Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62026CN0237

Cás C-237/26, PMLP: Iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) (an Laitvia) a taisceadh an 24 Márta 2026 – A, B v Pilsonības un migrācijas lietu pārvalde

IO C, C/2026/3394, 6.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3394/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3394/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3394

6.7.2026

Iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) (an Laitvia) a taisceadh an 24 Márta 2026 – A, B v Pilsonības un migrācijas lietu pārvalde

(Cás C-237/26, PMLP)

(C/2026/3394)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Augstākā tiesa (Senāts)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: A, B

Cosantóir: Pilsonības un migrācijas lietu pārvalde

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 20 agus Airteagal 21(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arna léamh i bhfianaise Airteagal 7 agus Airteagal 21(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht Bhallstáit, ar an bhforas nach gceadaítear pósadh idir daoine den ghnéas céanna faoi dhlí an Bhallstáit sin, nach gceadaítear léi aitheantas a thabhairt do phósadh a rinneadh idir beirt saoránach den Bhallstát sin den ghnéas céanna i mBallstát eile den Aontas Eorpach, nach raibh cónaí ar na daoine a chuaigh isteach sa phósadh ann roimh an bpósadh ná ina dhiaidh, ach a bhfuil dlúthnasc ag duine de na daoine a chuaigh isteach sa phósadh leis an mBallstát sin, agus ar thaistil na daoine sin ann chun pósadh?


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3394/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top