Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62026TN0221

Cás T-221/26: Caingean arna tabhairt an 9 Aibreán 2026 – M San Grupa v EUIPO – Repsol (SOLMACHT GRÜNES LEBEN, GRÜNE ENERGIE!)

IO C, C/2026/2915, 8.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2915/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2915/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2915

8.6.2026

Caingean arna tabhairt an 9 Aibreán 2026 – M San Grupa v EUIPO – Repsol (‘SOLMACHT GRÜNES LEBEN, GRÜNE ENERGIE!’)

(Cás T-221/26)

(C/2026/2915)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: M San Grupa d.o.o. (Rugvica, an Chróit) (ionadaí: S. Marković, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Repsol, SA (Maidrid, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an marc fíortha ‘SOLMACHT GRÜNES LEBEN, GRÜNE ENERGIE!’ – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 654 328

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Feabhra 2026 i gCás R 581/2025-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní sa mhéid a dhíbhe sé an t-achomharc agus a sheas sé le neamhbhailíocht an trádmhairc atá faoi cheist;

mar mhalairt ar sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú agus iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta i leith na n-earraí atá faoi chonspóid a dhiúltú;

a ordú do EUIPO agus/nó don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc costais na n-imeachtaí seo agus na himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 60(1)(a) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2915/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top