Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62026CN0410

Cás C-410/26: Caingean arna tabhairt an 22 Aibreán 2026 – An Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile

IO C, C/2026/3165, 22.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3165/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3165/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3165

22.6.2026

Caingean arna tabhairt an 22 Aibreán 2026 – An Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile

(Cás C-410/26)

(C/2026/3165)

Teanga an cháis: Portaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach I. Barcew, A. Steiblytė agus P. Caro de Sousa, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Portaingéile

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

A dhearbhú gur mhainnigh Poblacht na Portaingéile sna hoibleagáidí atá uirthi de bhun an cheathrú mír d’Airteagal 288 CFAE agus de bhun Airteagal 4(1) go (3), Airteagal 5 agus Airteagal 6(1) de Chinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III (IO 2022 L 217, lch. 49) trí mhainneachtain na bearta uile is gá a ghlacadh, laistigh den tréimhse fhorordaithe, chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme.

a ordú do Phoblacht na Portaingéile na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Is é cuspóir an cháis seo caingean de bhun Airteagal 108(2) agus an ceathrú mír d’Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Is é líomhain an Choimisiúin nár ghlac Poblacht na Portaingéile, laistigh den tréimhse fhorordaithe, na bearta uile ba ghá chun Cinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III (IO 2022 L 217, lch. 49). a chur chun feidhme (‘an Cinneadh’).

Sa chinneadh, tháinig an Coimisiún ar an tuairim gur chabhair neamhdhleathach nach raibh ag luí leis an margadh inmheánach a bhí i scéim cabhrach ZFM, a mhéid a cuireadh chun feidhme í de shárú ar chinntí sin an Choimisiúin a d’fhormheas í. Dá bhrí sin, d’ordaigh an Coimisiún go ndéanfaí an cúnamh a aisghabháil ó na tairbhithe. Níor chuir Poblacht na Portaingéile an Cinneadh i bhfeidhm laistigh de na teorainneacha ama a leagadh amach ann agus níl amhlaidh déanta go dtí seo aici. Ní hionann na himthosca a d’agair údaráis na Portaingéile maidir leis an moill ar chur chun feidhme na hoibleagáide aisghabhála a leagtar amach sa Chinneadh (amhail comhlíonadh cheanglais an dlí nós imeachta náisiúnta, dócmhainneacht roinnt de na tairbhithe, an gá atá le measúnú a dhéanamh ar chásanna leanúnachais eacnamaíoch nó aisghabháil a chur ar fionraí toisc go bhfuil tarchur chun réamhrialú maidir le léiriú an Chinnidh ar feitheamh) agus dodhéantacht iomlán agus, dá bhrí sin, ní féidir údar a thabhairt le neamhchur chun feidhme an ordaithe aisghabhála a leagtar amach sa Chinneadh dá mbun. Níor chuir Poblacht na Portaingéile an fhaisnéis ba ghá isteach ach oiread laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 6 den Chinneadh. Dá bhrí sin, mhainnigh Poblacht na Portaingéile ina hoibleagáidí a chomhlíonadh faoin gceathrú mír d’Airteagal 288 CFAE agus faoi Airteagal 4(1) go (3), Airteagal 5 agus Airteagal 6(1) den Chinneadh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3165/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top