This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62026CN0001
Case C-1/26, ERSTE Bank Hungary and Intrum: Request for a preliminary ruling from the Esztergomi Járásbíróság (Hungary) lodged on 5 January 2026 – AJ v ERSTE Bank Hungary Zrt., Intrum Zrt.
Cás C-1/26, ERSTE Bank Hungary agus Intrum: Iarraidh ar réamhrialú ó Esztergomi Járásbíróság (an Ungáir) a taisceadh an 5 Eanáir 2026 AJ v ERSTE Bank Hungary Zrt., Intrum Zrt.
Cás C-1/26, ERSTE Bank Hungary agus Intrum: Iarraidh ar réamhrialú ó Esztergomi Járásbíróság (an Ungáir) a taisceadh an 5 Eanáir 2026 AJ v ERSTE Bank Hungary Zrt., Intrum Zrt.
IO C, C/2026/2202, 27.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2202/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2202 |
27.4.2026 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Esztergomi Járásbíróság (an Ungáir) a taisceadh an 5 Eanáir 2026 AJ v ERSTE Bank Hungary Zrt., Intrum Zrt.
(Cás C-1/26, ERSTE Bank Hungary agus Intrum)
(C/2026/2202)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Esztergomi Járásbíróság
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: AJ
Cosantóirí: ERSTE Bank Hungary Zrt. agus Intrum Zrt.
An cheist a tharchuirtear:
‘I ndiaidh don chúirt an tomhaltóir a chur ar an eolas maidir leis an méid seo a leanas:
De réir mhíreanna 46, 94 agus 97 de bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 29 Aibreán 2021, Bank BPH (C-19/20, EU:C:2021:341), ionas gur féidir leis an tomhaltóir toiliú go saor feasach, ní mór don chúirt náisiúnta na páirtithe a chur ar an eolas, go hoibiachtúil agus go cuimsitheach agus gan beann ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad á n-ionadú ag ionadaí gairmiúil, faoi na hiarmhairtí dlí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le scriosadh an téarma éagóraigh, go háirithe i gcás ina bhféadfadh neamhniú an chonartha iomláin a bheith mar thoradh ar neamhfheidhmiú an téarma sin.
I gcomhréir leis an dara cuid de mhír 94 den bhreithiúnas thuasluaite, caithfear, a fortiori, go mbeadh sé de cheart ag an tomhaltóir diúltú do bheith faoi chosaint agus an córas céanna sin á chur i bhfeidhm, ó na hiarmhairtí díobhálacha a eascraíonn as neamhniú an chonartha ina iomláine, i gcás nach mian leis an chosaint sin a agairt.
Measann an chúirt, ar bhonn an mhéid thuas, go bhféadfaidh an tomhaltóir a dhearbhú go bhfuil sé ag lorg cur i bhfeidhm na ndlíthe maidir le hiasachtaí airgeadra eachtraigh (“dlíthe DH”) nó neamhfheidhmiú na ndlíthe sin. Tá oibleagáid na cúirte na páirtithe a chur ar an eolas thar a bheith ábhartha i gcás go ndéanann dearbhú an tomhaltóra gur mian leis diúltú do chur i bhfeidhm na bhforálacha um chosaint tomhaltóirí atá sna dlíthe DH an conradh iomlán a chur ar neamhní, agus mar thoradh air sin d’fhéadfadh iarmhairtí a bheadh an-díobhálach a bheith ann dó.
Cuireann an chúirt in iúl do na páirtithe, má iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cur i bhfeidhm na ndlíthe DH a eisiamh agus go ndiúltaíonn sé dá bharr sin do chur i bhfeidhm na rialacha sin, go bhféadfadh neamhniú an chonartha a bheith mar thoradh ar scriosadh na dtéarmaí éagóracha agus neamhbhailí lena bhforáiltear do shásra innéacsaithe bunaithe ar an difreáil sa ráta malairte, cé gur pointe dlí é sin a ndéanfaidh an chúirt rialú air ina breithiúnas ag deireadh na n-imeachtaí.
I bhfianaise an mhéid sin thuas, braitheann an toradh dlíthiúil a bhaineann le neamhbhailíocht téarma chonarthaigh éagóraigh i gconradh ar an measúnú ar an bpointe dlí úd. Má dhearbhaíonn an chúirt go bhfuil an conradh neamhbhailí ina iomláine, ní mór di a chur in iúl don iarratasóir, ina cháil mar thomhaltóir, go gciallaíonn sé sin nach mór do na páirtithe a gcuntais a shocrú lena chéile ar dháta an fhoirceanta, agus go bhféadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith ann mar thoradh air sin don tomhaltóir, sa mhéid is go bhféadfadh sé oibleagáid a chruthú suim mhór a íoc láithreach bonn.’
Tá an tomhaltóir i ndiaidh fanacht lena sheasamh nach bhfuil sé ag lorg cur i bhfeidhm na ndlíthe DH, ach ina ionad sin go ndéanfaí a chur i bhfeidhm a eisiamh – rud nach mbeidh ina chúis le hiarmhairtí díobhálacha ar leith dó – agus d’iarr sé go ndéanfaí neamhniú an chonartha a dhearbhú agus an staid bhunaidh a athbhunú i gcomhréir le Treoir an Aontais maidir le Cearta Tomhaltóirí. An bhfuil an chúirt ag sárú forálacha Airteagal 6(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóirí (1), má chuireann sí i bhfeidhm ina breithiúnas, in aghaidh thoil léirithe an tomhaltóra mar a leagtar amach thuas, na dlíthe DH, agus, ar an mbonn sin, go measann sí go bhfuil an conradh bailí agus go ndiúltaíonn sí d’éileamh an tomhaltóra go ndearbhófaí an conradh neamhbhailí, go n-athbhunófaí an staid bhunaidh agus go socrófaí na cuntais idir na páirtithe, nó an bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais go ndéanfadh an chúirt, agus dearbhú an tomhaltóra á chur san áireamh aici, an conradh a dhearbhú mar bheith neamhbhailí agus na hiarmhairtí dlíthiúla a leagtar amach i mbreithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gCás C-630/23 a chur i bhfeidhm?
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2202/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)