Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62026TN0164

Cás T-164/26: Caingean arna tabhairt an 6 Márta 2026 – RL v an Coimisiún

IO C, C/2026/2748, 26.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2748/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2748/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2748

26.5.2026

Caingean arna tabhairt an 6 Márta 2026 – RL v an Coimisiún

(Cás T-164/26)

(C/2026/2748)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: RL (ionadaithe: D. Rovetta agus V. Villante, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

na cinntí seo a leanas a chur ar neamhní, tar éis di a dhearbhú roimhe seo go bhfuil an Fógra faoi Chomórtas Oscailte EPSO/AD/412/24 (AD 6) - 1 – Riarthóirí i réimse na Sonraí agus an Staidrimh (1) neamhdhleathach agus, ina iomláine, an painéal ionadaithe agus ainmneacha na n-iarrthóirí a cuireadh air de bharr an chomórtais thuasluaite faoi Airteagal 277 CFAE;

an cinneadh ón Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)/Bord Roghnúcháin an 15 Aibreán 2025, a foilsíodh ar chuntas EPSO an iarratasóra, gan é a chuir ar an ‘bpainéil ionadaithe’ - an bunachar sonraí d’iarrthóirí rathúla chun críocha an chomórtais faoi EPSO/AD/412/24 (AD 6) - 1 – Riarthóirí i réimse na Sonraí agus an Staidrimh;

cinneadh EPSO/an Bhoird Roghnúcháin an 18 Meitheamh 2025 lena ndiúltaítear d’iarratas an iarratasóra ar athbhreithníu ar chinneadh an Bhoird Roghnúcháin gan glac leis dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas;

cinneadh EPSO an 10 Nollaig 2025 lena ndiúltaítear do ghearán an iarratasóra faoi Airteagal 90(2) de Rialachán Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a taisceadh 18 Iúil 2025;

a ordú don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach sa mheasúnú ar thaithí proifisiúnta an iarratasóra agus sárú ar Roinn 3.3.1(c) den Fhógra faoi Chomórtas. D’ardaigh an t-iarratasóir chomh maith, i gcomhréir le hAirteagal 277 CFAE, pléadáil neamhdhleathachta de Roinn 3.3.1(c) den Fhógra faoi Chomórtas agus d’Iarscríbhinn I, Roinn 2.2(1)(e) a ghabhann leis an bhFógra faoi Chomórtas.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúiseanna a lua agus sárú ar Airteagal 296 CFAE agus Airteagal 25 den Rialachán Foirne.


(1)  Fógra faoi chomórtas oscailte EPSO/AD/412/24 — Riarthóirí sna réimsí seo a leanas: 1. Sonraí agus staidreamh (AD 6) 2. Staidreamh maicreacnamaíoch (AD 7) (IO C, C/2024/3680).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2748/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top