This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62026TN0277
Case T-277/26: Action brought on 5 May 2026 – LG Chem and LG Chem Europe v Commission
Cás T-277/26: Caingean arna tabhairt an 5 Bealtaine 2026 – LG Chem agus LG Chem Europe v an Coimisiún
Cás T-277/26: Caingean arna tabhairt an 5 Bealtaine 2026 – LG Chem agus LG Chem Europe v an Coimisiún
IO C, C/2026/3188, 22.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3188/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3188 |
22.6.2026 |
Caingean arna tabhairt an 5 Bealtaine 2026 – LG Chem agus LG Chem Europe v an Coimisiún
(Cás T-277/26)
(C/2026/3188)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: LG Chem, Ltd. (Súl, an Chóiré Theas), LG Chem Europe GmbH (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: F. Di Gianni, A. Scalini agus G. Pregno, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/316 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2026 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí Roisíní Stiréin Bhútaidhé-éine Aicrilinítríle de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus na Téaváine (‘an Rialachán atá faoi chonspóid’) a chur ar neamhní. |
|
— |
A ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí trí shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear, agus an coigeartú préimhe glaise á chur i bhfeidhm ar phraghas onnmhairiúcháin chineál táirge A, go sáraítear leis an Rialachán atá faoi chonspóid Airteagail 2(3), 2(6), 2(8), 2(9) agus 2(10) den bhun-Rialachán agus nach luaitear ann na cúiseanna nár leor ríomh an ghnáthluacha chun comparáid chothrom a áirithiú. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear, agus an coigeartú préimhe glaise á chur i bhfeidhm ar phraghas onnmhairiúcháin chineál táirge B, go sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid Airteagail 2(2), 2(3), 2(8), 2(9) agus 2(10) den bhun-Rialachán a mhéid a chuireann sé coigeartú préimhe glaise nach bhfuil gá leis i bhfeidhm ar an bpraghas onnmhairiúcháin agus, in aon chás, go ndéanann sé an coigeartú sin a chainníochtú go hearráideach. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid neamhdhleathach a mhéid a thugann sé neamhaird ar chorrlach brabúis iarbhír na n-allmhaireoirí comhoibríocha neamhghaolmhara agus an praghas onnmhairiúcháin á ríomh de bhun Airteagal 2(9) den Bhun-Rialachán le haghaidh díolacháin leis an Aontas arna ndéanamh trí thrádálaí gaolmhar an Iarratasóra LG Chem Europe GmbH, de shárú freisin ar phrionsabal an dea-riaracháin. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3188/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)