This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62026TN0102
Case T-102/26: Action brought on 11 February 2026 – MF Food and Beverage v EUIPO – Hell Energy Magyarország (XOXO)
Cás T-102/26: Caingean arna tabhairt an 11 Feabhra 2026 – MF Food and Beverage v EUIPO – Hell Energy Magyarország (XOXO)
Cás T-102/26: Caingean arna tabhairt an 11 Feabhra 2026 – MF Food and Beverage v EUIPO – Hell Energy Magyarország (XOXO)
IO C, C/2026/1785, 30.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1785/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1785 |
30.3.2026 |
Caingean arna tabhairt an 11 Feabhra 2026 – MF Food and Beverage v EUIPO – Hell Energy Magyarország (XOXO)
(Cás T-102/26)
(C/2026/1785)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: MF Food and Beverage Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: T. Seifried, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Hell Energy Magyarország Kft. (Búdapeist, an Ungáir)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh ‘XOXO’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 877 575
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bhord Achomhairc de EUIPO an 8 Nollaig 2025 i gCás R 2436/2024-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, a mhéid a díbheadh an t-achomharc agus a seasadh leis an bhfreasúra leis an gcinneadh sin; |
|
— |
diúltú don fhreasúra arna thabhairt ag an bpáirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc ina iomláine; |
|
— |
a ordú do EUIPO agus do Hell Energy Magyarország Kft na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 94(1) agus Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ar an ceart chun éisteacht a fháil sa mhéid gur bhunaigh an Bord Achomhairc a chinneadh ar fhíorais nár chuir ceachtar de na páirtithe i láthair; |
|
— |
Sárú ar an gcéad abairt d’Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle sa mhéid nár luadh aon chúis sa chinneadh ón mBord Achomhairc; |
|
— |
Sárú ar an gcéad abairt d’Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle sa mhéid is nár tugadh ráiteas leordhóthanach ar na cúiseanna don chinneadh ón mBord Achomhairc; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1785/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)