Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62026TN0265

Cás T-265/26: Caingean arna tabhairt an 28 Aibreán 2026 – MCIC v an Coimisiún

IO C, C/2026/3305, 29.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3305/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3305/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3305

29.6.2026

Caingean arna tabhairt an 28 Aibreán 2026 – MCIC v an Coimisiún

(Cás T-265/26)

(C/2026/3305)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Moscow Centre for International SUE Cooperation (MCIC) (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto, V. Villante agus M. Miranova, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dearbhú, trí gan an t-iarratasóir a chur ar an eolas go bhfuarthas an gearán maidir le himeachtaí um shárú, trí gan é a chlárú go foirmiúil, trí gan fiúntas an ghearáin a scrúdú agus trí gan seasamh a ghlacadh maidir le fiúntas an ghearáin, gur mhainnigh an Coimisiún Eorpach gníomhú de shárú ar Airteagal 265 CFAE; agus,

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Rinne an t-iarratasóir gearán maidir le himeachtaí um shárú leis an gCoimisiúin Eorpach i gcoinne Poblacht na Laitvia, inar iarradh imeachtaí um shárú a thionscnamh, agus/nó imscrúdú, lena n-éilítear, i measc nithe eile, gur ghlac Poblacht na Laitvia le dlí díshealbhaithe lena sáraítear dlí an Aontais. D’ainneoin na hiarrata ar imeachtaí um shárú a thionscnamh, níor chuir an Coimisiún Eorpach litir ar fáil don iarratasóir ina n-admhaítear go bhfuarthas an gearán, ná litir lenar cláraíodh an gearán sin, ná aon fhreagra laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos go cuí. Tríd an méid sin a dhéanamh, sháraigh an Coimisiún a oibleagáid.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin lena n-éilítear sárú ar Airteagal 265 CFAE, ar fhorais a bhaineann le neamhghníomh agus mainneachtain seasamh a glacadh, lena mbaineann sáruithe ar phrionsabal an dea-riaracháin (Airteagal 41 den Chairt), ar phrionsabal na córa comhionainne (Airteagail 20 agus 21 den Chairt) agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua (Airteagal 296 CFAE).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3305/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top