This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62026TN0320
Case T-320/26: Action brought on 25 May 2026 – Kildiyarov v Council
Cás T-320/26: Caingean arna tabhairt an 25 Bealtaine 2026 – Kildiyarov v an Chomhairle
Cás T-320/26: Caingean arna tabhairt an 25 Bealtaine 2026 – Kildiyarov v an Chomhairle
IO C, C/2026/3858, 27.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3858/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3858 |
27.7.2026 |
Caingean arna tabhairt an 25 Bealtaine 2026 – Kildiyarov v an Chomhairle
(Cás T-320/26)
(C/2026/3858)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Valery Kildiyarov (Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha) (ionadaithe: T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinneadh (CBES) 2026/696 ón gComhairle an 14 Márta 2026 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin a chur ar neamhní, a mhéid a coinníodh an t-iarratasóir ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach leis an gcinneadh sin; |
|
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/695 ón gComhairle an 14 Márta 2026 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin a chur ar neamhní, a mhéid a coinníodh an t-iarratasóir ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach leis an gcinneadh sin; agus, |
|
— |
a ordú don Chomhairle costas na n-imeachtaí seo a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagail 1 agus 2 de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014, ós rud é gur ghearr an Chomhairle pionós neamhdhleathach ar an iarratasóir ar bhunús dlí nach ann dó (a bhfuil baint aige le hearnáil a sholáthraíonn ioncam suntasach do rialtas Chónaidhm na Rúise). Mar mhalairt ar sin, ní féidir leis an iarratasóir a bheith ina ‘dhuine gnó’ de bhun an chritéir (g), an tríú gné. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid mheasúnaithe, ó tharla gur scoir an t-iarratasóir de bheith bainteach le LME agus Alghaf Marine i bhfad sular tharla na gníomhartha atá faoi chaibidil. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3858/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)