Odaberite eksperimentalnu funkciju koju želite isprobati

Ovaj je dokument isječak s web-mjesta EUR-Lex

Dokument 62026CN0098

Cás C-98/26, Miaccu: Iarraidh ar réamhrialú ó Corte d’appello di Milano (an Iodáil) a taisceadh an 17 Feabhra 2026 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne GL

IO C, C/2026/3153, 22.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3153/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3153/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3153

22.6.2026

Iarraidh ar réamhrialú ó Corte d’appello di Milano (an Iodáil) a taisceadh an 17 Feabhra 2026 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne GL

(Cás C-98/26, Miaccu  (1) )

(C/2026/3153)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte d’appello di Milano

Páirtithe sna príomhimeachtaí

GL

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear aithris 12 agus Airteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB (2) a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar dhlí náisiúnta lena gcuirtear an Cinneadh Réime sin chun feidhme, amhail legge italiana 22.4.2005 n. 69 [Dlí na hIodáile 22.4.2005 Uimh. 69], lena bhforáiltear, agus tagairt á déanamh d’Airteagal 39(1) den Dlí sin, ‘a mhéid atá siad comhoiriúnach’, d’fhorálacha ginearálta Chód Nós Imeachta Coiriúil na hIodáile, nach bhféadfar imeachtaí a thionscnamh chun BGE a fhorghníomhú i gcás nach bhfuil an duine arna iarraidh ag an Stát eisiúna in ann páirt a ghlacadh go feasach sna himeachtaí mar gheall ar a staid mheabhrach agus go bhfuil an stát sin dochúlaithe?


(1)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3153/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Vrh