chun fad tréimhse taithí a léiriú (dáta tosaigh – dáta deiridh), úsáid an fhormáid seo a leanas: LL/MM/BBBB – LL/MM/BBBB.
Líon isteach na réimsí anseo thíos agus tabhair freagra ar na critéir roghnúcháin uile.
Déan deimhin de gurb ionann na teangacha atá luaite sa Scagaire Tallainne agus na teangacha atá luaite ar an bhfoirm iarratais. Mura bhfreagraíonn na teangacha atá ar an bhfoirm iarratais do theangacha 1, 2 agus 3 atá luaite sa Scagaire Tallainne, is iad na teangacha atá luaite ar an bhfoirm iarratais, agus iad sin amháin, a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.
Is féidir an Scagaire Tallainne a líonadh isteach sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 (Béarla nó Fraincis), rud a éascóidh obair an bhoird roghnúcháin.
|
SLOINNE (i gceannlitreacha) agus céadainm: |
|
|
Teanga 1 atá roghnaithe ar an bhfoirm iarratais: |
□ Gearmáinis □ Cróitis □ Liotuáinis □ Ungáiris □ Slóivéinis |
|
Teanga 2 atá roghnaithe ar an bhfoirm iarratais |
□ Béarla □ Fraincis |
|
Teanga 3 atá roghnaithe ar an bhfoirm iarratais |
|
|
Uimh. |
Critéir roghnúcháin |
||||||||||||
|
1a |
An bhfuil céimeanna ollscoile agat nó máistreacht san aistriúchán, i nuatheangacha nó i réimse eile teangeolaíoch? □ Tá □ Níl |
||||||||||||
|
1b |
Má tá, luaigh:
|
||||||||||||
|
2a |
An bhfuil eolas agat ar theangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais Eorpaigh seachas do theangacha 1, 2 agus 3? □ Tá □ Níl |
||||||||||||
|
2b |
Má tá, luaigh na teangacha oifigiúla eile a bhfuil eolas agat orthu, leibhéal an eolais atá agat ar na teangacha sin (bunaithe ar Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha – CCTE) (1) agus conas a fuair tú an t-eolas sin. Teanga 4: An leibhéal eolais: Conas a fuair tú an t-eolas sin: Teanga 5: An leibhéal eolais: Conas a fuair tú an t-eolas sin: (etc.) |
||||||||||||
|
3a |
An bhfuil taithí ghairmiúil agat ar théacsanna nó ar ábhar closamhairc a aistriú, ar fhíorú eagarthóireachta (ar dhoiciméid foinse i dteanga 1) nó ar athbhreithniú teangeolaíoch, arna dhéanamh go heisiach i dteanga 1 atá roghnaithe agat don chomórtas seo? □ Tá □ Níl |
||||||||||||
|
3b |
Má tá, luaigh:
|
||||||||||||
|
4a |
An bhfuil taithí ghairmiúil agat ar théacsanna a dhréachtú lena bhfoilsiú? □ Tá □ Níl |
||||||||||||
|
4b |
Má tá, luaigh:
|
||||||||||||
|
5a |
An bhfuil taithí ghairmiúil agat ar fhotheidealú agus ar athghuthú scannán agus/nó craoltaí scannánaíochta nó teilifíse, nó ar ullmhú craoltaí raidió a fuarthas go heisiach i do theanga 1 atá roghnaithe agat don chomórtas seo? □ Tá □ Níl |
||||||||||||
|
5b |
Má tá, luaigh:
|
||||||||||||
|
6a |
An bhfuil taithí ghairmiúil agat ar théacsanna a oiriúnú le haghaidh táirgí ilmheán nó suíomhanna gréasáin? □ Tá □ Níl |
||||||||||||
|
6b |
Má tá, luaigh:
|
(1) Common European Framework of Reference | Europass
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1264/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)