This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62026CN0083
Case C-83/26, RailCert Hungary: Request for a preliminary ruling from the Közbeszerzési Hatóság Közbeszerzési Döntőbizottság (Hungary) lodged on 11 February 2026 – RailCert Hungary Kft. v Építési és Közlekedési Minisztérium
Cás C-83/26, RailCert Hungary: Iarraidh ar réamhrialú ón Közbeszerzési Hatóság Közbeszerzési Döntőbizottság (an Ungáir) a taisceadh an 11 Feabhra 2026 – RailCert Hungary Kft. v Építési és Közlekedési Minisztérium
Cás C-83/26, RailCert Hungary: Iarraidh ar réamhrialú ón Közbeszerzési Hatóság Közbeszerzési Döntőbizottság (an Ungáir) a taisceadh an 11 Feabhra 2026 – RailCert Hungary Kft. v Építési és Közlekedési Minisztérium
IO C, C/2026/2369, 4.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2369/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2369 |
4.5.2026 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Közbeszerzési Hatóság Közbeszerzési Döntőbizottság (an Ungáir) a taisceadh an 11 Feabhra 2026 – RailCert Hungary Kft. v Építési és Közlekedési Minisztérium
(Cás C-83/26, RailCert Hungary)
(C/2026/2369)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Közbeszerzési Hatóság Közbeszerzési Döntőbizottság
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: RailCert Hungary Kft.
Cosantóir (an t-údarás conarthach sa nós imeachta tairisceana is ábhar don achomharc): Építési és Közlekedési Minisztérium
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
Cén chaoi ar cheart Airteagal 15 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (athmhúnlú) (1), a léiriú i gcás ina n-ainmnítear le reachtaíocht Ballstáit comhlacht um measúnú comhréireachta? Cá mhéad a ráthaítear leis an Treoir sin ceart an iarratasóra rogha a dhéanamh? |
|
2) |
Cad ba cheart a bheith i gceist leis na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht arna leagan síos in Airteagal 31 de Threoir 2016/797 i gcás ina bhfuil an comhlacht a ainmníodh bunaithe ag an údarás conarthach? |
|
3) |
An bhfuil cleachtas na hUngáire, mar Bhallstát, lena n-údaraítear do chomhlacht amháin gníomhaíochtaí deimhniúcháin a chur i gcrích i gcomhthéacs infheistíocht ar leith i ndáil leis na cúraimí arna leagan amach i dTreoir 2016/797, ag teacht le prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar, a ráthaítear le hAirteagal 56 CFAE? |
|
4) |
An bhfuil Airteagail 15 agus 31 de Threoir 2016/797 infheidhme go díreach i gcás ina bhfuil foráil sa dlí náisiúnta atá éagsúil uathu agus nach bhfuil an chúirt náisiúnta atá freagrach as an dlí a chur i bhfeidhm in ann ceist na léirithe a réiteach í féin? |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2369/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)